Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 18 de 1964.
AN tACHT ÁRACHAIS, 1964
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “an Cuntasóir” an Cuntasóir atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt de bhua Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha) 1961;
ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Árachais, 1936;
ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Cúitimh Árachais a bhunaítear le halt 2 den Acht seo;
ciallaíonn “árachóir” cuideachta nó siondacáit árachais ag a bhfuil ceadúnas árachais chun gnó árachais seachas gnó árachais saoil nó gnó árachais tionscail a sheoladh;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;
ciallaíonn “polasaí” aon doiciméad nó scríbhinn eile trína ndéantar conradh árachais (seachas conradh athárachais) maidir le gnó árachais (seachas gnó árachais saoil nó gnó árachais tionscail) nó trína gcomhaontaítear é a dhéanamh nó is fianaise ar aon chonradh den sórt sin.
An Ciste Cúitimh Árachais.
2.—(1) Beidh arna bhunú an lá a thiocfaidh mí tar éis dáta an Achta seo a rith ciste dá ngairfear an Ciste Cúitimh Árachais.
(2) Faoi réir forálacha an Achta seo agus aon rialachán faoi, déanfar an Ciste a chothabháil agus a riaradh faoi urláimh Uachtarán na hArd-Chúirte ag gníomhú dó tríd an gCuntasóir.
(3) (a) Féadfaidh an Cuntasóir airgead a fháil ar iasacht don Chiste agus, chun urrús a thabhairt maidir leis an iasacht sin, féadfaidh sé infheistíochtaí de chuid an Chiste a mhuirearú.
(b) Ní rachaidh an méid iomlán a bheidh ar iasacht tráth ar bith faoin bhfo-alt seo thar mhilliún punt.
(4) Féadfaidh an Cuntasóir airgead de chuid an Chiste a infheistiú in urrúis a n-údaraítear le dlí d'iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu.
(5) Féadfaidh an Cuntasóir árachú in aghaidh fiontair a bhainfidh leis an gCiste.
(6) Íocfar iad seo a leanas isteach sa Chiste:
(a) an tsuim a íocfar faoi alt 4 den Acht seo agus aon suimeanna a íocfar faoi ailt 5 nó 6 den Acht seo,
(b) ús, díbhinní agus ioncam agus faibhrithe eile ar chaipiteal a thiocfaidh ó infheistíochtaí an Chiste,
(c) na fáltais as infheistíochtaí an Chiste a réadú,
(d) airgead a gheofar ar iasacht don Chiste,
(e) suimeanna a gheobhaidh an Cuntasóir faoi aon árachas a chuirfidh an Cuntasóir i gcrích maidir leis an gCiste,
(f) díbhinní a íocfar leis an gCuntasóir de bhua fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo i gcúrsa árachóir a fhoirceannadh ag an Árd-Chúirt,
(g) airgead eile is leis an gCiste nó a fhaibhreoidh don Chiste nó a gheobhaidh an Cuntasóir ina leith.
(7) Íocfar iad seo a leanas as an gCiste:
(a) caiteachais faoina rachfar ag bunú, ag cothabháil nó ag riaradh an Chiste,
(b) aisíocaíochtaí ar airgead a fuarthas ar iasacht don Chiste agus íocaíochtaí úis ar an airgead sin,
(c) suimeanna is iníoctha as an gCiste de bhun alt 3 den Acht seo,
(d) suimeanna eile is iníoctha go cuí as an gCiste.
(8) (a) Cuirfidh an Cuntasóir faoi deara go gcoimeádfar na cuntais is cuí agus is gnách ar airgead a íocfar isteach sa Chiste nó amach as agus, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach tréimhse cuntasaíochta nó cibé tréimhse a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar don Aire achomaireacht ar chuntais an Chiste don tréimhse chuntasaíochta sin agus tuarascáil ar riaradh an Chiste i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta sin.
(b) Chuirfidh an tAire faoi deara go bhfoilseofar gach achomaireacht agus tuarascáil a thabharfar dó faoin bhfo-alt seo.
