Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 37 de 1946.


[EN]

AN tACHT ÁRACHAIS DÍFHOSTAÍOCHTA, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ ÉIFEACHT A THABHAIRT SA STÁT DO SHOCRUITHE ÁIRITHE ATÁ BEARTAITHE AGUS FAOINA bhFUIL RIALTAS NA RÍOCHTA AONTAITHE CHUN A GHABHÁIL ORTHU FÉIN AN COSTAS A GHLANADH A BHAINFEAS LE SOCHAIR, I LEITH DÍFHOSTAÍOCHTA SA STÁT, A ÍOC LE DAOINE ÁIRITHE A D'FHÓNAIGH I bhFÓRSAÍ AN RIALTAIS SIN, AGUS DO LEASÚ NA nACHT ÁRACHAIS DÍFHOSTAÍOCHTA, 1920 GO 1945. [19ú Nollaig, 1946.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

[EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearr-theideal agus comhluadh.

1.—(1) Féadfar an tAcht Arachais Dífhostaíochta, 1946, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1946, a ghairm de na hAchta Éireannacha agus den Acht seo le chéile..

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo—

[EN]Acht 1920.

ciallaíonn an abairt “Acht 1920” an Unemployment Insurance Act, 1920;

[EN]Acht 1926.

ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1926 (Uimh. 21 de 1926);

[EN]Acht 1945.

ciallaíonn an abairt “Acht 1945” an tAcht Arachais Dífhostaíochta, 1945 (Uimh. 23 de 1945);

[EN]na socruithe.

ciallaíonn an abairt “na socruithe” na socruithe dá dtagartar in alt 3 den Acht seo;

[EN]na hAchta Breataineacha.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Breataineacha” na hAchta ó Pharlaimint na Ríochta Aontaithe dá ngairmtear the Unemployment Insurance Acts, 1935 to 1944;

[EN]an Ciste Dífhostaíochta Breataineach.

ciallaíonn an abairt “an Ciste Dífhostaíochta Breataineach” an Ciste Dífhostaíochta a bunaíodh faoi na hAchta Breataineacha;

na hAchta Eireannacha.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Éireannacha” na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1945;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

an Scéim.

ciallaíonn an abairt “an Scéim” Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais, a bunaíodh faoi na hAchta Éireannacha;

sochar speisialta.

ciallaíonn an abairt “sochar speisialta” an sochar is iníoctha faoi alt 4 den Acht seo;

na coinníollacha reachtúla.

ciallaíonn an abairt “na coinníolla reachtúla” na coinníollacha atá leagtha amach in alt 5 den Acht seo.

[EN]

Tosach feidhme Coda II den Acht seo.

3.—(1) Ní thiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ach amháin mar a foráltar le fo-alt (2) den alt seo.

[EN]

(2) I gcás, agus amháin i gcás, socruithe a dhéanamh idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe trína ngabhann Rialtas na Ríochta Aontaithe orthu féin an costas a ghlanadh a bhainfeas le sochar a íoc le daoine sa Stát i leith tréimhsí a gcomhlíonfaidh na daoine sin na coinníollacha reachtúla ar a bhfeadh, féadfaidh an tAire a dhearbhú, le hordú, go dtiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar pé dáta a shonrós sé san ordú, agus air sin tiocfaidh an Chuid sin II i ngníomh ar an dáta a sonrófar amhlaidh.

CUID II.

Sochar Speisialta.

[EN]

Ceart daoine áirithe chun sochair speisialta.

4.—Amhail ó dháta thosach feidhme na Coda seo agus faid a mhairfeas na socruithe, beidh gach duine a chomhlíonfas na coinníollacha reachtúla i dteideal, faoi réir forál na Coda seo, íocaíochtaí sochair a fháil do réir na rátaí a húdaraítear leis an gCuid seo agus i gceann tréimhsí is ionann agus na tréimhsí a bheas ceaptha ó am go ham chun sochar dífhostaíochta a íoc faoi na hAchta Éireannacha.

[EN]

Na coinníollacha reachtúla chun sochar speisialta a fháil.

