Uimhir 10 de 1954.
AN tACHT UM CHOINBHINSIÚIN CHONSALACHTA, 1954.
[An tiontó oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
folaíonn “cairteacha” comhfhreagras, doiciméid agus páipéir oifigiúla (lena n-áirítear tiachóga oifigiúla ina bhfuilid), leabhair, taifid, airgead, stampaí, séalaí, comhad-chaibinéid, taisceáin, agus gléasra eile oifige a sealbhaítear nó a húsáidtear chun críocha oifigiúla oifigigh chonsalachta;
ciallaíonn “tír choinbhinsiúin chonsalachta” tír a bhfuil i bhfeidhm idir í agus an Stát coinbhinsiún consalachta a bhaineas le cuid de na nithe nó leis na nithe go léir dá ndéantar socrú leis an Acht seo;
ciallaíonn “fostaí consalachta” aon duine atá ar fostú i gconsalachtle bheith ag comhlíonadh dualgas feidhmiúcháin, riaracháin nó cléireachais, nó dualgas teicniúla nó gairmiúla, nó mar gharda nó teachtaire consalachta nó mar thiománaí feithicle consalachta agus is duine ar cuireadh a ainm in iúl don Aire, ach ní fholaíonn sé aon duine atá ar fostú ar dhualgais tís;
ciallaíonn “oifigeach consalachta” ard-chonsal, consal, leaschonsal nó oifigeach eile tíre coinbhinsiúin chonsalachta dár dheoin an tUachtarán nó an tAire exequatur nó údarás sealadach nó údarás eile chun feidhmeanna consalachta d'fheidhmiú;
ciallaíonn “consalacht” aon fhoirgint nó aon chuid d'fhoirgint atá á haitiú chun críocha gnótha oifigiúla oifigigh chonsalachta agus chun na gcríocha sin amháin;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Gnóthaí Eachtracha;
folaíonn “náisiúnach” géilliúnach nó saoránach.
Feidhm alt 3 gc 11.
2.—(1) Ní bheidh feidhm ag ailt 3 go 11 maidir le haon tír ach amháin a mhéid a bheas feidhm tugtha dhóibh amhlaidh le hordú faoin alt seo a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire.
(2) Aon uair is deimhin leis an Rialtas cumhachta, pribhléidí agus díolúintí cosúil leo siúd a bheirtear le haon cheann d'fhorála alt 3 go 11 a bheith, i dtír choinbhinsiúin chonsalachta, deonta i leith an Stáit, féadfaidh an Rialtas, le hordú, feidhm a thabhairt i leith na tíre sin do na forála sin go léir nó d'aon cheann acu.
(3) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, ordú faoi fho-alt (2) a chúlghairm.
(4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
Ionadaiocht a dheonadh d'oifigigh chonsalachta
3.—(1) I gcás—
(a) náisiúnach tíre coinbhinsiúin chonsalachta, nach gcónaíonn sa Stát, d'ainmniú mar sheiceadóir uachta faoina gcuirtear de láimh maoin atá suite sa Stát nó é a bheith ina dhuine a bhféadfar deonadh riaracháin i leith eastáit sa Stát a thabhairt dó, agus
(b) gan deonadh ionadaíochta a bheith iarrtha ag aon duine atá údaraithe chun gníomhú thar ceann an náisiúnaigh,
féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó oifigeach consalachta don tír sin, deonadh ionadaíochta a thabhairt don oifigeach consalachta sin amhail is dá mbeadh sé údaraithe amhlaidh.
(2) Féadfar deonadh riaracháin a bhéarfar de bhuaidh an ailt seo a thabhairt don oifigeach consalachta faoina theideal oifigiúil agus dá chomharbaí in oifig; agus i gcás ina dtabharfar deonadh riaracháin amhlaidh, beidh oifig an riarthóra, agus eastát, cearta, dualgais agus dliteanais uile an riarthóra (lena n-áirítear dliteanais faoin mbanna riaracháin) dílsithe sa duine a bheas i seilbh na hoifige de thuras na huaire agus forchurtha air, agus ní bheidh riachtanas le deonadh nua d'aon-toisc mar gheall ar an duine dár tugadh an deonadh nó inar dílsíodh é amhlaidh d'éag nó a scarúint le hoifig.
