Uimhir 1 de 1970
AN tACHT SLÁINTE, 1970
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Sláinte, 1970, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus den Acht seo le chéile.
(3) Forléireofar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.
(4) Ach amháin mar a bhforáiltear go sonrach dá mhalairt, tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar, le hordú nó orduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.
Léiriú.
2.—(1) Aon tagairt atá san Acht seo do Chuid, alt nó sceideal, is tagairt í do Chuid, alt nó sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(2) Aon tagairt atá san Acht seo d'fho-alt, mír, fomhír nó riail is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír nó don riail den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
(3) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.
Aisghairm.
3.—Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
CUID II
Riarachán
Caibidil I
Boird Sláinte
Boird sláinte a bhunú.
4.—(1) Chun na seirbhíse sláinte sa Stát a riaradh, bunóidh an tAire le rialacháin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, cibé méid bord (ar a dtabharfar agus dá ngairtear san Acht seo boird sláinte) is iomchuí leis, agus déanfaidh sé, leis na rialacháin sin, teideal gach boird sláinte a bhunófar amhlaidh a shonrú agus limistéar feidhme gach boird den sórt sin a mhíníú agus, faoi réir fho-alt (2), sonróidh sé comhaltas gach boird sláinte.
(2) (a) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de bhord sláinte—
(i) daoine a cheapfaidh na húdaráis áitiúla iomchuí,
(ii) daoine a cheapfar, trína dtoghadh, ag dochtúirí leighis cláraithe agus trína dtoghadh ag comhaltaí cibé gairmeacha coimhdeacha a shonrófar sna rialacháin iomchuí faoi fho-alt (1),
(iii) daoine a cheapfaidh an tAire.
(b) In aon sonrú ar chomhaltas boird sláinte le rialacháin faoin alt seo beidh an líon daoine a chomhlíonfaidh an coinníoll atá i mír (a) (i) níos mó ná an líon iomlán comhaltaí eile a bheidh ar an mbord sláinte.
(c) Ní bheidh feidhm ag mír (a) (ii) i gcás na chéad chomhaltaí a cheapfar ar bhord sláinte, ach beidh ar na chéad daoine a cheapfar ar Bhord sláinte faoi mhír (a) (iii) daoine a cheapfar ar na n-ainmniú ag comhlachtaí atá, i dtuairim an Aire, ionadaitheach do ghairm an leighis agus do ghairmeacha coimhdeacha nó do bhrainsí áirithe den chéanna.
(3) Chun críocha fho-alt (2) agus mhíreanna 14 (1) agus 16 (2) den Dara Sceideal is iad na húdaráis áitiúla iomchuí gach comhairle contae nó gach bardas contae-bhuirge a bhfuil a limistéar feidhme (nó cuid dá limistéar feidhme) i limistéar feidhme an bhoird sláinte iomchuí agus, sa chás iomchuí, is údarás áitiúil iomchuí Bardas Dhún Laoghaire.
(4) Rachaidh an tAire i gcomhairle le comhairle contae, le bardas contae-bhuirge nó le Bardas Dhún Laoghaire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin alt seo a bhainfidh le limistéar feidhme na comhairle nó an bhardais lena mbainfidh.
(5) Déanfar dréacht de rialacháin a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún do cheadú an dréachta.
(6) Ní bheidh feidhm ag alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947, maidir le rialacháin faoin alt seo.
Forálacha ginearálta maidir le boird sláinte.
5.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le bord sláinte a bhunófar faoin Acht seo:
(a) beidh an bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain;
(b) féadfaidh an bord agra a dhéanamh agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus féadfaidh sé talamh a shealbhú agus a dhiúscairt;
(c) soláthróidh agus sealbhóidh an bord gnáthshéala agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala;
(d) d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, na comhaltaí den bhord a cheapfaidh comhairle contae is comhaltaí den chomhairle sin a bheidh iontu agus na comhaltaí den bhord a cheapfaidh bardas contae-bhuirge nó buirge eile is comhaltaí den chomhairle chathrach nó den chomhairle buirge don bhuirg sin a bheidh iontu;
(e) beidh feidhm maidir leis an mbord ag na rialacha atá leagtha amach sa Dara Sceideal.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú arna dhéanamh ar iarratas ó bhord sláinte, riail éagsúil a chur, maidir leis an mbord sin, in ionad aon riail acu seo a leanas atá leagtha amach sa Dara Sceideal, is é sin, rialacha 15, 17, 20, 21, 22, 23.
(3) Nuair a dhéanfar ordú faoi fho-alt (2), beidh feidhm ag an Dara Sceideal maidir leis an mbord sláinte iomchuí ach an riail a bheidh leagtha amach san ordú a chur in ionad na rialach iomchuí sa sceideal sin.
Feidhmeanna bord sláinte.
1919, c. 72.
1920, c. 49.
6.—(1) Faoi réir alt 17 comhlíonfaidh bord sláinte na feidhmeanna a bheidh tugtha dó faoin Acht seo agus aon fheidhmeanna eile a bhí, díreach roimh é a bhunú, á bhfeidhmiú ag údarás áitiúil (seachas údarás sláintíochta) i limistéar feidhme an bhoird sláinte maidir le hoibriú seirbhísí arna soláthar faoi réim, nó i ndáil le riaradh, na n-achtachán a shonraítear i bhfo-alt (2).
(2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—
(a) na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1966,
(b) na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966,
(c) na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952,
(d) na Notification of Births Acts, 1907 and 1915,
(e) na hAchtanna a bhaineann le clárú póstaí,
(f) na hAchtanna um Biadh agus Druganna do Dhíol, 1875 go 1936,
(g) Cuid I den Children Act, 1908, agus ailt 2 agus 3 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957,
(h) an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919,
(i) an Blind Persons Act, 1920,
(j) Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1930, agus Acht na dTailte Stáit (Tithe Oibre), 1962,
(l) Acht na mBan Cabhartha, 1944, arna leasú le hAcht na nAltran, 1950,
(m) na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964,
(3) Déanfar aon tagairt in aon achtachán (seachas an tAcht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947) nó in aon ionstraim reachtúil d'údarás sláinte a fhorléiriú mar thagairt do bhord sláinte nó, má chinneann an tAire amhlaidh le hordú, do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte.
(4) Leasaítear leis seo alt 10 (1) (a) den Acht um Staidreamh Beatha agus um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí, 1952, trí “is é an bord sláinte” a chur in ionad “is é an t-údarás cúnaimh phoiblí faoin Acht um Chúnamh Poiblí, 1939 (Uimh. 27 de 1939),”.
Coistí áitiúla.
7.—(1) Bunóidh an tAire le rialacháin, maidir le limistéar feidhmiúcháin gach boird sláinte, cibé líon coistí (a dtabharfar coiste áitiúil ar gach coiste díobh agus a ngairtear coiste áitiúil de gach coiste díobh san Acht seo) is dóigh leis is iomchuí.
(2) Beidh i rialacháin faoin alt seo forálacha a bhainfidh le ceapadh, seilbh oifige, dícháiliú comhaltaí de choiste áitiúil agus lena gcur as oifig, a bhainfidh le cathaoirleach agus leas-chathaoirleach ar choiste áitiúil a cheapadh, a bhainfidh le comóradh cruinnithe, leis an gcóram do chruinnithe, agus an nós imeachta ag cruinnithe, coiste áitiúil.
(3) Sonrófar comhaltas coiste áitiúil i rialacháin faoin alt seo agus forálfaidh na rialacháin sin gur daoine is comhaltaí de chomhairle contae nó contae-bhuirge don limistéar iomchuí agus, i gcás inarb iomchuí, de Chomhairle Bhardas Dhún Laoghaire líon is mó ná leath comhaltaí an choiste.
(4) Rachaidh an tAire i gcomhairle le gach bord sláinte, le gach comhairle contae, le gach bardas contae-bhuirge nó le Bardas Dhún Laoghaire sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin alt seo a bhainfidh le limistéar feidhme an bhoird, na comhairle nó an bhardais lena mbainfidh.
(5) (a) Is í príomh-fheidhm coiste áitiúil comhairle a thabhairt don bhord sláinte i dtaobh an bord sláinte do sholáthar seirbhísí sláinte i limistéar feidhme an choiste, agus breithneoidh bord sláinte aon chomhairle a thabharfar dó amhlaidh.
(b) Feidhmeoidh coiste áitiúil cibé feidhmeanna eile a tharmligfidh an bord sláinte iomchuí, faoi réir aon teorainneacha a shonróidh an tAire, chuige.
Coistí bord sláinte.
8.—(1) Féadfaidh bord sláinte cibé coistí is oiriúnach leis a bhunú agus féadfaidh sé, faoi réir an Achta seo, feidhmeanna agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a shainiú agus, faoi réir aon teorainneacha a shonróidh an tAire, feidhmeanna sonraithe a tharmligean chun aon choiste den sórt sin.
(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den bhord a bheith, le toiliú an Aire, ina gcomhaltaí de choiste a cheapfar faoin alt seo.
Caiteachais comhaltaí bord agus coistí.
9.—(1) Féadfaidh bord sláinte íocaíochtaí a dhéanamh le comhalta de bhord sláinte nó de choiste a bunaíodh faoi alt 7 nó 8 i leith caiteachas taistil agus cothaithe a thabhófar ag freastal ar chruinniú den bhord nó den choiste nó ar shlí eile de bhun gnó an bhoird.
(2) Is de réir scála a bheidh cinnte ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais a dhéanfar íocaíochtaí faoin alt seo.
Liúntais do chathaoirligh agus do leascathaoirligh bord sláinte.
10.—(1) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, liúntas a íoc lena chathaoirleach i leith caiteachais (seachas caiteachais dá dtagraítear in alt 9) a thabhóidh sé maidir le gnó an bhoird.
(2) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, liúntas a íoc lena leaschathaoirleach i leith caiteachais (seachas caiteachais dá dtagraítear in alt 9) a thabhóidh sé maidir le gnó an bhoird.
(3) Is é an méid a bheidh i liúntas faoin alt seo agus an cineál caiteachas a n-íocfar é ina leith méid agus cineál a cheadóidh an tAire.
Boird sláinte do ghníomhú i gcomhar.
11.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh agus údarás a thabhairt chun dhá bhord sláinte nó níos mó do gníomhú i gcomhar ag feidhmiú aon cheann dá bhfeidhmeanna dóibh maidir le hiomlán a limistéir feidhme faoi seach nó maidir le haon chuid den chéanna.
(2) Féadfaidh ordú faoin alt seo socrú a bheith ann i dtaobh an mhodha a n-íocfar na caiteachais a thabhófar ag gníomhú i gcomhar amhlaidh agus chun comhbhord a bhunú chun críocha an ordaithe.
(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le comhbhord a bhunófar faoin alt seo:
(a) beidh an bord ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain faoin ainm a thabharfar air leis an ordú,
(b) féadfaidh an bord agra a dhéanamh agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe,
(c) beidh cumhacht ag an mbord talamh a shealbhú agus a dhiúscairt,
(d) soláthróidh agus sealbhóidh an bord gnáthshéala agus fíordheimhneofar an gnáth shéala sin le síniú an chathaoirligh nó comhalta éigin eile a bheidh údaraithe gníomhú chuige sin agus le síniú oifigigh don bhord a bheidh údaraithe gníomhú chuige sin,
(e) tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ordú nó ionstraim eile é a rinne an bord agus a bheith séalaithe lena shéala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir mhír (d) ) agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suitear a mhalairt,
(f) féadfaidh an tAire, le hordú, aon fhorálacha den Acht seo nó d'aon rialacháin faoin Acht seo, faoi réir cibé modhnuithe nó teorainneacha is oiriúnach leis agus a shonróidh sé le hordú, a chur chun feidhme maidir leis an mbord.
(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú a rinneadh faoin alt seo a chúlghairm, agus beidh san ordú cúlghairme cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is foirsteanach de dhroim na cúlghairme agus, go háirithe foráil dóibh seo a leanas—
(a) an comhbhord a dhíscaoileadh agus maoin, cearta agus dliteanais an chomhbhoird a aistriú chun boird sláinte, chun dhá bhord sláinte nó níos mó, chun comhbhoird eile nó chun dhá chomhbhord eile nó níos mó,
(b) conarthaí leanúnacha a rinne an comhbhord díscaoilte a choimeád ar marthain,
(c) leanúint d'imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh,
(d) sealbhóir oifige faoin gcomhbhord díscaoilte a aistriú go dtí oifig cosúil léi faoi cheann de na boird sláinte a cheap comhaltaí an chomhbhoird dhíscaoilte nó faoi chombhord eile a bhfuil a limistéar feidhme comhthreorannach le nó ina bhfuil nó ar cuid é de limistéar feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte.
(5) Má dhéantar, faoi ordú faoi fho-alt (4), sealbhóir oifige faoi chomhbhord a aistriú chun oifige eile, measfar, maidir le haon achtachán a bhaineann le haoisliúntas, nár díscaoileadh an oifig chéadluaite.
Bord a chur as oifig.
12.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, comhaltaí boird sláinte a chur as oifig má tharlaíonn agus aon uair a tharlóidh—
(a) gur deimhin leis, tar éis dó a chur faoi deara fiosrú áitiúil a chomóradh i dtaobh an bhoird do chomhlíonadh dualgas an bhoird, nach bhfuil na dualgais á gcomhlíonadh go cuí agus go héifeachtach,
(b) go mbeidh an bord tar éis a dhiúltú nó a fhaillí déanamh de réir breithiúnais, ordaithe nó foraithne ó aon chúirt,
(c) go mbeidh an bord tar éis diúltú, tar éis fógra cuí, a cheadú a chuntais a iniúchadh ag iniúchóir a ceapadh chuige sin faoi alt 28, nó
(d) gur lú ná an córam do chruinnithe den bhord an líon comhaltaí den bhord atá i gcumas gníomhú.
(2) I gcás ina ndéanfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (1), tabharfaidh sé do na daoine a bheidh curtha as oifig mar chomhaltaí den bhord fógra i dtaobh an t-ordú a dhéanamh agus ag insint a chúiseanna lena gcur as oifig.
(3) Beidh in ordú faoin alt seo cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá de dhroim na comhaltaí den bhord sláinte a chur as oifig, ar a n-áirítear forálacha chun duine nó daoine a cheapfaidh an tAire d'fheidhmiú na bhfeidhmeanna is infheidhmithe ag na comhaltaí.
(4) Déanfaidh an tAire, laistigh de dhá bhliain ó dháta comhaltaí boird sláinte a chur as oifig faoin alt seo, socrú comhaltaí a cheapadh as an nua chun an bhoird sin.
(5) Chun críche ceapacháin faoi fho-alt (4), beidh feidhm ag alt 4 agus ag na rialacháin faoi agus ag an Dara Sceideal faoi réir aon mhodhnuithe is gá chun go bhféadfar na ceapacháin sin a dhéanamh agus a shonrófar san ordú iomchuí a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (4).
CAIBIDIL II
Oifigigh agus Seirbhísigh, etc.
Príomh-oifigigh fheidhmiúcháin bord sláinte.
13.—(1) Ceapfar, i leith gach boird sláinte a bhunófar faoin Acht seo, duine ar a dtabharfar príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird agus a ghníomhóidh mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin don bord.
(2) (a) I gcás ina mbeidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin, ar chúis ar bith seachas a fhionraí óna dhualgais a chomhlíonadh, neamhábalta go sealadach gníomhú mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin, féadfaidh sé, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an bhoird sláinte (nó, má bhíonn sé as láthair, leis an leas-chathaoirleach) duine eile d'oifigigh an bhoird sin a cheapadh chun gníomhú mar leas-phríomhoifigeach feidhmiúcháin an fad a bheidh sé neamhábalta amhlaidh.
(b) I gcás ina mbeidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin neamhábalta go sealadach ar aon chúis gníomhú mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin agus nach mbeidh ceapachán déanta aige faoin bhfo-alt seo nó go mbeidh ceapachán a rinneadh faoin bhfo-alt seo, ag an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin sin nó ar shlí eile, arna fhoirceannadh faoi mhír (d), nó mar gheall ar an duine a ceapadh d'fháil bháis nó éirí as oifig, féadfaidh cathaoirleach an bhoird sláinte (nó, má bhíonn sé as láthair, an leas-chathaoirleach) duine d'oifigigh eile an bhoird sin a cheapadh chun gníomhú mar leas-phríomh-oifigeach feidhmiúcháin ar feadh an fhaid eile a bheidh an príomh-oifigeach neamhábalta amhlaidh.
(c) Féadfaidh an tAire aicmí oifigeach a shonrú is incheaptha mar leas-phríomh-oifigeach feidhmucháin agus is de réir aon sonrú den sórt sin a dhéanfar aon cheapadh faoin bhfo-alt seo.
