Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 34 de 1933.
ACHT UM SHUNCÁIL CHEADUITHE, 1933.
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgid;
cialluíonn na habairtí “ciste rialtais” agus “airgead rialtais” fé seach ciste agus airgead atá fé chúram Aire is ceann ar Roinn Stáit agus is féidir go dleathach do shuncáil ach ní fholuíd an ciste fiach-laigheaduithe bhaineann le haon Iasacht Náisiúnta, ná Ciste na mBannaí Talmhan, ná an Ciste Costaisí do bunuíodh le halt 5 den Acht Talmhan, 1923 (Uimh. 42 de 1923), ná airgead a bheidh de thurus na huaire i gcreidiúint do Chuntas an Stát-Chiste;
cialluíonn an focal “urrús” stuic, scaireanna, debentiúirí, bannaí, agus oblagáidí aon rialtais, bárdais chathrach, cuideachtan, no cóluchta chorpruithe eile;
cialluíonn an abairt “suncáil cheaduithe” urrús a bheidh ceaduithe de thurus na huaire fén Acht so chun cistí rialtais no airgid rialtais do shuncáil ann;
cialluíonn an abairt “Banc Scair-shealbhach” banc is banc scair-shealbhach de thurus na huaire do réir bhrí an Achta Airgid Reatha, 1927 (Uimh. 32 de 1927); cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.
Coiste Comhairlitheach na Suncálanna do bhunú agus na baill a bheidh air.
2.—(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire Coiste (dá ngairmtear an Coiste san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Coiste Comhairlitheach na Suncálanna agus cólíonfaidh an Coiste sin na feidhmeanna ceaptar do leis an Acht so no ceapfar do le haon Acht tré n-a leasófar no tré n-a leathnófar an tAcht so.
(2) Is iad a bheidh ar an gCoiste ná an cúigear daoine seo leanas, sé sin le rá:—
(a) Cathaoirleach Choimisiúin an Airgid Reatha;
(b) Breitheamh den Ard-Chúirt ar n-a ainmniú ag an bPrímh-Bhreitheamh;
(c) duine ar n-a ainmniú ag an Aire tar éis do san dul i gcomhairle le Coiste Bhúrsa Bhaile Atha Cliath;
(d) duine ar n-a ainmniú sa tslí orduithe ag na Bainc Scairshealbhacha no thar a gceann;
(e) duine ar n-a ainmniú ag an Aire.
(3) Is é Cathaoirleach Choimisiúin an Airgid Reatha bheidh mar Chathaoirleach ar an gCoiste.
(4) Beidh gach ball den Choiste (seachas Cathaoirleach Choimisiúin an Airgid Reatha), marab éag no eirghe as roimhe sin do no, i gcás an bhaill d'ainmnigh an Prímh-Bhreitheamh, maran scur de bheith ina Bhreitheamh den Ard-Chúirt do, i seilbh oifige mar bhall den Choiste go ceann dhá bhlian o dháta a ainmnithe agus beidh sé ion-athainmnithe i ndeireadh a théarma oifige no le linn bheith ag feitheamh leis sin.
Nós-imeachta an Choiste.
3.—(1) Féadfaidh an Coiste a nós-imeachta féin do rialáil.
(2) Triúr ball den Choiste, i láthair i bpearsain, is quorum ag cruinniú den Choiste.
(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, féadfaidh an Coiste gníomhú d'ainneoin folúntais no dhó, ach ní d'ainneoin níos mó folúntas ná san, do bheith imeasc a chuid ball.
(4) Ag cruinniú ar bith den Choiste féadfaidh an Cathaoirleach vóta réitigh do thabhairt uaidh i gcás có-ionnanas vótanna do bheith ann.
Fuireann agus cóiríocht don Choiste.
4.—Cuirfidh an tAire pé cóiríocht oifige agus fuireann ar fáil don Choiste is dóich leis is gá chun a chur ar chumas an Choiste na feidhmeanna bheidh ceaptha dho de thurus na huaire do chólíonadh.
Leas-Chathaoirleach don Choiste do cheapadh.
