[EN]

Uimhir 21 de 1944.


[EN]

AN tACHT IOMPAIR, 1944.

[An tionntó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN CUIDEACHTA IOMPAIR DO CHORPRÚ AR A dTABHARFAR CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN AGUS CHUN GO N-AISTREOFAR GO DTÍ AN CHUIDEACHTA SAN GNÓTHAIS CHUIDEACHTA MHOR-BHÓITHRE IARAINN AN DEISCIRT AGUS CHUIDEACHTA AONTAITHE IOMPAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, TEORANTA, DO LEASÚ AN DLÍ BHAINEAS LE hIARNRÓID AGUS GNÓTHAIS EILE IOMPAIR AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE ÁIRITHE EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [8ú Nollaig, 1944.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Generálta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht Iompair, 1944, do ghairm den Acht so.

[EN]

Léiriú go generálta.

2.—(1) San Acht so—

[EN]An Coiste Comhairlitheach.

ciallaíonn an abairt “an Coiste Comhairlitheach” an Coiste Comhairlitheach re hIompar a bunaítear leis an Acht so;

[EN]An Chuideachta.

ciallaíonn an abairt “an Chuideachta” Córas Iompair Éireann;

[EN]cuideachta scurtha.

ciallaíonn an abairt “cuideachta scurtha” aon chuideachta arb é atá ann ná—

[EN]

(a) Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, nó

[EN]

(b) Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta;

[EN]an chuideachta iarnróid scurtha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta iarnróid scurtha” Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt;

[EN]an chuideachta iompair scurtha.

ciallaíonn an abairt “an chuideachta iompair scurtha” Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta;

[EN]Bárdas Bhaile Átha Cliath.

ciallaíonn an abairt “Bárdas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;

[EN]dáta an bhunuithe.

ciallaíonn an abairt “dáta an bhunuithe” an 1ú lá d'Eanar, 1945;

[EN]údarás áitiúil.

ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” aon údarás is—

[EN]

(a) comhairle chontae, nó

(b) bárdas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) comhairle bhailecheanntair;

marsantas.

folaíonn an focal “marsantas” earraí, mianraí, eallach stoic, agus ainmhithe de gach saghas;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

ordaithe.

ciallaíonn rud do bheith “ordaithe” é bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire.

(2) Déanfar an abairt “an Chuid seo”, in aon áit a bhfuil sí in alt ar bith in aon Chuid áirithe den Acht so, do léiriú mar abairt a chiallaíos an Chuid áirithe sin.

(3) Déanfar an abairt “an Chaibidil seo”, in aon áit a bhfuil sí in alt ar bith in aon Chaibidil áirithe de Chuid áirithe den Acht so, do léiriú mar abairt a chiallaíos an Chaibidil áirithe sin.

(4) Déanfar tagairtí atá san Acht so d'aon achtachán áirithe do léiriú mar thagairtí don achtachán san arna leasú ag aon achtachán iaraimseartha.

[EN]

Ciontaí do chúiseamh.

3.—Féadfaidh an tAire cionta fá aon alt den Acht so do chúiseamh.

[EN]

Rialacháin.

4.—Féadfaidh an tAire rialacháin do dhéanamh i dtaobh ní ar bith dá dtagartar san Acht so mar ní atá ordaithe.

[EN]

Athghairm.

5.—Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so d'athghairm, amhail ar dháta an bhunuithe agus as san amach, a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Costais an Aire agus an Aire Thalmhaíochta.

6.—(1) Na costais fána raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(2) Costais ar bith fána raghaidh an tAire Talmhaíochta fán Acht so déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

CUID II.

Córas Iompair Éireann.

Caibidil I.

Réamhráiteach agus Generálta.

[EN]

Mínithe chun críoch Coda II.

7.—Sa Chuid seo—

[EN]gnáth-stoc.

ciallaíonn an focal “gnáth-stoc” gnáth-stoc de chuid na Cuideachtan;

[EN]sealbhóir gnáthstoic.

ciallaíonn an abairt “sealbhóir gnáth-stoic” duine is sealbhóir ar ghnáth-stoc;

[EN]stoc bintiúra.

ciallaíonn an abairt “stoc bintiúra” stoc bintiúra infhuascailte de chuid na Cuideachtan;

[EN]gnáth-stoc malairtithe.

ciallaíonn an abairt “gnáth-stoc malairtithe” gnáth-stoc is tuigthe, de bhuaidh ailt 14 den Acht so, do bheith bunaithe agus eisithe go cuibhe;

stoc bintiúra malairtithe.

ciallaíonn an abairt “stoc bintiúra malairtithe” stoc bintiúra is tuigthe, de bhuaidh ailt 14 den Acht so, do bheith bunaithe agus eisithe go cuibhe;

stoc malairtithe.

ciallaíonn an abairt “stoc malairtithe” stoc is—

(a) stoc bintiúra malairtithe, nó

(b) gnáth-stoc malairtithe.

[EN]

Achta áirithe do chorprú.

8.—(1) Tá na hachtacháin seo leanas, a mhéid a bhainfeas leis an gcás agus amhail mar a hathraítear iad ag an gCuid seo, arna gcorprú leis an gCuid seo agus is cuid di iad, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an Companies Clauses Consolidation Act, 1845, ach amháin ailt 39, 85, 91, 93, 94, 109, 161 agus 162,

[EN]

(b) Cuid II agus Cuid III (ach amháin ailt 22, 25 agus 26) den Companies Clauses Act, 1863,

[EN]

agus chun críoch an chorpruithe sin is tuigthe an Chuid seo do bheith ina hAcht speisialta.

[EN]

(2) Déantar, fá réir forál na Coda so, Cuid V den Railway Clauses Act, 1863, do chorprú leis an gCuid seo agus is cuid di é, agus le linn an Chuid sin V do léiriú chun críoch an chorpruithe sin—

[EN]

(a) is tuigthe an Chuid seo do bheith ina hAcht speisialta,

[EN]

(b) is tuigthe an chuideachta iompair scurtha do bheith ina cuideachtain iarnróid, agus

[EN]

(c) beidh éifeacht ag alt 54 den Acht san fé is ná beadh na focail “until the expiration of twelve months after the time of amalgamation or” ná na focail “whichever first happens” san alt san.

Caibidil II.

Córas Iompair Éireann do chorprú, Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt agus Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta, do scur agus gnóthais na gcuideachtan scurtha d'aistriú chun na Cuideachtan.

[EN]

An Chuideachta do chorprú.

9.—(1) Na daoine uile agus fá seach a thiocfas ar dháta an bhunuithe chun bheith, de bhuaidh na Coda so, ina sealbhóirí cláraithe ar ghnáth-stoc malairtithe maraon lena seiceadúirí agus a riarthóirí agus a sannaithe beid arna n-aonú agus déantar leis seo a n-aonú ina gcuideachtain agus beid arna gcorprú agus déantar leis seo a gcorprú fán ainm Córas Iompair Éireann agus beid, fán ainm sin, ina gcomhlucht corpraithe go síor-chomharbas agus comh-shéala acu maille le cumhacht chun tailte agus maoin eile do cheannach, do thógaint, do shealbhú agus do chur de láimh chun críoch na Cuideachtan.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh ar dháta an bhunuithe.

[EN]

Críocha na Cuideachtan.

10.—(1) Is iad críocha na Cuideachtan ná—

[EN]

(a) seirbhísí iompair d'oibriú,

[EN]

(b) aon ghnó fó-ghabhálach nó foirlíontach do sheoladh lena n-áirítear feithiclí iompair (agus innill) maraon le páirteanna agus fearas dóibh do dhéanamh, do dheisiú agus do chothabháil dóibh féin nó d'éinne eile.

[EN]

(2) Le ceadú an Aire féadfaidh an Chuideachta, trí chomhaontú, iomlán aon ghnóthais iompair nó cuid ar bith d'aon ghnóthas iompair a bheas á sheoladh ag aon duine eile, maraon leis an maoin agus na sócmhainní bheas á n-úsáid sa ghnóthas san nó maidir leis, do thógaint chucu trí cheannach nó trí stoc de chuid na Cuideachtan do mhalairtiú.

[EN]

(3) D'ainneoin aon achtacháin, féadfaidh duine ar bith ag á mbeidh gnóthas iompair á sheoladh iomlán an ghnóthais sin nó aon chuid de nó aon scair ann do dhíol, ach an tAire do thoiliú chuige, leis an gCuideachtain.

[EN]

(4) Féadfaidh an Chuideachta—

[EN]

(a) aon tigh ósta do sheoladh do bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, á sheoladh ag cuideachtain scurtha;

[EN]

(b) tigh ósta do sheoladh i gcomhgar do chúrsa aon cheann dá seirbhísí iompair agus chuige sin aon leas d'fháil i dtalamh agus (más gá) foirgintí do thógáil air;

[EN]

(c) gach ní do dhéanamh i dtaobh a dtithe ósta dob indéanta ag pearsain aonair;

[EN]

(d) aon tigh ósta leo agus aon leas i dtalamh ar bith a bheas ar seilbh acu i ndáil lena dtithe ósta do chur de láimh.

[EN]

(5) San alt so—

[EN]

folaíonn an abairt “tigh ósta” tigh bídh, seomraí úrúcháin agus gnóthais dá samhail;

[EN]

ciallaíonn an abairt “seirbhísí iompair” seirbhísí iompair d'iarnród, de thrambhealach, de loingseoireacht intíre, de mhuir, d'aer nó de bhóthar;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnóthas iompair” aon ghnóthas a bhíos ag oibriú aon tseirbhíse iompair poiblí.

[EN]

Cuideachtana scurtha do scur.

11.—(1) Fá réir na bhforál atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh an chuideachta iarnróid scurtha agus an chuideachta iompair scurtha fá seach arna scur, de bhuaidh an ailt seo, ar dháta an bhunuithe.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht so maidir leis na cuideachtana scurtha agus leis an gCuideachtain.

[EN]

Gnóthais na gcuideachtan scurtha d'aistriú chun na Cuideachtan.

12.—Ar dháta an bhunuithe beidh gnóthais uile agus fá seach gach cuideachtan scurtha fá leith de bhuaidh an ailt seo arna n-aistriú chun na Cuideachtan agus arna ndílsiú ionta agus ina ngnóthais leo.

Caibidil III.

Forála Airgeadais.

[EN]

Caipiteal na Cuideachtan.

13.—Ní raghaidh caipiteal na Cuideachtan, a bunófar agus a heiseofar do réir na Coda so, thar fiche milleon punt agus de sin—

[EN]

(a) ní bheidh thar sé mhilleon déag punt ina stoc bintiúra, agus

[EN]

(b) ní bheidh thar ceithre mhilleon punt ina ghnáth-stoc.

[EN]

Stoc de chuid na Cuideachtan mar mhalairt ar stoc de chuid na gcuideachtan scurtha.

14.—(1) Ar dháta an bhunuithe, ach fá réir fó-ailt (2) den alt so,—

[EN]

(a) gach duine bheas díreach roimh dháta an bhunuithe ina shealbhóir chláraithe ar aon stoc de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha tuairiscítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht so ag aon uimhir thagartha (seachas uimhir thagartha 2) tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé de bhuaidh an fhó-ailt seo, in aghaidh gach céad punt fá leith den stoc san a bheas ar seilbh aige, ina shealbhóir chláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san, de stoc na Cuideachtan a tuairiscítear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san agus do réir an chothroim sin in aghaidh méideanna de stoc san na cuideachtan iarnróid scurtha is mó nó is lú ná céad punt, in ionad an stoic sin is déanaí luaitear a bheas ar seilbh aige agus mar mhalairt air;

[EN]

(b) gach duine bheas díreach roimh dháta an bhunuithe ina shealbhóir chláraithe ar aon stoc de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha tuairiscítear i gcolún (2) den Chuid sin I ag uimhir thagartha 2 tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé de bhuaidh an fhó-ailt seo, in aghaidh gach céad punt fá leith den stoc san a bheas ar seilbh aige, ina shealbhóir chláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san, de gach stoc de chuid na Cuideachtan a tuairiscítear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha san agus do réir an chothroim sin in aghaidh méideanna de stoc san na cuideachtan iarnróid scurtha is mó nó is lú ná céad punt, in ionad an stoic sin is déanaí luaitear a bheas ar seilbh aige agus mar mhalairt air;

[EN]

(c) gach duine bheas díreach roimh dháta an bhunuithe ina shealbhóir chláraithe ar aon stoc de chuid na cuideachtan iompair scurtha tuairiscítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht so ag aon uimhir thagartha tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé de bhuaidh an fhó-ailt seo, in aghaidh gach céad punt fá leith den stoc san a bheas ar seilbh aige, ina shealbhóir chláraithe ar an méid, atá leagtha amach i gcolún (4) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha san, de stoc na Cuideachtan a tuairiscítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha san agus do réir an chothroim sin in aghaidh méideanna de stoc san na cuideachtan iompair scurtha is mó nó is lú ná céad punt, in ionad an stoic sin is déanaí luaitear a bheas ar seilbh aige agus mar mhalairt air.

[EN]

(2) Ní bheidh teideal ag duine ar bith, trí oibriú fó-ailt (1) den alt so, chun aon chodáin de phunt d'aon stoc malairtithe agus i gcás ina dtiocfadh duine, mura mbeadh an fó-alt so, chun bheith ina shealbhóir ar chodán de phunt d'aon stoc malairtithe, íocfaidh an Chuideachta leis an duine sin in airgead luach par an chodáin sin.

[EN]

(3) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, gach duine thiocfas, de bhuaidh an ailt seo, chun bheith ina shealbhóir chláraithe ar stoc malairtithe glacfaidh (fá réir forál an Achta so) agus is tuigthe é do ghlacadh (fána réir sin) leis an stoc malairtithe dáileofar dó fán alt so mar mhalairt ar an stoc de chuid na gcuideachtan scurtha bheas ar seilbh aige agus mar ghlanadh ar gach éileamh fé.

[EN]

(4) Is tuigthe, de bhuaidh an ailt seo, stoc malairtithe do bhunú agus d'eisiúin go cuibhe ar dháta an bhunuithe.

[EN]

Forála foirlíontacha maidir le stoc malairtithe.

15.—(1) Aon tsealbhóir ar stoc de chuid cuideachtan scurtha a dhéanfas an deimhniú nó na deimhnithe ar an stoc san do sheachadadh do Rúnaí na Cuideachtan le cealú, beidh sé i dteideal, gan éinní d'íoc, go bhfuighidh ón gCuideachtain, mar mhalairt ar an deimhniú nó ar na deimhnithe seachadfar amhlaidh, deimhniú ar an stoc malairtithe dáilítear don tsealbhóir sin le halt 14 den Acht so mar mhalairt ar an stoc a ndéanfar an deimhniú nó na deimhnithe air do sheachadadh amhlaidh, ach, go dtí go ndéanfar an malairtiú san, is tuigthe, fá réir fó-ailt (2) den alt san 14, na deimhnithe ar stoc de chuid na gcuideachtan scurtha do bheith ina ndeimhnithe ar stoc de chuid na Cuideachtan a dáilítear leis an alt san 14 do shealbhóirí ar stoc de chuid na gcuideachtan scurtha.

[EN]

(2) Má cailltear nó má díthítear aon deimhniú ar stoc de chuid aon chuideachtan scurtha a ndéantar aon stoc malairtithe do dháiliú le halt 14 den Acht so mar mhalairt air, ansan, ar an gcailliúin nó ar an díthiú san do chruthú agus ar shlánú, bheas réasúnach agus chun sástachta stiúrthóirí na Cuideachtan, do thabhairt i gcoinne aon éilimh i leith an deimhnithe sin, seachadfaidh an Chuideachta don duine bheas i dteideal an deimhnithe sin deimhniú ar an stoc malairtithe dáilítear dó leis an alt san 14.

[EN]

(3) Stoc de chuid na Cuideachtan a malairteofar de bhuaidh ailt 14 den Acht so ar stoc de chuid aon chuideachtan scurtha is amhlaidh a sealbhófar é ar na hiontaobhais agus fá réir na n-iontaobhas, na lian, na muirear, na gcumhacht, agus fós na gceart, na bpríbhléidí agus na srianta eile dlí nó cothroim, do bhain leis an stoc a ndéanfar, de bhuaidh an ailt sin 14, stoc de chuid na Cuideachtan do mhalairtiú air, agus aon tagairt atá in aon reacht, dintiúir, uacht, coduisíl, leabhar, docaimint, ionstraim, nó scríbhinn do stoc na cuideachtan scurtha san, is tuigthe, amhail ar dháta an bhunuithe agus dá éis, gur tagairt í do stoc na Cuideachtan a malairteofar air de bhuaidh an ailt sin 14.

[EN]

(4) Aon duine (is iontaobhaí nó seiceadúir nó bheas ag gníomhú in aon fheidhmeannas ionadaíochta nó iontaobhais) a bheas, díreach roimh dháta an bhunuithe, ina shealbhóir ar aon stoc de chuid cuideachtan scurtha ar a ndéanfar aon stoc de chuid na Cuideachtan do mhalairtiú de bhuaidh ailt 14 den Acht so, féadfaidh sé an stoc malairtithe do shealbhú, do chur de láimh nó deighleáil leis ar shlí eile ar gach cuma ar a bhféadfadh sé an stoc ar a ndéanfar é mhalairtiú amhlaidh do shealbhú, do chur de láimh nó deighleáil leis ar shlí eile.

[EN]

Stoc bintiúra nua do bhunú agus d'eisiúin.

16.—(1) Chun airgead do sholáthar nó chun aon stoc bintiúra d'íoc nó d'fhuascailt nó chun go dtógfaí, trí stoc bintiúra do mhalairtiú, aon ghnóthas iompair a húdaraítear don Chuideachtain a thógaint, féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan, le cead a bhéarfaidh an tAire roimhré taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, stoc bintiúra do bhunú agus d'eisiúin ó am go ham ach gan méid iomlán an stoic bhintiúra (agus stoc bintiúra malairtithe d'áireamh) a bheas bunaithe agus eisithe do dhul thar sé mhilleon déag punt.

[EN]

(2) Nuair a bheas áireamh á dhéanamh, chun críoch fó-ailt (1) den alt so, ar mhéid iomlán an stoic bhintiúra (agus stoc bintiúra malairtithe d'áireamh) a bheas bunaithe agus eisithe, cuirfear sa chuntas aon stoc bintiúra bheas fuascailte.

[EN]

Forála maidir le stoc bintiúra.

17.—(1) Beidh ús do réir 3 fán gcéad sa bhliain ar stoc bintiúra malairtithe agus beidh an t-ús san iníoctha go leath-bhliantúil an 15ú lá d'Iúl agus an 15ú lá d'Eanar gach bliain in aghaidh na leath-bhliana dar críoch an 30ú lá den Mheitheamh agus an 31ú lá den Nollaig dheiridh roimhe sin fá seach.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le stoc bintiúra malairtithe d'fhuascailt, sé sin le rá:—

[EN]

(a) féadfar é d'fhuascailt ar par in airgead an 30ú lá de Mheitheamh, 1955, nó aon 31ú lá de Nollaig nó 30ú lá de Mheitheamh ina dhiaidh sin,

[EN]

(b) mura mbeidh sé fuascailte roimh an 30ú lá de Mheitheamh, 1960, fuasclófar é ar par in airgead ar an dáta san,

[EN]

(c) ní fuasclófar é aon 30ú lá de Mheitheamh (seachas an 30ú lá de Mheitheamh, 1960) ná aon 31ú lá de Nollaig ach amháin taréis fógra sé mhí do thabhairt i dtaobh a bheith beartaithe é d'fhuascailt.

[EN]

(3) Féadfar stoc bintiúra (seachas stoc bintiúra malairtithe) do bhunú agus d'eisiúin ó am go ham fá réir pé téarmaí agus coinníollacha, maidir le ráta agus íoc an úis air agus maidir lena fhuascailt, a cheadóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(4) Déanfar na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a fuasclófar aon stoc bintiúra áirithe do luadh ar gach deimhniú ar an stoc bintiúra san.

[EN]

An Stát d'urrú stoic bhintiúra.

18.—(1) Déanfaidh an tAire Airgeadais, maidir le stoc bintiúra malairtithe nó maidir le haon stoc bintiúra eile bheas beartaithe do bhunú agus d'eisiúin, urraíocht do dhéanamh, sa tslí agus sa bhfoirm a mheasfaidh is ceart, ar íoc cuibhe do réir téarmaí an stoic bhintiúra san an bhun-airgid agus, fá réir fó-ailt (2) den alt so, an úis a bheas urraithe ag an stoc bintiúra san.

[EN]

(2) I gcás stoc bintiúra ar a mbeidh ús do réir ráta is mó ná trí fán gcéad sa bhliain do bhunú agus d'eisiúin déanfaidh an tAire Airgeadais urraíocht ar íoc cuibhe an úis air suas go dtí trí fán gcéad sa bhliain amháin.

[EN]

(3) An t-airgead uile bheas ag teastáil ón Aire Airgeadais ó am go ham chun íoctha suimeanna thiocfas chun bheith iníoctha fá aon urraíocht a bheárfaidh sé fán alt so, réamh-íocfar é amach as an bPrímh-Chiste nó as a thoradh fáis.

[EN]

(4) Chun airgead do sholáthar le haghaidh na suimeanna réamhíocfar as an bPrímh-Chiste fán alt so, féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna d'fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus chun críche na hiasachta san féadfaidh an tAire sin urrúis do bhunú agus d'eisiúin ar pé ráta úis agus fá réir pé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh isteach sa Stát-Chiste an t-airgead do gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(5) Is ar an bPrímh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis aon urrús a eiseoidh an tAire Airgeadais fán alt so agus na gcostas fána raghfar i dtaobh na n-urrús san d'eisiúin.

[EN]

(6) Aon tsuimeanna réamh-íocfar as an bPrímh-Chiste nó as a thoradh fáis chun na gcríoch a luaitear i bhfó-alt (3) den alt so, aisíocfaidh an Chuideachta leis an bPrímh-Chiste iad (maraon le hús orthu do réir pé rátaí cheapfaidh an tAire Airgeadais) fá cheann dhá mhí dhéag ó dháta an réamh-íoca.

[EN]

(7) I gcás iomlán na suimeanna nó aon chuid de na suimeanna réamh-íocfar as an bPrímh-Chiste nó as a thoradh fáis chun na gcríoch a luaitear i bhfó-alt (3) den alt so do bheith gan aisíoc ag an gCuideachtain leis an bPrímh-Chiste do réir fó-ailt (6) den alt so, déanfar an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(8) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead fá fhó-alt (7) den alt so ní shaorfaidh san an Chuideachta óna bheith orthu méid iomlán aon réamh-íoca déanfar fá fhó-alt (3) den alt so, maraon le hús air do réir an ráta cheapfaidh an tAire Airgeadais, d'aisíoc leis an bPrímh-Chiste, ach déanfaidh an Chuideachta an t-aisíoc san pé tráthanna agus i pé tráthchoda cheapfaidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(9) Chomh luath agus is féidir é tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1945, leagfaidh an tAire Airgeadais fá bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas, i pé foirm a mheasfaidh is ceart, ina luafar, maidir le gach urraíocht fá leith do thug sé fán alt so i rith na tréimhse dar tosach dáta an bhunuithe agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1945—

[EN]

(a) sonnraí ar an stoc bintiúra d'urraigh sé amhlaidh,

[EN]

(b) i gcás é d'íoc aon tsuime fán urraíocht san roimh an 1ú lá d'Abrán, 1945—

[EN]

(i) méid na suime sin,

[EN]

(ii) an méid (más ann) do haisíocadh fá fhó-alt (6) den alt so leis an bPrímh-Chiste alos na híocaíochta san,

[EN]

(c) an méid a dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar bhun-airgead fán urraíocht san dá ndéantaí í d'fhoirfheidhmiú an 1ú lá d'Abrán, 1945.

[EN]

(10) Chomh luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1946, nó dá éis, leagfaidh an tAire Airgeadais fá bhráid gach Tighe den Oireachtas ráiteas, i pé foirm a mheasfaidh is ceart, ina luafar—

[EN]

(a) maidir le gach urraíocht do thug sé fán alt so i rith na bliana airgeadais sin—

[EN]

(i) sonnraí ar an stoc bintiúra d'urraigh sé amhlaidh,

[EN]

(ii) i gcás é d'íoc aon tsuime fán urraíocht san roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

[EN]

(I) méid na suime sin,

[EN]

(II) an méid (más ann) do haisíocadh fá fhó-alt (6) den alt so leis an bPrímh-Chiste alos na híocaíochta san,

[EN]

(iii) an méid do dhlífeadh an tAire sin d'íoc mar bhunairgead fán urraíocht san dá ndéantaí í d'fhoirfheidhmiú láithreach ar an mbliain airgeadais sin do bheith caite,

[EN]

(b) maidir le gach urraíocht do thug sé fán alt so roimh thosach na bliana airgeadais sin agus do bhí i bhfeidhm an tráth san—

[EN]

(i) sonnraí ar an stoc bintiúra d'urraigh sá amhlaidh,

[EN]

(ii) i gcás é d'íoc aon tsuime fán urraíocht san roimh dheireadh na bliana airgeadais sin—

[EN]

(I) méid na suime sin,

[EN]

(II) an méid (más ann) do haisíocadh fá fhó-alt (6) den alt so leis an bPrímh-Chiste alos na híocaíochta san,

[EN]

(iii) an méid do dhlífeadh an tAire sin d'aisíoc mar bhun-airgead fán urraíocht san dá ndéantaí í d'fhoirfheidhmiú láithreach ar an mbliain airgeadais sin do bheith caite.

[EN]

Gnáth-stoc nua do bhunú agus d'eisiúin.

19.—Féadfaidh an Chuideachta gnáth-stoc do bhunú agus d'eisiúin ó am go ham ach gan méid iomlán an ghnáth-stoic (agus gnáth-stoc malairtithe d'áireamh) a bheas bunaithe agus eisithe do dhul thar ceithre mhilleon punt.

[EN]

Díbhinní ar an ngnáth-stoc.

20.—An díbhinn ar an ngnáth-stoc in aghaidh aon bhliana áirithe ní bheidh sí iníoctha ach amháin as an mbrabús de chuid na Cuideachtan is inúsáite chun díbhinní d'íoc sa bhliain sin, agus ní raghaidh sí thar sé fán gcéad.

[EN]

Ús agus díbhinní neamh-éilithe.

21.—Aon ús ar stoc bintiúra nó aon díbhinn ar ghnáth-stoc a bheas gan éileamh ar feadh bliana taréis bheith dlite nó fógartha dhó, féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan é shuncáil nó é úsáid ar shlí eile chun tairbhe don Chuideachtain go dtí go n-éileofar é.

[EN]

Ciste Fuascailte.

22.—(1) Taréis soláthar do dhéanamh chun ús d'íoc ar stoc bintiúra agus le haghaidh éilithe agus oblagáidí socair eile, cuirfidh an Chuideachta i leataoibh, ó am go ham, pé suimeanna mheasfaid is ceart chun ciste do bhunú chun aon chuid dá stoc bintiúra d'fhuascailt is infhuascailte i bpáirt nó go hiomlán in airgead fá choinníollacha na heisiúna.

[EN]

(2) Féadfaidh an Chuideachta aon tsuim a cuirfear i leataoibh fá fhó-alt (1) den alt so agus an t-ioncam uaithi do shuncáil—

[EN]

(a) i pé urrúis, a bheas údaraithe de thuras na huaire do réir dlí chun cistí iontaobhais do shuncáil iontu, a mheasfaidh an Chuideachta, taréis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, is ceart;

[EN]

(b) i pé urrúis eile, a bheas údaraithe de thuras na huaire chuige sin ag an Aire Airgeadais, a mheasfaidh an Chuideachta is ceart.

[EN]

(3) Déanfar na suimeanna uile cuirfear i leataoibh fá fhó-alt (1) den alt so maraon leis an ioncam uathu d'úsáid chun nó mar chabhair chun fuascailt do dhéanamh, ar aibiú dhó, ar aon stoc bintiúra ar chun a fhuascailte a cuireadh i leataoibh iad nó féadfar, más oiriúnach le stiúrthóirí na Cuideachtan é, iad d'úsáid chun aon stoc bintiúra den tsórt san do cheannach ar phraghas (gan ús fásta ann d'áireamh) ná raghaidh, ach amháin le ceadú an Aire Airgeadais, thar an bpraghas fuascailte, agus déanfar aon stoc bintiúra ceannófar amhlaidh do dhí-scríobhadh agus do chealú.

[EN]

Cumhacht na Cuideachtan chun airgead d'fháil ar iasacht go sealadach.

23.—I dteannta a gcumhacht chun airgead d'fháil ar iasacht go sealadach trí stoc bintiúra d'eisiúin, féadfaidh an Chuideachta, trí shocrú do dhéanamh le bancaerí, pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a bheas ag teastáil uathu chun a n-oblagáidí do ghlanadh agus a ndualgais do chomhlíonadh, ach ní raghaidh an méid iomlán do gheobhfar ar iasacht fán alt so thar cúig chéad míle punt aon tráth.

[EN]

Deireadh le cumhachta caipitil neamhfheidhmithe na gcuideachtan scurtha.

24.—Na cumhachta neamh-fheidhmithe uile chun airgead do chruinniú do tugadh do na cuideachtana scurtha scuirfid, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, de bheith infheidhmithe.

[EN]

Admháil i gcás duine nach sui juris.

25.—I gcás aon airgead do bheith iníoctha ag an gCuideachtain le sealbhóir, is mion-aoiseach nó duine nach slán meabhair, ar stoc de chuid na Cuideachtan, is leor-ghlanadh don Chuideachtain admháil ó chaomhnóir nó coiste a eastáit.

[EN]

Cuntais, staithistic agus tuairisceáin.

26.—(1) Na cuntais i dtaobh a ngnóthais iarnróid a bheas le tabhairt ag an gCuideachtain fán Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, cuirfear le chéile iad sa tslí ordóidh an tAire taréis dó dul i gcomhairle leis an gCuideachtain.

[EN]

(2) Beidh de dhualgas ar an gCuideachtain pé cuntais, staithistic agus tuairisceáin a éileoidh an tAire do chur le chéile agus do thabhairt dó sa tslí agus sa bhfoirm a ordóidh sé.

[EN]

(3) Chun críche an Achta so beidh de chumhacht ag an Aire nó ag aon oifigeach go n-údarás cuibhe aige uaidh pé fiosruithe a mheasfaidh is gá do dhéanamh i dtaobh gnóthaí na Cuideachtan agus beidh teacht aige ar leabhair, cuntais agus tuairisceáin na Cuideachtan, agus bhéarfaidh oifigigh agus seirbhísigh na Cuideachtan don Aire nó d'aon oifigeach cuibhe-údaraithe den tsórt san pé saoráidí éileoidh sé.

[EN]

(4) Cumhachta an Aire fán alt so ní laghdú iad ach méadú ar aon chumhacht do bheirtear dó fán Acht so nó fá aon Acht eile chun fiosrúcháin do chur ar siúl.

[EN]

(5) I gcás an Chuideachta d'fhágaint aon cheanglais áirithe den alt so gan comhlíonadh, beidh an ceanglas san infhoirfheidhmithe le hordú ón Ard-Chúirt ar iarratas an Aire.