(d) Féadfaidh cathaoirleach an bhoird sláinte le toiliú an Aire ceapadh mar leas-phríomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhoirceannadh tráth ar bith.
(e) Beidh deireadh le ceapadh mar leas-phríomh-oifigeach feidhmiúcháin ar an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin scor de bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.
(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhorléiriú mar thagairt do dhuine a ceapadh faoin alt seo.
(4) Sealbhóidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin a oifig ar cibé tearmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an tAire ó am go ham.
(5) Íocfaidh bord sláinte lena phríomh-oifigeach feidhmiúcháin cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tAire ó am go ham.
(6) Féadfaidh an tAire, sula mbunófar bord sláinte—
(a) a iarraidh ar na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla duine a roghnú faoi alt 15 chun a cheaptha mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin don bhord,
(b) socrú a dhéanamh le haghaidh duine a roghnófar amhlaidh a oiliúint, agus
(c) aon chaiteachas (ar a n-áirítear luach saothair a íoc, go dtí go mbunófar an bord, le duine a roghnófar amhlaidh) a thabhófar faoin bhfo-alt seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(7) Ar an mbord iomchuí a bhunú, measfar duine a roghnaíodh de réir fho-alt (6) a bheith ceaptha mar phríomh-oifigeach feidmiúcháin an bhoird sin.
(8) Is feidhm de chuid an bhoird príomh-oifigeach feidhmiúcháin a cheapadh de bhun moladh ó na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla a dhéanfar ar shlí seachas chun críocha fho-alt (6).
(9) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach an bhoird nó, má bhíonn sé as láthair, le leas-chathaoirleach an bhoird, príomh-oifigeach feidhmiúcháin a cheapadh go sealadach.
Oifigigh agus seirbhísigh eile do bhoird sláinte.
14.—(1) I dteannta an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, ceapfar chun boird sláinte cibé oifigigh eile agus cibé líon díobh agus cibé seirbhísigh agus cibé líon díobh a chinnfidh an bord ó am go ham de réir orduithe ón Aire.
(2) Is feidhm de chuid an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin oifigeach dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó seirbhíseach do bhord sláinte a cheapadh.
(3) Aon oifigeach nó seirbhíseach do bhord sláinte a cheapfar faoin alt seo sealbhóidh sé a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais a chinnfidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin ó am go ham.
(4) Íocfaidh bord sláinte le hoifigeach nó seirbhíseach a cheapfar faoin alt seo cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin ó am go ham.
(5) (a) Nuair a bheidh oifigeach nó seirbhíseach á cheapadh aige, gníomhóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin de réir orduithe an Aire ach ní bheidh aon ordú den sórt sin ar neamhréir le halt 15.
(b) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh aige faoi fho-alt (3) nó (4), gníomhóidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin de réir orduithe an Aire agus beidh aird aige ar aon chomhshocraíochtaí a bheidh i ngníomh le haghaidh comhréitigh agus eadrána le daoine lena mbainfidh an cinneadh.
(6) Féadfaidh aon oifigeach do bhord sláinte arb éagóir leis cinneadh faoi fho-alt (3) nó (4) a iarraidh ar an Aire ordú a thabairt ina leith sin faoi fho-alt (5).
(7) Féadfaidh oifigeach a cheapfar faoin alt seo socrú a dhéanamh chun a dhualgais a chomhlíonadh ar feadh tréimhse sonraithe ag ionadaí a ainmneoidh an t-oifigeach, le toiliú an Aire, nó le toiliú an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin arna thabhairt de réir aon orduithe ón Aire.
(8) Beidh na cáilíochtaí iomchuí a cheadófar faoi alt 18 ag ionadaí a ainmneofar faoi fho-alt (7).
Feidhm Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940.
15.—(1) Bainfidh Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, le ceapadh príomh-oifigeach feidhmiúcháin agus le cibé oifigigh eile faoi bhoird sláinte a chinnfidh an tAire ó am go ham le toiliú na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ionann is dá mba údaráis áitiúla na boird, ach faoi réir aon mhodhnuithe a shonróidh an tAire le hordú a dhéanfaidh sé le toiliú na gCoimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla.
(2) Déanfar tagairtí don Aire iomchuí in ailt 29 agus 30 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, a fhorléiriú, maidir le ceapacháin chun bord sláinte, mar thagairtí don Aire.
Tarmligean ag príomh-oifigeach feidhmiúcháin.
16.—(1) Féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte aon fheidhm is infheidhmithe aige a tharmligean chun oifigeach eile de chuid an bhoird, faoi réir aon treoracha ina leith sin ón Aire.
(2) I gcás ina ndéanfar tarmligean chun oifigigh faoin alt seo—
(a) feidhmeoidh an t-oifigeach an fheidhm tharmligthe faoi ordú agus rialú ginearálta an príomh-oifigigh fheidhmiúcháin;
(b) feidhmeoidh an t-oifigeach an fheidhm tharmligthe de réir aon teorannacha a shonrófar sa tarmligean maidir leis an limistéar ina bhfeidhmeoidh sé nó an tréimhse nó a mhéid a fheidhmeoidh sé an fheidhm sin, agus
(c) aon fhoráil arna déanamh leis an Acht seo no faoi nó le haon Acht eile nó faoi a dhílsíonn feidhm don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó a rialaíonn an tslí ina bhfeidhmeofar aon fheidhm áirithe beidh, más inchurtha chun feidhme agus a mhéid is inchurtha chun feidhme í maidir leis an bhfeidhm tharmligthe, éifeacht aici, chun críocha na feidhme sin a fheidhmiú ag an oifigeach, ach an t-oifigeach a chur in ionad an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin.
(3) D'ainneoin fo-alt (2), i gcás ina ndéanfar tarmligean chun oifigigh faoin alt seo—
(a) féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le feidhmiú, a chur in iúl don oifigeach go bhfuil cinnte aige an fheidhm a fheidhmiú é féin, agus air sin is ag an príomh-oifigeach feidhmiúcháin agus ní hag an oifigeach a bheidh an fheidhm le feidhmiú, agus
(b) más deimhin leis an oifigeach, in aon chás áirithe ina mbeidh an fheidhm le feidhmiú, gur chuí-de gurb é an príomhoifigeach feidhmiúcháin féin a d'fheidhmeodh í mar gheall ar thábhacht an chinnte nó mar gheall ar aon ní réasúnach eile, féadfaidh an t-oifigeach an cás a tharchur chun an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, agus air sin is ag an bpríomh-oifigeach agus ní hag an oifigeach a bheidh an fheidhm le comhlíonadh.
(4) Féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin tarmligean faoin alt seo a chúlghairm.
(5) I gcás ina bhfeidhmeoidh oifigeach feidhm de bhun tarmligin faoin alt seo agus go mbeidh aon fhormhuirear nó muirear le muirearú ina dhiaidh sin de dhroim an fheidhmithe sin—
(a) más é an t-oifigeach a rinne nó a d'údaraigh an íocaíocht nó ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, déileálfar leis an bpríomh-oifigeach feidhmiúcháin ionann is go ndearna nó gur údaraigh seisean freisin an íocaíocht nó go raibh sé ina chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, agus
(b) más é an príomh-oifigeach feidhmiúcháin a rinne nó a d'údaraigh an íocaíocht nó ba chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh, déileálfar leis an oifigeach ionann is go ndearna nó gur údaraigh seisean freisin an íocaíocht nó go raibh sé ina chúis leis an gcaillteanas nó leis an easnamh.
(6) Glacfar, gan chruthúnas, le ráiteas i scríbhinn go bhfuil tarmligean déanta aige faoin alt seo, faoi láimh an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, mar fhianaise prima facie ar an tarmligean.
(7) Déanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin fógra i dtaobh tarmligean faoin alt seo nó i dtaobh tarmligean den sórt sin a chúlghairm a thabhairt don Aire agus don bhord sláinte ag an gcéad chruinniú eile den bhord sláinte.
Comhlíonadh dualgas ag oifigigh.
17.—(1) Ag comhlíonadh a ndualgas dóibh gníomhóidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin agus oifigigh eile bhoird sláinte de réir cibé cinntí agus orduithe (ginearálta nó sonracha) a chuirfidh an bord in iúl, faoi réir fho-alt (3), don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin nó tríd, agus de réir aon chinntí agus orduithe den sórt sin a chuirfear in iúl amhlaidh ó choiste a mbeidh feidhmeanna tarmligthe chuige ag an mbord.
(2) Nuair a chomhlíonfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin nó oifigeach eile de chuid boird sláinte dualgas de réir fho-alt (1), measfar é a bheith ag gníomhú thar ceann an bhoird.
(3) Ní dhéanfaidh an bord aon chinneadh ná ní thabharfaidh aon ordú maidir le haon ábhar ar feidhm é, faoin Acht seo nó faoi aon achtachán eile, de chuid an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin nó aon oifigigh eile don bhord.
(4) Is feidhm de chuid phríomh-oifigeach feidhmiúcháin bhoird sláinte na feidhmeanna seo a leanas a bhaineann leis an mbord—
(a) aon fheidhm a sonraíonn an tAcht seo nó aon achtachán eile gur feidhm de chuid príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird í,
(b) aon fheidhm maidir le cinneadh i dtaobh aon duine áirithe a bheith nó gan bheith cáilithe tairbhe dó féin a bhaint as seirbhís (lena n-áirítear seirbhís chun deontais nó liúntais a íoc), nó i dtaobh a mhéid a fhéadfaidh, agus na slí a bhféadfaidh, duine tairbhe a bhaint dó féin as aon seirbhís den tsórt sin,
(c) aon fheidhm maidir le cinneadh i dtaobh muirear a ghearradh nó a ghnothú, nó méid aon mhuirir i leith seirbhíse do dhuine áirithe,
(d) aon fheidhm maidir le rialú, maoirseacht, seirbhís, luach saothair, pribhléidí nó aoisliúntas oifigeach agus seirbhíseach an bhoird,
(e) cibé feidhmeanna eile a fhorordófar.
(5) Cinnfidh an tAire aon díospóid—
(a) i dtaobh ar feidhm de chuid an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin nó nach ea feidhm áirithe, nó
(b) i dtaobh ar feidhm de chuid oifigigh do bhord sláinte, seachas an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, nó nach ea feidhm áirithe.
Cáilíochtaí le haghaidh oifigí faoi bhoird sláinte.
18.—Ceadóidh nó ordóidh an tAire na cáilíochtaí le haghaidh duine a cheapadh mar oifigeach, nó chun leanúint mar oifigeach, faoi bhord sláinte agus, i gcás oifig a bheidh le líonadh trí roghnú ag na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí.
Teorainneacha aoise.
19.—Aon duine is buan-oifigeach do bhord sláinte scoirfidh sé de bheith ina bhuan-oifigeach ar é slánú 65 bliain d'aois nó, i gcás ina mbeidh aois níos mó ná sin socraithe le hordú ag an Aire, ar é slánú na haoise sin.
Aoisliúntas.
1956, Uimh 10.
20.—Beidh feidhm ag an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, maidir le bord sláinte agus a oifigigh agus a sheirbhísigh ionann is dá mba údarás áitiúil é agus gurbh oifigigh agus seirbhísigh údaráis áitiúil iad.
Príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhionraí agus a chur as oifig.
21.—(1) Féadfaidh an tAire príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhionraí óna dhualgas a chomhlíonadh.
(2) Féadfaidh bord sláinte príomh-oifigeach feidhmiúcháin a fhionraí óna dhualgais a chomhlíonadh trí rún a rithfidh an bord chun críche na fionraí agus ar vótáil cuid nach lú ná dhá thrian de chomhaltaí an bhoird lena rith agus a ndearnadh fógra seacht lá ar a ghiorra i dtaobh é a bheith beartaithe an rún sin a mholadh a thabhairt do gach duine a bhí ina chomhalta den bhord nuair a tugadh an fógra.
(3) Cuirfidh cathaoirleach an bhoird fionraí faoi fho-alt (2) in iúl don Aire.
(4) Féadfaidh an tAire fionraí príomh-oifigigh fheidmiúcháin a fhoirceannadh.
(5) Féadfaidh an tAire príomh-oifigeach feidhmiúcháin a chur as bheith ina phríomh-oifigeach feidhmiúcháin i gcás inar deimhin leis, tar éis fiosrúchán áitiúil, go bhfuil sé éirithe neamhábalta ar dhualgais príomh-oifigigh fheidhmiúcháin a chomhlíonadh nó go gur mhí-iompair sé é féin mar phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.
Oifigigh eile do bhoird sláinte a fhionraí.
22.—(1) Aon uair a tharlóidh, maidir le hoifigeach bhoird sláinte seachas an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, go bhfuil, i dtuairim an phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin, cúis ann chun a chreidiúint gur mhí-iompair an t-oifigeach é féin maidir lena oifig nó go bhfuil sé neamhfheidhmiúil ar shlí eile chun oifig a shealbhú, féadfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin, tar éis dul i gcomhairle le cathaoirleach nó má bhíonn sé as láthair, le leas-chathaoirleach an bhoird, an t-oifigeach a fhionraí ó dhualgais a oifige a chomhlíonadh an fad a bheifear ag fhiosrú an mhí-iompair nó na neamhfheidhmiúlachta agus ag cinneadh aon ghnímh smachta a dhéanfar ina leith sin.
(2) Cuirfidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin aon fhionraí faoin alt seo in iúl láithreach don Aire, agus sonróidh sé cúis na fionraí don oifigeach agus don Aire.
(3) Leanfaidh fionraí faoin alt seo i bhfeidhm go dtí go ndéanfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin nó, i gcás fionraí a bheidh níos faide ná mí i bhfeidhm, an tAire í a fhoircheannadh.
(4) Aon uair a fhionrófar oifigeach boird sláinte faoin alt seo, seachadfaidh sé láithreach don bhord na leabhair, na gníomhais, na conarthaí, na cuntais, na deimhnithe, na léarscáileanna, na pleanannna agus na doiciméid eile go léir a bheidh ina sheilbh, faoi choinneáil aige nó faoina rialú agus a bhainfidh lena oifig.
(5) Ní íocfar le hoifigeach a fhionrófar faoin alt seo aon luach saothair (seachas luach saothar in aghaidh tréimhse sular fionraíodh é) i leith a oifige le linn dó a bheith ar fionraí agus, ar a fhionraí a fhoirceannadh, ansin, an luach saothair a íocfaí leis, mura mbeadh é a fhionraí, in imeacht tréimhse na fionraí, forghéillfear nó íocfar leis nó diúscrófar ar shlí eile a iomlán nó cuid de de réir mar a ordóidh—
(a) an príomh-oifigeach feidhmiúcháin i gcás fionraí nach faide ná mí, agus
(b) an tAire in aon chás eile.
(6) Aon uair a fhionrófar oifigeach boird sláinte faoin alt seo, féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin, más oiriúnach leis, íocaíocht ex gratia a íoc, le toiliú an Aire, leis an oifigeach fionraithe.
(7) Beidh aon suim a íocfar faoi fho-alt (6) inaisíoctha ag an oifigeach leis an mbord sláinte agus féadfar í a bhaint as aon airgead is iníoctha leis ag an mbord.
(8) Ní áireofar mar thuarastal ná sochar oifige chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956, aon suim a íocfar faoi fho-alt (6).
Oifigigh agus seirbhísigh a dhíochur.
23.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) go (4), féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte oifigeach nó seirbhíseach don bhord a ceapadh faoi alt 14 a dhíochur as bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach den sórt sin.
(2) Ní dhíochuirfear buan-oifigeach faoin alt seo mar gheall ar mhí-iompar nó neamhfheidhmiúlacht ach amháin—
(a) ar ordú ón Aire faoi fho-alt (3) nó
(b) ar mholadh ó choiste faoi alt 24 nó ar ordú ón Aire faoi alt 24 (11).
(3) I gcás ina mbeidh buan-oifigeach tar éis é féin a mhí-iompar trí bheith as láthair ó dhualgas gan chead nó gan chúis réasúnach, féadfaidh an tAire a ordú é a dhíochur as oifig.
(4) Ní dhíochuirfear buan-oifigeach faoin alt seo ar chúis seachas mí-iompar nó neamhfheidhmiúlacht ach amháin le ceadú an bhoird.
(5) Is de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire a dhíochuirfear oifigigh agus seirbhísigh faoin alt seo agus forálfaidh na rialacháin sin—
(a) nach dtabharfar éifeacht d'aon togra díochuir mura mbeidh fógra forordaithe curtha chuig an oifigeach nó chuig an seirbhíseach ag insint cúiseanna an togra, agus
(b) go mbreithneofar aon uiríolla uaidh nó thar a cheann a gheofar laistigh de thréimhse fhorordaithe.