Íocaíochtaí as an gCiste i leith dliteanas áirithe de chuid árachóirí dócmhainneacha.
3.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, féadfar cibé méideanna a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra dócmhainnigh a ndearnadh ar an lú lá d'Eanáir, 1963, nó a ndéanfar dá éis sin imeachtaí a thosú le haghaidh a fhoirceanta ag an Ard-Chúirt, is gá chun aon suim a íoc (seachas suim is iníoctha i leith aisíoc préimhe) a bheidh dlite do dhuine faoi pholasaí d'eisigh an t-árachóir sa Stát agus is polasaí i leith teagmhais a gceanglaítear le hAcht 1936 ar an árachóir árachas a chur i gcrích ina aghaidh, maraon leis na costais nó na caiteachais (más ann) faoina ndeachaigh an duine de riachtanas agus de réir réasúin agus é ag iarraidh íoc na suime a áirithiú, agus ar na méideanna a fháil don leachtaitheoir, íocfaidh sé le gach duine den sórt sin an tsuim a bheidh dlite dó mar a dúradh maraon leis na costais agus na caiteachais a dúradh faoina ndeachaigh sé (má chuaigh).
(2) I gcás méid a íoc as an gCiste le leachtaitheoir árachóra faoi fho-alt (1) den alt seo i leith suime a bheidh dlite faoi pholasaí a d'eisigh an t-árachóir agus i leith na gcostas agus na gcaiteachas a dúradh faoina ndeachthas (má chuathas) maidir leis an tsuim, glacfar leis an méid a íocadh sna himeachtaí le haghaidh foir-ceannadh an árachóra ag an Ard-Chúirt mar fhiach cruthaithe ar an árachóir ag a mbeidh an tosaíocht chéanna leis an tsuim a bheadh dlite faoin bpolasaí agus beidh an Cuntasóir, maidir leis an méid a íocadh as an gCiste, ina chreidiúnaí de chuid an árachóra.
(3) I gcás suim a bheith dlite do dhuine faoi pholasaí de bhíthin breithiúnais a fuarthas i gcoinne an duine nó i leith cúitimh is iníoctha mar íocaíocht sheachtainiúil ag an duine faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, is é an méid is iníoctha as an gCiste faoi fho-alt (1) den alt seo i leith na suime sin cibé méid is réasúnach leis an mBreitheamh den Ard-Chúirt a bheidh i seilbh na n-imeachtaí le haghaidh foirceannadh an árachóra a d'eisigh an polasaí.
(4) Más rud é, i gcás suim a bheidh dlite faoi pholasaí, go ndéanfaidh Búró Mótar-Árachóirí na hÉireann íocaíocht is ionann agus iomlán na suime, ní dhéanfar aon íocaíocht as an gCiste faoin alt seo i leith na suime, agus más rud é, i gcás suim den sórt sin, go ndéanfaidh an Búró sin íocaíocht is ionann agus cuid den tsuim, ní rachaidh íocaíocht as an gCiste i leith na suime thar mhéid na suime lúide méid na híocaíochta ón mBúró sin.
(5) Má bhíonn suimeanna de bhreis ar mhilliún punt dlite faoi pholasaithe a d'eisigh árachóir amháin, ní íocfar thar milliún punt as an gCiste i leith na suimeanna sin agus tabharfar na híocaíochtaí ar dhóigh go ndéanfar i gcás gach suim ar leith a bheidh dlite faoi na polasaithe an chionúireacht chéanna di a íoc as an gCiste.
Deontas don Chiste ón Aire Airgeadais.
4.—Tabharfaidh an tAire Airgeadais don Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas deontas tríocha míle punt agus úsáidfear an tsuim sin chun íocaíochtaí a dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo le leachtaitheoir an Equitable Insurance Company, Limited.
Airleacain don Chiste ón Aire Airgeadais.
5.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, cibé suimeanna is cuí leis a airleacan ó am go ham don Chiste chun go bhféadfar íocaíochtaí as an gCiste faoi alt 3 den Acht seo a dhéanamh go luathlámhach.
