[EN]

Uimhir 10 de 1946.


[EN]

AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1946.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE NÍOS FEARR CHUN TÁIRGEADH, IOMDHÁIL AGUS SOLÁTHAR MÓNA SA STÁT A FHORBAIRT CHUN AN LEASA NÁISIÚNTA, AGUS CHUIGE SIN DO BHUNÚ BUIRD AR A dTABHARFAR BORD NA MÓNA, DO CHINNEADH A CHUMHACHT AGUS A DHUALGAS, DO SCOR AN TURF DEVELOPMENT BOARD, LIMITED, AGUS D'AISTRIÚ A MHAOINE AGUS A DHLITEANAS CHUN BORD NA MÓNA, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [1ú Meitheamh, 1946].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

[EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1946, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Mínithe.

2.—San Acht seo—

[EN]an Bord.

ciallaíonn an abairt “an Bord” Bord na Móna a bunaítear leis an Acht seo;

[EN]an chuideachta scortha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta scortha” an chuideachta, dá ngairmtear an Turf Development Board, Limited, a scoirtear leis an Acht seo;

[EN]dáta an bhunuithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an bhunuithe” an dáta a ceapfar ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire arna dhéanamh faoi alt 3 den Acht seo;

[EN]feadhma an bhuird.

ciallaíonn an focal “feadhma”, maidir leis an mBord, na dualgais agus na cumhachta a cuirtear nó a bronntar ar an mBord leis an Acht seo;

[EN]údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon údarás—

[EN]

(a) is comhairle chontae, nó

(b) is bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) is comhairle bhailecheantair;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ordaithe.

ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

táirgthe móna.

folaíonn an abairt “táirgthe móna” seach-tháirgthe móna agus táirgthe agus seach-tháirgthe portach.

[EN]

Dáta an bhunuithe.

3.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina dháta bunuithe chun críocha an Achta seo.

[EN]

Rialacháin.

4.—Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe.

[EN]

Ailt 21 agus 22 den Acht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936, a athghairm.

5.—Athghairmtear leis seo ailt 21 agus 22 den Acht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936 (Uimh. 23 de 1936), amhail ar dháta an bhunuithe agus uaidh sin amach.

[EN]

Costais an Aire.

6.—Na costais faoina raghaidh an tAire chun an tAcht seo a riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

CUID II.

Bord na Móna.

[EN]

An Bord a bhunú.

7.—(1) Déanfar, de bhuaidh an ailt seo, bord a bhunú ar dháta an bhunuithe ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal Bord na Móna.

[EN]

(2) Beidh an Bord ina chomhlacht corprach agus síorchomharbas aige agus séala oifigiúil (ar a dtabharfar áird i gcúrsaí breithiúnais) agus beidh an dlí intsaothruithe aige agus air faoina ainm chorprach agus beidh cumhacht aige talamh a shealbhú.

[EN]

Comhdhéanamh an Bhuird.

8.—(1) Beidh an Bord comhdhéanta de chathaoirleach agus stiúrthóir bainisteoireachta agus pé uimhir (nach mó ná cúigear) de chomhaltaí eile a chinnfeas an Rialtas ó am go ham.

[EN]

(2) Is é a bheas ina Chathaoirleach ar an mBord an comhalta sin den Bhord a ndéanfaidh an Rialtas, tráth a cheaptha ina chomhalta den Bhord nó dá éis sin, é a cheapadh ina chathaoirleach ar an mBord.

[EN]

(3) Is é bheas ina stiúrthóir bainisteoireachta don Bhord an comhalta sin den Bhord a ndéanfaidh an Rialtas, tráth a cheaptha ina chomhalta den Bhord nó dá éis sin, é a cheapadh ina stiúrthóir bainisteoireachta don Bhord.

[EN]

Forála maidir le ceapadh, téarmaí oifige, seirbhís agus luach saothair comhaltaí an Bhuird.

9.—(1) Ceapfaidh an Rialtas comhaltaí an Bhuird ó am go ham do réir mar is gá.

[EN]

(2) (a) Gach duine a ceapfar ina chomhalta den Bhord beidh sé, mura dtárlaí roimhe sin é a éag, é a chur as oifig, é a éirí as oifig nó é a theacht chun bheith dícháilithe, i seilbh oifige go ceann pé tréimhse (nach sia ná cúig bliana) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha,

[EN]

(b) Comhalta den Bhord a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige trí imeacht aimsire, beidh sé inathcheaptha.

[EN]

(3) Beidh gach comhalta den Bhord i seilbh oifige ar pé téarmaí (ach amháin maidir le híoc luach saothair agus liúntas in aghaidh costas) a chinnfeas an Rialtas tráth a cheaptha.

[EN]

(4) Íocfar le gach comhalta den Bhord, as cistí a bheas faoina réir ag an mBord, pé luach saothair agus pé liúntais in aghaidh costas a chinnfeas an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

Comhaltaí den Bhord a chur as oifig.

10.—(1) Má chítear don Rialtas tráth ar bith gur gá gach duine nó aon duine de chomhaltaí an Bhuird a chur as oifig d'fhonn go gcomhlíonfaí feadhma an Bhuird go héifeachtach agus go tíobhasach, féadfaidh an Rialtas gach duine de chomhaltaí an Bhuird, nó pé méid díobh a mheasfas an Rialtas is gá, a chur as oifig chun na gcríoch sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith aon chomhalta den Bhord a chur as oifig a éireos éagumasach de dheascaibh easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtúil nó a bheas (ar chúis seachas cúis a mheasfas an Rialtas is leor) as láthair ó gach cruinniú den Bhord i gcaitheamh tréimhse de shé mhí as a chéile.

[EN]

(3) Má dhéanann agus aon uair a dhéanfas an Rialtas comhalta ar bith den Bhord a chur as oifig faoin alt seo, leagfaidh an Rialtas faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas i scríbhinn á rá gur cuireadh an comhalta sin as oifig agus ag luadh na gcúis a bhí lena chur as oifig.

[EN]

Comhaltaí den Bord a éirí as oifig agus a dhícháiliú.

11.—(1) Féadfaidh comhalta den Bhord tráth ar bith éirí as a oifig mar chomhalta den tsórt sin trí litir arna díriú agus arna cur chun an Rialtais.

[EN]

(2) Má thárlann agus aon uair a thárlós go mbreithiúnófar comhalta den Bhord ina fhéimhí, nó go ndéanfaidh sé comhréiteach nó socrú lena chreidiúnaithe, nó go ndaorfaidh cúirt dlínse inniúla é chun príosúntachta nó pian-tseirbhíse, nó go scoirfidh sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí sna críocha náisiúnta, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh de bheith, i seilbh oifige mar chomhalta den Bhord.

[EN]

Comhaltaí den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a beartófar a dhéanamh.

12.—Aon chomhalta den Bhord ag a mbeidh—

[EN]

(a) leas ar bith in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartóidh an Bord aon chonradh a dhéanamh, nó

[EN]

(b) leas ar bith in aon chonradh a bheartós an Bord a dhéanamh,

[EN]

nochtfaidh don Bhord an leas sin a bheith aige agus nochtfaidh cineál an leasa, agus ní ghlacfaidh aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh a bheas á dhéanamh ag an mBord maidir leis an gconradh sin, agus cuirfear ar breacadh i miontuairiscí an Bhuird go ndearnadh an nochtadh sin.

[EN]

Séala an Bhuird.

13.—(1) Soláthróidh agus sealbhóidh an Bord comhshéala agus déanfar an séala sin a dhílse-dheimhniú le síniú Chathaoirleach an Bhuird nó chomhalta éigin eile den Bhord a mbeidh údarás aige ón mBord gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Bhord a mbeidh údarás cuibhe aige ón mBord gníomhú chuige sin.

[EN]

(2) Bhéarfaidh gach cúirt bhreithiúnais áird i gcúrsaí breithiúnais ar shéala an Bhuird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméid a airbheartós bheith ina hordú nó ina hionstraim eile arna déanamh ag an mBord agus bheith séalaithe le séala an Bhuird arna dhílsedheimhniú do réir an ailt seo agus is tuigthe, mura gcruthaítear a mhalairt, gur ordú nó ionstraim den tsórt sin í.

[EN]

Cruinnithe agus nós imeachta an Bhuird.

14.—(1) Beidh ag an mBord pé cruinnithe agus pé méid cruinnithe is gá chun a fheadhma a chomhlíonadh go cuibhe.

[EN]

(2) Déanfar nós imeachta an Bhuird ag a chruinnithe agus ar shlite eile a sheoladh do réir forál rialacha a dhéanfas an Bord chuige sin faoin Acht seo.

[EN]

(3) Is é is córam do chruinniú den Bhord ná pé uimhir (nach lú ná triúr) a chinnfeas an Bórd ó am go ham.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas a bheith ina chomhaltas.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh don Bhord.

15.—(1) Ceapfaidh an Bord pé oifigigh agus seirbhísigh agus pé méid díobh is cuibhe leis an mBord ó am go ham.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den tsórt sin.

[EN]

(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus a sheirbhísigh, as cistí a bheas faoina réir, pé luach saothair agus liúntais a chinnfeas an Bord.

[EN]

(4) Más oiriúnach leis an mBord é, féadfaidh an Bord, chun críocha ceapacháin faoi fho-alt (1) den alt seo, a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a mholadh dhó i gcóir an cheapacháin sin, agus déanfaidh na Coimisinéirí sin, ar an iarratas sin a fháil, duine amháin a roghnú agus a mholadh don Bhord i gcóir an cheapacháin sin, agus déanfaidh an Bord ar an moladh sin a fháil ó na Coimisinéirí sin an duine a bheas molta amhlaidh a cheapadh don phost sin.

[EN]

(5) Íocfaidh an Bord leis na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, as cistí a beas faoina réir, pé costais, i leith roghnú agus moladh daoine ag na Coimisinéirí sin faoi fho-alt (4) den alt seo, a cinnfear trí chomhaontú idir an Bord agus na Coimisinéirí sin le toiliú an Aire Airgeadais nó, cheal comhaontuithe, a chinnfeas an tAire sin.

[EN]

Feadhma an Bhuird a fheidhmiú tríd an stiúrthóir bainisteoircachta nó trí oifigigh nó seirbhísigh an Bhuird.