Coistí le haghaidh díochur áirithe.
24.—(1) Aon uair a dhéanfar togra buan-oifigeach boird sláinte a dhíochur faoi alt 23 mar gheall ar mhí-iompar (ach amháin i gcás dá dtagraítear in alt 23 (3) nó neamhfheidhmiúlacht, ceapfaidh an tAire coiste chun na feidhmeanna a fheidhmiú a shonraítear san alt seo i dtaobh an togra le haghaidh an díochuir sin.
(2) Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de choiste a cheapfar faoin alt seo—
(a) duine amháin (cathaoirleach an choiste) a roghnóidh an tAire dá thoil féin,
(b) réidh-uimhir de dhaoine eile—
(i) a roghnóidh an tAire a leath as painéal daoine a ainmneoidh cibé eagras (nó eagrais) is dóigh leis an Aire a bheith ionadaitheach don aicme oifigeach ar duine di an duine nó, más dóigh leis an Aire nach bhfuil eagras den sórt ann nó mura mbeidh daoine ainmnithe faoin bhfomhír seo, as cibé daoine is dóigh leis is iomchuí, agus
(ii) a roghnóidh an tAire a leath as painéal daoine a ainmneoidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte.
(3) Is in aghaidh cibé tréimhse a fhorordófar a ainmneofar daoine chun painéil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) agus ainmneofar daoine ó am go ham chun folúntais sa phainéal a líonadh.
(4) Maidir le feidhmeanna coiste faoin alt seo, beidh ag cathaoirleach an choiste na cumhachtaí céanna atá ag cigire don Aire faoi alt 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, le linn dó fiosrúchán áitiúil a sheoladh.
(5) Tar éis do choiste faoin alt seo fiosrú a dhéanamh i dtaobh togra chun an t-oifigeach a dhíochur molfaidh an coiste sin mar is oiriúnach leis don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin.
(6) Déanfar aon cheist a éireoidh os comhair coiste faoin alt seo a chinneadh ag tromlach na gcomhaltaí den choiste a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus, i gcás comhionannas vótaí ar aon cheist, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag an gcathaoirleach.
(7) Féadfaidh coiste faoin alt seo gníomhú d'ainneoin aon fholúntas i measc a chomhaltaí.
(8) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh do rialú comhlíonadh a bhfeidhmeanna ag coistí faoin alt seo.
(9) Nuair a mholfaidh coiste faoin alt seo oifigeach a dhíochur, féadfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin an t-oifigeach a dhíochur tar éis tréimhse lá is fiche a bheith caite, mura mbeidh iarratas déanta chun an Aire faoi fho-alt (10).
(10) Aon oifigeach a mbeidh sé molta ina thaobh faoi fho-alt (5) é a dhíochur féadfaidh sé, sa tslí fhorordaithe agus faoi réir na gcoinníollacha forordaithe, a iarraidh ar an Aire ordú a chur chuig an bpríomhoifigeach feidhmiúcháin maidir leis an moladh sin.
(11) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire faoi fho-alt (10), féadfaidh an tAire ordú a thabhairt don phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an t-oifigeach a dhíochur, ordú gan an t-oifigeach a dhíochur nó cibé ordú eile is dóigh leis is iomchuí, agus déanfaidh an príomhoifigeach feidhmiúcháin de réir an ordaithe.
(12) Féadfaidh an tAire íocaíochtaí i leith costais taistil agus cothaithe a íoc, agus táillí a íoc le comhaltaí coistí a bunaíodh faoin alt seo, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais.
Comhshocraíochtaí idir boird sláinte agus údaráis áitiúla.
25.—(1) Más rud é—
(a) gurb é tuairim údaráis áitiúil gur chaothúla a dhéanfaí aon chumhacht, feidhm nó dualgas is infheidhmithe nó is inchomhlíonta aige a fheidhmiú nó a chomhlíonadh i gcoitinne nó i gcás áirithe ag bord sláinte, agus
(b) go bhfuil an bord sláinte i gcumas agus toilteanach an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas a fheidhmiú nó a chomhlíonadh,
féadfaidh an t-údarás agus an bord, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, chomhshocraíocht a dhéanamh chun an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas a fheidhmiú nó a chomhlíonadh amhlaidh thar cheann an údaráis ag an mbord, agus air sin tiocfaidh sé chun bheith infheidhmithe agus inchomhlíonta amhlaidh ag an mbord.
(2) Is feidhm fhorchoimeádta de chuid an údaráis áitiúil comhshocraíocht a dhéanamh faoi fho-alt (1).
(3) Más dóigh le húdarás áitiúil gur chaothúil go ndéanfadh oifigeach boird sláinte dualgais i ndáil le cumhachtaí agus feidhmeanna an údaráis áitiúil a chomhlíonadh, féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte an dualgas sin a shannadh don oifigeach mar a dhéanfadh sé i gcás dualgais i ndáil le cumhachtaí agus feidhmeanna an bhoird.
(4) Más dóigh le príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte gur chaothúil go ndéanfaí oifigeach dualgais i ndáil le haon cheann de chumhachtaí nó d'fheidhmeanna de chuid an bhoird nó de chuid a oifigeach a shannadh d'oifigeach d'údaráis áitiúil, féadfaidh an t-údarás áitiúil na dualgais sin a shannadh d'oifigeach den sórt sin mar a dhéanfadh sé i gcás dualgais faoin údarás áitiúil.
Comhshocraíochtaí ag boird sláinte chun seirbhísí a sholáthar.
26.—(1) Féadfaidh bord sláinte, de réir cibé coinníollacha (a bhféadfaidh socrú le haghaidh aoisliúntais a bheith orthu) a shonróidh an tAire, comhshocraíocht a dhéanamh agus a fheidhmiú le duine nó comhlacht chun seirbhísí a sholáthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, do dhaoine atá cáilithe le haghaidh seirbhísí den sórt sin.
(2) Féadfaidh dhá bhord sláinte comhshocraíocht a dhéanamh agus a fheidhmiú chun ceann acu do sholáthar seirbhísí faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, thar ceann agus ar chostas an chinn eile.
Caibidil III
Airgeadas
Cuntais bord sláinte.
27.—Coimeádfaidh bord sláinte cuntais i cibé foirm, agus déanfar suas cuntais cibé tráthanna agus in aghaidh cibé tréimhsí, a fhorordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
Cuntais boird sláinte a niúchadh.
1871, c. 109.
1898, c. 37.
1902, c. 38.
28.—(1) Déanfaidh iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfaidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil cuntais boird sláinte a iniúchadh.
(2) Beidh feidhm ag na hachtacháin seo a leanas, arna leasú nó arna n-oiriúnú le haon achtachán ina ndiaidh (lena n-áirítear aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith) nó fúthu, maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas boird sláinte mar atá feidhm acu maidir le hiniúchadh agus iniúchóir cuntas údaráis áitiúil—
(a) alt 12 den Local Government (Ireland) Act, 1871,
(b) alt 63 (2) den Local Government (Ireland) Act, 1898,
(c) ailt 19 go 21 den Local Government (Ireland) Act, 1902,
(d) ailt 69 go 71 agus 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941,
faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
(i) forléireofar mar thagairtí don Aire na tagairtí sna hachtacháin sin (arna leasú nó arna n-oiriúnú amhlaidh) don Aire Rialtais Áitiúil,
(ii) déanfar tagairt in alt 70 nó 71 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, don tréimhse fhorordaithe a fhorléiriú, i gcás iniúchadh cuntas boird sláinte, mar thagairt don tréimhse arb í an tréimhse fhorordaithe í don údarás áitiúil sin mar a ordóidh an tAire chun na críche sin.
Achomaireacht cuntas boird sláinte.
29.—(1) Deimhneoidh an t-iniúchóir a cheapfar faoi alt 28 achomaireacht cuntas boird sláinte agus foilseoidh an bord í agus cuirfidh an t-iniúchóir cóipeanna chuig an Aire agus chuig na húdaráis áitiúla a cheapann comhaltaí chun an bhoird.
(2) Cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den achomaireacht a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus cuirfidh faoi deara cóipeanna a chur chuig an Aire Airgeadais.
Meastacháin boird sláinte.
30.—Déanfaidh bord sláinte meastacháin ar fháltais agus ar chaiteachais a chur faoi bhráid an Aire i cibé foirm, in aghaidh cibé tréimhsí, agus cibé tráthanna a ordóidh an tAire, agus tabharfaidh don Aire aon eolas a bheidh ag teastáil uaidh maidir leis na meastacháin sin.
Teorainneacha le caiteachais boird sláinte.
31.—(1) Ní thabhóidh bord sláinte, ach amháin le toiliú an Aire, caiteachais le haghaidh aon seirbhíse ná críche laistigh d'aon tréimhse de bhreis ar cibé suim a bheidh sonraithe ag an Aire in aghaidh na tréimhse sin.
(2) (a) Ní dhéanfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte, ag feidhmiú a fheidhmeanna dó, aon ní dá dtiocfadh go dtabhódh an bord caiteachas contrártha don alt seo.
(b) Más é tuairim phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin boird sláinte go dtiocfadh de chinneadh nó de chinneadh tograithe de chuid an bhoird go dtabhódh an bord caiteachas contrártha don alt seo, cuirfidh sé sin in iúl don bhord agus don Aire.
Deontais agus rannaíocaí áitiúla do bhord sláinte.
32.—(1) Tabharfaidh an tAire deontais do bhoird sláinte as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Is é a bheidh i ndeontais a thabharfar do bhoird sláinte faoi fho-alt (1)—
(a) deontais chun íoc as leath na coda sin de chaiteachas an bhoird (seachas caiteachas caipitiúil agus caiteachas ar mhuirir iasachta), arna údarú faoin Acht seo, nach nglanfaidh fáltais seachas deontais agus ranníocaí faoin alt seo,
(b) deontais fhorlíontacha, arna gcinneadh ag an Aire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus le toiliú a Aire Airgeadais, chun laghdú ar mhéid an chaiteachais a glanfar le ranníocaí faoi fho-alt (3).
(3) An caiteachas de chuid boird sláinte a bhunaítear leis an Acht seo nach nglanfar le deontais faoi fho-alt (2) agus le fáltais eile, déanfaidh na húdaráis áitiúla ar a mbeidh ceangal faoin Acht seo comhaltaí a cheapadh chun an bhoird ranníoc chuige i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin le toiliú an Aire nó, mura ndéanfar comhaontú den sórt sin laistigh de thréimhse sé mhí (nó cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an tAire) tar éis lá an bhoird sláinte a bhunú, i cibé cionúireachtaí a chinnfidh duine a cheapfaidh an tAire chuige sin.
(4) Beidh éifeacht ag comhaontú nó cinneadh faoi fho-alt (3) amhail ó thráth an bhoird sláinte lena mbainfidh sé a bhunú.
(5) (a) Féadfar comhaontú faoi fho-alt (3) a athrú—
(i) trí chomhaontú idir na húdaráis áitiúla lena mbainfidh arna dhéanamh le toiliú an Aire, nó
(ii) ag duine a cheapfaidh an tAire, ag gníomhú dó ar iarratas ó cheann de na húdaráis áitiúla lena mbainfidh, chun an comhaontú a athbhreithniú.
(b) Féadfar cinneadh faoi fho-alt (3) a athrú—
(i) trí chomhaontú idir na húdaráis áitiúla lena mbainfidh arna dhéanamh le toiliú an Aire, nó
(ii) ag duine a cheapfaidh an tAire, ag gníomhú dó ar iarratas ó cheann de na húdaráis áitiúla lena mbainfidh nó as a chonlán féin, chun an cinneadh a athbhreithniú.
(6) Aon duine a cheapfaidh an tAire chun cinneadh a dhéanamh nó a athrú faoin alt seo beidh aird aige ar cibé ábhair a shonróidh an tAire tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.
(7) Is feidhm fhorcoimeádta chun críche na nAchtanna Bainistí Contae, 1940 go 1955, nó na nAchtanna a bhaineann le bainistí contae-bhuirgí de réir mar is iomchuí, comhaontú a dhéanamh faoi fho-alt (3) nó iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (5) ag údarás áitiúil.
(8) (a) Go dtí go ndéanfar comhaontú nó cinneadh faoi fho-alt (3), déanfaidh na húdaráis áitiúla ar a mbeidh de cheangal faoin Acht seo comhaltaí a cheapadh chun boird sláinte an caiteachas sin de chuid an bhoird nach n-íocfar le deontais faoi fho-alt (2) agus fáltais eile a íoc i cibé cionúireachtaí a shonróidh an tAire.
(b) Beidh sonrú cionúireachtaí faoi mhír (a) faoi réir an chomhaontaithe nó an chinnte iomchuí de bhun fho-alt (3) ar an gcomhaontú nó an cinneadh sin a bheith déanta, agus déanfar coigeartuithe iomchuí dá réir sin.
(9) Déanfar ranníoc faoin alt seo ó chomhairle chontae Bhaile Atha Cliath le bord sláinte a mhuirearú ar Cheantar Sláinte Contae Bhaile Atha Cliath.
(10) (a) I gcás suim a bheith, faoin alt seo, dlite de údarás áitiúil do bhord sláinte, agus iníoctha ag an údarás áitiúil sin leis an mbord sláinte sin, féadfaidh aon Aire méid na suime sin a bhaint, chun aon chríche ar bith, as aon airgead is iníoctha leis an údarás áitiúil sin.
(b) Déanfar gach suim a asbhainfear faoin bhfo-alt seo a íoc leis an mbord sláinte iomchuí agus a chreidiúnú do chuntais an bhoird sin mar íoc ag an údarás áitiúil ar an airgead ar asbhaineadh amhlaidh an tsuim ina leith.
Boird sláinte d'fháil airgid ar iasacht agus do ghlacadh bronntanas.
33.—(1) Féadfaidh bord sláinte airgead a fháil ar iasacht faoi réir aon choinníollacha a shonróidh an tAire agus faoi réir aon orduithe uaidh.
(2) Féadfar airgead a fháil ar iasacht faoin alt seo in aon slí a mheasfaidh an bord a bheith oiriúnach lena n-áirítear, go háirithe, ar mhodh morgáiste, billí malairte a tharraingt, stoic nó bannaí a eisiúnt, iasacht sealadach no rótharraingt.
(3) Féadfar iasacht faoin alt seo agus an t-ús nó na díbhínní ar an iasacht sin a urrú ar ioncam, cistí nó maoin an bhoird sláinte.
(4) Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun an ailt seo a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla ionann is dá mba iasacht áitiúil de réir Achtanna Chiste na nIasachtai Áitiúla, 1935 go 1968, an iasacht agus go raibh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.
(5) Féadfaidh bord sláinte bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas ach ní ghlacfaidh sé aon bhronntanas má bhíonn aon choinníoll a bheidh ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an bhoird.
Caibidil IV
Comhlachtaí Airithe a Dhíscaoileadh, etc.
Údaráis sláinte áirithe a dhíscaoileadh agus forálacha iarmartacha.
34.—(1) Forálfaidh an tAire, le hordú, le haghaidh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath, Údarás Sláinte Chorcaí, Údarás Sláinte Luimnigh agus Údarás Sláinte Phort Láirge a dhíscaoileadh.
(2) Féadfaidh forálacha dóibh seo a leanas a bheith in ordú faoin alt seo—
(a) aon mhaoin, cearta agus dliteanais de chuid an Údaráis (dá ngairtear an comhlacht díscaoilte san alt seo agus sa Tríú Sceideal) a aistriú chun an bhoird sláinte iomchuí nó chun údaráis áitiúil iomchuí,
(b) conarthaí leanúnacha a rinne an comhlacht díscaoilte a choimeád ar marthain,
(c) leanúint d'imeachtaí dlíthiúla atá ar feitheamh,
(d) sealbhóir aon oifige sláinte faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú chun oifige faoin mbord sláinte iomchuí atá, i dtuairim an Aire, cosúil leis an oifig sláinte sin,
(e) sealbhóir aon oifige cúnaimh phoiblí faoin gcomhlacht díscaoilte a aistriú, le toiliú an Aire Leasa Shóisialaigh, go dtí oifig faoin mbord sláinte iomchuí nó faoi údarás áitiúil iomchuí atá, i dtuairim an Aire, cosúil leis an oifig chúnaimh phoiblí sin.
(3) Beidh éifeacht ag an Tríú Sceideal maidir le díscaoileadh faoin alt seo, agus maidir le haon aistriú maoine, ceart agus dliteanas, buanú conarthaí, leanúint d'imeachtaí dlíthiúla nó aistriú oifigeach dá mbeidh socrú in ordú faoin alt seo agus sa Sceideal sin déanfar tagairtí don tosach feidhme a fhorléiriú mar thagairtí do thosach feidhme an ordaithe.