5.—(1) Pé uair a bheidh Cathaoirleach an Choiste, go sealadach, gan bheith i mBaile Atha Cliath no gan bheith ábalta, de bhíthin easláinte, ar a dhualgaisí mar chathaoirleach den tsórt san do chólíonadh féadfaidh, roimhe sin agus é á mheas go mbeidh sé, no aon tráth le linn é bheith, as láthair no fé mhí-chumas amhlaidh, ball eile den Choiste do cheapadh chun bheith mar Leas-Chathaoirleach le linn é bheith as láthair no fé mhí-chumas amhlaidh.
(2) Le linn na nea-láithreachta no an mhí-chumais gur mar gheall air a ceapfar é, ach fé réir é do leanúint de bheith ina bhall den Choiste, beidh ag gach Leas-Chathaoirleach a ceapfar fén alt so comhachta uile agus cólíonfaidh dualgaisí uile Chathaoirligh an Choiste.
An tAire do dhul i gcomhairle leis an gCoiste.
6.—(1) Féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis laistigh de dhá bhliain tar eis an Achta so do rith, a iarraidh ar an gCoiste liost d'ullamhú agus do chur fé n-a bhráid d'urrúsanna atá oiriúnach chun ciste áirithe rialtais no airgid áirithe rialtais do shuncáil ionta.
(2) Féadfaidh an tAire, pé uair is ceart san dar leis laistigh de dhá bhliain tar eis an Achta so do rith, a iarraidh ar an gCoiste comhairle do thabhairt do i dtaobh ce'ca tá urrús áirithe oiriúnach chun aon chiste áirithe rialtais no aon airgid áirithe rialtais do shuncáil ann no ná fuil.
(3) Pé uair iarrfaidh an tAire ar an gCoiste fén alt so liost d'urrúsanna d'ullamhú no comhairle do thabhairt do i dtaobh ce'ca tá urrús áirithe oiriúnach no ná fuil déanfaidh an Coiste chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin, an liost no an chomhairle bheidh luaidhte san iarratas san d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire.
Iarratas o bhunuitheoir ar urrús do cheadú.
7.—(1) Einne bheidh freagarthach in aon urrús do thabhairt amach féadfaidh, aon uair laistigh de dhá bhliain tar éis an Achta so do rith, a iarraidh ar an Aire sa bhfuirm agus sa tslí orduithe an t-urrús san do cheadú mar urrús is oiriúnach chun cistí rialtais agus airgid rialtais do shuncáil ann.
(2) Pé uair do gheobhaidh an tAire iarratas fén alt so féadfaidh, fé mar is dóich leis is ceart, diúltadh do ghéilleadh don iarratas san no an t-iarratas san do chur fé bhráid an Choiste chun a gcomhairle d'fháil ina thaobh.
(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire iarratas fén alt so do chur fé bhráid an Choiste, déanfaidh an Coiste chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin an t-iarratas san do bhreithniú agus a gcomhairle do thabhairt don Aire i dtaobh ce'ca tá an t-urrús is abhar don iarratas san oiriúnach chun aon chiste áirithe rialtais no aon airgid áirithe rialtais, a bheidh luaidhte chuige sin ag an Aire, do shuncáil ann no ná fuil.
(4) Gach duine chuirfidh iarratas chun an Aire fén alt so déanfaidh, ar an Aire no ar an gCoiste dá cheangal san air, pé eolas do thabhairt don Aire no don Choiste (do réir mar bheidh) a bheidh aige no ar fáil aige i dtaobh an urrúis sin agus a theastóidh ón Aire no ón gCoiste chun an iarratais sin do bhreithniú.
Nithe go bhféachfaidh an Coiste dhóibh.