16.—Féadfaidh an Bord aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú agus a chomhlíonadh tríd an stiúrthóir bainisteoireachta nó trí aon oifigigh nó seirbhísigh don Bhord a bheas údaraithe ag an mBord chuige sin.

CUID III.

Dualgais agus Cumhachta an Bhuird.

Caibidil I.

Dualgais an Bhuird.

[EN]

Dualgais ghinearálta an Bhuird.

17.—Beidh de dhualgas ar an mBord—

[EN]

(a) móin agus táirgthe móna a tháirgeadh agus a mhargú, agus

[EN]

(b) táirgeadh agus úsáid móna agus táirgthe móna a chur ar aghaidh,

[EN]

(c) portaigh agus tailte eile a thógaint, agus

[EN]

(d) portaigh agus tailte eile a bheas dílsithe sa Bhord a bhainistí, a fhorbairt agus a oibriú,

[EN]

(e) go ginearálta gach ní eile a dhéanamh a thiocfas nó a leanfas as na dualgais a luaitear sna míreanna sin roimhe seo den alt seo.

[EN]

(2) Má dhéanann an Bord, i gcomhlíonadh na ndualgas dá dtagartar i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, cur isteach, gan déanamh do réir forál ailt 31 den Acht seo, ar aon talamh nó ar aon éasáid, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar aon talamh nó uisce nó ina leith, féadfaidh an duine ag a mbeidh eastáit nó leasa ann, nó féadfaidh a únaer, aicsean le haghaidh damáiste a sheasamh i gcoinne an Bhuird amhail is ná beadh an Bord ag gníomhú de bhun reachta.

[EN]

An Bord do thabhairt tuarascála agus eolais.

18.—(1) Bhéarfaidh an Bord gach bliain, ar pé dáta agus i pé foirm a ordós an tAire, tuarascáil don Aire ar a imeachta faoin Acht seo ar feadh na bliana roimhe sin.

[EN]

(2) Bhéarfaidh an Bord don Aire, pé trátha agus i pé foirm agus slí a ordós an tAire, pé eolas, maidir le feidhmiú agus comhlíonadh a fheadhm, a iarrfas an tAire.

[EN]

(3) Leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas cóip de gach tuarascáil a bhéarfas an Bord dó faoin alt seo maraon le cóip de chuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair, agus fuíoll-chlár deiridh an Bhuird agus cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí ar na cuntais agus ar an bhfuíoll-chlár sin agus i dteannta gach tuarascáil den tsórt sin ón mBord leagfaidh faoi bhráid gach Tighe den Oireachtas cóipeanna de pé eolas, tuairisceáin agus cuntais a tugadh dó faoin Acht seo agus is gá chun an tuarascáil sin a thuigsint i gceart.

[EN]

Caibidil II.

Cumhachta Ilghnéitheacha an Bhuird.

[EN]

An Bord do dhéanamh trialach agus taighde maidir le móin agus táirgthe móna.

19.—Féadfaidh an Bord, d'fhonn feabhas a chur ar an táirgeadh a bheas á dhéanamh ar mhóin agus ar tháirgthe móna agus d'fhonn úsáid móna agus táirgthe móna a leathnú, pé trialacha agus taighde a dhéanamh is oiriúnach leis, agus féadfaidh aon eolas a gheobhfar de thoradh na dtrialach agus an taighde sin a chraobhscaoileadh i pé slí is oiriúnach leis.

[EN]

Cumhachta ginearálta áirithe a bheas ag an mBord.

20.—(1) Féadfaidh an Bord, i bhfeidhmiú agus i gcomhlíonadh a fheadhm, gach ní nó aon ní acu seo leanas a dhéanamh:—

[EN]

(a) aon ghléasra, inneall, goireas nó fearas a dhéanamh,

[EN]

(b) foirgintí a thógáil,

[EN]

(c) scéimeanna fost-cheannaigh a ghabháil de láimh,

[EN]

(d) conartha a dhéanamh,

[EN]

(e) siopaí agus seomraí taispeána a bhunú agus a oibriú,

[EN]

(f) taibhseáin, taispeántais agus léiris a chur ar bun nó cuidiú lena gcur ar bun.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an Bord, chun a ndíolta, aon ghléasra, inneall, goireas ná fearas ach amháin le toiliú an Aire.

[EN]

Conarthóirí a fhostú.

21.—(1) Aon uair a húdaraítear don Bhord leis an Acht seo aon obair innealltóireachta nó tógála, nó aon obair eile ar bith, a dhéanamh, féadfaidh an Bord, in ionad iad féin do dhéanamh na hoibre sin trína n-oifigigh agus a seirbhísigh féin, conradh a dhéanamh le duine ar bith (dá ngairmtear conarthóir san Acht seo) chun an duine sin do dhéanamh iomláin na hoibre sin nó aon choda dhi agus féadfaid chun na críche sin pé conartha agus comhaontuithe is gá a dhéanamh.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an Bord conradh faoin alt seo le duine ar bith chun an duine sin do dhéanamh aon oibre, féadfaidh an Bord, trí aon chonradh nó comhaontú leis an duine sin, an ceart chun an obair sin a dhéanamh faoin Acht seo a tharmligean chuige agus air sin beidh ag an duine sin, i gcomhréim leis an mBord, an ceart chun an obair sin a dhéanamh agus chun pé cumhachta a fheidhmiú, de na cumhachta a bheirtear don Bhord leis an Acht seo, is gá chun an obair sin a dhéanamh agus a sonrófar chuige sin sa chonradh nó sa chomhaontú sin.

[EN]

(3) Aon tagairtí atá san Acht seo don Bhord do dhéanamh aon oibre nó ruda léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar thagairtí a fholaíos déanamh na hoibre nó an ruda sin ag conarthóir arna fhostú agus arna údarú chuige sin ag an mBord faoin alt seo.

[EN]

Cur isteach ar bhóithre poiblí, iarnróid agus uisce-bhealaí.

22.—(1) Faoi réir fo-alt (2) agus (3) den alt seo féadfaidh an Bord, chun aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, pé oibreacha (lena n-áirítear oibreacha a chuirfeas isteach ar bhóithre poiblí, droichid phoiblí, iarnróid agus uisce-bhealaí intíre agus lena n-áirítear droichid thar uisce-bhealaí intíre) a dhéanamh a chífear don Bhord is gá chun na feadhma sin a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Ní fheidhmeoidh an Bord aon chuid dá chumhachta faoin alt seo ach amháin le toiliú an Aire.

[EN]

(3) Má bhíonn an Bord ar intinn aon oibreacha a dhéanamh, i bhfeidhmiú a gcumhacht faoin alt seo, a chuirfeas isteach ar bhóthar nó droichead poiblí nó iarnród nó uisce-bhealach intíre nó droichead thar uisce-bhealach intíre, déanfaidh an Bord, sar a dtosnóid ar na hoibreacha sin a dhéanamh, fógra mí ar a laghad á fhógairt go bhfuil sin ar intinn acu a thabhairt i scríbhinn—

[EN]

(a) i gcás ina mbeidh na hoibreacha a bheas beartaithe ag cur isteach ar bhóthar nó droichead poiblí, don údarás áitiúil ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair nó an droichid, nó

[EN]

(b) i gcás ina mbeidh na hoibreacha a bheas beartaithe ag cur isteach ar iarnród, don chuideachta a oibriós an t-iarnród, nó

[EN]

(c) i gcás ina mbeidh na hoibreacha a bheas beartaithe ag cur isteach ar uisce-bhealach intíre nó droichead thar uiscebhealach intíre, don duine a oibríos an t-uisce-bhealach intíre.

[EN]

(4) Má dhéanann an Bord, i bhfeidhmiú a chumhacht faoin alt seo, droichead a thógáil thar uisce-bhealach intíre, is le gnóthaire canála, do réir bhrí Caibidle VI de Chuid den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944), beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

[EN]

(a) ní bheidh aon chúiteamh iníoctha faoin Acht seo ná in aon tslí eile leis an ngnóthaire canála sin i leith aon chaillteanais a bhainfeas nó is dócha a bhainfeas don ghnóthaire canála toisc go ndéanfar nó gur dócha go ndéanfar, uaidh sin amach, trácht a bheadh á iompar ag an ngnóthaire canála ar an uisce-bhealach intíre, mura mbeadh sin, a iompar thar an droichead;

[EN]

(b) más droichead so-ghluaiste an droichead sin, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir lena úsáid agus comhlíonfaidh an Bord na rialacháin sin;

[EN]

(c) má chítear don Aire gur bhain damáiste don uiscebhealach intíre sin de dheascaibh an droichead sin a bheith ann, nó de dheascaibh a úsáide, ceanglóidh an tAire ar an mBord an damáiste sin a shlánú ar a gcostas féin, agus déanfaidh an Bord do réir an cheanglais sin.

[EN]

Dualgais an Bhuird maidir le bóithre agus droichid phoiblí.

