[EN]

Uimhir 11 de 1941.


[EN]

ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS DO RIALÁIL) (LEASÚ), 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT CHUN ACHT AN BHAINNE (SOLÁTHAR AGUS PRAGHAS DO RIALÁIL), 1936, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [3adh Meitheamh, 1941.] ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Léirid.

1.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil), 1936 (Uimh. 43 de 1936).

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so agus an Príomh-Acht mar éinní amháin agus dá réir sin, gach abairt agus focal dá gceapann an Príomh-Acht brí áirithe chun crícheanna an Achta san, beidh leis san Acht so agus chun crícheanna an Achta so an bhrí ceaptar dó amhlaidh.

[EN]

(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht so d'aon fhoráil den Phríomh-Acht a leasuítear leis an Acht so do léiriú san Acht so mar thagairtí don fhoráil sin ar n-a leasú amhlaidh.

[EN]

Tagairtí sa Phríomh-Acht agus san Acht so do dhíol bainne do léiriú.

2.—Déanfar na tagairtí atá sa Phríomh-Acht agus san Acht so do dhíol bainne do léiriú mar thagairtí ná foluíonn tagairtí—

[EN]

(a) d'aon bhainne—

[EN]

(i) a dhíolfaidh duine ná beidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag bord, agus

[EN]

(ii) nach chun daoine dá chaitheamh i bhfuirm bainne díolfar é, no

[EN]

(b) d'aon bhainne dá tháirgeadh féin dhíolfaidh duine ná díolfaidh thar dhá ghalún de bhainne den tsórt san lá ar bith, no

[EN]

(c) d'aon bhainne bhéarfaidh fostóir d'fhostaidhe de bhun téarmaí connartha sheirbhíse le n-a bhforáltar bainne do thabhairt in aisce don fhostaidhe, no

[EN]

(d) d'aon bhainne díolfar le duine is dílseánach cláruithe, do réir bhrí na nAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1941, ar áitreabh a bheidh cláruithe fé sna hAchtanna san, no is sealbhóir ceadúnais ón Aire fé Acht na nUachtarlann, 1928 (Uimh. 26 de 1928), no

[EN]

(e) d'aon bhainne—

[EN]

(i) a dhíolfaidh duine ná beidh cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag bord, agus

[EN]

(ii) a díolfar chun a chaithte i n-áitreabh an duine sin.

[EN]

Alt 6 den Phríomh-Acht do leasú.

3.—(1) Deintear leis seo alt 6 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin:—

[EN]

(a) tré sna focail “go bhféadfaidh iomlán an líomatáiste no aon chuid” atá anois i mír (b) d'fho-alt (1) den alt san do scriosadh amach agus na focail “a bheidh cóchríochach leis an líomatáiste no ina mbeidh cuid” do chur ina n-ionad, agus

[EN]

(b) tré sna focail “mion-díoltóir agus cad is mór-dhíoltóir ann fé seach” atá anois i mír (d) d'fho-alt (1) den alt san do scríosadh amach agus na focail “mór-dhíoltóir ann” do chur ina n-ionad, agus

[EN]

(c) tríd an gclás so leanas do chur i mír (e) d'fho-alt (1) den alt san in ionad cláis (ii) atá anois inti, sé sin le rá:—

[EN]

“(ii) gurb iad a bheidh ar an mbord san ná uimhir áirithe de bhaill is táirgtheoirí agus uimhir áirithe de bhaill is mion-díoltóirí,” agus

[EN]

(d) tré sna focail “nuair a húsáidtear an focal ‘mion-díoltóir’ maidir le ceanntar díola cialluíonn sé duine is miondíoltóir mar a mínítear san san ordú bainne (có-cheanntar) a bhaineann leis an gceanntar díola san” do scriosadh as fo-alt (4) den alt san.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo an méid sin d'fho-alt (4) d'alt 6 den Phríomh-Acht a mhíníonn na habairtí “an ceanntar díola cónasctha” agus “an ceanntar táirgthe có-nasctha” agus achtuítear leis seo ina ionad gur mar leanas a bheidh sa Phríomh-Acht agus san Acht so, eadhon,—

[EN]

(a) ciallóidh an abairt “an ceanntar díola có-nasctha”—

[EN]

(i) nuair a húsáidtear í maidir le ceanntar táirgthe, an ceanntar díola is có-chríochach leis an gceanntar táirgthe sin no is cuid de, agus

[EN]

(ii) nuair a húsáidtear í maidir le có-cheanntar, an ceanntar díola is có-chríochach leis an gcócheanntar san no is cuid de,

[EN]

(b) ciallóidh an abairt “an ceanntar táirgthe có-nasctha”—

[EN]

(i) nuair a húsáidtear í maidir le ceanntar díola, an ceanntar táirgthe is có-chríochach leis an gceanntar díola san no dar cuid é,

[EN]

(ii) nuair a húsáidtear í maidir le có-cheanntar, an ceanntar táirgthe is có-chríochach leis an gcócheanntar san.

[EN]

(3) Pé uair a dhéanfaidh an tAire ordú (dá ngairmtear an t-ordú ceiliúrthach sa bhfo-alt so), fé fho-alt (3) d'alt 6 den Phríomh-Acht, ag ceiliúradh orduithe bhainne (có-cheanntar), ceapfaidh an tAire leis an ordú ceiliúrthach an dáta ar a dtiocfaidh i ngníomh agus an dáta ceapfar amhlaidh ní bheidh sé níos luaithe ná an ceathrú lá déag tar éis lae dhéanta an orduithe cheiliúrthaigh.

[EN]

Forálacha de dhruim orduithe ag ceiliúradh orduithe bhainne (cócheanntar).