(4) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme ordaithe faoin alt seo, ag gabháil do dhuine nó daoine a roghnú a mholfaí le ceapadh chun oifige a n-aistreofaí a sealbhóir chun boird sláinte nó údaráis áitiúil de réir an ordaithe, críochnófar an roghnú mar is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an bord sláinte an duine nó duine de na daoine a roghnóidh agus a mholfaidh na Coimisinéirí amhlaidh le ceapadh a cheapadh ionann is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nUdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, ó phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte tar éis an bord sláinte sin a bhunú nó ón údarás áitiúil a rinneadh an roghnú agus an moladh.
(5) San ailt seo—
ciallaíonn “oifig sláinte” oifig a raibh, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí, feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, le feidhmiú maidir léi ag an Aire;
ciallaíonn “oifig chúnaimh phoiblí” oifig a raibh, díreach roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí, feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, le feidhmiú maidir léi ag an Aire Leasa Sóisialaigh;
ciallaíonn “bord sláinte iomchuí”, maidir le comhlacht díscaoilte áirithe, an bord sláinte a bhfuil ina limistéar feidhme an limistéar arbh é, roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí faoin alt seo, limistéar feidhme an chomhlachta dhíscaoilte é;
ciallaíonn “údarás áitiúil iomchuí”, maidir le comhlacht díscaoilte áirithe, údarás áitiúil a shonraítear in alt 84, a raibh, roimh thosach feidhme an ordaithe iomchuí faoin alt seo, a limistéar feidhme i limistéar feidhme an chomhlachta dhíscaoilte.
Comhbhoird a dhíscaoileadh faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953.
35.—(1) Déanfaidh an tAire, le hordú faoi alt 45 (9) den Acht Sláinte, 1953, a déarfaidh go dtiocfaidh sé i ngníomh ar thosach feidhme an ailt seo, aon orduithe a chúlghairm a bheidh i ngníomh an tráth sin agus ina mbeidh socrú chun comhbhoird a bhunú faoin alt sin agus, chun críche aon ordaithe den sórt sin, forléireofar an t-alt sin 45 (9) faoi réim na modhnuithe seo a leanas:
(a) forléireofar mír (a) ionann is dá ndéanfaí “chun boird sláinte nó dhá bhord sláinte nó níos mó nó chun comhbhoird bord sláinte nó chun boird oispidéal réigiúnaigh” a chur in ionad “chun údaráis sláinte nó chun dhá údarás sláinte nó níos mó nó chun comhbhord eile nó chun dhá chomhbhord eile nó níos mó”;
(b) forléireofar mír (d) ionann is dá gcuirfí “faoi bhord sláinte nó faoi chomhbhord bord sláinte” a chur in ionad “faoi cheann de na húdaráis sláinte a cheap comhaltaí an chomhbhoird dhíscaoilte nó faoi chomhbhord eile a bhfuil a líomatáiste feidhme comhthórannach le líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte nó a bhfuil líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte ann nó atá ina chuid de líomatáiste feidhme an chomhbhoird dhíscaoilte”.
(2) Forléireofar tagairt i bhfo-alt (1) do chomhbhord bord sláinte mar thagairt do chomhbhord arna bhunú faoi alt 11.
Maoin áirithe a aistriú.
36.—(1) Ar thosach feidhme alt 6—
(a) gach uile fhoras sláinte, agus an mhaoin eile go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe, nó ar teachtadh ar iontaobhas, d'údarás áitiúil (seachas údarás sláintíochta) nó dá chuid féin aige agus ar mhaoin í d'aontoisc chun críocha seirbhísí a aistreofaí ar an tosach feidhme sin, agus
(b) an mhaoin eile go léir, readach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, roimh an tosach feidhme sin, dílsithe, nó ar teachtadh ar iontaobhas, d'údarás áitiúil nó dá chuid féin aige agus a d'ainmnigh an t-údarás sin mar mhaoin a bhí le haistriú chun an bhoird sláinte,
agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, gan aon tíolacas ná sannadh, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corporáide nó cuideachta, dílsithe don bhord sláinte nó ina maoin de chuid an bhoird sláinte nó ar teachtadh ar iontaobhas dó (de réir mar a dhlífidh an cás) ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa go léir a bhí an céanna, díreach roimh an tosach feidhme sin, dílsithe nó ar teachtadh ar iontaobhas don údarás áitiúil nó dá chuid féin aige, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas go léir a dhéanann difear don chéanna agus a bhí an tráth sin ann agus inchomhlíonta.
(2) An mhaoin go léir a aistrítear le fo-alt (1) chun boird sláinte agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 6, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm údaráis áitiúil déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta, ar iarratas ón mbord sláinte a dhéanfar aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú sna leabhair chun ainm an bhoird sláinte.
(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (1) chun boird sláinte féadfaidh an bord sláinte, tar éis tosach feidhme an ailt seo, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean.
(4) Tar éis tosach feidhme an ailt seo, gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de ghné leanúnach a rinne nó a thug údarás áitiúil do dhuine eile nó a rinne nó a thug duine eile d'údarás áitiúil, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus a bhain go heisiatach le seirbhísí a aistreofar ar an tosach feidhme sin chun an bhoird sláinte, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir údarás áitiúil agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe roimh an tosach feidhme sin agus a bhain go heisiatach le seirbhísí a aistreofar ar an tosach feidhme sin forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí ainm an bhoird sláinte ann in ionad ainm an údaráis áitiúil agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina choinne.
(5) Tar éis tosach feidhme an ailt seo, gach riail agus rialachán a rinne údarás áitiúil go dleathach agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus a bhain go heisiatach le seirbhísí a aistreofar ar thosach feidhme alt 6 chun an bhoird sláinte leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar riail nó rialachán a rinne an bord sláinte ar an tosach feidhme sin go ceann na tréimhse a bheidh gan chaitheamh an tráth sin agus i leith an limistéir ar dó agus ina leith a rinne an t-údarás áitiúil iarbhír an céanna agus, dá réir sin, féadfaidh an bord sláinte gach riail agus rialachán den sórt sin a choimeád ar marthain a athrú nó a chúlghairm, agus pionóis agus forghéilltí a d'éirigh faoin gcéanna, roimh an tosach feidhme sin nó dá éis, a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm díreach mar a d'fhéadfadh, agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh, an t-údarás áitiúil an céanna a choimeád ar marthain, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(6) Tar éis tosach feidhme an ailt seo, gach rún a rith, gach ordú a rinne agus gach fógra a sheirbheáil údarás áitiúil roimh an tosach feidhme sin nach raibh a oibriú, a éifeacht nó a théarma caite nó éagtha roimh an tosach feidhme sin (is rún, ordú nó fógra a bhaineann go heisiatach le seirbhisí a aistreofar ar thosach feidhme alt 6 chun an bhoird sláinte) leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, ionann is dá mba rún é a rith, ordú a rinne nó fógra é a sheirbheáil an bord sláinte ar an dáta ar ar rith, ar a ndearna nó ar ar sheirbheáil an t-údarás áitiúil an céanna iarbhír agus dá mba ag an mbord sláinte a bhí feidhmeanna an údaráis sláinte inchomhlíonta an tráth sin.
(7) Is ag an mbord sláinte a bheidh na muirir iasachta go léir iníoctha is muirir iasachta i leith airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha maoine a aistrítear le fo-alt (1) chun boird sláinte agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha tar éis tosach feidhme an ailt seo.
(8) Aon fhiach de chuid údaráis áitiúil a dtiocfaidh muirir iasachta chun bheith iníoctha ina leith ag bord sláinte faoi fho-alt (7) tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina fhiach ar an mbord.
(9) Más rud é—
(a) go mbeidh maoin le haistriú ó údarás áitiúil faoin alt seo,
(b) nach bhfuil iomlán limistéar feidhme an údaráis sin i i limistéar feidhme an aon-bhoird sláinte amháin, agus
(c) go n-éireoidh amhras nó díospóid i dtaobh cad é an bord sláinte chun a ndéanfar an t-aistriú faoin alt seo,
ainmneoidh an tAire an bord sláinte chun a ndéanfar an t-aistriú, agus déanfar tagairtí san alt seo do bhord sláinte a forléiriú dá réir sin maidir leis an maoin sin.
(10) Féadfaidh an tAire, le hordú, socrú a dhéanamh chun aon fhoras sláinte sonraithe a aistriú chun bord ospidéal réigiúnach agus féadfaidh foráil a dhéanamh san ordú sin chun aon fhoráil áirithe den alt seo a chur chun feidhme maidir leis an aistriú sin mar atá feidhm aici maidir le haistriú chun boird sláinte.
(11) I gcás ina mbeidh an tAire tar éis ordú a dhéanamh faoi fho-alt (10) ní chuirfear an mhaoin iomchuí leis an maoin a aistreofar chun boird sláinte faoi fho-alt (1).
Oifigigh áirithe a aistriú agus conarthaí áirithe a choimeád ar marthain.
37.—(1) Ar thosach feidhme alt 6, gach oifigeach do gach údarás áitiúil a cheapann comhaltaí chun an bhoird sláinte agus arbh oifigeach é, díreach roimh an tosach feidhme sin, a aistreofar faoin bhfo-alt seo tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach don bhord sláinte agus, chun críche aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar nár cuireadh deireadh lena oifig faoin údarás áitiúil.
(2) I bhfo-alt (1) forléireofar an tagairt d'oifigeach a aistreofar faoin bhfo-alt sin mar thagairt d'aon oifigeach acu seo a leanas—
(a) aon oifigeach a mbaineann a dhualgais go heisiatach le seirbhísí a thiocfaidh, ar thosach feidhme alt 6, chun bheith aistrithe chun an bhoird sláinte,
(b) aon oifigeach, seachas oifigeach dá dtagraítear i mír (a), a bhfuil feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1968, dílsithe maidir leis don Aire, seachas aon oifigeach den sórt sin a bheidh ainmnithe ag an Aire mar oifigeach nach n-aistreofar faoin bhfo-alt sin, agus
(c) aon oifigeach, seachas oifigeach dá dtagraítear i mír (a) mar oifigeach a aistreofar faoi mhír (b), a bheidh ainmnithe ag an údarás áitiúil a cheap comhaltaí chun an bhoird sláinte a cheapann comhaltaí chun an bhoird sláinte mar dhuine a aistreofar faoin bhfo-alt sin.
(3) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ag gabháil do dhuine nó daoine a roghnú a mholfaí le ceapadh chun oifige a n-aistreofar a sealbhóir chun an bhoird sláinte de bhun fho-alt (1), críochnófar an roghnú mar is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an bord sláinte an duine nó duine de na daoine a roghnóidh agus a mholfaidh na Coimisinéirí amhlaidh a cheapadh ionann is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nUdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, ó phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte tar éis an tosach feidhme sin a rinneadh an moladh agus an roghnú.
(4) Cuirfear faoi bhráid an Aire agus cinnfidh sé aon cheist a éireoidh i dtaobh oifigeach áirithe nó oifigigh d'aicme áirithe a bheith aistrithe de bhun fho-alt (1) nó i dtaobh an bhoird chun an n-aistreofar oifigeach.
(5) Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo idir údarás áitiúil a cheap comhaltaí chun an bhoird sláinte agus aon duine nárbh oifigeach don údarás áitiúil ach ba dhuine a bhí le haistriú faoin bhfo-alt seo, leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an bord sláinte ann in ionad an údaráis áitiúil agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mbord sláinte nó ina choinne.
(6) I bhfo-alt (5) déanfar an tagairt do dhuine a aistreofar faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt—
(a) d'aon duine atá ag gabháil go heisiatach do shaothar i ndáil le seirbhísí a thiocfaidh, ar thosach feidhme alt 6, chun bheith aistrithe chun an bhoird sláinte, agus
(b) d'aon duine, seachas duine dá dtagraítear i mír (a), a bhí ainmnithe ag an údarás áitiúil a cheap comhaltaí chun an bhoird sláinte mar dhuine a aistreofaí faoin bhfo-alt sin.
(7) Cuirfear faoi bhráid an Aire agus cinnfidh sé aon cheist a éireoidh maidir le fo-alt (5) i dtaobh ar duine nó daoine a bhí le haistriú faoin bhfo-alt sin duine áirithe nó daoine d'aicme áirithe.
CUID III
Ospidéil, etc.
Ospidéil, etc. a sholáthar agus a chothabháil.
38.—(1) Féadfaidh bord sláinte, le toiliú an Aire, aon ospidéal, sanatorium, teaghlach, saotharlann, clinic, lárionad sláinte nó áitreabh dá shamhail a theastóidh chun seirbhísí a sholáthar faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a sholáthar agus a chothabháil.
(2) Féadfaidh an tAire cibé ordú is oiriúnach leis a thabhairt do bhord sláinte maidir le soláthar nó cothabháil aon áitreabh a soláthríodh agus a chothabháiltear faoi fho-alt (1) agus maidir leis na comhshocraíochtaí chun seirbhísí a sholáthar ann, agus déanfaidh an bord sláinte de réir aon ordaithe den sórt sin.
(3) Féadfaidh bord sláinte scor agus, má ordaíonn an tAire dó é, scoirfidh sé d'áitreabh a sholáthar agus a chothabháil a bheidh á sholáthar agus á chothabháil aige faoi fho-alt (1).
(4) Ní fheidhmeoidh bord sláinte, ach amháin le toiliú an Aire, a chumhachtaí faoi fho-alt (3) maidir le scor d'ospidéal, sanatorium nó teaghlach a sholáthar agus a chothabháil.
(5) Ní thabharfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (3) maidir le scor d'ospidéal, sanatorium nó teaghlach a sholáthar agus a chothabháil ach amháin tar éis a chur faoi deara fiosrúchán poiblí a sheoladh i dtaobh arb inmhianaithe an scor.
(6) Más rud, ar scor faoi fho-alt (3), go mbeidh duine ann a raibh oifig aige faoin mbord san áitreabh dá mbeidh difear déanta agus go dtairgfidh an bord oifig cosúil léi dó, measfar chun críocha aoisliúntais an duine nár cuireadh deireadh leis an oifig.
Seirbhísí creidimh.
39.—(1) Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí leis na húdaráis chuí chun seirbhísí creidimh a thabhairt i ngach oispidéal, sanatorium agus teaghlach atá á chothabháil aige.
(2) Ní foláir méid aon íocaíochta a dhéanfaidh bord sláinte le duine faoi chomhshocraíocht faoin alt seo a bheith ceadaithe ag an Aire.
Talamh a fháil do chomhlachtaí saorálacha.
40.—(1) Féadfaidh bord sláinte, ar iarratas ó chomhlacht a sholáthraíonn seirbhísí forais nó aon seirbhís cosúil nó coimhdeach le seirbhís a fhéadfaidh an bord sláinte a sholáthar, agus le toiliú an Aire, aon talamh a sholáthar don chomhlacht a shuífidh an comhlacht, chun sástacht an bhoird sláinte, a bheith ag teastáil chun feidhmeanna an chomlachta a chomlíonadh go héifeachtúil.
(2) I gcás ina gcinnfidh bord sláinte talamh a sholáthar faoin alt seo do chomhlacht, féadfaidh sé an talamh a fháil trí chomhaontú le toiliú an Aire nó go héigeantach faoi Chuid VIII den Acht Sláinte, 1947, agus féadfaidh sé an talamh sin a léasadh chun nó chun sochair an chomhlachta.
(3) I gcás ina n-iarrfaidh comhlacht ar bhord sláinte talamh a sholáthar faoin alt seo don chomhlacht, féadfaidh an bord, mar réamhchoinníoll a bheidh le comhlíonadh sula soláthróidh sé amhlaidh an talamh, a cheangal ar an gcomhlacht a ghlacadh air féin iomlán an chostais, nó cuid den chostas, a ghlanadh a bhainfidh leis an talamh sholáthar amhlaidh.
Comhlachtaí chun seirbhísí ospidéil a chomhoirdniú agus a fhorbairt.
41.—(1) (a) Déanfaidh an tAire le rialacháin, tar éis dul i gcomhairle le cibé comhlachtaí atá ionadaitheach do dhaoine a bhfuil baint acu le seirbhísí ospidéil a sholáthar agus le cibé comhlachtaí eile (lena n-áirítear comhlachtaí atá ag gabháil d'oideachas liachta) is dóigh leis is iomchuí, comhlacht a bhunú ar a dtabharfar Comhairle na nOspidéal agus dá ngairtear an Chomhairle san alt seo.