23.—(1) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht seo dúnadh, claonadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh ar bhóthar nó droichead poiblí chun aon obair a dhéanamh nó chur aon chríche eile faoin Acht seo, beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) más gá, chun na hoibreacha sin a dhéanamh, an bóthar nó an droichead sin a dhúnadh i gcoinne tráchta, ansin, do réir mar a mheasfaid is ceart, déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin faoi fho-alt (2) den alt seo), agus (faid a bheas an bóthar nó an droichead sin dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta) cothabhálfaid, bóthar nó droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas tráchta a iompar a bhíos ar an mbóthar nó ar an droichead dúnta sin de ghnáth, nó d'eile, ceapfaid, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, cúrsa eile chun a úsáidte faid a bheas an bóthar nó an droichead sin dúnta amhlaidh i gcoinne tráchta;

[EN]

(b) déanfaidh an Bord (mura saortar iad uaidh sin faoi fho-alt (2) den alt seo), ar na hoibreacha sin a bheith críochnaithe nó roimhe sin, pé ní acu seo leanas is cuibhe leo, sé sin le rá:—

[EN]

(i) déanfaid an bóthar nó an droichead dúnta sin a athchóiriú, nó

[EN]

(ii) tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaidh buan-bhóthar nó buan-droichead nua is leor chun an cothrom céanna tráchta (maidir le méid agus saghas) a iompar d'fhéad an bóthar nó an droichead dúnta sin a iompar sar ar dúnadh é, agus gan é mórán níos neamhchaothúla maidir le fána agus cuar ná an bóthar nó an droichead dúnta sin, nó

[EN]

(iii) le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, déanfaid bóthar ionaid láithreach nó droichead ionaid láithreach a fheabhsú (trína athdhéanamh, a neartú, a leathnú nó eile) i slí gur leor é chun an trácht is dócha a bheas air a iompar agus ná beidh sé mórán níos neamhchaothúla ná an bóthar nó an droichead dúnta sin;

[EN]

(c) má dhéanann an Bord buan-bhóthar nua agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí gur feabhas substainteach ar bhóthar a bhí ann cheana an bóthar sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil nó na húdaráis áitiúla sin a ordós an tAire sin pé cuid de chostas déanta an bhóthair sin a ordós an tAire sin a imfhulaing agus a íoc leis an mBord agus sin (i gcás dhá údarás nó níos mó den tsórt sin) do réir pé coibhneasa a ordós an tAire sin;

[EN]

(d) más gá, de dhruim an Bord do dhéanamh bóthair nua, cladhphort nó obair dá shamhail nó droichead a dhéanamh agus gur dóigh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí go mba cheart imfhulaing coda de chostas cothabhála na hoibre nó an droichid sin (seachas foraghaidh an bhóthair) a bheith ar an mBord, déanfaidh an Bord pé cuid den chostas cothabhála sin a ordós an tAire sin a imfhulaing agus a íoc;

[EN]

(e) má dhéanann an Bord buan-droichead nua agus gur mó go substainteach na buntáistí a bheireann an droichead sin do phobal aon chontae nó bailecheantair ná mar a thug an sean-droichead, pé acu trí shlí chumarsáide níos fearr a thabhairt dóibh nó trí éinní eile é, teastasóidh an Bord costas an droichid nua sin agus teastasóidh an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí cad é an chuid den chostas sin ar dóigh leis go mba chóir do réir réasúin a himfhulaing a bheith ar chomhairle na contae nó an bhaile-cheantair sin, agus air sin déanfaidh an chomhairle sin suim is comhionann leis an gcuid a bheas teastasaithe amhlaidh den chostas sin a chruinniú mar chuid de na costais a bhainfeas le bóithre a chothabháil agus íocfaidh an chomhairle sin leis an mBord í;

[EN]

(f) má éiríonn aon amhras, díospóid nó ceist i dtaobh cé acu chomhlíon nó nár chomhlíon an Bord na forála iomchuibhe den alt seo maidir le haon bhóthar nó droichead sealadach a dhéanamh nó a chothabháil nó aon bhuanbhóthar nó buan-droichead a dhéanamh nó bóthar nó droichead láithreach a athchóiriú nó bóthar ionaid láithreach nó droichead ionaid láithreach a fheabhsú (pé acu sin é) de bhun an ailt seo, nó i dtaobh cé acu bheireann nó ná tugann buan-droichead nua a rinne an Bord buntáistí do phobal aon chontae nó bailecheantair is mó go substainteach ná mar a thug an sean-droichead, is é an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí a bhéarfas breith ar an amhras, an díospóid nó an cheist sin agus beidh a bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul thairsi.

[EN]

(2) I gcás ina gcumhachtaítear don Bhord leis an Acht seo bóthar nó droichead poiblí a dhúnadh nó a dhíchur go buan chun aon oibreacha a dhéanamh nó chun aon chríche eile faoin Acht seo, agus inar deimhin leis an Aire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, ná fuil gá, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis, le bóthar nó droichead nua (pé acu é) in ionad an bhóthair nó an droichid a dúnadh nó a díchuireadh amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú ná beidh feidhm ná éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é), agus ar an ordú sin a dhéanamh ní bheidh feidhm ná éifeacht ag an bhfo-alt sin (1) maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é) agus beidh an Bord saor ó gach oblagáid maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é) a cuirfí orthu, mura mbeadh an t-ordú sin, leis an bhfo-alt sin (1).

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord comhaontú leis an údarás áitiúil iomchuibhe chun an t-údarás áitiúil sin do dhéanamh éinní a ceangaltar ar an mBord nó a húdaraítear dó le fo-alt (1) den alt seo a dhéanamh agus féadfaidh freisin comhaontú chun airgead a íoc leis an údarás áitiúil sin chun nó mar chabhair chun íoctha costais dhéanta na nithe sin ag an údarás áitiúil sin.

[EN]

(4) Nuair a bheas athchóiriú bóthair nó droichid dhúnta nó déanamh buan-bhóthair nó buan-droichid nua nó feabhsú bóthair ionaid láithrigh nó droichid ionaid láithrigh críochnaithe de bhun an ailt seo ag an mBord, bhéarfaidh an Bord i seilbh an údaráis áitiúil iomchuibhe agus glacfaidh an t-údarás áitiúil sin an bóthar nó an droichead a hathchóiríodh, a rinneadh, nó a feabhsaíodh amhlaidh (pé acu é), agus air sin beidh an Bord saor go buan (lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt go folas leis an alt seo) ó gach dliteanas nó freagarthacht maidir leis an mbóthar nó an droichead sin (pé acu é) a chothabháil.

[EN]

Cumhacht ghinearálta an Bhuird chun dul isteach ar thalamh.

24.—(1) Beidh an Bord agus a n-oifigigh agus a seirbhísigh agus daoine eile a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord i dteideal dul isteach ar aon talamh chun gach ní nó éinní a dhéanamh ar an talamh sin nó ar aon talamh eile a húdaraítear don Bhord a dhéanamh tríd an Acht seo nó chun aon fhiosrú, iniúchadh, nó scrúdú a dhéanamh i dtosach ar éinní den tsórt sin a dhéanamh.

[EN]

(2) Duine ar bith a dhéanfas cosc nó toirmeasc nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta ag an mBord nó ag aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord nó ag duine ar bith a bheas údaraithe ag an mBord is cumhacht a bheirtear dóibh nó dhó le fo-alt (1) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

Ceart ag an mBord chun eolais as leabhair rátaí.

25.—Aon uair a theastós eolas as leabhar rátaí nó as doiciméid eile dá shamhail ón mBord chun a fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás áitiúil a mbeidh an leabhar nó an doiciméid sin ina gcoimeád, ar an mBord dá iarraidh sin orthu—

[EN]

(a) cead a thabhairt d'aon oifigeach don Bhord a bheas údaraithe chuige sin ag an mBord cóip d'iomlán an leabhair nó na doiciméide sin nó d'aon chuid de a iniúchadh in aisce, agus

[EN]

(b) cóip den leabhar nó den doiciméid sin nó d'aon chuid áirithe dhe a shonrós an Bord chuige sin a thabhairt don Bhord, ar an mBord d'íoc pé táille ar a gcomhaontóidh an Bord agus an t-údarás áitiúil sin nó, mura gcomhaontaítear amhlaidh, a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.

[EN]

Seirbhísí poist agus telegrafa a chaomhaint.

26.—Ní dhéanfaidh an Bord ná aon chonarthóir a bheas ag déanamh aon oibreacha faoin Acht seo aon tailte, áitribh, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair ná maoin eile leis an Aire Poist agus Telegrafa a thógaint chucu ná dul isteach orthu ná iad a dhíchur ná cur isteach orthu ar shlí eile de bhuaidh an Achta seo ná ní thógfaidh aon oibreacha ná ní dhéanfaidh aon ní ná rud eile, de bhuaidh an Achta seo, is dóigh leis an Aire Poist agus Telegrafa a choiscfeadh, a mhoilleodh, a bhacfadh nó a dhocharódh ar shlí eile feidhmiú cuibhe seirbhísí poiblí na Roinne Poist agus Telegrafa.

[EN]

Iascaigh a chaomhaint.

27.—Nuair a bheas aon oibreacha á ndéanamh faoin Acht seo ní bheidh d'oblagáid ar an mBord ná ar aon chonarthóir a bheas ar fostú ag an mBord na hAchta Iascaigh, 1842 go 1944, a chomhlíonadh, ach déanfaidh an Bord nó, i gcás oibreacha a bheas á ndéanamh ag conarthóir, cuirfid faoi ndear go ndéanfaidh an conarthóir pé forchúraim a ghlacadh agus pé socruithe a cheapadh a mheasfas an tAire Talmhaíochta is leor chun iascaigh a chaomhaint agus díobháil dóibh a sheachaint le linn nó de dhruim na hoibreacha sin a dhéanamh, ach déanfaidh an tAire sin, i gcomhairle leis an mBord, deimhin de ná bainfidh dochar substainteach do na hoibreacha ná ná cuirfear bac substainteach orthu ná ná tabharfar méadú substainteach ar a gcostas de dhruim na forchúraim sin a ghlacadh agus na socruithe sin a dhéanamh.

[EN]

Talamh barrachais a dhiúscairt.

28.—Féadfaidh an Bord aon talamh a dhíol nó a chur ar léas a bheas dílsithe iontu agus ná beidh ag teastáil a thuilleadh chun críocha a bhfeadhm.

Caibidil III.

Talamh a Thógaint, Etc.

[EN]

An Bord do thógaint tailimh, etc.

29.—(1) Féadfaidh an Bord, chun aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, gach ní nó éinní acu seo leanas a dhéanamh:—

[EN]

(a) aon talamh a thógaint go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta;

[EN]

(b) aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith ar aon talamh nó uisce nó ina leith a thógaint (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta);

[EN]

(c) forceannadh, srianadh, nó cur isteach eile a dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar bith ar aon talamh nó uisce nó ina leith;

[EN]

(d) claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh (go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta) ar aon bhóthar, slí nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saorga eile nó ar aon uisce-chúrsa saorga;

[EN]

(e) cur isteach ar aon talamh go buan nó go sealadach agus trí chomhaontú nó go héigeanta.

[EN]

(2) Ní léireofar éinní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanann difir d'oibriú ailt 130 den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944).

[EN]

Dul isteach ar thalamh, etc., roimh é a leithliú.

