Uimhir 11 de 1990
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. | |
3. |
Cúiteamh i gCoitinne
4. | |
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | Údarás áitiúil do ghnóthú cúitimh ar fhorbairt ina dhiaidh sin. |
Cúiteamh i ndáil le Cinntí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. |
Cúiteamh i ndáil le hAilt 36, 37, 44, 45, 48, 83 agus 85 den Phríomh-Acht
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. |
Áitreabh a Cheangal le Séaraigh Phoiblí agus le Soláthairtí Uisce Poiblí
25. | |
26. |
Rialacha maidir le Méid Cúitimh a Chinneadh
Forbairt nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha i leith Cead a Dhiúltú Í a Dhéanamh
Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha maidir leo
Coinníollacha is Féidir a Fhorchur, gan Cúiteamh a Íoc, ar Chead a Thabhairt chun Talamh a Fhorbairt
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 | 1919, c. 57 |
Housing of the Working Classes Act, 1890 | 1890, c. 70 |
Lands Clauses Consolidation Act, 1845 | 1845, c. 18 |
An tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976 | |
Public Health Acts Amendment Act, 1890 | 1890, c. 59 |
Public Health (Ireland) Act, 1878 | 1878, c. 52 |
Waterworks Clauses Act, 1847 | 1847, c. 17 |
Uimhir 11 de 1990
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1990
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963 GO 1983, AGUS, CHUN CRÍOCHA NA nACHTANNA SIN, DO LEASÚ FORÁLACHA ÁIRITHE DEN WATERWORKS CLAUSES ACT, 1847, DEN PUBLIC HEALTH (IRELAND) ACT, 1878, AGUS d'ACHTACHÁIN GHAOLMHARA.
[10 Meitheamh, 1990]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
1.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1990, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1990, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, agus den Acht seo, le chéile.
(3) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983, a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “an Bord” an Bord Pleanála;
ciallaíonn “teach ináitrithe” foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh—
(a) a úsáidtear mar theaghais, nó
(b) nach bhfuil in úsáid ach a bhí, nuair a úsáideadh go deireanach é, gan aird a thabhairt ar aon úsáid neamhúdaraithe, á úsáid mar theaghais, nó
(c) a cuireadh ar fáil lena úsáid mar theaghais ach nár áitíodh;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963.
(2) San Acht seo, mura gcuirtear a mhalairt in iúl, aon tagairt d'alt, do Sceideal nó do Chuid is tagairt í d'alt, nó do Chuid den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt.
(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán eile, nó faoi aon achtachán eile.
Aisghairm agus cosaint.
3.—(1) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas: alt 45 (2) agus Cuid VI den Phríomh-Acht agus alt 24 den Public Health (Ireland) Act, 1878.
(2) D'ainneoin alt 69 den Phríomh-Acht a bheith aisghairthe leis an Acht seo, beidh feidhm ag alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le halt 69 (1) den Phríomh-Acht, maidir le gach cás, seachas cás faoin Acht seo, ina mbeidh aon chúiteamh a mheasúnaítear iníoctha ag údarás pleanála nó ag aon údarás áitiúil eile.
(3) Leasaítear leis seo alt 25 (8) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1976, trí na focail “agus go mbeidh an t-ábhar le cinneadh trí eadráin de bhua alt 68 den Phríomh-Acht, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:” a scriosadh, agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad, eadhon, “, déanfar, cheal comhaontaithe, an t-éileamh a chinneadh trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ar an gcaoi céanna, ar gach cuma, amhail is dá n-éireodh an t-éileamh sin i ndáil le fáil éigeantach talún, ach faoi réir an choinníll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhachtain nialais a dhéanamh agus faoi réir na bhforálacha seo a leanas:”.
CUID II
Cúiteamh i gCoitinne
Éilimh ar chúiteamh: teorainneacha ama.
4.—Ní mór éileamh ar chúiteamh faoin Acht seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná sé mhí—
(a) i gcás éileamh faoi alt 11, tar éis cinneadh an údaráis pleanála nó an Bhoird, de réir mar a bheidh, a bheith curtha in iúl,
(b) i gcás éileamh faoi alt 17, tar éis an trátha a nglacann an fógra éifeacht,
(c) i gcás éileamh faoi alt 18, tar éis an déanmhas a dhíchur nó a athrú,
(d) i gcás éileamh faoi alt 19, tar éis an scoir nó an chomhlíonta,
(e) i gcás éileamh faoi alt 20, tar éis an fál a dhíchur nó a athrú,
(f) i gcás éileamh faoi alt 21, tar éis an dáta a ndiúltaítear toiliú a thabhairt nó a dtugtar toiliú faoi réir coinníollacha,
(g) i gcás éileamh faoi alt 22, tar éis an trátha a dtosóidh an t-ordú, ina mbunaítear an ceart slí poiblí, d'éifeacht a bheith leis,
(h) i gcás éileamh faoi alt 23, tar éis an trátha a mbaineann an damáiste don duine, agus
(i) i gcás éileamh faoi alt 24, tar éis ghníomh an údaráis pleanála.
Éileamh ar chúiteamh a chinneadh.
5.—Déanfar éileamh ar chúiteamh faoin Acht seo a chinneadh, cheal comhaontaithe, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ach sin faoi réir na nithe seo a leanas—
(a) an Chéad Sceideal, maidir le laghdú ar luach leasa i dtalamh,
(b) an coinníoll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhachtain nialais a dhéanamh, agus
(c) feidhm an Chéad Sceidil i gcás éileamh ar chúiteamh faoi Chuid IV i leith laghdú ar luach leasa, ionann is dá mba é a bhí sa tagairt don “cinneadh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht” nó don “cinneadh sin”, tagairt, i ndáil le gach ceann de na hailt sa Chuid sin a luaitear i gColún A den Tábla a ghabhann leis an alt seo, don ábhar atá leagtha amach i gColún B den Tábla sin os coinne na tagartha, i gColún A de, don alt sin.
AN TÁBLA
Colún A Alt | Colún B |
18 | déanmhas a dhíchur nó a athrú ar scór fógra faoi alt 36 den Phríomh-Acht. |
19 | scor, nó coinníollacha a chomhlíonadh maidir le leanúint, de thalamh a úsáid ar scór fógra faoi alt 37 den Phríomh-Acht. |
20 | fál a dhíchur nó a athrú ar scór fógra faoi alt 44 den Phríomh-Acht. |
21 | diúltú an toiliú a thabhairt is gá faoi ordú faoi alt 45 den Phríomh-Acht, nó toiliú den sórt sin a thabhairt faoi réir coinníollacha. |
22 | an t-údarás pleanála do dhéanamh ordú faoi alt 48 den Phríomh-Acht chun ceart slí poiblí a bhunú. |
24 | gníomh an údaráis pleanála de bhun alt 85 den Phríomh-Acht. |
Rialacháin i ndáil le cúiteamh.
6.—Féadfar foráil a dhéanamh do na nithe seo a leanas i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire—
(a) an fhoirm ina ndéanfar éilimh ar chúiteamh,
(b) éilitheoir do sholáthar fianaise i dtaca lena éileamh mar aon le faisnéis maidir lena leas sa talamh lena mbaineann an t-éileamh,
(c) ráiteas ó éilitheoir i dtaobh ainmneacha agus seoltaí na ndaoine eile go léir (sa mhéid go mbeidh siad ar eolas aige) a bhfuil leas acu sa talamh lena mbaineann an t-éileamh, agus, mura dtarraingeofar siar an t-éileamh, an t-údarás pleanála nó an t-éilitheoir do thabhairt fógra i dtaobh gach duine eile (más ann) a ndealraítear dó nó dóibh leas a bheith aige sa talamh,
(d) an fhaisnéis agus na doiciméid a bheidh le cur isteach i dteannta iarratais ar ordú faoi alt 14,
(e) an fhaisnéis agus na doiciméid a bheidh le cur isteach ag an údarás pleanála i ndáil le hiarratas ar ordú faoi alt 14.