[EN]

(6) Ní léireofar éinní atá san alt so mar ní údaraíos aon teorannú nó cur isteach ar urlámhas na Cuideachtan maidir leis na críocha chun a n-úsáidfear a gcaiteachas.

[EN]

(7) Rialacháin arna ndéanamh ag an Aire chun críoch ailt 69 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe, leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu fé is dá mba fán alt so déanfaí iad.

[EN]

Cuntais iniúchta na Cuideachtan do leagadh fá bhráid Tithe an Oireachtais.

27.—Bhéarfaidh an tAire go ndéanfar cóip de chuntais iniúchta na Cuideachtan in aghaidh gach bliana fá leith, maraon le cóip d'aon tuarascáil ó na hiniúchóirí ina dtaobh, do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas.

[EN]

Cuntais bhliantúla na Cuideachtan do thabhairt do shealbhóirí stoic.

28.—(1) Déanfaidh an Chuideachta, tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh ghnáth-chruinniú na Cuideachtan a bheas ann bliain ar bith (seachas an bhliain 1945), cóip de chuntais na Cuideachtan arna n-ullmhú i pé foirm ordóidh an tAire chun críoch an ailt seo in aghaidh na bliana deiridh roimhe sin do chur go dtí gach sealbhóir ar stoc de chuid na Cuideachtan.

[EN]

(2) An méid d'fhó-alt (3) d'alt 1 den Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, a cheanglas ar chuideachtain iarnróid chorpraithe cóip de na cuntais agus de na tuairisceáin do chur go dtí aon scair-shealbhóir nó sealbhóir bintiúra de chuid na cuideachtan a iarrfas cóip, ní bhainfidh sé leis an gCuideachtain.

[EN]

Iniúchóirí.

29.—(1) Is iad stiúrthóirí na Cuideachtan a ainmneos na hiniúchóirí don tréimhse dar tosach dáta an bhunuithe agus dar críoch dáta céad ghnáth-chruinnithe na Cuideachtan.

[EN]

(2) Déanfaidh an Chuideachta, ag gach gnáth-chruinniú, an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí do cheapadh agus beidh an t-iniúchóir nó na hiniúchóirí ceapfar amhlaidh ag aon ghnáthchruinniú i seilbh oifige go dtí an chéad ghnáth-chruinniú eile den Chuideachtain.

[EN]

(3) Mura ndéantar aon iniúchóir nó iniúchóirí do cheapadh ag gnáth-chruinniú den Chuideachtain, féadfaidh an tAire, ar aon tsealbhóir gnáth-stoic dá iarraidh sin, iniúchóir do cheapadh chun bheith i seilbh oifige go dtí an chéad ghnáth-chruinniú eile den Chuideachtain agus an luach saothair do cheapadh a íocfaidh an Chuideachta leis.

[EN]

(4) Ní bheidh stiúrthóir ná oifigeach don Chuideachtain intofa mar iniúchóir.

[EN]

(5) Ní déanfar duine ar bith (seachas iniúchóir a bheas ag dul as oifig) do cheapadh ina iniúchóir ag gnáth-chruinniú den Chuideachtain mura mbeidh fógra tugtha ag sealbhóir gnáth-stoic tráth nach déanaí ná lá is fiche roimh an gcruinniú i dtaobh é bheith ar intinn an duine sin d'ainmniú agus cóip den fhógra tugtha ag an gCuideachtain do na hiniúchóirí bheas ag dul as oifig agus do shealbhóirí gnáth-stoic na Cuideachtan tráth nach déanaí ná seacht lá roimh an gcruinniú.

Caibidil IV.

Cruinnithe na Cuideachtan.

[EN]

Dáta na ngnáthchruinnithe.

30.—Tionólfar gnáth-chruinniú na Cuideachtan tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta gach bliain, agus tionólfar céad ghnáth-chruinniú na Cuideachtan sa bhliain 1945.

[EN]

Cuóram do chruinniú den Chuideachtain.

31.—Isé is cuóram do chruinniú den Chuideachtain ná—

[EN]

(a) caoga sealbhóir gnáth-stoic agus iad i láthair i bpearsain nó trí ionadaíocht, nó

[EN]

(b) fiche sealbhóir gnáth-stoic agus iad i láthair i bpearsain nó trí ionadaíocht agus seilbh acu san iomlán ar ghnáthstoc d'ainm-luach nach lú ná céad míle punt.

[EN]

Vótaí sealbhóirí gnáth-stoic.

32.—Ag gach cruinniú generálta den Chuideachtain beidh gach sealbhóir gnáth-stoic cláraithe i dteideal aon vóta amháin in aghaidh gach puint de ghnáth-stoc a bheas ar seilbh aige.

[EN]

Cumhachta maidir le stiúrthóirí, iniúchóirí, etc.

33.—Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní déanfar na stiúrthóirí agus na hiniúchóirí do roghnú agus do chur as oifig, ná luach saothair na stiúrthóirí agus na n-iniúchóirí do chinneadh ná díbhinní (seachas díbhinní interim) d'fhógairt ach amháin ag cruinniú generálta den Chuideachtain.

[EN]

Vótáil ag comhshealbhóirí gnáth-stoic.

34.—(1) I gcás teideal i bpáirt do bheith ag daoine iomdha chun gnáth-stoic agus iad do bheith cláraithe mar chomhshealbhóirí air, féadfaidh éinne de na daoine sin vótáil ag aon chruinniú den Chuideachtain, i bpearsain nó trí ionadaíocht, maidir leis an ngnáth-stoc fé is dá mb'aige féin amháin a bheadh teideal chuige, ach má bhíonn níos mó ná aon chomh-shealbhóir amháin i láthair ag aon chruinniú i bpearsain nó trí ionadaíocht is é amháin a bheas i dteideal vótáil maidir leis an stoc ná an duine sin, de na daoine sin a bheas i láthair amhlaidh, a mbeidh a ainm i dtosach ar an gclár maidir leis an stoc.

[EN]

(2) Chun críoch an ailt seo, is tuigthe beirt nó níos mó seiceadúirí nó riarthóirí dhuine mhairbh a mbeidh gnáth-stoc ina ainm do bheith ina gcomh-shealbhóirí ar an stoc san.

[EN]

Ionadaigh do cheapadh fá chumhacht atúrnae.

35.—(1) Féadfaidh atúrnae aon tsealbhóra ghnáth-stoic a bheas údaraithe go cuibhe i scríbhinn ionadach (a bheas, i gcás an sealbhóir gnáth-stoic sin do bheith ina chomhlucht corpraithe, ina chomhalta den chomhlucht chorpraithe sin nó ina shealbhóir gnáth-stoic nó, in aon chás eile, ina shealbhóir gnáth-stoic) do cheapadh chun vótáil don tsealbhóir ghnáth-stoic sin agus thar a cheann agus, chun na críche sin, féadfaidh an fhoirm ionadaíochta is gá do chomhlánú thar ceann an tsealbhóra ghnáth-stoic sin.

[EN]

(2) I gcás ionadach do cheapadh fá chumhacht atúrnae, cuirfear an chumhacht atúrnae chun Rúnaí na Cuideachtan ar aon tráth leis an ionstraim lena gceapfar an t-ionadach nó roimhe sin.

[EN]

Leabhair na n-aistrithe do dhúnadh roimh na gnáthchruinnithe.

36.—(1) Féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan an clár de na haistrithe ar ghnáth-stoc do dhúnadh ar feadh tréimhse nach sia ná lá is fiche roimh gach gnáth-chruinniú agus roimh gach cruinniú de stiúrthóirí na Cuideachtan ag a mbeifear chun breithniú do dhéanamh i dtaobh díbhinn interim d'fhógairt.

[EN]

(2) Féadfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan an clár de na haistrithe ar stoc bintiúra d'aon eisiúin áirithe do dhúnadh ar feadh tréimhse nach sia ná lá is fiche roimh aon lá ar a mbeidh ús ar an stoc bintiúra san iníoctha.

[EN]

(3) Bhéarfar fógra seacht lá, trí fhógrán i ngach ceann de na nuachtáin mhaidne laethúla bheas á bhfoillsiú de thuras na huaire i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh, i dtaobh aon chláir de na naistrithe ar stoc do dhúnadh fán alt so.

Caibidil V.

An Bord Stiúrthóirí.

[EN]

Bord stiúrthóirí na Cuideachtan.

37.—(1) Déanfar an Chuideachta do stiúradh ag bord stiúrthóirí (dá ngairmtear an Bord sa Chaibidil seo agus sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so) a bheas comhdhéanta de—

[EN]

(a) cathaoirleach (dá ngairmtear an Cathaoirleach san Acht so),

[EN]

(b) an uimhir sin de stiúrthóirí eile (dá ngairmtear stiúrthóirí stoc-shealbhóirí sa Chaibidil seo agus sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so) a foráltar leis an gCeathrú Sceideal san.

[EN]

(2) Fá réir fó-ailt (4) den alt so, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin aon fholúntas do bheith ina gcomhaltas.

[EN]

(3) Is cuóram an Cathaoirleach ina aonar ag cruinniú den Bhord.

[EN]

(4) Ní bheidh aon chruinniú den Bhord ann mura mbeidh an Cathaoirleach sa láthair.

[EN]

(5) Ní thabharfaidh an Bord aon bhreith ag aon chruinniú gan an Cathaoirleach d'aontú léi.

[EN]

Luach saothair na stiúrthóirí.

38.—Íocfar leis an mBord as cistí na Cuideachtan mar luach saothair as a seirbhísí pé suimeanna chinnfidh an Chuideachta ó am go ham ag cruinniú generálta, agus roinnfear an luach saothair sin ar na stiúrthóirí i pé cionúireachta agus i pé slí chinnfidh an Bord.

[EN]

Forála maidir leis an gCathaoirleach.

39.—(1) Déanfaidh an tAire, roimh dháta an bhunuithe agus ina dhiaidh sin do réir mar is gá, duine do cheapadh chun bheith ina Chathaoirleach agus tosnóidh téarma oifige an chéad Chathaoirligh ar dháta an bhunuithe.

[EN]

(2) Murab éag nó éirí as nó cur as oifig roimhe sin dó, beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige ar feadh pé téarma a dhéanfaidh an tAire, taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a chinneadh tráth a cheaptha.

[EN]

(3) Fá réir forál an ailt seo, beidh an Cathaoirleach i seilbh oifige ar pé coinníollacha chinnfidh an tAire tráth a cheaptha.

[EN]

(4) Aon uair a cheapfas an tAire duine chun bheith ina Chathaoirleach, déanfaidh, a luaithe is féidir, ráiteas do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas ina luafar ainm an duine sin, a théarma oifige agus na coinníollacha ar a sealbhóidh sé an oifig.

[EN]

(5) Féadfaidh an Cathaoirleach éirí as a oifig tráth ar bith trí fhógra do thabhairt don Aire á rá go bhfuil sé chun éirí as a oifig ar dháta (nach luaithe ná trí mhí taréis an fógra do thabhairt amhlaidh) luafar sa bhfógra agus beidh éifeacht ag á éirí as amhail ar an dáta luafar amhlaidh agus dá éis.

[EN]

(6) Gach duine a dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige mar Chathaoirleach trí imeacht aimsire beidh sé in-athcheaptha.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire tráth ar bith ar chúiseanna luafar agus déanfaidh, má dhéanann an Cathaoirleach sárú (trí fhaillí nó gníomh) ar aon chuid d'fhorála fó-ailt (9) den alt so, an Cathaoirleach do chur as oifig le hordú, agus leagfar aon ordú den tsórt san fá bhráid gach Tighe den Oireachtas.

[EN]

(8) Faid a bheas an Cathaoirleach i seilbh oifige beidh sé dícháilithe ón a ainmniú nó a thoghadh agus ó shuí mar chomhalta de Dháil Éireann nó de Sheanad Éireann.

[EN]

(9) (a) Gach duine ceapfar chun bheith ina Chathaoirleach déanfaidh, fá cheann trí mhí ó dháta a cheaptha, an gnáth-stoc uile bheas dá chuid féin aige, nó a mbeidh leas aige ann chun tairbhe dhó féin, tráth a cheaptha do dhíol nó do chur de láimh ar shlí eile amuigh is amach;

[EN]

(b) má thagann agus aon uair a thiocfas aon ghnáth-stoc chun an Chathaoirligh nó chun bheith dílsithe ann trí uacht nó comharbas chun tairbhe dhó féin déanfaidh an Cathaoirleach, fá cheann trí mhí taréis an gnáthstoc san do theacht amhlaidh chuige nó chun bheith dílsithe ann, an gnáth-stoc san nó a leas ann do dhíol nó do chur de láimh ar shlí eile amuigh is amach;

[EN]

(c) ní dhéanfaidh an Cathaoirleach chun tairbhe dhó féin aon ghnáth-stoc do cheannach ná do thógaint ná leas ann d'fháil.

[EN]

(10) Más é tuairim an Aire tráth ar bith luach saothair an Chathaoirligh do bheith neamh-dhóthanach de thuras na huaire, féadfaidh sé ordú a thabhairt luach saothair an Chathaoirligh do mhéadú pé méid a mheasfaidh an tAire is cuibhe taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus méadófar luach saothair an Chathaoirligh dá réir sin, agus beidh an méadú san iníoctha ag an gCuideachtain.

[EN]

(11) Aon uair a bhéarfas an tAire ordú fá fhó-alt (10) den alt so déanfaidh, a luaithe is féidir, cóip den ordú do leagadh fá bhráid gach Tighe den Oireachtas.

[EN]

(12) Aon uair a bheas an Cathaoirleach, toisc easláinte nó toisc leor-chúise eile, fá mhí-chumas sealadach maidir le dualgais a oifige do chomhlíonadh, féadfaidh an tAire duine d'ainmniú chun dualgais an Chathaoirligh do chomhlíonadh i gcaitheamh an mhí-chumais sin agus i gcaitheamh an mhíchumais sin beidh ag an duine ceapfar amhlaidh cumhachta uile an Chathaoirligh agus is tuigthe chun críoch ailt 37 den Acht so gurb é an Cathaoirleach é.

[EN]

(13) Íocfaidh an Chuideachta le héinne a hainmneofar fá fhó-alt (9) den alt so pé luach saothair a cheapfaidh an tAire taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, agus, i gcás an duine sin do bheith ina stiúrthóir stoc-shealbhóirí don Cuideachtain, is luach saothair i dteannta a luach saothair mar stiúrthóir stoc-shealbhóirí an luach saothair sin.

[EN]

Stiúrthóir bainistí.

40.—(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham comhalta den Bhord do cheapadh chun bheith ina stiúrthóir bainistí don Chuideachtain go ceann téarma shocair nó gan teora maidir leis an tréimhse bheas sé i seilbh na hoifige sin agus féadfaid ó am go ham (fá réir forál aon chonnartha idir é féin agus an Chuideachta) é do chur nó do bhriseadh as oifig agus comhalta eile do cheapadh ina ionad.

[EN]

(2) Má scuireann stiúrthóir bainistí don Chuideachtain de bheith ina chomhalta den Bhord scuirfidh sé ipso facto agus láithreach de bheith ina stiúrthóir bainistí.

[EN]

(3) Ceapfaidh an Bord ó am go ham luach saothair (a bheas i bhfoirm tuarastail shocair agus ní hin aon fhoirm eile) stiúrthóra bhainistí don Chuideachtain.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord ó am go ham pé cuid, de na cumhachta is infheidhmithe ag an mBord, a mheasfaidh an Bord is cuibhe do dhearlacadh agus do thabhairt don té is stiúrthóir bainistí don Chuideachtain de thuras na huaire, agus féadfaidh na cumhachta san do bhronnadh go ceann pé aimsire agus lena bhfeidhmiú chun pé cuspóirí agus críoch agus ar pé téarmaí agus coinníollacha agus fá réir pé srianta is oiriúnach leis an mBord, agus féadfaidh an Bord na cumhachta san do thabhairt i dteannta, nó d'eisceadh agus in ionad, gach cuid nó aon chuid de chumhachta an Bhuird chuige sin, agus féadfaid ó am go ham aon chuid nó gach cuid de na cumhachta san do chúlghairm, d'aistarraing, d'athrú nó do mhodhnú.

[EN]

Forála maidir le stiúrthóirí stoc-shealbhóirí.

41.—Beidh feidhm ag na forála atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht so maidir leis na stiúrthóirí stocshealbhóirí.

[EN]

Cúiteamh do stiúrthóirí stoc-shealbhóirí áirithe.

42.—(1) Íocfaidh an Chuideachta le héinne a bheas, díreach roimh ghnáth-chruinniú na Cuideachtan a bheas ann i 1945, ina stiúrthóir stoc-shealbhóirí agus a éireos as a oifig tráth nach déanaí ná seacht lá taréis an chruinnithe sin suim is ionann agus—

[EN]

(a) i gcás gan é bheith ina stiúrthóir ach d'aon chuideachtain scurtha amháin, na táillí do fuair sé mar stiúrthóir don chuideachtain scurtha san ar feadh na tréimhse ceaptha,

[EN]

(b) i gcás é bheith ina stiúrthóir don dá chuideachtain scurtha, na táillí do fuair sé mar stiúrthóir do gach ceann den dá chuideachtain scurtha ar feadh na tréimhse ceaptha.

[EN]

(2) Íocfaidh an Chuideachta le héinne—

[EN]

(a) ba stiúrthóir don dá chuideachtain scurtha, agus

[EN]

(b) is stiúrthóir stoc-shealbhóirí díreach roimh ghnáthchruinniú na Cuideachtan a bheas ann i 1945, agus

[EN]

(c) ná héireoidh as a oifig mar stiúrthóir stoc-shealbhóirí fá cheann seacht lá taréis an chruinnithe sin,

[EN]

suim is comhionann leis na táillí do fuair sé mar stiúrthóir don chuideachtain iompair scurtha ar feadh na tréimhse ceaptha.

[EN]

(3) I gcás duine do bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, ina stiúrthóir bainistí don chuideachtain iompair scurtha, ansan, nuair a bheas áireamh á dhéanamh, chun críoch an ailt seo, ar na táillí do fuair sé mar stiúrthóir don chuideachtain sin ar feadh na tréimhse ceaptha, ní cuirfear sa chuntas an luach saothair dob iníoctha leis ar feadh na tréimhse ceaptha mar stiúrthóir bainistí.

[EN]

(4) San alt so ciallaíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse de dhá bhliain dar críoch an lá roimh dháta an bhunuithe.

[EN]

Caibidil VI.

Oifigigh agus Seirbhísigh.

[EN]

Cúiteamh d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe do na cuideachtana scurtha.

43.—(1) (a) I gcás—

[EN]

(i) duine do bheith, ar an 1ú lá d'Iúl, 1944, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach do cheachtar de na cuideachtana scurtha, agus

[EN]

(ii) gan an duine sin do theacht chun bheith ina phinsinéir nó ina bhlianachtóir de bhíthin a sheirbhíse sa chuideachtain sin, nó gan é d'éirí as dá thoil féin nó gan é chur as seirbhís na cuideachtan san mar gheall ar mhí-iompar nó mí-chumas, roimh dháta an bhunuithe, agus

[EN]

(iii) deireadh do chur le hoifig nó post an duine sin taréis an 1ú lá san d'Iúl, 1944, agus pé acu roimh dháta an bhunuithe nó ar an dáta san nó dá éis é, agus

[EN]

(iv) deireadh do chur leis an oifig nó leis an bpost san díreach agus d'aon-chúis in oirichill nó de thoradh an chomhnasctha déantar leis an gCuid seo,

[EN]

déanfaidh an Chuideachta cúiteamh arna áireamh sa tslí atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht so d'íoc leis an duine sin;

[EN]

(b) má éiríonn aon aighneas nó easaontas, idir an Chuideachta agus duine ar bith a bheas nó adéarfas é bheith i dteideal cúitimh fá mhír (a) den fhó-alt so, i dtaobh cé acu do rinneadh nó ná dearnadh deireadh do chur le hoifig nó post an duine sin díreach agus d'aon-chúis in oirichill nó de thoradh an chomhnasctha déantar leis an gCuid seo, is tuigthe, mura gcruthaí an Chuideachta a mhalairt, gur cuireadh deireadh leis an oifig nó leis an bpost amhlaidh;

[EN]

(c) i gcás duine do bhriseadh as seirbhís na cuideachtan iarnróid scurtha nó na Cuideachtan i gcúinsí do bhéarfas é bheith i dteideal cúitimh fá fhó-alt (4) d'alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933), ansan, d'ainneoin éinní atá i mír (a) den fhó-alt so, ní bheidh sé i dteideal cúitimh de bhuaidh na míre sin.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) duine do bheith, ar an 1ú lá d'Iúl, 1944, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach do cheachtar de na cuideachtana scurtha, agus

[EN]

(b) an duine sin d'aistriú, de thoradh an chomhnasctha déantar leis an gCuid seo, chun seirbhíse na Cuideachtan, agus

[EN]

(c)      (i) é thárlachtain, de thoradh an duine sin d'aistriú amhlaidh agus d'éamais a thola, aon chailliúin airgid do bhaint dó go díreach nó é bheith ar staid níos measa maidir le coinníollacha a sheirbhíse san iomlán (ar a n-áirítear sealbhaíocht oifige, luach saothair, aiscí, aoisliúntas, ciste breoiteachta nó aon tsochair nó liúntais de chuid na cuideachtan scurtha san, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh agus pé acu maidir leis féin atá feidhm acu nó maidir lena bhaintrigh nó lena chlainn nó le cleithiúnaithe eile leis) i gcomórtas leis na coinníollacha seirbhíse do bhain leis roimhe sin, nó ceachtar acu

[EN]

(ii) an Chuideachta dá chur ar an duine sin dualgais do chomhlíonadh ná fuil ar comhréir, nó atá ina mbreis neamh-réasúnach, leis na dualgais a dhligh sé a chomhlíonadh mar oifigeach nó mar sheirbhíseach don chuideachtain scurtha san,

[EN]

beidh sé i dteideal an Chuideachta d'íoc cúitimh leis i bhfoirm cnapshuime de pé méid a bheas réasúnach.

[EN]

(3) Chun críoch fó-ailt (1) den alt so, is tuigthe stiúrthóir bainistí na cuideachtan iompair scurtha do bheith ina oifigeach don chuideachtain sin.

[EN]

(4) Má éiríonn aon aighneas nó easaontas, idir an Chuideachta agus duine ar bith a bheas nó adéarfas é bheith i dteideal cúitimh fán alt so, i dtaobh an duine sin do bheith nó gan é bheith i dteideal an chúitimh sin nó i dtaobh méid nó modh áirimh an chúitimh sin nó i dtaobh éinní eile éireos fán gCúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, déanfar, arna iarraidh sin don Chuideachtain nó don duine sin, an t-aighneas nó an t-easaontas san do chur fá bhráid an bhuan-eadránaí a ceapfar fán alt so agus ní bheidh dul thar breith an bhuan-eadránaí.

[EN]

(5) Duine ar bith a mbeidh suim bhliantúil á fháil aige i bhfoirm cúitimh fán alt so féadfaidh, fá cheann bliana ó dháta ceaptha na suime bliantúla, a iarraidh ar an gCuideachtain an ceathrú cuid ar a mhéid den tsuim bhliantúil d'iomathrú trí shuim chaipitil d'íoc, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) ní dhiúltóidh an Chuideachta go mí-réasúnach don iarratas;

[EN]

(b) má dhiúltaíonn an Chuideachta don iarratas féadfaidh an t-iarratasóir, fá cheann mí taréis don Chuideachtain an diúltú san do chur in iúl don iarratasóir, achomharc do dhéanamh chun an bhuan-eadránaí, agus éistfidh agus cinnfidh an buan-eadránaí an t-achomharc agus beidh an bhreith do bhéarfaidh sé ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi;

[EN]

(c) má ghéilleann an Chuideachta don iarratas nó, ar an gCuideachtain do dhiúltú don iarratas, má chinneann an buan-eadránaí, ar achomharc, go mba cheart géilleadh dhó—

[EN]

(i) déanfaidh an Chuideachta, ar bheith áirithe don tsuim chaipitil a bheas le n-íoc mar iomathrú, a chur in iúl don iarratasóir cadé méid na suime sin agus féadfaidh an t-iarratasóir, fá cheann mí taréis san do chur in iúl dó, a iarratas do tharraing siar,

[EN]

(ii) mura ndéana an t-iarratasóir a iarratas do tharraing siar amhlaidh, íocfaidh an Chuideachta leis an iarratasóir an tsuim chaipitil sin mar iomathrú ar an gcuid sin den tsuim bhliantúil sin;

[EN]

(d) is é bheas sa tsuim chaipitil sin a bheas le n-íoc mar iomathrú ná pé suim do cheannódh, ar dháta an iarratais agus trí scéim bhlianachta bheas ceadaithe ag an Aire, blianacht saoil láithreach dob iníoctha leis an iarratasóir agus dob ionann agus méid bliantúil na coda san den tsuim bhliantúil sin, agus aois an iarratasóra d'áireamh chun na críche seo do réir na haoise bheas aige ar a chéad lá cothroim beirthe taréis dáta an iarratais.

[EN]

(6) Déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh, aon uair iarrfas an tAire air é, duine do cheapadh chun bheith ina bhuan-eadránaí chun críoch an ailt seo agus ceapfaidh na táillí bheas le híoc leis an duine sin i leith aon aighnis nó easaontais a cuirfear fána bhráid fá fhó-alt (4) den alt so nó i leith aon achomhairc a déanfar chuige fá fhó-alt (5) den alt so.

[EN]

(7) Íocfaidh an Chuideachta na táillí is iníoctha leis an mbuaneadránaí.

[EN]

(8) Féadfaidh an buan-eadránaí—

[EN]

(a) daoine do chur fá mhionn,

[EN]

(b) costais do mholadh as a chomhairle féin, a ordú cé leis agus cé uaidh a n-íocfar agus cadé an tslí ina n-íocfar na costais sin nó aon chuid díobh, méid na gcostas san do thomhas agus a cheangal ar aon pháirtí urraíocht i gcostas do thabhairt chun a shástachta le linn aon chéim de na himeachta os a chomhair,

[EN]

(c) gach ní nó aon ní nó nithe acu so leanas do dhéanamh—

[EN]

(i) fínnithe do ghairm chun teacht os a chomhair,

[EN]

(ii) aon fhínnithe thiocfas os a chomhair do cheistniú fá mhionn,

[EN]

(iii) a cheangal ar aon fhínné den tsórt san aon scríbhinn ar a chumas nó fána urláimh, a mheasfaidh an t-eadránaí is gá, do thabhairt ar áird,

[EN]

(d) ceartú do dhéanamh tráth ar bith ar son tuathal nó earráid chléireachais a bheas i moladh de dheascaibh éinní do sciorradh nó do ligean ar lár ann go cinniúnach,

[EN]

(e) na himeachta d'éisteacht i gcúirt oscailte ar cheachtar páirtí in imeachta os a chomhair dá iarraidh sin air.

[EN]

(9) Beidh teideal ag fínné os comhair an bhuan-eadránaí chun na saoirsí agus na bpríbhléidí chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné os comhair na hÁrd-Chúirte é.

[EN]

(10) Má thárlann do dhuine ar bith—

[EN]

(a) arna ghairm go cuibhe chun teacht mar fhínné os comhair an bhuan-eadránaí go bhfailleoidh sé teacht amhlaidh, nó

[EN]

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné go ndiúltóidh sé do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an buan-eadránaí air go dleathach a thabhairt, nó d'aon scríbhinn ar a chumas nó fána urláimh do thabhairt ar áird a cheanglóidh an buan-eadránaí air go dleathach a thabhairt ar áird, nó d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an buan-eadránaí air go dleathach a fhreagairt,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead do chur air.

[EN]

Scéim aoisliúntais.

44.—(1) Féadfaidh an Chuideachta scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais san alt so), chun ciste aoisliúntais do bhunú ar fhoras rann-íocach ar mhaithe le fostaithe nó le haon aicme áirithe d'fhostaithe na Cuideachtan, d'ullmhú agus féadfaid, agus má cheanglann an tAire orthu é déanfaid fá cheann pé tréimhse ordóidh sé, an céanna do chur fá bhráid an Aire.

[EN]

(2) I gcás scéim aoisliúntais do chur fá bhráid an Aire fá fhó-alt (1) den alt so, féadfaidh an tAire an scéim do chur thar n-ais go dtí an Chuideachta chun í athbhreithniú agus í chur fána bhráid athuair nó féadfaidh an scéim do dhaingniú le hordú gan modhnú nó go pé modhnuithe (trí adú, fágaint ar lár nó athrú) a mheasfaidh an tAire do bheith ceart.

[EN]

(3) Féadfaidh an Chuideachta, aon uair a mheasfaid is ceart, scéim (dá ngairmtear scéim aoisliúntais leasaitheach san alt so) d'ullmhú agus do chur fá bhráid an Aire ag leasú (trí adú, fágaint ar lár nó athrú) scéime aoisliúntais a bheas daingnithe ag an Aire nó ag leasú (tré adú, fágaint ar lár nó athrú) nó ag cúlghairm scéime aoisliúntais leasaithí bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, agus beidh feidhm agus éifeacht ag forála fó-ailt (2) den alt so maidir le gach scéim aoisliúntais leasaitheach.

[EN]

(4) Sara ndéana an tAire aon scéim aoisliúntais nó scéim aoisliúntais leasaitheach do dhaingniú, éistfidh sé na páirtithe ar mian leo go n-éistfí iad agus a bhfeicfear dó leas do bheith acu inti.

[EN]

(5) Ní thiocfaidh aon scéim aoisliúntais ná scéim aoisliúntais leasaitheach i ngníomh mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar í dhaingniú le hordú ón Aire, ach, ar í dhaingniú amhlaidh, tiocfaidh sí i ngníomh ar an dáta luafar chuige sin san ordú ón Aire á daingniú agus beidh aici, amhail ar an dáta san agus as san amach, éifeacht dlí sa bhfoirm ina ndaingneofar amhlaidh í.

[EN]

(6) Ciste bunófar chun críoch scéime aoisliúntais, is tuigthe é bhunú fá iontaobhas nach féidir a chúlghairm.

[EN]

Cistí aoisliúntais láithreacha.

45.—(1) San alt so ciallaíonn an abairt “ciste aoisliúntais láithreach”, maidir le cuideachtain scurtha, aon chiste nó scéim le haghaidh aoisliúntais, pinsin, cnuaisciúna, baintreach agus dílleachtaithe nó sochair eile arna bhunú ag an gcuideachtain scurtha san nó, más í an chuideachta iarnróid scurtha an chuideachta scurtha san, ag cuideachtain iomghafa nó cuideachtain chomhnasctha do réir bhrí Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus a bheas ar marthain díreach roimh dháta an bhunuithe, agus folaíonn an abairt sin Ciste Aoisliúntais Chórais Imréitigh na nIarnród.