(2) Déanfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dul i gcomhairle leis an Aire.
(3) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfar as an gCiste chun airleacan faoin alt seo a aisíoc nó de bhun aon téarma nó coinníll a ndearnadh airleacan faoina réir faoin alt seo.
(4) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead uile a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfadh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.
(5) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(6) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
Ranníocaí leis an gCiste ó árachóirí.
6.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, déanfaidh árachóir (seachas árachóir dócmhainneach atá á fhoirceannadh ag an Ard-Chúirt), an lú lá de Dheireadh Fómhair, nó roimhe sin, in aon bhliain ina gcinnfear céatadán faoi fho-alt (2) den alt seo, an ranníoc iomchuí a íoc leis an Aire, agus cuirfidh an tAire ar aghaidh chun an Chiste é.
(2) (a) Sa bhliain 1964 agus i ngach bliain ina dhiaidh sin a mbeidh an Ciste, dar leis an Aire, sa dóigh gur chóir tacaíocht airgeadais a shólathar dó, cinnfidh sé an céatadán is dóigh leis ba chóir a íoc leis an gCiste d'ioncam comhiomlán bliantúil árachóirí ó phréimheanna is iníoctha nó a íocadh i leith polasaithe a eisíodh sa Stát.
(b) Is é a bheidh sa ranníoc (dá ngairtear an ranníoc iomchuí san alt seo) is iníoctha ag árachóir faoi fho-alt (1) den alt seo in aon bhliain ina gcinnfear céatadán faoi mhír (a) den fho-alt seo suim is comhionann leis an gcéatadán sin d'ioncam an árachóra ó phréimheanna is iníoctha nó a íocadh sa bhliain airgeadais ag an árachóir is déanaí a chríochnaigh roimh an lú lá d'Iúil sa bhliain sin maidir le polasaithe a eisíodh sa Stát.
(3) Déanfaidh Coiste Lloyd ranníoc iomchuí is iníoctha ag siondacáit a íoc leis an Aire.
(4) I gcás nach ndearnadh ranníoc iomchuí a íoc de réir forálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire é a ghnóthú—
(a) i gcás an ranníoc a bheith iníoctha ag siondacáit, ó Choiste Lloyd, agus
(b) in aon chás eile, ón árachóir ag a bhfuil sé iníoctha,
mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla agus, arna ghnóthú ag an tAire, cuirfear ar aghaidh chun an Chiste é, agus féadfaidh an tAire, más cuí leis é, ar fhógra nach giorra ná lá agus fiche a thabhairt don árachóir ag a bhfuil an ranníoc iníoctha, ceadúnas árachais an árachóra a chúlghairm.
(5) San alt seo ní fholaíonn “préimh” aon airgead ná luach airgid is iníoctha nó a íocadh i leith gnó árachais saoil nó gnó árachais tionscail nó i leith teagmhais nach gceanglaítear le hAcht 1936 ar an árachóir árachas a chur i gcrích ina aghaidh.
Srian le ceadúnais árachais a dheonú.
7.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus d'ainneoin aon ní in Acht 1936, ní dheonóidh an tAire aon cheadúnais árachais faoi Chuid II den Acht sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ceadúnas árachais a dheonú do chuideachta a foirmíodh agus a cláraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, agus a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (6) nó i mír (b) d'fho-alt (11) d'alt 12 d'Acht 1936.
Leasú ar alt 22 d'Acht 1936.
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1936 trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1):
“(a) suim chéad míle punt i leith ceann amháin nó an dá cheann de na gnóthaí árachais seo a leanas, is é sin le rá, gnó árachais saoil agus gnó árachais tionscail, agus
(b) suim chéad míle punt i leith aon ghnó nó gnóthaí árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionscail agus gnó árachais ghloine.”
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.
Leasú ar alt 23 d'Acht 1936.
