Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 3 de 1963.
AN tACHT UM LIMISTÉIR NEAMHFHORBARTHA (LEASÚ), 1963.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Bord” An Foras Tionscal ;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála ;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952.
Méideanna deontas faoi ailt 5 agus 6 den Phríomh-Acht.
2.—(1) Faoi réir fo-alt (2) den alt seo, ní rachaidh méid iomlán na ndeontas a thabharfaidh an Bord i leith gnóthais tionscail faoi ailt 5 agus 6 den Phríomh-Acht—
(a) mura mó ná dhá chéad is caoga míle punt méid iomlán na ndeontas, thar dhá thrian méid iomlán na gcostas a dtabharfar na deontais ina leith (is costais den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 6 nó faoina ndeachthas maidir le nithe den sórt a luaitear i mír (vii) d'fho-alt (1) den alt sin 5), agus
(b) más mó ná dhá chéad is caoga míle punt an t-iomlán—
(i) thar leath méid iomlán na gcostas réamhráite, nó
(ii) an tsuim i bpuint is comhionann leis an bhfigiúr a gheofar tríd an uimhir daoine a bheidh, i dtuairim an Bhoird, ar fostú sa ghnóthas nuair a bheidh sé ag oibriú faoi lán-réim, a iolrú faoi mhíle, lúide cibé uimhir daoine a bhí ar fostú (má bhí) sa ghnóthas díreach roimh dul faoin gcaiteachas ar ina leith a íocfar na deontais,
cibé acu is lú.
(2) Féadfaidh an Rialtas a cheadú don Bhord deontais a thabhairt, i leith gnóthais tionscail faoi na hailt sin 5 agus 6 a rachaidh a n-iomlán thar dhá chéad is caoga míle punt agus thar cheann de na teorainneacha nó thar an dá theorainn a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, agus, i gcás ina mbeidh ceadú tugtha faoin bhfo-alt seo maidir le haon deontais, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis na deontais sin.
Toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais le haghaidh deontas áirithe nach mó ná £500,000 do ghnóthas.
3.—Ní thabharfaidh an Bord deontais faoi alt 5 ná 6 den Phríomh-Acht (seachas deontais a mbeidh ceadú tugtha ina leith faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo) i leith gnóthais tionscail is mó san iomlán ná cúig céad míle punt gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais.
Deontais chun gnóthais a mhéadú nó a oiriúnú.
4.—(1) Féadfaidh an Bord deontais a thabhairt ar cibé téarmaí is cuí leo faoi chomhair an chostais a bhainfidh le gnóthas i limistéar neamhfhorbartha a mhéadú nó a bhainfidh le hinnealra, gléasra, trealamh foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais a oiriúnú chun go bhféadfar gnó an ghnóthais a sheoladh níos éifeachtúla nó chun a chumasú don ghnóthas gabháil le monarú táirgí nach monaraíodh sé roimh an méadú nó an t-oiriúnú.
(2) Ní bheidh deontas faoin alt seo níos mó ná ceathrú cuid de chostas an mhéadaithe nó an oiriúnaithe ar ina leith a thabharfar an deontas.
(3) Ní thabharfar deontas faoin alt seo i leith gnóthas tionscail a mhéadú nó gléasra, trealamh, foirgnimh nó oibreacha eile de chuid an ghnóthais sin a oiriúnú más féidir deontas a thabhairt faoi aon fhoráil eile atá sna hAchtanna um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 agus 1957, i leith an mhéadaithe nó an oiriúnaithe.
(4) Féadfar deontas a thabhairt faoin alt seo i leith aon mhéadú nó oiriúnú a tosaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis agus roimh dháta an Achta seo a rith.
(5) Ní thabharfar deontas faoin alt seo tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1965, i leith méadaithe nó oiriúnaithe mura mbeidh an méadú nó an t-oiriúnú ceadaithe ag an mBord roimh an 31ú lá de Mhárta, 1965.
(6) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a thabharfar deontais faoin alt seo.
Aisghairm.
5.—Aisghairtear leis seo alt 1 agus fo-alt (2) d'alt 6 den Phríomh-Acht agus ailt 2 go 13 den Acht um Limistéirí Neamhfhorbartha (Leasú), 1957.
Gearrtheideal agus comhlua.