[EN]

(2) Fá réir forál an ailt seo, gach ciste aoisliúntais láithreach de chuid cuideachtan scurtha, maraon le bainistí an chéanna, leanfaid, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, de bheith ann fé is ná déanfaí an chuideachta scurtha san do scur leis an Acht so.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le gach ciste aoisliúntais láithreach arna bhunú sa bhliain 1944:—

[EN]

(a) cuirfidh an Chuideachta an scéim a bhainfeas leis an gciste sin fá bhráid an Aire fá cheann mí taréis dáta an bhunuithe;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire an scéim do chur thar n-ais go dtí an Chuideachta chun í athbhreithniú agus í chur fána bhráid athuair nó an scéim do dhaingniú le hordú gan modhnú nó go pé modhnuithe (trí adú, fágaint ar lár nó athrú) a mheasfaidh an tAire do bheith ceart;

[EN]

(c) sara ndaingní an tAire an scéim, éistfidh sé na páirtithe uile ar mian leo éisteacht d'fháil agus a bhfeicfear dó leas do bheith acu inti;

[EN]

(d) mura ndaingnítear an scéim amhlaidh fá cheann trí mhí taréis dáta an bhunuithe, scuirfidh sí de bheith i bhfeidhm ach san gan dochar do bhailíocht éinní bheas déanta fúithi roimhe sin.

[EN]

(4) Chun críoch aon achtacháin reachtúil agus rialach agus rialachán a bhaineas le haon chiste aoisliúntais láithreach de chuid cuideachtan scurtha, beidh éifeacht ag na forála so leanas ar dháta an bhunuithe agus dá éis, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon chumhacht do bhí ag an gcuidteachtain scurtha san nó ag na stiúrthóirí nó ag aon oifigeach don chéanna maidir leis an gciste sin, féadfaidh an Chuideachta nó a stiúrthóirí nó aon oifigeach dóibh í d'fheidhmiú,

[EN]

(b) i gcás aon oifigigh nó seirbhísigh don cuideachtain scurtha san a haistreofar, de bhuaidh an Achta so, chun na Cuideachtan, is tuigthe a sheirbhís fán gCuideachtain nó a fhostú nó a bhriseadh ag an gCuideachtain do bheith ina seirbhís fán gcuideachtain scurtha san nó ina fhostú nó ina bhriseadh acu,

[EN]

(c) i gcás cumhacht do bheith ag stiúrthóirí na cuideachtan scurtha san fá rialacha an chiste sin chun oifigigh agus seirbhísigh don chuideachtain scurtha san do cheapadh chun aon choiste bhainistí, ceapfaidh stiúrthóirí na Cuideachtan, agus iad ag feidhmiú na gcumhacht san, oifigigh nó seirbhísigh don Chuideachtain is comhaltaí den chiste sin nó daoine do bheadh, mura mbeadh an chuideachta scurtha do scur leis an Acht so, incheaptha chun an choiste bhainistí sin.

[EN]

(5) Oblagáidí, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, aon chuideachtan scurtha maidir le haon chiste aoisliúntais láithreach leis an gcuideachtain scurtha san agus maidir le gach comhalta den chiste aoisliúntais láithreach san, beid ina gceangal ar an gCuideachtain.

[EN]

(6) Na daoine uile atá nó bhí ina gcomhaltaí d'aon chiste aoisliúntais láithreach le cuideachtain scurtha agus na daoine uile bheas ag éileamh de cheart aon chomhaltaí den tsórt san beid i dteideal na sochar, na gceart agus na bpríbhléidí céanna agus beid fá réir na n-oblagáidí céanna, pé acu dlí nó gnás is foras dóibh, a mbeadh na daoine sin nó a dtiocfaidís chun bheith ina dteideal nó fána réir dá mba ná déanfaí an chuideachta scurtha san do scur leis an Acht so.

[EN]

(7) Éinne—

[EN]

(a) a bheas i seirbhís aon chuideachtan scurtha díreach roimh dháta an bhunuithe,

[EN]

(b) nach comhalta d'aon chiste aoisliúntais láithreach leis an gcuideachtain scurtha san,

[EN]

beidh aige, faid fhanfas sé i seirbhís na Cuideachtan, an ceart céanna (más ann) chun teacht chun bheith ina chomhalta d'aon chiste den tsórt san do bheadh aige dá mba ná scuirfí an chuideachta scurtha san leis an Acht so agus go bhfanfadh sé i seirbhís na cuideachtan scurtha san, ach lasmuigh den chás san adúradh ní bheidh éinne i dteideal teacht chun bheith ina chomhalta d'aon chiste aoisliúntais láithreach, do bunaíodh roimh an lú lá de Lúnasa, 1943, le cuideachtain scurtha mura raibh sé i dteideal amhlaidh díreach roimh dháta an bhunuithe.

[EN]

(8) D'ainneoin éinní atá san alt so, féadfaidh an Chuideachta, más oiriúnach leo é, scur tráth ar bith de rann-íoc do dhéanamh le Ciste Aoisliúntais Chórais Imréitigh na nIarnród.

[EN]

(9) Is tuigthe ciste aoisliúntais láithreach le cuideachtain scurtha do bhunú fá iontaobhas nach féidir a chúlghairm.

[EN]

Comhlachais, etc., do bhunú do raghadh chun leasa d'fhostaithe.

46.—(1) Féadfaidh an Chuideachta comhlachais, clubanna, forais, cistí, iontaobhais agus áiseanna raghadh chun leasa d'fhostaithe nó eis-fhostaithe de chuid na Cuideachtan nó do chleithiúnaithe no comhgais na bhfostaithe nó na n-eis-fhostaithe sin uile nó aon choda acu do bhunú agus do chothú nó cuidiú leis an gcéanna do bhunú agus do chothú.

[EN]

(2) Féadfaidh an Chuideachta íocaíochta do dhéanamh mar chabhair chun árachas do chur ar fáil chun sochair dá bhfostaithe nó dá n-eis-fhostaithe uile nó d'aon chuid acu nó do chleithiúnaithe nó comhgais na bhfostaithe nó na n-eis-fhostaithe sin uile nó aon choda acu.

[EN]

Daoine do cheapadh chun grád cléireachais.

47.—(1) Lasmuigh de chás dá bhforáltar a mhalairt ina dhiaidh so san alt so, is amhlaidh a déanfar gach ceapachán chun aon oifige nó birte sna gráid chléireachais de sheirbhís na Cuideachtan trí scrúdú comórtais oscailte do réir rialachán a dhéanfaidh an Chuideachta.

[EN]

(2) Beidh an Ghaeilge ina habhar éigeantach i ngach scrúdú comórtais oscailte comórfar de bhun an ailt seo.

[EN]

(3) Beidh gach scrúdú comórtais oscailte comórfar de bhun an ailt seo ar oscailt do na daoine uile chomhnaíos de ghnáth laistigh den chrích náisiúnta nó is saoránaigh Éireannacha nó clann saoránach Éireannach agus a íocfas na táillí agus ag á mbeidh na cáilíochta maidir le haois agus sláinte agus carachtar a hordófar leis na rialacháin a bhainfeas leis an scrúdú.

[EN]

(4) Féadfaidh an Chuideachta a fhoráil le rialachán speisialta go ndéanfar pé cion a cheadóidh an tAire de na folúntais sna gráid chléireachais dá seirbhís do líonadh trí scrúduithe comórtais teoranta agus, i gcás scrúdú do theorannú amhlaidh, ní ligfear fé ach daoine bheas de thuras na huaire nó bhí i bhfostaíocht na cuideachtan scurtha nó na Cuideachtan nó clann daoine den tsórt san.

[EN]

(5) Aon rialacháin, nó rialachán speisialta, do rinne an chuideachta iarnróid scurtha fá alt 56 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe, leanfaidh i bhfeidhm agus bainfidh leis an gCuideachtain agus is tuigthe an Chuideachta do dhéanamh an chéanna fán alt so.

Caibidil VII.

Forála Ilghnéitheacha Bhainfeas leis an gCuideachtain.

[EN]

An Chuideachta do sholáthar saoráidí iompair breise.

48.—(1) Aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis an Aire féadfaidh sé, le hordú arna dhéanamh uaidh féin nó ar iarratas ó aon daoine atá ionadaitheach do thrádáil nó áit áirithe, a cheangal ar an gCuideachtain pé seirbhísí is oiriúnach leis do bhunú agus do chothabháil chun trácht d'iompar d'iarnród, de bhóthar nó d'uisce, agus pé méadú nó athrú nó modhnú is oiriúnach leis do dhéanamh ar sheirbhísí bheas ann de thuras na huaire agus féadfaidh coinníollacha d'fhorchur maidir le minicíocht agus cúrsaí na seirbhísí, saoráidí bheas le cur ar fáil, agus nithe eile.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, aon ordú bheas déanta fán alt so do chúlghairm nó do leasú.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, sara ndéana sé aon ordú fán alt so, an t-ordú bheas beartaithe a dhéanamh do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a gcomhairle d'fháil ina thaobh.

[EN]

(4) Má mhainníonn an Chuideachta aon ordú áirithe déanfar fán alt so do chomhlíonadh, beidh an Chuideachta ciontach i gcionta fán alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead do chur orthu agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile nach mó ná cúig puint fhichead in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

(5) Na hoblagáidí forchuirfear ar an gCuideachtain le haon ordú fán alt so beid ina mbreis ar aon oblagáidí reachtúla bheas forchurtha ar an gCuideachtain maidir le saoráidí do chur ar fáil chun trácht do ghlacadh, do chur ar aghaidh agus do sheachadadh.

[EN]

Comhaontuithe i dtaobh trácht do dháiliú nó do chúrsáil, fáltais do chomhroinnt, etc.

49.—(1) San alt so ciallaíonn an abairt “comhaontú lena mbainfidh an t-alt so” comhaontú nó socrú—

[EN]

(a) is comhaontú nó socrú chun trácht do dháiliú nó do chúrsáil nó chun fáltais ó thrácht den tsórt san do chomhroinnt nó le haghaidh rátaí idirdhealaitheacha ar thrácht de mhuir chun an Stáit nó uaidh, nó

[EN]

(b) is comhaontú nó socrú ag athrú nó ag cealú aon chomhaontuithe nó socruithe den tsórt a luaitear i mír (a) den fhó-alt so.

[EN]

(2) Ní cead don Chuideachtain, ach amháin a mhéid a húdarófar le hordú ón Aire, aon chomhaontú lena mbainfidh an t-alt so do dhéanamh le haon ghnóthaire iompair eile.

[EN]

(3) Ní déanfar ordú fá fhó-alt (2) den alt so i dtaobh aon chomhaontuithe lena mbainfidh an t-alt so ach amháin ar iarratas na bpáirtithe bheas chun an comhaontú do dhéanamh.

[EN]

(4) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfar iarratas ag lorg orduithe fá fhó-alt (2) den alt so, agus

[EN]

(b) go bhfeicfear don Aire go ndéanfaí difir do leasa aon ghnóthaire iompair áirithe (nach duine bheas le bheith ina pháirtí sa chomhaontú) dá ndéantaí an comhaontú,

déanfaidh an tAire, sara ndéana an t-ordú, caoi do thabhairt don ghnóthaire iompair sin ar chúis do phlé i dtaobh an chomhaontuithe agus breithneoidh aon chúis a pléifear amhlaidh.

[EN]

Connartha láithreacha idir an Aire Poist agus Telegrafa agus na cuideachtana scurtha d'athscrúdú agus conspóidí idir an Aire sin agus an Chuideachta do chinneadh.

50.—Ar dháta an bhunuithe nó dá éis féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa nó an Chuideachta iarratas do dhéanamh chun na hÁrd-Chúirte—

[EN]

(a) á iarraidh go n-athscrúdófaí aon chomhaontú idir an Aire sin agus cuideachta scurtha, pé acu comhaontú reachtúil é nó a mhalairt, a bheas ar marthain díreach roimh dháta an bhunuithe, nó

[EN]

(b) á iarraidh, i gcás gan aon chomhaontú den tsórt san do bheith ar marthain an uair sin, go gcinnfí aon easaontas nó conspóid a bheas ann nó éireos idir an Aire sin agus an Chuideachta i dtaobh an luach saothair a bheas le n-íoc as seirbhísí bhéarfaidh an Chuideachta don Aire sin, ach (d'ainneoin aon fhorála, reachtúil nó eile, contrártha dhó san) leanfaidh an Chuideachta de na seirbhísí sin do thabhairt go dtí go dtabharfaidh an Árd-Chúirt a breith.

[EN]

Cosaint don Aire Poist agus Telegrafa.

51.—D'ainneoin éinní atá san Acht so, leanfaidh gach achtachán, moladh, dintiúir, comhaontú agus socrú ina mbeidh forála, idir an Aire Poist agus Telegrafa agus an chuideachta iarnróid scurtha, maidir le telegrafa do dhéanamh agus do chothabháil d'fheidhm do bheith acu, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, i dtaobh, agus amháin i dtaobh, an chórais iarnróid agus na n-oibreacha agus na dtailte arbh iad gnóthas na cuideachtan iarnróid scurtha iad díreach roimh dháta an bhunuithe agus i dtaobh an Aire sin agus na Cuideachtan i leith an chéanna.

[EN]

Táillí slí-cheada is iníoctha le Bárdas Bhaile Átha Cliath agus Bárdas Dhún Laoghaire do scur.

52.—(1) San alt so, ciallaíonn an abairt “údarás bóthair” aon údarás arb é atá ann ná—

[EN]

(a) Bárdas Bhaile Átha Cliath, nó

[EN]

(b) Bárdas Dhún Laoghaire.

[EN]

(2) Na táillí slí-cheada do bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, iníoctha ag an gcuideachtain iompair scurtha le gach údarás bóthair fá leith, scuirfidh de bheith iníoctha i leith aon tréimhse thosnós ar dháta an bhunuithe nó dá éis.

[EN]

(3) Íocfaidh an Chuideachta cúiteamh le gach údarás bóthair fá leith alos an scuir a déantar leis an alt so ar na táillí slí-cheada do bhí, díreach roimh dháta an bhunuithe, iníoctha ag an gcuideachtain iompair scurtha leis an údarás bóthair sin agus, cheal comhaontuithe, déanfaidh eadránaí cheapfaidh an Príomh-Bhreitheamh ar iarratas an Aire méid an chúitimh do chinneadh.

[EN]

(4) Nuair a bheas an cúiteamh is iníoctha le haon údarás bóthair fán alt so á chinneadh ag an eadránaí, féachfaidh sé do chúinsí uile an cháis agus féadfaidh féachaint, chomh fada agus a mheasfaidh a bheith cothrom, don mhéid a scuir nó a scuirfeas róid an údaráis bhóthair sin de bheith á n-úsáid chun críoch trambhealach.

[EN]

(5) Ceapfaidh an Príomh-Bhreitheamh agus íocfaidh an Chuideachta luach saothair an eadránaí ceapfar chun méid an chúitimh is iníoctha le húdarás bóthair fán alt so do chinneadh.

[EN]

(6) An t-eadránaí ceapfar chun an cúiteamh is iníoctha ag an gCuideachtain le húdarás bóthair fán alt so do chinneadh féadfaidh, maidir le costais agus caiteachas na bpáirtithe sna himeachta os a chomhair, a ordú lena mholadh agus as a chomhairle féin—

[EN]

(a) go n-íocfaidh an Chuideachta suim (a thomhaisfidh sé) mar chabhair chun íoctha costas agus caiteachais an údaráis bhóthair sin, nó

[EN]

(b) go n-íocfaidh an t-údarás bóthair sin suim (a thomhaisfidh sé) mar chabhair chun íoctha costas agus caiteachais na Cuideachtan, nó

[EN]

(c) go n-íocfaidh an Chuideachta agus an t-údarás bóthair sin fá seach a gcostais féin.

[EN]

(7) Cúiteamh is iníoctha le húdarás bóthair fán alt so beidh ús air do réir trí fán gcéad sa bhliain amhail ar dháta an bhunuithe agus dá éis go dtí dáta íoctha an chúitimh.

[EN]

Socruithe idir an Chuideachta agus Cuideachta Mhór-Iarnróid an Tuaiscirt (Éirinn) maidir le hIarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath, etc.

53.—(1) Amhail ar an 1ú lá d'Eanar, 1945, agus dá éis—

[EN]

(a) scuirfidh Comhaontú 1887 agus Comhaontú 1910 d'éifeacht do bheith acu;

[EN]

(b) scuirfidh an dliteanas atá ar Chuideachtain Iarnróid an Tuaiscirt, fá Chomhaontú 1887 agus Comhaontú 1910, chun suim nach mó ná dhá mhíle punt sa bhliain do rann-íoc mar chabhair chun íoctha díbhinne do réir ceathair fán gcéad sa bhliain ar Stoc Urraithe ceathair fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath na cuideachtan iarnróid scurtha, agus fós gach dliteanas, teagmhasach nó eile, a bheas ar an gCuideachtain ag Cuideachtain Iarnróid an Tuaiscirt nó ar Chuideachtain Iarnróid an Tuaiscirt ag an gCuideachtain i leith an rann-íoca san;

[EN]

(c) leanfaidh an Chuideachta den ghnáth-chóras traenacha a bheas ag rith roimh an dáta san chun críoch agus i dtaobh post-sheirbhísí an Aire Poist agus Telegrafa ar Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath agus ar iarnród na Cuideachtan idir Raedh na nIartharach i gCathair Bhaile Átha Cliath agus Post-Phiara Dhún Laoghaire d'oibriú go dtí go gcomhaontóidh an Chuideachta agus Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt, le toiliú an Aire sin, ar a mhalairt;

[EN]

(d) má dhéanann Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt, d'fhonn éascaíocht oibrithe, aon charáiste nó roth-dhíle do chur ag gluaiseacht fan Iarnród Acomhail Bhaile Átha Cliath agus iarnróid na Cuideachtan idir Raedh na nIartharach adúradh agus Post-Phiara Dhún Laoghaire, ní dhéanfaidh an Chuideachta aon íocaíocht le Cuideachtain Iarnróid an Tuaiscirt i ngeall ar aon charáiste nó roth-dhíle den tsórt san, ná ní dhéanfaidh an Chuideachta aon táille tharrainge d'éileamh ar Chuideachtain Iarnróid an Tuaiscirt i ngeall ar aon charáiste nó roth-dhíle den tsórt san.

[EN]

(2) I gcomaoine na socruithe déantar le fó-alt (1) den alt so, déanfaidh Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt, an 1ú lá d'Eanar, 1945, suim ocht míle punt d'íoc leis an gCuideachtain.

[EN]

(3) San alt so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt” Cuideachta Mhór-Iarnróid an Tuaiscirt (Éirinn);

[EN]

ciallaíonn an abairt “Comhaontú 1887” an comhaontú do rinneadh an 26ú lá de Lúnasa, 1887, idir Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt ar an gcéad taobh, Sean-Chuideachta Ghaltán Chathair Bhaile Átha Cliath ar an dara taobh, agus Sean-Chuideachta Iarnróid Bhaile Átha Cliath, Chill Mantán agus Loch Garman ar an tríú taobh;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Comhaontú 1910” an comhaontú do rinneadh an 7ú lá d'Iúl, 1910, idir Cuideachta Iarnróid an Tuaiscirt ar an gcéad taobh, Sean-Chuideachta Ghaltán Chathair Bhaile Átha Cliath ar an dara taobh, agus Sean-Chuideachta Iarnróid Bhaile Átha Cliath agus an Taoibh Thoir Theas, dar theideal roimhe sin Cuideachta Iarnróid Bhaile Átha Cliath, Chill Mantán agus Loch Garman, ar an tríú taobh;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Iarnróid Acomhail Bhaile Átha Cliath” na hiarnróid do rinneadh fán Dublin Wicklow and Wexford Railway (City of Dublin Junction Railways) Act, 1884.

[EN]

Ceadúnais áirithe d'aistriú chun na Cuideachtan.

54.—(1) Ar dháta an bhunuithe beidh gach ceadúnas lena mbaineann an t-alt so agus do bhí díreach roimh dháta an bhunuithe ar seilbh ag cuideachtain scurtha arna aistriú, de bhuaidh an Achta so, chun na Cuideachtan agus beidh éifeacht aige, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, fé is dá mb'é ainm na Cuideachtan a bheadh ann in ionad ainme na cuideachtan scurtha san.

[EN]

(2) Baineann an t-alt so—

[EN]

(a) le haon cheadúnas do deonadh fán Dublin Carriage Act, 1853,

[EN]

(b) le haon cheadúnas do tógadh amach fá alt 13 den Finance Act, 1920, alos feithicle inneall-ghluaiste,

[EN]

(c) le haon cheadúnas paisnéara do deonadh fán Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932),

[EN]

(d) le haon cheadúnas marsantais do deonadh fán Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933),

[EN]

(e) le haon cheadúnas feithicle seirbhíse poiblí do deonadh fán Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933).

[EN]

Ainmucacha agus seolta stocshealbhóirí.

55.—(1) D'ainneoin éinní atá in alt 10 den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, beidh sé dleathach don Chuideachtain cárta-threoir nó treoir eile (de shaghas lena mbeidh iniúchóirí na Cuideachtan sásta), ina mbeidh ainmneacha agus seolta stocshealbhóirí uile agus fá seach na Cuideachtan, do chur in ionad an Leabhair de Sheolta Scair-shealbhóirí dá bhforáltar fán alt san agus is dá réir sin a léifear an t-alt san agus a bheas éifeacht aige a mhéid a bhainfeas sé leis an gCuideachtain, agus nuair a bheas an cárta-threoir nó an treoir eile sin curtha in ionad an Leabhair sin scuirfidh alt 34 den Regulation of Railways Act, 1868, de bhaint leis an gCuideachtain.

[EN]

(2) An táille a héileofar ar chóip de chárta-threoir nó treoir eile bheas á choimeád fá fhó-alt (1) den alt so ní raghaidh sé thar cúig puint.

[EN]

(3) Má dhéanann an Chuideachta éinní contrártha d'alt 10 den Companies Clauses Consolidation Act, 1845, arna athrú leis an alt so, beidh an Chuideachta ciontach i gcionta fán alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur orthu.

[EN]

Feidhm achtachán áirithe maidir leis an gCuideachtain.

56.—(1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, beidh éifeacht ag alt 60 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), fé is dá mba thagairt don Chuideachtain a bheadh ann in ionad na tagartha atá ann don chuideachtain chomhnasctha.

[EN]

(2) Na tagairtí atá in alt 55 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus in ailt 10 agus 16 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933), do chuideachtain iarnróid, léireofar iad mar thagairtí fholaíos tagairtí don Chuideachtain.

[EN]

(3) Chun críoch na nAcht Cánach Ioncaim, is tuigthe gur cuideachta iarnróid an Chuideachta.

[EN]

(4) Bainfidh Acht na mBóthar Iarainn (Luacháil i gcóir Rátaíochta), 1931 (Uimh. 47 de 1931), leis an gCuideachtain maidir lena ngnóthas iarnróid fé mar a bhain díreach roimh dháta an bhunuithe leis an gcuideachtain iarnróid scurtha maidir lena ngnóthas iarnróid agus dá réir sin déanfar na tagairtí atá sa Sceideal a ghabhas leis an Acht san don chuideachtain iarnróid scurtha do léiriú, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, mar thagairtí don Chuideachtain.

[EN]

(5) Chun críoch alt 28 agus 30 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932), is tuigthe gur cuideachta lena mbaineann Cuid III den Acht san an Chuideachta.

[EN]

(6) Is tuigthe an Chuideachta do bheith ina gcuideachtain údaraithe chun marsantas d'iompar chun críoch an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933).

[EN]

(7) Fá réir forál an Achta so is tuigthe an Chuideachta do bheith, maidir lena ngnóthas iarnróid, ina gcuideachtain iarnróid chun críoch aon achtacháin (lena n-áirítear aon fhoráil den Acht so) a bhaineas le hiarnróid.

[EN]

Achtacháin ná bainfidh leis an gCuideachtain.

57.—Na hachtacháin a luaitear sa Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht so beid, a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal san, gan baint leis an gCuideachtain.

[EN]

Saoirse ó dhiúitéthe stampa

58.—(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an gCuideachtain cóip den Acht so do sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúité stampa d'íoc fán alt san ar aon chóip den Acht so.

[EN]

(2) Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon chomhaontú, banna, dearbhóid, dearbhú reachtúil, moladh eadrána ná ionstraim eile déanfar chun críoch ailt 43 (a bhaineas le cúiteamh d'oifigigh agus seirbhísigh áirithe do na cuideachtana scurtha) den Acht so.

[EN]

(3) Ní oibreoidh alt 113 den Stamp Act, 1891, agus alt 8 den Finance Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachtain aon ráiteas do sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon diúité stampa d'íoc fá na hailt sin maidir le stoc malairtithe.

[EN]

(4) Aisíocfar leis an gCuideachtain as airgead a sholáthróidh an tOireachtas méid na ndiúitéthe stampa uile íocfaidh an Chuideachta ar aon ionstraim a comhlánófar chun an t-aistriú déantar leis an Acht so ar mhaoin aon chuideachtan scurtha d'fhoirlionadh

[EN]

Cumhacht don Chuideachtain chun síntiús do thabhairt do dhéarcais, etc.

59.—Féadfaidh an Chuideachta airgead do thabhairt mar shíntiús nó d'urrú le haghaidh cuspóirí déarcais nó daoncharadais agus le haghaidh aon taspántais nó aon chuspóra phoiblí, ghenerálta nó úsáidigh.

[EN]

Na teangthacha ina mbeidh fógraí poiblí agus ticéidí.

60.—(1) Ní foláir na buan-fhógraí agus buan-chomharthaí poiblí uile (lena n-áirítear ainmneacha stáisiún) bheas á gcothabháil ag an gCuideachtain do bheith i nGaeilge ach is cead iad do bheith i nGaeilge agus i mBéarla.

[EN]

(2) Ní foláir na cárta-thicéidí paisnéara uile bhéarfaidh an Chuideachta amach i gcóir turas laistigh den Stát do bheith clóbhuailte i nGaeilge ach is cead iad do bheith clóbhuailte i nGaeilge agus i mBéarla.

[EN]

Scríbhní do sheirbheáil ar an gCuideachtain.

61.—Aon scríbhinn a ceangaltar nó a húdaraítear le dlí do sheirbheáil ar an gCuideachtain, féadfar í sheirbheáil amhlaidh—

[EN]

(a) trína tabhairt do rúnaí na Cuideachtan i bpríomh-oifig na Cuideachtan sa Stát, nó

[EN]

(b) trína fágaint sa phríomh-oifig adúradh i gclúdach fá sheoladh rúnaí na Cuideachtan, nó

[EN]

(c) trína cur leis an bpost i leitir chláraithe réamhíoctha fá sheoladh rúnaí na Cuideachtan sa phríomh-oifig adúradh.

[EN]

Pionós mar gheall ar threaspás ar iarnróid na Cuideachtan.

62.—(1) Má dhéanann éinne treaspás ar aon cheann de na hiarnróid a bheas ag an gCuideachtain nó á n-oibriú acu, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt do chur air.

[EN]

(2) I gcás duine do chúiseamh i gcionta fán alt so mar gheall ar threaspás—

[EN]

(a) ní foras cosnaimh dó gan rabhadh pearsanta do bheith faighte aige i gcoinne an treaspáis,

[EN]

(b) ní déanfar, in aon chás, é chiontú sa chionta mura gcruthaí an Chuideachta chun sástachta na Cúirte go raibh, ar dháta an treaspáis, curtha suas ag an stáisiún leis an gCuideachtain agus ag an gcrosaire comhréidh is goire don bhall ina ndeirtear do rinneadh an treaspás fógra (agus é péinteálta ar chláir nó clóbhuailte, péinteálta nó maithnithe ar iarann maithnithe nó ar iarann eile nó ar aon abhar eile) i leitreacha so-léite, á fhógairt ar dhaoine gan treaspás do dhéanamh ar iarnróid na Cuideachtan.

[EN]

(3) Ní dlífear aon fhíneáil fán alt so do chur ar dhuine ar bith a raghaidh go dleathach trasna iarnróid na Cuideachtan ag aon chrosaire comhréidh nó le cabhair aon áis-oibreacha bheas á gcothabháil de bhun ailt 68 den Railway Clauses Act, 1845.

[EN]

(4) Féadfaidh an Chuideachta cionta fán alt so do chúiseamh.

CUID III.

An Coiste Comhairlitheach re hIompar.

[EN]

An Coiste Comhairlitheach re hIompar bhunú.

63.—(1) Ar dháta an bhunuithe beidh arna bhunú, de bhuaidh an fhó-ailt seo, coiste, ar a dtabharfar an Coiste Comhairlitheach re hIompar, chun na feidhmeanna ceaptar dóibh leis an Acht so do chomhlíonadh.

[EN]

(2) Beidh an Coiste Comhairlitheach comhdhéanta de chúig comhaltaí, eadhon—

[EN]

(a) cathaoirleach a ainmneoidh an tAire agus a fhéadfaidh an tAire a chur as oifig,

[EN]

(b) aon ghnáth-chomhalta amháin a ainmneoidh an tAire Talmhaíochta agus a fhéadfaidh an tAire sin a chur as oifig,

[EN]

(c) trí gnáth-chomhaltaí a ainmneoidh an tAire agus a fhéadfaidh an tAire a chur as oifig.

[EN]

(3) Beidh duine de na trí gnáth-chomhaltaí den Choiste Chomhairlitheach is inainmnithe ag an Aire ina dhuine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith aige ar ghnóthaí tráchtála agus tionnscail, an dara duine dhíobh ina dhuine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith aige ar chúrsaí oibreachais, agus an tríú duine ina dhuine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith aige ar ghnóthaí iompair.

[EN]

(4) Murab éag, éirí as nó cur as oifig roimhe sin dó, beidh gach comhalta den Choiste Chomhairlitheach i seilbh oifige ar feadh pé tréimhse, nach sia ná trí bliana, a dhéanfaidh an tAire Stáit a ainmneos é a cheapadh tráth a ainmnithe ach beidh sé inathainmnithe.

[EN]

(5) Féadfaidh aon chomhalta den Choiste Chomhairlitheach éirí as a oifig tráth ar bith.

[EN]

(6) Déanfar pé luach saothair agus pé costais taistil, liúntas cothuithe agus costais eile chinnfidh an tAire, le ceadú ón Aire Airgeadais, d'íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le comhaltaí an Choiste Chomhairlithigh.

[EN]

(7) Aon uair a chífear don Aire nó don Aire Talmhaíochta comhalta den Choiste Chomhairlitheach d'ainmnigh an tAire sin do bheith éagumasach go sealadach ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt san do chomhlíonadh de bhíthin easláinte nó leor-chúise eile, féadfaidh an tAire duine do cheapadh chun gníomhú mar chomhalta den Choiste Chomhairlitheach ar feadh pé tréimhse (nach sia ná ré an éagumais sin) a mheasfaidh is ceart, agus gach duine ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar chomhalta den Choiste Chomhairlitheach beidh sé, ar feadh na tréimhse dá gceapfar amhlaidh é, ina chomhalta den Choiste Chomhairlitheach in ionad an chomhalta san a céad-luaitear.

[EN]

(8) Ní bheidh imeachta an Choiste Chomhairlithigh neamhbhailí de bhíthin aon fholúntais ina líon.

[EN]

Dualgais an Choiste Chomhairlithigh.

64.—Beidh de dhualgas ar an gCoiste Comhairlitheach éinní chuirfidh an tAire fána mbráid fán Acht so do bhreithniú agus tuairisc agus comhairle do thabhairt don Aire ina thaobh.

[EN]

Cumhachta an Choiste Chomhairlithigh

65.—(1) I gcás an tAire do chur éinní fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh fán Acht so, féadfaidh an Coiste Comhairlitheach, sara ndéanaid an ní sin do bhreithniú agus tuairisc agus comhairle do thabhairt don Aire ina thaobh, pé fiosrúchán do dhéanamh is oiriúnach leo.