4.—Pé uair a dhéanfaidh an tAire, fé fho-alt (3) d'alt 6 den Phríomh-Acht, ordú (dá ngairmtear an t-ordú ceiliúrthach san alt so) ag ceiliúradh orduithe bhainne (có-cheanntar), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an bord (dá ngairmtear an bord díochurtha san alt so) a bheidh ann don chó-cheanntar (díol agus soláthar) le n-a mbainfidh an t-ordú bainne (có-cheanntar) san, beidh sé ar scur an lá (dá ngairmtear an dáta scuir san alt so) a thiocfaidh an t-ordú ceiliúrthach i ngníomh agus ón lá san amach;

[EN]

(b) na líomatáistí dearbhuítear leis an ordú bainne (có-cheanntar) san do bheith ina gceanntar díola, ina gceanntar táirgthe agus ina gcó-cheanntar (díol agus soláthar) fé seach chun crícheanna Coda II den Phríomh-Acht, scuirfidh ar an dáta scuir de bheith ina gceanntar díola, ina gceanntar táirgthe agus ina gcó-cheanntar (díol agus soláthar) fé seach chun na gcrícheanna san;

[EN]

(c) na daoine bheidh, díreach roimh an dáta scuir, cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí, sna cláir de mhion-díoltóirí, agus sna cláir de mhór-dhíoltóirí (más aon cheann é) a bheidh á gcoimeád ag an mbord díochurtha, scuirfid ar an dáta scuir de bheith ina dtáirgtheoirí cláruithe, ina mion-díoltóirí cláruithe, agus ina mór-dhíoltóirí cláruithe chun crícheanna Coda II den Phríomh-Acht;

[EN]

(d) gach maoin, réalta no pearsanta (agus rudaí-ar fionnraighe d'áireamh) do bhí, díreach roimh an dáta scuir, dílsithe sa bhord díochurtha no dá gcuid féin aca agus gach ceart agus comhacht agus príbhléid a bhaineann no ghabhann leis an maoin sin, tiocfaid chun bheith agus beid ar an dáta scuir dílsithe san Aire no dá chuid féin aige gan aon leithliú ná sannadh do dhéanamh ortha ach go ndéanfar, i gcás inar gá san, iad d'aistriú i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan, agus san chun an estáit, an téarma, no an leasa uile chun a rabhadar dílsithe sa bhord díochurtha no dá gcuid féin aca díreach roimh an dáta scuir;

[EN]

(e) an mhaoin uile a haistrítear le mír (d) den alt so agus a bheidh, díreach roimh an dáta scuir, iontrálta i leabhair aon bhainc no bheidh cláruithe i leabhair aon bhainc no corparáide no cuideachtan, aistreoidh an banc no an chorparáid no an chuideachta san chun ainm an Aire í sna leabhair sin ar n-a iarraidh sin ortha don Aire ar an dáta scuir no dá éis sin;

[EN]

(f) gach rud-ar-fionnraighe a haistrítear chun an Aire le mír (d) den alt so, féadfaidh an tAire, ar an dáta scuir agus dá éis sin, dul chun dlí mar gheall air no é bhaint amach no é d'fhoirfheidhmiú ina ainm chorparáideach agus ní gá don Aire fógra i dtaobh an aistrithe deintear leis an mír sin (d) do thabhairt don té ar a mbeidh an rud-arfionnraighe sin ina cheangal;

[EN]

(g) gach fiach agus fiachas eile (agus fiachais nea-shocruithe d'eirigh as tortanna no as sáruithe connartha d'áireamh) a bheidh, díreach roimh an dáta scuir, dlite ar an mbord díochurtha agus gan íoc aca no curtha suas agus gan glanadh aca, tiocfaid ar an dáta scuir chun bheith ina bhfiach ar an Aire agus dá réir sin íocfaidh no glanfaidh an tAire iad no féadfar iad do bhaint de no d'fhoirfheidhmiú ina aghaidh;

[EN]

(h) tiocfaidh an tAire chun bheith agus beidh sé, ar an dáta scuir, ina pháirtidhe in ionad an bhuird díochurtha i ngach aicsean no agra no imeacht a bheidh ar feitheamh ar an dáta scuir i gcúirt ar bith agus ina mbeidh an bord díochurtha ina bpáirtidhe, agus leanfar den imeacht idir an tAire agus na páirtithe eile inti dá réir sin agus ní raghaidh aon imeacht den tsórt san ar neamhní ná ní scuirfear di ná ní déanfar dochar di de bíthin scur an bhuird díochurtha;

[EN]

(i) gach leabhar agus scríbhinn eile go mbeidh orduithe no údaruithe don bhord díochurtha leis an bPríomh-Acht, no fé, iad do choimeád no do dhéanamh agus do bheadh, díreach roimh an dáta scuir, ionghlactha i bhfianaise glacfar i bhfianaise iad, d'ainneoin an bhuird díochurtha do scur, chó hiomlán is dá mba ná scuirfí an bord díochurtha;

[EN]

(j) aon dleacht is iníoctha fé fho-alt (1) no fé fho-alt (2) d'alt 41 den Phríomh-Acht leis an mbord díochurtha in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta alos an bhuird díochurtha a chríochnóidh roimh an dáta scuir, beidh sé iníoctha leis an Aire mara n-íoctar é roimh an dáta scuir leis an mbord díochurtha agus, chun go bhféadfar an dleacht san do mheas agus do bhailiú, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(i) is tuigthe nár hachtuíodh na míreanna san roimhe seo den alt so,

[EN]

(ii) nuair a bheidh an t-alt san 41 á chur i mbaint leis an mbord díochurtha, is amhlaidh a bheidh, ar an dáta scuir agus dá éis sin, maidir le gach luadh no tagairt don bhord do chó-cheanntar atá san alt san 41,—

[EN]

(I) léireofar é, maidir le héinní do rinneadh no déanfar fén alt san roimh an dáta scuir, mar luadh no mar thagairt don bhord díochurtha,

[EN]

(II) léireofar é agus beidh éifeacht aige, maidir le héinní déanfar no is gá no is cead a dhéanamh fén alt san ar an dáta scuir no dá éis sin, mar luadh no mar thagairt don Aire;

[EN]

(k) malartóidh an tAire ar airgead aon mhaoin (seachas airgead) a haistrítear chuige leis an alt so, agus féadfaidh chuige sin aon mhaoin den tsórt san do dhíol;

[EN]

(l) féadfaidh an tAire aon talamh, ar seilbh fé léas no fé thionóntacht, a haistrítear chuige leis an alt so do thabhairt suas;

[EN]

(m) aon airgead a sheasóidh do mhaoin a haistrítear chun an Aire leis an alt so agus a bheidh ar lámha ag an Aire tar éis dó na fiachais a haistrítear leis an alt so agus aon chostais fé n-a raghfar fén alt so do ghlanadh, déanfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, é úsáid mar is oiriúnach leis chun crícheanna talmhaíochta agus tuath-thionnscal eile sa líomatáiste no maidir leis an líomatáiste is ionann agus an ceanntar táirgthe le n-a mbainfidh an t-ordú bainne (có-cheanntar) san.