(b) Is iad feidhmeanna na Comhairle—
(i) rialáil a dhéanamh ar an líon agus ar an gcineál ceapachán foireann comhairleoirí leighis agus cibé oifigeach nó foireann eile a fhorordófar, in ospidéil a bhíonn ag gabháil do sheirbhísí a sholáthar faoin Acht seo;
(ii) cáilíochtaí le haghaidh ceapacháin dá dtagraítear i bhfomhír (i) a shonrú, faoi réir aon cheanglas ginearálta a chinnfidh an tAire;
(iii) comhairle faoi ábhair a bhaineann le heagrú agus oibriú seirbhísí ospidéil a thabhairt don Aire nó d'aon chomhlacht a bunaíodh faoin Acht seo;
(iv) tuarascálacha i dtaobh seirbhísí ospidéil a ullmhú agus a fhoilsiú;
(v) aon fheidhmeanna a fheidhmiú a fhorordófar, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle agus le cibé comhlachtaí eile a bhíonn ag gabháil d'oideachas leighis is dóigh leis an Aire is iomchuí, i dtaobh daoine a roghnú le haghaidh ceapacháin dá dtagraítear i bhfomhír (i); agus
(vi) cibé feidhmeanna gaolmhara eile a fheidhmiú a fhorordófar maidir le hospidéil.
(c) Sula ndéanfaidh an Chomhairle cinneadh de bhun mhír (b) (i) maidir le ceapachán, a ngabhann leis na dualgais maidir leis míochaine chliniciúil a theagasc nó taighde leighis a sheoladh faoi threoir coláiste amháin nó níos mó, rachaidh sí i gcomhairle leis an gcoláiste sin.
(d) Ní dhéanfar feidhm maidir le duine a roghnú le haghaidh ceapacháin, arb ollamh lánaimsire i gcoláiste a shealbhóir, a fhorordú faoi mhír (b) (v) ach amháin le toiliú an choláiste sin.
(e) San fho-alt seo ciallaíonn “coláiste” coláiste a dhámhann dioplómaí cáilitheachta a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na nDochtúirí Leighis, 1927, nó coláiste d'ollscoil a dhámhann dioplómaí den sórt sin.
(f) Lia-chleachtóirí cláraithe a bhíonn ag comhairliú i ndáil le seirbhísí ospidéil a sholáthar a bheidh i gcuid nach lú ná leath na ndaoine a cheapfar ina gcomhaltaí den Chomhairle.
(g) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin faoin bhfo-alt seo don nós imeachta chun daoine a roghnú lena gceapadh ar an gComhairle.
(2) (a) Bunóidh an tAire, le rialacháin, bord ospidéal réigiúnach do gach ceann de thrí réigiún a bheidh bunáitithe ar Bhaile Atha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh agus déanfaidh sé teideal agus limistéar feidhme gach bord a bhunófar amhlaidh a shonrú leis na rialacháin sin agus, faoi réir mhír (c), comhaltas gach boird den sórt sin a shonrú.
(b) Feidhmeoidh bord ospidéal reigiúnach cibé feidhmeanna a fhorordófar maidir le seirbhísí ospidéil a eagrú agus a fhorbairt i gcoitinne go héifeachtach sna hospidéil a riarann boird sláinte agus comhlachtaí eile ina limistéar feidhme a bhíonn ag soláthar seirbhísí faoin Acht seo.
(c) Is é a bheidh i leath comhaltaí boird ospidéal réigiúnaigh daoine arna gceapadh ag na boird sláinte a bhfuil a limistéir feidhme i limistéar feidhme an bhoird ospidéal réigiúnaigh agus ceapfaidh an tAire leath tar éis dul i gcomhairle, nó ar ainmniúcháin ó, cibé comhlachtaí atá ionadaitheach do dhaoine ag a bhfuil baint le seirbhísí ospidéil agus cibé comhlachtaí eile (lena n-áirítear comhlachtaí a bhíonn ag gabháil d'oideachas liachta) is dóigh leis an Aire is iomchuí.
(d) Forléireofar tagairt san Acht seo do bhord ospidéal réigiúnach mar thagairt do chomhlacht a bunaíodh faoin bhfo-alt seo.
(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le comhlacht a bunaíodh faoin Acht seo—
(a) beidh sé ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain;
(b) féadfaidh sé agairt agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus féadfaidh sé talamh a shealbhú agus a dhiúscairt;
(c) soláthróidh sé agus sealbhóidh sé gnáthshéala agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala;
(d) beidh feidhm maidir leis an gcomhlacht ag rialacha 6, 7, 10, 13, 14 (2), 15 agus 18 go 32 atá leagtha amach sa Dara Sceideal agus chun na críche sin forléireofar mar thagairt don chomhlacht aon tagairt den bhord sna rialacha sin.
(4) Déanfar an chéad chruinniú comhlachta a bhunófar faoin alt seo a chomóradh lá a cheapfaidh an tAire agus comórfaidh an comhlacht cibé cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú.
(5) (a) Ceapfaidh an tAire ó am go ham, as comhaltaí comhlachta a bhunófar faoin alt seo, cathaoirleach agus leaschathaoirleach don chomhlacht sin.
(b) Sealbhóidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach a cheapfar faoin bhfo-alt seo oifig go ceann na tréimhse a shonróidh an tAire le linn é a cheapadh mura rud é—
(i) go scoirfidh sé bheith, nó go dtiocfaidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhlacht;
(ii) go n-éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó an leaschathaoirligh agus go dtiocfaidh an t-éirí-as in éifeacht faoin bhfo-alt seo;
(iii) go bhfoirceannfaidh an tAire a cheapadh mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach.
(c) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach a cheapfar faoin bhfo-alt seo éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn faoina láimh a thabhairt don Aire, ach ní thiocfaidh an t-éirí-as in éifeacht go dtosóidh an chéad chruinniú den chomhlacht a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a fháil.
(6) Ní dhiúscróidh comhlacht a bhunófar faoin alt seo talamh ná maoin ach amháin le toiliú an Aire.
(7) (a) Féadfaidh comhlacht a bhunófar faoin alt seo cibé coistí a cheapadh is oiriúnach leis agus féadfaidh sé feidhmeanna agus nós imeachta aon choiste den sórt sin a shainiú agus, faoi réir aon teorann a shonróidh an tAire, féadfaidh sé feidhmeanna sonraithe a tharmligean chun aon choistí den sort sin.
(b) Féadfaidh daoine nach comhaltaí de chomhlacht a cheap coiste faoin bhfo-alt seo a bheith, le toiliú an Aire, ina gcomhaltaí den choiste sin.
(8) Beidh i rialacháin faoin alt seo cibé forálacha is dóigh leis an Aire, faoi réir fho-alt (1) (b), is iomchuí maidir le líon, grádanna, modh ceapacháin, coinníollacha seirbhíse, seilbh oifige agus luach saothair oifigeach agus seirbhíseach comhlachta a bhunófar faoin alt seo.
(9) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le ceapacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) (i) a dhéanfaidh bord ospidéal réigiúnach:
(a) déanfar an luach saothair agus na liúntais agus aon chostais choimhdeacha maidir le duine a cheapfar amhlaidh agus a shannfar do bhord sláinte nó d'ospidéal áirithe nó do ghrúpa áirithe ospidéal a chúiteamh leis an mbord ospidéal réigiúnach ag an mbord sláinte nó ag údarás an ospidéil nó an ghrúpa ospidéal;
(b) beidh aon duine den sórt sin, an fad a bheidh sé sannta amhlaidh, faoi réir an rialú céanna ag a bhfuil feidhm faoin Acht seo nó ar slí eile maidir le hoifigigh don bord sláinte nó maidir le ceapacháin chun an ospidéil áirithe nó an ghrúpa áirithe ospidéal, de réir mar is iomchuí.
(10) (a) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (2) a fhoráil go ndéanfar aon tagairt do bhord sláinte san Acht seo (seachas in ailt 13, 14, 16, 17, 22 agus 23) nó in aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do bhord ospidéal réigiúnach.
(b) Ní oibreoidh an fo-alt seo chun a cheadú alt 15 do chur Achtanna na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940, chun feidhme maidir le ceapacháin, seachas ceapacháin d'ospidéil a chothabhálann boird sláinte.
(11) Féadfaidh an tAire deontas a íoc, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, le comhlacht a bhunófar faoin alt seo.
(12) Déanfaidh Bord Iontaobhais na nOspidéal cibé ranníocaí a ordóidh an tAire ó am go ham a íoc as Ciste Iontaobhais na nOspidéal faoi chomhair caiteachais comhalachta a bhunófar faoin alt seo.
(13) Féadfaidh comhlacht a bhunófar faoin alt seo bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas ach ní ghlacfaidh sé bronntanas má bhíonn aon choinníollacha a bheidh ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an chomhlachta.
(14) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh faoin alt seo agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.
(15) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947, le rialacháin faoin alt seo.
(16) Ní oibreoidh aon ní san alt seo ná i rialacháin faoin Acht seo chun deireadh a chur le haon chearta, nó difear a dhéanamh d'aon chearta, a bhí ag duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) (i) an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1969.
Coimisiún na nOspidéal a dhíscaoileadh.
42.—(1) Díscaoiltear leis seo Coimisiún na nOspidéal (dá ngairtear an Coimisiún san alt seo).
(2) Féadfaidh an tAire le hordú cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is foirsteanach de dhroim an Coimisiúin a dhíscaoileadh agus go háirithe—
(a) chun maoin, cearta agus dliteanais an Choimisiúin a aistriú chun comhlachta a bhunófar faoin Acht seo.
(b) chun conarthaí leanúnacha a rinne an Coimisiún a choimeád ar marthain,
(c) chun leanúint d'imeachtaí dlíthiúla ar páirtí iontu an Coimisiún,
(d) chun sealbhóir aon oifige faoin gCoimisiún a aistriú chun oifige cosúil léi faoi chomhlacht a bhunófar faoin Acht seo.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar cibé dáta, nach luaithe ná an lú lá d'Eanáir, 1971, a cheapfaidh an tAire le hordú chuige sin.
Leasú ar Acht na nOspidéal Puiblí, 1933.
43.—(1) Leasaítear leis seo an míniú ar “ospidéal” in alt 1 d'Acht 1933 trí “nó chun seirbhísí a sholáthar d'ospidéil” a chur isteach i ndiaidh “i gcúrsaí leighis”.
(2) Déanfaidh alt 14 (5) d'Acht 1933, ina oibriú maidir le ceapacháin arna ndéanamh idir dáta tosach feidhme an ailt seo agus dáta tosach feidhme alt 42, a fhorléiriú ionann is dá gcuirfí “cibé tréimhse a shonróidh an tAire” in ionad “dhá bhliain”.
(3) San alt seo ciallaíonn “Acht 1939” Acht na nOispidéal Puiblí, 1933.
Riarachán an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar.
1845, c. 107.
44.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfaidh sé le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun go n-aistreofar riarachán an Phríomh-Ospidéil Meabhair-Ghalar chun an bhoird sláinte (dá ngairtear an bord sláinte iomchuí san alt seo) ar cuid dá limistéar feidhme Contae Bhaile Atha Cliath.
(2) I gcás ina mbeidh ordú déanta faoin alt seo—
(a) déanfaidh an bord sláinte iomchuí agus a oifigigh agus a sheirbhísigh an Phríomh-Ospidéil Meabhar-Ghalar a riaradh ionann is dá mba ospidéal á chothabháil ag an mbord faoi alt 38 é agus
(b) déanfar tagairt in aon achtachán do rialtóir agus lia cónaitheach an Phríomh-Oispidéil Meabhair-Ghalar a fhorléiriú mar thagairt d'oifigeach an bhoird sláinte iomchuí arb é dochtúir leighis sinsearach an Ospidéil sin é de thuras na huaire.
(3) Aon duine a bhí, díreach roimh dháta tosach feidhme na ailt seo, ina oifigeach don Aire ar fostú sa Phríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar agus a roghnóidh, laistigh den tréimhse sé mhí dar tosach an dáta tosach feidhme sin, go gceapfaí é chun poist faoin mbord sláinte iomchuí, ceapfaidh an príomh-oifigeach feidhmiúcháin é amhlaidh amhail ó dháta tosach feidhme ordaithe faoin alt seo.
(4) D'ainneoin forálacha an Central Criminal Lunatic Asylum (Ireland) Act, 1845, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, socrú a dhéanamh chun go bhfeidhmeoidh an bord sláinte iomhcuí feidhmeanna maidir leis na bPríomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar a dheisiú, a mhéadú, a fheabhsú, a choimeád suas nó a throscánú.
CUID IV
Seirbhísí Sláinte
Caibidil I
Cáilíocht
Lán-cháilíocht.
45.—(1) Beidh lán-cháilíocht le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ag duine atá i gceachtar earnáil acu seo a leanas—
(a) daoine aosaithe nach bhfuil ábalta gan chruatan míchuí seirbhísí liachleachtóra ghinearálta agus seirbhísí máinliachta a shocrú dóibh féin agus dá gcleithiúnaithe,
(b) cléithiúnaithe na ndaoine dá dtagraítear i mír (a).
(2) Nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil nó nach bhfuil duine san earnáil a luaitear i bhfo-alt (1) (a), tabharfar aird ar acmhainn an chéile (más ann) an duine i dteannta acmhainn an duine féin.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, aicme nó aicmí daoine a measfar iad a bheith sna hearnála a luaitear i bhfo-alt (1) a shonrú.
(4) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.
(5) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947, le rialacháin faoin alt seo.
(6) Forléireofar tagairtí sa Chuid seo do dhaoine ag a bhfuil láncháilíocht mar thagairtí do dhaoine sna hearnála a luaitear i bhfo-alt (1) nó a mheastar a bheith sna hearnála sin.
(7) Aon duine nach bhfuil i gceachtar earnáil acu sin a luaitear i bhfo-alt (1) ach a measann príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte é a bheith, maidir le seirbhís áirithe atá ar fáil do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht, neamhábalta, gan chruatan míchuí, an tseirbhís sin a sholáthar dó féin nó dá chleithiúnaithe, measfar, maidir leis an tseirbhís sin, gur duine é ag a bhfuil lán-cháilíocht.
Cáilíocht theoranta.
46.—(1) Beidh cáilíocht theoranta le haghaidh na seirbhísí faoin gCuid seo ag duine atá in aon earnáil acu seo a leanas agus atá gan lán-cháilíocht—
(a) daoine atá árachaithe faoin Acht Leasa Shóisialaigh, 1952,
(b) daoine aosaithe ar lú ná £1,200 a n-acmhainn bhliantúil,
(c) daoine aosaithe ar as feirmeoireacht, go hiomlán nó go formhór, a thagann a n-acmhainn bhliantúil i dtuairim phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí, mura mó ná £60 luacháil inrátaithe na feirme nó na bhfeirmeacha iomchuí (lena n-áirítear na foirgnimh ar an gcéanna),
(d) cleithiúnaithe daoine dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c).
(2) Déanfar acmhainn bhliantúil chun críocha an ailt seo a ríomh de réir Riail 1 de na Rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, agus folóidh sí maidir le haon duine, acmhainn bhliantúil céile an duine sin i gcás ina gcónaíonn an céile leis an duine sin.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin, le toiliú an Aire Airgeadais, forálacha eile a shaineoidh, i cibé slí is oiriúnach leis, earnála daoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2).
(4) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht de rialacháin a bheartófar a dhéanamh faoi fho-alt (3) agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.
(5) Ní bhainfidh alt 5 (5) den Acht Sláinte, 1947, le rialacháin faoin alt seo.
(6) Ar dháta tosach feidhme rialachán faoi fho-alt (3), scoirfidh fo-alt (1) d'éifeacht a bheith aige agus, má fhorálann na rialacháin amhlaidh, scoirfidh fo-alt (2) freisin d'éifeacht a bheith aige.
(7) Forléireofar tagairtí sa Chuid seo daoine ag a bhfuil cáilíocht teoranta mar thagairtí do dhaoine sna hearnála a shonraítear i bhfo-alt (1) nó i rialacháin faoin alt seo, de réir mar is iomchuí.
(8) Aon duine nach bhfuil in aon earnáil dá sonraítear i bhfo-alt (1) nó i rialacháin faoi fho-alt (3) ach a measann príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí é a bheith, maidir le seirbhísí áirithe atá ar fáil do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta, neamhábalta, gan chruatan míchuí, an tseirbhís sin a sholáthar dó féin nó dá chleithiúnaithe, measfar, maidir leis an tseirbhís sin, gur duine é ag a bhfuil cáilíocht theoranta.
Achomhairc.