9.—(1) Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1936 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):
“(1) Aon uair a bheidh agus fad a bheidh aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionscail, gnó infheistíochta bannaí agus gnó árachais ghloine á sheoladh sa Stát ag siondacáit amháin nó ag dhá shiondacáit nó níos mó, déanfaidh Coiste Lloyd, de bhua Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, suim chéad míle punt a thaisceadh agus a choimeád ar taisceadh leis an gCuntasóir atá ag gabháil leis an Ard-Chúirt.”
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.
Foráil maidir le héarlaisí atá faoi láthair ag árachóirí san Ard-Chúirt.
10.—(1) Aon uair, díreach roimh thosach feidhme ailt 8 agus 9 den Acht seo, a bheidh éarlais á coimeád ar taisceadh de bhun Acht 1936 leis an gCuntasóir ag cuideachta árachais nó ag Coiste Lloyd i leith cineál áirithe gnó árachais agus gur gá don chuideachta nó don Choiste de réir an ailt sin 8 nó 9, cibé acu é, suim airgid a thaisceadh agus a choimeád ar taisceadh leis an gCuntasóir i leith an chineál áirithe céanna gnó árachais, déanfaidh an Cuntasóir an éarlais sin a bhí á coimeád ar taisceadh amhlaidh díreach roimh thosach feidhme na n-alt sin 8 agus 9 agus na hinfheistíochtaí a ionadóidh an céanna a choinneáil agus measfar gur cuid iad d'éarlais a thaisc an chuideachta nó an Coiste, cibé acu é, de bhun an ailt sin 8 nó 9, cibé acu é, i leith an chineál áirithe gnó árachais a dúradh.
(2) Díreach ar thosach feidhme na n-alt sin 8 agus 9, déanfaidh an Cuntasóir i gcás gach éarlaise a bheidh á coinneáil aige de bhun fho-alt (1) den alt seo, an luach margaidh a bheidh le linn an tosach feidhme sin ar na hinfheistíochtaí a ionadóidh an éarlais an tráth sin a ríomh agus a chinntiú, agus tabharfaidh sé láithreach don chuideachta nó don Choiste, cibé acu é, ag a raibh an éarlais á coimeád, fógra i scríbhinn ina luafar méid luacha margaidh a cinntíodh mar a dúradh, agus an méid atá an luach margaidh faoi bhun lánmhéid cuí na héarlaise, agus má dhéanann an chuideachta nó an Coiste, cibé acu é, tráth nach déanaí ná mí ar a mhéid tar éis an fógra sin a fháil, suim a thaisceadh leis an gCuntasóir is ionann agus an difríocht idir luach margaidh agus lánmhéid cuí na héarlaise, déanfar an tsuim a thaiscfear amhlaidh a chur leis an éarlais a ionadóidh na hinfheistíochtaí sin agus a áireamh mar chuid di agus measfar an lánmhéid cuí a bheith san éarlais amhail ar thosach feidhme na n-alt sin 8 agus 9 agus uaidh sin amach.
Leasú ar alt 27 d'Acht 1936.
11.—(1) Leasaítear leis seo alt 27 d'Acht 1936—
(a) trí “céad míle punt” a chur in ionad “fiche míle púnt” agus “gnó árachais fheithicle inneallghluaiste” a scriosadh i bhfo-alt (1),
(b) trí fho-alt (2) a scriosadh, agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4), eadhon:
“(4) I bhfo-alt (3) den alt seo ciallaíonn ‘gnó árachais oiriúnach’ aon ghnó árachais seachas gnó árachais saoil, gnó árachais tionscail, gnó infheistíochta bannaí, agus gnó árachais ghloine.”
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh sé mhí tar éis dáta an Achta seo a rith.
Ceannach agus díol scaireanna i gCuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, ag an Aire Airgeadais.
12.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna de chuid Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, a fháil trí suibscríobh ina leith nó trína gceannach agus féadfaidh sé iad a dhíol.
(2) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir á íocfar leis an Aire Airgeadais i gcomaoin é do dhíol aon scaireanna de chuid Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, nó i leith díbhinní nó airgid eile is iníoctha maidir leis na scaireanna sin.