30.—(1) Aon uair roimh an leithliú nó fionnadh an phraghais nó an chúitimh a bheith déanta, féadfaidh an Bord, faoi réir na bhforál ina dhiaidh seo den alt seo agus chun aon chuid dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, gach ní nó aon ní acu seo leanas a dhéanamh:—

[EN]

(a) dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh;

[EN]

(b) aon cheart a fheidhmiú a húdaraítear leis an Acht seo don Bhord a thógaint;

[EN]

(c) forceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon éasúint nó maoin nó ceart eile a n-údaraítear don Bhord leis an Acht seo forceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh air;

[EN]

(d) claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon bhóthar, bealach, nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saorga eile nó ar aon uisce-chúrsa saorga a n-údaraítear don Bhord leis an Acht seo claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile a dhéanamh air.

[EN]

(2) Aon uair a fheidhmeos an Bord aon chumhacht dá dtugtar dó le fo-alt (1) den alt seo, dlífidh an Bord ús a íoc, le háititheoir an tailimh nó le húnaer na héasúna, an chirt nó na maoine eile a raghfar isteach air nó a gcuirfear isteach air i bhfeidhmiú na cumhachta sin, ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo leis an áititheoir nó leis an únaer sin, do réir trí faoin gcéad sa bhliain ó dháta an dulta isteach nó an churtha isteach sin go dtí dáta íoctha an phraghais nó an chúitimh sin.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh an Bord—

[EN]

(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin alt seo gan fógra mí ar a laghad nó, i gcás tighe chomhnaithe ina bhfuil comhnaí, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt i scríbhinn roimh ré d'áititheoir an tailimh sin go bhfuilid ar intinn sin a dhéanamh, ná

[EN]

(b) aon éasúint ná ceart eile a fheidhmiú ná cur isteach ar aon cheart ná maoin faoin alt seo gan fógra mí ar a laghad a thabhairt i scríbhinn roimh ré d'únaer na héasúinte, an chirt, nó na maoine sin go bhfuilid ar intinn sin a dhéanamh.

[EN]

(4) Féadfar fógra faoi fho-alt (3) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith tríd an bhfógra sin a chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag an seoladh is gnáth nó is déanaí is eol a bheith aige agus is tuigthe gur seirbheáladh é ar an duine sin an uair a déanfaí an clúdach sin a sheachadadh i ngnáth-chúrsa an phoist.

[EN]

(5) Mura féidir, ar aon chúis áirithe, an clúdach a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a dhíriú mar a foráltar leis an bhfo-alt sin, féadfar an clúdach sin a dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo leanas:—

[EN]

(a) faoin tuairisc “an t-únaer” nó “an t-áititheoir” (pé acu é) gan a ainm a luadh,

[EN]

(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbainfidh an fógra a bheas sa chlúdach.

[EN]

Léarscála, pleananna, etc., a lóisteáil.

31.—(1) Bhéarfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná mí roimh iad a dhul isteach ar aon talamh nó áitreabh nó roimh iad a chur isteach ar aon mhaoin nó ceart faoin gCaibidil seo, go lóisteálfar do réir an ailt seo léarscála, pleananna agus leabhair eolais maidir leis an talamh, an t-áitreabh, an mhaoin nó an ceart sin (pé acu é).

[EN]

(2) Na léarscála agus na pleananna a ceangaltar leis an alt seo ar an mBord a lóisteáil beid líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun go dtaispeánfaid ar leor-scálaí an mhaoin, corprach nó neamhchorprach, a bheas beartaithe a thógaint agus gach curisteach (a mhéid is féidir sin a thaispeáint ar tharraingeoireacht) a bheas beartaithe a dhéanamh ar aon mhaoin, corprach nó neamhchorprach, nó ar aon bhóthar nó droichead poiblí.

[EN]

(3) Beidh sna leabhair eolais a ceangaltar ar an mBord leis an alt seo a lóisteáil ainmneacha na ndaoine is únaeraí nó únaeraí toimhdean, léasaithe nó léasaithe toimhdean agus áititheoirí ar an talamh go léir a mbeidh beartaithe é a thógaint nó baint leis ar shlí eile faoin Acht seo agus ar an maoin go léir, corprach nó neamhchorprach (lena n-áirítear bóithre agus droichid phoiblí) a mbeidh beartaithe cur isteach uirthi in aon tslí faoin Acht seo.

[EN]

(4) Is i bpríomh-oifig an Bhuird i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé áiteanna eile a bheas ordaithe a lóisteálfar na léarscála, na pleananna agus na leabhair eolais a ceangaltar leis an alt seo ar an mBord a lóisteáil agus coimeádfar ar lóisteáil amhlaidh iad go ceann pé tréimhse a bheas sonraithe agus, faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh, beid ar fáil chun a n-iniúchta ag duine ar bith, in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.

[EN]

(5) A luaithe is féidir tar éis aon léarscála, pleananna, nó leabhair eolais a lóisteáil de bhun an ailt seo, bhéarfaidh an Bord fógra poiblí i dtaobh na lóisteála sin trí fhógrán a fhoilsiú faoi dhó i ngach ceann de dhá nuachtán laethúla nó níos mó a léitear i gCathair Bhaile Atha Cliath agus i pé nuachtáin eile (más ann) a bheas ordaithe.

[EN]

(6) Déarfar i ngach fógra poiblí a bhéarfas an Bord de bhun fo-ailt (5) den alt seo go bhfuil na léarscála, na pleananna, nó na leabhair eolais lena mbaineann an fógra sin ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpobal do réir an ailt seo agus luafar ann na trátha agus na háiteanna ina mbeid ar fáil amhlaidh chun a n-iniúchta.

[EN]

Praghas nó cúiteamh a mheisiúnú.

32.—(1) An praghas nó an cúiteamh a bheas le n-íoc ag an mBord, as aon talamh a thógfas an Bord (go buan nó go sealadach) faoin gCaibidil seo, leis na daoine uile agus faoi seach a mbeidh teideal acu chuige nó eastáit nó leasa acu ann, nó as aon éasúint, cead slí, ceart uisce, nó ceart eile nó i leith aon cheann acu sin a thógfas an Bord (go buan nó go sealadach) faoin Acht seo lena únaer nó leis na daoine uile agus faoi seach a mbeidh teideal acu chun an tailimh nó eastáit nó leasa acu sa talamh ar air nó ina leith a tógfar an ceart sin amhlaidh, déanfar, cheal comhaontuithe, a mhéid a cheapadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.

[EN]

(2) An cúiteamh a bheas le n-íoc ag an mBord, as forceannadh nó srianadh nó cur isteach eile (buan nó sealadach) ag an mBord faoin Acht seo ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile ar aon talamh nó uisce nó ina leith, nó as claonadh, dúnadh, díchur nó cur isteach eile (buan nó sealadach) ag an mBord faoin Acht seo ar aon bhóthar, bealach, nó droichead príobháideach nó ar aon chanáil nó uisce-bhealach saorga eile nó ar aon uisce-chúrsa saorga nó as cur isteach (buan nó sealadach) ag an mBord faoin Acht seo ar aon talamh, déanfar, cheal comhaontuithe, a mhéid a cheapadh faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh sin an praghas ar thalamh a tógfaí go héigeanta.

[EN]

(3) Nuair a bheas aon phraghas nó cúiteamh á mheisiúnú de bhun an ailt seo i leith aon mhaoine corprach nó neamhchorprach, a bheas á háitiú nó á húsáid nó á teachtadh i dteannta aon mhaoine eile nó is cuid d'aon mhaoin eile, bhéarfar áird ar aon tsochar i bhfoirm siltin nó i bhfoirm feabhsú ar sholáthar uisce a mbeadh sé réasúnach súil a bheith lena theacht don mhaoin eile sin de bhíthin aon oibreacha a bheas déanta nó á ndéanamh nó ar tí a ndéanta ag an mBord faoin Acht seo.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht iardain nó faoi) maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníoctha ag an mBord faoin alt seo agus maidir le maoin, corprach nó neamhchorprach, a bheas tógtha ag an mBord faoin Acht seo a leithliú chun an Bhuird, agus chun críche na feidhme sin is tuigthe gurb iad an Bord bunaitheoirí an ghnóthais.

[EN]

(5) Ní luífidh aon aicsean dlí ná cothromais i gcoinne an Bhuird ná aon chonarthóra ná aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord nó d'aon chonarthóir i dtaobh ná i leith aon ghnímh, ní nó ruda a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith de bhuaidh an ailt seo.

[EN]

An tréimhse chun praghas nó cúiteamh a éileamh.

33.—Gach éileamh ar an bpraghas le haghaidh, nó an cúiteamh i leith, aon éasúna, cirt nó maoine eile (corprach nó neamhchorprach) a thógfas an Bord nó a gcuirfidh an Bord isteach air faoin gCaibidil seo, déanfar é laistigh de bhliain tar éis don Bhord dul isteach, feidhmiú nó cur isteach a dhéanamh faoin gCaibidil seo den chéad uair ar an talamh, ar an éasúint, ar an gceart, nó ar an maoin sin.

[EN]

Oibreacha a dhéanamh in ionad cúiteamh a íoc.

34.—(1) Ma bhíonn teideal, iarbhír nó go hionchasach, ag duine chun cúitimh i leith éinní a bheas déanta go dleathach nó a bheas beartaithe a dhéanamh amhlaidh ag an mBord faoin Acht seo, féadfaidh an Bord pé oibreacha a dhéanamh chun tairbhe don duine sin, mar shásamh nó mar shásamh leathrannach in éileamh an duine sin ar chúiteamh, is cuibhe leis an mBord agus a aontós an duine sin a ghlacadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord pé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí i dtaobh únaerachta, seilbhe, agus stiúrtha na n-oibreacha sin), ar a gcomhaontóidh an Bord agus an duine ar chun tairbhe dhó a déanfar na hoibreacha amhlaidh, a chur ag gabháil le déanamh aon oibreacha faoin alt seo.

[EN]

Talamh a thógaint in ionad cúiteamh a íoc.

35.—Aon uair is dóigh leis an mBord go mbeadh sé neamheacnamúil nó go mbeadh sé neamhfhóirstineach ar aon chúis eile cúiteamh a íoc as cur-isteach ag an mBord ar aon talamh faoin gCaibidil seo, féadfaidh an Bord an talamh sin a thógaint go buan faoin Acht seo trí chomhaontú nó go héigeanta.