Toirmeasc ar chúiteamh dúbailte.
7.—I gcás go mbeadh duine, murach an t-alt seo, i dteideal cúitimh faoin Acht seo maidir le haon ábhar nó ní agus go mbeadh teideal aige freisin chun cúitimh faoi aon achtachán eile maidir leis an ábhar nó leis an ní céanna, ní bheidh sé i dteideal cúiteamh maidir leis an ábhar nó leis an ní sin a fháil faoin Acht seo agus faoin achtachán eile, agus ní bheidh sé i dteideal aon mhéid cúitimh faoin Acht seo, maidir leis an ábhar nó leis an ní sin, is mó ná méid an chúitimh a mbeadh teideal aige chuige faoin achtachán eile maidir leis an ábhar nó leis an ní sin.
Cúiteamh a ghnóthú ó údarás pleanála.
8.—(1) An cúiteamh go léir is iníoctha ag an údarás pleanála faoin Acht seo, beidh sé, nuair a bheifear tar éis a mhéid a chinneadh trí chomhaontú nó trí eadráin de réir an Achta seo, inghnóthaithe ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(2) Na costais agus na caiteachais go léir a thabhóidh na páirtithe in eadráin chun méid aon chúitimh a chinneadh, beidh siad, sa mhéid go mbeidh na costais agus na caiteachais sin iníoctha ag an údarás pleanála, inghnóthaithe ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(3) Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú ag an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó ag aon Acht eile, nó faoin gcéanna, i ndáil le hairgead is inghnóthaithe, de bhua an ailt seo, mar fhiach conartha shimplí, ionann is dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin, arna leasú nó arna oiriúnú amhlaidh, an t-airgead sin.
(4) I gcás ina n-íocfaidh an t-údarás pleanála airgead isteach sa chúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le haon duine i leith aon imeachtaí chun an t-airgead sin a infheistiú, chun ioncam uaidh a íoc nó chun a chaipiteal a íoc.
Cúiteamh a chlárú.
9.—(1) Más rud é, ar éileamh ar chúiteamh faoi Chuid III, go mbeidh cúiteamh de mhéid is mó ná céad punt tagtha chun bheith iníoctha, ullmhóidh agus coinneoidh an t-údarás pleanála ráiteas á lua sin, ina sonrófar gur diúltaíodh cead a thabhairt nó gur tugadh cead faoi réir coinníollacha, nó gur cúlghaireadh an cead nó gur modhnaíodh é, an talamh lena mbaineann an t-éileamh ar chúiteamh, agus méid an chúitimh.
(2) (a) Déanfaidh údarás pleanála sonraí i dtaobh na ráiteas a d'ullmhaigh siad faoin alt seo a thaifeadadh sa chlár a choimeádfar de bhun alt 8 den Phríomh-Acht.
(b) Déanfar gach taifead den sórt sin laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a ullmhaítear an ráiteas.
Údarás áitiúil do ghnóthú cúitimh ar fhorbairt ina dhiaidh sin.
10.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo ar thalamh a mbeidh ráiteas (dá ngairtear ráiteas cúitimh san alt seo) cláraithe ina leith (cibé acu faoi alt 72 den Phríomh-Acht nó faoi alt 9 den Acht seo) go dtí go mbeidh cibé méid is inghnóthaithe faoin alt seo maidir leis an gcúiteamh a shonrófar sa ráiteas íoctha nó urraithe chun sástachta an údaráis pleanála.
(2) Baineann an t-alt seo le haon fhorbairt (seachas forbairt eiscthe), is forbairt den chineál a shonraítear in alt 13 (2):
Ar choinníoll—
(i) nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le haon fhorbairt de bhua ceada chun talamh a fhorbairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht dá dtagraítear in alt 13 (5) i gcás an cead sin a bheith tugtha faoi réir coinníollacha seachas coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal,
(ii) i gcás gur tháinig an cúiteamh a bheidh sonraithe sa ráiteas chun bheith iníoctha de dhroim coinníollacha a fhorchur ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir leis an bhforbairt ar lena haghaidh a tugadh an cead sin.
(3) Faoi réir fho-alt (4), is é an méid is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh—
(a) más ionann an talamh ar a mbeifear chun an fhorbairt a dhéanamh (dá ngairtear an limistéar forbraíochta san fho-alt seo) agus an talamh a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh, nó má fholaíonn sé (maraon le talamh eile) iomlán na talún sin, an méid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin;
(b) más cuid den talamh a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh an limistéar forbraíochta, nó má fholaíonn an limistéar forbraíochta cuid den talamh sin maraon le talamh eile nach bhfuil i dtrácht sa ráiteas sin, an oiread den mhéid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin agus is inchurtha i leith talún a bheidh i dtrácht sa ráiteas sin agus a bheidh laistigh den limistéar forbraíochta.
(4) Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (3), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) déanfaidh an t-údarás pleanála (más dóigh leo gur praiticiúil sin a dhéanamh) méid an chúitimh a chionroinnt idir na codanna éagsúla den talamh de réir mar is dóigh leo difríocht éagsúil a bheith déanta do na codanna sin trína dhiúltú cead a thabhairt nó trí cead a thabhairt faoi réir coinníoilacha;
(b) mura ndéanfar aon chionroinnt, áireofar méid an chúitimh a bheith dáilte go rátúil de réir achair thar an talamh lena mbainfidh an ráiteas;
(c) má dhéantar cionroinnt, áireofar an cúiteamh a bheith dáilte de réir na cionroinnte sin amhail idir na codanna éagsúla den talamh ar faoina dtreoir a dhéanfar an chionroinnt, agus áireofar an oiread den chúiteamh agus a chuirfear, de réir na cionroinnte, i leith chuid den talamh a bheith dáilte go rátúil, de réir achair thar an gcuid sin den talamh;
(d) má chuireann duine ar bith cionroinnt faoin bhfo-alt seo i ndíospóid, cuirfear an díospóid faoi bhráid eadránaí maoine agus cinnfidh sé í.
(5) Má tharlaíonn, maidir le forbairt aon talún, go mbeidh méid inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh, ansin, ní bheidh méid ar bith inghnóthaithe, a mhéid is inchurtha i leith na talún sin é, maidir le haon fhorbairt a dhéanfar air ina dhiaidh sin.
(6) Aon suim a bheidh inghnóthaithe faoin alt seo i leith aon chúitimh beidh sí iníoctha leis an údarás pleanála, agus—
(a) beidh sí iníoctha amhlaidh in aon íocaíocht chaipitil amháin nó ina sraith de thráthchodanna caipitil agus úis le chéile (agus an t-ús á chinneadh de réir an ráta chéanna le fiach breithiúnais), nó mar shraith d'íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla eile, a mbeidh cibé méideanna iontu, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna, a ordóidh an t-údarás pleanála, tar éis dóibh aon uiríolla ón duine a bheidh chun an fhorbairt a dhéanamh a chur san áireamh, agus
(b) ach amháin i gcás inar in aon íocaíocht chaipitil amháin is iníoctha an méid sin, urróidh an duine sin é ar cibé modh (trí mhorgáiste, trí chúnant nó ar shlí eile) a ordóidh an t-údarás pleanála.