[EN]

(2) Sara ndéana an Coiste Comhairlitheach aon fhiosrúchán. bhéarfaid fógra poiblí i dtaobh dáta agus áit agus abhar an fhiosrúcháin, agus féadfaidh éinne lena mbainfidh an scéal cúis do phlé leis an gCoiste Comhairlitheach agus, mura measa an Coiste Comhairlitheach as a gcomhairle féin nach gá é, bhéarfar éisteacht d'aon duine den tsórt san ag an bhfiosrúchán.

[EN]

(3) Féadfaidh an Coiste Comhairlitheach, chun críoch aon fhiosrúcháin, gach ní nó éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fínnithe do ghairm chun teacht os a gcomhair ag an bhfiosrúchán san;

[EN]

(b) na fínnithe thiocfas os a gcomhair ag an bhfiosrúchán san do cheistiniú fá mhionn (agus údaraítear leis seo d'aon chomhalta den Choiste Chomhairlitheach nó do Rúnaí an Choiste sin fínnithe do chur fán mionn san);

[EN]

(c) a cheangal ar aon fhínné den tsórt san aon scríbhinn do thabhairt ar áird a bheas ar a chumas nó fána urláimh agus a mheasfaidh an Coiste Comhairlitheach is gá chun críoch an fhiosrúcháin sin.

[EN]

(4) Beidh teideal ag fínné os comhair an Choiste Chomhairlithigh chun na saoirsí agus na bpríbhléidí chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné os comhair na hÁrd-Chúirte é.

[EN]

(5) Má thárlann d'éinne—

[EN]

(a) arna ghairm go cuibhe chun teacht mar fhínné os comhair an Choiste Chomhairlithigh, go bhfailleoidh sé teacht amhlaidh, nó

[EN]

(b) ar bheith i láthair dó mar fhínné, go ndiúltóidh sé do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach air go dleathach a thabhairt nó d'aon scríbhinn ar a chumas nó fána urláimh do thabhairt ar áird a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach air go dleathach a thabhairt ar áird nó d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh an Coiste Comhairlitheach air go dleathach a fhreagairt,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead do chur air.

[EN]

(6) I gcás fínné do theacht os comhair an Choiste Chomhairlithigh de bhun gairme fá fhó-alt (3) den alt so, féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, pé suim a chinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, d'íoc leis i leith costais fána raghaidh sé i dtaobh teacht os a gcomhair amhlaidh.

[EN]

Imeachta os comhair an Choiste Chomhairlithigh do rialú.

66.—Féadfaidh an Coiste Comhairlitheach, le toiliú an Aire, rialacháin do dhéanamh i dtaobh gach ní nó éinní acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an cuóram ag aon tsuí den Choiste Chomhairlitheach;

[EN]

(b) tráthanna agus áiteanna cruinnithe an Choiste Chomhairlithigh;

[EN]

(c) na daoine dá dtabharfar, agus na tráthanna agus an tslí ina dtabharfar, fógra i dtaobh suíonna an Choiste Chomhairlithigh;

[EN]

(d) an phoiblíocht do ligean isteach chun suíonna den Choiste Chomhairlitheach nó do dhúnadh amach uathu;

[EN]

(e) pé nithe eile maidir le cleachtadh agus nós imeachta an Choiste Chomhairlithigh a mheasfaidh an Coiste Comhairlitheach is gá nó is oiriúnach chun a ngnó do stiúradh i gceart.

[EN]

Foireann an Choiste Chomhairlithigh.

67.—(1) Déanfaidh an tAire oifigeach don Roinn Tionnscail agus Tráchtála do cheapadh chun bheith ina rúnaí don Choiste Chomhairlitheach agus féadfaidh, fá réir an Aire Airgeadais do thoiliú maidir lena líon, pé oifigigh eile don Choiste Chomhairlitheach do cheapadh a mheasfaidh an tAire do bheith riachtanach chun cabhrú leis an gCoiste Comhairlitheach chun a bhfeadhma d'fheidhmiú.

[EN]

(2) Beidh an rúnaí agus na hoifigigh eile don Choiste Chomhairlitheach i seilbh oifige ar pé téarmaí agus i pé slí cheapfaidh an tAire taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Féadfar pé luach saothair (más ann) agus pé costais taistil agus liúntais chothuithe a chinnfidh an tAire, le ceadú ón Aire Airgeadais, d'íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, leis an rúnaí agus leis na hoifigigh eile don Choiste Chomhairlitheach.

CUID IV.

Éilithe Iompair.

Caibidil I.

Réamhráiteach agus Generálta.

[EN]

Mínithe chun críoch Coda IV.

68.—(1) Sa Chuid seo agus san Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so—

[EN]athruithe.

nuair a húsáitear an focal “athruithe” maidir le héilithe folaíonn sé athruithe i bhfoirm laghduithe nó méaduithe, agus léireofar dá réir sin an focal “athrú” agus focail ghaolmhara eile;

[EN]éilithe.

folaíonn an focal “éilithe” rátaí, táillí, custaim, dleachta, agus éilithe eile;

[EN]coinníollacha fionntair na cuideachtan.

ciallaíonn an abairt “coinníollacha fionntair na cuideachtan” na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a déanfar marsantas seachas eallach stoic, agus eallach stoic, d'iompar fá seach i gcás iad d'iompar ar ghnáth-rátaí;

[EN]coinníollacha.

folaíonn an focal “coinníollacha” rialacháin;

[EN]táillí.

ciallaíonn an focal “táillí” táillí agus éilithe eile i dtaobh paisnéirí agus a gcuid bagáiste d'iompar;

[EN]údarás cuain.

ciallaíonn an abairt “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí Acht na gCuan (Rátaí do Rialáil), 1934 (Uimh. 2 de 1934);

[EN]duine go leas aige sa scéal.

folaíonn an abairt “duine go leas aige sa scéal” an tAire Talmhaíochta, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, údarás cuain nó comhairle aon chontae, chontae-bhuirge nó bhuirge eile nó bhailecheanntair;

[EN]coinníollacha fionntair an únaera.

ciallaíonn an abairt “coinníollacha fionntair an únaera” na téarmaí agus na coinníollacha ar a ndéanfar marsantas seachas eallach stoic agus, fá réir forál na Coda so, eallach stoic d'iompar fá seach i gcás iad d'iompar ar rátaí fionntair an únaera;

rátaí.

ciallaíonn an focal “rátaí” rátaí agus éilithe eile i dtaobh marsantas d'iompar;

aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain.

ciallaíonn an abairt “an aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain” an aicmíocht mharsantais a chinnfidh an tAire fá alt 71 den Acht so;

sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan.

ciallaíonn an abairt “na sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan” an sceiceal d'éilithe shocróidh an tAire fá alt 72 den Acht so.

(2) Is iompróir reachtúil chun críoch na Coda so gach ceann fá leith acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) an Chuideachta,

(b) aon chuideachta lena mbaineann Cuid III den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932), agus atá i dteideal, de bhuaidh ailt 28 den Acht san, gnó iompair marsantais de bhóthar do dhéanamh nó do sheoladh,

(c) éinne a mbíonn seirbhís galtáin tráth-rialta go dtí aon phort nó as aon phort sa Stát ar siúl aige.

[EN]

Costais údarás cuain agus údarás áitiúil.

69.—Aon chostais fána raghaidh údarás cuain nó comhairle aon chontae, chontae-bhuirge nó bhuirge eile nó bhailecheanntair i dtaobh nó i leith nó i gcoinne aon iarratais fán gCuid seo, íocfar iad as an ráta nó an ciste as a n-íoctar costais an údaráis chuain nó na comhairle sin ag feidhmiú a ngnáth-dhualgas dóibh.

Caibidil II.

Éilithe Iarnróid agus Coinníollacha Iompair d'Iarnród a Bhainfeas leis an gCuideachtain.

[EN]

Buanú ar an aicmíocht iarnróid marsantais do bhain leis an gcuideachtain iarnróid scurtha agus ar éilithe iarnróid uasta na cuideachtan iarnróid scurtha.

70.—(1) Fá réir na Caibidle seo—

[EN]

(a) bainfidh an aicmíocht mharsantais, amhail mar cinneadh ag an mbinse iarnróid fá Chuid III d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), leis an gCuideachtain fé mar bhain sí leis an gcuideachtain iarnróid scurtha;

[EN]

(b) na héilithe atá leagtha amach i Sceideal Chuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt d'Éilithe Caighdeánacha (R. & O. R., Uimh. 5 de 1930), arna mhodhnú le Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 56 de 1930 agus Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 319 de 1937, agus iad, i gcás marsantais so-loite a hiompraítear fá choinníollacha fionntair an únaera, fá réir na laghduithe atá le déanamh ar éilithe caighdeánacha mar do cinneadh le Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 14 de 1930, arna mhodhnú le Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 1 de 1932, bainfid leis an gCuideachtain fé mar bhaineadar leis an gcuideachtain iarnróid scurtha;

[EN]

(c) na héilithe luaitear i mír (b) den alt so, is iad na héilithe uasta iad a bheas an Chuideachta i dteideal a éileamh as na seirbhísí uile a bhfuil na táillí sin socair ina dtaobh.

[EN]

(2) Scuirfidh fó-alt (1) den alt so de bheith i bhfeidhm amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an sceideal athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan i ngníomh.

[EN]

Aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain.

71.—(1) Féadfaidh an Chuideachta agus, má cheanglann an tAire orthu é, déanfaid, fá cheann pé tréimhse cheapfaidh an tAire, tairgsin do chur fá bhráid an Aire chun aicmíocht mharsantais d'athscrúdú d'fhonn go gcuirfí i mbaint leis an marsantas san rátaí d'éilithe bheas le héileamh ag an gCuideachtain maidir lena ngnóthas iarnróid, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) foillseoidh an Chuideachta an tairgsin sin i pé slí ordóidh an tAire;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an tairgsin sin do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina taobh;

[EN]

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an tairgsin sin, ar aon chúis a phéifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an tairgsin sin do chur fá bhráid an Choiste sin, cinnfidh sé cadé an aicmíocht mharsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain chun na críche sin.

[EN]

(2) Ní thiocfaidh an aicmíocht athscrúdaithe mharsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain i ngníomh go dtí go dtiocfaidh an sceideal athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan i ngníomh.

[EN]

Sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta na Cuideachtan.

72.—(1) Aon tráth taréis an aicmíocht iarnróid athscrúdaithe marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain do bheith socair ag an Aire, féadfaidh an Chuideachta agus, má cheanglann an tAire orthu é, déanfaid, fá cheann pé tréimhse cheapfaidh an tAire, sceidil athscrúdaithe do chur fá bhráid an Aire, agus iad curtha le chéile i pé slí ordóidh an tAire, de na héilithe uasta bheas beartaithe a éileamh do réir na haicmíochta san agus taspánfaid sna sceidil sin na rátaí ar mharsantas d'iompar d'iarnród, méid na n-éilithe cinn scríbe agus na táillí ar phaisnéirí agus a mbagáiste d'iompar d'iarnród, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) foillseoidh an Chuideachta na sceidil sin i pé slí ordóidh an tAire;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, na sceidil sin do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina dtaobh;

[EN]

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar na sceidil sin, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás na sceidil sin do chur fá bhráid an Choiste sin, déanfaidh sé na sceidil sin do shocrú agus an dáta ar a dtiocfaid i bhfeidhm do cheapadh.

[EN]

(2) Nuair a bheas an tAire ag socrú na sceideal d'éilithe fán alt so cinnfidh sé cad iad na laghduithe déanfar ar na héilithe uasta i gcás an Chuideachta d'iompar marsantais so-loite fá chonníollacha fionntair an únaera, agus taspánfar nó luafar na laghduithe sin sna sceidil i pé slí ordóidh an tAire.

[EN]

(3) Amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh na sceidil athscrúdaithe d'éilithe iarnróid uasta i ngníomh, is iad na héilithe bheas iontu na héilithe uasta bheas an Chuideachta i dteideal d'éileamh as na seirbhísí uile a mbeidh na héilithe sin socair ina dtaobh, ach san fá réir aon athruithe dhéanfaidh an tAire fán gCaibidil seo.

[EN]

Athrú do dhéanamh ar an aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain.

73.—(1) I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na haicmíochta iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain de thuras na huaire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar an aicmíocht san.

[EN]

(2) San alt so folaíonn an focal “athrú”, maidir leis an aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain de thuras na huaire, athrú ar aicmíocht aon earra agus aicmiú ar aon earra ná beidh aicmithe de thuras na huaire, agus léireofar an focal “athruithe” dá réir sin.

[EN]

Éilithe iarnróid uasta na cuideachtan d'athrú.

74.—I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag long orduithe ag athrú na n-éilithe iarnróid uasta bheas á n-éileamh ag an gCuideachtain de thuras na huaire nó aon choda acu nó aon choinníollacha bhainfeas leis an gcéanna, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar na héilithe sin agus ar na coinníollacha bhainfeas leo, agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe nó na coinníollacha athraithe i ngníomh.

[EN]

Poirt do chosaint.

75.—(1) Gach téarma agus coinníoll agus foráil, d'aon achtachán nó d'aon chomhaontú a daingníodh le haon achtachán nó a ghabhas leis mar sceideal, a bheas, díreach roimh dháta an bhunuithe, i bhfeidhm agus ina gceangal ar an gcuideachtain iarnróid scurtha, agus a dhéanas difir do sheoladh tráchta nó do rinneadh chun aon chríche eile, leanfaid i lán-fheidhm agus i lánéifeacht, ach ní léireofar aon achtachán ná comhaontú den tsórt san mar ní a dhéanfas difir d'aon chuid ná a shroicfeas aon chuid d'iarnród na cuideachtan scurtha ná trácht ar an gcuid sin mura raibh an céanna fá réir nó fá réim an achtacháin nó an chomhaontuithe sin díreach roimh dháta an bhunuithe.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an Chuideachta, trí rátaí nó táillí (tré-thurais nó áitiúil) d'éileamh ná trí shaoráidí do chur ar fáil ná ar aon tslí eile, leath-chuma ar aon phort áirithe sa Stát i gcompráid le haon phort eile sa Stát a mbíonn nó a mbeidh aon trácht á iompar chuige nó uaidh nó tríd.

[EN]

(3) Déanfaidh an Chuideachta, má iarrann éinne go leas aige sa scéal orthu é, gach dícheall cuibhe ar chóras réasúnach do sholáthar trína gcuirfear ar fáil ticéidí tré-thurais, maille le rátaí agus táillí agus saoráidí tré-thurais, ar gach cúrsa réasúnach.

[EN]

(4) Ní thabharfaidh an Chuideachta do thrádálaithe ag aon phort nó bheas ag úsáid aon phoirt sa Stát aon lascaine, coimisiún, ná liúntas gníomhaireachta nó eile ná beidh á dtabhairt ag an gCuideachtain i gcáis den tsamhail chéanna do thrádálaithe ag aon phort eile nó bheas ag úsáid aon phoirt eile sa Stát, agus folóidh an focal “trádálaithe” aon chuideachta chorpraithe iarnróid nó loingis.

[EN]

(5) Má éiríonn aon chonspóid aon uair fá fhorála an ailt seo nó i dtaobh éinní nó aon ruda fán alt so, nó i dtaobh an Chuideachta do bheith ag comhlíonadh a n-oblagáidí fán alt so nó ag déanamh gach ní, réasúnach agus riachtanach, chuige sin nó gan a bheith, cuirfear an chonspóid fá bhráid na hÁrd-Chúirte agus bhéarfaidh sise breith uirthi.

[EN]

Téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain.

76.—Na téarmaí agus na coinníollacha iompair marsantais d'iarnród mar do shocraigh an binse iarnróid iad fá Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924) (téarmaí agus coinníollacha atá i Riail agus Ordú Reachtúil Uimh. 13 de 1930), is iad is téarmaí agus coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain, fá réir aon athruithe nó aduithe dhéanfaidh an tAire fán gCuid seo, agus is tuigthe iad do bheith réasúnach.

[EN]

Na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain d'athrú.

77.—I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag déanamh athruithe nó aduithe ar na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain, féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe nó aduithe do dhéanamh ar na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha san a mheasfaidh do bheith cóir agus réasúnach agus an dáta do cheapadh ar amhail uaidh a thiocfaidh na hathruithe nó na haduithe i ngníomh agus is tuigthe na téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha san, gus na hathruithe nó na haduithe sin, do bheith réasúnach.

[EN]

Na coinníollacha ar a n-iompróidh an Chuideachta marsantas d'iarnród.

78.—(1) Fá réir an ailt seo, is coinníollacha fionntair chuideachtan na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a iompróidh an Chuideachta marsantas ach amháin i gcás connartha speisialta, agus bainfidh na coinníollacha san, gan aon chonnradh speisialta i scríbhinn, le marsantas d'iompar ar ghnáth-rátaí.

[EN]

(2) In aon chás ina mbeidh ráta fionntair únaera i bhfeidhm agus ina n-iarrfar ar an gCuideachtain i scríbhinn earraí d'iompar ar an ráta san, is coinníollacha fionntair únaera na téarmaí agus na coinníollacha ar orthu agus fána réir a hiomprófar na hearraí sin.

[EN]

(3) Is iad téarmaí agus coinníollacha ar orthu agus fána réir a dhéanfaidh an Chuideachta earraí so-loite ná beidh cosanta i gceart le pacáil d'iompar d'iarnród (má glactar iad chun iad d'iompar) ná na coinníollacha bheas leagtha amach sna téarmaí agus na coinníollacha caighdeánacha iompair d'iarnród don Chuideachtain, ach ní bheidh d'oblagáid ar an gCuideachtain earraí so-loite d'iompar ná beidh cosanta i gceart le pacáil.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so an Chuideachta do chosc ar aontú i scríbhinn, fá réir forál na Railway and Canal Traffic Acts, 1854 and 1888, le haon téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leo chun marsantas nó beo-dhíle d'iompar nó earraí soloite ná beidh cosanta i gceart le pacáil nó earraí contúrthacha.

[EN]

Rátaí fionntair an únaera ar bheo-dhíle.

79.—Ní bheidh d'oblagáid ar an gCuideachtain beo-dhíle d'iompar ar rátaí fionntair an únaera i gcáis ná déanfadh an chuideachta iarnróid scurtha beo-dhíle d'iompar ar rátaí laghdaithe fá choinníollacha fionntair an únaera díreach roimh dháta an bhunuithe.

[EN]

Eilithe íosta.

80.—(1) Beidh an Chuideachta i dteideal táille d'éileamh ar mharsantas d'iompar amhail ar feadh faide íosta de pé méid míle a chinnfidh an tAire le hordú, nó pé suim íosta chinnfidh an tAire le hordú, ach ní cead na faideanna íosta d'athrú do réir mar a héileofar éilithe cinn scríbe stáisiúin nó ná héileofar.

[EN]

(2) Aon chinneadh do rinne an binse iarnróid fá alt 45 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige fé is dá mb'ordú ón Aire fán alt so é.

[EN]

Eilithe i gcás faideanna speisialta.

81.—I gcás aon fhoráil réachtúil, maidir le héilithe as an gcuideachtain iarnróid scurtha d'iompar nó i dtaobh iad d'iompar marsantais nó paisnéirí, a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe dá údarú go ndéanfaí, chun faid slí do dhéanamh amach, méid áirithe de mhílte d'áireamh alos aon choda áirithe d'iarnród na cuideachtan iarnróid scurtha, leanfaidh an fhoráil reachtúil sin i bhfeidhm agus déanfar na tagairtí atá inti don chuideachtain iarnróid scurtha do léiriú, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, mar thagairtí don Chuideachtain.

[EN]

Earraí contúrthacha.

82.—(1) Ní chuirfidh éinní atá san Acht so d'oblagáid ar an gCuideachtain earraí contúrthacha do ghlacadh chun iad d'iompar d'iarnród, ná ní dhéanfaidh dochar do chumhachta aon Aire Stáit fán Explosives Act, 1875, ná ní bhainfidh uathu, ná ní dhéanfaidh difir do bhailíocht ná d'oibriú aon orduithe, rialach nó fó-dhlí arna dhéanamh fá na cumhachta atá san Acht san.

[EN]

(2) Má dhéanann an Chuideachta earraí contúrthacha do ghlacadh chun iad d'iompar d'iarnród, iomprófar na hearraí fá réir pé fó-dhlithe, rialachán agus coinníollacha is oiriúnach leis an gCuideachtain i dtaobh iad d'iompar nó do stóráil, agus déanfaidh únaer nó consíneoir na n-earraí sin an Chuideachta do shlánú in aghaidh agus i gcoinne gach cailliúna nó damáiste a bhainfeas don Chuideachtain nó ina mbeidh an Chuideachta nó ina dtiocfaid chun bheith freagarthach toisc gan na fó-dhlithe, na rialacháin, agus na coinníollacha san do chomhlíonadh maidir leis na hearraí sin agus íocfaidh sé lán-chúiteamh i ngach díobháil do sheirbhísigh na Cuideachtan agus i ngach damáiste do mhaoin na Cuideachtan a thiocfas de sin mura gcruthaítear gurbh é mí-iompar toiliúil seirbhíseach na Cuideachtan fá ndear an díobháil nó an damáiste, ach, fá réir mar adúradh, beidh feidhm ag na forála den Chaibidil seo bhaineas le gnáth-rátaí agus le rátaí fionntair an únaera.

[EN]

(3) Aon cheist éireos fán alt so i dtaobh aon earraí áirithe do bheith ina n-earraí contúrthacha, féadfar í chur fá bhráid an Aire.

[EN]

(4) I gcás an chuideachta iarnróid scurtha nó an Chuideachta dá dhearbhú aon earra áirithe do bheith contúrthach is ar an duine a bheas á iarraidh go n-iomprófaí an earra bheas a chruthú ná fuil sé contúrthach.

[EN]

(5) Aon fhó-dhlithe do rinne an chuideachta iarnróid scurtha chun críoch fó-ailt (2) d'alt 47 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), leanfaid i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu fé is dá mb'í an Chuideachta a dhéanfadh fá fhó-alt (2) den alt so iad.

[EN]

Forála ilghnéitheacha i dtaobh rátaí.

83.—Beidh feidhm ag na forála atá san Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so maidir leis an gCuideachtain.

[EN]

Conspóidí agus easaontais do chinneadh a éireos idir an Chuideachta agus trádálaithe fán Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

84.—(1) I gcás conspóid nó easaontas d'éirí idir an Chuideachta agus trádálaí agus é bheith ina chonspóid nó ina easaontas a bheas le cur nó is féidir a chur fá bhráid an Aire nó bheas le cinneadh ag an Aire fán Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, féadfaidh an Chuideachta nó an trádála a iarraidh ar an Aire an ní do chinneadh, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) bhéarfaidh an t-iarratasóir don pháirtí eile pé fógra a hordófar i dtaobh an iarratais;

[EN]

(b) déanfaidh an tAire, taréis dó an t-iarratas agus aon chúis a phléifidh an Chuideachta agus an trádálaí leis do bhreithniú, an chonspóid nó an t-easaontas do chinneadh, agus ní bheidh dul thar an gcinneadh sin.

[EN]

(2) Ní foláir gach iarratas fán alt so do bheith sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe do bheith ann.

[EN]

Feadhma breise ag an Aire.

85.—(1) Féadfaidh an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal a iarraidh ar an Aire tráth ar bith éinní de na nithe seo leanas do chinneadh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) éinní a bhfuil cumhacht ag an Aire chun é chinneadh fá alt 80 (a bhaineas le héilithe íosta) den Acht so;

[EN]

(b) aon cheist éireos fá alt 82 (a bhaineas le hearraí contúrthacha) den Acht so i dtaobh aon earraí áirithe do bheith ina n-earraí contúrthacha;

[EN]

(c) aon cheist i dtaobh na haicme ina a n-aicmeofar aon earra áirithe san aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain;

[EN]

(d) an méid a lomhálfar alos aon tseirbhísí cinn scríbe ná déanfar i stáisiún, nó alos áise agus seirbhísí a bhainfeas le taobhlach príobháideach agus ná déanfar ná ná soláthrófar ag an taobhlach san;

[EN]

(e) réasúnacht nó neamh-réasúnacht aon éilimh a éileoidh an Chuideachta alos aon tseirbhísí nó áise ná bainfidh aon éileamh údaraithe leo;

[EN]

(f) réasúnacht nó neamh-réasúnacht aon choinníollacha cheapfaidh an Chuideachta i dtaobh pacáil earraí is rífhuiriste a dhamáistiú le linn a n-iompair nó ar baol go ndéanfaidís marsantas eile do dhamáistiú;

[EN]

(g) na hearraí agus na rudaí is ceadaithe d'iompar d'iarnród mar bhagáiste paisnéirí;

[EN]

(h) aon cheist a bheas, fá mhír 9 den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, le cinneadh ag an Aire.

[EN]

(2) I gcás iarratas do dhéanamh chun an Aire chun éinní dá luaitear i bhfó-alt (1) den alt so do chinneadh, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) déanfaidh an t-iarratasóir, má cheanglann an tAire air é, fógra i dtaobh an iarratais d'fhoillsiú i pé slí ordóidh an tAire;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina thaobh;

[EN]

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an iarratas, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste sin, bhéarfaidh sé breith ar an scéal agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.

[EN]

(3) Ní foláir gach iarratas fán alt so do bheith sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe do bheith ann.

[EN]

Forála maidir le ceisteanna nó conspóidí nó easaontais áirithe cuirfear fá bhráid an Aire.

86.—(1) Féadfaidh an tAire, d'fhonn aon cheist nó conspóid nó easaontas lena mbaineann an t-alt so do chinneadh, duine do cheapadh chun an cheist nó an chonspóid nó an t-easaontas san d'éisteacht ach ní chun é chinneadh.

[EN]

(2) An duine ceapfar fán alt so chun aon cheist nó conspóid nó easaontas d'éisteacht féadfaidh, trí fhógra i scríbhinn, fínnithe do ghairm agus a cheangal go ndéanfaí leabhair agus scríbhní do thabhairt ar áird, agus éinne a gairmfear amhlaidh agus a mhainneos teacht i láthair nó dhiúltós d'fhianaise do thabhairt os comhair an duine nó na ndaoine ceapfar amhlaidh, agus éinne a mhainneos nó a dhiúltós aon leabhar nó scríbhinn eile do thabhairt ar áird a ceanglófar amhlaidh air a thabhairt ar áird, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air.

[EN]

(3) An duine ceapfar fán alt so chun aon cheist nó conspóid nó easaontas d'éisteacht beidh de chumhacht aige fianaise do ghlacadh fá mhionn agus chuige sin féadfaidh an duine sin daoine thiocfas i láthair mar fhínnithe ag an éisteacht san do chur fá mhionn.

[EN]

(4) Baineann an t-alt so—

[EN]

(a) le haon cheist éireos fá alt 82 den Acht so i dtaobh aon earraí áirithe do bheith ina n-earraí contúrthacha nó gan a bheith,

[EN]

(b) le haon chonspóid idir an Chuideachta agus trádálaí éireos fá mhíreanna 3 nó 6 den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so,

[EN]

(c) le haon easaontas idir an Chuideachta agus trádálaí éireos fá mhíreanna 4, 5, nó 10 den Ochtú Sceideal san.

[EN]

Achta áirithe do leasú sa mhéid go mbainid leis an gCuideachtain.

87.—(1) Na hAchta luaitear sa Naoú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, beidh éifeacht acu, maidir leis an gCuideachtain agus sa mhéid go mbainfid lena ngnóthas iarnróid, fá réir na leasuithe a luaitear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

(2) I gcás aon Achta speisialta atá ann fá láthair agus a bhaineas leis an gcuideachtain iarnróid scurtha is Acht ná corpraíonn alt d'aon cheann d'Achta na gClás Iarnród a leasaítear nó a hathghairmtear leis an Naoú Sceideal a ghabhas leis an Acht so ach go bhfuil ann forála atá ar comhréir leis an alt san, déanfar a leithéid chéanna de leasú nó d'athghairm ar an bhforáil chomhréire sin a déantar leis an Naoú Sceideal san ar an alt d'Acht na gClás Iarnród.

Caibidil III.

Éilithe Iarnróid Chuideachtana Iarnróid seachas an Chuideachta.

[EN]

Éilithe iarnróid uasta cuideachtana seachas an Chuideachta.

88.—Na rátaí, na táillí, na custaim agus na dleachta uasta is inéilithe ag cuideachtana iarnróid (seachas an Chuideachta) ar thrácht d'iarnród díreach roimh dháta an bhunuithe leanfaid, a mhéid a bhainid leis na coda san dá ngnóthas iarnróid atá suite sa Stát, i bhfeidhm mar éilithe uasta mura ndéantar agus go dtí go ndéanfar iad d'athrú do réir ailt 89 den Acht so.

[EN]

Éilithe iarnróid uasta cuideachtana seachas an Chuideachta d'athrú.

89.—I gcás cuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta) nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na n-éilithe uasta bhainfeas leis an gcuideachtain sin ar thrácht d'iarnród nó aon choda dhíobh nó aon choda de na coinníollacha bhainfeas leo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar na héilithe uasta san nó ar na coinníollacha bhainfeas leo agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe nó na coinníollacha athraithe i ngníomh.

Caibidil IV.

Éilithe ar Sheirbhísí Trambhealaigh a bheas á nOibriú ag an gCuideachtain.

[EN]

Éilithe uasta ar sheirbhísí trambhealaigh a bheas á n-oibriú ag an gCuideachtain.

90.—Chun críoch na Coda so is iad is éilithe uasta ar phaisnéirí, bagáiste paisnéirí nó marsantas d'iompar ag aon tseirbhís trambhealaigh a bheas á hoibriú ag an gCuideachtain ná na héilithe uasta dob inéilithe díreach roimh dháta an bhunuithe ar phaisnéirí, bagáiste paisnéirí nó marsantas d'iompar ag an seirbhís trambhealaigh chéanna arna hoibriú ag an gcuideachtain iompair scurtha, ach san fá réir aon athruithe dhéanfaidh an tAire fán gCuid seo.

[EN]

Éilithe uasta ar sheirbhísí trambhealaigh a bheas á n-oibriú ag an gCuideachtain d'athrú.

91.—I gcás an Chuideachta nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na n-éilithe uasta ar phaisnéirí, bagáiste paisnéirí nó marsantas d'iompar ag seirbhís trambhealaigh a bheas á hoibriú ag an gCuideachtain, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar na héilithe sin agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe leasaithe i ngníomh.

Caibidil V.

Éilithe ar Mharsantas d'Iompar de Bhóthar, a bhainfeas leis an gCuideachtain agus le hIompróirí Reachtúla áirithe eile.

[EN]

Éilithe uasta ar mharsantas d'iompar de bhóthar.

92.—(1) Féadfaidh aon iompróir reachtúil agus, má cheanglann an tAire air é, déanfaidh, fá cheann pé tréimhse a cheapfaidh an tAire, sceideal a cuirfear le chéile i pé slí ordóidh an tAire do chur fá bhráid an Aire de na héilithe uasta a bheas beartaithe ag an iompróir sin d'éileamh ar earraí d'iompar de bhóthar i bhfeithiclí inneall-ghluaiste nó i bhfeithielí arna dtarraing ag feithiclí inneall-ghluaiste.