47.—(1) Nuair a chinnfidh oifigeach boird sláinte, agus alt 45 nó 46 á riaradh, nach bhfuil duine áirithe in earnáil a shonraítear leis an alt iomchuí nó faoi, beidh ábhar achomhairc ann i gcoinne an chinnte chun duine (is oifigeach eile don bhord sláinte nó duine nach oifigeach den sórt sin) a cheapfaidh nó a ainmneoidh an tAire.
(2) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, socrú a dhéanamh le haghaidh achomhairc faoin alt seo a dhéanamh agus a chinneadh.
Dearbhú i dtaobh acmhainne.
48.—D'fhonn a chinneadh ar duine nó nach duine ag a bhfuil láncháilíocht nó nach duine nó nach duine ag a bhfuil cáilíocht theoranta, nó duine nó nach duine atá i dteideal seirbhíse áirithe a sholáthraítear faoi na hAchtanna sláinte, 1947 go 1970, duine áirithe, féadfaidh bord sláinte a cheangal ar an duine sin dearbhú a dhéanamh i cibé foirm is iomchuí leis an mbord sláinte maidir lena acmhainn agus féadfaidh an bord sláinte cibé bearta a dhéanamh is oiriúnach leis chun an dearbhú a fhíorú.
Athrú ar imthosca.
49.—(1) I gcás duine a thaifeadadh ag bord sláinte mar dhuine atá i dteideal, mar gheall ar imthosca sonraithe, chun seirbhíse a sholátharíonn an bord faoi na hAchtanna sláinte, 1947 go 1970, cuirfidh sé in iúl don bhord aon athrú ar na himthosca sin a bhaineann de a theideal chun na seirbhíse sin.
(2) Beidh duine a sháróidh go feasach fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.
Táille i gcás duine gan teideal d'fháil seirbhíse.
50.—Nuair a bheidh duine tar éis seirbhís a fháil faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, agus go bhfaighfear amach nach raibh sé i dteideal na seirbhíse, féadfaidh an bord sláinte iomchuí táille a cheadóidh nó a ordóidh an tAire a bhaint amach ina leith.
Caibidil II
Seirbhísí Ospidéil d'Othair Chónaithe agus d'Othair Sheachtracha
Seirbhísí d'othair chónaithe.
51.—Sa Chuid seo ciallaíonn “seirbhísí d'othair chónaithe” seirbhísí forais a sholáthraítear do dhaoine le linn dóibh a bheith á gcothabháil in ospidéal, i dteaghlach eadarshláinte nó i dteaghlach do dhaoine ar a bhfuil míchumas coirp nó meabhrach nó i gcóiríocht atá coimhdeach leis an gcéanna.
Seirbhísí d'othair chónaithe a sholáthar.
52.—(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair chónaithe ar fáil do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.
(2) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair chónaithe ar fáil do leanaí nach bhfuil ar áireamh na ndaoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i leith galair agus míchumais bhuana nó fhada a fhorordófar le toiliú an Aire Airgeadais.
Táillí i leith seirbhísí d'othair chónaithe.
53.—(1) Acht amháin mar a fhoráilfear chuige faoi fho-alt (2) ní bhainfear amach táillí i leith seirbhísí d'othair a chuirfear ar fáil faoi alt 52.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh—
(a) ina mbeidh socrú chun táillí a ghearradh i leith seirbhísí d'othair chónaithe in imthosca sonraithe ar dhaoine nach daoine ag a bhfuil lán-cháilíocht nó ar aicmí sonraithe daoine den sórt sin, agus
(b) a shonróidh méideanna na dtáillí nó na dteorann le méideanna na dtáillí a ghearrfar amhlaidh.
Seirbhísí d'othair chónaithe ar a rogha ag an othar, etc.
54.—Aon duine atá i dteideal leas a bhaint as seirbhísí d'othair chónaithe faoi alt 52 nó tuiste linbh atá i dteideal a cheadú don leanbh leas a bhaint as na seirbhísí sin féadfaidh sé, más mian leis an duine sin é, in ionad glacadh le seirbhísí a bheidh curtha ar fáil ag an mbord sláinte, socrú a dhéanamh le haghaidh seirbhísí a samhail a sholáthar don duine nó don leanbh in aon ospidéal a bheidh ceadaithe ag an Aire chun críocha an ailt seo, agus i gcás ina ndéanfaidh duine nó tuiste socrú den sórt sin, íocfaidh an bord sláinte, de reir rialacháin a dhéanfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, an íocaíocht fhorordaithe i leith na seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh.
Seirbhísí d'othair chónaithe do dhaoine gan teideal faoi alt 52.
55.—Féadfaidh an bord sláinte seirbhísí d'othair chónaithe a chur ar fáil do dhaoine nach gcruthóidh teideal a bheith acu chun seirbhísí den sórt sin faoi alt 52 agus (i gcóiríocht phríobháideach nó leathphríobháideach) do dhaoine a chruthóidh an teideal sin a bheith acu ach nach mbaineann leas as na seirbhísí faoin alt sin agus déanfaidh an bord táillí a cheadóidh nó a fhorordóidh an tAire a baint amach i leith aon seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh.
Seirbhísí d'othair sheachtracha.
56.—(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “seirbhísí d'othair sheachtracha” seirbhísí forais seachas seirbhísí d'othair chónaithe a sholáthraítear in ospidéal nó i dteaghlach nó a sholáthraíonn daoine a bhfuil baint acu le hospidéal nó le teaghlach agus seirbhísí forais a sholáthraítear i saotharlann, i gclinic, i slánlann nó in aitreabh den sórt sin, ach ní fholaíonn sé—
(a) aon drug, íoc nó ullmhóid eile a thabhairt, ach amháin i gcás a ndéanann an duine atá ag soláthar na seirbhíse é a thabhairt díreach le haghaidh cóireála síciatraí, nó
(b) seirbhísí déadliachta, súl-liacha nó cluasliachta.
(2) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil, gan táille, do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.
(3) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí nach bhfuil ar áireamh na ndaoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith galair agus míchumais bhuana nó fhada a fhorordófar le toiliú an Aire Airgeadais.
(4) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha ar fáil in aisce do leanaí nach bhfuil ar áireamh na ndaoine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith éalaingí nár tugadh faoi deara le linn scrúdaithe faoin tseirbhís a luaitear in alt 66.
(5) Féadfaidh bord sláinte seirbhísí d'othair sheachtracha a chur ar fáil do dhaoine nach bhfuil i dteideal na seirbhísí sin faoi fho-ailt (2) go (4) agus déanfaidh an bord táillí a cheadóidh nó a fhorordóidh an tAire a bhaint amach i leith aon seirbhísí a sholáthrófar amhlaidh.
Otharchóistí, etc. a sholáthar,
57.—(1) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun otharchóistí nó meáin iompair eile a sholáthar chun othair a iompair ó áiteanna i limistéar feidhme an bhoird go dtí áiteanna sa limistéar sin nó lasmuigh de nó ó áiteanna lasmuigh den limistéar feidhme go dtí áiteanna sa limistéar sin.
(2) Le linn comhshocraíochtaí a dhéanamh faoin alt seo, gníomhóidh bord sláinte do réir orduithe an Aire.
(3) Nuair a úsáidfidh duine otharchóiste nó meán iompair eile a soláthraíodh faoin alt seo, féadfaidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte iomchuí, mar is rogha leis, ach faoi réir aon rialacháin iomchuí faoi alt 31 den Acht Sláinte, 1947, a ordú—
(a) go mbainfear amach táille i leith na húsáide de réir rialacáin a dhéanfaidh an bord, nó
(b) nach mbainfear aon táille amach ina leith.
Caibidil IIII
Seirbhísí Liachta Ginearálta
Seirbhís liachta agus máinliachta lia-chleachtóra ghinearálta.
58.—(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhís liachta agus máinliachta lia-chleachtóra ghinearálta ar fáil in aisce do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht.
(2) Déanfar rialacháin le toiliú an Aire Airgeadais i dtaobh na seirbhíse faoin alt seo agus forálfaidh siad go ndéanfar, a mhéid is indéanta sin dar leis an Aire, rogha ar lia-chleachtóir a thairiscint faoi réir coinníollacha a fhorordófar sna rialacháin do dhaoine a bhainfidh leas an an tseirbhís faoin alt seo.
Druganna, íocanna agus fearais.
59.—(1) Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí le haghaidh druganna, íocanna agus fearais liachta nó máinliachta a sholáthar in aisce do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht.
(2) Nuair a dhéanfaidh duine ag a bhfuil cáilíocht theoranta nó duine ag a bhfuil lán-cháilíocht nach mbaineann leas as an tseirbhís faoi fho-alt (1) a chruthú do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird sláinte gur thabhaigh sé, in aghaidh tréimshe agus go feadh méid a bheidh cinnte le rialacháin a rinne an tAire, caiteachas le druganna, íocanna agus fearais liachta agus máinliachta a fuarthas ar oideas lia-chleachtóra chláraithe agus gur chun cóireála dó féin nó dá chleithiúnaithe iad, déanfaidh an bord sláinte comhshocraíochtaí chun íoc as iarmhar costas, nó as cion de chostas (de réir mar a fhorordófar), druganna, íocanna agus fearais liachta agus máinliachta den sórt sin a sholáthar don duine in aghaidh na tréimhse sin.
(3) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun druganna, íocanna nó fearais liachta agus máinliachta a sholáthar in aisce do dhaoine ar a bhfuil galar nó míchumas forordaithe buan nó fada.
(4) Is le toiliú an Aire Airgeadais a dhéanfar rialacháin i dtaobh seirbhíse faoin alt seo.
Altranas baile.
60.—Soláthróidh bord sláinte in aisce, maidir le daoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus maidir le cibé earnála eile daoine agus chun cibé críocha a shonróidh an tAire, seirbhís altranais chun chomhairle agus cabhair maidir lena sláinte a thabhairt do na daoine sin agus chun cabhrú leo má bhíonn siad breoite.
Seirbhís chúnamh baile.
61.—(1) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun cabhrú—
(a) le duine breoite nó easlán nó cleithiúnaí duine den sórt sin,
(b) le bean a bhaineann leas as seirbhís faoi alt 62, nó a fhaigheann aireachas dá shamhail, nó cleithiúnaí mná den sórt sin,
(c) le duine ar ghá, mura mbeadh seirbhís a sholáthar dó faoin alt seo, é a chothabháil ar shlí seachas sa bhaile,
a chothabháil sa bhaile (de réir mar a chinnfidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin an bhoird i ngach cás) in aisce nó ar cibé táille is dóigh leis is iomchuí.
(2) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag príomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte comhlíonfaidh sé aon orduithe ón Aire.
Caibidil IV
Seirbhísí do Mháithreacha agus do Leanaí
Aireachas liachta agus asaoideachta do mháithreacha.
62.—(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus asaoideachta ar fáil in aisce chun freastal, i leith máithreachta, ar shláinte ban is daoine ag a bhfuil láncháilíocht nó daoine ag a bhfuil cáilíocht theoranta.
(2) Féadfaidh bean atá i dteideal seirbhísí liachta a fháil faoin alt seo a roghnú iad a ghlacadh ó aon liachleachtóir cláraithe ag a bhfuil comhaontú déanta leis an mbord sláinte agus atá toilteanach glacadh léi mar othar.
(3) Nuair a bhainfidh bean leas as seirbhísí faoin alt seo le haghaidh luí seoil in áit seachas ospidéal nó teaghlach máithreachais, soláthróidh an bord sláinte in aisce riachtanais oibsteitrice a mhéid a shonróidh rialacháin ón Aire.
Aireachas liachta do naíonáin.
63.—(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhísí liachta, máinliachta agus altranais ar fáil do leanaí suas go dtí sé seachtaine d'aois a bhfuil teideal ag a máithreacha leas a bhaint as seirbhísí faoi alt 62.
(2) Aon seirbhísí a chuirfear ar fáil faoin alt seo do leanbh déanfaidh aon lia-chleachtóir cláraithe a bheidh roghnaithe ag tuiste an linbh, a bhfuil comhaontú déanta aige leis an mbord sláinte chun na seirbhísí sin a sholáthar agus atá toilteannach glacadh leis an leanbh mar othar iad a sholáthar don leanbh.
Deontais mháithreachais.
64.—(1) Íocfaidh bord sláinte deontas airgid i leith gach luí seoil le bean is duine ag a bhfuil lán-cháilíocht, a chomhlíonann na coinníollacha forordaithe agus nach mbeartaítear í a chothabháil i bhforas tar éis an luí seoil (seachas chun cóireála liachta nó máinliachta) ag an mbord sláinte nó ar chostas an bhoird sláinte.
(2) Is é méid a bheidh i ndeontas faoin alt seo—
(a) i gcás breithe beo, £8 i leith gach leanbh a rugadh beo,
(b) i gcás nach raibh aon bhreith beo, £8.
(3) Nuair a bheidh an Breitheamh a chinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sé ordú faoi Acht na Leanaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930, a bhainfidh le leanbh neamhdhlisteanach go n-íocfar na costais a ghabh le breith an linbh ní chuirfidh sé san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal deontais faoin alt seo.
(4) San alt seo ciallaíonn “luí seoil” íona tuismidh dá dtáinig leanbh beo a bhreith, nó íona tuismidh tar éis fiche agus ocht seachtain toircheasa dá dtáinig leanbh, beo nó marbh, a bhreith.
Bainne do mháithreacha agus do leanaí.
65.—(1) Féadfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí a dhéanamh chun bainne a sholáthar do mhná atá ag iompar clainne agus ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do mháithreacha atá ag oiliúint agus ag a bhfuil lán-cháilíocht, agus do leanaí faoi bhun cúig bliana d'aois nach féidir lena dtuistí a ndóthain bainne a sholáthar dóibh as a n-acmhainn féin.
(2) San alt seo folaíonn “bainne” bianna atá déanta go hiomlán nó go formhór as bainne.
Seirbhís sláinte leanaí.
66.—(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhís scrúdaithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce i gclinicí, i slánlanna nó in áiteanna forordaithe eile do leanaí faoi bhun sé bliana d'aois.
(2) Cuirfidh bord sláinte seirbhís scrúdaithe agus cóireála sláinte ar fáil in aisce do dhaltaí atá ag freastal ar scoil náisiúnta nó ar scoil a bhfuil an t-alt seo curtha chun feidhme maidir léi le hordú faoi fho-alt (3).
(3) Nuair a iarrfaidh comhlacht rialaithe scoile é nach scoil náisiúnta, féadfaidh bord sláinte dá rogha féin, le hordú, an t-alt seo a chur chun feidhme maidir leis an scoil.
(4) Féadfar a cheangal an bhainisteoir scoile nuair a bheidh fógra tugtha ag bord sláinte dó, saoráidí réasúnacha a sholáthar le haghaidh scrúdaithe faoin alt seo.
(5) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíonn do bhord sláinte aon seirbhís ghinearálta teaghaise nó aon seirbhísí den sórt a luaitear in alt 52, 56 nó 67 a sholáthar.
Caibidil V
Seirbhísí Eile
Seirbhísí déadliachta, súl-liachta agus cluasliachta.
67.—(1) Cuirfidh bord sláinte cóireáil déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta ar fáil do dhaoine ag a bhfuil lán-cháilíocht agus do dhaoine ag a bhfuil cáilíochta theoranta.
(2) Cuirfidh bord sláinte cóireáil déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta agus fearais déadliachta, súil-liachta agus cluasliachta ar fáil i leith éalaingí a thabharfar faoi deara de bharr scrúdaithe faoin tseirbhís a luaitear in alt 66.
(3) Ach amháin i gcás dá bhforáiltear faoi fho-alt (4) ní bhainfear aon táillí amach i leith cóireáil agus fearais a chuirfear ar fáil faoin alt seo.
(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh—
(a) ina mbeidh foráil chun táillí a ghearradh, in imthosca conraithe, i leith seirbhísí faoin alt seo do dhaoine nach daoine ag a bhfuil lán-cháilíocht nó d'aicmí sonraithe daoine den sórt sin, agus
(b) a shonróidh méideanna na dtáillí sin nó na teorainneacha le méideanna na dtáillí a ghearrfar amhlaidh.
Seirbhísí athinmheachain.
68.—(1) Cuirfidh bord sláinte seirbhís ar fáil chun daoine míchumasaithe a oiliúint i gcóir fostaíochta atá oiriúnach do staid a sláinte, agus chun comhshocraíochtaí a dhéanamh le fostóirí chun daoine míchumasaithe a chur i bhfostaíocht oiriúnach.
(2) Féadfaidh bord sláinte, chun críocha fho-alt (1), áitribh, ceardlanna, feirmeacha, gairdíní, ábhair, trealamh agus saoráidí dá samhail a sholáthar agus a chothabháil.