8.—Nuair a bheidh an Coiste ag ullamhú liosta d'urrúsanna do réir an Achta so agus ag breithniú ce'ca ba cheart aon urrús áirithe do chur sa liost san no nár cheart, agus nuair a bheid ag breithniú cadé an chomhairle do bhéarfaid uatha do réir an Achta so i dtaobh urrúis áirithe, féachfaid do chúrsaí uile an urrúis sin agus do gach ní ina thaobh do chífear don Choiste bhaineann leis an scéal agus, go sonnrach, féachfaidh an Coiste do sna nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) an deimhin agus a mhéid is deimhin nách baol don chaipital agus go bhfuighfear ioncum as airgead a suncálfar san urrús san;
(b) ag féachaint do ghnáth-phraghas an urrúis sin ar an margadh, an dtugann an t-urrús san leor-bhrabús ar airgead a suncáltar ann;
(c) an bhfuil margadh oscailte caothúil ann don urrús san agus an féidir an t-urrús san do cheannach agus do dhíol go saoráideach ar an margadh san;
(d) an urrús é gurb ionfhuascailte dho no gurb ionaisíoctha go héigeanta ar shlí eile dá chaipital go luath no i gcionn tamaill fhada no urrús nách ionfhuascailte dho no nách ionaisíoctha dá chaipital amhlaidh tráth ar bith;
(e) an bhfuil praghas margaidh an urrúis sin saor o n-a atharú, agus an deallrathach go leanfa sé saor o n-a atharú, go minic no go mór obann,
An tAire do cheadú urrús.
9.—(1) Pé uair do bhéarfaidh an Coiste don Aire do réir an Achta so liost d'urrúsanna atá oiriúnach chun ciste áirithe rialtais no airgid áirithe rialtais do shuncáil ionta féadfaidh an tAire, más dóich leis agus fé mar is dóich leis san do bheith ceart, gach urrús no aon urrús no urrúsanna acu san do cheadú mar urrúsanna atá oiriúnach i gcóir suncála den tsórt san roimhráite.
(2) Pé uair do bhéarfaidh an Coiste mar chomhairle don Aire do réir an Achta so go bhfuil urrús áirithe oiriúnach chun ciste áirithe rialtais no airgid áirithe rialtais do shuncáil ann, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-urrús san do cheadú mar urrús atá oiriúnach i gcóir suncála den tsórt san roimhráite.
(3) Ní déanfar iomlán liosta d'urrúsanna ná cuid ar bith de liost d'urrúsanna do cheadú fén alt so ná fós aon urrús áirithe do cheadú fén alt so tar éis dhá bhlian go leith o am an Achta so do rith.
Ceadú urrús do tharrac siar.
10.—(1) Féadfaidh an tAire pé uair is oiriúnach leis é, uaidh féin no de dhruim chomhairle bheidh tugtha dho fén alt so ag an gCoiste, ceadú do tharrac siar do thug sé uaidh roimhe sin fén Acht so maidir le haon urrús.
(2) Pé uair a bheidh an tAire ar aigne ceadú urrúis do tharrac siar fén alt so uaidh féin féadfaidh a iarraidh ar an gCoiste comhairle do thabhairt do maidir leis an tarrac-siar san agus leis sin déanfaidh an Coiste chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin a gcomhairle maidir leis an tarrac-siar san d'ullamhú agus do chur fé bhráid an Aire.
(3) Féadfaidh an Coiste uatha féin, tráth ar bith, a bhreithniú an ceart ceadú do tharrac siar a thug an tAire uaidh roimhe sin fén Acht so maidir le haon urrús agus féadfaid, más dóich leo ar bhreithniú do dhéanamh amhlaidh gur ceart san, a chomhairliú don Aire an ceadú san do tharrac siar fén alt so.
(4) Ar cheadú urrúis do tharrac siar fén alt so scuirfidh an t-urrús san láithreach de bheith ina shuncáil is oiriúnach chun cistí rialtais no airgid rialtais do shuncáil inti agus déanfar, mara n-orduighidh an tAire a mhalairt, gach sealbh den urrús san is suncáil aon chiste rialtais no airgid rialtais do dhíol láithreach.
Cistí agus airgead rialtais do shuncáil i suncálanna ceaduithe.
11.—D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon Acht, ordú, riail no achtachán eile, féadfar aon chiste áirithe rialtais no airgead áirithe rialtais do shuncáil in aon urrús a bheidh ceaduithe fén Acht so de thurus na huaire chun an chiste áirithe rialtais sin no an airgid áirithe rialtais sin do shuncáil inti.
Airgead i gCúirt do shuncáil.
12.—(1) Féadfaidh an tAire, ar an Aire Dlí agus Cirt dá iarraidh sin air le có-aontú móráirimh den choiste luaidhtear in alt 36 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), agus tar éis do dul i gcomhairle le Coiste Comhairlitheach na Suncálanna, féadfaidh, le hordú, aon tsuncáil is suncáil cheaduithe de thurus na huaire do cheadú chun aon airgid a bheidh de thurus na huaire fé chúram no fé réir orduithe aon Chúirte do shuncáil inti, agus féadfaidh o am go ham, le hordú, aon ordú den tsórt san a céad-luaidhtear do cheiliúradh, do leasú, no d'atharú.