5.—Is iad na coinníollacha reachtúla chun duine d'fháil sochair speisialta—

[EN]

(a) an duine sin d'éileamh an tsochair sin sa tslí ordaithe,

[EN]

(b) an duine sin a bheith ag fónamh ar feadh iomláine na tréimhse, nó ar feadh aon choda den tréimhse, dar thosach an 3ú lá de Mheán Fómhair, 1939, agus dar chríoch an 14ú lá de Lúnasa, 1945, i bhFórsaí na Ríochta Aontaithe i seirbhís d'aon tsórt a bheas sonraithe sna socruithe,

[EN]

(c) an duine sin a bheith, aon tráth roimh é a dhul ar seirbhís sna Fórsaí sin, ina ghnáthchomhnaí sa Stát,

[EN]

(d) an duine sin a bheith arna urscaoileadh as na Fórsaí sin,

[EN]

(e) tríocha ranníocaíocht ar a laghad a bheith i gcreidiúint don duine sin sa Chiste Dífhostaíochta Breataineach i leith seirbhíse sna Fórsaí sin in aghaidh an dá bhliain díreach roimh dháta a chéad éilimh ar shochar speisialta,

[EN]

(f) an duine sin do chomhlíonadh na gcoinníoll (seachas na coinníollacha a bhaineas le ranníocaíochta) chun sochar dífhostaíochta a fháil faoi na hAchta Éireannacha,

[EN]

(g) an duine sin a bheith saor ó na dícháilíochta (seachas an dícháilíocht a bhaineas le ranníocaíochta) chun sochar dífhostaíochta a fháil faoi na hAchta Éireannacha, agus

[EN]

(h) an duine sin a bheith gan an méid iomlán a fháil a d'fhéadfaí, faoi fho-alt (2) d'alt 6 den Acht seo, a íoc leis i leith sochair speisialta.

[EN]

Na rátaí sochair speisialta agus teora lena mhéid iomlán.

6.—(1) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, déanfar sochar speisialta, is iníoctha le duine ar bith a bheas ina theideal, a íoc do réir an ráta sheachtainiúil arb é an ráta seachtainiúil iomchuí é do shochar dífhostaíochta faoi na hAchta Breataineacha maidir leis an duine sin.

[EN]

(b) I gcás cleithiúnaí nó cleithiúnaithe, do réir bhrí na nAcht Éireannach, a bheith ar dhuine a bheas i dteideal sochair speisialta, méadófar ráta seachtainiúil sochair speisialta an duine sin de mhéid is ionann agus an méid is iníoctha faoi na hAchta Breataineacha mar mhéadú ar shochar dífhostaíochta ach, maidir le leanbhaí cleithiúnacha, ní bhainfidh an méadú sin ach le beirt ar a mhéid.

[EN]

(2) (a) Ní raghaidh méid iomlán an tsochair speisialta is iníoctha le haon duine áirithe thar an méid dob fhéidir a íoc leis an duine sin faoi fho-alt (1) den alt seo i leith tréimhse de chéad agus ochtó lá.

[EN]

(b) Má rinneadh, ó hurscaoileadh é as Fórsaí na Ríochta Aontaithe, sochar dífhostaíochta a íoc sa Ríocht Aontaithe le duine a bheas i dteideal sochair speisialta, ansin, déanfar an tréimhse de chéad agus ochtó lá dá dtagartar i mír (a) den fho-alt seo a laghdú an uimhir de laethe ar hiocadh sochar dífhostaíochta amhlaidh ina leith.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin Acht seo, na rátaí seachtainiúla a ceaptar le fo-alt (1) den alt seo a laghdú, ach, i gcás duine ar bith, ní oibreoidh na rialacháin sin (má déantar iad) chun laghdú a dhéanamh ar an méid iomlán, dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo, a bheas i sochar speisialta an duine sin.

[EN]

Eilimh agus ceisteanna a chinneadh.

