Uimhir 10 de 1960.
AN tACHT UM ÚDARÁS CRAOLACHÁIN, 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1926” an tAcht Radio-Thelegrafaíochta, 1926;
tá le “an tUdarás” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo;
tá le “craoladh” agus le “stáisiún craolacháin” na bríonna faoi seach atá le “foirleatha” agus le “stáisiún foirleatha” in Acht 1926, arna leasú leis an Acht seo;
ciallaíonn “táille ceadúnais chraolacháin” táille a íocadh ar cheadúnas a deonaíodh faoi alt 5 d'Acht 1926 i leith gléas le haghaidh glactha amháin;
ciallaíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn;
tá le “an tArd-Stiúrthóir” an bhrí a shonraítear in alt 11 den Acht seo;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá ceaptha chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 2 den Acht seo;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa.
(2) Aon tagairt atá san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.
An lá bunaithe a cheapadh.
2.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
Bunú an Údaráis.
3.—(1) Beidh, de bhua an ailt seo, údarás ar a dtabharfar Radio Éireann (dá ngairtear an tUdarás san Acht seo) arna bhunú an lá bunaithe.
(2) Beidh an tUdarás ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht agartha aige, agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a thógáil, a theachtadh agus a dhiúscairt.
Comhaltaí an Údaráis.
4.—(1) Is é an Rialtas a cheapfaidh comhaltaí an Údaráis agus ní lú ná seachtar agus ní mó ná naonúr a bheidh a líon.
(2) Is í tréimhse oifige chomhalta den Údarás cibé tréimhse, nach faide ná cúig bliana, a chinnfidh an Rialtas le linn é a cheapadh.
(3) Féadfar comhalta den Údarás a athcheapadh ar a théarma oifige a dhul in éag le himeacht aimsire.
(4) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as a oifig tráth ar bith trí litir a chuirfear chun an Rialtais agus beidh éifeacht ag an éirí as nuair a gheofar an litir.
(5) Má ainmnítear comhalta den Údarás mar iarrthóir chun a thofa chun ceachtar Tí den Oireachtas nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.
(6) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, chun suí sa Teach sin beidh sé, an fad a bheidh sé i dteideal suí sa Teach sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Údarás.
Luach saothair agus téarmaí oifige chomhaltaí an Údaráis.
5.—(1) Íocfar le comhalta den Údarás, as cistí a bheidh faoina réir ag an Údarás,—
(a) cibé luach saothair a shocróidh an Rialtas ó am go ham,
(b) cibé suimeanna i leith caiteachais a mheasfaidh an tUdarás a bheith réasúnach.
(2) Faoi réir fho-alt (1) den alt seo, sealbhóidh comhalta den Údarás a oifig ar cibé téarmaí a chinnfidh an Rialtas ó am go ham.
(3) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar tearmaí fostaíochta agus luach saothair chomhaltaí an Údaráis faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
Comhalta den Údarás a chur as oifig.
6.—Féadfaidh an Rialtas, tráth ar bith, comhalta den Údarás a chur as oifig.
Cathaoirleach an Údaráis.
7.—(1) Féadfaidh an Rialtas, ó am go ham de réir mar is gá, comhalta den Údarás a cheapadh ina chathaoirleach ar an Údarás.
(2) Mura dtarlóidh roimhe sin go n-éagfaidh sé, go n-éireoidh sé as oifig mar chathaoirleach nó go scoirfidh sé de bheith in chathaoirleach faoi fho-alt (4) den alt seo, beidh cathaoirleach an Údaráis i seilbh oifige go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse oifige mar chomhalta den Údarás.
(3) Féadfaidh cathaoirleach an Údaráis éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a chuirfear chun an Rialtais, agus glacfaidh an t-éirí as sin, mura dtarraingítear siar roimhe sin é, éifeacht ag tosach an chéad chruinnithe eile den Údarás a bheidh ann tar éis don Rialtas an t-éirí as a chur in iúl don Údarás.
(4) Má scoireann cathaoirleach an Údaráis, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach, de bheith ina chomhalta den Údarás scoirfidh sé ansin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an Údarás.
Comhalta den Údarás do chur leasa i gconradh beartaithe in iúl.
8.—Aon chomhalta den Údarás—
(a) a mbeidh leas ar bith aige in aon chuideachta nó gnólacht a mbeartóidh an tUdarás aon chonradh a dhéanamh leis, nó
(b) a mbeidh leas ar bith aige in aon chonradh a bheartóidh an tUdarás a dhéanamh,
cuirfidh sé in iúl don Údarás go bhfuil an leas sin aige agus cuirfidh sé in iúl cad é an leas é agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú nó cinneadh ag an Údarás maidir leis an gconradh agus taifeadfar i miontuariscí an Údaráis gur chuir sé an méid sin in iúl.
Séala an Údaráis.
9.—(1) Soláthróidh an tUdarás séala dó féin a luaithe is féidir é tar éis a bhunaithe.
(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú chathaoirligh an Údaráis nó chomhalta éigin eile den Údarás a mbeidh údarás aige ón Údarás gníomhú chuige sin maraon le síniú oifigigh don Údarás a mbeidh údarás aige ón Údarás gníomhú chuige sin.
(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis, agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tUdarás agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) an Údaráis glacfar i bhfianaise é agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan tuilleadh cruthúnais mura suítear a mhalairt.
Cruinnithe agus nós imeachta an Údaráis.
10.—(1) Beidh ag an Údarás cibé cruinnithe agus cibé méad cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.
(2) Féadfaidh an tAire dáta, tráth agus ionad chéad chruinnithe an Údaráis a shocrú.
(3) Ag cruinniú den Údarás—
(a) is é cathaoirleach an Údaráis, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an Údaráis as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Údarás a bheidh i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(4) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Údarás a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannais vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.
(5) Féadfaidh an tUdarás gníomhú d'ainneoin folúntais nó folúntas i measc a chomhaltaí.
(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, rialóidh an tUdarás a nós imeachta le rialacha.
(7) Socrófar córam an Údaráis leis na rialacha a dhéanfar faoin bhfo-alt sin roimhe seo ach—
(a) is córam nach lú na triúr é, agus
(b) go dtí go socrófar amhlaidh é, is triúr é.
An Príomh-Stiúrthóir.
11.—Ceapfaidh an tUdarás ó am go ham duine mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin don Údarás agus an Príomh-Stiúrthóir a thabharfar ar an duine sin agus a ghairtear de san Acht seo.
Oifigigh agus seirbhísigh (seachas an Príomh-Stiúrthóir) don Údarás.
12.—(1) I dteannta an Príomh-Stiúrthóir a cheapadh, ceapfaidh an tUdarás cibé daoine eile, agus cibé méad daoine eile, ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Údarás is cuí leis an Údarás ó am go ham, ach, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ní cheapfar aon duine faoin alt seo ina oifigeach don Údarás mura mbeifear tar éis é a roghnú trí chomórtas poiblí.
(2) An ceanglas roghnaithe trí chomórtas poiblí a fhorchuireann fo-alt (1) den alt seo ní bheidh feidhm aige maidir le;
(i) duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina oifigeach don Aire ar fostú sa seirbhís chraolta,
(ii) ceapachán is ardú céime do dhuine is oifigeach cheana féin don Údarás,
(iii) oifig ar gá, i dtuairim an Údaráis, saincháilíochtaí chuici nach gnáthach ag daoine, nó
(iv) oifig ar go ceann tréimhsí teoranta, tréimhsí dhá bhliain ar a mhéid, a dhéantar ceapacháin chuici.
Seilbh oifige nó fostaíochta, etc.
13.—(1) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Údarás a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tUdarás ó am go ham.