(2) Gan dochar do dhleathacht aon mhodha eile suncála bheidh údaruithe do réir dlí de thurus na huaire chun airgid a bheidh fé chúram no fé réir orduithe aon Chúirte do shuncáil, féadfar, d'ainneoin aon rialach Cúirte contrárdha dho san, aon airgead den tsórt san do shuncáil agus do choimeád suncálta in aon urrús is suncáil cheaduithe de thurus na huaire do réir bhrí an Achta so agus a bheidh an tAire tar éis a cheadú fén bhfo-alt san roimhe seo.
(3) San alt so foluíonn an focal “Cúirt” an Prímh-Bhreitheamh le linn do bheith ag feidhmiú na dlighinse atá dílsithe ann maidir le daoine nách slán meabhair no maidir le mion-aoiseacha.
Cistí iontaobhais do shuncáil.
13.—Ní bheidh aon mhodh suncála a húdarófar, le riail Chúirte ar n-a déanamh tar éis an Achta so do rith, chun airgid a bheidh fé chúram no fé réir orduithe na hArd-Chúirte do shuncáil, ní bheidh san ina mhodh suncála bheidh údaruithe de bhuadh míre (o) d'alt 1 den Trustees Act, 1893, chun cistí iontaobhais do shuncáil.
Fógra i dtaobh suncálanna ceaduithe d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
14.—(1) Pé uair a dhéanfaidh an tAire iomlán liosta d'urrúsfanna no cuid ar bith de liost d'urrúsanna no urrús áirithe do cheadú fén Acht so chun cistí rialtais no airgid rialtais do shuncáil sa chéanna, cuirfidh an tAire fé ndeár fógra i dtaobh an cheaduithe sin d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
(2) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ceadú do tharrac siar do thug sé uaidh fén Acht so maidir le haon urrús, cuirfidh fé ndeár fógra i dtaobh an tarrac-siar san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
(3) Déanfaidh an tAire o am go ham, fé mar agus nuair is gá no is oiriúnach san dar leis, a chur fé ndeár liost de sna hurrúsanna is suncálanna ceaduithe de thurus na huaire do réir bhrí an Achta so d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil, agus féadfaidh an tAire, in aon liost a foillseofar amhlaidh, a luadh, maidir le gach urrús no le haon urrús a bheidh sa liost san, cadé an dáta ar a ndearnadh an t-urrús san do cheadú fén Acht so.
Rialacháin.
15.—Féadfaidh an tAire le rialacháin éinní no aon rud d'ordú dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
Costaisí.
16.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.
Gearr-theideal.
17.—Féadfar an tAcht um Shuncáil Cheaduithe, 1933, do ghairm den Acht so.
Number 34 of 1933.
APPROVED INVESTMENTS ACT, 1933.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Establishment and membership of the Investments Advisory Committee. | |
Investment of government funds and moneys in approved investments. | |
Acts Referred to | |
No. 42 of 1923 | |
No. 32 of 1927 | |
No. 10 of 1924 |
Number 34 of 1933.
APPROVED INVESTMENTS ACT, 1933.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Minister” means the Minister for Finance;
the expressions “government fund” and “government money” mean respectively a fund and money which is under the control of a Minister who is head of a Department of State and may lawfully be invested but do not include the sinking fund in connection with any National Loan, nor the Land Bond Fund, nor the Costs Fund established by section 5 of the Land Act, 1923 (No. 42 of 1923), nor moneys for the time being standing to the credit of the Exchequer Account;
the word “security” means the stocks, shares, debentures, bonds, and obligations of any government, municipal corporation, company, or other corporate body;
the expression “approved investment” means a security which is for the time being approved under this Act for the investment of government funds or government moneys;
the expression “Shareholding Bank” means a bank which is for the time being a shareholding bank within the meaning of the Currency Act, 1927 (No. 32 of 1927);
the word “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act.
Establishment and membership of the Investments Advisory Committee.