(7) Má thionscnaíonn aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil air, ag sonrú an méid ar dóigh leo gurb é an méid é is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh i gceist, agus á cheangal air an méid sin a íoc leo laistigh de cibé tréimhse, nach giorra ná trí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, a shonrófar san fhógra, agus, mura n-íocfar an méid sin leis an údarás pleanála laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
CUID III
Cúiteamh i ndáil le Cinntí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht
Ceart chun cúitimh.
11.—Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear go bhfuil, de bharr cinneadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht inar diúltaíodh cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt nó inar tugadh an cead sin faoi réir coinníollacha, laghdú tagtha ar luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh lena mbaineann an cinneadh an tráth a rinneadh an cinneadh, beidh an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo, i dteideal go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh—
(a) cibé méid, in ionannas don laghdú ar an luach, ar a gcomhaontófar,
(b) cheal comhaontaithe, méid an laghdaithe sin ar an luach, arna chinneadh de réir an Chéad Sceidil, agus
(c) i gcás áititheoir na talún, méid an damáiste (más ann) dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm a sheoltar ar an talamh.
Cúiteamh a shrianadh.
12.—(1) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha maidir le diúltú cead a thabhairt le haghaidh forbairt ar bith—
(a) d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Dara Sceideal, nó
(b) más é is cúis, nó más ceann de na cúiseanna, leis an diúltú cúis atá leagtha amach sa Tríú Sceideal.
(2) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha maidir le forchur aon choinníll, is d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal, ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt.
(3) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha maidir le diúltú cead a thabhairt, nó le forchur coinníollacha ar chead a thabhairt, chun aon déanmhais lena mbaineann alt 28 den Phríomh-Acht a choinneáil ar thalamh.
(4) Más rud é, faoi alt 29 den Phríomh-Acht, go bhfuil sé de dhualgas ar údarás pleanála leas i dtalamh a fháil, ní bheidh cúiteamh faoi alt 11 iníoctha i ndáil leis an leas sin.
Fógra ag cur cosc le cúiteamh.
13.—(1) I gcás ina ndéanfar éileamh ar chúiteamh faoi alt 11, féadfaidh an t-údarás pleanála lena mbaineann, tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis dóibh an t-éileamh a fháil agus ag féachaint d'imthosca uile an cháis, fógra i cibé foirm a bheidh forordaithe a sheirbheáil ar an duine a rinne an t-éileamh nó a ndearnadh thar a cheann é, á rá gurb é a dtuairim, d'ainneoin gur diúltaíodh cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt nó gur deonaíodh an cead sin faoi réir coinníollacha, gur féidir forbairt eile a dhéanamh ar an talamh atá i gceist agus gur chóir go dtabharfaí cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht le haghaidh na forbartha sin.
(2) Chun críche fho-alt (1), ciallaíonn forbairt eile forbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionsclaíoch, arb é a bheidh inti go hiomlán nó go formhór na nithe seo a leanas a fhoirgniú, eadhon, tithe, árasáin, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin pheitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsaíochta, nó foirgnimh thionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh den chéanna.
(3) Fanfaidh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm go ceann tréimhse cúig bliana dar tosach dáta seirbheála an fhógra mura rud é, sula mbeidh an tréimhse sin caite—
(a) go ndéanfaidh an t-údarás pleanála an fógra a tharraingt siar, nó
(b) go dtabharfar cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí atá ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, gan an cead a bheith faoi réir aon choinníollacha nó é bheith faoi réir coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal, nó
(c) go gcuirfear an fógra ar neamhní de bhua fho-alt (5).
(4) Ní bheidh cúiteamh iníoctha ar éileamh arna dhéanamh faoi alt 11 más rud é—
(a) go mbeidh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh sin, nó
(b) go raibh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh sin ach go bhfuil sé scortha de bheith i bhfeidhm toisc an tréimhse a luaitear i bhfo-alt (3) a bheith caite agus nach ndearnadh, laistigh den tréimhse sin a dúradh, iarratas ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bhí sonraithe san fhógra, nó
(c) go raibh fógra faoi fho-alt (1) i bhfeidhm i ndáil leis an éileamh ach go bhfuil sé scortha de bheith i bhfeidhm de bhua mhír (b) d'fho-alt (3).
(5) Cuirfear fógra faoi fho-alt (1) ar neamhní más rud é, ar iarratas ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, go ndiúltófar an cead sin a thabhairt nó go dtabharfar an cead sin faoi réir coinníollacha seachas coinníollacha d'aicme nó de thuairisc atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal.
(6) Ní bheidh aon ábhar éilimh ann ar chúiteamh faoi alt 11 i ndáil le cinneadh faoi Chuid IV den Phríomh-Acht dá dtagraítear i bhfo-alt (5).
(7) Leasaítear leis seo alt 29 (1) (b) den Phríomh-Acht trí na focail “nó a bhfuil geallta ag an údarás pleanála cead den sórt sin a thabhairt ina leith,” i ndiaidh na bhfocal “den Acht seo”, a scriosadh.
Srianta ar ailt 12 agus 13.
14.—(1) Más rud é, i gcás a cinneadh ar achomharc faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, ach amháin i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (2), gur diúltaíodh cead a thabhairt chun aon talamh a fhorbairt, nó gur tugadh cead den sórt sin faoi réir aon choinníll a bhaineann le haon cheann de na hábhair atá leagtha amach i míreanna 8 agus 9 den Cheathrú Sceideal, ní choiscfidh aon ní in alt 12 cúiteamh a íoc más rud é, tar éis iarratas chuige sin a bheith déanta laistigh de dhá mhí tar éis don Bhord fógra faoin gcinneadh a thabhairt, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a lamhálfaidh an tAire, go ndéanfaidh an tAire ordú á dhearbhú gur deimhin leis nach mbeadh sé cothrom ná réasúnach, sna himthosca áirithe, go gcoiscfí cúiteamh a íoc le forálacha alt 12.
(2) Níl feidhm ag fo-alt (1)—
(a) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun aon déanmhas fógráin a thógáil nó chun aon talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint,
(b) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun forbairt a dhéanamh ar cuid di aon déanmhas nó aon bhreis a chur le déanmhas nó aon mhéadú a dhéanamh ar dhéanmhas más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú—
(i) go mbrisfeadh sé líne fhoirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne fhoirgníochta arna cinneadh ag an údarás pleanála nó ag an mBord;
(ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí;
(iii) gur bhaol é do shláinte nó do shábháilteacht daoine a bheadh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis; nó
(iv) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail, agus
(c) i gcás gur seirbheáladh fógra faoi alt 13 (1).
(3) Más rud é, i gcás inar seirbheáladh fógra faoi alt 13 (1), ach amháin i gcás dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2), go ndéanfar, ar iarratas dá éis sin ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh lena mbaineann an fógra a fhorbairt ar shlí a bheidh ar comhréir leis an bhforbairt eile a bheidh sonraithe san fhógra, an cead sin a thabhairt faoi réir aon choinníll a bhaineann le haon cheann de na hábhair atá leagtha amach i míreanna 8 agus 9 den Cheathrú Sceideal, ansin, ní choiscfidh aon ní in alt 12 ná in alt 13 cúiteamh a íoc más rud é, tar éis iarratas chuige sin a bheith déanta laistigh de dhá mhí tar éis fógra faoin gcinneadh a bheith tugtha (ach ní ina dhiaidh sin), go ndéanfaidh an tAire ordú á dhearbhú gur deimhin leis nach mbeadh sé cothrom ná réasúnach, sna himthosca áirithe, go gcoiscfí cúiteamh a íoc le forálacha alt 12 nó alt 13.