(2) Íocfaidh an tUdarás lena oifigigh agus a sheirbhísigh cibé tuarastal agus liúntais a chinnfidh an tUdarás ó am go ham.
(3) Féadfaidh an tUdarás aon tráth oifigeach nó seirbhíseach ar bith don Údarás a chur as oifig nó as fostaíocht mar oifigeach nó seirbhíseach dó.
(4) D'ainneoin na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, ní mór toiliú an Aire sula gceapfaidh an tUdarás an Príomh-Stiúrthóir nó sula gcuirfidh sé as oifig é nó sula n-athróidh sé a luach saothair nó na téarmaí agus na coinníollacha a ghabhann le é do shealbhú oifige.
Feidhmeanna a chomhlíonadh trí oifigigh nó seirbhísigh.
14.—Féadfaidh an tUdarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh cuí-údaraithe ag an Údarás chuige sin.
Aoisliúntas d'oifigigh agus seirbhísigh an Údaráis.
15.—(1) A luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe, ullmhóidh an tUdarás, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú, ar scor dóibh, do cibé oifigigh nó seirbhísigh nó i leith cibé oifigeach nó seirbhíseach de chuid an Údaráis is cuí leis an Údarás.
(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor dóibh, agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
(3) Féadfaidh an tUdarás tráth ar bith scéim do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.
(4) (a) Féadfaidh an tAire na socruithe a chinneadh maidir le pinsin, aiscí agus liúntais eile a bheidh le déanamh de bhun an ailt seo maidir le haon oifigigh nó seirbhísigh de chuid an Údaráis a bhí díreach roimh an lá bunaithe ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Aire ar fostú sa seirbhís chraolta.
(b) Más cuí leis an Aire é, féadfaidh éifeacht a bheith ag aon socrú den sórt sin, amhail ar agus ó lá, nach luaithe ná an lú lá d'Eanáir, 1960, roimh an lá a dhéanfaidh an tAire cinneadh.
(c) Déanfaidh an tAire na socruithe a chinnfear faoin bhfo-alt seo a chur in iúl don Údarás agus cuirfidh an tUdarás iad sa chéad scéim a ullmhófar agus a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo.
(d) Más rud é—
(i) go n-éagfaidh duine nó go scoirfidh sé ar fhoras easláinte roimh an 31ú lá de Nollaig, 1961, le linn dó a bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Aire, agus
(ii) gur chuir an tAire in iúl don duine sin, le linn dó a bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Aire ar fostú sa seirbhís chraolta, go mbainfeadh an chéad scéim faoin alt seo leis dá dtagadh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás,
ansin, mura n-ordóidh an tAire a mhalairt, bainfidh an chéad scéim faoin alt seo leis agus íocfar leis nó íocfar ina leith na sochair sin faoin scéim dob iníoctha dá mba chomhalta den scéim é ar dháta a bháis nó a scoir.
(5) Déanfaidh an tUdarás scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú an Aire Airgeadais, a chur i gcrích de réir a téarmaí.
(6) Má tharlaíonn aon díospóid maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun an Aire Airgeadais í agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh i gcinneadh an Aire Airgeadais.
(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoin a bhráid, rún a rith ag neamhni úna scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
Feidhmeanna an Údaráis i gcoitinne.
16.—(1) Bunóidh agus cothabhálfaidh an tUdarás seirbhís náisiúnta teilifíse agus fuaim-chraolta agus beidh na cumhachtaí sin go léir aige is gá chun na críche sin nó a ghabhfaidh léi.
(2) Go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht fo-alt (1) den alt seo, beidh na cumhachtaí seo a leanas ag an Údarás:
(a) staisiúin chraolacháin a bhunú, a chothabháil agus a oibriú agus gléasra le haghaidh raidió-thelegrafaíochta a fháil, a chur isteach agus a oibriú;
(b) socrú a dhéanamh, trí comhshocraíochtaí chuige leis an Aire agus le haon duine eile, chun cláir a chraolfaidh an tUdarás a leathadh trína leaschraoladh;
(c) cláir a thionscnamh agus cláir a fháil ó fhoinse ar bith;
(d) conarthaí, comhaontuithe agus comhshocraíochtaí a dhéanamh a ghabhfaidh le, nó a chabhróidh le, cuspóirí an Údaráis;
(e) cóipchearta, paitinní, ceadúnais, pribhléidí agus deonaíochtaí a fháil agus a úsáid;
(f) nuacht agus eolas a bhailiú agus a bheith rannpháirteach i seirbhísí nuachta agus i cibé seirbhísí eile a chabhródh le cuspóirí an Údaráis;
(g) a bheith rannpháirteach i cibé comhlachais idirnáisiúnta, agus i cibé comhlachtaí oideachais, ceoil agus dramaíochta agus i cibé comhalachtaí eile a chothaíonn siamsa nó saíocht, a chabhródh le cuspóirí an Údaráis;
(h) socrú a dhéanamh le húdaráis chraolta eile i dtaobh cláir a fháil, a mhalartú agus a leaschraoladh;
(i) ceolchoirmeacha agus siamsaí eile i ndáil leis an tseirbhís chraolta nó chun aon chríche a bhainfidh léi a eagrú agus a sholáthar agus cúnamh airgid a thabhairt ina leith agus, maidir le haon cheolchoirm nó siamsa den sórt sin, cóiríocht a sholáthar nó a fháil agus, más inmhianaithe sin, táillí a éileamh as dul isteach;
(j) faoi réir thoiliú an Aire, cibé irisí, leabhair, páipéir agus ábhar clóite eile a mheasfaidh an tUdarás a chabhródh nó a bhainfeadh lena chuspóirí a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh ar tháille nó gan táille;
(k) faoi réir thoiliú an Aire, ábhar éisteachta agus ábhar féachana taifeadta a thiomsú, a fhoilsiú, a dháileadh, a dhíol agus a mhalartú.
(3) (a) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar don Údarás de bhua míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) den alt seo a fheidhmiú ach amháin faoi cheadúnas ón Aire agus de réir aon choinníollacha a chuirfidh an tAire le ceadúnais den sórt sin.
(b) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas faoin bhfo-alt seo a fhionraí le linn aon éigeandála a dhearbhófar faoi alt 10 d'Acht 1926, agus féadfaidh an tAire, an fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin, aon seirbhís a oibriú a sholáthraigh an tUdarás faoin gceadúnas fionraithe.
(c) Déanfar cóip de gach ceadúnas faoin bhfo-alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir é tar éis an ceadúnas a eisiúint.
Dualgas ginearálta maidir le haidhmeanna náisiúnta.
17.—Ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás, coimeádfaidh sé i gcuimhne i gconaí na haidhmeanna náisiúnta atá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíocht náisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agus déanfaidh sé dícheall ag cabhrú leis na haidhmeanna sin a chur i gcrích.
Neamhchlaontacht.
18.—(1) Beidh de dhualgas ar an Údarás a áirithiú, go ndéanfar, nuair a chraolfaidh sé aon eolas, nuacht nó sainmhír a bhainfidh le hábhair chonspóide poiblí nó is ábhar díospóireachta poiblí le linn na huaire, go ndéanfar an t-eolas, an nuacht nó an tsainmhír a fhoilsiú go hoibíochtúil agus go neamhchlaon gan tuairimí an Údaráis féin a nochtadh.
(2) Ní choiscfidh aon ní san alt seo an tUdarás ó chraolta páirtithe polaitíochta a fhorleathadh.
Tréimhsí craolta a cheadú.
19.—Beidh na tréimhsí a shocróidh an tUdarás le haghaidh craolta faoi réir a gceadaithe ag an Aire.
Fógráin.