[EN]

(2) I gcás iompróir reachtúil do chur sceidil d'éilithe uasta ar mharsantas d'iompar de bhóthar fá bhráid an Aire, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá—

[EN]

(a) foillseoidh an t-iompróir an sceideal san i pé slí ordóidh an tAire;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an sceideal san do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina thaobh;

[EN]

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an sceideal san, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an sceideal san do chur fá bhráid an Choiste sin, socróidh sé an sceideal san agus ceapfaidh an dáta ar a dtiocfaidh sé i ngníomh.

[EN]

(3) Sa Chuid seo, déanfar tagairtí don sceideal d'éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil do léiriú mar thagairtí do sceideal de na héilithe bóthair don iompróir sin arna shocrú ag an Aire fán alt so.

[EN]

(4) I gcás sceideal d'éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil do bheith i bhfeidhm is iad na héilithe bheas sa sceideal san na héilithe uasta a bheas an t-iompróir sin i dteideal d'éileamh ar na seirbhísí uile ar ina dtaobh a bheas na héilithe sin ceaptha, ach san fá réir aon athruithe dhéanfaidh an tAire orthu fán gCaibidil seo.

[EN]

Éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil d'athrú.

93.—I gcás sceideal d'éilithe bóthair uasta iompróra reachtúil do bheith i bhfeidhm agus an t-iompróir sin nó éinne go leas aige sa scéal do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na n-éilithe sin nó aon choda acu nó aon choinníollacha bhainfeas leo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh, le hordú, ar na héilithe sin nó ar na coinníollacha bhainfeas leo agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe nó na coinníollacha athraithe i ngníomh.

Caibidil VI.

Éilithe Canálach.

[EN]

Mínithe chun críoch Caibidle VI de Chuid IV.

94.—Sa Chaibidil seo—

[EN]canáil.

ciallaíonn an focal “canáil”—

[EN]

(a) maidir le Cuideachtain Chanáil Laighean, Canáil Laighean,

[EN]

(b) maidir leis an gCuideachtain, Canáil na Midhe,

[EN]

(c) maidir leis na Coimisinéirí, Loingseoireacht Abhann na Sionna, gan an chuid d'Abhainn na Sionna d'áireamh atá idir Droichead Bhál ar Abhainn na Ministreach i gCathair Luimnigh agus an fharraige;

[EN]gnóthaire canálach.

ciallaíonn an abairt “gnóthaire canálach” aon chomhlucht acu so leanas, eadhon—

[EN]

(a) Cuideachta Chanáil Laighean,

[EN]

(b) an Chuideachta, nó

[EN]

(c) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn ag gníomhú don Aire;

[EN]Coimisinéirí.

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;

aicmíocht chanálach athscrúdaithe marsantais.

ciallaíonn an abairt “an aicmíocht chanálach athscrúdaithe marsantais”, maidir le gnóthaire canálach, an aicmíocht mharsantais a bhainfeas leis an ngnóthaire sin arna cinneadh ag an Aire fá alt 96 den Chaibidil seo;

sceideal athscrúdaithe d'éilithe canálach uasta.

ciallaíonn an abairt “sceideal athscrúdaithe d'éilithe canálach uasta”, maidir le gnóthaire canálach, an sceideal d'éilithe an ghnóthaire sin arna shocrú ag an Aire fá alt 97 den Chaibidil seo.

[EN]

Eilithe canálach uasta.

95.—(1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, is iad éilithe uasta bheas aon ghnóthaire canálach i dteideal d'éileamh maidir le canáil an ghnóthaire sin, fá réir aon athruithe, dhéanfaidh an tAire fán gCaibidil seo, ná—

[EN]

(a) i gcás Cuideachtan Chanáil Laighean, na héilithe atá leagtha amach i gCuid I den Deichiú Sceideal a ghabhas leis an Acht so,

[EN]

(b) i gcás na Cuideachtan, na héilithe atá leagtha amach i gCuid II den Deichiú Sceideal san,

[EN]

(c) i gcás na gCoimisinéirí, na héilithe atá leagtha amach i gCuid III den Deichiú Sceideal san.

[EN]

(2) Scuirfidh fó-alt (1) den alt so de bheith i bhfeidhm, chomh fada agus a théigheann aon ghnóthaire canálach áirithe, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an sceideal athscrúdaithe d'éilithe canálach uasta an ghnóthaire sin i ngníomh.

[EN]

An aicmíocht chanálach athscrúdaithe marsantais a bhainfeas le gnóthaire canálach.

96.—(1) Féadfaidh gnóthaire canálach agus, má cheanglann an tAire air é, déanfaidh, fá cheann pé tréimhse cheapfaidh an tAire, tairgsin do chur fá bhráid an Aire chun aicmíocht athscrúdaithe do dhéanamh ar mhársantas d'fhonn na rátaí d'éilithe dhéanfaidh an gnóthaire canálach maidir le marsantas d'iompar de chanáil an ghnóthaire chanálach san do chur i mbaint leis an marsantas san, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) foillseoidh an gnóthaire canálach san an tairgsin sin i pé slí ordóidh an tAire;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an tairgsin sin do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina taobh;

[EN]

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an tairgsin sin, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas acu sa scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an tairgsin sin do chur fá bhráid an Choiste sin, cinnfidh sé cadé an aicmíocht mharsantais a bhainfeas leis an ngnóthaire sin chun na críche sin.

[EN]

(2) Ní thiocfaidh an aicmíocht athscrúdaithe mharsantais a bhainfeas le gnóthaire canálach i ngníomh go dtí go dtiocfaidh an sceideal athscrúdaithe d'éilithe canálach uasta an ghnóthaire chanálach san i ngníomh.

[EN]

Sceideal athscrúdaithe d'éilithe canálach uasta gnóthaire chanálach.

97.—(1) Aon tráth taréis an aicmíocht chanálach athscrúdaithe marsantais a bhainfeas le gnóthaire canálach do bheith socair ag an Aire, féadfaidh an gnóthaire canálach san agus, má cheanglann an tAire air é, déanfaidh, fá cheann pé tréimhse cheapfaidh an tAire, sceideal athscrúdaithe a cuirfear le chéile i pé slí ordóidh an tAire do chur fá bhráid an Aire de na rátaí, na custaim agus na héilithe uasta a bheas beartaithe ag an ngnóthaire canálach san d'éileamh, agus air sin beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) foillseoidh an gnóthaire canálach san an sceideal san i pé slí ordóidh an tAire;

[EN]

(b) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an sceideal san do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina thaobh;

[EN]

(c) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an sceideal san, ar aon chúis a phléifidh daoine go leas sa acu scéal leis, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an sceideal san do chur fá bhráid an Choiste sin, socróidh sé an sceideal san agus ceapfaidh an dáta ar a dtiocfaidh sé i bhfeidhm.

[EN]

(2) Amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an sceideal athscrúdaithe d'éilithe canálach uasta bhainfeas le gnóthaire canálach i ngníomh, is iad na héilithe bheas sa sceideal san na héilithe uasta bheas an gnóthaire canálach san i dteideal d'éileamh ar na seirbhísí uile ar ina dtaobh a bheas na héilithe sin ceaptha, ach san fá réir aon athruithe dhéanfaidh an tAire fán gCaibidil seo.

[EN]

An aicmíocht chanálach marsantais a bhainfeas le gnóthaire canálach d'athrú.

98.—(1) I gcás aon ghnóthaire canálach nó aon chomhlucht trádálaithe bheas ag úsáid canálach an ghnóthaire chanálach san do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na haicmíochta canálach marsantais a bhainfeas leis an ngnóthaire canálach san de thuras na huaire, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar an aicmíocht san.

[EN]

(2) San alt so folaíonn an focal “athrú”, maidir leis an aicmíocht chanálach marsantais a bhainfeas le gnóthaire canálach de thuras na huaire, athrú ar aicmíocht aon earra agus aicmiú ar aon earra ná beidh aicmithe de thuras na huaire, agus léireofar an focal “athruithe” dá réir sin.

[EN]

Eilithe canálach uasta d'athrú.

99.—I gcás aon ghnóthairc canálach nó comhlucht trádálaithe bheas ag úsáid canálach an ghnóthaire chanálach san do dhéanamh iarratais chun an Aire, sa bhfoirm ordaithe agus na sonnraí ordaithe ann, ag lorg orduithe ag athrú na n-éilithe uasta is inéilithe de thuras na huaire ag an ngnóthaire canálach san maidir le canáil an ghnóthaire sin ar an bhforas go bhfuil na héilithe éilíonn an gnóthaire neamh-dhóthanach nó iomarcach ag féachaint do chostas saothair nó abhar nó do chúinsí eile bhaineas leis an ngnóthas san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, pé athruithe is oiriúnach leis do dhéanamh le hordú ar na héilithe uasta agus an dáta do cheapadh ar a dtiocfaidh na héilithe uasta leasaithe i ngníomh.

[EN]

Eilithe i gcás codáin de phingin.

100.—Má bhíonn codán de phingin ina chuid d'aon éileamh a dhéanfaidh gnóthaire canálach maidir le canáil an ghnóthaire sin, ní héileofar an codán más lú ná leath-phingin é nó féadfar, más leath-phingin nó níos mó é, pingin d'éileamh ina thaobh.

[EN]

Forála láithreacha i dtaobh éilithe gnóthairí canálach d'athghairm.

101.—Amhail ó dháta an bhunuithe amach beidh athghairm déanta ar na forála reachtúla uile bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe maidir le socrú nó athrú éilithe is inéilithe ag gnóthaire canálach i dtaobh canáil an ghnóthaire sin.

Caibidil VII.

Forála Foirlíontacha.

[EN]

Eilithe comhaontaithe ag gnóthairí iompair ar mharsantas d'iompar.

102.—(1) I gcás—

[EN]

(a) gnóthaire iompair do chomhaontú le trádálaí chun aon chuid dá mharsantas d'iompar ar rátaí áirithe agus fá réir coinníollacha áirithe (rátaí agus coinníollacha dá ngairmtear éilithe comhaontaithe san alt so), agus

[EN]

(b) an tAire do cheadú na n-éilithe comhaontaithe sin fán alt so ar iarratas an ghnóthaire iompair,

[EN]

ansan, faid a bheas na héilithe comhaontaithe i ngníomh, féadfaidh an gnóthaire iompair, d'ainneoin éinní atá sna caibidlí sin roimhe seo den Chuid seo nó in aon achtachán eile, na héilithe comhaontaithe d'éileamh maidir leis an trádálaí.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála so leanas maidir le hiarratas chun an Aire chun é do cheadú éilithe comhaontaithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní foláir sonnraí ar na héilithe comhaontaithe do bheith san iarratas,

[EN]

(b) ní foláir don iarratasóir fógra i dtaobh an iarratais d'fhoillsiú do réir ordachán an Aire, maraon le sonnraí i dtaobh an ama agus na slí ina bhféadfaidh aon trádálaithe agóidí do dhéanamh chun an Aire maidir leis an iarratas, má mheasaid go ndéanfar dochar dá ngnóthaí má cheadaíonn an tAire na héilithe comhaontaithe agus go n-éileofar na héilithe comhaontaithe,

[EN]

(c) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil d'fháil,

[EN]

(d) taréis don Aire breithniú do dhéanamh ar an iarratas, ar aon agóidí déanfar go cuibhe maidir leis an iarratas, agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste sin, féadfaidh sé, fá réir míre (e) den fhó-alt so, na héilithe comhaontaithe do cheadú nó diúltú d'iad do cheadú.

[EN]

(e) ní cheadóidh an tAire na héilithe comhaontaithe muran deimhin leis gur iomathrú réasúnach iad ar na rátaí agus na héilithe do bhainfeadh dá éamais sin sa ghnáth-shlí leis an iarratasóir d'iompar marsantais an trádálaí bheas i gceist.

[EN]

(3) Má cheadaíonn an tAire éilithe comhaontaithe ceapfaidh sé an dáta ar a dtiocfaid i ngníomh agus an tréimhse ar ar a feadh a fhanfaid i ngníomh, agus tiocfaidh na héilithe comhaontaithe i ngníomh dá réir sin agus fanfaid i ngníomh ar feadh na tréimhse ceapfar amhlaidh ach ní níos sia mura ndéana an tAire iad do choimeád i ngníomh ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí eile agus údaraítear dó leis seo san do dhéanamh.

[EN]

(4) I gcás an tAire do cheadú éilithe comhaontaithe idir gnóthaire iompair agus trádálaí féadfaidh an tAire, uaidh féin nó ar iarratas a déanfar fá cheann dhá mhí dhéag taréis é dá gceadú ag aon trádálaí eile chuirfeas ina luighe ar an Aire dochar a bheith déanta do ghnó an iarratasóra ag na héilithe comhaontaithe, agus taréis dó breithniú do dhéanamh ar aon chúis a phléifidh an gnóthaire iompair leis agus ar thuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh i gcás é do chur an iarratais fá bhráid an Choiste sin (agus údaraítear dó leis seo san do dhéanamh), féadfaidh, le hordú, na héilithe (ar a n-áirítear na coinníollacha bheas ag gabháil leo) éileoidh an gnóthaire iompair ar iompar pé marsantais de chuid an iarratasóra chinnfidh an tAire do cheapadh ar an aon-fhoras leis na héilithe comhaontaithe agus ceapfaidh, leis an ordú, an tréimhse (ná beidh níos sia ná an tréimhse ar ar a feadh a bheas na héilithe comhaontaithe le fanúin i ngníomh) ar ar a feadh a bheas an t-ordú le fanúin i ngníomh agus údaróidh an t-ordú san don ghnóthaire iompair d'ainneoin éinní atá sna Caibidlí sin roime seo den Chuid seo nó in aon achtachán eile agus ceanglóidh air éilithe do réir téarmaí an orduithe d'éileamh faid a bheas an t-ordú i bhfeidhm ar iompar marsantais de chuid an iarratasóra.

[EN]

(5) Cuirfidh an gnóthaire iompair lena mbainfidh an scéal fá ndear sonnraí ar aon éilithe comhaontaithe nó éilithe ceapfar le hordú fá fhó-alt (4) den alt so do bheith ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpobal i gceann-oifig an ghnóthaire iompair agus i pé áiteanna eile adéarfaidh an tAire.

[EN]

(6) Má fhaillíonn gnóthaire iompair déanamh do réir fó-ailt (5) den alt so beidh an gnóthaire iompair ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

(7) San alt so ciallaíonn an abairt “gnóthaire iompair” aon chomhlucht acu so leanas, eadhon—

[EN]

(a) cuideachta iarnróid,

[EN]

(b) an Chuideachta, nó

(c) gnóthaire canálach.

[EN]

An Chuideachta d'fhoillsiú na haicmíochta iarnróid marsantais, etc.

103.—(1) Coimeádfaidh an Chuideachta chun a ndíolta i pé áiteanna agus ar pé praghsanna ordóidh an tAire cóipeanna clóbhuailte den aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain, de na sceidil d'éilithe uasta ar mharsantas d'iompar d'iarnród a bhainfeas leis an gCuideachtain, agus (nuair a bheidh socair ag an Aire) den sceideal d'éilithe uasta ar mharsantas d'iompar de bhóthar a bhainfeas leis an gCuideachtain.

[EN]

(2) I ngach depôt leo ina nglacfaid marsantas chun é d'iompar d'iarnród nó de bhóthar, coimeádfaidh an Chuideachta chun a n-iniúchta ag an bpobal cóip den aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain agus leabhar nó leabhair ina luafar—

[EN]

(a) an fhaid inéilimh d'iarnród, de bhóthar, nó d'iarnród agus bóthar ón depôt san go dtí gach áit a nglacann an Chuideachta marsantas ina chóir,

[EN]

(b) na sceidil de na héilithe uasta ar mharsantas d'iompar d'iarnród a bhainfeas leis an gCuideachtain,

[EN]

(c) i gcás an céanna do dhéanamh, an sceideal de na héilithe uasta ar mharsantas d'iompar de bhóthar a bhainfeas leis an gCuideachtain.

[EN]

(d) na héilithe iarbhfír a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire ar mharsantas d'iompar ón depôt san d'iarnród, de bhóthar, nó d'iarnród agus bóthar,

[EN]

(e) aon éilithe bheas i bhfeidhm ar mharsantas do bhailiú agus do sheachadadh ag an depôt san.

[EN]

(3) Coimeádfaidh an Chuideachta ina bpríomh-oifig, chun a n-iniúchta ag an bpobal, leabhar nó leabhair ina luafar an fhaid inéilimh d'iarnród, de bhóthar, nó d'iarnród agus bóthar, agus na héilithe iarbhfír a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire ar mharsantas d'iompar d'iarnród, de bhóthar, nó d'iarnród agus bóthar ó gach depôt leo ina nglactar marsantas chun é d'iompar d'iarnród nó de bhóthar.

[EN]

(4) An chóip den aicmíocht iarnróid marsantais a bhainfeas leis an gCuideachtain agus an leabhar nó na leabhair is gá do réir fó-alt (2) agus (3) den alt so do choimeád beid ar fáil gach tráth réasúnach chun a n-iniúchta ag duine ar bith gan táille d'íoc.

[EN]

(5) Má fhaillíonn an Chuideachta déanamh do réir aon choda d'fhorála an ailt seo, beidh an Chuideachta ciontach i gcionta fán alt so agus ar a gciontú ann ar an slí-achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur orthu, agus i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

Sceideal d'fhoillsiú d'éilithe ar mharsantas d'iompar de bhóthar a bhainfeas le hiompróirí reachtúla seachas an Chuideachta.

104.—(1) Aon uair a shocrós nó athrós an tAire sceideal d'éilithe ar mharsantas d'iompar de bhóthar a bhainfeas le hiompróir reachtúil (seachas an Chuideachta), beidh éifeacht ag na forála so leanas:—

[EN]

(a) cuirfidh an t-iompróir sin fá ndear an sceideal san (mar bheas socair nó athraithe amhlaidh) d'fhoillsiú sa tslí ordaithe;

[EN]

(b) déanfaidh an t-iompróir sin, ar an táille ordaithe d'íoc leis, cóip den sceideal san do thabhairt d'éinne a iarrfas é san áit ordaithe.

[EN]

(2) Má fhaillíonn aon iompróir reachtúil (seachas an Chuideachta) déanamh do réir forál an ailt seo, beidh an t-iompróir sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.

CUID V.

An Binse Iarnróid do Dhíochur agus Dlínsí áirithe leo d'Aistriú chun na hárd-Chúirte.

[EN]

An Binse Iarnróid do dhíochur.

105.—(1) Beidh an Binse Iarnróid arna dhíochur ar dháta an bhunuithe.

[EN]

Dlínsí áirithe leis an mbinse iarnróid d'-aistriú chun na hÁrd-Chúirte.

106.—(1) Beidh arna n-aistriú chun na hÁrd-Chúirte agus arna ndílsiú inti ar dháta an bhunuithe na dlínsí uile agus fá seach a bheas, díreach roimh dháta an bhunuithe, dílsithe sa bhínse iarnróid nó infheidhmithe acu—

[EN]

(a) de bhuaidh ailt 23 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), nó

[EN]

(b) de bhuaidh ailt 58 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), nó

[EN]

(c) de bhuaidh ailt 30 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932).

[EN]

(2) Aon imeachta bheas ar feitheamh os comhair an bhinse iarnróid díreach roimh dháta an bhunuithe agus a bhainfeas le nithe a mbeidh dlínse le feidhmiú ag an Árd-Chúirt ar dháta an bhunuithe nó dá éis ina dtaobh de bhuaidh fó-ailt (1) den alt so, féadfar, ar cheachtar páirtí do dhéanamh iarratais chun na hÁrd-Chúirte, iad d'aistriú chun na hÁrd-Chúirte agus air sin féadfar leanúin díobh agus iad do chríochnú i ngach slí fé is dá mba os comhair na hÁrd-Chúirte bunófaí na himeachta san i gcéadóir.

[EN]

(3) Gach luadh nó tagairt atá, de bhuaidh an oiriúnuithe déantar le fó-alt (2) d'alt 23 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924, in aon reacht Breatanach don bhinse iarnróid, déanfar, a mhéid a bhainfeas sé leis an dlínse dílsítear sa bhinse iarnróid leis an alt san 23 agus a haistrítear chun na hÁrd-Chúirte leis an alt so, é do léiriú agus beidh éifeacht aige, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, mar luadh nó mar thagairt don Árd-Chúirt.

[EN]

(4) An tagairt atá i bhfó-alt (5) d'alt 58 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1924, agus in alt 30 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932, don bhinse iarnróid léireofar í agus beidh éifeacht aici, ar dháta an bhunuithe agus dá éis, mar thagairt don Árd-Chúirt.

[EN]

Dlínse na hÁrd-Chúirte d'fheidhmiú.

107.—(1) Breitheamh den Árd-Chúirt, arna ainmniú ag Uachtarán na hÁrd-Chúirte chuige sin, a fheidhmeos an dlínse is infheidhmithe ag an Árd-Chúirt de bhuaidh an Achta so.

[EN]

(2) Go dtí go ndéanfar rialacha cúirte ag rialú cleachtadh agus nós imeachta na hÁrd-Chúirte maidir leis an dlínse is infheidhmithe aici de bhuaidh an Achta so, déanfar an cleachtadh agus an nós imeachta san do rialú, chomh fada agus is féidir, leis na rialacha a rialaíos cleachtadh agus nós imeachta an bhinse iarnróid maidir lena leithéid chéanna de dhlínse is infheidhmithe ag an mbinse iarnróid díreach roimh dháta an bhunuithe.

[EN]

Meastóirí chun cabhrú leis an Árd-Chúirt.

108.—(1) Chun críoch an ailt seo cothabhálfaidh an tAire—

[EN]

(a) painéal (dá ngairmtear san alt so an painéal “A” de mheastóirí) a bheas comhdhéanta de pé uimhir daoine (is daoine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith acu ar ghnóthaí tráchtála agus tionnscail) is oiriúnach leis an Aire, agus

[EN]

(b) painéal (dá ngairmtear san alt so an painéal “B” de mheastóirí) a bheas comhdhéanta de pé uimhir daoine (is daoine ar dóigh leis an Aire taithí do bheith acu ar ghnóthaí iompair) is oiriúnach leis an Aire.

[EN]

(2) Is é an tAire a cheapfas gach comhalta den phainéal “A” de mheastóirí agus den phainéal “B” de mheastóirí agus beidh gach comhalta dhíobh i seilbh oifige go ceann téarma trí mblian ó dháta a cheaptha agus beidh sé in-athcheaptha ar bheith caite d'aon téarma oifige den tsórt san.

[EN]

(3) Aon uair a iarrfas an Árd-Chúirt ar an Aire, maidir le cúrsa ar bith a mbeidh dlínse aici ina thaobh fán Acht so, dhá mheastóir d'ainmniú chun cabhrú leis an Árd-Chúirt sa chúrsa, ainmneoidh an tAire beirt (agus roghnófar duine acu as an bpainéal “A” de mheastóirí agus an duine eile as bpainéal “B” de mheastóirí) chun gníomhú mar mheastóirí den tsórt san agus gníomhóidh na daoine a hainmneofar amhlaidh mar mheastóirí sa chúrsa.

[EN]

(4) Cinnfidh an Árd-Chúirt luach saothair aon duine ghníomhós mar mheastóir in aon chúrsa fán alt so, agus, do réir mar ordóidh an Árd-Chúirt, íocfaidh pé páirtí sa chúrsa a ordóidh an Árd-Chúirt an luach saothair sin nó íocfaidh gach páirtí fá leith sa chúrsa é i pé scaireanna mheasfaidh an Árd-Chúirt is ceart.

[EN]

Ceart ag an Aire Talmhaíochta teacht os comhair na hÁrd-Chúirte.

109.—(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, pé ní mheasfaidh is ceart do dhéanamh chun é do theacht i láthair ina ghearánaí thar ceann aon duine bheas mí-shásta maidir le cúrsa ar bith (seachas cúrsa bhainfeas leis an Aire Poist agus Telegrafa) a mbeidh dlínse ag an Árd-Chúirt, de bhuaidh an Achta so, chun é d'éisteacht agus do chinneadh.

[EN]

(2) I dteannta na gcumhacht do bheirtear don Aire Talmhaíochta le fó-alt (1) den alt so agus gan dochar d'fheidhmiú na gcumhacht san, beidh ceart éisteachta os comhair na hÁrd-Chúirte ag an Aire sin i dtaobh aon chúrsa a mbeidh dlínse ag an Árd-Chúirt, de bhuaidh an Achta so, chun é d'éisteacht agus do chinneadh.

[EN]

CUID VI.

Línte Iarnróid do Thréigean.

[EN]

Líne iarnróid do thréigean.

110.—(1) I gcás ordú do bheith déanta ag an Aire fá alt 9 d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933), á údarú do chuideachtain iarnróid deireadh ar fad do chur le seirbhís de thraenacha arna rith ar aon líne iarnróid áirithe leis an gcuideachtain sin nó arna hoibriú acu, féadfaidh an tAire le hordú (dá ngairmtear ordú tréigin san alt so) a déanfar ar iarratas na cuideachtan san a údarú don chuideachtain sin an líne iarnróid sin do thréigean.

[EN]

(2) Luafar i ngach ordú tréigin an dáta ar a dtiocfaidh sé i bhfeidhm agus ní cead an dáta a luafar amhlaidh do bheith níos luaithe ná ocht lá fichead taréis dáta déanta an orduithe.

[EN]

(3) I gcás ordú tréigin do bheith déanta i dtaobh aon líne iarnróid áirithe, déanfaidh an chuideachta iarnróid ar leo an líne iarnróid sin nó bhí á hoibriú cóip den ordú d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i pé nuachtáin eile ordóidh an tAire agus cóip den ordú do sheirbheáil ar gach údarás áitiúil a mbeidh an líne iarnróid laistigh dá líomatáiste feidhmiúcháin.

[EN]

(4) I gcás ordú tréigin do bheith déanta i dtaobh aon líne iarnróid áirithe is le cuideachtain iarnróid nó bhí á hoibriú acu, beidh éifeacht ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) i gcás an líne iarnróid do thabhairt thar bóthar poiblí le droichead a raibh de dhliteanas ar an gcuideachtain iarnróid díreach roimh an dáta (dá ngairmtear an feidhm-dháta sa bhfó-alt so) ar a dtiocfaidh an t-ordú i bhfeidhm é chothabháil—

[EN]

(i) ceapfaidh an tAire dáta (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa mhír seo) chun críoch na míre seo,

[EN]

(ii) féadfaidh an chuideachta iarnróid agus an t-údarás áitiúil ar a mbeidh de chúram, fá alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925), an bóthar poiblí do chothabháil comhaontú do dhéanamh roimh an dáta ceaptha chun an droichead do dhíochur nó chun deighleáil leis ar shlí eile (lena n-áirítear, más gá, an bóthar poiblí do chur sa riocht, nó i riocht a bheas comh-áisiúil leis an riocht, ina raibh sé sarar bhain déantóirí na líne iarnróid leis nó d'eile an bóthar poiblí do chlaonadh) ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, agus, sa chás san, scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid (ach amháin pé dliteanas (más ann) a forchuirfear leis an gcomhaontú), chun an droichead do chothabháil), ar an gcomhaontú do chomhlánú,

[EN]

(iii) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt san do chomhlánú amhlaidh ach go ndíochuirfidh an chuideachta iarnróid barr-dhéanmhas an droichid roimh an dáta ceaptha, ansan—

[EN]

(I) scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead do chothabháil, amhail ar dháta an díochuir agus dá éis, agus

[EN]

(II) dlífidh an t-údarás áitiúil, amhail ar dháta an díochuir agus dá éis, pé méid den droichead do chothabháil a fhanfas taréis an barrdhéanmhas do dhíochur, agus

[EN]

(III) íocfaidh an chuideachta iarnróid leis an údarás áitiúil cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás áitiúil de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh,

[EN]

(iv) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt san do chomhlánú amhlaidh nó barr-dhéanmhas an droichid do dhíochur amhlaidh, ansan—

[EN]

(I) scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead do chothabháil, ar an dáta ceaptha, agus

[EN]

(II) dlífidh an t-údarás áitiúil, amhail ar an dáta ceaptha agus dá éis, an droichead do chothabáil, agus

[EN]

(III) íocfaidh an chuideachta iarnróid leis an údarás áitiúil cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás áitiúil de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh;

[EN]

(b) i gcás bóthar poiblí do thabhairt thar an líne iarnróid le droichead a mbeidh de dhliteanas ar an gcuideach tain iarnróid díreach roimh an bhfeidhm-dháta é chothabháil—

[EN]

(i) ceapfaidh an tAire dáta (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa mhír seo) chun críoch na míre seo,

[EN]

(ii) féadfaidh an chuideachta iarnróid agus an t-údarás áitiúil ar a mbeidh de chúram, fán alt san 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925, adúradh, an bóthar poiblí do chothabháil comhaontú do dhéanamh roimh an dáta ceaptha chun an droichead do dhíochur nó chun deighleáil leis ar shlí eile (lena n-áirítear, más gá, an bóthar poiblí do chur sa riocht, nó i riocht a bheas comháisiúil leis an riocht, ina raibh sé sarar bhain déantóirí na líne iarnróid leis nó d'eile an bóthar poiblí do chlaonadh) ar pé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis na páirtithe sa chomhaontú, agus, sa chás san, scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid (ach amháin pé dliteanas (más ann) a forchuirfear leis an gcomhaontú), chun an droichead do chothabháil, ar an gcomhaontú do chomhlánú,

[EN]

(iii) mura ndéantar aon chomhaontú den tsórt san do chomhlánú amhlaidh, ansan—

[EN]

(I) scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead do chothabháil, ar an dáta ceaptha, agus

[EN]

(II) dlífidh an t-údarás áitiúil, amhail ar an dáta ceaptha agus dá éis, an droichead do chothabháil, agus

[EN]

(III) íocfaidh an chuideachta iarnróid leis an údarás áitiúil cúiteamh in aon chaiteachas a bheas ar an údarás áitiúil de bhíthin an dliteanais a forchuirfear orthu amhlaidh;

[EN]

(c) má thrasnaíonn an líne iarnróid aon bhóthar poiblí ar an gcomhréidh, déanfaidh an chuideachta iarnróid, tráth nach déanaí ná pé dáta cheapfaidh an tAire, na ráillí do thógaint chun siúil agus gach ní eile is gá do dhéanamh chun an chuid sin den bhóthar phoiblí sin a dtrasnaíodh an líne iarnróid í do dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun an phoiblíocht dá húsáid, agus air sin scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid chun an chuid sin do choimeád i dtreo;

[EN]

(d) an dliteanas a forchuirtear ar an gcuideachtain iarnróid le halt 68 den Railways Clauses Act, 1845, chun aon oibreacha do chothabháil (seachas droichid thar an líne iarnróid nó fúithi) den chineál a luaitear san alt san 68 do rinneadh, de bhun an ailt sin, chun áise únaerí agus sealbhairí tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid, scuirfidh sé amhail ón bhfeidhmdháta, ach íocfaidh an chuideachta iarnróid le haon únaer nó sealbhaire tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid ar chun áise dhó do rinneadh aon oibreacha den tsórt san de bhun an ailt sin 68 agus a dhlífidh an chuideachta iarnróid díreach roimh an bhfeidhm-dháta a chothabháil cúiteamh i ngach díobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó de bhíthin dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun na hoibreacha san do chothabháil, do scur;

[EN]

(e) i gcás aon droichead (is droichead a dhlífidh an chuideachta iarnróid díreach roimh an bhfeidhm-dháta a chothabháil) do dhéanamh, de bhun ailt 68 den Railways Clauses Act, 1845, adúradh, thar an líne iarnróid nó fúithi chun áise únaerí agus sealbhairí tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid—

[EN]

(i) má dhéanann an chuideachta iarnróid, roimh pé dáta cheapfaidh an tAire chuige, na hoibreacha so leanas, eadhon, crosaire ar an gcomhréidh thar láithreán an iarnróid tréigthe do chur in ionad an droichid sin agus an crosaire sin do dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid, ansan, amhail ó am na n-oibreacha san do chríochnú, scuirfidh dliteanas na cuideachtan iarnróid agus ní bheidh aon oblagáid orthu chun an crosaire sin do choimeád i dtreo,

[EN]

(ii) mura ndéana an chuideachta iarnróid na hoibreacha san roimh an dáta san—

[EN]

(I) scuirfidh an chuideachta iarnróid, amhail ar an dáta san agus dá éis, de bheith fá dhliteanas chun an droichead san do chothabháil,

[EN]

(II) íocfaidh an chuideachta iarnróid le haon únaer nó sealbhaire tailimh atá ag síneadh leis an líne iarnróid ar chun áise dhó do rinneadh an droichead san cúiteamh i ngach diobháil nó damáiste (más ann) a bhainfeas dó de bhíthin dliteanas na cuideachtan iarnróid, chun an droichead san do chothabháil, do scur,

[EN]

(iii) má bhíonn ceart slí infheidhmithe, díreach roimh an bhfeidhm-dháta, thar an droichead san—

[EN]

(I) i gcás an chuideachta iarnróid do dhéanamh na n-oibreacha so leanas roimh an dáta dá dtagartar i bhfó-mhír (i) den mhír seo, eadhon, crosaire ar an gcomhréidh do chur thar láithreán an iarnróid tréigthe in ionad an droichid sin agus an crosaire sin do dhéanamh oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid, beidh ceart slí den tsamhail dob infheidhmithe thar an droichead san infheidhmithe, de bhuaidh na fó-mhíre seo, thar an gcrosaire sin, agus féadfaidh duine ar bith ag á mbeidh teideal chuige sin de thuras na huaire gach ní do dhéanamh is gá do réir réasúin chun an crosaire sin do choimeád oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid,

[EN]

(II) in aon chás eile, leanfaidh an ceart slí thar an droichead san de bheith infheidhmithe, agus féadfaidh duine ar bith ag á mbeidh teideal chuige sin de thuras na huaire gach ní do dhéanamh is gá do réir réasúin chun an droichead san do choimeád oiriúnach agus sábhálta chun é d'úsáid.