[EN]

Orduithe bainne (cócheanntar) d'fhoillsiú.

5.—Pé uair a dhéanfaidh an tAire Ordú fé alt 6 den Phríomh-Acht foillseoidh sé fógra san Iris Oifigiúil i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh.

[EN]

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

6.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 12 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “as a líon féin” do scriosadh as míreanna (b) agus (c) den fho-alt san agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 14 den Phríomh-Acht do leasú.

7.—Deintear leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 14 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “dtí an lá i ndiaidh” atá anois inti do scriosadh amach agus an focal “deireadh” do chur i ionad na bhfocal a scriostar amhlaidh agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Forálacha i dtaobh gnáth-bhaill do thoghadh.

8.—(1) I gcás duine bheidh i dteideal vótáil i dtoghachán do bhaill de bhord is táirgtheoirí do bheith cláruithe alos níos mó ná aon áitreabh amháin sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord san, ní bheidh an duine sin i dteideal ach aon vóta amháin do thabhairt sa toghachán san.

[EN]

(2) I gcás duine bheidh i dteideal vótáil i dtoghachán do bhaill de bhord is mion-díoltóirí do bheith cláruithe alos níos mó ná aon áitreabh amháin sa chlár de mhion-díoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san, ní bheidh an duine sin i dteideal ach aon vóta amháin do thabhairt sa toghachán san.

[EN]

(3) I gcás duine bheidh i dteideal vótáil i dtoghachán do bhaill de bhord is mór-dhíoltóirí do bheith cláruithe alos níos mó ná aon áitreabh amháin sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san, ní bheidh an duine sin i dteideal ach aon vóta amháin do thabhairt sa toghachán san.

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) duine do thoghadh ina ghnáth-bhall de bhord i dtoghachán (dá ngairmtear an chéad toghachán sa bhfo-alt so) d'aon aicme áirithe de ghnáth-bhaill den bhord san, agus

[EN]

(b) an duine sin d'ainmniú ina iarrthóir i dtoghachán (dá ngairmtear an toghachán eile sa bhfo-alt so) d'aicme eile de ghnáth-bhaill den bhord san ar n-a chomóradh in éineacht leis an gcéad toghachán,

[EN]

ní tabharfar áird ar aon vótanna do bhéarfar don duine sin sa toghachán ina dhiaidh sin.

[EN]

(5) Chó luath agus is féidir é tar éis toghacháin d'aon aicme áirithe de ghnáth-bhaill de bhord do chó-cheanntar bhéarfaidh an bord san ainmneacha na ndaoine toghadh sa toghachán san d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.

[EN]

Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú

9.—Deintear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail uile o sna focail “no más ball is mion-díoltóir ó” go dtí na focail “sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san” do scriosadh as, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 16 den Phríomh-Acht do leasú.

10.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail uile o sna focail “no is duine bheidh, i gcás gur bhall ba mhion-díoltóir an gnáth-bhall san” go dtí na focail “sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san” do scriosadh as, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 17 den Phríomh-Acht do leasú.

11.—Deintear leis seo alt 17 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail uile o sna focail “no is duine bheidh, i gcás gur bhall ba mhion-díoltóir an gnáth-bhall san” go dtí na focail “sa chlár de mhór-dhíoltóirí bheidh á choimeád ag an mbord san” do scriosadh as, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 31 den Phríomh-Acht do leasú.

12.—Deintear leis seo alt 31 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “dar críoch dáta” atá anois i mír (b) d'fho-alt (1) den alt san do scriosadh amach agus na focail “do chríochnuigh díreach roimh dháta” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

[EN]

(b) tríd an bhfocal “mion-díoltóra” atá anois i bhfo-alt (2) den alt san do scriosadh amach agus tré sna focail “díola bainne” do chur in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

[EN]

(c) tré sna focail “no bheidh ar intinn san do bheith ar siúl aige” do scriosadh as fo-alt (3), agus

[EN]

(d) tré sna focail agus na figiúirí “cláruithe i gclár a bheidh á choimeád ag údarás áitiúil do réir na Contagious Diseases (Animals) Acts, 1878 and 1886, no” do scriosadh as fo-alt (4) den alt san.

[EN]

Clárú alos féaraigh shealadaigh.

13.—I gcás duine bheidh cláruithe alos aon áitreibh sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag bord do chó-cheanntar do thógaint aon tailimh sa chó-cheanntar san go sealadach le haghaidh féaraigh, féadfaidh an duine sin a chur in úil don bhord san an talamh san do bheith tógtha aige agus leis sin is tuigthe chun crícheanna an Phríomh-Achta, i dtaobh aon bhainne táirgfear ar an talamh san, gur san áitreabh san do táirgeadh é.

[EN]

Alt 33 den Phríomh-Acht do leasú.

14.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 33 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “bheidh i dteideal” atá anois ann do scriosadh amach agus tré sna focail “chuirfidh ina luighe ar an mbord san go bhfuil sé i dteideal” do chur ina n-ionad, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Ceart cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí choimeádann Bord Bainne Bhaile Atha Cliath agus srian le daoine clárfófar fén alt so do dhíol bainne.

15.—(1) Duine ar bith—

[EN]

(a) is únaer ar áitreabh lasmuich de Cheanntar Táirgthe Bhaile Atha Cliath a bheidh cláruithe in aon chlár dá gcoimeádtar fén Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924), agus

[EN]

(b) go ndeimhneoidh an tAire gur chólíon sé, i rith na tréimhse dar thosach an 18adh lá de Mhí na Samhna, 1939, agus dar chríoch an 2adh lá de Mhí na Nodlag, 1939, aon ordachán do thug an tAire no aon duine go n-údarás ón Aire i dtaobh bainne do sheachadadh chun a ath-dhíolta i gCeanntar Díola Bhaile Atha Cliath, agus

[EN]

(c) atá ar dháta on Achta so do rith, no thiocfaidh chun bheith fé cheann dhá mhí ón dáta san, cláruithe alos an áitreibh sin sa chlár de reachtairí bainne choimeádann údarás sláintíochta de bhun Coda II den Acht Bainne agus Déirithe, 1935 (Uimh. 22 de 1935),

[EN]

féadfaidh a iarraidh ar an mbord don chó-Cheanntar dar cuid Ceanntar Díola Bhaile Atha Cliath é chlárú sa chlár de tháirgtheoirí alos an áitreibh sin, agus ar fháil an iarratais sin dóibh cuirfidh an bord san sa chlár san de tháirgtheoirí ainm agus seoladh an iarratasóra agus mion-innste ar an áitreabh san.