Foráil speisialta le haghaidh déanmhas a ghlacann go substaintiúil ionad déanmhas a scartáladh nó a scriosadh le tine.
15.—(1) Ní choiscfidh aon ní in alt 12 cúiteamh a íoc—
(a) i gcás ina mbeifear tar éis diúltú cead a thabhairt chun déanmhas nua a thógáil a ghlacfadh go substaintiúil ionad déanmhais (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a scartáladh nó a scriosadh le tine nó eile laistigh den dá bhliain díreach roimh dháta an iarratais ar chead nó ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur nach bhféadfaí dá dheasca an déanmhas nua sin a úsáid chun na críche chun ar úsáideadh go deireanach an déanmhas a scartáladh nó a scriosadh, nó
(b) i gcás ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur a bhfuil an déanmhas nua dá dtagraítear i mír (a) nó a aghaidh, nó aghaidh déanmhais láithrigh (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a tógadh anuas chun é a atógáil nó a athrú, curtha siar nó curtha chun tosaigh dá bharr.
(2) Is é an Bord a chinnfidh gach díospóid agus ceist i dtaobh cé acu a ghlacfadh nó a ghlacann déanmhas nua go substaintiúil, de réir bhrí fho-alt (1), ionad déanmhais a scartáladh nó a scriosadh.
Srian le cúiteamh a shannadh faoi alt 11.
16.—Ní bheidh duine i dteideal iomlán aon chúitimh ionchasaigh faoi alt 11, nó aon chuid den chéanna, a shannadh d'aon duine eile, agus ní bailí d'aon sannadh nó gealltanas airbheartaithe, cibé acu sainráite nó intuigthe, chun aon airgead i leith aon chúitimh den sórt sin a íoc le haon duine eile.
Cúiteamh i gcás cead a chúlghairm nó a mhodhnú.
17.—(1) I gcás ina mbeifear tar éis cead chun talamh a fhorbairt a chúlghairm nó a mhodhnú le fógra faoi alt 30 den Phríomh-Acht—
(a) más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis pleanála, go suífear go bhfuil aon duine ag a bhfuil leas sa talamh tar éis dul faoi chaiteachas ag déanamh oibreacha atá curtha ó chrích ag an gcúlghairm nó an modhnú, íocfaidh an t-údarás sin leis an duine sin cúiteamh i leith an chaiteachais sin;
(b) beidh feidhm ag forálacha an Achta seo i ndáil leis an bhfógra i gcás inar chúlghair sé an cead nó inar mhodhnaigh sé é trí choinníollacha a fhorchur—
(i) i gcás inar chúlghair sé an cead, mar atá feidhm acu i ndáil le diúltú cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, agus
(ii) i gcás inar mhodhnaigh sé an cead trí choinníollacha a fhorchur, mar atá feidhm acu i ndáil le cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt faoi réir coinníollacha,
faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin, go ndéanfar tagairt don tráth a ghlacfaidh an fógra éifeacht a chur in ionad aon tagartha do thráth aon chinnidh agus, in alt 12 (4), go bhforléireofar an tagairt d'alt 29 den Phríomh-Acht mar thagairt don alt sin arna chur chun feidhme le halt 30 den Acht sin.
(2) Chun críocha an ailt seo, aon chaiteachas faoina rachfar le réasún ag ullmhú pleananna chun críocha aon oibreacha nó le hábhair eile dá shamhail sin ag ullmhú chucu sin measfar é bheith ar áireamh sa chaiteachas faoina rachfar ag déanamh na n-oibreacha sin ach, lasmuigh dá bhfuil ráite anseo roimhe seo, ní íocfar cúiteamh ar bith de bhua an ailt seo i leith aon oibreacha a rinneadh sular tugadh an cead a bheidh cúlghairthe nó modhnaithe, ná i leith aon chaillteanais nó damáiste eile de bharr aon ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh sular tugadh an cead sin.
CUID IV
Cúiteamh i ndáil le hAilt 36, 37, 44, 45, 48, 83 agus 85 den Phríomh-Acht
Déanmhas a dhíchur nó a athrú (1963, alt 36).
18.—(1) Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca aon déanmhas a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 36 den Phríomh-Acht, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa déanmhas tráth an fhógra nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa déanmhas an tráth sin trí shealúchas an déanmhais aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin.
(2) Más rud é, faoi alt 29 den Phríomh-Acht arna chur chun feidhme le fo-alt (9) d'alt 36 den Acht sin, go bhfuil sé de dhualgas ar an údarás pleanála leas i dtalamh a fháil, ní bheidh cúiteamh iníoctha, de bhun an ailt seo, i ndáil leis an leas sin.
Scor d'úsáid (1963, alt 37).
19.—(1) Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh nó de dheasca gur comhlíonadh coinníollacha maidir le leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh de dhroim fógra faoi alt 37 den Phríomh-Acht, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh tráth an fhógra, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh an tráth sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin, ar choinníoll nach n-íocfar aon chúiteamh faoin alt seo i ndáil le damáiste a leanann as coinníollacha a fhorchur, faoi alt 37 den Phríomh-Acht, maidir le leanúint de thalamh a úsáid, ar coinníollacha iad a forchuireadh chun uiscethruailliú tromaí nó baol truaillithe den sórt sin a sheachaint nó a laghdú.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás gur úsáid le fógraíocht a thaispeáint úsáid na talún mura raibh an talamh, tráth an scoir nó an chomhlíonta sin, á úsáid le fógraíocht a thaispeáint ar feadh tréimhse is giorra ná cúig bliana, cibé acu is úsáid chomhleanúnach nó úsáid eatramhach an úsáid sin agus cibé acu a bhí nó nach raibh, le linn an talamh a bheith á úsáid amhlaidh, fógraíocht á taispeáint san áit chéanna ar an talamh.
(3) Más rud é, faoi alt 29 den Phríomh-Acht arna chur chun feidhme le fo-alt (8) d'alt 37 den Acht sin, go bhfuil sé de dhualgas ar an údarás pleanála leas i dtalamh a fháil, ní bheidh cúiteamh iníoctha, de bhun an ailt seo, i ndáil leis an leas sin.
Fál a dhíchur nó a athrú (1963, alt 44).
20.—Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca aon fhál a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 44 den Phríomh-Acht, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh tráth an fhógra, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh an tráth sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin.
Orduithe slánchoimeádta crann (1963, alt 45).
21.—Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca aon chinneadh ón údarás diúltú toiliú a thabhairt ba ghá faoi ordú faoi alt 45 den Phríomh-Acht, nó aon toiliú den sórt sin a thabhairt faoi réir coinníollacha, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh lena mbaineann an cinneadh sin tráth an chinnidh, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh an tráth sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin, ach—
(a) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrann, crainn nó garrán crann nach cuid de choillearnach, go bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis an gcrann, leis na crainn nó leis an ngarrán, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil leis an gcrann, leis na crainn ná leis an ngarrán;
(b) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrainn is cuid de choillearnach, gur coinníoll is riachtanach a chur, ar mhaithe le taitneamhacht, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go ndéanfar athphlandáil, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú den sórt sin;
(c) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrainn is cuid de choillearnach, gur coinníoll is riachtanach a chur, mar gheall ar fhiúntas speisialta taitneamhachta nó ar spéisiúlacht speisialta, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go slánchoimeádfar cion sonraithe de na crainn, nach mó ná fiche faoin gcéad, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú;
(d) i gcás ina ndearbhaítear san ordú, maidir le haon chrainn is cuid de choillearnach, gur coinníoll is riachtanach a chur, mar gheall ar fhiúntas speisialta taitneamhachta nó ar spéisiúlacht speisialta, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go ndéanfar, ar cibé slí a bheidh sonraithe san ordú, leagan nó baint crann a chéimniú thar thréimhse 20 bliain ar a mhéid, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha i ndáil le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú.