20.—(1) Féadfaidh an tUdarás fógráin a chraoladh, éilithe agus coinníollacha i leith craolta den sórt sin a shocrú agus, nuair a shocróidh sé na héilithe, socrú a dhéanamh do chúinsí éagsúla agus le haghaidh éilithe breise speisialta a bhaint amach i gcásanna speisialta.
(2) Féadfaidh an tUdarás diúltú don méid iomlán nó do chuid d'fhógrán a thíolacfar le craoladh.
(3) An t-am iomlán laethúil a shocróidh an tUdarás chun fógráin a chraoladh, agus an leithroinnt, arna chinneadh ag an Údarás, ar an am sin ar fud na gclár, beidh sin faoi réir a cheadaithe ag an Aire.
(4) Ní ghlacfaidh an tUdarás aon fhógrán a mbeidh aon chuspóir creidimh nó polaitíochta ag gabháil leis nó a mbeidh aon bhaint aige le haon díospóid tionscail.
(5) (a) Ag gníomhú dó de bhun an ailt seo, tabharfaidh an tUdarás aird ar chás speisialta fógróirí Éireannacha agus féadfaidh sé éilithe laghdaithe agus coinníollacha fabhair a shocrú le haghaidh fógraí uathu is fógraí Éireannacha.
(b) Chun críocha na míre sin roimhe seo, is fógróir Éireannach gach fógróir acu seo a leanas:
(i) fógróir a fhógraíonn earraí is earraí a gcruthóidh sé don Údarás ina dtaobh gur sa Stát a rinneadh, a táirgeadh nó a monaraíodh, go hiomlán nó go substainteach, iad,
(ii) fógróir a fhógraíonn seirbhísí, ar choinníoll go gcruthóidh sé don Údarás gur sa Stát a sholáthraítear, go hiomlán nó go substainteach, na seirbhísí agus gur sa Stát atá a aon-áit nó a phríomh-áit ghnó mar dhuine a sholáthraíonn na seirbhísí sin,
(iii) fógróir a fhógraíonn gníomhaíochtaí seachas seirbhísí ar gníomhaíochtaí iad a gcruthóidh sé don Údarás ina dtaobh gur sa Stát a sheoltar, go hiomlán nó go substainteach, iad, agus is fógra Éireannach fógra ar fógróir Éireannach fógróir ina leith.
(6) Féadfar éilithe agus coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (5) den alt seo a shocrú faoi réir athruithe dá dtairbheoidh fógróirí a úsáidfidh an Ghaeilge ina bhfógráin.
(7) Forléireofar cumhacht faoin alt seo chun éilithe agus coinníollacha a shocrú mar chumhacht a fholaíonn cumhacht aon éilithe nó coinníollacha a bheidh socraithe faoin gcumhacht sin a chealú nó a athrú agus, i gcás ina gcealófar éilithe nó coinníollacha, éilithe nó coinníollacha eile a shocrú in ionad na gcinn a cealaíodh.
(8) San alt seo forléireofar tagairtí d'fhógráin mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ábhar fógraíochta i gcláir faoi choimirce, is é sin le rá, cláir arna soláthar ag fógróir nó thar ceann fógróra le haghaidh fógraíochta.
Comhairle don Údarás.
21.—(1) Chun a chumasú don Údarás comhairle a bheith aige ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, coistí comhairleacha nó comhairleoirí a cheapadh ó am go ham.
(2) (a) Beidh coiste faoin alt seo comhdhéanta de cibé méid (nach lú ná triúr) comhaltaí is cuí leis an Aire.
(b) Murab éag nó éirí as roimhe sin dó, beidh comhalta de choiste faoin alt seo ina chomhalta den choiste go ceann na tréimhse a chinnfidh an tAire le linn é a cheapadh agus ní níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha.
(c) Beidh cruinniú de choiste faoin alt seo ann aon uair a ghairmfidh an tAire nó an tUdarás é.
(3) (a) Murab éag nó éirí as roimhe sin dó, leanfaidh comhairleoir faoin alt seo de bheith ina chomhairleoir go ceann na tréimhse a chinnfidh an tAire le linn é a cheapadh agus ní níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha.
(b) Tabharfaidh comhairleoir faoin alt seo comhairle don Údarás aon uair a iarrfaidh an tAire nó an tUdarás air é.
(4) Tabharfaidh an tUdarás agus an Príomh-Stiúrthóir aird ar an gcomhairle, ach ní bheidh siad faoi cheangal déanamh de réir na comhairle, a thabharfaidh aon choiste nó comhairleoir faoin alt seo.
(5) Féadfaidh an tUdarás cibé méideanna i leith caiteachais a mheasfaidh an tUdarás a bheith réasúnach a íoc le comhalta aon choiste faoin alt seo nó le comhairleoir faoin alt seo.
Méideanna bliantúla a íocfaidh an tAire leis an Údarás.
22.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, maidir le gach bliain airgeadais de na cúig bliana airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais ar lá di an lá bunaithe, na méideanna seo a leanas a íoc leis an Údarás as airgead a sholáthroidh an tOireachtas—
(a) méid is comhionann le hiomlán fáltas na bliana sin i leith táillí ceadúnais chraolta lúide—
(i) aon chaiteachas a dheimhneoidh an tAire a bhain dó an bhliain sin maidir le bailiú na dtáillí sin, agus
(ii) aon chaiteachas a dheimhneoidh an tAire a bhain dó an bhliain sin i leith comhlíonadh a fheidhmeanna aige faoi ailt 12 agus 12A d'Acht 1926 maidir le trasnaíl nó docharú ar ghléasra raidió theileagrafaíochta chun glactha amháin, agus
(b) cibé méid eile a mheasfaidh an tAire a bheith réasúnach.
(2) Ní mó ná cúig céad míle punt a bheidh in iomlán na méideanna a íocfar de bhun mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo.
Airleacain inaisíoctha.
23.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais airleacain a thabhairt don Údarás chun críocha caipitil (ar a n-áirítear críocha caipitil oibre).
(2) Na hairleacain faoin alt seo—
(a) is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a íocfar iad,
(b) ní bheidh siad níos mó ná dhá mhilliún punt san iomlán,
(c) is ar mholadh an Aire a thabharfar iad,
(d) is ar cibé téarmaí agus coinníollacha i dtaobh aisíoca is cuí leis an Aire Airgeadais a thabharfar iad.
(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna a bheidh ag teastáil chun na críche sin a thógáil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a chruthnú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(4) Déanfar príomhshuim agus ús na n-urrús go léir a eiseofar faoin alt seo a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.
Dualgas ginearálta an Údaráis maidir lena ioncam.
24.—Is é dualgas an Údaráis a ghnóthaí a stiúradh ar shlí a áiritheoidh gur leor ar a laghad a ioncam an dáta is luaithe is féidir, agus gur leor ar a laghad é dá éis sin,—
(a) faoi chomhaír na suimeanna go léir is inmhuirir go cuí ar an gcuntas reatha, agus
(b) chun soláthar oiriúnach a dhéanamh maidir le caiteachas caipitil.
Cuntais agus iniúchadh.
25.—(1) Coimeádfaidh an tUdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnáth ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an tUdarás, ar a n-áirítear cuntas sochair agus dochair agus clár comhardaithe, agus go háirithe coimeádfaidh san fhoirm adúradh gach cuntas speisialta a ordóidh an tAire ó am go ham uaidh féin nó ar an Aire Airgeadais dá iarraidh sin.
(2) Déanfar cuntais an Údaráis in aghaidh gach bliana a iniúchadh laistigh de nócha lá, nó cibé tréimhse is sia ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe, tar éis deireadh na bliana sin, agus tabharfar tuarascáil orthu ó iniúchóirí cuí-cháilithe a cheapfaidh an tAire gach bliain chuige sin le toiliú an Aire Airgeadais, agus íocfaidh an tUdarás táillí na n-iniúchóirí sin agus costais ghinearálta an iniúchta sin.