(3) Déanfar na suimeanna go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham ón Aire Airgeadais chun scaireanna a fháil i gCuideachta Árachais Saoil na hÉireann Teoranta, a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
(4) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais cibé suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críche na hiasachta sin, urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(5) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus muirear agus íoc an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
Forléiriú airteagail comhlachais Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta.
13.—Chun críocha fho-mhír (x) de mhír 8 den chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Arachais (Leasú), 1938, measfar—
(a) gurb é an tAire Airgeadais agus gurbh é riamh úinéir tairbhiúil aon scaireanna a bheidh ar seilbh aige i gCuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, agus
(b) go bhfuil an tAire Airgeadais agus go raibh sé riamh ina shaoránach d'Éirinn agus ina chomhlacht corpraithe sealbhach cáilithe de réir bhrí mhír (f) d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht chun Déantúisí a Rialú, 1934.
agus forléireofar airteagail chomhlachais Chuideachta Árachais Saoil na hÉireann, Teoranta, agus beidh éifeacht acu dá réir sin.
Rialacháin.
14.—(1) Féadfaidh an tAire cibé rialacháin a dhéanamh a mheasfaidh sé is gá nó is iomchuí chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Caiteachais.
15.—Déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
16.—(1) Féadfar an tAcht Árachais, 1964, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1961, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Árachais, 1909 go 1964, a ghairm díobh le chéile.
Number 18 of 1964.
INSURANCE ACT, 1964
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Acts Referred to | |
1961. No. 39. | |
1936, No. 45. | |
1963, No. 33. | |
1938, No. 31. | |
1934, No. 36. |
Number 18 of 1964.
INSURANCE ACT, 1964
Definitions.
1.—In this Act, unless the context otherwise requires,—
“the Accountant” means the Accountant attached to the High Court by virtue of the Courts (Supplemental Provisions) Act, 1961;
“the Act of 1936” means the Insurance Act, 1936;
“the Fund” means the Insurance Compensation Fund established by section 2 of this Act;
“insurer” means an assurance company or syndicate holding an assurance licence to carry on assurance business other than life assurance business or industrial assurance business;
“the Minister” means the Minister for Industry and Commerce;
“policy” means any document or other writing by which a contract of assurance (other than a contract of re-insurance) in relation to assurance business (other than life assurance business or industrial assurance business) is made or agreed to be made or which is evidence of any such contract.
Insurance Compensation Fund.
2.—(1) There shall stand established on the day that falls one month after the date of the passing of this Act a fund to be known as the Insurance Compensation Fund.
(2) The Fund shall, subject to the provisions of this Act and any regulations thereunder, be maintained and administered under the control of the President of the High Court acting through the Accountant.
(3) (a) The Accountant may borrow for the Fund and, for the purpose of giving security with respect to such borrowing, may charge investments of the Fund.
(b) The total amount which shall at any time stand borrowed under this subsection shall not exceed one million pounds.
(4) The Accountant may invest moneys of the Fund in securities in which trustees are authorised by law to invest trust funds.
(5) The Accountant may insure against a risk relating to the Fund.
(6) The following shall be paid into the Fund:
(a) the sum paid under section 4 of this Act and any sums paid under sections 5 or 6 of this Act,
(b) interest, dividends and other income and accretions of capital arising from investments of the Fund,
(c) the proceeds of the realisation of investments of the Fund,
(d) moneys borrowed for the Fund,
(e) sums received by the Accountant under any insurance effected by the Accountant in relation to the Fund,
(f) dividends paid to the Accountant by virtue of subsection (2) of section 3 of this Act in the course of the winding up of an insurer by the High Court,
(g) other moneys belonging to or accruing to the Fund or received by the Accountant in respect thereof.
(7) The following shall be paid out of the Fund:
(a) expenses incurred in establishing, maintaining or administering the Fund,
(b) repayments of moneys borrowed for the Fund and payments of interest on such moneys,
(c) sums payable out of the Fund pursuant to section 3 of this Act,
(d) other sums properly payable out of the Fund.