[EN]

(2) Ní dleathach d'aon duine clárófar, de bhun fo-ailt (1) den alt so, sa chlár de tháirgtheoirí choimeádann an bord don chó cheanntar dar cuid Ceanntar Díola Bhaile Atha Cliath níos mó bainne ná mar a bheidh ceaptha ag an Aire i leith an duine sin do dhíol i gCeanntar Díola Bhaile Atha Cliath in aon tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach dáta cláruithe an duine sin amhlaidh no dar tosach aon dáta de dhátaí cothruim an dáta san.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'fho-alt (2) den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do chur air.

[EN]

(4) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “Ceanntar Táirgthe Bhaile Atha Cliath” an líomatáiste atá có-dhéanta de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath agus contaethe riaracháin Bhaile Atha Cliath, Chill Mantán, Chill Dara, na Midhe agus Lughbhaidh;

[EN]

cialluíonn an abairt “Ceanntar Díola Bhaile Atha Cliath” an líomatáiste atá có-dhéanta de chontae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, contae riaracháin Bhaile Atha Cliath agus baile-cheanntar Bhrí Cualann.

[EN]

Alt 35 den Phríomh-Acht do leasú.

16.—Deintear leis seo mír (d) d'fho-alt (4) d'alt 35 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “idir a deich a chlog ar maidin agus a cúig a chlog um thráthnóna” do scriosadh amach, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Alt 37 den Phríomh-Acht do leasú.

17.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 37 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tré sna focail “agus fós iad d'oscailt” do chur i ndeireadh míre (b) den fho-alt san; agus

[EN]

(b) tríd an mír seo leanas do chur i ndeireadh an fho-ailt sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(d) sompla nach mó ná piúnt do thógaint, gan íoc as, as aon tanncárd bainne no gabhadán eile bainne ina mbeidh bainne no bainne deighilte no bláthach do gheobhfar le linn aon chomhacht dá mbronntar leis an alt so d'fheidhmiú,”

[EN]

Alt 39 den Phríomh-Acht do leasú.

18.—Deintear leis seo fo-alt (3) d'alt 39 den Phríomh-Acht do leasú tríd an mír seo leanas do chur ann in ionad míre (f) atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(f) go bhfuil scurtha ag an áitreabh de bheith cláruithe sa chlár de reachtairí bainne atá á choimeád ag údarás sláintíochta de bhun Coda II den Acht Bainne agus Déirithe, 1935 (Uimh. 22 de 1935).”

[EN]

Alt 41 den Phríomh-Acht do leasú.

19.—Deintear leis seo alt 41 den Phríomh-Acht do leasú ar na slite seo leanas agus léireofar é agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) tríd an mír seo leanas do chur i bhfo-alt (1) den alt san in ionad míre (a) atá anois ann, sé sin le rá:—

[EN]

“(a) tuairisceán sa bhfuirm orduithe do chur tríd an bpost chun an bhuird sin, lá nach déanaighe ná seacht lá tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta san, á thaisbeáint—

[EN]

(i) cadé an méid bainne do tháirg sé sa cheanntar táirgthe chó-nasctha, agus

[EN]

(ii) cadé an méid bainne do dhíol sé sa cheanntar díola chó-nasctha i rith na tréimhse sin—

[EN]

(I) le duine ar bith, seachas duine bhí cláruithe sa chlár de mhion-díoltóirí no sa chlár de mhór-dhíoltóirí bhí á choimeád ag an mbord san, agus

[EN]

(II) le duine ar bith do bhí cláruithe i gceachtar clár aca san no sa dá chlár san, agus”;

[EN]

(b) tré sna focail “sa cheanntar díola chó-nasctha” do chur i mír (d) den fho-alt san (1) roimh na focail “i rith na tréimhse cuntasaíochta san”;

[EN]

(c) tríd an mír seo leanas do chur i bhfo-alt (2) den alt san in ionad míre (a) atá anois ann, sé sin le rá:—

[EN]

“(a) tuairisceán sa bfuirm orduithe do chur tríd an bpost chun an bhuird sin, lá nach déanaighe ná seacht lá tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta san, á thaisbeáint, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta san, cadé an méid bainne—

[EN]

(i) do fuair sé o dhuine ar bith do bhí cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bhí á choimeád ag an mbord san, agus

[EN]

(ii) do fuair sé o dhuine ar bith seachas duine bhí cláruithe sa chlár san de tháirgtheoirí, agus”;

[EN]

(d) tré sna focail “do fuair sé i rith na tréimhse cuntasaíochta san” do chur i mír (b) d'fho-alt (2) den alt san in ionad na bhfocal “do tháirg agus do dhíol sé i rith na tréimhse cuntasaíochta san no do fuair sé i rith na tréimhse sin”;

[EN]

(e) tríd an bhfocal “fuair” do chur i mír (b) d'fho-alt (3) den alt san in ionad na bhfocal “tháirg no do cheannuigh”;

[EN]

(f) tré sna focail “agus, ar bheith caithte do sheacht lá tar éis na seirbheála san,” do chur i bhfo-alt (5) den alt san in ionad na bhfocal “laistigh de sheacht lá tar éis an deimhnithe sin do sheirbheáil amhlaidh agus, ar an seacht lá san do bheith caithte,”;

[EN]

(g) tré sna focail “i litir a bheidh” do chur i bhfo-alt (8) den alt san i ndiaidh na bhfocal “tríd an bpost agus í”.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-ailt (6) agus (7) d'alt 41 den Phríomh-Acht.

[EN]

Deimhnithe féichiúnais foirlíontacha.