7.—(1) Déanfar gach éileamh ar shochar speisialta agus gach ceist a éireos uime a chinneadh amhail is dá mba éileamh ar shochar dífhostaíochta nó ceist a d'éirigh uime faoi na hAchta Éireannacha an t-éileamh nó an cheist sin, agus beidh ag gach oifigeach árachais agus ag gach cúirt réiteoirí agus ag an moltóir faoi na hAchta Éireannacha, maidir le sochar speisialta, na cumhachta agus na dualgais chéanna a bronntar nó a forchuirtear leis na hAchta Éireannacha ar an oifigeach árachais, an chúirt réiteoirí nó an moltóir sin maidir le sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha.

[EN]

(2) Má éiríonn aon cheist i dtaobh é a bheith ceart aon mhéadú a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 6 den Acht seo ar shochar speisialta, cinnfear an cheist sin amhail is dá mba cheist í a d'éirigh faoi alt 1 den Unemployment Insurance Act, 1922.

[EN]

Feidhm forál áirithe de na hAchta Eireannacha agus rialachán arna ndéanamh fúthu.

8.—(1) Na forála uile (lena n-áirítear forála pionósacha) de na hAchta Éireannacha a bhaineas le sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha (ach amháin fo-ailt (5) agus (6) d'alt 22 d'Acht 1920 agus alt 9 den Acht um Arachas Díomhaointis, 1923 (Uimh. 17 de 1923)), beidh feidhm acu, a mhéid ná fuil na forála sin ar neamhréir leis an gCuid seo, maidir le sochar speisialta.

[EN]

(2) Aon rialacháin a bheas déanta faoi na hAchta Éireannacha maidir le sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha, beidh feidhm acu, a mhéid ná beidh na rialacháin sin ar neamhréir leis an gCuid seo, maidir le sochar speisialta.

[EN]

Ró-íocaíochta a aisghabháil.

9.—(1) Má gheibhtear amach uair ar bith go raibh sochar speisialta á fháil ag duine faid a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh ina chás, dlífidh sé aon tsuimeanna a híocadh leis i leith sochair speisialta, faid a bhí na coinníollacha reachtúla gan comhlíonadh, a aisíoc leis an Aire.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire aon tsuimeanna, a dhlífeas duine ar bith a aisíoc leis an Aire faoi fho-alt (1) den alt seo, a aisghabháil ón duine sin mar fhiach ghnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(3) (a) Más rud é go ndlífidh duine ar bith faoi fho-alt (1) den alt seo aon tsuim a aisíoc leis an Aire a fuair sé mar shochar speisialta agus ná cruthóidh sé gur de mheon mhacánta agus in ainbhios ar é a bheith gan teideal chuici a fuair sé an tsuim sin, ansin, féadfar, gan dochar d'aon mhodh eile aisghabhála, an tsuim sin a aisghabháil trí asbhaintí as aon tsochar speisialta a mbeidh an duine sin ina theideal nó a dtiocfaidh sé ina theideal ina dhiaidh sin.

[EN]

(b) Bainfidh alt 11 d'Acht 1920 le gach ceist a éireos faoi mhír (a) den fho-alt seo.

[EN]

(4) Aon airgead a haisíocfar leis an Aire nó a aisghabhfas sé faoin alt seo, úsáidfidh sé é amhail is dá mba airgead a haistríodh chuige as an gCiste Dífhostaíochta Breataineach an t-airgead sin.

[EN]

Srianta le sochair faoi na hAchta Eireannacha agus le cúnamh dífhostaíochta a íoc.

10.—Ní bheidh duine i dteideal, i leith aon lae a mbeidh sochar speisialta á fháil aige ina aghaidh,—

[EN]

(a) sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Éireannacha a fháil, ná

[EN]

(b) sochar díth-oibre faoin Scéim a fháil, ná

[EN]

(c) cúnamh dífhostaíochta faoi na hAchta um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1940, a fháil.

[EN]

Alt 8 d'Acht 1920 a leasú.

11.—Aon bhliain árachais a mbeidh sochar speisialta á fháil ag duine ar a feadh nó ar feadh aon choda dhi agus ná déanfar lena linn aon ranníocaíocht a íoc i leith an duine sin faoi na hAchta Éireannacha ná faoin Scéim, ní háireofar í chun críocha fo-ailt (4) d'alt 8 d'Acht 1920, arna leasú le halt 6 d'Acht 1926, ná chun críocha an fho-ailt sin (4) arna leasú amhlaidh agus arna thonasc leis an Scéim.