(8) (a) The Accountant shall cause to be kept proper and usual accounts of moneys paid into or out of the Fund and shall, within ninety days after the end of each accounting period or such longer time as the Minister shall in any particular case allow, cause to be furnished to the Minister an abstract of the accounts of the Fund for that accounting period and a report of the administration of the Fund during that accounting period.
(b) The Minister shall cause each abstract and report furnished to him under this subsection to be published.
Payments out of Fund in respect of certain liabilities of insolvent insurers.
3.—(1) Subject to the provisions of this section, there may be paid out of the Fund to the liquidator of an insolvent insurer proceedings for the winding up of which by the High Court were commenced or are commenced on or after the 1st day of January, 1963, such amounts as may be necessary to pay any sum (other than a sum payable in respect of the refund of a premium) which is due to a person under a policy issued by the insurer in the State and is in respect of a contingency the insurance of which is required by the Act of 1936 to be effected by an insurer, together with the costs or expenses (if any) necessarily and reasonably incurred by the person in endeavouring to secure payment of the sum, and, upon receipt of the amounts by the liquidator, he shall pay to every such person the sum due to him as aforesaid together with the costs and expenses aforesaid (if any) incurred by him.
(2) Where an amount is paid out of the Fund to the liquidator of an insurer under subsection (1) of this section in respect of a sum due under a policy issued by the insurer and the costs and expenses aforesaid (if any) incurred in relation to the sum, the amount paid shall be admitted in the proceedings for the winding up of the insurer by the High Court as a proved debt of the insurer having the same priority as the sum due under the policy and the Accountant shall, as respects the amount paid out of the Fund, be a creditor of the insurer.
(3) Where a sum is due to a person under a policy by reason of a judgment obtained against the person or in respect of compensation payable by way of a weekly payment by the person under the Workmen's Compensation Acts, 1934 to 1955, the amount payable out of the Fund under subsection (1) of this section in respect of such sum shall, subject to the provisions of this section, be such amount as the Judge of the High Court having seisin of the proceedings for the winding up of the insurer by which the policy was issued may consider reasonable.
(4) Where, in respect of a sum due under a policy, a payment equal to the whole of the sum is made by the Motor Insurers' Bureau of Ireland, a payment shall not be made out of the Fund under this section in respect of the sum, and where, in respect of such a sum, a payment equal to part of the sum is made by the said Bureau, a payment out of the Fund in respect of the sum shall not exceed the amount of the sum less the amount of the payment by the said Bureau.
(5) Where sums in excess of one million pounds are due under policies issued by one insurer, not more than one million pounds shall be paid out of the Fund in respect of such sums and the payments shall be so made that in respect of each sum due under the policies the same proportion thereof is paid out of the Fund.
Grant to Fund by Minister for Finance.
4.—The Minister for Finance shall make to the Fund out of moneys provided by the Oireachtas a grant of thirty thousand pounds and the said sum shall be used for the purpose of making payments under section 3 of this Act to the liquidator of the Equitable Insurance Company, Limited.
Advances to Fund by Minister for Finance.
5.—(1) The Minister for Finance may, on the recommendation of the Minister, advance from time to time to the Fund such sums as he thinks proper to enable payments out of the Fund under section 3 of this Act to be made expeditiously.
(2) Advances under subsection (1) of this section shall be made on such terms as to repayment, interest and other matters as may be determined by the Minister for Finance after consultation with the Minister.
(3) All sums paid out of the Fund in repayment of an advance under this section or in pursuance of any term or condition subject to which an advance was made under this section shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer.
(4) All moneys from time to time required by the Minister for Finance to meet sums which may become payable by him under this section shall be advanced out of the Central Fund or the growing produce thereof.
(5) The Minister for Finance may, for the purpose of providing for the advance of sums out of the Central Fund under this section, borrow on the security of the Central Fund or the growing produce thereof any sums required for that purpose, and for the purpose of such borrowing, he may create and issue securities bearing such rate of interest and subject to such conditions as to repayment, redemption or otherwise as he thinks fit, and shall pay all moneys so borrowed into the Exchequer.