20.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfaidh an bord do chó-cheanntar, maidir le duine ar bith, deimhniú féichiúnais fé fho-alt (3) d'alt 41 den Phríomh-Acht á dheimhniú cad is méid don dleacht is iníoctha ag an duine sin fé fho-alt (1) den alt san 41 in aghaidh tréimhse áirithe cuntasaíochta alos an bhuird sin, agus

[EN]

(b) go bhfuighidh an bord san amach ina dhiaidh sin méid an dleachta is iníoctha ag an duine sin fén bhfo-alt san (1) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san (méid dá ngairmtear an méid achtúil sa bhfo-alt so) do bheith níos mó ná an méid (dá ngairmtear an méid deimhnithe sa bhfo-alt so) a bheidh deimhnithe sa deimhniú féichiúnais sin,

[EN]

féadfaidh an bord san deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais foirlíontach san Acht so) do dhéanamh, maidir leis an duine sin, á dheimhniú suim is có-ionann leis an deifríocht idir an méid achtúil agus an méid deimhnithe do bheith dlite ar an duine sin, i bhfuirm dleachta fén bhfo-alt san (1) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san, i dteannta an mhéide dheimhnithe.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfaidh an bord do chó-cheanntar, maidir le duine ar bith, deimhniú féichiúnais fé fho-alt (3) d'alt 41 den Phríomh-Acht á dheimhniú cad is méid don dleacht is iníoctha ag an duine sin fé fho-alt (2) den alt san 41 in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san also an bhuird sin, agus

[EN]

(b) go bhfuighidh an bord san amach ina dhiaidh sin méid an dleachta is iníoctha ag an duine sin fén bhfo-alt san (2) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san (méid dá ngairmtear an méid achtúil sa bhfo-alt so) do bheith níos mó ná an méid (dá ngairmtear an méid deimhnithe sa bhfo-alt so) a bheidh deimhnithe sa deimhniú féichiúnais sin,

[EN]

féadfaidh an bord san deimhniú (dá ngairmtear deimhniú féichiúnais foirlíontach freisin san Acht so) do dhéanamh, maidir leis an duine sin, á dheimhniú suim is có-ionann leis an deifríocht idir an méid achtúil agus an méid deimhnithe do bheith dlite ar an duine sin, i bhfuirm dleachta fén bhfo-alt san (2) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta san, i dteannta an mhéide dheimhnithe.

[EN]

(3) Beidh gach deimhniú féichiúnais foirlíontach ina fhianaise prima facie ar gach ní do bhéarfa sé le tuigsint do bheith á dheimhniú ann agus i gcás aon scríbhinn, do bhéarfaidh le tuigsint í bheith ina deimhniú féichiúnais foirlíontach ar n-a thabhairt amach fén alt so, do thabhairt ar áird in aon imeachta chun an méid a deimhneofar léi do bheith iníoctha do bhaint amach is tuigthe, go dtí go gcruthófar a mhalairt, í bheith ina deimhniú féichiúnais foirlíontach ar n-a thabhairt amach go cuibhe fén alt so agus glacfar i bhfianaise í dá réir sin.

[EN]

(4) Pé uair a dhéanfaidh an bord do chó-cheanntar deimhniú féichiúnais foirlíontach, bhéarfaidh an bord san cóip den deimhniú san do sheirbheáil ar an duine le n-a mbainfidh an deimhniú san, agus leis sin tiocfaidh méid na suime adéarfaidh an deimhniú san do bheith dlite chun bheith, agus beidh sé, iníoctha ag an duine sin leis an mbord san agus ar bheith caithte do sheacht lá tar éis na seirbheála san féadfaidh an bord san é bhaint den duine sin mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla.

[EN]

(5) Féadfar cóip de dheimhniú féichiúnais foirlíontach ar n-a dhéanamh fén alt so do sheirbheáil tré n-a seachadadh don duine le n-a mbainfidh, no tré n-a cur tríd an bpost i litir a bheidh dírithe chun an duine sin ag aon áit ina mbíonn gnó ar siúl aige,

[EN]

Clárú do chealú mara n-íoctar dleachta.

21.—(1) Má fhaillíonn aon duine, a bheidh cláruithe in aon chlár a bheidh á choimeád ag an mbord do chó-cheanntar agus ar a mbeifear tar éis cóip de dheimhniú féichiúnais do sheirbheáil fé alt 41 den Phríomh-Acht no cóip de dheimhniú féichiúnais foirlíontach do sheirbheáil fén alt deiridh sin roimhe seo den Acht so, an méid a deimhneofar leis an deimhniú féichiúnais sin no leis an deimhniú féichiúnais foirlíontach san do bheith dlite d'íoc leis an mbord san fé cheann ocht lá fichead tar éis na seirbheála san, féadfaidh an bord san clárú an duine sin sa chlár san do chealú ach ní shaorfaidh an cealú san an duine sin o n-a bheith air an méid sin d'íoc.

[EN]

(2) Pé uair a déanfar clárú duine ar bith in aon chlár a bheidh á choimeád ag an mbord do chó-cheanntar do chealú fén alt so toisc nár híocadh suim dob iníoctha ag an duine sin leis an mbord san, déanfaidh an bord san, má íocann an duine sin an tsuim sin fé cheann mí tar éis dáta an chealuithe sin, clárú an duine sin d'athshuidheamh amhail ar dháta na suime sin d'íoc amhlaidh agus as san amach.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (4) d'alt 39 den Phríomh-Acht maidir le haon chlárú do chealú fén alt so.

[EN]

Alt 43 den Phríomh-Acht do leasú.

22.—(1) D'ainneoin éinní i bhfo-alt (1) d'alt 43 den Phríomh-Acht, féadfaidh an tAire, as a chomhairle féin agus d'ainneoin gan socrú (seachas céad-shocrú) do bheith déanta ag an mbord do cócheanntar fé alt 43 den Phríomh-Acht no gan a leithéid de shocrú do bheith curtha in úil dó, éinní dá luaidhtear i mír (b) den fho-alt san (1) do dheanamh maidir leis an gcó-cheanntar san.