[EN]

(5) I gcás cúiteamh do bheith iníoctha ag cuideachtain iarnróid le duine ar bith fán alt so—

[EN]

(a) cheal comhaontuithe, is eadránaí cheapfaidh an tAire a chinnfeas méid an chúitimh sin,

[EN]

(b) ceapfaidh an tAire luach saothair an eadránaí sin agus íocfaidh an chuideachta iarnróid an luach saothair sin

[EN]

(6) An t-eadránaí a ceapfar chun an cúiteamh do chinneadh is iníoctha ag cuideachtain iarnróid le duine ar bith fán alt so féadfaidh, lena mholadh agus as a chomhairle féin—

[EN]

(a) a ordú go n-íocfaidh an chuideachta iarnróid suim (a thomhaisfidh an t-eadránaí) mar chabhair chun íoctha costas agus caiteachais an duine sin, nó

[EN]

(b) a ordú go n-íocfaidh an duine sin suim (a thomhaisfidh an t-eadránaí) mar chabhair chun íoctha costas agus caiteachais na cuideachtan iarnróid, no

[EN]

(c) a ordú go n-íocfaidh an chuideachta iarnróid agus an duine sin fá seach a gcostais agus a gcaiteachas féin.

[EN]

(7) Ní bhainfidh an Abandonment of Railways Act, 1850, le haon líne iarnróid a mbeidh ordú tréigin déanta ina taobh.

[EN]

(8) I gcás ordú tréigin do dhéanamh maidir le haon líne iarnróid, féadfaidh an chuideachta iarnróid ar leo an líne sin an talamh is leo agus atá fán líne sin agus ag síneadh léi do dhíol trí chonnradh phríobháideach le húnaer an tailimh ar dhá thaobh na líne sin nó le duine ar bith, agus an t-únaer san d'áireamh, tré cheaint phoiblí.

[EN]

(9) San alt so—

[EN]

folaíonn an abairt “líne iarnróid” cuid de líne iarnróid;

ciallaíonn an abairt “bóthar poiblí” aon bhóthar a bhfuil údarás áitiúil fá oblagáid reachtúil chun é chothabháil.

[EN]

CUID VII.

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933, do Leasú.

[EN]

Cuid VII do léiriú.

111.—(1) Sa Chuid seo, ciallaíonn an abairt “Acht 1933” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933), arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Léireofar an Chuid seo agus Acht 1933 mar éinní amháin.

[EN]

Iompar ar luach saothair.

112.—(1) I gcás feithicil inneall-ghluaiste nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun marsantas d'iompar, ansan, fá réir an ailt seo, is tuigthe, chun críoch Achta 1933 agus go dtí go gcruthófar a mhalairt, an marsantas do bheith á iompar ar luach saothair.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) marsantas, arna sholáthar ag duine i gcúrsa trádála nó gnótha bheas á sheoladh aige, d'iompar i bhfeithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin nó i bhfeithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin chun an marsantas do sheachadadh don chustuiméir, nó

[EN]

(b) marsantas, a bheas le cur nó bheas curtha fá cheann nó cinn de na próiseasaí seo leanas, eadhon, deisiú, glanadh, níochan agus dathú, ag duine i gcúrsa trádála nó gnótha bheas á sheoladh aige, d'iompar i bhfeithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin nó i bhfeithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin chun an marsantas do bhailiú ón gcustiméir nó do sheachadadh dhó,

[EN]

is tuigthe, chun críoch Achta 1933, gan an marsantas d'iompar ar luach saothair.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) feithicil inneall-ghluaiste le duine nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste le duine d'úsáid chun marsantas leis an duine sin d'iompar, nó

[EN]

(b) feithicil inneall-ghluaiste le cuideachtain nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste le cuideachtain d'úsáid chun marsantas le haon chuideachtain atá ar aon-únaeracht nó fá aon-bhainistí leis an gcuideachtain ar leo an fheithicil inneall-ghluaiste d'iompar,

[EN]

ansan, fá réir fó-alt (4) agus (5) den alt so, is tuigthe, chun críoch Achta 1933, gan an marsantas d'iompar ar luach saothair.

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) feithicil (is feithicil inneall-ghluaiste nó feithicil arna tarraing ag feithicil inneall-ghluaiste) d'úsáid chun marsantas d'iompar, agus

[EN]

(b) an fheithicil do bheith cláraithe in ainm beirt daoine nó níos mó,

[EN]

is tuigthe, chun críoch Achta 1933, nach maoin le húnaer na feithicle an marsantas mura gcruthaítear gur comh-mhaoin é leis na daoine ar in a n-ainm a bheas an fheithicil cláraithe.

[EN]

(5) Más rud é—

[EN]

(a) go gcúiseofar duine i gcionta fá Acht 1933 do dhéanamh ar ócáid áirithe maidir le marsantas d'iompar, agus

[EN]

(b) go gcruthófar an marsantas do bheith ar an ócáid sin á iompar i bhfeithicil inneall-ghluaiste leis an duine sin nó i bhfeithicil arna tarraing ag feithicil inneallghluaiste leis an duine sin, agus

[EN]

(c) go ndéarfaidh an duine sin gur leis féin an marsantas, agus

[EN]

(d) go bhfeicfear nach é an duine sin do rinne nó do thairg an marsantas, ach gurb amhlaidh a fuair sé é, agus

[EN]

(e) gur dóigh leis an gCúirt (ag féachaint don chuma ina bhfuarthas an marsantas, do na críocha chun ar féidir é úsáid, do ghiorracht na haimsire ó fuarthas é agus do shlí bheatha an duine sin) nach bona fide chun críoch a thrádála nó a ghnótha ná chun a úsáide príobháidí féin do fuair sé an marsantas

deighleálfaidh an Chúirt leis an gcúiseamh, chun críoch Achta 1933, ar an tuigsint nár ghaibh únaeracht an mharsantais chun an duine sin riamh agus gur ar luach saothair do bhí an marsantas á iompar aige ar an ócáid sin.

[EN]

Alt 8 d'Acht 1933 do leasú.

113.—(1) Leasaítear leis seo fó-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1933 trí mhíreanna (e), (f), (g), (i), (j), (k) agus (l) do scrios.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt so i ngníomh an 1ú lá d'Iúl, 1945.

[EN]

Ceadúnais mharsantais do dheonadh d'iompróirí áirithe.

114.—(1) I gcás—

[EN]

(a) duine ar bith do dhéanamh iarratais chun an Aire, roimh an 1ú lá d'Abrán, 1945, ag lorg ceadúnais mharsantais á údarú don cheadúnaí gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh maidir le marsantas áirithe laistigh de shean-líomatáiste eiscithe, agus

[EN]

(b) an duine sin dá chur ina luighe ar an Aire gnó láithreach iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh aige féin nó ag a réamh-shealbhadóir teidil laistigh den tsean-líomatáiste eiscithe sin,

[EN]

déanfaidh an tAire, d'ainneoin éinní atá i bhfó-alt (5) d'alt 12 d'Acht 1933, an ceadúnas do dheonadh, agus aon cheadúnas a deonfar amhlaidh tosnóidh sé an 1ú lá d'Iúl, 1945.

[EN]

(2) Chun críoch an ailt seo beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) is gnó láithreach iompair marsantais de bhóthar gach gnó acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) aon ghnó iompair marsantais de bhóthar ar ar tosnaíodh taréis an 1ú lá de Mheitheamh, 1939, agus roimh an 31ú lá de Bhealtaine, 1940, agus do bhí á sheoladh sa tslí is gá do réir an fhó-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach dáta an tosnuithe sin agus dar críoch dáta an Achta so do rith,

[EN]

(ii) aon ghnó iompair marsantais de bhóthar do bhí á sheoladh sa tslí is gá do réir an fhó-ailt seo ar feadh iomláine na tréimhse dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1939, agus dar críoch dáta an Achta so do rith;

[EN]

(b) is tuigthe gnó iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh sa tslí is gá do réir an fhó-ailt seo ar feadh aon tréimhse áirithe, más rud é agus amháin más rud é go raibh an gnó san, ar feadh na tréimhse sin—

[EN]

(i) á sheoladh go réasúnta leanúnach ag féachaint do chineál an ghnótha agus, maidir leis an méid, dar tosach an 1ú lá de Mheitheamh, 1940, agus dar críoch dáta an Achta so do rith, den tréimhse sin, d'aon tsriantachta ar sheoladh an ghnótha san mar gheall ar thosca arb é an cogadh atá ann fá láthair fá ndear iad, agus

[EN]

(ii) á sheoladh le feithiclí inneall-ghluaiste do bhí ceadúnaithe go cuibhe sa Stát fá alt 13 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag na forála so leanas maidir le hiarratais fán alt so ar cheadúnais mharsantais, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar gach iarratas chun an Aire i pé foirm agus slí ordóidh an tAire;

[EN]

(b) luafar i ngach iarratas—

[EN]

(i) an sean-líomátáiste eiscithe ina mbeidh beartaithe ag an iarratasóir gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh,

[EN]

(ii) an aicme nó na haicmí marsantais a iompraíonn an t-iarratasóir de thuras na huaire,

[EN]

(iii) an gnó iompair marsantais de bhóthar adeir an t-iarratasóir is gnó láithreach iompair marsantais de bhóthar,

[EN]

(iv) an stáisiún eisiúna plátaí feithicle inar mian leis an iarratasóir plátaí feithicle do bheith ar fáil le heisiúin dó má géilltear dá iarratas,

[EN]

(v) an uimhir d'fheithcilí inneall-ghluaiste, is laraithe nó tarraingirí agus iad aicmithe amhlaidh san iarratas, do bhí, ar aon dáta áirithe (dá ngairmtear an dáta cinnteach san alt so) idir an 1ú lá de Mheitheamh, 1939, agus an 31ú lá de Bhealtaine, 1940, a roghnóidh an t-iarratasóir, do réir na gcoinníoll so leanas (dá ngairmtear na coinníollacha cáilitheacha san alt so), sé sin le rá:—

[EN]

(I) do bhí ceadúnaithe go cuibhe sa Stát ag an iarratasóir fá alt 13 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin,

[EN]

(II) do bhí in úsáid agus ar fáil chun críche an ghnótha iompair marsantais de bhóthar san,

[EN]

(vi) sonnraí (ar a n-áirítear meáchan gan ualach) gach feithicle inneall-ghluaiste den tsórt san,

[EN]

(vii) pé sonnraí eile ordóidh an tAire;

[EN]

(c) beidh i dteannta gach iarratais na leabhair chlárathachta bhainfeas leis na feithiclí inneall-ghluaiste a mbeidh a sonnraí luaite san iarratas, nó sonnraí clárathachta na bhfeithiclí sin arna ndeimhniú ag an údarás áitiúil iomchuibhe fán Roads Act, 1920;

[EN]

(d) beidh feidhm ag fó-ailt (4), (5) agus (6) d'alt 11 d'Acht 1933 fé is dá n-achtaítí san alt so iad.

[EN]

(4) Sara ndeona an tAire ceadúnas marsantais fán alt so, déanfaidh—

[EN]

(a) i gcás aon chuid de na feithiclí inneall-ghluaiste a bheas luaite san iarratas ar an gceadúnas do bheith ina laraithe bhí dar leis an Aire do réir na gcoinníoll cáilitheach ar an dáta cinnteach, meáchan iomlán gan ualach na laraithe sin d'fháil amach agus is é an meáchan iomlán gan ualach a gheobhfar amach amhlaidh a bheas, chun críoch Achta 1933, ina laraímheáchan chaighdeánach don cheadúnaí fán gceadúnas;

[EN]

(b) i gcás aon chuid de na feithiclí inneall-ghluaiste a bheas luaite san iarratas do bheith ina dtarraingirí bhí dar leis an Aire do réir na gcoinníoll cáilitheach ar an dáta cinnteach, meáchan iomlán gan ualach na dtarraingirí sin d'fháil amach agus is é an meáchan iomlán gan ualach gheobhfar amach amhlaidh a bheas, chun críoch an Achta so, ina tharraingire-mheáchan chaighdeánach don cheadúnaí fán gceadúnas.

[EN]

(5) Is sean-líomatáiste eiscithe chun críoch an ailt seo gach líomatáiste acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Bhéal an Fheadha;

[EN]

(b) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Dhroichead Atha;

[EN]

(c) an líomatáiste (ach an méid de atá i dTuaisceart Éireann) laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lárphointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Dhún Dealgan;

[EN]

(d) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Shligigh;

[EN]

(e) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Thráighlí;

[EN]

(f) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Chathair na Mart;

[EN]

(g) an líomatáiste laistigh de chearcal go nga deich míle agus dar lár-phointe an phríomh-oifig phoist i mbaile mór Loch Garman.

[EN]

(6) Gach ceadúnas marsantais a deonfar de bhun an ailt seo is tuigthe, chun críoch Achta 1933, an Achta um Iompair ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934), an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1935 (Uimh. 23 de 1935), agus an Achta so, é bheith ina cheadúnas mharsantais (iompróir láithreach).

[EN]

Oibriú ceadúnais mharsantais (iompróir láithreach) do leathnú nó ceadúnas marsantais do dheonadh muran leor na saoráidí iompair láithreacha.

115.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go bhfeicfear don Aire (de bharr cúise a phléifidh aon daoine leis ionadaíos trádáil nó áit nó de bharr éinní eile) nach leor na saoráidí láithreacha iompair marsantais de bhóthar in aon líomatáiste áirithe, agus

[EN]

(b) gurb é tuairim an Aire gur éifeachtúla agus gur caothúla d'fhéadfadh duine seachas cuideachta údaraithe (iompar marsantais) na saoráidí breise iompair marsantais de bhóthar a bheas ag teastáil do sholáthar,

[EN]

ansan, in ionad ordú do dhéanamh fá alt 48 den Acht so, féadfaidh an tAire, má mheasann go raghadh sé chun leasa don phoiblíocht san do dhéanamh agus d'ainneoin éinní atá in Acht 1933, féadfaidh, d'fhonn na seirbhísí breise iompair marsantais de bhóthar a bheas ag teastáil do sholáthar, oibrú aon cheadúnais mharsantais (iompróir láithreach) do leathnú nó ceadúnas marsantais do dheonadh do dhuine ar bith.

[EN]

(2) I gcás daoine ar bith ionadaíos trádáil nó áit do phlé cúise leis an Aire á rá nach leor na saoráidí láithreacha iompair marsantais de bhóthar in aon líomatáiste áirithe, féadfaidh an tAire, sara ndéana sé éinní fá fhó-alt (1) den alt so maidir leis an bplé cúise, an plé cúise do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil d'fháil ina thaobh.

[EN]

Oibriú ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do leathnú.

116.—(1) Más é tuairim an Aire—

[EN]

(a) gan na líomatáistí bheas luaite i gceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do bheith i gcothrom leis na líomatáistí ina mbíodh gnó iompair marsantais de bhóthar á sheoladh ag an gceadúnaí sarar deonadh an ceadúnas, nó

[EN]

(b) gan na haicmí marsantais a bheas luaite i gceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do bheith i gcothrom leis na haicmí marsantais a bhíodh á n-iompar ag an gceadúnaí i gcúrsa an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a bhíodh á sheoladh aige sarar deonadh an ceadúnas, nó

[EN]

(c) go mba cheart, chun cruatan do leigheas, oibriú cheadúnais mharsantais (iompróir láithreach) do leathnú beagán éigin,

[EN]

ansan, d'ainneoin éinní atá in Acht 1933 ach fá réir fó-ailt (2) den alt so, féadfaidh an tAire an ceadúnas do leasú a mhéid a chífear dó a bheith cothrom agus réasúnach ag féachaint do chúrsaí an cháis.

[EN]

(2) Ní leasóidh an tAire ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) ná húdaraíonn gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh ach maidir le haon earra amháin, ná ní dhéanfaidh ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) a údaraíos gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh maidir le haicme nó aicmí áirithe marsantais lena ndeighleáltar i gcúrsa trádála nó tionnscail áirithe do leasú i slí d'údaródh gnó iompair marsantais de bhóthar do sheoladh maidir le haon aicme nó aicmí marsantais ná deighleáltar léi nó leo i gcúrsa na trádála nó an tionnscail sin.

[EN]

Alt 9 d'Acht 1933 do leasú.

117.—I gcás—

[EN]

(a) duine do chiontú i gcionta, do rinneadh ar dháta an Achta so do rith nó dá éis, fá alt 9 d'Acht 1933, agus

[EN]

(b) an duine sin do chiontú i gcionta eile fán alt san 9 fá cheann dhá bhlian taréis an chéad chionta luaitear do dhéanamh,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(i) ní bheidh an fhíneáil a fhorchuirfidh an Chúirt maidir leis an gcionta eile níos lú in aon chás ná cúig puint,

[EN]

(ii) féadfaidh an Chúirt, i dteannta na fíneála, a ordú go ndéanfaí aon fheithicil nó feithiclí inneallghluaiste lena ndearnadh an cionta eile do gheallbhruideadh,

[EN]

(iii) déanfar aon fheithiclí inneall-ghluaiste a hordófar a gheallbruideadh amhlaidh do chur de láimh i pé slí ordóidh an tAire, agus déanfar an t-airgead uile do gheobhfar as an gcur de láimh sin d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe dhó i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Eisceadh sealadach ó fhó-alt (2) d'alt 34 d'Acht 1933.

118.—Más deimhin leis an gCeannphort den Ghárda Síochána a mbeidh stáisiún eisiúna plátaí feithicle ina cheanntar aon fheithicil inneall-ghluaiste (dá ngairmtear an fheithicil bhunaidh san alt so) ar tugadh pláta feithicle amach ina taobh sa stáisiún san do bheith á deisiú, féadfaidh sé, más oiriúnach leis é, ar iarratas an cheadúnaí fá cheadúnas marsantais ar leis an fheithicil bhunaidh, cead (a bheas i pé foirm ordóidh an tAire) do thabhairt amach don cheadúnaí chun úsáid do dhéanamh, chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a húdaraítear leis an gceadúnas, ar feadh pé tréimhse (nach sia ná deich lá ó dháta an cheada) is oiriúnach leis d'fheithicil inneall-ghluaiste eile (dá ngairmtear an fheithicil ionaid san alt so) den tsaghas chéanna nach mó a meáchan gan ualach, más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas, ná meáchan gan ualach na feithicle bunaidh agus, sa chás san, ní bheidh feidhm, ar feadh na tréimhse luafar sa chead, ag fó-alt (2) d'alt 34 (a bhaineas lena bheith d'oblagáid plátaí feithicle d'iompar ar fheithiclí iompraíos marsantas) d'Acht 1933 maidir leis an bhfeithicil ionaid d'úsáid chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar san.

[EN]

Laraí-mheáchan caighdeánach sealbhóirí áirithe ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do mhéadú.

119.—(1) I gcás ceadúnaí ar lú a laraí-mheáchan caighdeánach láithreach ná a laraí-mheáchan uasta dá iarraidh ar an Aire a cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do leasú trína laraímheáchan caighdeánach do mhéadú go dtí a laraí-mheáchan uasta, leasóidh an tAire an ceadúnas dá réir sin.

[EN]

(2) Chun críoch an ailt seo—

[EN]

ciallaíonn an focal “ceadúnaí” ceadúnaí fá cheadúnas marsantais (iompróir láithreach), seachas aon cheadúnas den tórt san arna dheonadh de bhuaidh ailt 114 den Acht so;

[EN]

is tuigthe gurb é is laraí-mheáchan caighdeánach láithreach do cheadúnaí ná an meáchan arb é a laraí-mheáchan caighdeánach é ar dháta an bhunuithe;

[EN]

is tuigthe gurb é is laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh do cheadúnaí ná an laraí-mheáchan caighdeánach do luadh ina cheadúnas mar do tugadh amach i dtosach é nó, má rinneadh a laraí-mheáchan caighdeánach do mhéadú nó do chinneadh fá fhó-ailt (1) nó (3) d'alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934), a laraí-mheáchan caighdeánach arna mhéadú nó arna chinneadh amhlaidh;

[EN]

is tuigthe gurb é is laraí-mheáchan uasta do cheadúnaí ná—

[EN]

(a) más ceithre thonna nó níos lú a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh—

[EN]

(i) a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mheádú an cúigiú cuid, nó

[EN]

(ii) dhá thonna agus cúig céadmeáchain, pé acu is mó, nó

[EN]

(b) más mó ná ceithre thonna a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh—

[EN]

(i) a laraí-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mhéadú an deichiú cuid, nó

[EN]

(ii) ceithre thonna agus sé céadmeáchain déag, pé acu is mó.

[EN]

Tarraingiremheáchan caighdeánach sealbhóirí áirithe ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) do mhéadú.

120.—(1) I gcás ceadúnaí ar lú a tharraingire-mheáchan caighdeánach láithreach ná a tharraingire-mheáchan uasta dá iarraidh ar an Aire a cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do leasú trína tharraingire-mheáchan caighdeánach do mhéadú go dtí a tharraingire-mheáchan uasta, leasóidh an tAire an ceadúnas dá réir sin.

[EN]

(2) Chun críoch an ailt seo—

[EN]

ciallaíonn an focal “ceadúnaí” ceadúnaí fá cheadúnas marsantais (iompróir láithreach), seachas aon cheadúnas den tsórt san arna dheonadh de bhuaidh ailt 114 den Acht so;

[EN]

is tuigthe gurb é is tarraingire-mheáchan caighdeánach do cheadúnaí ná an meáchan arb é a tharraingire-mheáchan caighdeánach é ar dháta an bhunuithe;

[EN]

is tuigthe gurb é is tarraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh do cheadúnaí ná an tarraingire-mheáchan caighdeánach do luadh ina cheadúnas mar do tugadh amach i dtosach é nó, má rinneadh a tharraingire-mheáchan caighdeánach do mhéadú nó do chinneadh fá fhó-ailt (2) nó (4) d'alt 11 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934), a tharraingire-mheáchan caighdeánach arna mhéadú nó arna chinneadh amhlaidh;

[EN]

is tuigthe gurb é is tarraingire-mheáchan uasta do cheadúnaí ná—

[EN]

(a) más ceithre thonna nó níos lú a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh—

[EN]

(i) a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mhéadú an cúigiú cuid, nó

[EN]

(ii) dhá thonna agus cúig céadmeáchain, pé acu is mó, nó

[EN]

(b) más mó ná ceithre thonna a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh—

[EN]

(i) a tharraingire-mheáchan caighdeánach bunaidh arna mhéadú an deichiú cuid, nó

[EN]

(ii) ceithre thonna agus sé céadmeáchain déag, pé acu is mó.

[EN]

An clár de cheadúnais mharsantais do thabhairt i bhfianaise.

121.—Gach scríbhinn a bhéarfas le tuigsint gur cóip í d'iontráil sa chlár de cheadúnais mharsantais arna choimeád fá alt 29 d'Acht 1933, agus a bhéarfas le tuigsint í bheith deimhnithe ag oifigeach don Roinn Tionnscail agus Tráchtála mar chóip dhílis den iontráil sin, glacfar léi, gan cruthúnas ar shíniú an duine bhéarfas le tuigsint é dá dheimhniú amhlaidh ná gurbh é an t-oifigeach san é, ina fianaise in aon imeachta dlí agus is tuigthe, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis den iontráil sin í agus gur fianaise ar théarmaí na hiontrála san í.

[EN]

É bheith d'oblagáid ar cheadúnaí fá cheadúnas marsantais cóip den cheadúnas do thabhairt do thiománaithe feithiclí.

122.—(1) I gcás ina mbeifear chun feithicil inneall-ghluaiste d'úsáid chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a bheas á sheoladh ag ceadúnaí fá cheadúnas marsantais, déanfaidh an ceadúnaí cóip dhílis den cheadúnas do sheachadadh don duine bheas le gníomhú mar thiománaí ar an bhfeithicil faid a bheas sí á húsáid amhlaidh.

[EN]

(2) Má mhainníonn nó má fhaillíonn an ceadúnaí fá cheadúnas marsantais déanamh do réir fó-ailt (1) den alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air.

[EN]

(3) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh seo, ní fholaíonn an abairt “ceadúnas marsantais” ceadúnas marsantais ar seilbh ag cuideachtain údaraithe (iompar marsantais).

[EN]

Tiománaí feithicle le ceadúnaí fá cheadúnas marsantais do thabhairt cóipe den cheadúnas ar áird.

123.—(1) Féadfaidh aon chomhalta den Ghárda Síochána a éileamh ar dhuine ar bith, a bheas ag tiomáint feithicle inneallghluaiste bheas á húsáid chun críoch an ghnótha iompair marsantais de bhóthar a bheas á sheoladh ag ceadúnaí fá cheadúnas marsantais, cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird agus má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine sin cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird ansan láithreach nó má dhiúltaíonn nó má mhainnaíonn, ar chóip den cheadúnas do thabhairt ar áird, ligean don chomhalta san é léamh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt do chur air.

[EN]

(2) Duine ná déanfaidh, nuair a héileofar air go dleathach fán alt so cóip de cheadúnas marsantais do thabhairt ar áird, cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird toisc gan ceann do bheith ina sheilbh, is tuigthe é do mhainneachtain cóip den cheadúnas do thabhairt ar áird do réir bhrí an ailt seo.

[EN]

Toirmeasc ar cheadúnaí dá thabhairt le tuigsint é do sheoladh gnótha iompair marsantais de bhóthar ná beidh údaraithe lena cheadúnas.

124.—(1) Ní dhéanfaidh sealbhóir ceadúnais mharsantais a chur in iúl ná a thabhairt le tuigsint—

[EN]

(i) gnó iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh aige maidir le marsantas seachas marsantas a bheas sonnraithe i gceadúnas a bheas ar seilbh aige, ná

[EN]

(ii) gnó iompair marsantais de bhóthar do bheith á sheoladh aige laistigh d'aon líomatáiste (nach líomatáiste eiscithe ná líomatáiste bheas sonnraithe i gceadúnas marsantais a bheas ar seilbh aige).

[EN]

(2) Má dhéanann sealbhóir ceadúnais mharsantais éinní contrártha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fán alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur air.

[EN]

CUID VIII.

Forála Ilghnéitheacha.

[EN]

Alt 2 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, do bhaint le trácht bóthair daoine áirithe.

125.—Bainfidh alt 2 den Railway and Canal Traffic Act, 1854, le trácht bóthair dhuine ar bith fá cheadúnas paisnéara, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932), nó fá cheadúnas marsantais, do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933), fé mar bhaineas agus sa mhéid a bhaineas an t-alt san le trácht tailimh chuideachtan iarnróid.

[EN]

Molta cigire fá alt 41 den Railway and Canal Traffic Act, 1888, d'fhoirfheidhmiú.

126.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, a cheangal ar aon ghnóthaire canálach déanamh do réir aon mholta ó chigire arna cheapadh go cuibhe fá alt 41 den Railway and Canal Traffic Act, 1888.

[EN]

(2) I gcás an tAire do bheith chun ordú do dhéanamh fán alt so maidir le gnóthaire canálach, cuirfidh sé fá ndear dréacht den ordú d'ullmhú agus seirbheálfaidh cóip den dréacht ar an ngnóthaire canálach agus, sara ndéana sé an t-ordú, breithneoidh aon chúis a phléifidh an gnóthaire canalách leis fá cheann ceithre lá déag taréis an dréacht do sheirbheáil.

[EN]

(3) Ní foláir don ghnóthaire canálach lena mbainfidh aon ordú dhéanfaidh an tAire fán alt so déanamh do réir an orduithe agus, mura ndéana, beidh an t-ordú infhoirfheidhmithe ag an Árd-Chúirt ar iarratas an Aire.

[EN]

An chuideachta iarnróid scurtha do shaoradh ó dhliteanais áirithe.

127.—I gcás gan an chuideachta iarnróid scurtha d'íoc aon úis ón 1ú lú d'Eanar, 1925, ar airgead do thóg aon chuideachta chomhnasctha nó cuideachta chomhghafa do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), ar iasacht, beidh an chuideachta iarnróid scurtha arna saoradh de bhuaidh an ailt seo, amhail ar dháta an Achta so do rith agus dá éis, ó gach dliteanas maidir leis an airgead san agus leis an ús air.

[EN]

Urrúis arb iad Ciste Urraíochta Chanáil Laighean iad d'aistriú chun na Cuideachtan.