(6) The principal of and interest on all securities issued under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof.
Contributions to Fund by insurers.
6.—(1) Subject to the provisions of this section, an insurer (other than an insolvent insurer which is being wound up by the High Court) shall, on or before the 1st day of October in any year in which a percentage is determined under subsection (2) of this section, pay to the Minister, and the Minister shall transmit to the Fund, the appropriate contribution.
(2) (a) In the year 1964 and in every subsequent year in which, in the opinion of the Minister, the state of the Fund is such that financial support should be provided for it, he shall determine the percentage of the annual aggregate income of insurers derived from premiums payable or paid in respect of policies issued in the State that, in his opinion, should be paid to the Fund.
(b) The contribution (in this section referred to as the appropriate contribution) payable by an insurer under subsection (1) of this section in any year in which a percentage is determined under paragraph (a) of this subsection shall be a sum equal to that percentage of the income of the insurer derived from premiums payable or paid in the financial year of the insurer that ended next before the 1st day of July in that year in respect of policies issued in the State.
(3) An appropriate contribution payable by a syndicate shall be paid to the Minister by the Committee of Lloyd's.
(4) Where an appropriate contribution is not paid in accordance with the provisions of this section, it may be recovered by the Minister—
(a) in case the contribution is payable by a syndicate, from the Committee of Lloyd's, and
(b) in any other case, from the insurer by which it is payable,
as a simple contract debt in any court of competent jurisdiction and shall, when recovered by the Minister, be transmitted to the Fund, and the Minister may, if he so thinks fit, on giving notice to the insurer by which the contribution is payable of not less than twenty-one days, revoke the assurance licence of the insurer.
(5) In this section “premium” does not include any money or money's worth payable or paid in respect of life assurance business or industrial assurance business or in respect of a contingency the insurance of which is not required by the Act of 1936 to be effected by an insurer.
Restriction on the grant of assurance licences.
7.—(1) Subject to subsection (2) of this section and notwithstanding anything contained in the Act of 1936, the Minister shall not grant any assurance licences under Part II of that Act.
(2) Subsection (1) of this section does not apply in relation to the grant of an assurance licence to a company that is formed and registered under the Companies Act, 1963, and complies with the conditions specified in subsection (6) or paragraph (b) of subsection (11) of section 12 of the Act of 1936.
Amendment of section 22 of Act of 1936.
8.—(1) Section 22 of the Act of 1936 is hereby amended by the substitution for paragraphs (a), (b) and (c) of subsection (1) of the following paragraphs:
“(a) the sum of one hundred thousand pounds in respect of one or both of the following classes of assurance business, that is to say, life assurance business and industrial assurance business, and
(b) the sum of one hundred thousand pounds in respect of any one or more than one class of assurance business other than life assurance business, industrial assurance business and glass insurance business.”
(2) This section shall come into operation six months after the date of the passing of this Act.
Amendment of section 23 of Act of 1936.
9.—(1) Section 23 of the Act of 1936 is hereby amended by the substitution for subsections (1) and (2) of the following subsection:
“(1) Whenever and so long as there is or are a syndicate or two or more syndicates carrying on in the State any assurance business other than life assurance business, industrial assurance business, bond investment business and glass insurance business, the Committee of Lloyd's shall deposit and keep deposited with the Accountant attached to the High Court by virtue of the Courts (Supplemental Provisions) Act, 1961, the sum of one hundred thousand pounds.”
(2) This section shall come into operation six months after the date of the passing of this Act.
Provision in respect of existing deposits by insurers in High Court.
10.—(1) Whenever a deposit is, immediately before the commencement of sections 8 and 9 of this Act, maintained in pursuance of the Act of 1936 with the Accountant by an assurance company or the Committee of Lloyd's in respect of a particular class of assurance business and the company or Committee is required by the said section 8 or 9, as the case may be, to deposit and keep deposited with the Accountant a sum of money in respect of the same particular class of assurance business, the said deposit so maintained immediately before the commencement of the said sections 8 and 9 and the investments then representing the same shall be retained by the Accountant and be deemed to be part of a deposit made in pursuance of the said section 8 or 9, as the case may be, by the company or Committee, as the case may be, in respect of the said particular class of assurance business.