[EN]

Cumhachta agus dualgais i gcás talamh tógtha a bheith faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, etc.

36.—Aon uair a thógfas an Bord go buan faoin gCaibidil seo aon talamh a bheas, as féin nó i dteannta tailimh eile, faoi bhlianacht talamh-cheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó suim bhliantúil eile (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, ansin, amhail ón dáta ar a raghaidh an Bord isteach agus a ghlacfaidh seilbh ar an talamh a bheas tógtha amhlaidh—

[EN]

(a) tiocfaidh chun bheith agus beidh de dhliteanas ar an mBord an tsuim bhliantúil sin, no pé cuid di a chionroinnfeas Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) ar an talamh sin, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é), amhail is dá mbeadh an talamh sin arna aistriú chun an Bhúird ag a únaer ar an dáta sin, agus

[EN]

(b) beidh an Bord i dteideal, más oiriúnach leis an mBord é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid di adúradh a fhuascailt, agus

[EN]

(c) beidh d'oblagáid ar an mBord, má cheanglann Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí sin (pé acu é) air é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid di adúradh a fhuascailt.

[EN]

Cumhacht an Bhuird chun talamh a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann.

37.—(1) Féadfaidh an Bord aon talamh a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann a bheas dílsithe i gCoimisiún Talún na Éireann agus a theastós ón mBord chun gach ceann nó aon cheann dá fheadhma a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir le gach ceannach talún faoin alt seo:—

[EN]

(a) ceannófar an talamh sin amhlaidh ar pé praghas agus ar pé téarmaí agus coinníollacha eile ar a gcomhaontóidh an Bord agus Coimisiún Talún na hÉireann, faoi réir an tsrianta ná déanfar, nuair a bheas an praghas sin á mheisiúnú, aon áird a thabhairt, ná aon mheadú praghais a lomháil, ar fheabhsuithe ar bith a rinneadh ar an talamh sin le hairgead arna íoc nó arna áirleacan as an mPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas;

[EN]

(b) déanfaidh Coimisiún Talún na hÉireann an talamh sin a leithliú chun an Bhuird nó a dhílsiú ann;

[EN]

(c) soláthróidh agus íocfaidh an Bord an praghas a bheas le n-íoc ag an mBord le Coimisiún Talún na hÉireann;

[EN]

(d) íocfaidh an Bord costas agus caiteachas uile an Bhuird agus Choimisiún Talún na hÉireann i dtaobh nó i leith an cheannaigh sin.

[EN]

(3) San alt seo (ach amháin sa bhfo-alt seo) folaíonn an focal “talamh” aon éasúint, profit-à-prendre, nó ceart eile ar aon talamh nó maidir leis agus folóidh an chumhacht cheannaigh a bheirtear leis an alt seo cumhacht chun aon cheart den tsórt sin a cheannach pé acu i dteannta nó d'éagmais talamh a cheannach é.

Caibidil IV.

Oibreacha Iompair.

[EN]

Mínithe chun críocha Caibidle IV de Chuid III.

38.—Sa Chaibidil seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “oibreacha iompair” aon oibreacha is—

[EN]

(a) iarnród, nó

[EN]

(b) trambhealach, nó

[EN]

(c) cábla-bhealach aeir, nó

[EN]

(d) píob-líne, nó

[EN]

(e) crios iompair;

[EN]

ciallaíonn an abairt “ordú oibreacha iompair” ordú arna dhéanamh faoi alt 43 den Acht seo.

[EN]

Iarratais ar ordú oibreacha iompair.

39.—(1) Féadfaidh an Bord ordú oibreacha iompair a iarraidh ar an Aire á údarú don Bhord oibreacha iompair de chineál áirithe a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú chun críocha a fheadhm.

[EN]

(2) Beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú oibreacha iompair—

[EN]

(a) dréacht den ordú a bheas beartaithe,

[EN]

(b) plean de na hoibreacha iompair a bheas beartaithe, agus

[EN]

(c) leabhar eolais don phlean sin,

[EN]

agus beidh an dréacht, an plean agus an leabhar eolais sin i pé foirm a ordós an tAire.

[EN]

An dréachtordú, an plean agus an leabhar eolaisa lóisteáil agus fógra a thabhairt i dtaobh an iarratais.

40.—(1) Aon uair a hiarrfar ordú oibreacha iompair déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar eolais don phlean sin a bhí ag gabháil leis an iarratas a lóisteáil agus a choimeád ar lóisteáil, san áit nó i ngach ceann de na háiteanna a ordós an tAire;

[EN]

(b) fógra a fhoilsiú, i pé nuachtán nó nuachtáin a ordós an tAire, i dtaobh an t-iarratas sin a dhéanamh agus i dtaobh cóip den dréacht-ordú, den phlean, agus den leabhar eolais sin a lóisteáil agus i dtaobh na háite nó na n-áiteanna inar lóisteáladh amhlaidh iad;

[EN]

(c) cóip den dréacht-ordú, den phlean agus den leabhar eolais sin a chur go dtí pé daoine (más ann) a ordós an tAire.

[EN]

(2) Féadfaidh duine ar bith an chóip d'aon dréacht-ordú, plean nó leabhar eolais a bheas arna lóisteáil faoin alt seo a iniúchadh gach tráth réasúnach.

[EN]

Táille ar iarratais.

41.—(1) Íocfar leis an Aire ar gach iarratas ag lorg orduithe oibreacha iompair pé táille (más ann) a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir leis na táillí uile is iníoctha faoin alt seo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar na táillí sin a bhailiú in airgead agus a ghlacadh i pé slí a ordós an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir ordachán an Aire Airgeadais;

[EN]

(b) ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.

[EN]

Fiosrúcháináitiúla i dtaobh iarratas ar orduithe oibreacha iompair.

42.—(1) (a) Má cuirtear iarratas chun an Aire ag lorg orduithe oibreacha iompair, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh an iarratais sin sa cheantar a mbeidh beartaithe na hoibreacha iompair is abhar don iarratas a dhéanamh ann.

[EN]

(b) Má ordaíonn an tAire fiosrúchán poiblí a dhéanamh i dtaobh iarratais ar ordú oibreacha iompair, ceapfaidh sé oifigeach don Aire chun an fiosrúchán sin a dhéanamh, agus beidh an Bord, agus gach únaer, léasaí agus áititheoir ar an talamh a mbeidh beartaithe na hoibreacha iompair is abhar don iarratas a dhéanamh air nó thairis, agus gach údarás áitiúil a mbeidh beartaithe na hoibreacha sin a ghabháil trína líomatáiste, agus gach duine eile ar dóigh leis an oifigeach sin leas substainteach a bheith aige in abhar an fhiosrúcháin sin, i dteideal teacht i láthair agus éisteacht a fháil ag an bhfiosrúchán sin.

[EN]

(2) Fianaise a bhéarfar os comhair oifigigh don Aire a bheas ceaptha chun fiosrúchán a dhéanamh faoin alt seo, déanfar, má iarrann an t-oifigeach sin é, í a thabhairt faoi mhionn (a gcumhachtaítear leis seo don oifigeach sin daoine a chur faoi) agus aon duine a bhéarfas fianaise bhréagach os comhair aon oifigigh den tsórt sin beidh sé ciontach i mionn éithigh agus beidh sé inphionóis dá réir sin.

[EN]

Ordú oibreacha iompair a dheonadh.

43.—Má thárlann, tar éis don Aire breithniú a dhéanamh ar iarratas ag lorg orduithe oibreacha iompair agus, i gcás in a ndearnadh fiosrúchán faoi alt 42 den Acht seo i dtaobh an iarratais, ar thuarascáil an oifigigh a rinne an fiosrúchán agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí, gur dóigh leis an Aire gur ceart géilleadh don iarratas, déanfaidh sé ordú á údarú don Bhord na hoibreacha iompair a bheas sonraithe san ordú a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú i pé slí, faoi réir pé srianta agus forál, agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuibhe leis an Aire agus a shonrós sé san ordú.

[EN]

Forála maidir le hordú oibreacha iompair.

44.—Beidh éifeacht ag na forála seo leanas maidir le hordú oibreacha iompair, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh san ordú sin pé forála a mheasfas an tAire is gá nó is fóirstineach chun críche an orduithe sin;

[EN]

(b) gan dochar do ghinearáltacht mhíre (a) den fho-alt seo—

[EN]

(i) féadfaidh forála a bheith san ordú sin á údarú don Bhord aon talamh a thógaint go héigeanta is dóigh leis an Aire is gá chun éifeacht a thabhairt don ordú sin,

[EN]

(ii) féadfaidh an t-ordú sin aon chearta a dheonadh don Bhord i dtalamh nó uisce nó thar talamh nó uisce, nó in aon bhóthar poiblí nó thairis, is dóigh leis an Aire is gá a dheonadh chun éifeacht a thabhairt don ordú sin,

[EN]

(iii) forálfaidh an t-ordú sin, maidir le haon talamh a tógfar amhlaidh nó aon cheart thar talamh nó uisce a deonfar amhlaidh, go n-íocfaidh an Bord cúiteamh leis na daoine uile agus faoi seach ag a mbeidh eastáit nó leasa sa talamh nó san uisce sin, agus forálfaidh go ndéanfar aon cheist nó aon chúiteamh díospóidithe a chinneadh faoi réim agus do réir an Asquisition of Land (Assessment of Compensation), Act, 1919,

[EN]

(iv) féadfaidh an t-ordú sin gach ceann nó aon cheann d'fhorála Acht na gClásal Talún a chorprú, fara pé modhnuithe agus oiriúnuithe is cuibhe leis an Aire,

[EN]

(v) sonróidh an tordú sin an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair lena mbainfidh an t-ordú sin le déanamh,

[EN]

(vi) féadfaidh an t-ordú sin an tréimhse a chinneadh ar laistigh di a caithfear déanamh na n-oibreacha iompair sin a chríochnú,

[EN]

(vii) féadfaidh forála a bheith san ordú sin i dtaobh an mhodha ar a mbeidh na hoibreacha iompair sin le hoibriú agus le cothabháil,

[EN]