Cearta slí poiblí a bhunú (1963, alt 48).
22.—Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur laghdaíodh luach leasa aon duine i dtalamh, is talamh ar bunaíodh ceart slí poiblí thairis le hordú faoi alt 48 den Phríomh-Acht a rinne an t-údarás sin, nó gur bhain damáiste d'aon duine a bhfuil leas aige sa talamh sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, de dhroim an ceart slí poiblí a bhunú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste sin.
Dul isteach ar thalamh (1963, alt 83).
23.—Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur bhain damáiste d'aon duine de dheasca aon ní a rinneadh faoi alt 83 den Phríomh-Acht, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh.
Cáblaí, sreanga agus píblínte (1963, alt 85).
24.—Más rud é, ar éileamh arna dhéanamh chuig an údarás pleanála, go suífear gur tharla, de dheasca gníomh a rinne an t-údarás sin de bhun alt 85 den Phríomh-Acht trí aon chábla, sreang nó píblíne a shuíomh, a athnuachan nó a dhíchur, trí aon bhrac nó daingneán a dhaingniú nó trí aon fhógra a ghreamú, gur laghdaíodh luach aon leasa a bhí ag aon duine sa talamh nó sa déanmhas an tráth a rinne an t-údarás pleanála an gníomh, nó gur bhain damáiste d'aon duine a raibh leas aige sa talamh nó sa déanmhas an tráth sin trí shealúchas na talún nó an déanmhais sin aige a dhíshocrú, beidh an duine sin i dteideal, faoi réir fhorálacha an Achta seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis, mar chúiteamh, méid an laghdaithe luacha sin nó méid an damáiste.
CUID V
Áitreabh a Cheangal le Séaraigh Phoiblí agus le Soláthairtí Uisce Poiblí
Ceangal le séaraigh de chuid údaráis sláintíochta.
25.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon déanmhas arb amhlaidh atá maidir leis, ar thosach feidhme an ailt seo—
(a) gur déanmhas neamhúdaraithe é nó gur déanmhas é ar úsáid neamhúdaraithe an úsáid a bhaintear as, nó
(b) nach bhfuil i gceangal le séarach de chuid údaráis sláintíochta,
nó maidir le haon déanmhas a fhoirgneofar, a thógfar nó a dhéanfar ar thosach feidhme an ailt seo nó dá éis.
(2) Ní bheidh feidhm ag alt 27 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i ndáil le déanmhas lena mbaineann an t-alt seo.
(3) D'ainneoin alt 23 den Public Health (Ireland) Act, 1878, nó aon achtacháin eile, ní bheidh úinéir nó áititheoir déanmhais lena mbaineann an t-alt seo i dteideal a chuid draenacha a cheangal le haon séarach de chuid an údaráis sláintíochta, ar ina limistéar feidhmiúcháin atá an t-áitreabh suite, ach amháin le toiliú an údaráis sláintíochta agus féadfaidh an t-údarás sláintíochta an toiliú sin a thabhairt faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leo a bheith réasúnach.
(4) Aon duine a cheanglóidh draein, nó a chuirfidh faoi deara draein a cheangal, le séarach de chuid údaráis sláintíochta de shárú ar fho-alt (3), beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.
(5) Féadfaidh an t-údarás sláintíochta aon cheangal idir draein agus séarach, a rinneadh de shárú ar fho-alt (3), a dhúnadh agus féadfaidh siad aon chaiteachais a thabhaigh siad faoin bhfo-alt seo a ghnóthú ón duine a rinne an ceangal nó a chuir faoi deara an ceangal a dhéanamh agus, mura n-íocfar an méid sin leis an údarás, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(6) I gcás ina nglacfaidh fógra faoi alt 8 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962, éifeacht i ndáil le haon áitreabh, ní gá, faoi fho-alt (3), toiliú ón údarás sláintíochta a sheirbheáil an fógra a fháil chun an t-áitreabh sin a cheangal le séarach cuí an údaráis sláintíochta.
(7) Mura gcuirfear a mhalairt in iúl, measfar, maidir le cead a thabhairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, nó ceadú a thabhairt faoi fhodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, nó alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 86 den Phríomh-Acht i ndáil le déanmhas lena mbaineann an t-alt seo, go bhfolaíonn siad toiliú ón údarás sláintíochta, faoi fho-alt (3), leis an déanmhas sin a cheangal le séarach cuí an údaráis sláintíochta.
(8) Le linn dóibh bheith ag breithniú ar chóir toiliú a thabhairt faoi fho-alt (3), beidh údarás sláintíochta i dteideal aird a bheith acu ar na sriantachtaí a thuairiscítear ag mír 1 den Triú Sceideal sa mhéid go mbaineann siad sin le soláthar saoráidí séarachais acu.
(9) San alt seo, tá le gach ceann de na téarmaí “draein”, “údarás sláintíochta” agus “séarach” an bhrí a shanntar dó sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1964.
Teorainn le halt 53 den Waterworks Clauses Act, 1847.
26.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 53 den Waterworks Clauses Act, 1847, ná ag aon achtachán eile ina dtugtar ceart chun soláthair uisce le haghaidh críocha tí, i ndáil le teach cónaithe is déanmhas neamhúdaraithe nó ar úsáid neamhúdaraithe an úsáid a bhaintear as.
(2) Ní chuirfidh aon ní san alt seo srian le hoibriú alt 8 (2) den Acht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1962.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Rialacha Maidir Le Méid Cúitimh a Chinneadh
1. Déanfar, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, an laghdú luacha a chinneadh faoi threoir na difríochta idir réamhluach agus luach iardain na talún, i gcás—
(a) gurb é réamhluach na talún an méid a d'fhéadfaí a bheith ag súil a réadódh an talamh dá ndíolfadh díoltóir toilteanach ar an margadh oscailte é díreach roimh an gcinneadh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht (agus ag glacadh leis nach mbeadh an t-iarratas iomchuí ar chead déanta), agus
(b) gurb é luach iardain na talún an méid a d'fhéadfaí a bheith ag súil a réadódh an talamh dá ndíolfadh díoltóir toilteanach ar an margadh oscailte é díreach tar éis an chinnidh sin.