[EN]

(2) Chun crícheanna orduithe bheidh déanta ag an Aire fé alt 43 den Phríomh-Acht ag ceapadh praghsanna minimum bainne do réir (imeasc nithe eile) faid na slí, de bhóthar, idir dhá áit, beidh deimhniú, a bhéarfaidh le tuigsint é bheith sighnithe agus tugtha amach ag oifigeach don tSuirbhéireacht Ordonáis agus é do dheimhniú faid na slí, de bhóthar, idir na háiteanna san, ina fhianaise dho-chlaoite ar an bhfaid slí sin (gan cruthúnas ar shighniú an oifigigh sin ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach san é).

[EN]

(3) Deintear leis seo fo-alt (4) d'alt 43 den Phríomh-Acht do leasú tríd an bhfocal “bhfo-alt” do chur in ionad an fhocail “alt”, agus léireofar an fo-alt san (4) agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

(4) Deintear leis seo alt 43 den Phríomh-Acht do leasú tríd an bhfo-alt so leanas do chur ann in ionad fo-ailt (5) atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(5) Má dheineann duine ar bith (dá ngairmtear an díoltóir sa bhfo-alt so) is mion-díoltóir cláruthe no mórdhíoltóir cláruithe alos có-cheanntair áirithe bainne do dhíol le duine eile (dá ngairmtear an ceannuitheoir sa bhfo-alt so) is mion-díoltóir cláruithe no mór-dhlíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin ar phraghas is lugha ná an praghas gurbh é an praghas minimum reachtúil oiriúnach é dá mba tháirgtheoir cláruithe alos an cheanntair sin an díoltóir, beidh gach duine aca san fé seach, an díoltóir agus an ceannuitheoir, ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.”

[EN]

(5) Deintear leis seo alt 43 den Phríomh-Acht do leasú tríd an dá fho-alt bhreise seo leanas do chur isteach ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(6) Má thriaileann duine ar bith is táirgtheoir cláruithe alos có-cheanntair áirithe aon bhainne do dhíol le duine ar bith eile is mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin ar phraghas is lugha ná an praghas minimum reachtúil oiriúnach, beidh an chéad duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.

[EN]

(7) Má thriaileann duine ar bith (dá ngairmtear an díoltóir sa bhfo-alt so) is mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos có-cheanntair áirithe bainne do dhíol le duine eile is mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin ar phraghas is lugha ná an praghas gurbh é an praghas minimum reachtúil oiriúnach é dá mba tháirgtheoir cláruithe alos an cheanntair sin an díoltóir, beidh an díoltóir ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur air.”

[EN]

Srian le lacáistí.

23.—Má dheineann duine ar bith (dá ngairmtear an díoltóir san alt so) is táirgtheoir cláruithe alos có-cheanntair áirithe aon íocaíocht le duine eile (dá ngairmtear an ceannuitheoir san alt so) is mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin agus le n-ar dhíol an díoltóir bainne, is íocaíocht i bhfuirm lacáiste, aisíoca, lascaine, liúntais no eile, maidir leis an mbainne sin do dhíol, i slí go dtiocfadh dá dhruim go laigheadódh praghas an bhainne sin fé bhun an phraghais mhinimum reachtúil oiriúnaigh, beidh gach duine aca san fé seach, an díoltóir agus an ceannuitheoir, ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do chur air.

[EN]

Alt 44 den Phríomh-Acht do leasú.

24.—Deintear leis seo fo-alt (1) d'alt 44 den Phríomh-Acht do leasú tríd an mír seo leanas do chur ann in ionad míre (b) atá anois ann, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(b) gur mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an chó-cheanntair sin an ceannuitheoir, agus údarás aige an bainne sin do cheannach fé cheadúnas ar n-a dheonadh ag an mbord san fé alt 48 den Acht so, no”.

[EN]

Srian le bainne d'fháil chun é athdhíol i gceanntair dhíola.

25.—(1) Ní dleathach do dhuine ar bith nach mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos có-cheanntair áirithe aon bhainne d'fháil chun é athdhíol sa cheanntar díola chó-nasctha maran fé cheadúnas ar n-a dheonadh ag an mbord don chócheanntar san fén alt so gheobhfar an bainne sin.

[EN]

(2) Ní dleathach d'aon mhion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos có-cheanntair áirithe bainne d'fháil o dhuine ar bith chun é athdhíol sa cheanntar díola chó-nasctha maran rud é—

[EN]

(a) gur táirgtheoir cláruithe no mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an chó-cheanntair sin an duine sin, no

[EN]

(b) gur fé cheadúnas ar n-a dheonadh ag an mbord don chócheanntar san fé alt 48 den Phríomh-Acht a gheobhfar an bainne sin.

[EN]

(3) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do chur air.

[EN]

(4) Má dheineann duine (nach duine bheidh cláruithe i gclár bheidh á choimeád ag bord) bainne do dhíol chun a chaithte san áitreabh ina ndíolfar é agus ní in áit eile is tuigthe, chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so, nach chun é athdhíol do fuair an duine sin aon bhainne do fuair agus do thug isteach san áitreabh san.

[EN]

(5) Féadfaidh an bord do chó-cheanntar, pé uair is oiriúnach leo é, ceadúnas do dheonadh d'aon duine, seachas mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin, á údarú don duine sin bainne d'fháil chun é athdhíol sa cheanntar díola chó-nasctha, agus féadfaidh na coinníollacha san is oiriúnach leis an mbord do chur le haon cheadúnas den tsórt san.

[EN]

(6) Ní thiocfaidh forálacha an ailt seo i ngníomh, maidir le haon chó-cheanntar a bunófar le hordú bainne (có-cheanntar) a déanfar tar éis dáta an Achta so do rith, go dtí an lá ceapfar leis an ordú san chun bheith ina lá cheaptha maidir leis an gcó-cheanntar san.

[EN]

(7) Athghairmtear leis seo alt 45 den Phríomh-Acht.

[EN]

(8) I gcás mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos có-cheanntair áirithe do chiontú i gcionta fén alt so, is tuigthe chun crícheanna ailt 39 den Phríomh-Acht an mion-díoltóir cláruithe no an mór-dhíoltóir cláruithe sin do chiontú i gcionta fén bPríomh-Acht agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 39.

[EN]

Srian le húnaerí uachtarlanna cláruithe, etc., do dhíol bainne i gceanntair dhíola chónasctha.