(2) Immediately upon the commencement of the said sections 8 and 9, the Accountant shall, in respect of every deposit retained by him in pursuance of subsection (1) of this section, calculate and ascertain the market value at such commencement of the investments then representing the deposit, and shall forthwith give to the company or Committee, as the case may be, by which the deposit was maintained notice in writing stating the amount of the market value ascertained as aforesaid and the amount by which the market value falls short of the full proper amount of the deposit, and, if the company or Committee, as the case may be, not more than one month after receiving the said notice, deposits with the Accountant a sum equal to the difference between the market value and the full proper amount of the deposit, the sum so deposited shall be added to and treated as part of the deposit represented by the said investments and the deposit shall be deemed to have been of the full proper amount as and from the commencement of the said sections 8 and 9.
Amendment of section 27 of Act of 1936.
11.—(1) Section 27 of the Act of 1936 is hereby amended by—
(a) the substitution of “one hundred thousand pounds” for “twenty thousand pounds” and the deletion of “mechanically propelled vehicle insurance business,” in subsection (1),
(b) the deletion of subsection (2), and
(c) the substitution for subsection (4) of the following subsection, namely:
“(4) in subsection (3) of this section ‘relevant assurance business’ means any assurance business other than life assurance business, industrial assurance business, bond investment business and glass insurance business.”
(2) This section shall come into operation six months after the date of the passing of this Act.
Purchase and sale of shares of Irish Life Assurance Company, Limited, by Minister for Finance.
12.—(1) The Minister for Finance may acquire by subscription or purchase and sell any shares of the Irish Life Assurance Company, Limited.
(2) All sums paid to the Minister for Finance in consideration of the sale by him of any shares of the Irish Life Assurance Company, Limited, or in respect of dividends or other moneys payable in relation to such shares shall be paid into or disposed of for the benefit of the Exchequer.
(3) All sums from time to time required by the Minister for Finance for the acquisition by him of shares in the Irish Life Assurance Company, Limited, shall be advanced out of the Central Fund or the growing produce thereof.
(4) The Minister for Finance may, for the purpose of providing for the advance of sums out of the Central Fund under this section, borrow on the security of the Central Fund or the growing produce thereof any sums required for that purpose, and for the purpose of such borrowing, he may create and issue securities bearing such rate of interest and subject to such conditions as to repayment, redemption or otherwise as he thinks fit, and shall pay all moneys so borrowed into the Exchequer.
(5) The principal of and interest on all securities issued under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on and payable out of the Central Fund or the growing produce thereof.
Construction of articles of association of Irish Life Assurance Company, Limited.
13.—The Minister for Finance shall, for the purposes of subparagraph (x) of paragraph 8 of the agreement set out in the Schedule to the Insurance (Amendment) Act, 1938, be deemed—
(a) to be and always to have been the beneficial owner of any shares held by him in the Irish Life Assurance Company, Limited, and
(b) to be and always to have been a citizen of Ireland and a qualified holding body corporate within the meaning of paragraph (f) of subsection (1) of section 9 of the Control of Manufactures Act, 1934,
and the articles of association of the Irish Life Assurance Company, Limited, shall be construed and have effect accordingly.
Regulations.
14.—(1) The Minister may make such regulations as he thinks necessary or appropriate for the purpose of giving full effect to the provisions of this Act.
(2) Every regulation made under this section shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after it is made, and, if a resolution annulling the regulation is passed by either such House within the next twenty-one days on which that House has sat after the regulation is laid before it, the regulation shall be annulled accordingly but without prejudice to the validity of anything previously done thereunder.
Expenses.
15.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Short title, construction and collective citation.
16.—(1) This Act may be cited as the Insurance Act, 1964.
(2) The Insurance Acts, 1909 to 1961, and this Act shall be construed together as one Act and may be cited together as the Insurance Acts, 1909 to 1964.