[EN]

Cumhacht an Aire chun Cuid II a leasú chun éifeacht a thabhairt do mhodhnuithe ar na socruithe.

12.—Má déantar, tráth ar bith tar éis tosach feidhme na Coda seo, na socruithe a mhodhnú, féadfaidh an tAire, le rialacháin faoin Acht seo, pé leasuithe a dhéanamh ar an gCuid seo a mheasfas sé is gá chun éifeacht a thabhairt do na socruithe arna modhnú amhlaidh.

[EN]

Rialacháin.

13.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ní nó ruda dá dtagartar sa Chuid seo mar ní nó rud atá ordaithe.

[EN]

Costais.

14.—(1) Is as airgead a haistreofar chun an Aire as an gCiste Dífhostaíochta Breataineach a déanfar gach íocaíocht sochair speisialta.

[EN]

(2) Na costais (ach amháin ioc sochair speisialta) faoina raghaidh an tAire chun an Chuid seo a riaradh, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

CUID III.

Forala maidir le Sean-Chomhaltai de na Forsai Cosanta a bhfuil Comhnai orthu i dTuaisceart Éireann.

[EN]

Forála maidir le sean-chomhaltaí de na Fórsaí Cosanta a bhfuil comhnaí orthu i dTuaisceart Éireann.

15.—(1) (a) D'ainneoin aon ní dá bhfuil sna hAchta Éireannacha, beidh sochar dífhostaíochta, i leith ranníocaíochtaí a ghnóthaigh sé sa Chiste Dífhostaíochta faoi Acht 1945, iníoctha, le linn dó bheith ina chomhnaí i dTuaisceart Éireann, le comhalta urscaoilte de na Fórsaí Cosanta a bhí ina ghnáthchomhnaí i dTuaisceart Éireann tráth ar bith roimh liostáil dó agus a bheadh, mura mbeadh comhnaí a bheith air i dTuaisceart Éireann, i dteideal sochair dífhostaíochta.

[EN]

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ní háireofar chun críocha fo-ailt (4) d'alt 8 d'Acht 1920, arna leasú le halt 6 d'Acht 1926, an bhliain árachais i ndiaidh urscaoileadh comhalta de na Fórsaí Cosanta más rud é ná híocfar aon ranníocaíocht ina leith faoi na hAchta Éireannacha i rith na bliana sin.

[EN]

(2)   (a) D'ainneoin aon ní dá bhfuil sa Scéim, beidh sochar díth-oibre faoin Scéim, i leith ranníocaíochtaí a ghnóthaigh sé sa Chomh-Chiste Arachais faoi Acht 1945, iníoctha, le linn dó bheith ina chomhnaí i dTuaisceart Éireann, le comhalta urscaoilte de na Fórsaí Cosanta a bhí ina ghnáthchomhnaí i dTuaisceart Éireann tráth ar bith roimh liostáil dó agus a bheadh, mura mbeadh comhnaí a bheith air i dTuaisceart Éireann, i dteideal sochair díth-oibre faoin Scéim.

[EN]

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ní háireofar chun críocha fo-ailt (4) d'alt 8 d'Acht 1920, arna leasú le halt 6 d'Acht 1926 agus arna thonase leis an Scéim, an bhliain árachais i ndiaidh urscaoileadh comhalta de na Fórsaí Cosanta más rud é ná híocfar aon ranníocaíocht ina leith faoin Scéim i rith na bliana sin.

[EN]

(3) Gach focal nó abairt a húsáidtear san alt seo agus a húsáidtear freisin in Acht 1945 tá leis san alt seo an bhrí atá leis in Acht 1945.

[GA]

harp.jpg


Number 37 of 1946.


[GA]

UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1946.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

PART I.

Preliminary and General.

Section

1.

Short title and collective citation.

2.

Definitions.

3.

