Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 34 de 1937.
ACHT IASCAIGH (UISCÍ TAOIDE) (LEASÚ), 1937.
Mínithe
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934);
cialluíonn an abairt “Acht Leasúcháin 1935” an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1935 (Uimh. 33 de 1935);
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta.
Diúitéthe ar cheadúnaisí áitiúla speisialta áirithe d'íoc ina dtráthechoda.
2.—(1) I gcás ina mbeidh sé údaruithe do bhord choimeádaithe le hordú ón Aire fén bPríomh-Acht ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach chun úsáid do dhéanamh, in uiscí taoide áirithe le n-a mbaineann an Príomh-Acht agus atá ina gceanntar, d'aon tsaghas áirithe innill, lín, ionstruime no feiste chun breith ar bhradáin no ar bhric, féadfaidh an tAire, pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é, na nithe seo leanas do dhéanamh le hordú, sé sin le rá:—
(a) a dhearbhú gur tréimhsí chun tabhartha amach chun crícheanna an orduithe sin pé trí tréimhsí i ngach bliain fé leith is ceart dar leis an Aire agus a luadhfaidh san ordú san;
(b) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach i rith na céad tréimhse chun tabhartha amach in aon bhliain áirithe chun úsáid do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'aon inneall, líon, ionstruim no feiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric ar chionúireacht áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc, ach san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san), eadhon, go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina trí tráthchoda codroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh lá nach déanaí ná an dáta bheidh luaidhte san ordú san mar dháta chun a híoctha;
(c) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach i rith na dara tréimhse chun tabhartha amach in aon bhliain áirithe chun úsáid do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'inneall, de líon, d'ionstruim no d'fheiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric ar chionúireacht áirithe den diúité cheadúnais áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc, ach san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san), eadhon, go n-íocfar iarmhéid an diúité sin ina dhá thráthchuid chodroma, agus go n-íocfar gach tráthchuid díobh lá nach déanaí ná an dáta bheidh luaidhte san ordú san mar dháta chun a híoctha;
(d) a údarú don bhord san ceadúnaisí áitiúla speisialta do thabhairt amach i rith na tríú tréimhse chun tabhartha amach in aon bhliain áirithe chun úsáid do dhéanamh sna huiscí taoide sin d'inneall, de líon, d'ionstruim no d'fheiste den tsaghas san chun breith ar bhradáin no ar bhric ar chionúireacht áirithe den diúité áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc, ach san fé réir an choinníll seo leanas (coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san), eadhon, go n-íocfar iarmhéid an diúité sin lá nach déanaí ná an dáta bheidh luaidhte san ordú san mar dháta chun a híoctha.
(2) Féadfaidh ordú fén alt so baint le saghsanna deifriúla inneall, líonta, ionstruimí no feistí chun breith ar bhradáin no ar bhric, agus i gcás den tsórt san féadfaidh forálacha fé leith bheith ann maidir le gach saghas innill, lín, ionstruime no feiste fé leith chun breith ar bhradáin no ar bhric le n-a mbainfidh an t-ordú.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú déanfar fén alt so (le n-a n-áirmhítear an fo-alt so) do cheiliúradh no do leasú.
(4) Má bheireann bord coimeádaithe ceadúnas áitiúil speisialta amach i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronnfar ar an mbord san le hordú fén alt so, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) má bristear an coinníoll a cúlscríobhfar ar an gceadúnas san do réir an orduithe sin, scuirfidh an ceadúnas san d'éifeacht do bheith aige díreach ar an gcoinníoll san do bhriseadh, agus
(b) ar aon tráthchuid den diúité ceadúnais áitiúil speisialta oiriúnach d'íoc do réir an choinníll sin, no ar a iarmhéid d'íoc amhlaidh i gcás ceadúnais áitiúil speisialta do tugadh amach i rith tríú tréimhse chun tabhartha amach fén ordú san, déanfaidh cléireach an bhúird sin, ar an gceadúnas san do thabhairt i láthair, deimhniú do chúlscríobhadh ar an gceadúnas san á rá go ndearnadh an íocaíocht san.
(5) San alt so tá leis na habairtí “ceadúnas áitiúil speisialta” agus “an diúité ceadúnais áitiúil speisialta oiriúnach” na bríonna céanna atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.
Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.
3.—Chun crícheanna fo-alt (1) agus (2) d'alt 14 den Phríomh-Acht is bliain iascaigh gach tréimhse acu so leanas, i dteanta na dtréimhsí luaidhtear i bhfo-alt (3) d'alt 14 agus in alt 2 d'Acht Leasúcháin 1935, sé sin le rá:—
(a) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1938, agus
(b) an tréimhse de dhá mhí dhéag dar críoch an 30adh lá de Mheán Fhómhair, 1939.
Buanú an Phríomh-Achta.
4.—(1) Leanfaidh an Príomh-Acht, mar a leasuítear é le halt 2 d'Acht Leasúcháin 1935 agus leis an Acht so, i bhfeidhm go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, agus raghaidh in éag ansan.