128.—Na hurrúis seo leanas, eadhon, cúig mhíle cúig chéad agus ocht bpunt tríochad agus naoi scillinge de Chonsoil dó go leith fán gcéad (is ionann agus iarmhar na suime do hordaíodh a shuncáil leis an reacht Breatanach (58 Geo. III., c. 35) do ritheadh sa bhliain 1818 agus dá ngairmtear an Act to provide for the maintaining of the Royal Canal from the River Liffey to the River Shannon in Ireland) atá i leabhair Bhanc na hÉireann in ainmneacha an Aire Airgeadais agus an Aire agus atá ar seilbh acu ar dháta an Achta so do rith mar iontaobhaithe don chuideachtain iarnróid scurtha, déanfaidh an tAire Airgeadais agus an tAire, chomh luath agus is féidir taréis dáta an bhunuithe, iad d'aistriú chun na Cuideachtan agus, ar iad d'aistriú amhlaidh, sealbhóidh an Chuideachta iad saor ó gach iontaobhas agus oblagáid a bhaineas leis na hurrúis sin de bhuaidh an reachta Bhreatanaigh sin nó an Midland Great Western Railway of Ireland (Moate Deviation) Act, 1848.

[EN]

Comhaontuithe arna ndéanamh ag cuideachtana iarnróid seachas an Chuideachta.

129.—(1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis déanfaidh gach cuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta) a mbeidh a n-iarnród nó aon chuid de laistigh den Stát—

[EN]

(a) fá cheann ceithre lá déag ón dáta ar a ndéanfaidh an chuideachta iarnróid sin aon chomhaontú nó socrú le haon ghnóthaire iompair eile (pé acu fá chumhachta reachtúla nó ar shlí eile déanfar é) trína ndéanfar réiteach chun trácht d'iarnród chun aon áite sa Stát nó uaidh do dháiliú nó do chúrsáil nó chun fáltais ón trácht san do chomhroinnt nó le haghaidh rátaí idirdhealaitheacha ar thrácht de mhuir chun an Stáit nó uaidh, sonnraí scríofa ar an gcomhaontú no ar an socrú san do thabhairt don Aire,

[EN]

(b) fá cheann seacht lá taréis don Aire dá cheangal san orthu, pé sonnraí agus eolas eile theastóidh ón Aire maidir lena mbeidh in aon chomhaontú nó socrú den tsórt san do thabhairt dó.

[EN]

(2) Má mhainníonn aon chuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta) déanamh do réir forál fó-ailt (1) den alt so, beidh an chuideachta san ciontach i gcionta fán bhfó-alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead do chur orthu agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil eile nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

(3) Má dhéanann aon chuideachta iarnróid (seachas an Chuideachta), le linn dóibh eolas do thabhairt fán alt so, aon eolas a bheas bréagach nó mí-threorach do thabhairt, beidh an chuideachta san ciontach i gcionta fán alt so agus ar a gciontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint do chur orthu.

[EN]

Srian le talamh ar seilbh ag gnóthairí iompair do thógaint go héigeanta.

130.—D'ainneoin éinní atá in aon achtachán ní dhéanfaidh duine ar bith, gan an tAire do thoiliú chuige roimhré, aon talamh nó áitreabh bheas ar seilbh nó gafa ag comhlucht corpraithe chun críoch aon ghnóthais iarnróid, trambhealaigh, cuain, duga, loingseoireachta intíre nó aer-loingseoireachta do thógaint go héigeanta ná aon éasáid, cead slí nó ceart eile ar bith os cionn nó i leith aon tailimh den tsórt san do thógaint, d'fhoirceannadh, do shrianadh nó cur isteach air ar shlí eile go héigeanta.

[EN]

Stoic áirithe de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha do chealú.

131.—Aon stoc de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha atá cláraithe in ainm na cuideachtan iarnróid scurtha ar dháta an Achta so do rith beidh sé arna chealú, de bluaidh an ailt seo, díreach ar an Acht so do rith.

[EN]

Stoic áirithe de chuid na cuideachtan iarnróid scurtha d'fhuascailt.

132.—Beidh cumhacht agus is tuigthe cumhacht do bheith riamh ag an gcuideachtain iarnróid scurtha chun aon stoc acu so leanas d'fhuascailt in airgead trí chomhaontú le sealbhóirí an chéanna, sé sin le rá:—

[EN]

Síneadh an Phoirt Thuaidh, Línte 1 agus 2—scaireanna £100.

[EN]

Stoc Urraithe 4 fán gcéad Shíneadh-Iarnród Ros Mhic Treoin agus Phortláirge.

[EN]

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad, 1884 agus 1887, Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

[EN]

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad, 1894 agus 1897, Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

[EN]

Stoc Tosaíochta 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

[EN]

Stoc Urraithe 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

[EN]

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad Infhuascailte (1947).

[EN]

Forála maidir le Droichead Buaidhe i gCathair Bhaile Átha Cliath do chothabháil agus d'oibriú.

133.—(1) San alt so—

[EN]

ciallaíonn an abairt “na comhlúchta iomchuibhe” an Chuideachta, Bárdas Bhaile Átha Cliath agus Cuideachta Chanáil Laighean;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Droichead” Droichead Buaidhe ar Chanáil Laighean i gContae-Bhuirg Bhaile Átha Cliath;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an comhaontú beartaithe” comhaontú atá le déanamh idir na comhluchta iomchuibhe maidir le cothabháil (lena n-áirítear athdéanamh) agus urláimh an Droichid;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tréimhse cheaptha” an tréimhse de bhliain ó dháta an Achta so do rith nó pé tréimhse bhreise cheadóidh an tAire.

[EN]

(2) Féadfaidh na comhluchta iomchuibhe an comhaontú beartaithe do chomhlánú laistigh den tréimhse cheaptha, ach i gcás an comhaontú beartaithe do chomhlánú amhlaidh ní bheidh aon fheidhm aige mura ndaingní an tAire é, agus údaraítear dó leis seo san do dhéanamh más oiriúnach leis é.

[EN]

(3) Má comhlánaítear an comhaontú beartaithe laistigh den tréimhse cheaptha agus go ndaingneoidh an tAire é, beidh éifeacht air sin ag na forála so leanas—

[EN]

(a) beidh éifeacht reachtúil ag an gcomhaontú san;

[EN]

(b) is tuigthe cumhacht chun an comhaontú san do dhéanamh do bheith ag gach comhlucht fá leith de na comhluchta iomchuibhe, d'ainneoin aon teora le cumhacht an chomhluchta san chun é dhéanamh;

[EN]

(c) beidh de dhualgas ar gach comhlucht fá leith de na comhluchta iomchuibhe, agus cumhachtaítear leis seo do gach comhlucht fé leith acu, an comhaontú san do chomhlíonadh a mhéid a bheas forála an chéanna le comhlíonadh ag an gcomhlucht san.

[EN]

(4) Mura gcomhlánaítear an comhaontú beartaithe fá cheann na tréimhse ceaptha nó, ar bheith comhlánaithe amhlaidh dó, má dhiúltaíonn an tAire d'é dhaingniú, beidh éifeacht ag na forála so leanas—

[EN]

(a) déanfaidh an Príomh-Bhreitheamh, ar iarratas ón Aire (arna dhéanamh taréis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí), eadránaí do cheapadh chun a chinneadh, taréis dó na comhluchta iomchuibhe d'éisteacht, cad iad na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir a mheasfaidh sé, ag féachaint do chúrsaí an cháis de thuras na huaire, ba cheart cothabháil (lena n-áirítear athdéanamh) agus urlámh do dhéanamh ar an droichead feasta,

[EN]

(b) beidh éifeacht reachtúil ag cinneadh an eadránaí agus beidh de dhualgas ar gach comhlucht fá leith de na comhluchta iomchuibhe, agus cumhachtaítear leis seo do gach comhlucht fá leith acu, téarmaí an chinnte sin do chomhlíonadh a mhéid a bheas forála an chéanna le comhlíonadh ag an gcomhlucht san,

[EN]

(c) ceapfaidh an Príomh-Bhreitheamh luach saothair an eadránaí agus íocfaidh na comhluchta iomchuibhe é ina chionúireachta cothroma,

[EN]

(d) féadfaidh an t-eadránaí pé ordú is oiriúnach leis as a chomhairle féin do dhéanamh maidir le costais agus caiteachas na gcomhlucht iomchuibhe sna himeachta os a chomhair.

[EN]

Comhaontú idir an Chuideachta, Bárdas Chorcaighe agus Coimisinéirí Chuan Chorcaighe maidir le droichid i gCathair Chorcaighe do chothabháil agus d'oibriú.

134.—(1) Féadfaidh an Chuideachta, Árd-Mhéara agus Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaighe, agus Coimisinéirí Chuan Chorcaighe comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú san san alt so) do dhéanamh maidir leis an droichead thar Cainéal Thuaidh Abhann na Laoi agus an droichead thar Cainéal Theas Abhann na Laoi, agus iad araon i gContae-Bhuirg Chorcaighe, do chothabháil, d'oscailt agus do dhúnadh, ach ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag an gcomhaontú san mura ndaingní an tAire é, agus údaraítear dó leis seo san do dhéanamh más oiriúnach leis é.

[EN]

(2) Má dhaingníonn an tAire an comhaontú san, beidh éifeacht air sin ag na forála so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) beidh éifeacht-reachtúil ag an gcomhaontú san,

[EN]

(b) is tuigthe cumhacht chun an comhaontú san do dhéanamh do bheith ag gach páirtí fá leith de na páirtithe sa chéanna, d'ainneoin aon teora le cumhacht an pháirtí sin chun é dhéanamh,

[EN]

(c) beidh de dhualgas ar gach páirtí fá leith sa chomhaontú san, agus cumhachtaítear leis seo do gach páirtí fá leith acu, an comhaontú san do chomhlíonadh a mhéid a bheas forála an chéanna le comhlíonadh ag an bpáirtí sin.

[EN]

Comhaontuithe rialálfas coinníollacha seirbhíse fostaithe bóthar-iompair cuideachtana iarnróid do lóisteáil leis an Aire.

135.—Gach comhaontú déanfar taréis dáta an Achta so do rith do réir ailt 10 (a bhaineas le coinníollacha seirbhíse fostaithe bóthar-iompair cuideachtana iarnróid do rialáil) d'Acht na mBóthar Iarainn, 1933 (Uimh. 9 de 1933), ní foláir é féin nó a chontrapháirt, nó cóip di agus í deimhnithe i pé slí ordóidh an tAire do bheith ina cóip dhílis, do lóisteáil leis an Aire fá cheann mí taréis an comhaontú do dhéanamh.

AN CHéAD SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear amhail ar Dháta an Bhunuithe agus dá éis.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

58 Geo. III, c. 35

An Act to provide for the maintaining of the Royal Canal from the River Liffey to the river Shannon in Ireland.

Alt 35; in alt 38 na focail uile ó na focail “and in case the said Directors” go dtí deireadh an ailt.

7 & 8 Vic., c. 85

An Railway Regulation Act, 1844.

Alt 6.

11 & 12 Vic., c. lxxvi

An Midland great Western Railway of Ireland (Moate Deviation Act, 1848.

Ailt 13, 14 agus 15.

63 & 64 Vic., c. clvi

Dublin Wicklow and Wexford Railway Act, 1900.

Ailt 25 agus 26.

3 Edw. VII, c. clx

Great Southern and Western Railway Act, 1903.

Ailt 36 agus 38.

3 Edw. VII, c. clxiii

Midland Great Western Railway of Ireland Act, 1903

Alt 29; Alt 31, a mhéid a bhaineas le treaspás ag daoine.

8 & 9 Geo. V, c. 34

An Statutory Undertakings (Temporary Increase of Charges) Act, 1918.

An tAcht a mhéid a bhaineas le trambhealaigh.

10 & 11 Geo. V, c. 14

An Tramways (Temporary Increase of Charges) Act, 1920.

An tAcht iomlán.

10 & 11 Geo. V, c. 21

An Harbours, Docks and Piers (Temporary Increase of Charges) Act, 1920.

An tAcht iomlán, a mhéid ná fuil athghairmthe.

Uimh. 16 de 1923

An tAcht um Thoisceanna Reachtúla (Buanú Muirearacha) (Uimh. 2), 1923.

An tAcht iomlán mhéid ná fuil athghairmthe.

Uimh. 29 de 1924

Acht na mBóthar Iarainn, 1924.

Coda II agus III; fó-alt (1) d'alt 58; an Cúigiú Sceideal agus an Séú Sceideal.

Uimh. 1 (Príobháideach) de 1925

Acht Trambhealach Aontaithe Bhaile Átha Cliath (Seirbhísí Omnibus), 1925

An tAcht iomlán.

Uimh. 23 de 1929

Acht na mBóthar Iarainn (Leasú), 1929.

An tAcht iomlán.

Uimh. 8 de 1931

An tAcht Talmhaíochta, 1931.

Mír (b) d'fhó-alt (2) d'alt 4; fó-ailt (3) agus (4) d'alt 4.

Uimh. 3 de 1932

Acht na mBóthar Iarainn (Ilghnéitheach), 1932.

Alt 15; fó-alt (2) d'alt 18.

Uimh. 8 de 1933

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933.

In alt 2, an míniú ar an abairt “iompar ar luach saothair”; ailt 4 agus 16; Coda III agus IV; alt 74.

Uimh. 9 de 1933

Acht na mBóthar Iarainn, 1933.

Ailt 5, 12, 13 agus 17.

Uimh. 17 de 1934

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1934.

Alt 11.

Uimh. 23 de 1935

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1935.

Ailt 2 agus 3.

AN DARA SCEIDEAL.

Forála Díomuana maidir leis na Cuideachtana Scurtha agus leis an gCuideachtain.

Míniú.

1. Sa Sceideal so ciallaíonn an abairt “gnáth-chruinniú deiridh”, maidir le cuideachtain scurtha, an gnáth-chruinniú is gá don chuideachtain sin do réir míre 5 den Sceideal so do chomóradh.

Na cuideachtana scurtha do leanúin ar marthain chun críoch áirithe.

2. Chun críoch an Sceidil seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon tslí eile, is tuigthe gach cuideachta scurtha do leanúin ar marthain ar dháta an bhunuithe agus dá éis.

Stoic, scaireanna agus urrúis d'aistriú.

3. Ar an gCuideachtain dá iarraidh sin orthu comhlánfaidh cuideachta scurtha na hionstraimí sin uile agus déanfaidh na nithe sin uile is gá chun a chumasú don Chuideachtain aon stoic, scaireanna nó urrúis a bheas i seilbh na cuideachtan scurtha san díreach roimh dháta an bhunuithe do chur á n-aistriú chun ainme na Cuideachtan agus chuige seo is tuigthe na daoine bheas ina stiúrthóirí ar an gcuideachtain scurtha san díreach roimh dháta an bhunuithe do leanúin in oifig.

Stiúrthóirí, oifigigh agus iniúchóirí cuideachtana scurtha do leanúin in oifig.

4. Is tuigthe na daoine is stiúrthóirí, oifigigh agus iniúchóirí d'aon chuideachtain scurtha díreach roimh dháta an bhunuithe do leanúin in oifig chun na críche bhainfeas le cuntais agus fuíoll-chláir na cuideachtan san don bhliain 1944 d'ullmhú agus d'iniúchadh, lena dtabhairt ar áird do dhílseánaigh na cuideachtan san, le díbhinní don bhliain 1944 do dhearbhú agus le gnáthchruinniú deiridh na cuideachtan san do ghairm, do chomóradh agus do stiúradh.

Gnáth-chruinniú na gcuideachtan scurtha do chomóradh mí Feabhra nó mí Márta, 1945.

5. Comórfar gnáth-chruinniú de gach cuideachtain scurtha fá leith mí Feabhra nó mí Márta, 1945, chun coimrí cuntas na cuideachtan san don bhliain 1944 do ghlacadh agus chun díbhinní do dhearbhú, agus na daoine arb iad dílseánaigh na cuideachtan scurtha san iad díreach roimh dháta an bhunuithe is tuigthe gurb iad dílseánaigh na cuideachtan san iad chun na gcríoch réamhráite agus chun na gcríoch a bhainfeas leis an ngnáthchruinniú san do ghairm, do chomóradh agus do stiúradh.

Cuntais agus tuairisceáin na cuideachtan iarnróid scurtha do 1944.

6. (1) Déanfaidh an chuideachta iarnróid scurtha cuntais agus tuairisceáin don bhliain 1944 d'ullmhú do réir na foirme atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Railway Companies (Accounts and Returns) Act, 1911, agus cuirfid na cuntais fá bhráid a n-iniúchóirí sa bhfoirm sin.

(2) Déanfaidh an t-oifigeach don chuideachtain scurtha bheas freagarthach sna cuntais nó sna tuairisceáin don bhliain 1944 nó in aon chuid díobh, agus cathaoirleach stiúrthóirí na cuideachtan san, na cuntais agus na tuairisceáin do shiniú.

(3) Déanfaidh an chuideachta iarnróid scurtha, tráth nach déanaí ná an 28ú lá d'Fheabhra, 1945, sé chóip de na cuntais agus na tuairisceáin don bhliain 1944 do chur chun an Aire, agus cuirfid cóip de na cuntais agus na tuairisceáin chun aon dílseánaigh den chuideachtain iarnróid scurtha a iarrfas cóip.

(4) I gcás aon chuntas nó tuairisceán a hullmhófar agus a cuirfear ar aghaidh fán mír seo do bheith bréagach in aon phone go bhfios d'éinne a shíneos an cuntas nó an tuairisceán nó aon chuid den chéanna, dlífear, ar an duine sin do chiontú ar a dhíotáil, príosúntacht i dteannta nó d'éamais daor-oibre ar feadh téarma nach sia ná bliain nó fíneáil nach mó ná céad punt do chur air agus dlífear, ar é chiontú ar an slí achomair, fíneáil nach mó ná caoga punt do chur air.

Cuntais na cuideachtan iompair scurtha do 1944.

7. Cuirfidh an chuideachta iompair scurtha fá ndear cuntais do chur le chéile don bhliain 1944.

Forála maidir le cáin ioncaim is inmhuirir ar chuideachtana scurtha.

8. (1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, leanfaidh cuideachta scurtha de bheith fá dhliteanas, fá na hAchta Cánach Ioncaim, chun aon choimre nó tuairisceán nó sonnraí, is gá chun críoch na nAcht san, in aghaidh aon bhliana cáinmheasa dar críoch an 5ú lá d'Abrán, 1945, nó roimhe d'ullmhú agus do sheachadadh.

(2) Féadfar cáinmheasa chun cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana cáinmheasa dar críoch an 5ú lá d'Abrán, 1945, nó roimhe sin do dhéanamh ar chuideachtain scurtha ar dháta an bhunuithe nó dá éis, agus maidir le cáin ioncaim i leith aon cháinmheasa den tsórt san a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina cháinmheas deiridh gan dul thairis, is tuigthe, ar í theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh dháta an bhunuithe.

(3) Chun críoch fó-mhíreanna (1) agus (2) den mhír seo, is tuigthe rúnaí na Cuideachtan nó oifigeach eile bheas ag comhlíonadh dualgas rúnaí na Cuideachtan do bheith ina rúnaí do chuideachtain scurtha nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí na cuideachtan scurtha san.

(4) Beidh ag an gCuideachtain agus bheirtear dóibh leis seo cumhacht chun go mbainfidís as sochar oifige aon duine bheas i seilbh oifige nó fostaíochta sochair fán gCuideachtain aon cháin ioncaim do muirearaíodh ar an gcuideachtain iarnróid scurtha maidir le haon oifig nó fostaíocht sochair do shealbhaigh an duine sin fán gcuideachtain iarnróid scurtha.

Forála maidir le cáin bhrabúis chorparáide is inmhuirir ar an gcuideachtain iompair scurtha.

9. (1) Ar dháta an bhunuithe agus dá éis, leanfaidh an chuideachta iompair scurtha de bheith fá dhliteanas, fá na hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabúis chorparáide, chun aon choimre nó tuairisceán nó sonnraí, is gá chun críoch na n-achtachán san, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1944, nó roimhe d'ullmhú agus do sheachadadh.

(2) Féadfar cáinmheasa chun cánach brabúis chorparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1944, nó roimhe do dhéanamh ar an gcuideachtain iompair scurtha ar dháta an bhunuithe nó dá éis, agus maidir le cáin bhrabúis chorparáide i leith aon cháinmheasa den tsórt san a déanfar amhlaidh agus a thiocfas chun bheith ina cháinmheas deiridh gan dul thairis, is tuigthe, ar í theacht chun bheith dlite agus iníoctha, í theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh dháta an bhunuithe.

(3) Chun críoch fó-mhíreanna (1) agus (2) den mhír seo, is tuigthe rúnaí na Cuideachtan nó oifigeach eile bheas ag comhlíonadh dualgas rúnaí na Cuideachtan do bheith ina rúnaí don chuideachtain iompair scurtha nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí na cuideachtan iompair scurtha.

(4) Sa mhír seo léireofar tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide mar thagairtí fholaíos tagairtí do cháin bhrabúis chorparáide bhreise.

An Chuideachta d'íoc costas cuideachtana scurtha agus díbhinní arna ndearbhú ag cuideachtana scurtha ag cruinnithe deiridh.

10. Íocfaidh an Chuideachta aon chostais fána raghaidh cuideachta scurtha fán Sceideal so agus aon díbhinn a dhearbhóidh aon chuideachta scurtha.

Ainmneacha cuideachtana scurtha d'úsáid.

11. Ar feadh na tréimhse de shé mhí dar tosach dáta an bhunuithe, beidh an Chuideachta i dteideal gnó do dhéanamh in ainm cuideachtan scurtha i dteannta nó in ionad ainme na Cuideachtan, agus na connartha agus na margaí uile dhéanfaidh an Chuideachta i rith na tréimhse sin fá aon ainm nó ainmneacha den tsórt san, beid sin ina gceangal ar an gCuideachtain agus infhoirfheidhmithe acu.

AN TRIU SCEIDEAL.

Na Stoic de chuid na gCuideachtan Scurtha atá le Malairtiú ar Stoic de chuid na Cuideachtan.

Cuid I.

Cuideachta Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt.

Uimh. Thag.

An cineál Stoic de chuid Chuideachtan Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt

An cineál Stoic de chuid na Cuideachtan atá le heisiúin mar mhalairt ar Stoc de chuid Chuideachtan Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt

An méid stoic de chuid na Cuideachtan atá le heisiúin mar mhalairt ar gach £100 de Stoc de chuid Chuideachtan Mhór-Bhóithre Iarainn an Deiscirt, agus mar sin de ar comhréir

(1)

(2)

(3)

(4)

£

1

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad

Stoc Bintiúra Infhuascailte

3 fán gcéad

...

100

2

Stoc Tosaíochta Urraithe 4 fán gcéad.

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

50

Gnáth-Stoc

...

...

50

3

Stoc Tosaíochta 4 fán gcéad.

Gnáth-Stoc

...

...

100

4

Stoc Coitiann

...

...

Gnáth-Stoc

...

...

100

5

Stoc Urraithe 4 fán gcéad Shíneadh-Iarnród Ros Mhic Treoin agus Phortláirge.

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

100

6

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath, 1884 agus 1887.

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

100

7

Stoc Bintiúra 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath, 1894 agus 1897.

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

100

8

Stoc Tosaíochta 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair, Bhaile Átha Cliath.

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

100

9

Stoc Urraithe 4 fán gcéad Iarnród Acomhail Chathair Bhaile Átha Cliath.

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

100

Cuid II.

Cuideachta Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta.

Uimh. Thag.

An cineál Stoic de chuid Chuideachtan Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta

An cineál Stoic de chuid na Cuideachtan atá le heisiúin mar mhalairt ar Stoc de chuid Chuideachtan Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta

An méid Stoic de chuid na Cuideachtan atá le heisiúin mar mhalairt ar gach £100 de Stoc de chuid Chuideachtan Aontaithe Iompair Bhaile Átha Cliath, Teoranta, agus mar sin de ar comhréir

(1)

(2)

(3)

(4)

£

1

Stoc Tosaíochta 6 fán gcéad.

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

145

2

Stoc Coitiann

...

Stoc Bintiúra Infhuascailte 3 fán gcéad.

145

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Forála i dtaobh na Stiúrthóirí Stoc-Shealbhóirí.

Mínithe.

1. Sa Sceideal so—

ciallaíonn an focal “gnáth-chruinniú” gnáth-chruinniú den Chuideachtain;

ciallaíonn an abairt “cruinniú 1945” an gnáth-chruinniú atá le comóradh i 1945;

ciallaíonn an abairt “cruinniú 1946” an gnáth-chruinniú atá le comóradh i 1946;

ciallaíonn an abairt “cruinniú 1947” an gnáth-chruinniú atá le comóradh i 1947;

ciallaíonn an abairt “cruinniú 1948” an gnáth-chruinniú atá le comóradh i 1948;

ciallaíonn an abairt “fo-fholúntas” folúntas imeasc na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí thárlós de dhruim stiúrthóir stoc-shealbhóirí d'éag, d'éirí as oifig nó do dhí-cháiliú.

Na céadstiúrthóirí stocshealbhóirí.

2. (1) Ar dháta an bhunuithe beidh gach duine acu so leanas agus tiocfaidh chun bheith ina stiúrthóir stoc-shealbhóirí, sé sin le rá:—

(a) duine ar bith a bheas, díreach roimh dháta an bhunuithe, ina stiúrthóir scair-shealbhóirí, do réir bhrí an Orduithe Cumhachta Práinne (Uimh. 152), 1942 (R. & O. R., Uimh. 69 de 1942), ar an gcuideachtain iarnróid scurtha,

(b) duine ar bith a bheas, díreach roimh dháta an bhunuithe, ina stiúrthóir ar an gcuideachtain iompair scurtha agus ná beidh ina Chathaoirleach ar an gCuideachtain ar dháta an bhunuithe.

(2) Sa Sceideal so ciallaíonn an abairt “céad-stiúrthóir stocshealbhóirí” duine thiocfas chun bheith ina stiúrthóir stoc-shealbhóirí de bhuaidh fó-mhíre (1) den mhír seo.

Téarma oifige na gcéad-stiúrthóirí stoc-shealbhóirí agus na ndaoine a comh-thoghfar chun fo-fholúntais do líonadh a thárlós imeasc stiúrthóirí stocshealbhóirí roimh chríochnú cruinnithe 1945.

3. (1) Gach céad-stiúrthóir stoc-shealbhóirí agus gach duine ceapfar chun fo-fholúntas do líonadh a thárlós imeasc na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí roimh chríochnú cruinnithe 1945 beidh sé, murab éag nó éirí as nó teacht fá dhí-cháilíocht riomhe sin dó, i seilbh oifige go dtí críochnú cruinnithe 1945.

(2) Maidir leis na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí a bheas i seilbh oifige díreach roimh chruinniú 1945—

(a) leanfaidh gach duine de bheirt díobh (a cinnfear, cheal comhaontuithe idir na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí sin, le crannchur ag cruinniú 1945 nó díreach dá éis) de bheith i seilbh oifige, murab éag nó éirí as nó teacht fá dhícháilíocht níos túisce dhó, go dtí go gcríochnófar an toghadh stiúrthóirí stoc-shealbhóirí ag cruinniú 1946, agus raghaidh as oifig ansan,

(b) leanfaidh gach duine de bheirt díobh (a cinnfear, cheal comhaontuithe idir na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí sin, le crannchur ag cruinniú 1945 nó díreach dá éis) de bheith i seilbh oifige, murab éag nó éirí as nó teacht fá dhícháilíocht níos túisce dhó, go dtí go gcríochnófar an toghadh stiúrthóirí stoc-shealbhóirí ag cruinniú 1947, agus raghaidh as oifig ansan,

(c) leanfaidh gach duine fá leith den chuid eile i seilbh oifige, murab éag nó éirí as nó teacht fá dhí-cháilíocht níos túisce dhó, go dtí go gcríochnófar an toghadh stiúrthóirí stoc-shealbhóirí ag cruinniú 1948, agus raghaidh as oifig ansan.

Toghadh agus téarma oifige stiúrthóirí stocshealbhóirí iaraimseartha.

4. (1) Déanfaidh an Chuideachta ag cruinniú 1946 agus ag gach gnáth-chruinniú dá éis beirt daoine do thoghadh chun bheith ina stiúrthóirí stoc-shealbhóirí.

(2) Gach duine a toghfar fá fhó-mhír (1) den mhír seo, raghaidh i seilbh oifige díreach taréis an toghadh san do chríochnú agus, murab éag nó éirí as nó teacht fá dhí-cháilíocht níos túisce dhó, beidh sé i seilbh oifige go dtí go gcríochnófar an toghadh stiúrthóirí scair-shealbhóirí déanfar ag an tríú gnáth-chruinniú a comórfar taréis an ghnáth-chruinnithe ag ar toghadh é, agus raghaidh as oifig ansan.

Fo-fholúntais.

5. (1) Aon uair a thárlós fo-fholúntas imeasc na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí sara gcríochnófar cruinniú 1945, déanfaidh an Bord, mura mbeidh seisear stiúrthóirí stoc-shealbhóirí nó níos mó in oifig díreach taréis an fo-fholúntas san do thárlachtain, duine bheas cuibhe-cháilithe chun bheith ina stiúrthóir stocshealbhóirí do chomhthoghadh chun an fo-fholúntas do líonadh agus beidh an duine comhthoghfar amhlaidh i seilbh oifige, murab éag nó éirí as nó teacht fá dhí-cháilíocht níos túisce dhó, go dtí go gcríochnófar cruinniú 1945.

(2) Aon uair a thárlós, tar éis cruinniú 1945 do chríochnú, aon stiúrthóir stoc-shealbhóirí d'éag nó d'éirí as oifig nó do theacht fá dhí-cháilíocht déanfaidh an Bord, fá réir forál na míre seo, duine bheas cuibhe-cháilithe chun bheith ina stiúrthóir stocshealbhóirí do chomhthoghadh chun an fo-fholúntas do líonadh agus beidh an duine comhthoghfar amhlaidh i seilbh oifige, murab éag nó éirí as nó teacht fá dhí-cháilíocht níos túisce dhó, ar fea dh a mbeidh fágtha den tréimhse bheadh seilbh oifige ag an stiúrthóir stoc-shealbhóirí éagfas nó éireos as oifig nó thiocfas fá dhícháilíocht amhlaidh mura mbeadh é d'éag nó d'éirí as oifig nó do theacht fá dhí-cháilíocht, agus íocfar luach saothair leis do réir an ráta dob iníoctha leis an stiúrthóir stoc-shealbhóirí sin.

(3) Má thárlann, taréis cruinniú 1945 do chríochnú agus roimh chruinniú 1948, fo-fholúntas do theacht imeasc na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí (seachas na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí do toghadh ag cruinniú 1946 nó ag cruinniú 1947 nó duine do comhthoghadh chun fo-fholúntas do líonadh imeasc na stiúrthóirí stoc-shealbhóirí do toghadh amhlaidh) agus seisear stiúrthóirí stoc-shealbhóirí nó níos mó do bheith i seilbh oifige díreach taréis an folúntas do thárlachtain, ní líonfar an folúntas san.

Stiúrthóirí stocshealbhóirí do bheith inatofa.

6. Stiúrthóir stoc-shealbhóirí raghaidh as oifig ar a théarma oifige do dhul in éag trí imeacht aimsire, beidh sé inatofa.

Cáilíocht stiúrthóirí stocshealbhóirí.

7. (1) Ní fhéadfaidh duine ar bith bheith ina stiúrthóir stocshealbhóirí muran sealbhóir é, as a cheart féin, ar ghnáth-stoc de chuid na Cuideachtan nach lú a ainm-luach ná míle punt.