Commencement of Part II of this Act.

PART II.

Special Benefit.

4.

Right of certain persons to special benefit.

5.

Statutory conditions for receipt of special benefit.

6.

Rates of special benefit and limitation on aggregate amount thereof.

7.

Determination of claims and questions.

8.

Application of certain provisions of the Irish Acts and regulations made thereunder.

9.

Recovery of overpayments.

10.

Restrictions on payment or benefits under the Irish Acts and of unemployment assistance.

11.

Amendment of section 8 of the Act of 1920.

12.

Power of Minister to amend Part II to give effect to modifications of the arrangements.

13.

Regulations.

14.

Expenses.

PART III.

Provisions in Relation to Former Members of the Defence Forces Resident in Northern Ireland.

15.

Provisions in relation to former members of the Defence Forces resident in Northern Ireland.


Acts Referred to

Unemployment Insurance Act, 1926

No. 21 of 1926

Unemployment Insurance Act, 1945

No. 23 of 1945

Unemployment Insurance Act, 1923

No. 17 of 1923

harp.jpg


Number 37 of 1946.


UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1946.


AN ACT TO ENABLE EFFECT TO BE GIVEN IN THE STATE TO CERTAIN CONTEMPLATED ARRANGEMENTS UNDER WHICH THE GOVERNMENT OF THE UNITED KINGDOM ARE TO UNDERTAKE TO MEET THE COST OF PAYING BENEFITS, IN RESPECT OF UNEMPLOYMENT IN THE STATE, TO CERTAIN PERSONS WHO SERVED IN THE FORCES OF THE SAID GOVERNMENT AND TO AMEND THE UNEMPLOYMENT INSURANCE ACTS, 1920 TO 1945. [19th December, 1946.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA][GA]

PART I.

Preliminary and General.

[GA]

Short title and collective citation.

1.—(1) This Act may be cited as the Unemployment Insurance Act, 1946.

[GA]

(2) The Irish Acts and this Act may be cited together as the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1946.

[GA]

Definitions.

2.—In this Act—

[GA]

the expression “the Act of 1920” means the Unemployment Insurance Act, 1920;

[GA]

the expression “the Act of 1926” means the Unemployment Insurance Act, 1926 (No. 21 of 1926);

[GA]

the expression “the Act of 1945” means the Unemployment Insurance Act, 1945 (No. 23 of 1945);

[GA]

the expression “the arrangements” means the arrangements referred to in section 3 of this Act;

[GA]

the expression “the British Acts” means the Acts of the Parliament of the United Kingdom known as the Unemployment Insurance Acts, 1935 to 1944;

[GA]

the expression “the British Unemployment Fund” means the Unemployment Fund established under the British Acts;

[GA]

the expression “the Irish Acts” means the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1945;

[GA]

the expression “the Minister” means the Minister for Industry and Commerce;

[GA]

the word “prescribed” means prescribed by regulations made by the Minister under this Act;

[GA]

the expression “the Scheme” means The Insurance Industry Unemployment Insurance Scheme established under the Irish Acts;

[GA]

the expression “special benefit” means the benefit payable under section 4 of this Act;

[GA]

the expression “the statutory conditions” means the conditions set out in section 5 of this Act.

[GA]

Commencement of Part II of this Act.

3.—(1) Part II of this Act shall not come into operation save as is provided by subsection (2) of this section.

[GA]

(2) If, but only if, arrangements have been entered into between the Government and the Government of the United Kingdom whereby the Government of the United Kingdom undertake to meet the cost of paying to persons in the State benefit in respect of periods during which those persons fulfil the statutory conditions, the Minister may by order declare that Part II of this Act shall come into operation on such date as he specifies in the order, and thereupon the said Part II shall come into force on the date so specified.

[GA][GA]

PART II.

Special Benefit.

[GA]

Right of certain persons to special benefit.

4.—As from the date of the commencement of this Part and during the continuance of the arrangements, every person who fulfils the statutory conditions shall, subject to the provisions of this Part, be entitled to receive payments of benefit at such rates as are authorised by this Part and at intervals corresponding to those from time to time fixed for the payment of unemployment benefit under the Irish Acts.