2. Le linn réamhluach agus luach iardain na talún a bheith á chinneadh chun críocha Riail 1—
(a) tabharfar aird—
(i) ar aon ranníoc a d'fhéad nó a d'fhéadfadh údarás pleanála a éileamh mar réamhchoinníoll le forbairt na talún,
(ii) ar aon srian le forbairt na talún a d'fhéadfadh a bheith forchurtha, nó a d'fhéadfaí a fhorchur, gan ceart chun cúitimh a thabhairt, faoi aon Acht nó faoi aon ordú, rialacháin, riail nó fodhlí a rinneadh faoi aon Acht,
(iii) ar an bhfíoras go bhféadfadh sé go ndearnadh forbairt dhíolmhaithe ar an talamh nó go bhféadfar an fhorbairt sin a dhéanamh amhlaidh, agus
(iv) ar mhargadhluach oscailte aon talún inchomórtais, más ann dó, i gcomharsanacht na talún a bhfuil a luachanna á gcinneadh;
(b) ní chuirfear i gcuntas—
(i) aon chuid de luach na talún is inchurtha i leith fóirdheontas nó deontas atá ar fáil as airgead poiblí, nó i leith aon liúntas cánach nó rátúcháin i leith forbartha, a d'fhéadfadh dul chun tairbhe d'fhorbairt na talún,
(ii) oiriúnacht nó oiriúnaitheacht speisialta na talún chun críche ar bith mura bhféadfaí an talamh a úsáid chun na críche sin ach amháin de bhun cumhachtaí reachtúla, nó más críoch í nach bhfuil margadh ar bith ann di ach amháin riachtanais speisialta ceannaitheora áirithe nó riachtanais aon chomhlachta reachtúil de réir mar a mhínítear i Riail 5; ar choinníoll go gcuirfear i gcuntas aon tairiscint bona fide chun an talamh a cheannach a chuirfear ar a iúl don eadránaí,
(iii) aon mhéadú ar luach na talún is inchurtha i leith a úsáide, nó i leith úsáide aon déanmhais air, ar shlí a bhféadfadh aon chúirt srian a chur léi, nó atá contrártha don dlí nó a dhéanann dochar do shláinte áitritheoirí an déanmhais nó do shláinte nó sábháilteacht an phobail nó don timpeallacht,
(iv) aon laghdú nó méadú luacha is inchurtha i leith an talamh, nó aon talamh sa chomharsanacht, a chur in áirithe chun críche áirithe i bplean forbartha,
(v) aon luach is inchurtha i leith aon déanmhais neamhúdaraithe nó aon úsáide neamhúdaraithe,
(vi) (I) tograí a bheidh ann le haghaidh forbairt na talún nó aon talún eile ag comhlacht reachtúil, nó
(II) go mb'fhéidir nó gur dócha go dtiocfaidh an talamh nó talamh eile faoi réir scéime forbartha a rachaidh an comhlacht reachtúil sin ina bun, agus
(c) féadfar breithniú a dhéanamh ar gach tuairisceán agus measúnacht ar luach caipitiúil chun críocha cánachais a rinne nó lenar thoiligh an t-éilitheoir.
3. (1) Le linn na féidearthachtaí, más ann, ó thaobh fhorbairt na talún a bheith á measúnú d'fhonn réamhluach na talún sin a chinneadh, ní thabharfar aird ach amháin ar cibé féidearthachtaí réasúnacha a bhféadfaí a mheas, ag féachaint do na cúinsí ábhartha uile, gurbh ann dóibh díreach roimh an gcinneadh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht na fo-rialach roimhe seo, áireofar ar na cúinsí ábhartha chun críocha na fo-rialach sin—
(a) cineál agus suíomh na talún,
(b) cé acu is cosúil nó nach cosúil, de réir mar a bheidh, go bhfaighfí cead, nó cead breise, chun an talamh a fhorbairt ag féachaint d'fhorálacha an phlean fhorbartha,
(c) an toimhde go ndéanfaí, dá dtabharfaí aon chead chun an talamh a fhorbairt, aon choinníollacha a fhorchur a d'fhéadfaí le réasún a fhorchur i ndáil le nithe dá dtagraítear sa Cheathrú Sceideal (ach nach bhforchuirfí aon choinníollacha eile), agus
(d) aon chead chun an talamh a fhorbairt, nach cead le haghaidh forbartha de chineál a shonraítear in alt 13 (2), a bhí ar marthain cheana féin tráth an chinnidh iomchuí faoi Chuid IV den Phríomh-Acht.
4. (1) Le linn luach iardain na talún a bheith á chinneadh i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt—
(a) toimhdeofar, faoi réir fho-riail (2), nach dtabharfaí, tar éis an diúltaithe, cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht le haghaidh forbairt ar bith de chineál a shonraítear in alt 13 (2),
(b) tabharfar aird ar aon choinníollacha i ndáil le nithe dá dtagraítear sa Cheathrú Sceideal (ach ní ar aon choinníollacha eile) a d'fhéadfaí le réasún a fhorchur le linn cead a thabhairt chun an talamh a fhorbairt.
(2) I gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt i ndáil le talamh a bhfuil gealltanas i bhfeidhm ina leith faoi Chuid VI den Phríomh-Acht, toimhdeofar, le linn luach iardain na talún a bheith á chinneadh, nach dtabharfaí cead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, tar éis an diúltaithe, le haghaidh forbairt ar bith seachas forbairt lena mbaineann an gealltanas sin.
5. (1) I Riail 2, ciallaíonn “comhlacht reachtúil”:
(a) Aire den Rialtas,
(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,
(c) údarás áitiúil de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil, 1941,
(d) údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946,
(e) bord sláinte arna bhunú faoin Acht Sláinte, 1970,
(f) coiste gairmoideachais de réir bhrí an Achta Oideachais Ghairme Beatha, 1930,
(g) bord nó comhlacht eile arna bhunú le reacht nó faoi reacht,
(h) cuideachta a bhfuil na scaireanna go léir inti á sealbhú ag Aire den Rialtas, nó thar a cheann, nó ag stiúrthóirí arna gceapadh aige, nó
(i) cuideachta a bhfuil na scaireanna go léir inti á sealbhú ag bord, ag cuideachta, nó ag comhlacht eile dá dtagraítear i mír (g) nó (h).
(2) I bhfo-riail (1) (h) agus (i), ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963.
AN DARA SCEIDEAL
Forbairt nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha i leith Cead a Dhiúltú Í a Dhéanamh
1. Aon fhorbairt arb éard í, nó ar cuid di, aon athrú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.
2. Teach ináitrithe a scartáil.
3. Scartáil a dhéanamh ar fhoirgneamh is ábhar spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire a bhfuil sé de chuspóir forbartha ag an bplean forbartha é a shlánchoimeád.
4. Aon déanmhas fógráin a chur suas.
5. Talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint.
6. Forbairt i limistéar lena mbaineann ordú um limistéar taitneamhachta speisialta.
7. Aon fhorbairt ar thalamh a bhfuil cead ar fáil ina leith faoi Chuid IV den Phríomh-Acht (d'ainneoin gur diúltaíodh an cead a thabhairt) chun aon fhorbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionsclaíoch a dhéanamh, más é atá go hiomlán nó go formhór san fhorbairt na nithe seo a leanas a fhoirgniú, eadhon, tithe, árasáin, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin pheitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsaíochta, nó foirgnimh thionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh den chéanna, nach mbeidh faoi réir coinníollacha ar bith seachas coinníollacha den chineál dá dtagraítear sa Cheathrú Sceideal.
8. Aon fhorbairt ar thalamh ar íocadh cúiteamh ina leith cheana féin faoi alt 11, nó faoi alt 55 den Phríomh-Acht, faoi threoir cinnidh roimhe sin faoi Chuid IV den Acht sin inar diúltaíodh cead a thabhairt.