(viii) beidh san ordú sin forála ag teorannú úsáide na n-oibreacha iompair sin chun críocha a bhainfeas le feadhma an Bhuird agus chun pé críocha eile (más ann) a sonrófar san ordú sin,

[EN]

(ix) beidh san ordú sin na forála uile is cuibhe leis an Aire chun an pobal i gcoitinne agus aon daoine lena mbainfidh an t-ordú sin a chosaint,

[EN]

(x) féadfaidh an t-ordú sin a fhoráil go mbeidh an Bord, má sháraíonn sé aon fhoráil shonraithe den ordú (trí ghníomh nó neamhghníomh), ciontach i gcion faoin ordú sin agus go ndlífear ar a chiontú ann ar an slí achomair pé fíneáil (nach mó ná céad punt) a chur air a sonrófar san ordú sin i leith an chiona sin agus, i gcás ciona leanúnaigh, pé fíneáil bhreise (nach mó ná fiche punt) a sonrófar san ordú sin i leith an chiona sin in aghaidh gach lae a leanfar den chion sin tar éis an chiontuithe,

[EN]

(xi) féadfaidh an t-ordú sin aon fhorála (lena n-áirítear forála pionósacha) a chorprú a bheas in aon achtachán a bhaineas le hiarnróid, fara pé oiriúnuithe agus modhnuithe is cuibhe leis an Aire,

[EN]

(xii) maidir le feidhmiú na gcumhacht chun talamh a thógaint go héigeanta, féadfaidh forála sa chéill chéanna leis na forála atá in ailt 30 agus 36 den Acht seo a bheith san ordú sin,

[EN]

(xiii) féadfaidh an t-ordú sin a fhoráil go ndéanfar aon cheisteanna sonraithe a éireos faoin ordú a chinneadh trí eadráin,

[EN]

(xiv) féadfaidh pé forála a ghabhfas nó a bhainfeas le héinní de na nithe adúradh, agus a mheasfas an tAire is gá agus is cuibhe, a bheith san ordú sin.

[EN]

Rialacháin maidir le hoibreacha iompair a chothabháil agus a oibriú.

45.—I gcás ordú oibreacha iompair a bheith déanta ag an Aire á údarú don Bhord oibreacha iompair de chineál áirithe a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú, beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire rialacháin (ná beidh ar neamhréir leis an ordú sin) a dhéanamh maidir leis an modh ar a mbeidh na hoibreacha iompair sin le cothabháil agus le n-oibriú ag an mBord agus ag aon duine eile a bheas ag oibriú na n-oibreacha sin thar ceann an Bhuird;

[EN]

(b) má sháraíonn an Bord nó an duine eile sin na rialacháin sin (trí ghníomh nó neamhghníomh), beidh an Bord ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion sin tar éis an chiontuithe.

[EN]

Rialacháin maidir le cumhacht leictreachais a úsáid.

46.—I gcás ordú oibreacha iompair a bheith déanta ag an Aire á údarú don Bhord oibreacha iompair de chineál áirithe a dhéanamh, a chothabháil agus a oibriú agus é a bheith údaraithe aige leis an ordú sin na hoibreacha iompair sin a oibriú le cumhacht leictreachais, beidh éifeacht ag na forála seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le Bord Soláthair an Leictreachais, pé rialacháin a dhéanamh is oiriúnach leis chun a áirithiú go ndéanfaidh an Bord agus aon duine eile a bheas ag oibriú na n-oibreacha sin thar ceann an Bhuird, nuair a bheas an chumhacht leictreachais á húsáid aige, gach forchúram a ghlacadh is réasúnach agus is cuibhe chun contúirt don phobal nó damáiste do mhaoin aon duine a sheachaint;

[EN]

(b) nuair a bheas na rialacháin sin á ndéanamh ag an Aire, bhéarfaidh sé áird ar an gcostas a chuirfeas sin ar an mBord agus ar a éifeacht ar ionchais airgeadais an Bhuird;

[EN]

(c) má dhéanann an Bord nó aon duine eile a bheas ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann an Bhuird an chumhacht leictreachais sin a úsáid contrártha do na rialacháin sin, beidh an Bord ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise chúig punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis an chiontuithe;

[EN]

(d) más dóigh leis an Aire go ndearna an Bord nó aon duine a bhí ag oibriú na n-oibreacha iompair sin thar ceann an Bhuird an chumhacht leictreachais sin a úsáid contrártha do na rialacháin sin, pé acu ciontaíodh an Bord i gcion nó nár ciontaíodh, nó más deimhin leis an Aire gur contúirt don phobal an chumhacht sin a bheith á húsáid, féadfaidh sé, le hordú, a cheangal ar an mBord scor de na cumhachta a fheidhmiú a tugadh leis an ordú oibreacha iompair sin maidir le cumhacht leictreachais a úsáid agus air sin scoirfidh an Bord de na cumhachta sin a fheidhmiú ach amháin le toiliú an Aire agus faoi réir pé téarmaí agus coinníoll is oiriúnach leis.

[EN]

Bord Soláthair an Leictreachais do dhéanamh oibreacha iompair mar chonarthóirí don Bhord.

47.—Má húdaraítear don Bhord, le hordú oibreacha iompair, oibreacha iompair a dhéanamh, féadfaidh Bord Soláthair an Leictreachais, mar chonarthóirí don Bhord, na hoibreacha iompair sin a dhéanamh.

[EN]

Ordú oibreacha iompair a leasú

48.—Féadfaidh an tAire ó am go ham ordú oibreacha iompair a leasú.

[EN]

Eifeacht orduithe faoi Chaibidil IV de Chuid III.

49.—Beidh feidhm dlí ag gach ordú a dhéanfas an tAire faoin gCaibidil seo.

[EN]

Costais an Air i bhfeidhmiú cumhacht faoi ordú oibreacha iompair.

50.—Na costais faoina raghaidh an tAire i bhfeidhmiú a chumhacht agus a fheadhm faoi ordú oibreacha iompair, déanfaidh an Bord, a mhéid a chinnfeas an tAire Airgeadais, iad a íoc leis an Aire.

[EN]

Forála maidir le horduithe áirithe a rinneadh faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941.

51.—(1) Baineann an t-alt seo leis na horduithe seo leanas (a rinne an tAire faoin Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941 (R. & O. R., Uimh. 293 de 1941)), eadhon—

[EN]

(a) an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941 (Oibreacha Iompair) (Uimh. 1), 1941 (R. & O. R., Uimh. 410 de 1941),

[EN]

(b) an tOrdú um an Ordú Cumhachta Práinne (Uimh. 92), 1941 (Oibreacha Iompair) (Uimh. 2), 1941 (R. & O. R., Uimh. 494 de 1941).

[EN]

(2) Daingnítear leis seo na hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo agus leanfaid i bhfeidhm ar an Acht Cumhachta Práinne, 1939 (Uimh. 28 de 1939), a dhul in éag agus dá éis sin.

[EN]

(3) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis—

[EN]

(a) léireofar mar thagairtí don Bhord na tagairtí don chuideachtain scortha atá sna hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo;

[EN]

(b) beidh feidhm ag ailt 45, 46 agus 47 den Acht seo maidir le haon oibreacha iompair a bheas déanta faoi cheachtar de na hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba faoi alt 43 den Acht seo a déanfaí na hOrduithe sin, agus

[EN]

(c) beidh feidhm ag ailt 48 agus 49 den Acht seo maidir leis na hOrduithe lena mbaineann an t-alt seo amhail is dá mba faoi alt 43 den Acht seo a déanfaí iad.

[EN]

CUID IV.

Forála Airgeadais.

[EN]

Deontas don Bhord i leith costas trialach agus taighde.

52.—(1) Sa bhliain airgeadais ina mbeidh dáta an bhunuithe agus i ngach bliain de na naoi mbliana ina dhiaidh sin, féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, deontas de pé méid a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc, faoi réir na teorann a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo, leis an mBord i leith na gcostas faoina raghaidh an Bord faoi alt 19 (a bhaineas le trialacha agus taighde ag an mBord maidir le móin agus táirgthe móna) den Acht seo.

[EN]

(2) Ní mó ná céad agus fiche míle punt méid iomlán na ndeontas a deonfar faoin alt seo.

[EN]

(3) Aon deontais a bhéarfar faoin alt seo, is chuige amháin a úsáidfeas an Bord iad chun costais faoina raghaidh an Bord faoin alt seo a íoc.

[EN]

Airleacain don Bhord as an bPríomh-Chiste.

53.—(1) Chun a chumasú don Bhord a fheadhma a chomhlíonadh nó a fheidhmiú, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná trí mhilliún seacht gcéad agus caoga míle punt) a iarrfas an Bord ó am go ham a áirleacan don Bhord ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

[EN]

(2) Na suimeanna a háirleacfar faoin alt seo, is chuige amháin a úsáidfeas an Bord iad chun críche feadhm an Bhuird.

[EN]

(3) Beidh na suimeanna a háirleacfar faoin alt seo inaisíoctha fara ús do réir na bhforál ina dhiaidh seo den Acht seo.

[EN]

Airgead a sholáthar le haghaidh áirleacan don Bhord as an bPríomh-Chiste.

54.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun airgead a sholáthar le haghaidh áirleacan suimeanna as an bPríomh-Chiste faoi alt 53 den Acht seo, pé suimeanna a theastós chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh an tAire sin, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a chruthnú agus a eisiúint ar pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca, fuascailte, nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis gach urrúis a heiseofar faoin alt seo.

[EN]

Us a íoc aráirleacain inaisíoctha.

55.—(1) Faoi réir ailt 57 den Acht seo, íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais, ar gach suim a háirleacfar don Bhord as an bPríomh-Chiste faoi alt 53 den Acht seo agus a bheas inaisíoctha, ús ó dháta na suime sin a áirleacan go dtí go n-aisíocfar an tsuim sin, do réir pé ráta a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham maidir leis an suim sin, agus íocfar an t-ús sin amhlaidh trí íocaíochta leath-bhliantúla ar pé laethanta gach bliain a cheapfas an tAire Airgeadais ó am go ham.

[EN]

(2) Mura n-íoca an Bord leis an Aire Airgeadais aon ús is iníoctha ag an mBord faoin alt seo an tráth a ceapfar chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta a cheapfas an tAire sin ar an ús a bheas gan íoc amhlaidh ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go n-íocfar an céanna iarbhír.