[GA]

Statutory conditions for receipt of special benefit.

5.—The statutory conditions for the receipt of special benefit by a person are that such person—

[GA]

(a) makes a claim therefor in the prescribed manner,

[GA]

(b) served, during the whole or any part of the period which commenced on the 3rd day of September, 1939, and ended on the 14th day of August, 1945, in the Forces of the United Kingdom in service of any kind specified in the arrangements,

[GA]

(c) was, at any time before entering service in the said Forces, ordinarily resident in the State,

[GA]

(d) has been discharged from the said Forces,

[GA]

(e) has not less than thirty contributions credited to him in the British Unemployment Fund in respect of service in the said Forces in respect of the two years immediately preceding the date of his first claim for special benefit,

[GA]

(f) satisfies the conditions (other than those relating to contributions) for the receipt of unemployment benefit under the Irish Acts,

[GA]

(g) is free from the disqualifications (other than the disqualification relating to contributions) for the receipt of unemployment benefit under the Irish Acts, and

[GA]

(h) has not received in respect of special benefit the aggregate amount which may, under subsection (2) of section 6 of this Act, be paid to him.

[GA]

Rates of special benefit and limitation on aggregate amount thereof.

6.—(1) (a) Subject to paragraph (b) of this subsection, special benefit payable to any person entitled thereto shall be at the weekly rate which is as respects that person the appropriate weekly rate of unemployment benefit under the British Acts.

[GA]

(b) Where a person who is entitled to special benefit has a dependant or dependants, within the meaning of the Irish Acts, the weekly rate of special benefit of that person shall be increased by an amount equal to the amount payable under the British Acts as an increase of unemployment benefit but such increase shall, in respect of dependent children, be limited to not more than two.

[GA]

(2) (a) The aggregate amount of special benefit payable to any one person shall not exceed the amount which could be paid to that person under subsection (1) of this section in respect of a period of one hundred and eighty days.

[GA]

(b) Where a person entitled to special benefit has, since his discharge from the Forces of the United Kingdom, been paid unemployment benefit in the United Kingdom, then the period of one hundred and eighty days referred to in paragraph (a) of this subsection shall be reduced by the number of days in respect of which unemployment benefit has been so paid.

[GA]

(3) The Minister may by regulations under this Act reduce the weekly rates fixed by subsection (1) of this section, but such regulations (if made) shall not, in the case of any person, operate to reduce the aggregate amount, referred to in subsection (2) of this section, of special benefit of that person.

[GA]

Determination of claims and questions.

7.—(1) Every claim for special benefit and every question arising thereon shall be determined as if that claim or question were a claim for unemployment benefit or a question arising thereon under the Irish Acts, and every insurance officer and court of referees and the umpire under the Irish Acts shall have, in relation to special benefit, the same powers and duties as those conferred or imposed by the Irish Acts on such insurance officer, court of referees or umpire in relation to unemployment benefit under the Irish Acts.

[GA]

(2) If any question arises as to whether any increase of special benefit ought to be made under paragraph (b) of subsection (1) of section 6 of this Act that question shall be decided as if it were a question arising under section 1 of the Unemployment Insurance Act, 1922.

[GA]

Application of certain provisions of the Irish Acts and regulations made thereunder.

8.—(1) All the provisions (including penal provisions) of the Irish Acts which apply to unemployment benefit under the Irish Acts (except subsections (5) and (6) of section 22 of the Act of 1920 and section 9 of the Unemployment Insurance Act, 1923 (No. 17 of 1923), shall, so far as those provisions are not inconsistent with this Part, apply to special benefit.

[GA]

(2) Regulations made under the Irish Acts in relation to unemployment benefit under the Irish Acts shall, so far as those regulations are not inconsistent with this Part, apply in relation to special benefit.

[GA]

Recovery of overpayments.

9.—(1) If it is found at any time that a person has been in receipt of special benefit while the statutory conditions were not fulfilled in his case, he shall be liable to repay to the Minister any sums paid to him in respect of special benefit while the statutory conditions were not fulfilled.