(3) Ní bheidh riachtanas le hurraí i leith banna riaracháin a bhéarfas oifigeach consalachta ar dheonadh riaracháin d'eisiúint faoin alt seo.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht a cumacht, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, tabhairt deonadh riaracháin de bhuaidh an ailt seo a chur siar go ceann pé tréimhse is dóigh léi is gá chun go bhféadfar a chur in iúl don náisiúnach an deonadh a bheith beartaithe agus chun go bhféadfaidh an náisiúnach a chinneadh an mian leis ionadaí seachas an t-oifigeach consalachta a bheith aige.
(5) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ar aon tórainn a bheas sa deonadh ná ar aon chumhacht de chuid na Cúirte chun an deonadh a chúlghairm.
Cumacht oifigeach consalachta chun maoin a ghlacadh.
4.—(1) Má bhíonn teideal ag náisiúnach tíre coinbhinsiúin chonsalachta, nach gcónaíonn sa Stát—
(a) chun aon mhaoine as eastát duine éagtha, nó
(b) chun aon mhaoine a dhílseos i seilbh, nó a thiocfas chun bheith dlite, ar bhás aon duine,
féadfaidh oifigeach consalachta don tír sin an mhaoin sin a ghlacadh agus urscaoileadh bailí a thabhairt ina leith amhail is dá mbeadh údarás aige ón náisiúnach chun sin a dhéanamh.
(2) Ní bheidh duine ar bith údaraithe ná faoi cheangal leis an alt seo chun aon airgead nó maoin d'íoc le hoifigeach consalachta nó a sheachadadh dhó más eol dó aon duine eile sa Stát a bheith údaraithe go sainráite chun an t-airgead nó an mhaoin sin a ghlacadh thar ceann an náisiúnaigh.
Foráil i gcoinne díolúintí i leith cumhacht a bheirtear le nailt 3 agus 4.
5.—D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó aon rialach dlí a bheir díolúine nó pribhléid i leith gníomhartha oifigiúla nó cairteacha oifigigh chonsalachta, ní bheidh teideal ag oifigeach consalachta chun aon díolúine ná pribhléide i leith aon ghnímh a rinneadh de bhuaidh cumhacht a bheirtear dó le halt 3 nó 4, nó faoi na hailt sin, ná i leith aon doiciméid ina thaobh, sin a bheas ina sheilbh de thuras na huaire.
Srian le cumhachta chun dul isteach i gconsalachtaí.
6.—(1) Faoi réir an ailt seo, ní cead do chomhalta den Gharda Síochána ná d'aon duine eile a bheas ag gníomhú chun aon bharántas nó próis dlíthiúil eile d'fhorghníomhú, nó chun aon chumhacht eile a bheirtear le dlí d'fheidhmiú, dul isteach i gconsalacht ach amháin le toiliú an oifigigh chonsalachta a bheas i gceannas nó, mura dtugtar an toiliú sin nó mura féidir é d'fháil, le toiliú an Aire.
(2) Ní bhaineann an t-alt seo le haon duine acu seo a leanas do dhul isteach—
(a) comhalta den Gharda Síochána a bhfuil cúis réasúnach aige chun a chreidiúint coir foréigin a bheith déanta, á déanamh nó ar tí a déanta san áitreabh;
(b) duine a bhfuil teideal aige dul isteach de bhuaidh aon éasúna, conartha nó cirt phríobháidigh eile;
(c) duine a bhfuil teideal aige faoi alt 9 den Acht Briogáideacha Tóiteáin 1940 (Uimh. 7 de 1940), dul isteach in áitreabh chun tóiteán a mhúchadh.
(3) Ní bhaineann an t-alt seo le consalacht atá de thuras na huaire faoi cheannas oifigigh chonsalachta is saoránach d'Éirinn nó nach náisiúnach den tír dárb oifigeach consalachta é.
Díolúine phearsanta oifigeach agus fostaithe consalachta.
7.—(1) Ní bheidh oifigeach consalachta faoi dhliteanas in aon imeachta, sibhialta ná coiriúil, i leith gníomhartha a rinne sé ina cháil oifigiúil, a thagas laistigh de réim feidhmeanna oifigigh chonsalachta faoin dlí eadarnáisiúnta, mura n-iarrfaidh a rialtas na himeachta nó mura dtoileoidh leo.
(2) Ní bheidh fostaí consalachta faoi dhliteanas in aon imeachta, sibhialta ná coiriúil, i leith gníomhartha a rinne sé faoi chuimsiú a fhostaíochta agus i gcúrsa a dhualgas oifigiúla sa mhéid go bhfuil na dualgais sin laistigh d'fheidmeanna oifigigh chonsalachta faoin dlí eadarnáisiúnta, mura n-iarrfaidh a rialtas na himeachta nó mura dtoileoidh leo.