(3) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, an t-am, an áit agus an tslí a cheapadh chun cuntais an Údaráis a iniúchadh faoin alt seo, agus féadfaidh freisin na cuntais a mbeidh cóipeanna díobh le tabhairt don Aire faoin alt seo a cheapadh.
(4) Díreach tar éis iniúchadh a bheith déanta faoin alt seo ar chuntais an Údaráis, cuirfidh an tUdarás chun an Aire cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais agus den chlár comhardaithe arna ndeimhniú ag na hiniúchóirí, cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí, agus cóipeanna den mhéid de na cuntais a cuireadh faoi bhráid na n-iniúchóirí a bheidh ceaptha chuige sin faoin bhfo-alt roimhe seo le tabhairt don Aire.
(5) Cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas na doiciméid a thabharfar dó faoin alt seo.
Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.
26.—(1) Tabharfaidh an tUdarás gach bliain, ar cibé dáta a ordóidh an tAire, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe sin, agus cuirfidh faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Aon uair a ordóidh an tAire é, cuirfear freisin sa tuarascáil bhliantúil sin eolas ar cibé gnéithe áirithe d'imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo a shonróidh an tAire.
(3) Tabharfaidh an tUdarás don Aire cibé eolas a iarrfaidh an tAire ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis.
Cumhachtaí chun airgead a fháil ar iasacht chun críocha ginearálta.
27.—(1) Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, airgead a fháil ar iasacht trí stoc nó cineálacha eile urrúis a chruthnú agus a eiseofar, a aistreofar, lena ndéileálfar agus a fhuasclófar i cibé slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tUdarás le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire.
(2) Féadfar na cumhachtaí chun airgead a fháil ar iasacht a thugtar leis an alt seo don Údarás a fheidhmiú chun aon chríche a éireoidh ag comhlíonadh a fheidhmeanna don Údarás, ach féadfar coinníoll a chur le toiliú le hairgead a fháil ar iasacht nach n-úsáidfear an t-airgead ach amháin chun críche cláir oibreacha caipitiúla a bheidh ceadaithe ag an Aire.
(3) Na téarmaí ar a bhfaighfear airgead ar iasacht faoin alt seo féadfaidh forálacha a bheith orthu ag cur an airgid agus an úis ar an airgead de mhuirear ar an maoin go léir de gach saghas a bheidh de thuras na huaire dílsithe san Údarás nó ar aon mhaoin áirithe de chuid an Údaráis agus forálacha ag bunú tosaíochta na muirear sin thar a chéile agus maidir le muirir i leith airleacan chun an Údaráis as an bPríomh-Chiste agus féadfaidh foráil a bheith sna téarmaí sin go bhféadfaidh aon mhuirear i leith airgid a gheofar ar iasacht amhlaidh tosaíocht a bheith aige ar mhuirir, nó a bheith ar chomhchéim le muirir, i leith na n-airleacan sin.
Airgead a fháil ar iasacht go sealadach.
28.—Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil ón Údarás faoi chomhair caiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí.
An tUdarás d'infheistiú cistí.
29.—Féadfaidh an tUdarás aon chuid dá chistí a infheistiú in aon slí ina bhfuil cumhacht dlí ag iontaobhaí cistí iontaobhais a infheistiú.
Talamh a thógáil agus a dhiúscairt.
30.—(1) Féadfaidh an tAire aon talamh nó aon éasúint, cead slí nó aon cheart eile i leith talún a thógáil trí chomhaontú.
(2) (a) Féadfaidh an tUdarás aon talamh a thógáil go héigeanta chun láthair le haghaidh, nó bealaigh chun, aon stáisiúin chraolacháin a chur ar fáil, is stáisiún a bheidh beartaithe a úsáid chun forleatha, athchraolta nó leaschraolta agus chuige sin amháin.
(b) Féadfaidh an tUdarás aon éasúint, cead slí nó ceart eile i leith talún a thógáil go héigeanta más i leith láithreach d'aon stáisiún craolacháin a bheifear chun é a thógáil, is stáisiún a bheidh beartaithe a úsáid chun forleatha, athchraolta nó leaschraolta agus chuige sin amháin.
(3) Féadfaidh an tUdarás aon talamh a bheidh dílsithe ann agus nach mbeidh ag teastáil uaidh feasta a dhiúscairt.
(4) Bainfidh forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo leis an Údarás d'fheidhmiú a chumhachtaí faoi fho-alt (2) den alt seo.
Orduithe ón Aire.
31.—(1) Féadfaidh an tAire a ordú i scríbhínn don Údarás staonadh ó aon ábhar áirithe nó ábhar de chineál áirithe a chraoladh, agus déanfaidh an tUdarás de réir an ordaithe.
(2) Féadfaidh an tAire a ordú i scríbhinn don Údarás am craolta a cheapadh i gcóir aon fhógraí a dhéanfaidh aon Aire Stáit nó a dhéanfar thar a cheann i ndáil le feidhmeanna an Aire Stáit sin, agus déanfaidh an tUdarás de réir an ordaithe.
Maoin agus dliteanais a aistriú.
1891, c. 66.
1881, c. 41.
1881, c. 41.
1895, c. 16.
32.—(1) An mhaoin go léir (gan talamh ná aon sochar ná leas dá dtagraítear i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a áireamh) agus na cearta uile (ar a n-áirítear cearta faoi cheadúnais agus sannaithe i gcóipcheart) a bheidh ar seilbh nó á dteachtadh ag an Aire, díreach roimh an lá bunaithe, i ndáil lena fheidhmeanna faoi Chuid II d'Acht 1926, beidh siad, ar an lá bunaithe, arna n-aistriú de bhua an fho-ailt seo chun an Údaráis, agus dá réir sin—
(a) dílseoidh an mhaoin sin san Údarás ar an lá bunaithe, agus
(b) teachtóidh an tUdarás na cearta sin amhail ar an lá bunaithe agus ón lá sin amach.
(2) An lá bunaithe, na tailte a thuairiscítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo dílseoidh siad, de bhua an fho-ailt seo, san Údarás chun an leasa uile sna tailte sin chun a raibh siad, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe san Aire Airgeadais.
(3) An lá bunaithe, na tailte a thuairiscítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo dílseoidh siad, de bhua an fho-ailt seo, san Údarás chun an leasa uile sna tailte sin chun a raibh siad, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe sna Coimisinéirí.
(4) An lá bunaithe, aon sochar nó leas a shonraítear i gCuid III den Dara Sceideal a gabhann leis an Acht seo dílseoidh sé, de bhua an fho-ailt seo, san Údarás.
(5) (a) An lá bunaithe, na tailte a thuairiscítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo dílseoidh siad, de bhua an fho-ailt seo, san Údarás chun an leasa uile sna tailte sin chun a raibh siad dílsithe sna Coimisinéirí díreach roimh an lá bunaithe.
(b) Cuirfidh Cláraitheoir na dTeideal chuige, ar iarratas ón Údarás an lá bunaithe nó dá éis, go ndéanfar an tUdarás a chlárú faoin Registry of Title Act, 1891, mar úinéir na dtailte a thuairiscítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(c) Ní bheidh aon táillí iníoctha i leith aon imeachtaí i gClárlann na Talún faoin bhfo-alt seo.
(6) Beidh éifeacht, chun críocha forálacha alt 6 den Conveyancing Act, 1891, ag fo-ailt (2), (3) agus (5) den alt seo mar thíolacais talún.