(2) Nuair a raghaidh an Príomh-Acht in éag de bhuadh an ailt seo, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 13 den Acht Léiriúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923), maidir leis an éag san fé is dá mba athghairm an t-éag san a déanfaí le hAcht a rithfí an 1adh lá d'Eanar, 1940, agus go ndéanfaí an Príomh-Acht d'athghairm leis an Acht san ar an dáta san agus ón dáta san amach.
Gearr-theideal agus có-luadh.
5.—Féadfar an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide) (Leasú), 1937, do ghairm den Acht so agus féadfar na hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 go 1937, do ghairm de sna hAchtanna Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 agus 1935, agus den Acht so le chéile.
Number 34 of 1937.
FISHERIES (TIDAL WATERS) (AMENDMENT) ACT, 1937.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Payment of certain special local licence duties by instalments. | |
Acts Referred to | |
No. 24 of 1934 | |
No. 33 of 1935 | |
No. 46 of 1923 |
Number 34 of 1937.
FISHERIES (TIDAL WATERS) (AMENDMENT) ACT, 1937.
Definitions.
1.—In this Act—
the expression “the Principal Act” means the Fisheries (Tidal Waters) Act, 1934 (No. 24 of 1934);
the expression “the Amending Act of 1935” means the Fisheries (Tidal Waters) (Amendment) Act, 1935 (No. 33 of 1935);
the expression “the Minister” means the Minister for Agriculture.
Payment of certain special local licence duties by instalments.
2.—(1) Where a board of conservators are authorised by order of the Minister under the Principal Act to issue special local licences to use, in particular tidal waters to which the Principal Act applies situate in their district, any particular kind of engine, net, instrument or device for the taking of salmon or trout, the Minister may, whenever and so often as he thinks fit, by order do the following things, that is to say:—
(a) declare that such three periods in each year as the Minister thinks proper and specifies in such order shall be issue periods for the purposes of such order;
(b) authorise such board to issue during the first issue period in any year special local licences to use in such tidal waters any engine, net, instrument or device of such kind for the taking of salmon or trout on payment of a specified proportion of the appropriate special local licence duty, subject however to the following condition (which shall be endorsed on such licence), that the balance of such duty shall be paid in three equal instalments, and that each such instalment shall be paid not later than the date specified in such order as the date for the payment thereof;
(c) authorise such board to issue during the second issue period in any year special local licences to use in such tidal waters an engine, net, instrument or device of such kind for the taking of salmon or trout on payment of a specified proportion of the appropriate special local licence duty, subject however to the following condition (which shall be endorsed on such licence), that the balance of such duty shall be paid in two equal instalments, and that each such instalment shall be paid not later than the date specified in such order as the date for the payment thereof;
(d) authorise such board to issue during the third issue period in any year special local licences to use in such tidal waters an engine, net, instrument or device of such kind for the taking of salmon or trout on payment of a specified proportion of the appropriate special local licence duty, subject however to the following condition (which shall be endorsed on such licence) that the balance of such duty shall be paid not later than the date specified in such order as the date for the payment thereof.
(2) An order under this section may relate to different kinds of engines, nets, instruments or devices for the taking of salmon or trout, and in that case may contain different provisions in relation to each kind of engine, net, instrument or device for the taking of salmon or trout to which the order relates.
(3) The Minister may by order revoke or amend any order made under this section (including this sub-section).
(4) Where a special local licence is issued by a board of conservators in exercise of the powers conferred on such board by an order under this section, the following provisions shall have effect, that is to say:—
(a) if there is a breach of the condition endorsed on such licence in accordance with such order, such licence shall cease to be in force immediately upon such breach, and
(b) upon payment of any instalment, or, in the case of a special local licence issued during a third issue period under such order, the balance, of the appropriate special local licence duty in accordance with such condition, the clerk of such board shall, upon production of such licence, endorse thereon a certificate of such payment.
(5) In this section the expressions “special local licence” and “the appropriate special local licence duty” have the same respective meanings as they have in the Principal Act.
Amendment of section 14 of the Principal Act.
3.—For the purposes of sub-sections (1) and (2) of section 14 of the Principal Act, each of the following periods, shall, in addition to those mentioned in sub-section (3) of the said section 14 and in section 2 of the Amending Act of 1935, be a fishery year, that is to say:—
(a) the period of twelve months ending on the 30th day of September, 1938, and
(b) the period of twelve months ending on the 30th day of September, 1939.
Continuance of the Principal Act.
4.—(1) The Principal Act, as amended by section 2 of the Amending Act of 1935 and by this present Act, shall continue in force until the 31st day of December, 1939, and shall then expire.
(2) When the Principal Act expires by virtue of this section, sub-section (2) of section 13 of the Interpretation Act, 1923 (No. 46 of 1923), shall apply to and have effect in relation to such expiry as if such expiry were a repeal by an Act passed on the 1st day of January, 1940, and the Principal Act were repealed by such Act as on and from that date.
Short title and collective citation.
5.—This Act may be cited as the Fisheries (Tidal Waters) (Amendment) Act, 1937, and the Fisheries (Tidal Waters) Acts, 1934 and 1935, and this Act may be cited together as the Fisheries (Tidal Waters) Acts, 1934 to 1937.