[EN]

(3) An t-ús go léir a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Csiste é i pé slí a ordós an tAire sin.

[EN]

Airleacain inaisíoctha a aisíoc.

56.—(1) Chun an Bord d'aisíoc na n-áirleacan a bheas tugtha dhó as an bPríomh-Chiste faoi alt 53 den Acht seo agus a bheas inaisíoctha, íocfaidh an Bord leis an Aire Airgeadais íocaíochta leath-bhliantúla a thosnós ar pé dáta, agus a leanfas ar feadh pé uimhir de bhlianta agus a bheas de pé méideanna agus a bheas iníoctha pá trátha, a cheapfas an tAire sin, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha de bhlianta, méideanna, agus trátha éagsúla den tsórt sin a cheapadh amhlaidh i leith coda éagsúla de na háirleacain sin.

[EN]

(2) Na híocaíochta leath-bhliantúla uile agus faoi seach a bheas le déanamh leis an Aire Airgeadais ag an mBord faoin alt seo, úsáidfidh an tAire sin iad mar chistí fiach-mhúchta chun na coda uile agus faoi seach a aisíoc de na háirleacain ar ina leith a déanfar na híocaíochta leath-bhliantúla sin agus nuair a bheas an uimhir iomlán de na híocaíochta leath-bhliantúla a bheas ceaptha faoin alt seo i leith aon choda de na háirleacain sin íoctha ag an mBord leis an Aire sin (maille le haon ús a bheas arna theacht chun bheith iníoctha faoin alt seo i leith aon íocaíochta leath-bhliantúla dhíobh sin) is tuigthe an chuid sin de na háirleacain sin a bheith aisíoctha go hiomlán ag an mBord, gan dochar do dhliteanas an Bhuird maidir le haon ús a bheas gan íoc an tráth sin i leith na coda sin de na háirleacain sin.

[EN]

(3) Mura n-íoca an Bord leis an Aire Airgeadais aon íocaíocht leath-bhliantúil nó aon chuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha aige leis an Aire sin faoin alt seo an tráth a bheas ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Bord leis an Aire sin, ar an íocaíocht leath-bhliantúil sin nó ar an gcuid sin d'íocaíocht leathbhliantúil, ús do réir pé ráta a cheapfas an tAire sin ó am go ham ina leith sin ón tráth a bheas ceaptha mar adúradh go dtí go mbeidh an céanna íoctha iarbhír.

[EN]

(4) An t-airgead go léir a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo do dhéanamh aisíoca ar áirleacain, íocfar isteach sa Stát-Chiste é.

[EN]

(5) Gach suim a íocfas an Bord leis an Aire Airgeadais faoin alt seo ar scór úis, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

Us ar áirleacain áirithe don Bhord a ligean i gceal.

57.—(1) Beidh feidhm ag na forála seo leanas maidir le haon áirleacain (dá ngairmtear na háirleacain sin sa bhfo-alt seo) a bhéarfar don Bhord faoi alt 53 den Acht seo i rith na tréimhse (dá ngairmtear an tréimhse chúig-bhlianach sa bhfo-alt seo) de chúig bliana dar tosach dáta an bhunuithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh aon ús iníoctha ag an mBord ar na háirleacain sin in aghaidh aon tréimhse dar chríoch an lá díreach roimh an dáta ar a ndéanfaidh an tAire Airgeadais ordú faoi mhír (c) den alt seo,

[EN]

(b) déanfaidh an tAire Airgeadais, díreach tar éis an tréimhse chúig-bhlianach a bheith caite, cúrsaí airgeadais an Bhuird a scrúdú,

[EN]

(c) tar éis an scrúduithe sin, déanfaidh an tAire sin, ag féachaint don staid ina mbeidh cúrsaí airgeadais an Bhuird an tráth sin agus d'ionchais an Bhuird ó thaobh airgeadais san am le teacht,—

[EN]

(i) an Bord a shaoradh, le hordú (dá ngairmtear an t-ordú saoirse san alt seo), ó bheith faoi dhliteanas maidir le hús a íoc ar na háirleacain sin in aghaidh na tréimhse a mbeidh an t-ordú saoirse i bhfeidhm ar a feadh, nó

[EN]

(ii) a dhearbhú, le hordú, go ndlífidh an Bord ús a íoc ar na háirleacain sin in aghaidh aon tréimhse dar tosach dáta an orduithe nó dáta dá éis sin,

[EN]

(d) má dhéanann an tAire sin an t-ordú saoirse, féadfaidh sé tráth ar bith ina dhiaidh sin an t-ordú saoirse a chulghairm trí ordú.

[EN]

(2) Sar a ndéanfaidh an tAire Airgeadais aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo raghaidh sé i gcomhairle leis an Aire i dtaobh an orduithe a bheas bheartaithe.

[EN]

(3) Má déantar an t-ordú saoirse, leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá agus fiche a shuífeas Dáil Éireann tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag cur an orduithe ar neamhbhrí, beidh an t-ordú arna chur ar neamhbhrí dá réir sin.

[EN]

Cumhacht an Bhuird chun airgead a fháil ar iasacht go sealadach.

58.—Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, pé suimeanna, a theastós uaidh chun soláthar a dhéanamh le haghaidh caiteachais reatha, a fháil ar iasacht go sealadach trí shocrú le bancaeraí.

[EN]

Cuntais agus Iniúchta.

59.—(1) Coimeádfaidh an Bord i pé foirm a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais gach cuntas is cuibhe agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhfas nó a chaithfeas an Bord, ar a n-áirítear cuntas caipitil, cuntas ioncaim, cuntas sochair agus dochair, agus fuíoll-chlár, agus go háirithe coimeádfaidh sa bhfoirm adúradh gach cuntas speisialta a ordós an tAire ó am go ham, as a threoir féin nó ar iarratas an Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Cuirfear cuntais an Bhuird do gach bliain á n-iniúchadh laistigh de nócha lá nó pé tréimhse is sia ná sin a cheadós an tAire in aon chás áirithe tar éis deireadh na bliana sin agus beid ina n-abhar tuarascála ag iniúchóirí cuibhe-cháilithe a cheapfas an tAire gach bliain chuige sin, le toiliú an Aire Airgeadais, agus íocfaidh an Bord táillí na n-iniúchóirí sin agus costais ghinearálta na n-iniúchta sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, am agus áit agus modh stiúrtha an iniúchta ar chuntais an Bhuird faoin alt seo a cheapadh, agus féadfaidh freisin na cuntais a shonrú a mbeidh cóipeanna dhíobh le tabhairt don Aire faoin alt seo agus fós na cuntais a bheas le foilsiú agus le cur ar díol faoin alt seo maraon le ham agus modh an fhoilsithe agus an díola sin.

[EN]

(4) Díreach tar éis gach iniúchta faoin alt seo ar chuntais an Bhuird, cuirfidh an Bord chun an Aire cóip den chuntas caipitil, den chuntas ioncaim, den chuntas sochair agus dochair agus den fhuíoll-chlár amhail mar bheid teastasaithe ag na hiniúchóirí, cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí, agus cóipeanna de pé méid a ceapfar chuige sin faoin alt seo nó a iarrfas an tAire go speisialta de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí, agus foilseoidh an Bord agus cuirfidh ar díol pé méid a cheapfas an tAire chuige sin de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí.

CUID V.

An Turf Development Board, Limited, a Scor.

[EN]

An chuideachta scortha a scor.

60.—(1) Beidh an Chuideachta scortha arna scor, de bhuaidh an ailt seo agus faoi réir na bhforál atá sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ar dháta an bhunuithe.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála atá sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo maidir leis an gCuideachtain scortha.

[EN]

Iocaíochta le sealbhóirí scaireanna sa chuideachtain scortha.

61.—Ar dháta an bhunuithe nó a luaithe is féidir dá éis, íocfaidh an Bord le gach duine a bhí, an lá díreach roimh dháta an bhunuithe, ina shealbhóir cláraithe ar aon scair nó scaireanna sa chuideachtain scortha, suim puint in aghaidh gach scaire a bhí aige sa chuideachtain scortha, agus glacfaidh an duine sin leis an íocaíocht sin mar mhalairt agus mar shásamh ar gach ceart agus éileamh i leith gach scaire den tsórt sin a ndéanfar an íocaíocht sin ina leith.

[EN]

Maoin na cuideachtan scortha a aistriú chun an Bhuird.

62.—(1) Faoi réir forál an ailt seo, an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (agus rudaí-ar-fionraí a áireamh), a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di agus gach ceart, cumhacht agus príbhléid a bhain nó a ghabh le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an bhunuithe agus gan leithliú ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachtan, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó i seilbh ar iontaoibh dó (do réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, na hiontaoibhe nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an bhunuithe, dílsithe sa chuideachtain scortha nó dá cuid féin aici nó i seilbh ar iontaoibh di.

[EN]

(2) An mhaoin uile a haistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachtan, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an mBord dá iarraidh sin ar dháta an bhunuithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainme an Bhuird.

[EN]

(3) Gach rud-ar-fionraí a haistrítear leis an alt seo chun an Bhuird, féadfaidh an Bord, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, an dlí a shaothrú mar gheall air nó é a aisghabháil nó é a fhorfheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo a thabhairt don té ar a mbeidh an rud-arfionraí sin ina cheangal.

[EN]

Dliteanais na cuideachtan scortha a aistriú

63.—Na fiacha agus na dliteanais eile go léir (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe de dhruim torta nó sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, amuigh ar an gcuideachtain scortha agus gan íoc aici nó dlite uirthi agus gan comhlíonadh aici, tiocfaid chun bheith agus beid, ar dháta an bhunuithe, ina bhfiacha nó ina ndliteanais ar an mBord, agus dá réir sin íocfaidh nó comhlíonfaidh an Bord iad agus féadfar iad a aisghabháil uaidh nó a fhorfheidhmiú ina choinne.

[EN]

An Bord a fhuascailt ó fhiacha áirithe Stáit.