2.—(1) As soon as conveniently may be after the passing of this Act, the Minister shall establish a Committee (in this Act referred to as the Committee) which shall be styled and known as the Investments Advisory Committee and shall fulfil the functions assigned to it by this Act or any Act amending or extending this Act.
(2) The Committee shall consist of the following five persons, that is to say:—
(a) The Chairman of the Currency Commission;
(b) a Judge of the High Court nominated by the Chief Justice;
(c) a person nominated by the Minister after consultation with the Committee of the Dublin Stock Exchange;
(d) a person nominated in the prescribed manner by or on behalf of the Shareholding Banks;
(e) a person nominated by the Minister.
(3) The Chairman of the Currency Commission shall be the Chairman of the Committee.
(4) Every member of the Committee (other than the Chairman of the Currency Commission) shall, unless he sooner dies or resigns or, in the case of the member nominated by the Chief Justice, ceases to be a Judge of the High Court, hold office as a member of the Committee for two years from the date of his nomination and shall be eligible for renomination at or in anticipation of the expiration of his term of office.
Procedure of the Committee.
3.—(1) The Committee may regulate its own procedure.
(2) Three members of the Committee personally present shall form a quorum at a meeting of the Committee.
(3) Save as is otherwise provided by this Act, the Committee may act notwithstanding one or two, but not more, vacancies in its membership.
(4) At any meeting of the Committee the Chairman may, in the event of an equality of votes, exercise a casting vote.
Staff and accommodation for Committee.
4.—The Minister shall provide such office accommodation and staff for the Committee as may in his opinion be necessary to enable the Committee to fulfil the functions for the time being assigned to it.
Appointment of deputy-chairman of the Committee.
5.—(1) Whenever the Chairman of the Committee is temporarily absent from Dublin or is temporarily incapable through ill-health of performing his duties as such Chairman he may, before and in anticipation of or at any time during such absence or incapacity, appoint another member of the Committee to be Deputy-Chairman during such absence or incapacity.
(2) Every Deputy-Chairman appointed under this section shall, during the absence or incapacity in respect of which he is appointed but subject to his continuing to be a member of the Committee, have all the powers and perform all the duties of the Chairman of the Committee.
Consultation of the Committee by the Minister.
6.—(1) The Minister may, whenever he thinks proper within two years after the passing of this Act, request the Committee to prepare and submit to him a list of securities suitable for the investment of a specified government fund or specified government money.
(2) The Minister may, whenever he thinks proper within two years after the passing of this Act, request the Committee to advise him as to the suitability of a specified security for the investment of any specified government fund or any specified government money.
(3) Whenever the Minister requests the Committee under this section to prepare a list of securities or to advise him as to the suitability of a specified security, the Committee shall with all convenient speed prepare and submit to the Minister such list or such advice as is mentioned in such request.
Application by promoter for approval of security.
7.—(1) Any person responsible for the issue of any security may, at any time within two years after the passing of this Act, apply to the Minister in the prescribed form and manner for his approval of such security as a security suitable for the investment of government funds and government moneys.
(2) Whenever the Minister receives an application under this section he may, as he shall think proper, either refuse such application or refer such application to the Committee for their advice thereon.
(3) Whenever the Minister refers an application under this section to the Committee, the Committee shall with all convenient speed consider such application and submit to the Minister their advice as to whether the security which is the subject of such application is suitable for the investment of any particular government fund or government money specified in that behalf by the Minister.
(4) Every person who makes an application to the Minister under this section shall, when required so to do by the Minister or the Committee, furnish to the Minister or the Committee (as the case may be) such information in his possession or procurement in relation to such security as the Minister or the Committee may require for the consideration of such application.
Matters to be regarded by Committee.
8.—When preparing a list of securities in pursuance of this Act and considering whether any particular security should or should not be included in such list and when considering the advice to be given in pursuance of this Act in regard to a particular security, the Committee shall have regard to all the circumstances of such security and all such matters in relation thereto as appear to the Committee to be relevant and, in particular, the Committee shall have regard to the following matters, that is to say:—
(a) whether and how far the safety of the capital and the income of money to be invested in such security is assured;
(b) whether, having regard to the normal price of such security in the market, such security provides an adequate return on money invested therein;
(c) whether a free and convenient market exists for such security and whether such security is readily purchasable and realisable in such market;
(d) whether such security is redeemable or otherwise liable to compulsory repayment of capital at an early or a distant date or not at all;
(e) whether the market price of such security is and is likely to continue free from frequent or violent fluctuation.