(7) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú a rinneadh, an 30ú lá de Dheireadh Fómhair, 1957, idir Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaighe den chéad pháirt, an tAire Airgeadais den dara páirt, an tAire den tríú páirt agus na Coimisinéirí den cheathrú páirt, trína ndearnadh (i measc nithe eile) comhaontú go ndéanfaidh an Coiste sin, trí ghníomhas, nuair a bheidh an Stáisiún Craolacháin dá dtagraítear sa chomhaontú sin chríochnaithe go cuí, léas ar an Stáisiún Craolacháin sin a dheonú do na Coimisinéirí ar feadh téarma 150 bliain ón 25ú lá de Mhárta, 1952.
(b) Mura ndéanfar an Léas dá dtagraítear i gClásal 5 den Chomhaontú a fhorghníomhú roimh an lá bunaithe,—
(i) dílseoidh sochar na gCoimisinéirí faoin gClásal sin 5 san Údarás an lá bunaithe de bhua na míre seo,
(ii) na tagairtí don Aire atá i gClásal (2) den chuid den Sceideal a ghabhann leis an gComhaontú agus “Covenants by the Lessor” mar mhírcheann léi beidh éifeacht acu, an lá bunaithe agus dá éis, mar thagairtí don Údarás.
(c) Má dhéantar an Léas dá dtagraítear i gClásal 5 den Chomhaontú a fhorghníomhú roimh an lá bunaithe—
(i) dílseoidh leas an léasaí faoin Léas sin san Údarás an lá bunaithe de bhua na míre seo,
(ii) na forálacha a cuireadh isteach sa Léas sin de bhun Chlásal (2) den chuid den Sceideal a ghabhann leis an gComhaontú agus “Covenants by the Lessor” mar mhírcheann léi beidh éifeacht acu, an lá bunaithe agus dá éis, amhail is dá gcuirtí tagairtí don Údarás in ionad na dtagairtí don Aire.
(8) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn “an Comhaontú” an Comhaontú Díola a rinneadh an 28ú lá de Mheán Fómhair, 1959, idir an Right Honourable Mervyn Patrick 9th Viscount Powerscourt de pháirt agus na Coimisinéirí den pháirt eile trínar comhaontaíodh (i measc nithe eile) go ndíolfadh an Viscount Powerscourt sin agus go gceannódh na Coimisinéirí na tailte a thuairiscítear sa Chomhaontú sin faoin tuairisc “All That part of the townland of Kippure East Barony of Talbotstown Lower containing fifteen acres two roods and twelve perches and part of the townland of Powerscourt Mountain Barony of Rathdown containing two acres one rood twenty-eight perches statute measure or thereabouts both situate in the County of Wicklow and shown outlined in red on the map annexed hereto” maraon leis an gceart slí a shonraítear sa Chomhaontú sin agus na héasúintí dá dtagraítear i gclásal 16 de.
(b) Mura ndéanfar tíolacadh na dtailte is ábhar don Chomhaontú a fhorghníomhú roimh an lá bunaithe—
(i) dílseoidh sochar na gCoimisinéirí faoin gComhaontú san Údarás an lá bunaithe de bhua na míre seo,
(ii) na tagairtí do na Coimisinéirí atá i gClásail 15 agus 16 den Chomhaontú beidh éifeacht acu, an lá bunaithe agus dá éis, mar thagairtí don Údarás.
(c) Má dhéantar tíolacadh na dtailte is ábhar don Chomhaontú a fhorghníomhú roimh an lá bunaithe—
(i) dílseoidh leasa na gCoimisinéirí sna tailte sin san Údarás an lá bunaithe de bhua na míre seo,
(ii) na forálacha a cuireadh sa tíolacas sin de bhun chlásail 15 agus 16 den Chomhaontú beidh éifeacht acu, an lá bunaithe agus dá éis, amhail is dá gcuirtí tagairtí don Údarás in ionad na dtagairtí do na Coimisinéirí,
(iii) beidh éifeacht, chun críocha alt 6 den Conveyancing Act, 1881, ag fo-mhír (1) den mhír seo mar thíolacas talún.
(9) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sáruithe conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Aire nó de na Coimisinéirí agus gan íoc aige nó acu nó gafa ag an Aire air nó ag na Coimisinéirí orthu agus gan glanadh aige nó acu agus a bheidh dlite nó gafa amhlaidh i ndáil le craoladh gafa (lena n-áirítear an tseirbhís teilifíse bheartaithe) tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, ina bhfiach nó ina ndliteanas ar an Údarás agus íocfaidh nó glanfaidh an tUdarás iad agus féadfar iad a ghnóthú ón Údarás agus a chur i bhfeidhm i gcoinne an Údaráis dá réir sin.
(10) A luaithe is féidir tar éis an lae bhunaithe, deimhneoidh an tAire Airgeadais na suimeanna a mheasfaidh sé is ionann agus luach na maoine agus na gceart, a aistrítear leis na fo-ailt roimhe seo den alt seo, maraon le costas forbartha aon mhaoine den sórt sin.
(11) Gach suim a dheimhneofar faoi fho-alt (10) den alt seo is fiach í a bheidh dlite den Údarás don Aire Airgeadais agus glanfar an fiach cibé tráth nó tráthanna, i cibé slí agus ar cibé téarmaí a chinnfidh an tAire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire.
(12) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú san Údarás.
Conarthaí a choimeád i bhfeidhm agus leanúint d'imeachtaí dlí.
33.—(1) Gach conradh a rinneadh i ndáil le craoladh (lena n-áirítear an tseirbhís teilifíse bheartaithe) agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an tAire nó na Coimisinéirí agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirtí an tUdarás ann in ionad an Aire nó na gCoimisinéirí (de réir mar a bheidh) agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm ag an Údarás nó ina choinne dá réir sin.
(2) I gcás ina mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlíthiúla (seachas ionchúiseamh) ar feitheamh inar páirtí an tAire agus go mbaineann na himeachtaí le craoladh, cuirfear ainm an Údaráis sna himeachtaí in ionad ainm an Aire, agus ní laghdóidh na himeachtaí mar gheall ar an gcur in ionad sin.
Acht 1926 a leasú.
34.—Déantar leis seo Acht 1926 a leasú mar leanas:
(a) ní fheidhmeoidh an tAire, an lá bunaithe ná dá éis, aon chumhacht dá dtugtar dó le Cuid II;
(b) cuirfear “nó athfhoirleatha” isteach ag deireadh an mhínithe in alt 2 ar “stáisiún foirleatha”;
(c) cuirfear “nó faoin Acht um Údarás Craolacháin, 1960, agus folaionn sé freisin íomhánna” isteach ag deireadh an mhínithe in alt 2 ar “abhar foirleatha”;
(d) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh fo-alt (1) d'alt 5;
(e) cuirfear “nó faoin Acht um Údarás Craolacháin, 1960” isteach ag deireadh fo-alt (1) d'alt 12;
(f) cuirfear na hailt atá leagtha amach i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo isteach i ndiaidh ailt 12.
Caiteachas an Aire.
35.—Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo.
Gearrtheideal.
36.—Féadfar an tAcht um Údarás Craolacháin, 1960, a ghairm den Acht seo.
AN CHÉAD SCEIDEAL.
Forálacha i dtaobh Tógáil Éigeantach.
1. (1) Faoi réir na míre seo, féadfaidh an tUdarás, aon tráth sula ndéanfar tíolacadh nó praghas a chinneadh, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh a bheifear chun a thógáil nó an ceart a fheidhmiú bheifear chun a thógáil.
(2) I gcás ina bhfeidhmeoidh an tUdarás aon chumhacht faoin bhfo-mhír roimhe seo, dlífidh sé ús a íoc le háititheoir na talún a bheifear chun a thógáil nó ar ina leith a bheifear chun an ceart a fheidhmiú ar mhéid an phraghais is iníoctha leis an áititheoir sin de réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a rachfar isteach go dtí go n-íocfar an praghas.