26.—(1) Ní dleathach d'aon duine le n-a mbainfidh an t-alt so agus a bheidh cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord do chó-cheanntar níos mó bainne do dhíol sa cheanntar díola chó-nasctha bliain díola ar bith ná mar do dhíol an duine sin, sa líomatáiste is ionann agus an ceanntar díola có-nasctha san, sa bhliain sin de sna riail-bhlianta is mó in ar dhíol an duine sin bainne sa líomatáiste sin.

[EN]

(2) Má dheineann duine ar bith éinní contrárdha d'fho-alt (1) den alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear na pionóis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh an bord do chó-cheanntar fógra do sheirbheáil ar aon duine le n-a mbainfidh an t-alt so agus a bheidh cláruithe sa chlár de tháirgtheoirí bheidh á choimeád ag an mbord san á cheangal ar an duine sin tuairisceán do thabhairt don bhord san, ceithre lá déag ar a dhéanaighe tar éis dáta seirbheála an fhógra san, á thaisbeáaint cadé an méid bainne do dhíol an duine sin i ngach bliain de sna riail-bhlianta sa líomatáiste is ionann agus an ceanntar díola có-nasctha.

[EN]

Féadfar fógra fén bhfo-alt so do dhuine ar bith do sheirbheáil tré chóip de do sheoladh i litir a beidh dírithe chun an duine sin san áit ina mbíonn gnó ar siúl ag an duine sin.

[EN]

(4) Má thárlann d'aon duine ar a seirbheálfaidh bord fógra fé fho-alt (3) den alt so go dteipfidh air no go ndiúltóidh do thuairisceán do thabhairt do réir an fhógra san no go ndéanfaidh in aon tuairisceán den tsórt san ráiteas ar bith a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phonc tábhachtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpunt do chur air.

[EN]

(5) Baineann an t-alt so le gach duine is únaer ar áitreabh atá cláruithe in aon cheann de sna cláir a coimeádtar fén Acht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924).

[EN]

(6) San alt so—

[EN]

nuair a húsáidtear an abairt “bliain díola” maidir le duine le n-a mbaineann an t-alt so cialluíonn sí—

[EN]

(a) i gcás an duine sin do bheith cláruithe, ar dháta an Achta so do rith, sa chlár de tháirgtheoirí choimeádann an bord do chó-cheanntar, tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach dáta an Achta so do rith no aon dáta de dhátaí cothruim an dáta san,

[EN]

(b) i gcás an duine sin do chlárú, tar éis dáta an Achta so do rith, sa chlár de tháirgtheoirí choimeádann an bord do chó-cheanntar, tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach dáta an chláruithe sin no aon dáta de dhátaí cothruim an dáta san;

[EN]

cialluíonn an abairt “na riail-bhlianta”—

[EN]

(a) maidir le duine atá cláruithe, ar dháta an Achta so do rith, sa chlár de tháirgtheoirí choimeádann an bord do chócheanntar, na blianta 1937, 1938 agus 1939,

[EN]

(b) maidir le duine clárófar, tar éis dáta an Achta so do rith, sa chlár de tháirgtheoirí choimeádann an bord do chócheanntar, na trí bliana díreach roimh an gclárú san.

[EN]

(7) I gcás duine le n-a mbaineann an t-alt so agus a bheidh cláruithe i gclár de tháirgtheoirí choimeádann bord do chó-cheanntar do chiontú i gcionta fé fho-alt (2) no fo-alt (4) den alt so, is tuigthe chun crícheanna ailt 39 den Phríomh-Acht an duine sin do chiontú i gcionta fén bPríomh-Acht, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt san 39.

[EN]

Alt 47 den Phríomh-Acht do leasú.

27.—Deintear leis seo fo-alt (4) d'alt 47 den Phríomh-Acht do leasú tré sna míreanna so leanas do chur ann in ionad míreanna (c), (d), (e) agus (f) atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“(c) ar bheith críochnuithe amhlaidh don chonnradh san déanfaidh an té is ceannuitheoir fén gconnradh san an connradh féin agus an chontra-pháirt de agus cóip de do chur go dtí cathaoirleach an bhuird don chócheanntar san;

[EN]

(d) ar fháil na scríbhinní sin dó ceadóidh an cathaoirleach san an connradh san más rud é, agus amháin más rud é, go luadhfar an méid bainne bheidh le seachadadh fé gach lá no gach seachtain;

[EN]

(e) mara gceaduighidh an cathaoirleach san an connradh san cuirfidh san in úil do sna páirtithe ann agus seolfaidh na scríbhinní sin thar n-ais chun an té is ceannuitheoir fén gconnradh san;

[EN]

(f) má cheaduíonn an cathaoirleach an connradh san—

[EN]

(i) bhéarfaidh séala an bhuird sin do ghreamú den chonnradh féin agus den chontra-pháirt,

[EN]

(ii) seolfaidh thar n-ais an connradh féin chun an té is ceannuitheoir fé agus an chontra-pháirt chun an té is díoltóir fé,

[EN]

(iii) coinneoidh an chóip den chonnradh san;

[EN]

(g) beidh séalú an chonnartha féin agus na contra-pháirte leis an séala san ina fhianaise dho-chlaoite gur cheaduigh an cathaoirleach san an connradh san.”

[EN]

Foráil i dtaobh connartha bliantúla.

28.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire ordú do dhéanamh bliain ar bith á dhearbhú go dtiocfaidh fo-alt (3) den alt so i bhfeidhm maidir le có-cheanntar áirithe ar dháta áirithe (is déanaighe ná dáta déanta an orduithe sin agus nach déanaighe ná an ladh lá de Mheán Fhómhair na bliana san).

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ordú do rinne fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúradh uair ar bith.

