Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 61 de 1924.
ACHT NA mBÓTHAR IARAINN (LUCHT STIÚRTHA), 1924.
AGUS DE BHRÍ gur lomháil no gur dheon an London Midland and Scottish Railway Company do Chuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas géillte, liúntaisí agus buntáistí áirithe, ar a n-áirítear cionúireachtaí speisialta i roinnt na bhfáltaisí as trácht tré-ghabhálach paisnéireach agus meathtach no eile a raghadh go dtí na bóithre iarainn a bhain le Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas no a bhí ar léas acu san no a bhí á n-oibriú acu, no go dtí aon chuid de sna bóithre sin, no a thiocfadh ón gcéanna no a raghadh ar an gcéanna: Agus de bhrí gur mhaith an rud go leanfadh na géillte, na liúntaisí, agus na buntáistí sin tar éis an Chuideachta Chónasctha atá le bunú fé Acht na mBóthar Iarainn, 1924, do bheith curtha ar bun: Agus de bhrí go bhfuiltar tar éis Có-aontú do dhéanamh idir an London Midland and Scottish Railway Company agus Cuideachta Mhór-Bhóthar Iarainn an Deiscirt chun na críche sin mar mhalairt ar an gceart do bhronna ar an London Midland and Scottish Railway Company duine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha d'ainmniú: Agus de bhrí maidir leis na cirt, na comhachta, na dualgaisí agus na fiachaisí atá ag Cuideachta Mhór-Bhóthar Iarainn an Deiscirt, no atá ortha, fén gCó-aontú san, go ndílseoid sa Chuideachtain Chónasctha fé fhorálacha Acht na mBóthar Iarainn, 1924:
AGUS DE BHRÍ nách féidir, gan údarás ón Oireachtas, an ceart do bhronna ar an London Midland and Scottish Railway Company duine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha d'ainmniú:
ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—
An London Midland and Scottish Railway Company d'ainmniú duine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha.
1.—Faid a bheidh sé socair le có-aontú, a bheas mar cheangal ar an gCuideachtain Chó-nasctha agus ar an London Midland and Scottish Railway Company go leanfidh na géillte, na liúntaisí agus na buntáistí a lomháil no a dheon an London Midland and Scottish Railway Company do Chuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas go dtí so agus ar a n-áirítear cionúireachtaí speisialta i roinnt na bhfáltaisí as trácht tré-ghabhálach paisnéireach agus meathtach no eile a raghadh go dtí na bóithre iarainn a bhain le Cuideachta Bhóthar Iarainn Bhaile Atha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas no a bhí ar léas acu san no a bhí á n-oibriú acu, no go dtí aon chuid de sna bóithre sin, no a thiocfadh ón gcéanna no a raghadh ar an gcéanna, beidh ag an London Midland and Scottish Railway Company in ainneoin éinní in Acht na mBóthar Iarainn, 1924, no in aon scéim chó-nascthachta fén Acht san, teideal chun stiúrthóir de stiúrthóirí na cuideachtan có-nasctha d'ainmniú, stiúrthóir a bheas i dteanta, agus ní hin ionad, na stiúrthóirí no éinne de sna stiúrthóirí atá le ceapa fé fhorálacha Acht na mBóthar Iarainn, 1924.
Am an ainmnithe.
2.—Féadfidh an London Midland and Scottish Railway Company an t-ainmniú ar stiúrthóir fé alt 1 den Acht so do dhéanamh aon uair tar éis an Chuideachta Chó-nasctha do bheith curtha ar bun agus feidhmeoidh an stiúrthóir a hainmneofar amhlaidh na cirt agus an t-údarás céanna a fheidhmeoidh éinne eile de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha.
Ainmniú do tharrang siar.
3.—Féadfidh an London Midland and Scottish Railway Company aon uair agus o am go ham an t-ainmniú a bheas déanta acu ar éinne chun bheith ina dhuine de stiúrthóirí na Cuideachtan Có-nasctha do tharrang siar agus duine éigin eile d'ainmniú ina ionad.
Gearr-theideal agus léiriú.
4.—Féadfar Acht na mBóthar Iarainn (Lucht Stiúrtha), 1924, do ghairm den Acht so agus léireofar é mar éinní amháin le hAcht na mBóthar Iarainn, 1924.
Number 61 of 1924.
RAILWAYS (DIRECTORATE) ACT, 1924.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Nomination of Director of Amalgamated Company by London Midland and Scottish Railway Company. | |
Number 61 of 1924.
RAILWAYS (DIRECTORATE) ACT, 1924.
AND WHEREAS the London Midland and Scottish Railway Company has allowed or granted to the Dublin and South Eastern Railway Company certain concessions, allowances, and advantages, including special proportions in division of receipts from through passenger and perishable or other traffic passing to, from or over the railways belonging to, leased, or worked by the Dublin and South Eastern Railway Company, or any part thereof: And whereas it is desirable that the said concessions, allowances, and advantages should be continued after the Amalgamated Company to be constituted under the Railways Act, 1924, has been formed: And whereas an Agreement for that purpose has been made between the London Midland and Scottish Railway Company and the Great Southern Railway Company in consideration of the right to nominate one Director of the Amalgamated Company being conferred on the London Midland and Scottish Railway Company: And whereas the rights, powers, duties, and liabilities of the Great Southern Railway Company under the said Agreement will vest in the Amalgamated Company under the provisions of the Railways Act, 1924:
AND WHEREAS the right to nominate a Director of the Amalgamated Company cannot be conferred on the London Midland and Scottish Railway Company without the authority of the Oireachtas:
BE IT THEREFORE ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:—
Nomination of Director of Amalgamated Company by London Midland and Scottish Railway Company.
1.—So long as the continuance of the concessions, allowances, and advantages, including special proportions in division of receipts from through passenger and perishable or other traffic passing to, from, or over the railways belonging to, leased, or worked by the Dublin and South Eastern Railway Company or any part thereof, hitherto allowed or granted to the Dublin and South Eastern Railway Company by the London Midland and Scottish Railway Company is provided for by agreement binding on the Amalgamated Company and the London Midland and Scottish Railway Company, the London Midland and Scottish Railway Company shall, notwithstanding anything contained in the Railways Act, 1924, or in any amalgamation scheme thereunder, be entitled to nominate a director of the amalgamated company who shall be in addition to and not in substitution for the directors or any of them to be appointed under the provisions of the Railways Act, 1924.
Time for nomination.
2.—The nomination of a director by the London Midland and Scottish Railway Company under section 1 of this Act may be made at any time after the formation of the Amalgamated Company and the director so nominated shall exercise the same rights and authority as any other director of the Amalgamated Company.
Withdrawal of nomination.
3.—The London Midland and Scottish Railway Company may at any time and from time to time withdraw its nomination of any person to be a director of the Amalgamated Company and may nominate some other person in his stead.
Short title and construction.
4.—This Act may be cited as the Railways (Directorate) Act, 1924, and shall be construed as one with the Railways Act, 1924.