(3) Ní dleathach don Údarás—
(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin mír seo gan fógra trí mhí ar a laghad go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scribhinn don áititheoir, ná
(b) aon cheart a fheidhmiú faoin mír seo gan fógra trí mhí ar a laghad go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh a thabhairt roimh ré i scríbhinn d'áititheoir na talún a mbeifear chun an ceart a fheidhmiú ina leith.
(4) Féadfar fógra faoin mír seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige ag a ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige.
(5) Más rud é nach féidir, ar chúis ar bith, an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chun an duine ar dó é i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas:
(a) faoin tuairisc “an t-áititheoir” gan a ainm a lua,
(b) ag an talamh lena mbainfidh an fógra.
2. (1) Cuirfidh an tUdarás faoi deara, tráth nach déanaí ná mí sula rachaidh sé isteach ar thalamh nó sula bhfeidhmeoidh sé aon cheart faoin mír sin roimhe seo, léarscáileanna, pleananna, agus leabhair thagartha a thaisceadh de réir na míre seo.
(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna dóthaineach, idir chainníocht agus cháilíocht de, chun an talamh nó an ceart a mbeidh beartaithe é a thógáil a thaispeáint ar scálaí dóthaineacha.
(3) Beidh sna leabhair thagartha ainmneacha na n-úinéirí nó na n-úinéirí ainme, na léasaithe nó na léasaithe ainme, agus áititheoirí na talún a bheartaítear a thógáil nó ar ina leith a bheartaítear an ceart a fheidhmiú.
(4) Déanfar na léarscáileanna, na pleananna, agus na leabhair thagartha a thaisceadh i gceann-oifig an Údaráis agus i cibé áiteanna eile a mheasfaidh an tUdarás a bheith oiriúnach agus fanfaidh siad i dtaisce amhlaidh ar feadh trí mhí ar a laghad agus an fad a bheidh siad i dtaisce amhlaidh beidh siar ar oscailt lena n-iniúchadh ag aon duine, in aisce, idir an deich a chlog ar maidin agus an ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire bainc.
(5) A luaithe is féidir é tar éis aon léarscáileanna, pleananna, nó leabhair thagartha a thaisceadh, tabharfaidh an tUdarás fógra poiblí i dtaobh an taisceadh trí fhógra a fhoilseofar faoi dhó i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta laethúla nó níos mó agus i cibé páipéir nuachta eile a mheasfaidh an tUdarás a bheith oiriúnach.
(6) Déarfaidh an fógra poiblí go bhfuil na léarscáileanna, na pleananna, nó na leabhair thagartha lena mbaineann sé ar oscailt chun a n-iniúchta ag an bpobal de réir na míre seo agus déarfaidh sé na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar iad a iniúchadh.
3. (1) Déanfar méad an phraghais a íocfaidh an tUdarás, ar aon talamh a thógfaidh sé, leis na daoine iomaí ag a mbeidh teideal chuige nó ag a mbeidh eastáit nó leasa ann, nó ar aon cheart a thógfar, leis na daoine iomaí ag a mbeidh teideal chun na talún, nó ag a mbeidh eastáit nó leasa sa talamh, ar ina leith a fheidhmeofar an ceart a shocrú, cheal comhaontaithe, faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.
(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Land Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht dá éis sin nó faoi) maidir leis an bpraghas sin agus leis an talamh nó an ceart a tógadh a thíolacadh don Údarás, agus chun críche na feidhme sin measfar gurb iad an tUdarás bunaitheoirí an ghnóthais.
4. Gach éileamh ar phraghas aon talún nó cirt a thógfar déanfar é laistigh de bhliain ón gcéad uair a rachaidh an tUdarás isteach ar an talamh nó a fheidhmeoidh an tUdarás an ceart.
5. (1) Sa mhír seo, ciallaíonn “údarás poiblí” Coimisiún Talún na hÉireann nó na Coimisinéirí.
(2) Má bhíonn talamh a thógfaidh an tUdarás faoi réir, as féin nó i dteannta talún eile, bhlianachta talamh-cheannaigh, íocaíochta in ionad cíosa nó suime bliantúla eile (nach éard í iarbhír cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le húdarás poiblí, ansin, amhail ón dáta a rachaidh an tUdarás isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar an talamh a thógfar amhlaidh—
(a) tiocfaidh an tUdarás chun bheith agus beidh sé faoi dhliteanas an tsuim bhliantúil sin a íoc leis an údarás poiblí, nó cibé cuid di a chionroinnfidh an t-údarás poiblí ar an talamh sin, ionann is dá mbeadh an talamh arna aistriú chun an Údaráis ag a úinéir ar an dáta sin, agus
(b) beidh an tUdarás i dteideal, más cuí leis an Údarás é, an tsuim bhliantúil nó an chuid sin di adúradh a fhuascailt, agus
(c) beidh an tUdarás faoi oibleagáid, má cheanglaíonn an t-údarás poiblí air é, an tsuim bhliantúil sin nó an chuid sin di adúradh a fhuascailt.
AN DARA SCEIDEAL.
Tailte, etc., a aistreofar chun an Údaráis.
Cuid I.
Na tailte a forléasadh le Dintiúr Léasa dar dáta an 31ú lá d'Eanáir, 1883, a rinneadh idir Samuel H. Bolton de pháirt agus an Right Honourable Henry Fawcett, Ard-Phostmháistir san am, den pháirt eile agus a thuairiscítear ansin mar leanas: “All that and those the plot or parcel of ground on the Grove Estate being part of the Lands of St. Supulchre situate in the Township of Rathmines Parish of St. Kevin's and county of Dublin bounded on the North and West by other premises in possession of the said Samuel H. Bolton on the East by Rathmines Road and on the South in an oblique direction by premises occupied by Mr. Henry E. Flavelle known as No. 155 Rathmines Road measuring on the North side one hundred feet on the West ten feet on the East seventy two feet and on the South side in an oblique direction one hundred and eight feet be the same more or less and which said premises are more particularly delineated on the map thereof drawn in red colour upon these presents together with the rights, members and appurtenances thereto belonging.”
Cuid II.