[GA]

(2) The Minister may recover from any person as a simple contract debt in any court of competent jurisdiction any sums which that persion is liable to repay to the Minister under subsection (1) of this section.

[GA]

(3) (a) Where any person is liable under subsection (1) of this section to repay to the Minister any sum received by him by way of special benefit and does not show that such sum was received by him in good faith and without knowledge that he was not entitled thereto, then, such sum may, without prejudice to any other mode of recovery, be recovered by means of deductions from any special benefit to which such person is or thereafter becomes entitled.

[GA]

(b) Section 11 of the Act of 1920 shall apply to every question arising under paragraph (a) of this subsection.

[GA]

(4) Any moneys repaid to, or recovered by, the Minister under this section shall be applied by him as if those moneys were moneys transferred to him from the British Unemployment Fund.

[GA]

Restrictions on payment or benefits under the Irish Acts and of unemployment assistance.

10.—A person shall not, in respect of any day for which he is in receipt of special benefit, be entitled to receive—

[GA]

(a) unemployment benefit under the Irish Acts, or

[GA]

(b) out-of-work benefit under the Scheme, or

[GA]

(c) unemployment assistance under the Unemployment Assistance Acts, 1933 to 1940.

[GA]

Amendment of section 8 of the Act of 1920.

11.—Any insurance year during the whole or any part of which a person is in receipt of special benefit and during which no contribution is paid in respect of that person under the Irish Acts or the Scheme shall be disregarded for the purposes of subsection (4) of section 8 of the Act of 1920, as amended by section 6 of the Act of 1926, or the said subsection (4) as so amended and applied to the Scheme.

[GA]

Power of Minister to amend Part II to give effect to modifications of the arrangements.

12.—If the arrangements are modified at any time after the commencement of this Part, the Minister may by regulations under this Act make such amendments of this Part as are in his opinion necessary for giving effect to the arrangements as so modified.

[GA]

Regulations.

13.—The Minister may make regulations in relation to any matter or thing referred to in this Part as prescribed.

[GA]

Expenses.

14.—(1) All payments of special benefit shall be made out of moneys transferred to the Minister from the British Unemployment Fund.

[GA]

(2) The expenses (other than the payment of special benefit) incurred by the Minister in the administration of this Part shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA][GA]

PART III.

Provisions in Relation to Former Members of the Defence Forces Resident in Northern Ireland.

[GA]

Provisions in relation to former members of the Defence Forces resident in Northern Ireland.

15.—(1) (a) Notwithstanding anything contained in the Irish Acts, unemployment benefit in respect of contributions acquired by him in the Unemployment Fund under the Act of 1945 shall, during residence in Northern Ireland, be payable to a discharged member of the Defence Forces who was ordinarily resident in Northern, Ireland at any time before enlistment and who but for residence in Northern Ireland would be entitled to unemployment benefit.

[GA]

(b) For the purposes of paragraph (a) of this subsection, the insurance year following discharge of a member of the Defence Forces shall, if no contribution is paid in respect of him under the Irish Acts during that year, be disregarded for the purposes of subsection (4) of section 8 of the Act of 1920, as amended by section 6 of the Act of 1926.

[GA]

(2) (a) Notwithstanding anything contained in the Scheme out-of-work benefit under the Scheme in respect of contributions acquired by him in the Joint Insurance Fund under the Act of 1945 shall, during residence in Northern Ireland, be payable to a discharged member of the Defence Forces who was ordinarily resident in Northern Ireland at any time before enlistment and who but for residence in Northern Ireland would be entitled to out-of-work benefit under the Scheme.

[GA]

(b) For the purposes of paragraph (a) of this subsection, the insurance year following discharge of a member of the Defence Forces shall, if no contribution is paid in respect of him under the Scheme during that year, be disregarded for the purposes of subsection (4) of section 8 of the Act of 1920, as amended by section 6 of the Act of 1926 and applied to the Scheme.

[GA]

(3) Every word or expression used in this section which is also used in the Act of 1945 has in this section the same meaning as it has in the Act of 1945.