[EN]

(3) Pé uair a déanfar ordú fé fho-alt (1) den alt so bliain ar bith á dhearbhú go dtiocfaidh fo-alt (3) den alt so i bhfeidhm maidir le có-cheanntar áirithe ar dháta áirithe (dá ngairmtear an dáta ceaptha sa bhfo-alt so), beidh éifeacht ag na forálacha so leanas faid a bheidh an t-ordú san i bhfeidhm, sé sin le rá:—

[EN]

(a) aon chonnradh chun bainne do dhíol a déanfar idir táirgtheoir cláruithe alos an cheanntair sin agus mion-díoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin agus a cheadóidh cathaoirleach an bhuird don chó-cheanntar san fé alt 47 den Phríomh-Acht roimh an dáta ceaptha, má foráltar leis bainne do sheachadadh fé tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair na bliana san léireofar é agus beidh éifeacht aige fé is dá bhforáladh sé gur ar an 30adh lá san den Mheán Fhómhair sin do chríochnódh an tréimhse ina mbeadh bainne le seachadadh fé;

[EN]

(b) i gcás connradh chun bainne do dhíol a déanfar idir táirgtheoir cláruithe alos an cheanntair sin agus miondíoltóir cláruithe no mór-dhíoltóir cláruithe alos an cheanntair sin agus le n-a bhforálfar aon bhainne do sheachadadh fé tar éis an 30adh lá de Mheán Fhómhair na bliana san, ní dhéanfaidh an cathaoirleach san, ach amháin le toiliú an Aire, é cheadú fén alt san 47 maran connradh é in aghaidh tréimhse de dhá mhí dhéag dar tosach an 1adh lá de Dheireadh Fómhair na bliana san no bliana éigin ina dhiaidh sin.

[EN]

Oibriú forálacha áirithe den Phríomh-Acht agus den Acht so do chur ar fionnraighe.

29.—(1) Pé uair agus chó minic agus is oiriúnach leis é féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, oibriú aon cheann no níos mó de sna hachtacháin cheaptha do chur ar fionnraighe, no an céanna do leasú (sa tslí sin is oiriúnach leis), agus pé uair a déanfar aon ordú fén alt so agus a bheidh sé i bhfeidhm scuirfidh an t-achtachán ceaptha no na hachtacháin cheaptha bheidh luaidhte san ordú san de bheith i bhfeidhm no beidh an céanna leasuithe do réir téarmaí an orduithe sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire le hordú fén bhfo-alt so aon ordú bheidh déanta fé fho-alt (1) den alt so do cheiliúradh.

[EN]

(3) Beidh gach achtachán aca so leanas ina achtachán cheaptha chun crícheanna an ailt seo, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fo-alt (4) d'alt 43 den Phríomh-Acht,

[EN]

(b) fo-alt (5) d'alt 43 den Phríomh-Acht,

[EN]

(c) alt 44 den Phríomh-Acht,

[EN]

(d) alt 25 (i dtaobh srian do chur le bainne d'fháil chun é athdhíol i gceanntair dhíola) den Acht so.

[EN]

Cúiseamh i gciontaí fén bPríomh-Acht agus fén Acht so.

30.—(1) I gcás cionta fé aon alt no fo-alt atá i gCuid II den Phríomh-Acht no san Acht so do dhéanamh i gcó-cheanntar féadfaidh an bord don cheanntar san, no féadfar ar agra an bhuird sin mar chúisitheoir, cúiseamh do dhéanamh sa chionta san.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo alt 49 den Phríomh-Acht.

[EN]

Alt 51 den Phríomh-Acht do leasú.

31.—Deintear leis seo alt 51 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “go gcaithfear tuilleadh bainne sa cheanntar dhíola chó-nasctha” atá anois ann do scriosadh amach agus tré sna focail “go n-úsáidfear tuilleadh den bhainne táirgfear sa cheanntar dhíola chó-nasctha” do chur ina n-ionad, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Ceadúnais chun bainne do dhíol, agus d'fháil chun é athdhíol, i gceanntair dhíola.

32.—(1) Féadfaidh an tAire ceadúnas do thabhairt amach aon uair do dhuine ar bith a bheidh cláruithe i gclár de reachtairí bainne bheidh á choimeád de bhun Coda II den Acht Bainne agus Déirithe, 1935 (Uimh. 22 de 1935), chun bainne do dhíol, no d'fháil chun é athdhíol, i gceanntar díola.

[EN]

(2) Pé uair do bhéarfar amach ceadúnas do dhuine ar bith fén alt so, is dleathach don duine sin, d'ainneoin éinní atá sa Phríomh-Acht no san Acht so, bainne ar bith do dhíol, no d'fháil chun é athdhíol, do réir an cheadúnais sin.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire na coinníollacha san is oiriúnach leis do chur ag gabháil le haon cheadúnas do bhéarfar amach fén alt so agus féadfaidh aon cheadúnas den tsórt san do cheiliúradh. uair ar bith.

[EN]

Fianaise.

33.—(1) Deimhniú bhéarfaidh le tuigsint é bheith fé láimh rúnaidhe bhuird, á dheimhniú duine bheidh ainmnithe sa deimhniú san do bheith cláruithe ar feadh tréimhse áirithe i gclár áirithe bheidh á choimeád ag an mbord san fén bPríomh-Acht no gan é bheith cláruithe amhlaidh, beidh sé ina fhianaise prima facie ar na nithe deimhneofar amhlaidh agus ní gá cruthúnas ar láimhscríbhneoireacht ná ar phost oifigiúil an té dheimhneoidh an céanna.

[EN]

(2) In aon imeachta fé Chuid II den Phríomh-Acht no fén Acht so in aghaidh duine bheidh no bhí ina tháirgtheoir chláruithe no ina mhion-díoltóir chláruithe no ina mhór-dhíoltóir chláruithe féadfar fianaise prima facie, ar gach ní no aon ní no nithe bheidh i dtuairisceán ar n-a thabhairt ag an duine sin no thar a cheann de bhun ailt 34 no ailt 41 den Phríomh-Acht, do thabhairt tríd an tuairisceán san do thabhairt ar áird.

[EN]

Forálacha i dtaobh rialachán fén bPríomh-Acht.

34.—Ag déanamh rialachán dó i dtaobh éinní no aon ruda dá dtagartar sa Phríomh-Acht mar ní no mar rud orduithe, féadfaidh an tAire rialacháin deifriúla do dhéanamh maidir le có-cheanntair dheifriúla agus maidir leis na buird do sna có-cheanntair sin.

[EN]

Gearr-theideal agus có-luadh.

35.—Féadfar Acht an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil) (Leasú), 1941, do ghairm den Acht so agus féadfar Achtanna an Bhainne (Soláthar agus Praghas do Rialáil), 1936 agus 1941, do ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht so le chéile.