Approval of securities by the Minister.
9.—(1) Whenever the Committee furnishes to the Minister in pursuance of this Act a list of securities suitable for the investment of a particular government fund or particular government money, the Minister may, if and as he thinks proper, approve of all or any one or more of such securities as securities suitable for such investment as aforesaid.
(2) Whenever the Committee advises the Minister in pursuance of this Act that a particular security is suitable for the investment of a particular government fund or particular government money, the Minister may, if he so thinks fit, approve of such security as a security suitable for such investment as aforesaid.
(3) No approval under this section of the whole or any part of a list of securities nor any approval under this section of a particular security shall be given after the expiration of two years and six months from the passing of this Act.
Withdrawal of approval of securities.
10.—(1) The Minister may, whenever he thinks fit, either on his own motion or in consequence of advice given to him under this section by the Committee withdraw an approval previously given by him under this Act in respect of any security.
(2) Whenever the Minister proposes on his own motion to withdraw under this section an approval of a security, he may request the Committee to advise him as to such withdrawal and thereupon the Committee shall with all convenient speed prepare and submit to the Minister their advice in regard to such withdrawal.
(3) The Committee may at any time on their own motion consider whether an approval previously given by the Minister under this Act in respect of any security should be withdrawn and may, if on such consideration they so think proper, advise the Minister to withdraw under this section the said approval.
(4) When an approval of a security is withdrawn under this section, such security shall forthwith cease to be an investment suitable for the investment of government funds or government moneys and all holdings of such security representing any government fund or government money shall, unless the Minister otherwise directs, be sold forthwith.
Investment of government funds and moneys in approved investments.
11.—Notwithstanding anything to the contrary contained in any Act, order, rule, or other enactment, any particular government fund or particular government money may be invested in any security which is for the time being approved of under this Act for the investment of that particular government fund or particular government money.
Investment οf moneys in Court.
12.—(1) The Minister on the request of the Minister for Justice, made with the concurrence of a majority of the committee mentioned in section 36 of the Courts of Justice Act, 1924 (No. 10 of 1924), and after consultation with the Investments Advisory Committee, may by order sanction for the investment of any money for the time being under the control or subject to the order of any Court any investment which is for the time being an approved investment, and may from time to time by order revoke, amend, or vary any such first mentioned order.
(2) Without prejudice to the validity of any other mode of investment for the time being authorised by law for the investment of money under the control or subject to the order of any Court, any such money may, notwithstanding any rule of court to the contrary, be invested and kept invested in any security which is for the time being an approved investment within the meaning of this Act and sanctioned by the Minister under the foregoing sub-section.
(3) In this section the word “Court” includes the Chief Justice when exercising the jurisdiction vested in him in relation to persons of unsound mind or in relation to minors.
Investments of trust funds.
13.—No mode of investment which is authorised by a rule of court made after the passing of this Act for the investment of moneys under the control or subject to the order of the High Court shall be a mode of investment authorised by virtue of paragraph (o) of section 1 of the Trustees Act, 1893, for the investment of trust funds.
Publication in Iris Oifigiuil of approved investments.
14.—(1) Whenever the Minister approves under this Act of the whole or any part of a list of securities or of a particular security for the investment of government funds or government moneys, the Minister shall cause notice of such approval to be published in the Iris Oifigiúil.
(2) Whenever the Minister withdraws an approval given by him under this Act in respect of any security, he shall cause notice of such withdrawal to be published in the Iris Oifigiúil.
(3) The Minister shall from time to time, as and when he shall think necessary or expedient, cause a list of the securities which are for the time being approved investments within the meaning of this Act to be published in the Iris Oifigiúil, and the Minister may, in any list so published, indicate in respect of every or any security included in such list the date on which such security was approved under this Act.
Regulations.
15.—The Minister may by regulations prescribe any matter or thing referred to in this Act as prescribed or to be prescribed.
Expenses.
16.—All expenses incurred in the execution of this Act shall, to such extent as shall be sanctioned by the Minister, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.
Short title.
17.—This Act may be cited as the Approved Investments Act, 1933.