(3) Aon oifigeach consalachta is náisiúnach den tír dárb oifigeach consalachta é agus nach saoránach d'Éirinn agus nach bhfuil ag gabháil do ghnó príobháideach chun sochair dó féin sa Stát, beidh sé díolmhaithe óna ghabháil agus óna inchúiseamh ach amháin i gcás é a chúiseamh i gcoir is inphionóis trí phríosúntacht ar feadh tréimhse bliana nó níos mó nó trí phiantseirbhís.
(4) Ní thugann an t-alt seo díolúine d'oifigeach consalachta ná d'fhostaí consalachta ó dhliteanas i gcaingean sibhialta de dhroim conartha a rinne sé agus nár chonraigh sé go sainráiteach ann mar ghníomhaire dá rialtas agus inar fhéach an páirtí eile chuige go pearsanta lena chomhlíonadh.
Diolúine do chairteacha consalachta.
8.—Beidh slánadh ag na cairteacha a bheas ar coimeád i gconsalacht agus ag comhfhreagras oifigiúil chun oifigigh chonsalachta nó uaidh agus ní scrúdóidh ná ní choinneoidh aon duine iad gan toiliú an oifigigh chonsalachta.
Díolúine chonsalachta i leith fianaise a thabhairt.
9.—Beidh teideal ag oifigeach consalachta nó ag fostaí con salachta chun a dhiúltú—
(a) aon cheann dá chairteacha a thabhairt ar aird i gcúirt, nó
(b) fianaise a thabhairt i dtaobh aon ní ina chairteacha nó aon ní eile atá faoi chuimsiú a dhualgas oifigiúla, nó
(c) fianaise shaineolach a thabhairt i dtaobh dlithe na tíre dárb oifigeach consalachta nó fostaí consalachta é.
Admhála ar tháillí consalachta a díolmhadh ó dhleacht stampa.
10.—Ní bheidh dleacht stampa le n-íoc ar admhála a eiseos oifigeach consalachta i leith táillí d'íoc as seirbhísí consalachta a thug sé.
Bratacha a chrochadh ar longa Eireannacha a bheas fostaithe ag oifigigh chonsalachta.
11.—D'ainneoin ailt 3 den Acht Loingis Cheannaíochta, 1947 (Uimh. 46 de 1947), féadfar bratach tíre coinbhinsiúin chonsalachta agus a bratach consalachta a chrochadh ar long Éireannach a bheas fostaithe ag feidhmiú dualgas consalachta ag oifigeach consalachta.
Cumhachta consal maidir le longa raice agus maidir le maoin maraithe éagtha.
12.—(1) Má chítear don Aire Tionscail agus Tráchtála aon duine a bhféadfar aon airgead nó maoin eile le maraí éagtha d'íoc leis nó a sheachadadh dhó faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 176 den Merchant Shipping Act, 1894 (a bhaineas le maoin nach mó ná céad punt a luach a chur de láimh) a bheith ina chónaí i dtír choinbhinsiúin chonsalachta, féadfaidh sé an t-airgead nó an mhaoin d'íoc le hoifigeach consalachta don tír sin nó a sheachadadh dhó thar ceann an duine sin agus beidh éifeacht dá réir sin ag forála an ailt sin.
(2) Na cumhachta atá ag oifigeach consalachta faoi fho-alt (2) d'alt 521 den Merchant Shipping Act, 1894 (a chumasaíos d'oifigeach consalachta gníomhú, in imthosca áirithe, mar ghníomhaire don únaer maidir le hearraí a choimeád agus a chur de láimh a bhain le long choigríche, nó ba chuid de long choigríche, a ndearnadh raic di ar chóstaí na hÉireann nó ina n-aice), beidh réim acu maidir leis an long raice féin chomh maith leis na hearraí sin adúradh a choimeád agus a chur de láimh.
Cosaint.
13.—Ní dochar d'aon phribhléid nó díolúine atá ó dhlí nó ó ghnás ag oifigigh chonsalachta na pribhléidí agus na díolúintí a bheirtear dóibh faoin Acht seo.
Athghairm.
14.—Athghairmtear leis seo alt 4 den Domicile Act, 1861.
Gearrtheideal.
15.—Féadfar an tAcht um Choinbhinsiúin Chonsalachta, 1954, a ghairm den Acht seo.