Na tailte (dá ngairtear tailte an fhorléasta bhunaidh sa Chuid seo den Sceideal seo) a forléasadh le Dintiúr Léasa dar dáta an 7ú lá de Nollaig, 1908, agus a rinneadh idir an Right Honourable Sidney Earl of Pembroke and Montgomery de pháirt agus Vincent Joseph Kelly agus Anna Teresa Kelly den pháirt eile agus a thuairiscítear ansin mar leanas: “All that and those parts of the lands of Priesthouse and Simmonscourt situate in the Parish of St. Mary's Donnybrook Barony of Rathdown and County of Dublin containing twenty eight acres one rood and eleven perches Statute Measure more or less bounded on the South West by Stillorgan Road on the North West by holdings of A. K. McEntire and other Lessees and J. Semple Lessee on the North East partly by lands in the Lessor's hands and partly by the holding of W. Graham and Company Limited Lessees and partly by the holding of the Very Reverend L. Healy and others Lessees on the South East by Nutley Lane and on the South by a plot in lessor's hands with the messuages offices and buildings thereon now known as “Montrose” which premises are shown on the plan annexed to these presents and thereon edged red” tailte is ábhar, maidir le cuid díobh, Dintiúra Fho-Léasa dar dáta an 4ú lá d'Eanáir, 1938, a rinneadh idir an Vincent Joseph Kelly sin de pháirt agus Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath, agus is ábhar, maidir le cuid eile díobh, Dintiúra Shannta dar dáta an 18ú lá d'Aibreán, 1946, agus a rinneadh idir Joseph Bartholomew Shortt agus John Marshall Dudley de pháirt agus Reverend Thomas Maguire, Reverend James Finucane, Reverend Andrew Egan agus Reverend Vincent Dinan den pháirt eile, arb iad na tailte iad a thuairiscítear ansin mar leanas: “All that the piece or plot of ground containing 4.62 acres Statute Measure edged blue on the map hereunto annexed being part of the lands of Priesthouse in the Barony of Rathdown and City of Dublin”, agus atá, maidir le cuid eile díobh ar a bhfuil malartán teileafóin tógtha, teoranta ar an taobh Thoir Theas le Ascal Ard na Beithe ar an taobh Thiar Theas le Bóthar Tigh Lorcáin ar an taobh Thoir Thuaidh agus ar an taobh Thiar Thuaidh le codanna eile den áitreabh forléasta agus atá 200 troigh ar an taobh Thoir Theas 163 troigh ar an taobh Thiar Theas 216 troigh ar an taobh Thoir Thuaidh agus 206 troigh ar an taobh Thiar Thuaidh, faoi nó thairis, faoi réir cheart an Aire chun an céanna a úsáid agus a áitiú saor ó chíos le haghaidh malartáin theileafóin, ach amháin an chuid sin de thailte an fhorléasta bhunaidh atá ar áireamh sa Dintiúr Sannta dar dáta an 22ú lá de Dheireadh Fómhair, 1954, agus a rinneadh idir an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, de pháirt agus Bord Soláthair an Leictreachais den pháirt eile agus a thuairiscítear ansin mar leanas: “All that part of the lands of Priesthouse and Simmonscourt situate in the Parish of Saint Mary's Donnybrook in the Barony of Rathdown and City of Dublin delineated on the map annexed hereto thereon edged with red.”
Cuid III.
Aon sochar nó leas de chuid na gCoimisinéirí i leith rogha a thugann Comhaontú díola dar dáta an 29ú lá de Mhárta, 1946, agus a rinneadh idir Joseph Bartholomew Shortt agus John Marshall Dudley de pháirt agus Reverend Thomas Maguire, Reverend James Finucane, Reverend Andrew Egan and Reverend Vincent Dinan den pháirt eile, chun léas a thógáil ar an bplásán atá daite gorm ar an léarscáil atá ag gabháil leis an gComhaontú díola sin.
Cuid IV.
Na tailte atá ar áireamh ag Taifid Uimh. 1, 2 agus 7 i bhFóile 9654 Contae na hIarmhí sa Chlár de Ruílseoirí atá á choimeád faoin Registration of Title Act, 1891.
AN TRIU SCEIDEAL.
Fo-alt agus Ailt a chuirfear isteach san Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926.
Cuid I.
Fo-alt a chuirfear isteach i ndiaidh Fo-alt (1) d'Alt 5.
(1A) Féadfaidh an tAire le hordú (a fhéadfaidh sé a chúlghairm tráth ar bith le hordú eile) a dhearbhú gurb é Radio Éireann a dheonfaidh ceadúnais faoin Acht seo i leith gléasraí le haghaidh glactha amháin agus a bhaileoidh thar ceann an Aire táillí i leith deonú den sórt sin agus, an fad a leanfaidh aon ordú den sórt sin i bhfeidhm,—
(i) is é Radio Éireann a dhéanfaidh, agus ní in aon slí eile a dhéanfar, d'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, an deonú agus an bailiú sin,
(ii) beidh ag Radio Éireann na cumhachtaí go léir is iomchuí chun fo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo a chur i bhfeidhm maidir le gléasraí le haghaidh glactha amháin,
(iii) beidh éifeacht ag ailt 7 agus 8 den Acht seo maidir le gléasraí le haghaidh glactha amháin ionann is dá bhfolódh gach tagairt iontu don Aire tagairt do Radio Éireann, agus
(iv) d'ainneoin alt 13 den Acht seo, is é an tAire nó Radio Éireann a thabharfaidh ar aghaidh, agus ní in aon slí eile a thabharfar ar aghaidh, ionchúisimh faoi fho-alt (3) d'alt 3 den Acht seo maidir le gléasraí le haghaidh glactha amháin, agus ionchúisimh faoi fho-alt (3) d'alt 7 den Acht seo maidir le fógra a sheirbheáil Radio Éireann.
Cuid II.
Ailt a chuirfear isteach i ndiaidh Alt 12.
12A. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun an dá chríoch nó ceachtar críoch acu seo a leanas:
(a) chun na ceanglais a fhorordú nach foláir a chomhlíonadh i gcás aon ghléasra lena mbaineann an t-alt seo má bhítear chun an gléasra a úsáid;
(b) chun na ceanglais a fhorordú nach foláir a chomhlíonadh i gcás aon ghléasra lena mbaineann an t-alt seo má bhítear chun an gléasra a dhíol ar shlí seachas chun é a onnmhairiú nó a thairiscint nó a fhógairt chun a dhíolta ar shlí seachas chun é a onnmhairiú, nó é a ligean ar fruiliú nó a thairiscint nó a fhógairt le ligean ar fruiliú, ag aon duine a mhonaraíonn, a chomhghabhann nó a allmhairíonn gléasraí den sórt sin i gcúrsa gnó.
(2) Is é a bheidh sna ceanglais sin ceanglais a mheasfaidh an tAire a bheith oiriúnach chun a áirithiú nach ndéanfaidh úsáid an ghléasra trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht, agus féadfaidh a bheith ar áireamh orthu go háirithe—
(a) ceanglais maidir le déine uasta fuinnimh leictreamhaighnéadaigh aon mhinicíochtaí sonraithe a raideofar in aon treo ón ngléasra nuair a bheifear á úsáid; agus
(b) i gcás gléasra ar ó línte leictreachais a sholathraítear an chumhacht dó, ceanglais maidir le fuinneamh leictreamhaighnéadach uasta aon mhinicíochtaí sonraithe a insteallfaidh an gléasra sna línte sin,
agus, sa mhéid is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirstineach i gcás na rialacháin a bheidh i gceist, féadfar ceanglais éagsúla a fhorordú d'imthosca éagsúla agus maidir le gléasraí de shaghsanna nó de thuairiscí éagsúla, ceantair nó áiteanna éagsúla agus tráthanna éagsúla úsáide.
(3) Is é a bheidh sa ghléasra lena mbainfidh an t-alt seo an gléasra a shonrófar sna rialacháin faoin alt seo, is gléasra a ghineann, a bheidh deartha le go nginfidh sé, nó ar dóigh dó go nginfeadh sé go teagmhasach, fuinneamh leictreamhaighnéadach ar mhinicíochtaí trí mhilliún mheigithimthriall ar a mhéid sa soicind, agus nach gléasra raidió-theileagrafaíocht.
Folaíonn na tagairtí san fho-alt seo do ghléasra tagairtí d'aon saghas líne leictreachais.
(4) I gcás ina mbeartóidh an tAire rialacháin a dhéanamh faoin alt seo—
(a) cuirfidh sé faoi deara dréacht de na rialacháin bheartaithe a ullmhú agus cuirfidh sé faoi deara go ndéanfaidh Oifig an tSoláthair an dréacht a fhoilsiú agus a chur ar díol,
(b) tabharfaidh sé fógra don phobal, i cibé slí is oiriúnach leis, go bhfuil ar intinn aige na rialacháin a dhéanamh,
(c) déarfar san fhógra go bhfuil cóipeanna den dréacht de na rialacháin ar fáil le ceannach agus go bhféadfar, i rith tréimhse sonraithe nach giorra ná dhá mhí, uiríolla a chur faoi bhráid an Aire ag moladh athruithe ar an dréacht.