(3) Féadfaidh bord sláinte trealamh, ábhair nó earraí dá samhail a sholáthar do dhuine aosaithe míchumasaithe i gcás nach féidir leis an duine ná le céile (más ann) an duine cothabháil a sholáthar dó.
Liúntais chothabhála do dhaoine míchumasaithe.
69.—(1) Déanfaidh bord sláinte socrú chun liúntais chothabhála a íoc le daoine míchumasaithe os cionn sé bliana déag d'aois i gcás nach féidir leis an duine ná le céile (más ann) an duine cothabháil a sholáthar dó.
(2) Ní dhéanfar rialacháin i dtaobh na seirbhíse faoin alt seo ach amháin le toiliú an Aire Airgeadais.
Braitheoireacht galar.
70.—Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí chun tástála a dhéanamh in aisce ar dhaoine chun a fhionnadh an bhfuil galar, éalaing nó bail áirithe orthu a bheidh forordaithe.
Eolas agus comhairle faoi shláinte.
71.—(1) Féadfaidh an tAire comhshocraíochtaí a dhéanamh chun eolas agus comhairle a leathadh i dtaobh ábhair a bhaineann le sláinte agus le seirbhísí sláinte.
(2) Déanfaidh bord sláinte comhshocraíochtaí chun eolas agus comhairle a leathadh i dtaobh ábhair a bhaineann le sláinte agus le seirbhísí sláinte.
Caibidil VI
Forálacha Ilghnéitheacha i dtaobh Seirbhísí
Rialacháin.
72.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a bheidh inchurtha chun feidhme maidir le gach bord sláinte nó le bord sláinte amháin nó níos mó i dtaobh an mhodha ar a ndéanfaidh agus a mhéid a dhéanfaidh an bord nó na boird seirbhísí a chur ar fáil faoin Acht seo agus i dtaobh riaradh na seirbhísí sin i gcoitinne.
(2) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo a fhoráil maidir le haon seirbhís faoin Acht seo gur d'aicme áirithe de na daoine ag a bhfuil cáilíocht chun na seirbhíse sin agus don aicme sin amháin atá an tseirbhís sin á cur ar fáil.
(3) D'ainneoin aon fhoráil eile atá san Acht seo, leanfaidh aon rialacháin a rinneadh faoin Acht Sláinte, 1953, i ngníomh agus measfar gur faoin Acht seo a rinneadh iad agus gurb inleasaithe nó inchúlghairthe iad dá réir sin.
Amhras i dtaobh cén t-údarás sláinte atá freagrach a chinneadh.
73.—Cinnfidh an tAire, i gcás aon amhras nó díospóid a bheith ann maidir le haon duine áirithe nó le daoine d'aicme áirithe, an t-údarás sláinte a bheidh freagrach in aon seirbhís faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a sholáthar don duine sin nó do dhaoine den aicme sin (i gcás arb iomchuí).
Táillí agus ranníocaí a ghnóthú.
74.—Aon táille a ghearrfaidh nó ranníoc a thoibheoidh bord sláinte faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, nó faoi rialacháin faoi na hAchtanna sin, féadfar, mura n-íocfar í, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb ina leith a gearradh an táille, ó chéile (más ann) an duine nó, má bhíonn an duine básaithe, óna ionadaí dlíthiúil pearsanta.
Ráitis bhréagacha, etc.
75.—Má dhéanann duine ar bith, chun aon seirbhís faoi na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1970, a fháil dó féin nó d'aon duine eile, nó chun aon chríche a bhaineann leis na hAchtanna sin—
(a) aon ráiteas bréagach nó aon uiríoll bréagach a thabhairt go feasach nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó
(b) aon doiciméad nó eolas is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird nó a sholáthar nó a chur faoi deara nó a cheadú go feasach sin a thabhairt ar aird nó a sholáthar,
beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
CUID V
Forálacha Ilghnéitheacha
Leasú ar chairteanna ospidéal, etc.
76.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, ar iarratas ó chomhlacht rialtóirí ospidéil, cairt nó Acht príobháideach a bhaineann leis an ospidéal sin a leasú.
(2) Leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas dréacht d'ordú a bheartófar a dhéanamh faoin alt seo agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach rún ag ceadú an dréachta.
(3) Sula leagfaidh sé dréacht d'ordú faoin alt seo faoi bhráid Tí den Oireachtas, rachaidh an tAire i gcomhairle le Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla.
Coirp a aistriú go dtí áitreabh iomchuí.
77.—I gcás ina bhfaighfear corp duine mhairbh i limistéar feidhme boird sláinte féadfaidh an bord, de réir rialacháin ón Aire a rinneadh le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, socrú a dhéanamh chun an corp a aistriú go dtí áitreabh iomchuí.
Seilbh substaintí áirithe a rialú.
78.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun seilbh substainte lena mbaineann an t-alt seo a rialú.
(2) Féadfaidh socrú a bheith i rialacháin faoin alt seo chun a thoirmeasc substaint lena mbaineann na rialacháin a shealbhú ach amháin ag daoine nó aicmí daoine a shonraítear sna rialacháin agus in imthosca agus i ndála a shonraítear sna rialacháin.
(3) Aon duine a dhéanfaidh sárú, nó a fhéachfaidh le sárú a dhéanamh, ar rialachán faoin alt seo nó a iarrfaidh ar dhuine eile nó a aslóidh duine eile chun sárú a dhéanamh ar rialachán den sórt sin beidh sé ciontach i gcion.
(4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear—
(a) ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná cúig bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná cúig chéad punt nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná cúig bliana, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air,
agus féadfaidh an chúirt a chiontóidh an duine a ordú an tsubstaint arb ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh, agus a dhiúscairt mar is cuí leis an gcúirt.
(5) (a) Bainfidh alt 31 d'Acht na nDruganna Dainséireacha, 1934 (a thugann cumhacht do Bhreitheamh den Chúirt Dúiche barántas cuardaigh a eisiúint i gcásanna áirithe), le seilbh substainte lena mbaineann rialacháin faoin alt seo ionann dá mba dhrug, substaint nó táirge dá dtagraítear san alt sin 31 í agus gur faoin Acht sin a rinneadh na rialacháin.
(b) Bainfidh alt 32 den Acht Druganna Dainséireacha, 1934, a dúradh (a thugann cumhacht do chomhalta den Gharda Síochána gabháil a dhéanamh gan bharántas in imthosca áirithe), le cion faoin alt seo ionann is dá mba chion é faoin Acht sin.
(6) Baineann an t-alt seo le haon substaint is féidir a úsáid chun aon easláinte, éagruas, díobháil nó éalaing daonna a chosc, a fháithmeas nó a chóireáil nó chun aon fheidhm fhiseolaíoch a mhodhnú, agus is dóigh leis an Aire a dhéanann, nó ar féidir léi, iarsmaí domheanmna, spreagtha nó bréagchéadfaíochta a tháirgeadh i lárchóras néaróg an duine.
Leathnú ar an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919.
1919, c. 72.
79.—D'ainneoin alt 11 den Rats and Mice (Destruction) Act, 1919, aon uair nach féidir le bord sláinte teacht ar áititheoir talún, féadfar fógra faoi alt 5 den Acht sin a sheirbheáil tríd an bhfógra a dhaingniú ar nó de gheata, doras nó cuid fheiceálach den talamh.
Srian leis an Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947.
80.—Ní dhéanfar ranníoc le bord sláinte faoi alt 32 a áireamh ar chaiteachas sláinte glan údaráis áitiúil chun críocha an Achta Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947.
Leasú ar alt 3 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar (Forála Airgeadais), 1945.
81.—Leasaítear leis seo an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar (Fórala Airgeadais), 1945—
(a) trí na mínithe ar “an t-oifigeach cúnaimh iomchuibhe”, “dochtúir oifigiúil údaraithe”, “othar inmhuirir”, “comhúdarás”, “comhbhord”, “cúnamh óspidéil mheabhair-ghalar”, “coiste fiosraithe fo-óspidéil mheabhair-ghalar” agus “coiste fiosraithe óspidéil mheabhairghalar cheantair” a scriosadh,
(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3 i ndiaidh an mhínithe ar “óspidéal meabhar-ghalar ceantair”—
“ciallaíonn ‘othar cáilithe’ othar is duine ag a bhfuil lán-cháilíocht nó duine ag a bhfuil cáilíocht theoranta de réir brí ailt 45 agus 46 den Acht Sláinte, 1970”, agus
(c) trí “othar cáilithe” a chur in ionad “othar iomhuirir” gach áit a bhfuil sé sin.
Oiriúnú ar na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966.
82.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh, maidir le haon achtachán atá sna hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1966 (lena n-áirítear foráil nua a chur in ionad forála atá san achtachán sin), is dóigh leis is gá ionas go bhféadfaidh éifeacht ar comhréir leis an Acht seo a bheith ag an achtachán sin.
(2) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach rún laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoi ordú.
Fiosrúcháin áitiúla, etc.
83.—(1) Maidir le haon fhiosrúchán áitiúil a chuirfidh an tAire á dhéanamh faoi alt 33 faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1941—
(a) forléireofar mar thagairt do bhord sláinte aon tagairt san alt sin d'údarás áitiúil,
(b) forléireofar mar thagairt do bhord sláinte aon tagairt in alt 90 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, d'údarás áitiúil agus forléireofar mar thagairt do phríomh-oifigeach feidhmiúcháin boird sláinte aon tagairt san alt sin don bhainisteoir d'údarás áitiúil.
(2) Beidh feidhm ag ailt 84 go 86 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, maidir le boird sláinte agus oifigigh boird sláinte.
Cúnamh poiblí.
84.—(1) D'ainneoin aon ní san Acht um Chongnamh Phuiblí, 1939, tiocfaidh limistéar feidhme údaráis áitiúil a shonraítear i bhfo-alt (2) chun bheith agus beidh sé in cheantar cúnaimh phoiblí chun críocha an Achta sin agus beidh an t-údarás áitiúil ina údarás cúnaimh phoiblí don cheantar cúnaimh phoiblí.
(2) Is údaráis áitiúla chun críocha an ailt seo iad seo a leanas—
Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath;
comhairle chontae Bhaile Átha Cliath;
Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaí;
comhairle chontae Chorcaí;
Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh;
comhairle chontae Luimnigh;
Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phort Láirge;
comhairle chontae Phort Láirge.
Rialacháin maidir le hoiriúnuithe.
85.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm ar dháta tosach feidhme an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhár nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnú nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht ar comhréir leis an Acht seo a bheith ag an reacht, ag an ordú nó ag an rialachán sin.
Leasú ar an Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955.
86.—Leasaítear leis seo an tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, trí “agus an Aire Sláinte agus” a scriosadh as alt 12 (1), as alt 13 (1) agus as alt 14 (1).
AN CHEAD SCEIDEAL
Achtachá in a Aisghairtear
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 14 (ach amháin fo-alt (6), ailt 15 go 19 agus alt 24 (3) agus 24 (4). | ||
Ailt 2 go 4. | ||
An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945. | Ailt 5, 19, 96, 97 agus 106, 248 (4) agus 248 (5). | |
Cuid II agus Cuid VII, ailt 99, 102 agus 104. | ||
An tAcht Seirbhíse Sláinte | An tAcht iomlán. | |
(Forála Airgeadais), 1947. | ||
Alt 60. | ||
Cuid II agus Cuid III; ailt 45 go 53, 71 agus 72. | ||
An tAcht iomlán. | ||
An tAcht Sláinte agus | An tAcht iomlán. | |
Cóireála Meabhair-Ghalar, 1957. | ||
An tAcht Sláinte agus | An tAcht iomlán. | |
Cóireála Meabhair-Ghalar (Leasú), 1958. | ||
An tAcht iomlán ach amháin ailt 15 (8), 15 (9) 24 agus an Ceathrú Sceideal. | ||
Alt 4 (3). | ||
An tAcht Sláinte agus Cóiréala Meabhair-Ghalar (Leasú), 1966. | An tAcht iomlán. | |
AN DARA SCEIDEAL
Rialacha maidir le Comhaltas agus Cruinnithe Bord Sláinte
Ceapacháin
1. (1) Déanfar na comhaltaí den bhord a bheidh le ceapadh ag comhairle contae a cheapadh, i gcás an chéad cheapadh, ag an gcéad chruinniú den chomhairle a bheidh ann tar éis an bord a bhunú, agus dá éis sin ag an gcruinniú bliantúil den chomhairle a bheidh ann tar éis gach toghadh cúigbhlianach comhaltaí le haghaidh na comhairle.
(2) I gcás ina mbeidh comhaltaí den bhord le ceapadh ag bardas contae-bhuirge, ceapfar na comhaltaí sin, i gcás an chéad cheapadh, ag an gcéad chruinniú de chomhairle cathrach don chontae-bhuirg a bheidh ann tar éis an bord a bhunú agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú cheathrúnach den chomhairle cathrach a bheidh ann tar éis gach toghadh cúigbhlianach comhaltaí le haghaidh na comhairle cathrach.
(3) Déanfar na comhaltaí den bhord sláinte iomchuí a bheidh le ceapadh ag Bardas Dhún Laoghaire a cheapadh, is gcás an chéad cheapadh, ag an gcéad chruinniú de Chomhairle Buirge Dhún Laoghaire a bheidh ann tar éis an bord a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú ceathrúnach den chomhairle sin a bheidh ann tar éis gach toghadh cúigbhlianach comhaltaí le haghaidh na comhairle sin.
2. (1) Má bhíonn, faoi Riail 1, beirt chomhaltaí nó níos mó le ceapadh ar bhord sláinte ag cruinniú de chomhairle contae, de chomhairle cathrach nó de Chomhairle Buirge Dhún Laoghaire, is mar seo a leanas a cheapfar iad:
(a) féadfaidh aon ghrúpa comhairleoirí a mbeidh an líon riachtanach comhairleoirí ann comhairleoir a ainmniú chun bheith ina chomhalta den bhord agus ceapfar é ar an ainmniú sin gan aon vótáil;
(b) toghfar an chuid eile de chomhaltaí an bhoird go comhleanúnach trí thromlach vótáí na gcomhaírleoirí nach comhaltaí d'aon ghrúpa comhairleoirí mar a dúradh;
(c) ríomhfar an líon comhairleoirí is gá chun bheith ina ngrúpa chun críocha na rialach seo tríd an líon iomlán comhairleoirí a bheidh i láthair le linn an cheaptha a roinnt ar an líon comhaltaí a bheidh le ceapadh, nó mura slánuimhir an uimhir a ríomhfar amhlaidh, an chéad slánuimhir eile is mó ná an uimhir a ríomhfar amhlaidh.
(d) ní bheidh comhairleoir ina chomhalta de chuid is mó ná grúpa amháin.
(2) Má tharlaíonn gur comhalta amháin a bheidh le ceapadh chun boird sláinte faoi Riail 1 ceapfar é ag an gcruinniú iomchuí trí thromlach vótaí na gcomhairleoirí a bheidh i láthair le linn an cheaptha.
3. I gcás gan ach cuid de chontae a bheith i limistéar feidhme boird sláinte, ní bheith comhalta den chomhairle don chontae sin a toghadh do thoghlimistéar contae nach bhfuil aon chuid de i limistéar feidhme an bhoird sláinte cáilithe chun a thofa mar chomhalta den bhord sin faoi Riail 1.
4. Ní bheidh aon chomhalta den chomhairle do thoghlimistéar contae atá comhtheorannach le buirg Dhún Laoghaire cáilithe chun a cheaptha ag an gcomhairle sin mar chomhalta de bhord sláinte, agus chun críocha gach ceaptha den sórt ag an gcomhairle sin ní fholóidh na tagairtí i Riail 2 do chomhairleoirí nó comhairleoir aon chomhairleoir a toghadh don toghlimistéar contae sin.
5. (1) Déanfar na comhaltaí den bhord a thoghfar de réir alt 4 (2) (a) (ii) a thoghadh amhlaidh ó am go ham de réir rialacháin a bheidh déanta ag an Aire agus in aghaidh na tréimhse oifige a shonraítear sna rialacháin sin.
(2) Féadfaidh rialacháin faoin riail seo, maidir le haon aicme comhaltaí a shonraítear sna rialacháin, na cáilíochtaí a fhorordú nach foláir a bheith ag iarrthóirí chun a dtofa mar chomhaltaí.
6. Déanfaidh an tAire na comhaltaí den bhord a cheapfaidh sé a cheapadh ó am go ham in aghaidh cibé oifige nach faide ná cúig bhliana a shonróidh sé.
Seilbh Oifige
7. Sealbhóidh gach comhalta den bhord oifig (mura bhfaighidh sé bás, mura n-éireoidh sé as oifig nó mura dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht roimhe sin nó mura gcríochnóidh a chomhaltas roimhe sin faoi Riail II) go dtí an lá tar éis a chomharba a cheapadh nó a thoghadh, de réir mar a bheidh.