64.—(1) Más léir ó fhuíoll-chlár na cuideachtan scortha, amhail mar bheas sé teastasaithe ag iniúchóirí na cuideachtan scortha, breis a bheith, díreach roimh dháta an bhunuithe, ag féichiúnais (agus an fiach Stáit a áireamh) na cuideachtan scortha ar a sócmhainní (breis a ngairmtear an t-easnamh dá méid sa bhfo-alt seo), ansin, déanfaidh an tAire Airgeadais an Bord a fhuascailt, le héifeacht amhail ar dháta an bhunuithe agus ón dáta sin amach, ón méid sin den fhiach Stáit is comhionann leis an easnamh nó le caoga míle punt, pé acu sin is lú.

[EN]

(2) San alt seo, ciallaíonn an abairt “an fiach Stáit” an tsuim a bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, dlite den chuideachtain scortha ag an Aire Airgeadais.

[EN]

Conartha leanúnacha de chuid na cuideachtan scortha a bhuan-choimeád.

65.—Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a thug an chuideachta scortha do dhuine ar bith, nó a thug duine ar bith don chuideachtain scortha sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an chuideachta scortha agus duine eile agus ná raibh forghníomhaithe agus críochnaithe go hiomlán roimh dháta an bhunuithe leanfaid d'ainneoin an chuideachta scortha a bheith scortha, de bheith i bhfeidhm ar dháta an bhunuithe agus dá éis, ach léireofar iad agus beidh éifeacht acu amhail is dá gcuirtí ainm an Bhuird iontu in ionad ainme na cuideachtan scortha, agus beidh an t-urrús, an conradh, nó an comhaontú sin infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin.

[EN]

Leanúint d'imeachta dlí a bheas ar feitheamh.

66.—Gach aicsean, agra nó imeacht a bheas ar feitheamh ar dháta an bhunuithe in aon chúirt nó bínse agus a mbeidh an chuideachta scortha ina páirtí ann, tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh, ar dháta an bhunuithe ina pháirtí ann in ionad na cuideachtan scortha agus leanfar den imeacht sin idir an Bord agus na páirtithe eile ann dá réir sin agus ní thuitfidh aon imeacht den tsórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní déanfar dochar dó de dhruim an chuideachta scortha a scor.

[EN]

Conartha seirbhíse a bhuan-choimeád.

67.—Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a rinneadh agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe idir an chuideachta scortha agus duine ar bith is oifigeach tuarastail nó fostaí don chuideachtain scortha, leanfaidh sé i bhfeidhm ar dháta an bhunuithe agus dá éis, ach léireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí an Bord ann in ionad na cuideachtan scortha, agus beidh gach conradh den tsórt sin infhorfheidhmithe ag an mBord nó ina choinne dá réir sin.

[EN]

Saoirse ó dhiúitéthe stampa.

68.—(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúite stampa a íoc faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo.

[EN]

(2) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon aistriú, leithliú, ná ionstraim eile a comhlánófar chun dílsiú sócmhainní na cuideachtan scortha sa Bhord a fhorlíonadh nó chun éifeacht a thabhairt don dílsiú sin.

CUID VI.

Forala Ilghneitheacha.

[EN]

Srian le talamh i seilbh an Bhuird a thógaint go héigeanta.

69.—D'ainneoin éinní dá bhfuil in aon achtachán, ní dhéanfaidh duine ar bith, gan an tAire a thoiliú roimh ré chuige, aon talamh ná áitreabh i seilbh an Bhuird a thógaint go héigeanta ná aon éasúint, cead slí ná ceart eile ar bith ar aon talamh den tsórt sin nó maidir leis a thógaint, a fhorceannadh, a shrianadh ná cur isteach air ar shlí eile go héigeanta.

[EN]

Tagairtí don chuideachtain scortha san Acht Móna (Usáid agus Forbairt), 1936, a oiriúnú.

70.—Gach tagairt atá san Acht Móna (Úsáid agus Forbairt), 1936 (Uimh. 23 de 1936), don chuideachtain scortha, déanfar, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, í a léiriú mar thagairt don Bhord.

[EN]

Oibriú fo-ailt (1) d'alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933, a fhionraí maidir le móin a iompar ar bhóithre.

71.—(1) Tráth ar bith le linn na forála infhionraí a bheith, de bhuaidh orduithe arna dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo nó ar shlí eile, i bhfeidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú fionraí san alt seo), a dhearbhú go scoirfidh na forála infhionraí de bheith i bhfeidhm, maidir le móin a iompar ar bhóithre, amhail ar pé dáta agus ó pé dáta is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé san ordú.

[EN]

(2) Tráth ar bith le linn na forála infhionraí a bheith, de bhuaidh orduithe fhionraí, gan feidhm, féadfaidh an tAire, le hordú (dá ngairmtear ordú athbheochana san alt seo), a dhearbhú go dtiocfaidh na forála infhionraí i bhfeidhm arís, maidir le móin a iompar ar bhóithre, amhail ar pé dáta agus ó pé dáta (nach luaithe ná mí tar éis an dáta ar a ndéanfar an t-ordú athbheochana) is oiriúnach leis an Aire agus a shonrós sé san ordú.

[EN]

(3) Aon uair agus a mhinice a dhéanfas an tAire ordú fionraí, beidh éifeacht ag na forála seo leanas:—

[EN]

(a) faoi réir oibriú orduithe athbheochana, scoirfidh na forála infhionraí de bheith i bhfeidhm, maidir le móin a iompar ar bhóithre, amhail ar an dáta agus ón dáta a sonrófar chuige sin san ordú fionraí;

[EN]

(b) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), maidir leis an scor sin amhail is dá mba é a bhí sa scor sin athghairm le hAcht ón Oireachtas arna rith lá an scortha sin a theacht in éifeacht agus go mbeadh na forála infhionraí arna n-athghairm leis an Acht sin ón Oireachtas amhail ar an lá sin agus ón lá sin amach.

[EN]

(4) Aon uair agus a mhinice a dhéanfas an tAire ordú athbheochana tiocfaidh na forála infhionraí, amhail ar an dáta agus ón dáta a sonrófar chuige sin san ordú athbheochana sin, i bhfeidhm arís maidir le móin a iompar ar bhóithre, agus, faoi réir oibriú orduithe fhionraí iardain, leanfaid i bhfeidhm.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn an abairt “na forála infhionraí” fo-alt (1) d'alt 9 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933).

AN SCEIDEAL.

Forala Diomuana maidir leis an gCuideachtain Scortha.

An Chuideachta scortha a leanúint ar marthain chun críocha áirithe.

1. Chun críocha an Sceidil seo ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, is tuigthe an chuideachta scortha a leanúint ar marthain ar dháta an bhunuithe agus dá éis.

Stoic, scaireanna agus urrúis a aistriú.

2. Ar an mBord dá iarraidh sin, comhlánfaidh an chuideachta scortha na hionstraimí sin uile agus déanfaidh na nithe sin uile is gá chun a chumasú don Bhord aon stoic, scaireanna nó urrúis a bheas i seilbh na cuideachtan scortha díreach roimh dháta an bhunuithe a chur á n-aistriú chun ainme an Bhuird, agus chuige sin is tuigthe na daoine is stiúrthóirí ar an gcuideachtain scortha díreach roimh dháta an bhunuithe a leanúint in oifig.

Forála maidir le cáin ioncaim is inéilithe ar an gcuideachtain scortha.

3.—(1) Sa mhír seo ciallaíonn an abairt “an dáta ceaptha”—

(a) i gcás dáta an bhunuithe a thuitim ar an 5ú lá d'Aibreán, dáta an bhunuithe;

(b) in aon chás eile, an 5ú lá d'Aibreán is túisce a thiocfas i ndiaidh dáta an bhunuithe.

(2) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, leanfaidh an chuideachta scortha de bheith faoi dhliteanas, faoi na hAchta Cánach Ioncaim, chun aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí a ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na nAcht sin in aghaidh aon bhliana meisiúnachta dar críoch an dáta ceaptha nó dáta roimhe sin.

(3) Féadfar meisiúnachta chun cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana meisiúnachta dar críoch an dáta ceaptha nó dáta roimhe sin a dhéanamh ar an gcuideachtain scortha ar dháta an bhunuithe nó dá éis, agus, maidir le cáin ioncaim i leith aon mheisiúnachta den tsórt sin a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina meisiúnacht deiridh gan dul thairsi, is tuigthe, ar í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh dháta an bhunuithe.

(4) Chun críocha fo-mhíreanna (2) agus (3) den mhír seo, is tuigthe príomh-oifigeach an Bhuird nó oifigeach eile a bheas ag comhlíonadh dualgas príomh-oifigigh an Bhuird a bheith ina rúnaí don chuideachtain scortha nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí na cuideachtan scortha.

Forála maidir le cáin bhrabúis chorpráide is inéilithe ar an gcuideachtain scortha.

4.—(1) Sa mhír seo ciallaíonn an abairt “an dáta ceaptha”—

(a) i gcás dáta an bhunuithe a thuitim ar an 31ú lá de Mhárta, dáta an bhunuithe,

(b) in aon chás eile, an 31ú lá de Mhárta is túisce a thiocfas i ndiaidh dáta an bhunuithe.

(2) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, leanfaidh an chuideachta scortha de bheith faoi dhliteanas, faoi na hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabúis chorpráide, chun aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí a ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na n-achtachán sin in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an dáta ceaptha nó dáta roimhe sin.

(3) Féadfar meisiúnachta chun cánach brabúis chorpráide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an dáta ceaptha nó dáta roimhe sin a dhéanamh ar an gcuideachtain scortha ar dháta an bhunuithe nó dá éis, agus, maidir le cáin bhrabúis chorpráide i leith aon mheisiúnachta den tsórt sin a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina meisiúnacht deiridh gan dul thairsi, is tuigthe, ar í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh dháta an bhunuithe.

(4) Chun críocha fo-mhíreanna (2) agus (3) den mhír seo, is tuigthe príomh-oifigeach an Bhuird nó oifigeach eile a bheas ag comhlíonadh dualgas príomh-oifigigh an Bhuird a bheith ina rúnaí don chuideachtain scortha nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí na cuideachtan scortha.

(5) Sa mhír seo léireófar tagairtí do cháin bhrabúis chorpráide mar thagairtí a fholaíos tagairtí do cháin ró-bhrabúis chorpráide.