AN TRÍÚ SCEIDEAL
Cúiseanna le Cead a Dhiúltú nach mBeidh Cúiteamh Iníoctha ina leith
1. I gcás forbairt den chineál a bheartaítear ar an talamh, go mbeadh sé ró-luath í a dhéanamh ag féachaint d'aon sriantacht amháin nó níos mó díobh seo a leanas agus don tréimhse a bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go mbeadh deireadh leis na sriantachtaí atá i gceist—
(a) aon easnamh láithreach ar sholáthar soláthairtí uisce nó saoráidí séarachais,
(b) acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha ionchasaí a bhfuil cead arna thabhairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, gealltanas faoi Chuid VI den Acht sin nó fógra faoi alt 13 ar marthain ina leith,
(c) acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha ionchasaí i gcuid éigin eile de limistéar feidhmiúcháin an údaráis pleanála, mar a bheidh luaite sa phlean forbartha,
(d) acmhainn na soláthairtí uisce nó na saoráidí séarachais, láithreach nó ionchasach, a bheidh ag teastáil le haghaidh aon fhorbartha ionchasaí eile nó le haghaidh aon chuspóra forbartha, mar a bheidh luaite sa phlean forbartha,
(e) aon easnamh láithreach ar an ngréasán bóithre a fhreastalaíonn ar limistéar na forbartha beartaithe, lena n-áirítear cúinsí a bhaineann le hacmhainn, leithead, ailíniú nó le dromchla nó bail struchtúrach an chosáin, a d'fhágfadh go mbeadh an gréasán sin, nó aon chuid de, mí-oiriúnach chun an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre, de bharr na forbartha, a iompar,
(f) aon easnamh ionchasach (lena n-áirítear na cúinsí a shonraítear i bhfomhír (e)) ar an ngréasán bóithre a fhreastalaíonn ar limistéar na forbartha beartaithe ar easnamh é—
(i) a thiocfadh i gceist mar gheall ar an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre de bharr na forbartha sin agus de bharr forbartha ionchasaí a bhfuil cead arna thabhairt faoi Chuid IV den Phríomh-Acht, gealltanas faoi Chuid VI den Acht sin nó fógra faoi alt 13 ar marthain ina leith, nó
(ii) a thiocfadh i gceist mar gheall ar an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre de bharr na forbartha sin agus de bharr aon fhorbartha ionchasaí eile nó aon chuspóra forbartha, mar a bheidh luaite sa phlean forbartha, agus
(iii) a d'fhágfadh go mbeadh an gréasán bóithre sin, nó aon chuid de, mí-oiriúnach chun an trácht méadaithe is dócha a bheadh ar na bóithre, de bharr na forbartha beartaithe, a iompar.
2. Go mbeadh sé ró-luath forbairt den chineál beartaithe a dhéanamh go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag an údarás pleanála nó ag an údarás bóithre ar leagan amach bóithre don limistéar nó d'aon chuid de.
3. Go mbeadh sé ró-luath forbairt den chineál beartaithe a dhéanamh ag féachaint don ord tosaíochta, más ann, le haghaidh forbartha atá luaite sa phlean forbartha.
4. Go gcuirfeadh an fhorbairt bheartaithe sábháilteacht an phobail i mbaol mar gheall ar chontúirt tráchta nó ar bhacadh úsáidirí bóthair nó ar shlí eile.
5. Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe, inti féin nó mar gheall ar an bhfasach a bhunófaí d'fhorbairt iomchuí eile dá dtabharfaí cead lena haghaidh, dochar d'úsáid bóthair náisiúnta nó príomhbhóthair eile ag an trácht.
6. Go gcuirfeadh an fhorbairt bheartaithe isteach ar amharc nó radharc a bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis agus is gá a shlánchoimeád.
7. Go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ina bun le haerthruailliú nó uiscethruailliú tromaí, le truailliú tromaí de dheasca torainn nó tonnchreatha nó truailliú ó dhiúscairt dramhaíola.
8. I gcás forbairt ina n-áirítear aon déanmhas, nó aon bhreis nó méadú ar aon déanmhas, gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú—
(i) go mbrisfeadh sé líne foirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne foirgníochta arna chinneadh ag an údarás pleanála nó ag an mBord,
(ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí,
(iii) go ndéanfadh sé díobháil mhór do na taitneamhachtaí nó go laghdódh sé luach maoine sa chomharsanacht,
(iv) gur dhócha dó a bheith ina chúis le haon bhrú mór tráchta,
(v) gur bhaol é do shábháilteacht aerárthaí nó do loingseoireacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí nó go gcuirfeadh sé isteach ar an gcéanna,
(vi) gur bhaol é do shláinte nó do shábháilteacht daoine a bheidh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis, nó
(vii) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail.
9. Go sáródh an fhorbairt, go hábhartha, coinníoll atá ag gabháil le cead forbartha láithreach.
10. Go ndéanfadh an fhorbairt bheartaithe díobháil do shéadchomhartha stairiúil, nó go gcuirfeadh sé isteach ar shéadchomhartha stairiúil, atá cláraithe i gClár na Séadchomharthaí Stairiúla faoi alt 5 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú), 1987, nó atá suite i limistéar seandálaíochta atá cláraithe amhlaidh.
11. Go sáródh an fhorbairt, go hábhartha, cuspóir forbartha atá luaite sa phlean forbartha chun limistéir áirithe a úsáid go hiomlán nó go príomha (de réir mar a bheidh luaite sa phlean forbartha) chun críocha áirithe (cibé acu is críocha cónaithe, tráchtála, tionsclaíocha, talmhaíochta nó críocha eile iad).
12. Faoi réir mhír 13, ní bheidh feidhm ag mír 11 i gcás ina raibh cuspóir forbartha le haghaidh na húsáide a shonraítear i mír 11 i bhfeidhm maidir leis an talamh tráth ar bith le linn na gcúig bliana díreach roimh an dáta ar a ndearnadh an t-iarratas iomchuí ar chead faoi Chuid IV den Phríomh-Acht chun an talamh a fhorbairt, agus nach sáródh an fhorbairt an cuspóir forbartha sin go hábhartha.
13. Ní bheidh feidhm ag mír 12 i gcás ina bhfuair duine a leas sa talamh—
(a) tar éis don chuspóir forbartha dá dtagraítear i mír 11 teacht i ngníomh, nó
(b) tar éis fógra a bheith foilsithe,
(i) de réir alt 21 den Phríomh-Acht, i dtaobh plean forbartha nua beartaithe nó i dtaobh athfhoirmithe beartaithe ar phlean forbartha, nó
(ii) de réir alt 21A den Phríomh-Acht, i dtaobh athrú ábhartha ar an dréacht lena mbaineann,
a luann, i ndréacht, an cuspóir forbartha dá dtagraítear i mír 11.
14. Chun críocha mhír 13, beidh dualgas ar dhuine na fíorais ábhartha go léir a bhaineann lena leas sa talamh a chruthú chun sástachta an údaráis pleanála.
15. Sa Sceideal seo, tá le gach ceann de na téarmaí “údarás bóithre” agus “bóthar náisiúnta” an bhrí a shanntar dó san Acht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL
Coinníollacha is féidir a Fhorchur, gan Cúiteamh a Íoc, ar Chead a Thabhairt chun Talamh a Fhorbairt
1. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (e) den Phríomh-Acht, á cheangal urrús a thabhairt go gcríochnófar go sásúil an fhorbairt bheartaithe (lena n-áirítear bóithre, spásanna oscailte, carrchlóis, séaraigh, mórphíopaí uisce nó draenacha a chothabháil go dtí go nglacfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí faoina gcúram iad).
2. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (g) den Phríomh-Acht, á cheangal go ndéanfar ranníoc faoi chomhair caiteachais a thabhaigh aon údarás áitiúil i leith oibreacha (lena n-áirítear spásanna oscailte a chur ar fáil) a d'urasaigh an fhorbairt bheartaithe.
3. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (h) den Phríomh-Acht, á cheangal go ndéanfar ranníoc faoi chomhair caiteachais (lena n-áirítear caiteachas ag fáil talún) a bheartóidh aon údarás áitiúil a thabhú maidir le hoibreacha a urasóidh an fhorbairt bheartaithe.
4. Coinníoll, faoi alt 26 (2) (j) den Phríomh-Acht, á cheangal déanmhas fógráin a dhíchur.
5. Aon choinníoll faoi alt 26 (2) (j) den Phríomh-Acht i gcás gur le déanmhas sealadach a bhaineann an t-iarratas iomchuí ar chead.
6. Aon choinníoll a bhaineann le haon ní nó le gach ní acu seo a leanas—
(a) méid, airde, achar urláir agus carachtar déanmhas;
(b) línte tógála, cumhdach an láithreáin, agus an spás timpeall teaghaisí agus déanmhas eile;
(c) méid na n-ionad loctha a mbeidh gá leo i ndéanmhais d'aicme nó de mhéid áirithe nó orthu nó fúthu nó seirbhísí nó saoráidí chun feithiclí a locadh, a luchtú, a dhíluchtú nó a bhreoslú;
(d) na rudaí is cead a dhaingniú de dhéanmhais;
(e) na críocha chun a bhféadfar agus an modh ar a bhféadfar déanmhais a úsáid nó a áitiú, lena n-áirítear, i gcás teaghaisí, iad a ligean ina dtionóntáin ar leithligh.
7. Aon choinníoll a bhaineann le dearadh agus dathanna déanmhas agus na hábhair dá ndéanfar iad.
8. Aon choinníollacha lena ndéantar talamh sonraithe a chur in áirithe nó a dháileadh le haghaidh déanmhas d'aicme nó d'aicmí sonraithe, nó lena ndéantar tógáil, foirgniú nó déanamh aon aicme nó aicmí áirithe déanmhas ar aon talamh sonraithe a thoirmeasc nó a shrianadh go buan nó go sealadach.
9. Aon choinníoll lena gcuirtear teorainn leis an méid déanmhas d'aicme áirithe is féidir a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh ar aon talamh sonraithe nó ann nó faoi.
10. Aon choinníoll a bhaineann leis na nithe seo a leanas—
(a) eagar nó leagan amach déanmhas nó déanmhas d'aon aicme sonraithe (lena n-áirítear méid réasúnach spáis oscailte a chur in áirithe i gcomhréir le líon, aicme agus carachtar na ndéanmhas a bheidh i dtrácht in aon togra áirithe i dtaobh forbartha);
(b) an modh ar a ndéanfar aon talamh a leagan amach chun críocha forbartha, lena n-áirítear ceanglais maidir le leagan amach bóithre, tírdhreachú, plandáil;
(c) soláthairtí uisce, séaraigh, draenacha agus soilsiú poiblí a chur ar fáil;
(d) bóithre seirbhíse a chur ar fáil agus suíomh agus dearadh bealaí go dtí bóithre;
(e) saoráidí a chur ar fáil chun feithiclí a locadh, a dhíluchtú, a luchtú agus a bhreoslú ar aon talamh.
11. Aon choinníoll a bhaineann le hathrú nó díchur déanmhas neamhúdaraithe.
12. Aon choinníoll a bhaineann le leagan amach na forbartha beartaithe, lena n-áirítear tiús, spásáil, grúpáil agus treo-shuíomh déanmhas i gcomhréir le bóithre, spásanna oscailte agus déanmhais eile.
13. Aon choinníoll a bhaineann le soláthar agus suíomh seirbhísí sláintíochta agus saoráidí caitheamh aimsire.
14. Aon choinníoll lena ndéantar talamh a chur in áirithe mar pháirc phoiblí, mar ghairdín poiblí nó mar spás caitheamh aimsire poiblí, ar talamh é a úsáidtear mar sin de ghnáth.
15. Aon choinníoll a bhaineann le foirgnimh is ábhar spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire a shlánchoimeád.
16. Aon choinníoll a bhaineann le pláistéireacht, staighrí, obair adhmaid nó daingneáin nó gnéithe eile is díol spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta nó staire agus is cuid den taobh istigh de dhéanmhais a shlánchoimeád.
17. Aon choinníoll a bhaineann le huaimheanna, láithreáin, gnéithe agus rudaí eile is ábhar spéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta nó staire a shlánchoimeád.
18. Aon choinníoll a bhaineann le hamhairc agus radharcanna agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéisiúlachta a shlánchoimeád.
19. Aon choinníoll a bhaineann le crainn, toir, plandaí agus bláthanna a shlánchoimeád agus a chosaint.
20. Aon choinníoll ag cur toirmisc nó srianadh, nó ag déanamh rialú, i gcoitinne nó laistigh d'fhad sonraithe ó lárlíne aon bhóthair shonraithe, ar thógáil gach saghas nó aon saghsanna áirithe déanmhais fógráin nó ar thaispeáint gach saghas nó aon saghsanna áirithe fógráin.
21. Aon choinníoll lena ndéantar díobháil do thaitneamhachtaí a chosc, a leigheas nó a dhíchur ar díobháil í de bharr aon déanmhas a bheith ligthe i léig nó i bhfaillí nó de bharr cuma mhíthaitneamhach nó cuma na faillí a bheith ar aon talamh atá ag gabháil le déanmhas nó tadhlach le haon bhóthar poiblí nó atá i limistéar tithe cónaithe.
22. Aon choinníoll lena dtoirmisctear, lena rialáiltear nó lena rialaítear cur nó diúscairt iarmhair agus bruscair, diúscairt séarachais agus truailliú aibhneacha, lochanna, linnte, lintéar agus cladach farraige.
23. Aon choinníoll lena slánchoimeádtar aon cheart slí poiblí láithreach a thugann bealach chun farraige, chun sléibhe, go bruach locha nó abhann, nó chun áite eile a ngabhann áilleacht nádúrtha leis nó a úsáidtear le haghaidh caitheamh aimsire.
24. Aon choinníoll a bhaineann le hábhar a bhféadfaí ceanglas a fhorchur ina leith faoi áon Acht eile, nó faoi aon ordú, rialachán, riail nó fodhlí arna dhéanamh faoi aon Acht eile, gan dliteanas cúitimh a bheith i gceist.
25. Aon choinníoll a bhaineann le bearta chun astaíocht nó intíocht torainn nó tonnchreatha a laghdú nó a chosc.
26. Aon choinníoll lena dtoirmisctear teach ináitrithe a scartáil.
27. Aon choinníoll a bhaineann le líonadh talún.
28. Aon choinníoll ar mhaithe le sábháilteacht aerárthaí nó le loingseoireacht shábháilte éifeachtúil aerárthaí a chinntiú.
29. Aon choinníoll lena gcinntear an t-ord ina seolfar oibreacha nó lena sonraítear tréimhse ar laistigh di a chuirfear oibreacha i gcrích.
30. Aon choinníoll ag cur srian le háitiú déanmhais ar bith atá ar áireamh i bhforbairt go dtí go mbeidh oibreacha eile san fhorbairt curtha i gcrích nó go dtí go gcomhlíonfar aon choinníoll sonraithe eile nó go dtí go dtabharfaidh an t-údarás pleanála a dtoiliú leis an áitiú sin.