(2) Ní bhainfidh fó-mhír (1) den mhír seo le céad-stiúrthóir stoc-shealbhóirí i gcaitheamh na tréimhse bheas sé i seilbh oifige de bhuaidh míre 3 den Sceideal so.

AN CUIGIU SCEIDEAL.

Cúiteamh d'Oifigigh agus Seirbhísigh Áirithe don Chuideachtain.

Léiriú.

1. (1) Sa Sceideal so—

ciallaíonn an abairt “sean-chuideachta iompair” aon chuideachta acu so leanas, eadhon—

(a) cuideachta chomhghafa nó cuideachta chomhnasctha do réir bhrí Achta na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), nó

(b) aon chuideachta scurtha;

ciallaíonn an abairt “sean-cheadúnaí bóthar-iompair” duine ba shealbhóir ar cheadúnas paisnéara do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1932 (Uimh. 2 de 1932), nó ar cheadúnas marsantais (iompróir láithreach) do réir bhrí an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933), agus ar haistríodh an ceadúnas san aige chun cuideachtan scurtha;

ciallaíonn an abairt “sean-ghnóthaire iompair” duine ar bith is—

(a) sean-chuideachta iompair, nó

(b) sean-cheadúnaí bóthar-iompair;

ciallaíonn an abairt “na Fórsaí Cosanta”—

(a) an fórsa do bunaíodh fá Chuid I den Acht Fórsaí Cosanta (Forála Ilghnéitheacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923), agus

(b) an fórsa cúltaca do bunaíodh fá Chuid III den Acht san;

ciallaíonn an abairt “an dáta cinnteach” an 1ú lá d'Iúl, 1944;

léireofar an abairt “luach saothair” mar abairt a fholaíos aon bhónas costais mhaireachtana nó bónas eile.

(2) Chun seirbhís inphinsin dhuine d'áireamh fán Sceideal so—

(a) folóidh an tseirbhís inphinsin—

(i) seirbhís le haon tsean-chuideachtain iompair,

(ii) má bhí an duine sin i seirbhís sean-chuideachtan iompair, seirbhís i dTigh Imréitigh Iarnróid na hÉireann,

(iii) seirbhís leis an gCuideachtain,

(iv) seirbhís (is seirbhís a hadmhaítear chun críoch scéime aoisliúntais do réir bhrí ailt 44 den Acht so, nó chun críoch ciste aoisliúntais láithrigh do réir bhrí ailt 45 den Acht so) le haon tsean-cheadúnaí bóthar-iompair;

(b) i gcás an duine sin do bheith as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair agus é bheith, le linn na haimsire go léir a bhí sé as láthair amhlaidh, ar seirbhís in aon cheann de na fórsaí míleata bhí ag fónamh fá údarás an Chéad Dáil Éireann nó an Dara Dáil Éireann nó Rialtais Shealadaigh na hÉireann nó i gceachtar de na fórsaí bhí i gcoinne a chéile le linn an imreasáin chathartha sna blianta 1922, 1923 nó 1924 nó i gcoinneáil nó i bpríosún de dheascaibh na seirbhíse sin, nó ar seirbhís, roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, san Arm nó sa Chabhlach nó san Aer-Fhórsa Breatanach, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(c) i gcás an duine sin d'fhionnraí nó do bhriseadh as seirbhís sean-ghnóthaire iompair an 1ú lá d'Abrán, 1916, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá de Nollaig, 1921, ach é d'athshuíomh ina dhiaidh sin, agus an tAire dá dheimhniú gurb iad a thuairimí i gcúrsaí náisiúntachta fá ndear é d'fhionnraí nó do bhriseadh, déanfar pé tréimhse (nach sia ná an tréimhse idir a fhionnraí nó a bhriseadh agus a athshuíomh) ordóidh an tAire d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(d) i gcás an duine sin do bheith, toisc an cur isteach ar sheirbhísí iarnróid do thárla go díreach de dheascaibh imreasáin chathartha sna blianta 1922 nó 1923 nó 1924, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le seanghnóthaire iompair, déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(e) i gcás an duine sin do bheith, i rith an chogaidh atá ann fá láthair, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair nó leis an gCuideachtain agus é bheith, ar feadh iomlán an ama bhí sé as láthair amhlaidh, ag fónamh sna Fórsaí Cosanta, déanfar an t-am a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(f) i gcás an duine sin do bheith, ar feadh tréimhse is giorra ná bliain, as láthair go sealadach óna fhostaíocht le sean-ghnóthaire iompair nó leis an gCuideachtain toisc—

(i) na seirbhísí ar líne iarnróid do stopadh nó do laghdú go sealadach de dheascaibh cúinsí arb é an cogadh atá ann fá láthair fá ndear iad, nó

(ii) aon tseirbhísí iompair eile do stad nó do laghdú de dheascaibh na gcúinsí sin, nó

(iii) breoiteacht nó tionóisc, nó

(iv) aon aighneas trádála na raibh sé páirteach ann,

déanfar an fhaid a bhí sé as láthair go sealadach amhlaidh d'áireamh mar chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin;

(g) i gcás an duine sin do ghlacadh i bhfostaíocht aon tsean-ghnóthaire iompair mar dhuine go gcáilíocht speisialta agus é níos sine ná mar ba ghnáth do dhaoine bheith ag tosnú dhóibh i bhfostaíocht seirbhíse iompair, féadfar a sheirbhís inphinsin do mhéadú trí pé méid bliain do chur léi a dheallrós a bheith cóir;

(h) i gcás an duine sin d'fhónamh mar phríntíseach céirde le haon tsean-ghnóthaire iompair nó leis an gCuideachtain ar feadh aon tréimhse, ní háireofar an tréimhse sin mar sheirbhís inphinsin.

(3) Chun críoch an Sceidil seo is tuigthe gurb é is uimhir do bhlianta seirbhíse inphinsin duine ná an toradh gheobhfar tríd an uimhir de laethe a sheirbhíse inphinsin do roinnt ar an uimhir trí chéad agus cúig seascad, agus déanfar aon leath nó codán is mó ná leath d'áireamh mar aon agus aon chodán is lú ná leath d'fhágaint gan áireamh.

(4) Chun luach saothair agus sochar oifige bliantúil duine ba stiúrthóir bainistí ar an gcuideachtain iompair scurtha do dhéanamh amach fán Sceideal so, ní háireofar ach an luach saothair agus an sochar oifige a bhí á fáil aige i gcáil stiúrthóra bhainistí dhó.

Cúiteamh do dhaoine ar giorra ná cúig bliana a seirbhís inphinsin.

2. Is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine a mbeidh tréimhse is giorra ná cúig bliana de sheirbhís inphinsin curtha isteach aige ar an dáta cinnteach ná aisce a háireofar do réir na séú coda de mhéid a luach saothair agus a shochair oifige bhliantúil ar dháta a oifige nó a phoist do dhíochur in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin.

Cúiteamh do dhaoine nach giorra ná cúig bliana a seirbhís inphinsin.

3. Fá réir forál míre 4 den Sceideal so, is é cúiteamh a bheas iníoctha le duine a mbeidh tréimhse nach giorra ná cúig bliana de sheirbhís inphinsin curtha isteach aige ar an dáta cinnteach ná suim bhliantúil a híocfar leis lena shaol agus nach mó i gcás ar bith ná dhá dtrian méid a luach saothar agus a shochair oifige bhliantúil ar dháta a oifige nó phoist do dhíochur agus a háireofar, fá réir na teorann san, do réir na seascadú coda de mhéid an luach saothair agus an tsochair oifige bhliantúil sin in aghaidh gach bliana dá sheirbhís inphinsin, maraon le breis a bheas do réir líon na mblian dá sheirbhís inphinsin agus a háireofar do réir an scála so leanas—

(a) i gcás seirbhís inphinsin fiche blian nó níos mó do bheith tugtha aige, breis de dheich seascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige;

(b) i gcás seirbhís inphinsin cúig mblian déag nó níos mó ach gan seirbhís inphinsin fiche blian do bheith tugtha aige, breis de sheacht seascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige;

(c) i gcás seirbhís inphinsin deich mblian nó níos mó ach gan seirbhís inphinsin chúig mblian déag do bheith tugtha aige, breis de chúig sheascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige;

(d) i gcás seirbhís inphinsin is giorra ná deich mbliana do bheith tugtha aige, breis de thrí sheascadú den luach saothair agus den tsochar oifige sin aige.

Suimeanna bliantúla do laghdú i gcáis áirithe.

4. I gcás aon oifigeach nó seirbhíseach a bheas i dteideal suim bhliantúil d'fháil fá mhír 3 den Sceideal so do bheith i dteideal freisin aoisliúntas nó sochar d'fháil as aon Chiste lena ndéanadh cuideachta scurtha rann-íoc, ansan—

(a) laghdófar méid na suime bliantúla san méid is comhionann le luach bliantúil an aoisliúntais nó an tsochair sin, agus

(b) íocfaidh an Chuideachta leis an oifigeach nó leis an seirbhíseach san cnapshuim is comhionann le méid na ranníoc a bheas déanta ag an oifigeach nó ag an seirbhíseach san leis an gCiste sin.

AN SEU SCEIDEAL.

Achtacháin ná Bainfidh leis an gCuideachtain.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Geart-theideal

A mhéid ná bainfidh

31 & 32 Vic., c. 119

Regulation of Railways Act, 1868.

Alt 34

36 & 37 Vic., c. 48

An Regulation of Railways Act, 1873

Ailt 14 agus 15

57 & 58 Vic., c. 54

An Railway and Canal Traffic Act, 1894.

Ailt 1, 3 agus 4

11 & 12 Geo. V, c. 55

An Railways Act, 1921.

Alt 84, fó-alt (I), agus na focail “save as aforesaid” i bhfó-alt (2).

Uimh. 11 de 1933

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933.

Alt 120

AN SEACHTU SCEIDEAL.

Forála maidir le hIarratais chun an Aire ag Lorg Orduithe Áirithe fán Acht so.

Orduithe lena mbaineann an Sceideal so.

1. Baineann an Sceideal so le haon ordú fá Chuid IV nó fá mhíreanna 2, 6, nó 19 den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

Fógra iarratais d'fhoillsiú.

2. I gcás iarratas do dhéanamh chun an Aire ag lorg orduithe lena mbaineann an Sceideal so—

(a) ceanglóidh an tAire ar an iarratasóir fógra d'fhoillsiú, i pé slí ordóidh an tAire, i dtaobh an iarratais agus i dtaobh na slí ina bhféadfar, agus an ama ar laistigh de féadfar, agóidí do dhéanamh chun an Aire agus cúiseanna do phlé leis i dtaobh an iarratais,

(b) sara ndéana an tAire an t-ordú, breithneoidh sé aon agóidí déanfar nó cúiseanna pléifear go cuibhe maidir leis an iarratas.

Iarratais do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh.

3. I gcás iarratas do dhéanamh chun an Aire ag lorg orduithe lena mbaineann an Sceideal so, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-iarratas do chur fá bhráid an Choiste Chomhairlithigh chun a dtuarascáil agus a gcomhairle d'fháil ina thaobh agus, sa chás san, breithneoidh an tAire tuarascáil agus comhairle an Choiste Chomhairlithigh sara ndéana sé an t-ordú.

AN tOCHTU SCEIDEAL.

Forála Ilghnéitheacha i dtaobh Rátaí Bhainfeas leis an gCuideachtain.

Faid slí d'áireamh.

1. Ag áireamh na faide slí fan an iarnróid dóibh chun críche an éilimh ar aon mharsantas d'iompar ní chuirfidh an Chuideachta san áireamh aon chuid dá n-iarnród is abhar d'éileamh cinn scríbe stáisiúin i leith an mharsantais sin.

Eilithe d'áireamh do réir meáchain agus tomhais.

2. (1) Cheal a mhalairt de chomhaontú idir an Chuideachta agus an trádálaí, déanfar, chomh fada agus is féidir, na héilithe uile do bhunú ar mhór-mheáchan an mharsantais an uair a gheobhaidh an Chuideachta é arna dhéanamh amach do réir an mheáchain mhóir impiriúil, ach, fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, féadfaidh an tAire le hordú, ar iarratas na Cuideachtan nó aon duine go leas aige sa scéal, aon earraí marsantais do shonnrú a bhféadfar na héilithe orthu do dhéanamh amach do réir a dtoille ciúbaí agus a ordú cad é an modh ar a ndéanfar amach an lánas ciúbach chun críche an éilimh.

(2) Aon ordú do rinne an binse iarnróid chun críoch míre 2 den tSéú Sceideal a ghabhas le hAcht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe, leanfaidh i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige fé is dá mba ordú a dhéanfadh an tAire fán mír seo é.

Seirbhísí cinn scríbe in áiteanna seachas áiteanna cinn scríbe na Cuideachtan.

3. I gcás marsantas a hiomprófar i dtruc fá leith do luchtú nó do dhí-luchtú in áit seachas siúntán nó foirgint leis an gCuideachtain, ní cead don Chuideachtain aon éileamh seirbhíse cinn scríbe d'éileamh ar thrádálaí i leith an Chuideachta do dhéanamh aon tseirbhíse acu san má iarr an trádálaí ar an gCuideachtain ligean dó an tseirbhís do dhéanamh dó féin agus gur dhiúltaigh an Chuideachta go mí-réasúnach do ligean dó san do dhéanamh. Is é an tAire a bhéarfas breith ar aon aighneas a éireos idir an trádálaí agus an Chuideachta i dtaobh aon éilimh seirbhíse cinn scríbe a héileofar ar thrádálaí ná ligfidh an Chuideachta dhó an tseirbhís do dhéanamh dó féin.

Eilithe i leith taobhlach agus cóiríochta.

4. Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so an Chuideachta do chose ar éilithe agus íocaíochta, i bhfoirm cíosa nó eile, d'éileamh agus do ghlacadh, i dteannta na n-éilithe a húdaraítear leis an Acht so, i leith taobhlach nó cóiríochta eile déanmhachta cuirtear nó cuirfear ar fáil chun úsáide príobháidí trádálaithe agus ná beidh ag teastáil ón gCuideachtain chun deighleáil leis an trácht chun críoch iompair.

Ach déanfar méid na n-éilithe nó na n-íocaíocht san do shocrú trí chomhaontú i scríbhinn a shíneoidh an trádálaí nó duine éigin go n-údarás thar a cheann nó, i gcáis easaontais, déanfaidh an tAire a méid do chinneadh.

Eilithe i leith tarmchuir.

5. Maidir le marsantas a glacfar ó chuideachtain iarnróid eile nó seachadfar do chuideachtain iarnróid eile ag á mbeidh iarnród de thuise dhifriúil nó a haistreofar ó roinn leathan-tuise go roinn chaol-tuise d'iarnród na Cuideachtan, féadfaidh an Chuideachta éileamh réasúnach d'éileamh i leith aon tseirbhíse tarmchuir a dhéanfaid agus, i gcás easaontais, cinnfidh an tAire méid an éilimh sin.

Éilithe i leith úsáide trucanna.

6. (1) Féadfaidh an Chuideachta pé suimeanna chinnfidh an tAire, fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, le hordú arna dhéanamh ar iarratas ón gCuideachtain nó ó aon duine go leas aige sa scéal, d'éileamh i leith úsáid trucanna a sholáthróid chun marsantas d'iompar i gcás gan soláthar trucanna do bheith áirithe sna rátaí iompair.

(2) I gcás gan an Chuideachta do sholáthar trucanna chun marsantas d'iompar seachas marsantas ná beidh soláthar trucanna áirithe ina chóir sna rátaí iompair, laghdófar an t-éileamh i leith an iompair pé méid a chinnfidh an tAire le hordú arna dhéanamh ar iarratas ón gCuideachtain nó ó aon duine go leas aige sa scéal.

(3) Ní bheidh ar an gCuideachtain trucanna do sholáthar chun marsantas d'iompar ná beidh soláthar trucanna áirithe ina chóir sna rátaí iompair, ná chun aol ina uirmhéid ná salann ina uirmhéid ná aon mharsantas dhéar fadh díobháil do thrucanna d'iompar,

Ach má éiríonn aon aighneas idir an Chuideachta agus trádálaí i dtaobh cé acu dhéanfadh aon tsaghas áirithe marsantais díobháil do thrucanna nó ná déanfadh, féadfar é chur fá bhráid an Aire, agus má cuirtear aon aighneas den tsórt san fána bhráid amhlaidh is ar an trádálaí bheas á iarraidh go n-iomprófaí an marsantas a bheas a chruthú ná déanfaidh an marsantas san díobháil do na trucanna.

(4) Aon ordú do rinne an binse iarnróid chun críoch míre 6 den tSéú Sceideal a ghabhas le hAcht na mBóthar Iarainn, 1924 (Uimh. 29 de 1924), agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an bhunuithe, leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige fé is dá mba ordú a dhéanfadh an tAire fán mír seo é.

Eilithe i gcás cuideachta iarnróid d'iompar marsantais ar iarnród na Cuideachtan.

7. Aon chuideachta iarnróid a iomprós marsantas ar iarnród na Cuideachtan nó dhéanfas aon cheann de na seirbhísí a n-údaraítear rátaí nó éilithe ina leith leis an Acht so, beid i dteideal, fá réir forál an Achta so, na rátaí agus na héilithe céanna d'éileamh a húdaraítear don Chuideachtain d'éileamh.

Eilithe duga agus loingsithe.

8. Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so difir do cheart na Cuideachtan chun aon éilithe d'éileamh a n-údaraítear dóibh le haon reacht iad d'éileamh i leith aon chóiríochta nó seirbhísí a sholáthróidh nó dhéanfaidh an Chuideachta in aon duganna nó áiteanna loingsithe nó ina dtaobh.

Forála i dtaobh earraí meatacha.

9. Bainfidh na forála agus na rialacháin seo leanas le marsantas meatach d'iompar ar thraen phaisnéara:—

(a) Bhéarfaidh an Chuideachta saoráidí réasúnacha chun na hearraí a haicmítear mar earraí meatacha d'iompar fá luas ar thraen phaisnéara nó ar sheirbhís eile dá samhail:

(b) Beidh na saoráidí sin fá réir rialachán réasúnach na Cuideachtan maidir lena seirbhís traenacha paisnéara d'oibriú go caothúil agus go pointeálta, agus ní háireofar orthu aon oblagáid chun earraí meatacha d'iompar ar aon traen áirithe:

(c) Ní bheidh d'oblagáid ar an gCuideachtain aon mharsantas seachas earraí meatacha d'iompar ar thraen phaisnéara ná ar sheirbhís eile dá samhail:

(d) Is é an tAire a chinnfeas aon cheist i dtaobh na saoráidí a bhéarfaidh an Chuideachta uathu fá na forála agus na rialacháin seo.

Eilithe i leith seirbhísí ná déantar socrú eile ina dtaobh.

10. (1) Féadfaidh an Chuideachta suim réasúnach d'éileamh i leith na seirbhísí luaitear anso síos, nó i leith aon choda dhíobh, nuair a déanfar an céanna do thrádálaí ar iarratas uaidh nó chun áise dhó:—

(i) Seirbhísí a bhéarfaidh an Chuideachta uathu ag taobhlaigh nó i dtaobh taobhlach nach leis an gCuideachtain agus ná beidh ráta ná éileamh ina leith socair ar shlí eile;

(ii) Marsantas atá le hiompar nó a hiompraíodh d'iarnród do bhailiú nó do sheachadadh lasmuigh de stáisiún cinn scríbe;

(iii) Marsantas do mheádh;

(iv) Trucanna do choinneáil nó aon chóiríocht d'úsáid nó do shealbhairiú, roimh iompar do dhéanamh nó dá éis, níos sia ná pé tréimhse is gá do réir réasúin chun go bhféadfaidh an Chuideachta deighleáil i gcáil iompróirí le haon mharsantas áirithe nó chun go bhféadfaidh an consíneoir nó an consíní é do sheachadadh nó do ghlacadh nó, i gcás an marsantas do chonsíniú go dtí seoladh seachas an stáisiún cinn scríbe, níos sia ná tréimhse réasúnach ón am a seachadadh fógra ag an seoladh san i dtaobh an marsantas do bheith tagtha go dtí an stáisiún cinn scríbe chun a sheachata, agus seirbhísí a bhéarfar maidir leis an úsáid agus leis an sealbhaireacht san;

(v) Luchtú nó dí-luchtú, clúdach nó dí-chlúdach marsantais ná beidh aon éileamh socair ina leith;

(vi) Tuiteáin ghuail d'úsáid;

(vii) Cóiríocht a bhéarfaidh an Chuideachta uathu ar chaladh cois uisce agus seirbhísí speisialta a bhéarfaidh an Chuideachta uathu ann maidir le marsantas do luchtú ar árthaí nó báirsí nó do dhíluchtú astu i gcás gan aon éileamh speisialta do bheith ordaithe le haon reacht, ach is tuigthe, chun aon chríche bhaineas le dealachadh rátaí, gurb éileamh duga an t-éileamh fán bhfó-mhír seo;

(viii) Aon chóiríocht nó seirbhísí a sholáthróidh an Chuideachta nó a bhéarfaid uathu laistigh de scóip a ngnóthais agus ná déantar aon tsocruithe ina dtaobh leis an Sceideal so.

(2) Aon easaontas a éireos fán mír seo déanfaidh an tAire, ar iarratas ceachtar den dá pháirtí, é chinneadh, ach má dhéanann trádálaí, sara dtabharfar aon tseirbhís áirithe dhó, fógra do thabhairt i scríbhinn don Chuideachtain á rá ná beidh an tseirbhís sin ag teastáil uaidh, is tuigthe gan an tseirbhís do thabhairt ar iarratas an trádálaí ná chun áise dhó.

(3) Aon éileamh a éileoidh an Chuideachta fán mír seo do réir orduithe ón Aire a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, féadfar, fá réir forál na míre seo, é bhaint amach le haicsean i gcúirt dlí.

An ráta uasta ar iompar.

11. Is é an ráta uasta ar iompar an ráta uasta is cead don Chuideachtain d'éileamh ar mharsantas d'iompar de thraen mharsantais agus, fá réir na n-eisceacht agus na bhforál a luaitear sa Sceideal so, folaíonn sé an Chuideachta do sholáthar cumhachta gluaiste agus trucanna, agus gach costas eile bhaineas leis an iompar san agus ná déantar socrú ina thaobh anso ar shlí eile.

Éileamh uasta stáisiúin cinn scríbe.

12. Is é an t-éileamh uasta stáisiúin cinn scríbe an t-éileamh uasta is cead don Chuideachtain d'éileamh ar thrádálaí as úsáid chóiríochta (lasmuigh de thuiteáin ghuail) a sholáthraíonn an Chuideachta agus as na dualgais a thógann an Chuideachta orthu féin, agus ná deantar aon tsocrú ina dtaobh sa Sceideal so, ag an stáisiún cinn scríbe chun deighleáil nó ag deighleáil le marsantas i gcáil iompróirí marsantais roimh an iompar nó dá éis.

Éilithe uasta seirbhíse cinn scríbe.

13. Is iad na héilithe uasta seirbhíse cinn scríbe na héilithe uasta is cead don Chuideachtain d'éileamh ar thrádálaí as na seirbhísí seo leanas nuair a déanfar iad do thrádálaí nó ina chóir, sé sin le rá, luchtú, dí-luchtú, clúdach, agus dí-chlúdach marsantais, agus is tuigthe go bhfolaíonn na héilithe sin, maidir le gach seirbhís fá leith, gach éileamh as an gCuideachtain do sholáthar lucht oibre, innealra, gléasra, stóras agus brat.

Éileamh as codáin de cheathrú céadmeáchain.

14. I gcás consíneacht de thraen mharsantais do bheith os cionn trí chéadmeáchan, féadfar éileamh as codán de cheathrú céadmeáchain amhail agus dá mba cheathrú céadmheáchain é.

Éileamh as codáin de mhíle.

15. Féadfaidh an Chuideachta éileamh as codán de mhíle slí amhail agus dá mba mhíle slí é.

Earraí cuirfear ar aghaidh ina gcainníochta móra le chéile.

16. Ní tuigthe gur beartáin bheaga earraí cuirfear ar aghaidh ina gcainníochta móra le chéile cé go mbeid comhdhéanta de bheartáin difriúla de shaghas málaí siúcra, caifé, agus a leithéidí.

Eileamh as cainníochta is lú ná ualach truca.

17. Aon mhéid marsantais is lú ná ualach truca ghlacfaidh nó sheachadfaidh an Chuideachta in aon truc amháin ar thaobhlach nó ag taobhlach nach leis an gCuideachtain, nó a mbeidh sé d'oblagáid nó de cheangal ar an gCuideachtain, toisc an chuma ina dtairgfear an marsantas nó cineál an mharsantais, é d'iompar in aon truc amháin, féadfaidh an Chuideachta éileamh as amhail mar d'éileoidís as ualach íosta réasúnach ag féachaint do chineál an mharsantais.

“Stáisiún cinn scríbe” agus “taobhlach”.

18. Ciallaíonn an téarma “stáisiún cinn scríbe” stáisiún nó áit ar an iarnród ina ndéantar consíneacht de mharsantas do luchtú nó do dhí-luchtú roimh é iompar ar an iarnród nó dá éis, ach ní fholaíonn sé aon stáisiún ná acomhal ina ndéantar an marsantas a mbeifear ag éileamh aon éilimh chinn scríbe ina thaobh do mhalairtiú le haon chuideachtain iarnróid nó do thabhairt suas dóibh nó do ghlacadh uathu, ná ní fholaíonn sé acomhal idir an iarnród agus taobhlach atá curtha ar cíos ag an gCuideachtain nó nach leo, ná ní fholaíonn sé, maidir le marsantas ag gluaiseacht chun an taobhlaigh sin nó uaidh, aon stáisiún i gceangal leis an taobhlach san, ná aon duga ná áit loingsithe a ndéantar na héilithe as é úsáid do rialáil le reacht.

Folaíonn an téarma “taobhlach” brainse-iarnróid nach le cuideachtain iarnróid.

Orduithe do chúlghairm agus do leasú.

19. Fá réir forál an tSeachtú Sceidil a ghabhas leis an Acht so, féadfaidh an tAire le hordú, ar iarratas ón gCuideachtan nó ó aon duine go leas aige sa scéal, aon ordú bheas déanta aige fá mhír 2 nó mír 6 den Sceideal so, nó aon ordú coimeátar i bhfeidhm le fó-mhír (2) den mhír sin 2 nó le fó-mhír (4) den mhír sin 6, do chúlghairm nó do leasú.

“trádálaí”.

20. Sa Sceideal so folaíonn an focal “trádálaí” aon duine dhéanfas, nó lenar mian, marsantas do chur ar aghaidh nó do ghlacadh d'iarnród.

AN NAOU SCEIDEAL.

Achtacháin a Leasaítear maidir lena mBaint leis an gCuideachtain.

Siosón agus Caibidil

Gearr-theideal

An Leasú

11 Geo. 4 agus 1 Will. 4, c. 68.

An Carriers Act, 1830.

In alt a haon, athghaimtear na focail “silks in a manufactured or unmanufactured state and whether wrought up or not wrought up with other materials” agus cuirtear an focal “twenty-five” in ionad an fhocail “ten.”

In alt a dó cuirtear an focal “twenty-five” in ionad an fhocail “ten.”

Cuirtear an t-alt nua so leanas ndiaidh ailt 10:—

“11. In this Act the expression ‘common carrier by land’ shall include a common carrier by land who is also a carrier by water, and as regards every such common carrier this Act shall apply to carriage by water in the same manner as it applies to carriage by land.”

8 & 9 Vic., c. 20

An Railway Clauses Act, 1845, arna chorprú in aon Acht, a ritheadh roimh dháta an Achta so do rith nó rithfear dá éis sin.

In alt a trí, i ndiaidh na bhfocal “The word ‘toll’ shall include any rate or charge or other payment payable under the special Act” cuirtear isteach na focail “or fixed by the Minister under the provisions of the Transport Act, 1944.”

In alt a hocht nóchad, in ionad na bhfocal “number or quantity of goods conveyed by any such carriage” cuirtear na focail “full name and address of the consignee and such particulars of the nature, weight (inclusive of packing), and number of parcels or articles of merchandise handed to the company for conveyance as may be necessary to enable the company to calculate the charges therefor.”

Cuirtear an fó-alt so leanas i ndeireadh ailt a hocht nóchad:—

“(2) The company shall be entitled to refuse to convey any merchandise delivered to them for conveyance as aforesaid in respect of which the foregoing provisions of this section have not been complied with, or to examine, weigh or count the same and make such reasonable charge therefor as they think fit:

“Provided that the company shall not refuse to convey the parcels or articles of merchandise handed to them for conveyance as aforesaid without giving the person an opportunity of having them weighed or counted upon payment of a reasonable charge.”

17 & 18 Vic., c. 31

An Railway and Canal Traffic Act, 1854.

In alt a seacht, in ionad na bhfocal “for any horse fifty pounds, for any neat cattle per head fifteen pounds, for any sheep or pigs per head two pounds” cuirtear na focail “for any horse one hundred pounds, for neat cattle per head fifty pounds, for any other animal five pounds.”

AN DEICHIU SCEIDEAL.

Éilithe Canálach Uasta.

Cuid I.

Canáil Laighean.

Na rátaí, na custaim, na dleachta agus na héilithe uasta luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Canal Rates, Tolls and Charges, No. 11 (Grand Canal) Order, 1894 (Ordú do daingníodh leis an Canal Rates, Tolls and Charges, No. 11 (Grand Canal) Order Confirmation Act, 1894), arna méadú—

(a) céad agus cúig déag fán gcéad maidir le gach ráta nó éileamh atá leagtha amach sa Sceideal san maidir le folamháin ar filleadh,

(b) céad agus cúig fichead fán gcéad maidir le gach ráta nó éileamh atá leagtha amach i gCuid I de Tháible A den Sceideal san,

(c) céad agus deich fán gcéad maidir le gach custam nó éileamh dugaíochta i gCuid II den Táible sin A,

(d) céad agus fiche fán gcéad maidir le gach éileamh breise an beartán atá leagtha amach i gCuid IV den Táible sin A.

Cuid II.

Canáil na Midhe.

Na rátaí, na custaim, na dleachta agus na héilithe uasta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Canal Tolls and Charges No. 10 (Lagan, etc., Canals) Order, 1894 (Ordú do daingníodh leis an Canals Tolls and Charges No. 10 (Lagan, etc., Canals) Order Confirmation Act, 1894), agus a bhaineas le Canáil na Midhe, arna méadú, ach amháin i gcás na n-éilithe leithleacha luaitear i gCuid II den Sceideal san, céad agus cúig fichead fán gcéad.

Cuid III.

Loingseoireacht Abhann na Sionna.

Na rátaí, na custaim, na dleachta agus na héilithe uasta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Canal Tolls and Charges No. 10 (Lagan, etc., Canals) Order, 1894 (Ordú do daingníodh leis an Canals Tolls and Charges No. 10 (Lagan, etc., Canals) Order Confirmation Act, 1894), agus a bhaineas le Loingseoireacht Abhann na Sionna, arna méadú, ach amháin i gcás na n-éilithe leithleacha luaitear i gCuid II den Sceideal san, céad agus cúig fichead fán gcéad.