(5) Ní dhéanfar rialacháin faoin alt seo go mbeidh an tréimhse caite chun uiríolla a dhéanamh a shonrófar san fhógra iomchuí faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt seo agus breithneoidh an tAire aon uiríolla a chuirfear faoina bhráid de bhun an fhógra.
(6) (a) Féadfaidh an tAire coiste comhairleach nó coistí comhairleacha a cheapadh lena chomhairliú i dtaobh rialacháin a dhéanamh faoin alt seo agus i dtaobh uiríolla dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo a bhreithniú.
(b) Beidh coiste faoin bhfo-alt seo comhdhéanta de cibé méid (nach lú ná triúr) comhaltaí is cuí leis an Aire.
(c) Murab éag nó éirí as roimhe sin dó, beidh comhalta de choiste faoin bhfo-alt seo ina chomhalta den choiste go ceann na tréimhse a chinnfidh an tAire le linn é a cheapadh agus ní níos faide ná sin, ach beidh sé inathcheaptha.
(d) Beidh cruinniú de choiste faoin bhfo-alt seo ann aon uair a ghairmfidh an tAire é.
(7) Aon uair is dóigh leis an Aire go bhfuil duine ag oibriú nó ag úsáid gléasra nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann leis faoi rialacháin arna ndéanamh chun na gcríocha a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an duine sin nó a chur leis an bpost cláraithe chuige—
(a) á cheangal ar an duine sin cibé bearta (lena n-áirítear oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad i gcás inar gá sin) a shonrófar san fhógra a dhéanamh chun deireadh a chur le trasnaíl mhíchuí ar raidiótheileagrafaíocht, agus
(b) á cheangal ar an duine sin na bearta sin a dhéanamh—
(i) láithreach i gcás inar dóigh leis an Aire gurb éard í an trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht a bheidh i gceist, nó gur cuid den trasnaíl sin, trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht a úsáidtear chun críocha aon tseirbhíse sábháilteachta daoine nó chun aon chríche ar a mbraitheann sábháilteacht aon duine nó aon árthaigh, aerárthaigh nó feithicle, agus
(ii) in aon chás eile, laistigh de thréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra.
(8) (a) I gcás—
(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad láithreach, agus
(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(b) I gcás—
(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad laistigh de thréimhse shonraithe, agus
(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra tar éis deireadh na tréimhse sin,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(c) I gcás—
(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra bearta a dhéanamh láithreach chun deireadh a chur le trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht le haon ghléasra (nach bearta arb éard iad oibriú nó úsáid an ghléasra sin a stop ar fad), agus
(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra gan na bearta sin a dhéanamh,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(d) I gcás—
(i) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (7) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige agus go gceanglóidh an fógra bearta a dhéanamh, laistigh de thréimhse shonraithe, chun deireadh a chur le trasnaíl mhíchuí ar raidió-theileagrafaíocht le haon ghléasra (nach bearta arb éard iad oibriú nó úsáid an ghléasra a stop ar fad), agus
(ii) go n-oibreoidh nó go n-úsáidfidh an duine sin an gléasra gan na bearta sin a dhéanamh,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(9) Aon uair is dóigh leis an Aire nach gcomhlíonann aon ghléasra áirithe na ceanglais a bhaineann leis faoi rialacháin a rinneadh chun na gcríocha a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar aon duine, nó a chur leis an post cláraithe chun aon duine, a mhonaraigh, a chomhghabh nó d'allmhairigh an gléasra i gcúrsa gnó á thoirmeasc air, amhail ó dheireadh tréimhse (nach giorra ná seacht lá) a shonrófar san fhógra, an gléasra a dhíol seachas chun a onnmhairithe, nó é a thairiscint nó a fhógairt chun a dhíolta, seachas chun a onnmhairithe, nó é a ligean ar fruiliú nó é a fhógairt chun a ligthe ar fruiliú.
(10) I gcás—
(a) ina mbeifear tar éis fógra faoi fho-alt (9) den alt seo a sheirbheáil ar dhuine nó a chur chuige, agus
(b) go ndéanfaidh an duine sin, tar éis an tréimhse a shonrófar san fhógra a bheith caite, forálacha an fhógra a shárú,
beidh an duine sin ciontach i gcion.
(11) (a) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach don Aire nó ó chomhalta den Gharda Síochána go bhfuil cúis réasúnach chun a chreidiúint go bhfuil, in aon áit shonraithe, gléasra lena mbaineann an t-alt seo nach gcomhlíonann na ceanglais a bhaineann leis faoi rialacháin a rinneadh faoin alt seo, barántas cuardaigh a thabhairt don oifigeach sin don Aire nó (le toiliú an Aire) don chomhalta sin den Gharda Síochána is barántas adéarfaidh go dtugann sé údarás, agus a oibreoidh chun údarás a thabhairt, don oifigeach don Aire nó don chomhalta den Gharda Síochána dá dtabharfar é dul isteach, agus le neart más gá sin, san áit a luafar san fhaisnéis sin agus cuardach a dhéanamh ansin ar lorg gléasra lena mbaineann an t-alt seo agus gach gléasra den sórt sin a gheofar ansin a scrúdú agus a thástáil.
(b) Féadfaidh barántas cuardaigh a thabharfar faoin bhfo-alt seo d'oifigeach don Aire údarás a thabhairt nó, más dóigh leis an mBreitheamh a thabharfaidh é gur cuí sin, a cheangal comhalta amháin nó níos mó den Gharda Síochána a bheith in éineacht leis an oifigeach sin nuair a bheidh sé ag déanamh an chuardaigh faoin mbarántas.
(c) I gcás ina mbeidh ceart faoi bharántas faoin alt seo ag duine scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar aon ghléasra in aon áit, beidh de dhualgas ar aon duine san áit sin cibé cúnamh a thabhairt dó a theastóidh le réasún uaidh ag scrúdú nó ag tástáil an ghléasra,
(d) Aon duine—
(i) a bhacfaidh aon duine agus é ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le barántas faoin bhfo-alt seo, nó
(ii) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon chúnamh a thabhairt d'aon duine den sórt sin a mbeidh de dhualgas air faoin alt seo é a thabhairt dó,
beidh sé ciontach i gcion.
(12) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air agus, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.
(13) Féadfaidh an tAire, le hordú (a fhéadfaidh sé a chúlghairm aon tráth le hordú eile) a dhearbhú go mbeidh ag Radio Éireann na cumhachtaí go léir is iomchuí chun trasnaíl ar ghléasraí raidió-theileagrafaíochta le haghaidh glactha amháin a fhiosrú agus a bhraith agus aon uair a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm—
(a) beidh na cumhachtaí sin go léir ag Radio Éireann,
(b) beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 12 den Acht seo agus ag fo-alt (7) den alt seo ionann is dá bhfolódh gach tagairt iontu don Aire tagairt do Radio Éireann, agus
(c) beidh éifeacht ag fo-alt (11) den alt seo ionann is dá bhfolódh gach tagairt ann don Aire, maidir le rialacháin arna ndéanamh chun na gcríocha a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, tagairt do Radio Éireann.
12B. (1) Aon duine a úsáidfidh aon ghléasra chun trasnaíl a dhéanamh ar aon raidió-theileagrafaíocht beidh sé ciontach i gcion.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo cibé acu is gléasra raidió-theileagrafaíochta nó gléasra lena mbainfidh alt 12A den Acht seo an gléasra a bheidh i gceist agus cibé acu atá nó nach bhfuil aon fhógra faoi fho-alt (7) nó fo-alt (9) den alt sin tugtha maidir leis an ngléasra.
(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air agus, más cion leanúnach é, fíneáil bhreise nach mó ná cúig phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.