6.—(1) Féadfar an tAcht um Limistéir Neamhfhorbartha (Leasú), 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Limistéir Neamhfhorbartha, 1952 go 1963, a ghairm de na hAchtanna um Limistéirí Neamhfhorbartha, 1952 agus 1957, den Acht um Dheontais Tionscail (Leasú), 1961 (a mhéid a leasaíonn sé na hAchtanna sin) agus den Acht seo le chéile.
Number 3 of 1963.
UNDEVELOPED AREAS (AMENDMENT) ACT, 1963.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Acts Referred to | |
1952, No. 1 | |
1957, No. 23 | |
1961, No. 30 |
Number 3 of 1963.
UNDEVELOPED AREAS (AMENDMENT) ACT, 1963.
Interpretation.
1.—In this Act—
“the Board” means An Foras Tionscal;
“the Minister” means the Minister for Industry and Commerce;
“the Principal Act” means the Undeveloped Areas Act, 1952.
Amounts of grants under sections 5 and 6 of Principal Act.
2.—(1) Subject to subsection (2) of this section, the total amount of the grants made by the Board in respect of an industrial undertaking under sections 5 and 6 of the Principal Act shall not exceed—
(a) where the total amount of the grants is not more than two hundred and fifty thousand pounds, two-thirds of the total amount of the costs in respect of which the grants are made (being costs of the kind referred to in subsection (2) of the said section 6 or incurred in relation to matters of the kind mentioned in paragraph (vii) of subsection (1) of the said section 5), and
(b) where the total amount of the grants is more than two hundred and fifty thousand pounds—
(i) one-half of the total amount of the costs aforesaid, or
(ii) the sum in pounds that equals the figure obtained by multiplying by one thousand the number of persons that, in the opinion of the Board, will be employed in the undertaking when it is in full operation, less such number of persons (if any) as were employed therein immediately before the incurring of the expenditure in relation to which the grants are paid,
whichever is the less.
(2) The Government may approve of the making of grants by the Board in respect of an industrial undertaking under the said sections 5 and 6 the total of which exceeds two hundred and fifty thousand pounds and exceeds one or both of the limits specified in paragraph (b) of subsection (1) of this section, and where in relation to any grants an approval has been given under this subsection, subsection (1) of this section shall not apply in respect of those grants.
Consent of Minister and of Minister for Finance for certain grants exceeding £500,000 for an undertaking.
3.—The Board shall not make grants under sections 5 or 6 of the Principal Act (other than grants in relation to which an approval has been given under subsection (2) of section 2 of this Act) in respect of an industrial undertaking exceeding in total five hundred thousand pounds without the consent of the Minister and of the Minister for Finance.
Grants for the enlargement or adaptation of undertakings.
4.—(1) The Board may make grants on such terms as they think proper towards the cost of enlarging an industrial undertaking in an undeveloped area or of adapting the machinery, plant, equipment, buildings or other works of the undertaking so as to enable the business of the undertaking to be carried on more efficiently or to enable the undertaking to engage in the manufacture of products not manufactured by it before the making of the enlargement or adaptation.
(2) A grant under this section shall not exceed one-quarter of the cost of the enlargement or adaptation in respect of which the grant is made.
(3) A grant shall not be made under this section in respect of the enlargement of an industrial undertaking or the adaptation of the plant, equipment, buildings or other works thereof if a grant can be made under any other provision of the Undeveloped Areas Acts, 1952 and 1957, in respect of the enlargement or adaptation.
(4) A grant may be made under this section in respect of an enlargement or adaptation commenced on or after the 14th day of December, 1961, and before the date of the passing of this Act.
(5) A grant shall not be made under this section after the 31st day of March, 1965, in respect of an enlargement or adaptation unless the enlargement or adaptation is approved by the Board before the said 31st day of March, 1965.
(6) Grants under this section shall be made out of moneys provided by the Oireachtas.
Repeals.
5.—Section 1 and subsection (2) of section 6 of the Principal Act and sections 2 to 13 of the Undeveloped Areas (Amendment) Act, 1957, are hereby repealed.
Short title and collective citation.
6.—(1) This Act may be cited as the Undeveloped Areas (Amendment) Act, 1963.
(2) The Undeveloped Areas Acts, 1952 and 1957, the Industrial Grants (Amendment) Act, 1961 (in so far as it amends those Acts) and this Act may be cited together as the Undeveloped Areas Acts, 1952 to 1963.