Dícháilíocht
8. (1) Beidh aon duine is oifigeach nó seirbhíseach don bhord ach nach d'aicme a shonraítear faoi mhír (2) dícháilithe chun bheith ina chomhalta den bhord.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú aicme oifigeach nó seirbhíseach nach mbainfidh an riail seo léi a shonrú.
9. (1) I gcás comhalta den bhord a ceapadh ag comhairle contae do scor de bheith (nó bheith dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den chomhairle, scoirfidh sé freisin de bheith (nó beidh sé dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den bhord.
(2) I gcás comhalta den bhord a ceapadh ag bardas contae-bhuirge nó ag Bardas Dhún Laoghaire do scor de bheith (nó bheith dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den chomhairle chathrach nó de Chomhairle Bhuirge Dhún Laoghaire (de réir mar a bheith) scoirfidh sé freisin de bheith (nó beidh sé dícháilithe chun bheith) ina chomhalta den bhord.
Eirí as Comhaltas agus Foirceannadh Comhaltais
10. Féadfaidh comhalta den bhord éirí as bheith ina chomhalta trí fhógra scríofa faoina láimh a thabhairt do rúnaí an bhoird ach ní bheidh éifeacht ag an éirí-as go dtí an chéad chruinniú eile den bhord a thionólfar tar éis an fógra a fháil.
11. (1) Má bhíonn comhalta den bhord a cheap comhairle contae gan bheith i láthair, in imeacht tréimshe comhleanúnaí sé mhí, ag aon chruinniú den bhord, scoirfidh sé, air sin, de bheith ina chomhalta den bhord agus déanfaidh an chomhairle, ag a céad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimshe sin, duine dá comhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh.
(2) Má bhíonn comhalta den bhord a cheap bardas contae-bhuirge nó Bardas Dhún Laoghaire gan bheith i láthair, in imeacht tréimhse comhleanúnaí sé mhí, ag aon chruinniú den bhord, scoirfidh sé, air sin, de bheith ina chomhalta den bhord agus déanfaidh an chomhairle chathrach nó Chomhairle Bhuirge Dhún Laoghaire (de réir mar a bheidh), ag a gcéad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimshe sin, duine dá gcomhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh.
(3) I gcás ina ligfear cruinniú den bhord ar lár mar gheall ar uireasa córaim, déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bhí i láthair an tráth agus san áit a bhí ceaptha le haghaidh an chruinnithe a thaifeadadh agus measfar go raibh na comhaltaí sin i láthair ag cruinniú den bhord chun críocha na rialacha sin.
12. Scoirfidh duine a toghadh de réir alt 4 (2) (a) (ii) de bheith ina chomhalta den bhord má scoireann sé de cháilíocht a bheith aige a thug teideal dó bheith ina iarrthóir chun a thofa.
13. Féadfaidh an tAire tráth ar bith ceapadh comhalta den bhord a cheap sé féin a fhoirceannadh.
Corr-fholúntais
14. (1) Aon chorr-fholúntas a tharlóidh i measc na gcomhaltaí den bhord a cheap na húdaráis áitiúla iomchuí, déanfaidh an chomhairle nó an bardas a cheap an comhalta is cúis leis an bhfolúntas é a líonadh laistigh de mhí ó thráth an folúntas tarlú nó laistigh de cibé am breise a cheadóidh an tAire.
(2) Ceapfaidh an tAire duine chun aon chorr-fholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí eile an bhoird a líonadh.
Córam
15. Is é is córam don bhord—
(a) más uimhir is inroinnte gan iarmhar ar cheathair líon iomlán comhaltaí an bhoird—
(i) ceathrú cuid lín iomláin comhaltaí an bhoird, nó
(ii) cúigear,
cibé acu is mó, agus
(b) muran uimhir is inroinnte gan iarmhar an cheathair líon iomlán comhaltaí an bhoird—
(i) ceathrú cuid na céad uimhreach uile is mó ná sin is inroinnte gan iarmhar ar cheathair, nó
(ii) cúigear,
cibé acu is mó.
Cruinnithe
16. (1) Tionólfar an chéad chruinniú den bhord lá a cheapfaidh an tAire.
(2) Tar éis gach ceapadh comhaltaí a dhéanfaidh na húdaráis áitiúla iomchuí tionólfar cruinniú den bhord lá a cheapfaidh an tAire.
(3) Tionólfaidh an bord dhá chruinniú dhéag ar a laghad gach bliain agus cibé cruinnithe eile is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú.
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach
17. (1) Toghfaidh an bord ó am go ham duine dá chomhaltaí (nach comhalta is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) chun bheith ina chathaoirleach ar an mbord agus duine eile dá chomhaltaí (nach comhalta is oifigeach nó seirbhíseach don bhord) chun bheith ina leaschathaoirleach ar an mbord.
(2) Sealbhóidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach oifig ar feadh na tréimhse a shonróidh ar bord le linn a cheaptha mura rud é—
(a) go scoirfidh sé de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den bhord;
(b) go n-éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó an leascathaoirligh agus go dtiocfaidh a éirí-as chun bheith éifeachtach faoin riail seo;
(c) go ndéanfaidh an bord trí rún, dár vótáil dhá thrian ar a laghad de chomhaltaí an bhoird agus a ndearnadh fógra seacht lá ar a ghiorra go rabhthas chun é a mholadh a thabhairt do gach duine a bhí ina chomhalta den bhord nuair a tugadh an fógra, a cheapadh mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach a fhoirceannadh.
(3) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach den bhord aon tráth éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach trí fhógra faoina láimh a thabhairt don bhord, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí go dtosóidh an chéad chruinniú eile den bhord a thionólfar tar éis don bhord an t-éirí as a fháil.
(4) Aon uair a tharlóidh, le linn cathaoirleach nó leas-chathaoirleach don bhord a bheith á thogadh, gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó, cinnfear trí chrannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an mbord.
Imeachtaí ag Cruinnithe
18. Ní bheidh imeachtaí an bhoird neamhbhailí mar gheall ar fholúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí nó aon éalaing ar na ceapacháin chun an bhoird nó ar cháilíocht aon chomhalta de.
19. Féadfaidh cathaoirleach nó, má bhíonn sé as láthair, leaschathaoirleach an bhoird cruinniú den bhord a ghairm.
20. Má dhiúltaíonn cathaoirleach an bhoird nó, má bhíonn sé as láthair, leas-chathaoirleach an bhoird cruinniú den bhord a ghairm tar éis iarratas chuige sin faoi lámha triúr comhaltaí den bhord a thíolacadh dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den bhord cruinniú den bhord a ghairm láithreach agus mura ndéanfaidh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach (gan diúltú amhlaidh), laistigh de sheacht lá tar éis an t-iarratas a thíolacadh, cruinniú den bhord a ghairm, féadfaidh aon triúr comhaltaí den bhord, ar na seacht lá sin a bheith caite, cruinniú den bhord a ghairm.
21. Trí lá ghlana ar a ghiorra roimh chruinniú den bhord, déanfar fógra i dtaobh tráth agus áit an chruinnithe bheartaithe faoi láimh an chathaoirligh nó an leas-chathaoirligh nó, más comhaltaí den bhord a ghairfidh an cruinniú, faoi lámha na gcomhaltaí sin, a shocrú san áit ar gnách leis an mbord cruinniú a bheith aige agus, más comhaltaí den bhord a ghairm an cruinniú sonróidh an fógra an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú.
22. Trí lá ghlana roimh aon chruinniú den bhord, déanfar toghairm chun bheith ag an gcruinniú, a shonróidh an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú agus a bheidh faoi láimh rúnaí an bhoird, a fhágáil nó a sheachadadh leis an bpost i ngnáth-áit chónaithe gach comhalta den bhord, ach ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht cruinnithe a mhainneachtain fógra den sórt sin a fhágáil nó a sheachadadh amhlaidh do chomhalta den bhord nó do chuid de chomhaltaí an bhoird.
23. Ní dhéanfar aon ghnó ag cruinniú den bhord seachas an gnó a bheidh sonraithe sa toghairm i ndáil leis.
24. Ag cruinniú den bhord—
(a) is é cathaoirleach an bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
(b) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh cathaoirleach an bhoird i láthair, is é an leas-chathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
(c) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh cathaoirleach an bhoird i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh agus nach mbeidh an leas-chathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
25. Déanfar miontuairiscí ar imeachtaí cruinnithe den bhord a dhréachtú agus a thaifeadadh i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chruinnithe nó an chéad chruinnithe eile iad.
26. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bheidh i láthair ag cruinniú den bhord a thaifeadadh i miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe.
27. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a vótálfaidh ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den bhord a thaifeadadh sna miontuairiscí ar imeachtaí an chruinnithe agus taispeáinfidh an taifead cé na comhaltaí a votáil ar son agus cé na comhaltaí a votáil in aghaidh na ceiste.
28. Féadfar gach gníomh a dhéanfaidh an bord a dhéanamh, agus féadfar gach ceist a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an bhoird a chinneadh, ag tromlach na gcomhaltaí sin den bhord a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú den bhord a thionólfar go cuí de réir dlí.
29. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den bhord (seachas toghadh cathaoirligh nó leas-chathaoirligh), beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe.
30. Aon comhalta den bhord ag a mbeidh—
(a) aon leas in aon chuideachta nó gnólacht a mbeartaíonn an bord aon chonradh a dhéanamh leis, nó
(b) aon leas in aon chonradh a bheartaíonn an bord a dhéanamh,
nochtfaidh sé don bhord an leas sin a bheith aige agus cad é an leas é, agus ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú ná cinneadh a dhéanfaidh an bord maidir leis an gconradh, agus taifeadar aon nochtadh den sórt sin i miontuairiscí an bhoird.
31. Féadfaidh an bord buan-orduithe a dhéanamh chun a imeachtaí a rialáil, seachas imeachtaí a bhfuil socrú dá rialáil déanta le reacht nó faoi reacht (lena n-áirítear an tAcht seo), agus féadfaidh sé na buan-orduithe sin a leasú nó a chúlghairm.
32. Fíordheimhneofar séala an bhoird le síniú an chathaoirligh (nó comhalta éigin eile a bheidh údaraithe chun gníomhú chuige sin) agus le síniú oifigigh don bhord a bheidh údaraithe gníomhú mar sin.
AN TRIU SCEIDEAL
Forálacha de Dhroim Díscaoilte
1. (1) Aon mhaoin réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, dílsithe don chomhlacht díscaoilte nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad ar an tosach feidhme chun bheith agus beidh siad, gan tíolacadh ná scannadh ar bith, ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dá chuid féin ag an gcomhlacht chun a n-aistrítear é, nó ar teachtadh ar iontaobhas agus dílsithe (de réir mar a dhlífidh an cás) dó, ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile a raibh an céanna, díreach an tosach feidhme, dílsithe den chomhlacht díscaoilte, dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó, ach faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas uile a dhéanann difear don chéanna agus a bhí ann agus infheidhmithe an tráth sin.
(2) Aon mhaoin a aistrítear leis an mír seo agus a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, ar seasamh i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an chomhlachta dhíscaoilte, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an gcomhlacht chun a n-aistrítear é á iarraidh sin aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an chomhlachta sin.
(3) Tar éis an tosach feidhme, gach ábhar i gcaingean a aistreofar de réir na míre seo chun comhlachta, féadfaidh an comhlacht sin agra a dhéanamh ina leith nó é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don chomhlacht fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an mír seo a thabhairt don duine ar a bhfuil an t-ábhar i gcaingean ina cheangal.
2. (1) Aon fhiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear fiacha stoic agus morgáiste, agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tort nó sáruithe conartha) a bhí, díreadh roimh thosach feidhme alt 7 den Acht seo, dlite den chomhlacht díscaoilte agus gan íoc aige nó tabhaithe agus gan glanadh aige tiocfaidh sé chun bheith agus beidh siad, ar an tosach feidhme, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an gcomhlacht chun a n-aistrítear é agus dá réir sin íocfaidh nó glanfaidh an comhlacht sin é agus féadfar é a ghnóthú uaidh nó a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.
(2) Ní dhéanfaidh díscaoileadh faoi alt 34 neamhbhailí aon ordú íoca nó seic, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon ordú íoca nó seic, a bheidh eisithe ag an gcomhlacht díscaoilte agus nach mbeidh tíolaicthe le haghaidh íocaíochta roimh an tosach feidhme sin ná ní dhéanfaidh sé neamhbhailí aon údarás, ná ní dhéanfaidh sé difear d'aon údarás, a bheidh tugtha ag an gcomhlacht díscaoilte le go n-íocfaí méid an ordaithe íoca agus déanfaidh an comhlacht chun a n-aistrítear an dliteanas iomchuí socruithe le go n-íocfar méid gach ordaithe íoca den sórt sin a thíolacfar go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an tosach feidhme sin.
3. Aon bhanna, ráthaíocht, nó urrús eile de shaghas leanúnach a thug an comhlacht díscaoilte do dhuine eile nó aon duine don chomhlacht díscaoilte agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an comhlacht díscaoilte agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlíonta go hiomlán roimh an tosach feidhme sin leanfaidh sé, d'ainneoin an díscaoileadh, de bheith i bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí ainm an chomhlachta a bheidh sonraithe san ordú faoi alt 34 ann in ionad ainm an chomhlachta dhíscaoilte agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gcomhlacht a bheidh sonraithe amhlaidh nó ina choinne.
4. Aon riail agus rialachán a rinne an comhlacht díscaoilte agus i bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aige, tar éis an tosach feidhme agus a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar riail nó rialachán a rinneadh ag an gcomhlacht ar an tosach feidhme dá ndílsítear na feidhmeanna iomchuí leis an Acht seo go ceann na coda a bheidh gan chaitheamh an tráth sin den tréimhse agus i leith an limistéir ar dó agus arb ina leith a rinne an comhlacht díscaoilte an céanna iarbhír, agus dá réir sin féadfaidh an comhlacht iomchuí dá ndílsítear amhlaidh na feidhmeanna iomchuí gach riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a athrú nó a chúlghairm agus pionóis agus geallbhruideadh a d'éirigh faoin gcéanna roimh an tosach feidhme nó dá éis a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm an tslí chéanna agus chomh hiomlán agus a d'fhéadfadh an comhlacht díscaoilte an céanna a choimeád i bhfeidhm, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
5. Aon rún a rith, ordú a rinne nó fógra a sheirbheáil an comhlacht díscaoilte roimh an tosach feidhme agus nach raibh a oibriú a éifeacht nó a théarma tar éis scor nó éag roimh an tosach feidhme leanfaidh sé i bhfeidhm agus d'éifeacht a bheith aige, tar éis an tosach feidhme agus a mhéid nach bhfuil sé ar neamhréir leis an Acht seo, ionann is dá mba rún é a rith, ordú é a rinne nó fógra é a sheirbheáil an comhlacht dá ndílsítear na feidhmeanna iomchuí leis an Acht seo ar an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an comhlacht díscaoilte an céanna iarbhír agus dá mbeadh feidhmeanna an chomhlachta díscaoilte infheidhmithe, ar an dáta sin, ag an gcomhlacht dá ndílsítear na feidhmeanna íomchuí amhlaidh.
6. Tiocfaidh an comhlacht a shonrófar san ordú iomchuí faoi alt 34 agus beidh sé, ar an tosach feidhme, ina pháirtí in ionad an chomhlachta dhíscaoilte in aon chaingean, agra, ionchúiseamh nó imeacht eile a bhí ar feitheamh roimh an tosach feidhme agus ar pháirtí ann an comhlacht díscaoilte agus leanfar den imeacht sin idir an comhlacht a shonrófar amhlaidh agus na páirtithe eile ann dá réir sin, agus ní thitfidh aon imeacht den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis de dhroim an díscaoilte, ná ní dhéanfaidh an díscaoileadh difear dó.
7. (1) Na leabhair agus na doiciméid eile go léir a bhí ordaithe nó údaraithe le haon reacht nó faoi don chomhlacht díscaoilte a choimeád agus ab inghlactha i bhfianaise roimh an tosach feidhme, glacfar i bhfianaise iad tar éis an tosach feidhme chomh hiomlán agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(2) In aon chás ina mbeadh sliocht as aon leabhar nó doiciméad eile nó deimhniú ar lánas aon leabhair nó doiciméad eile, a bhí ordaithe nó údaraithe le haon reacht nó faoi don chomhlacht díscaoilte a choimeád, dá mbeadh sé arna fhíordheimhniú ag oifigeach áirithe de chuid an chomhlachta sin, inghlactha, díreach roimh an tosach feidhme, mar fhianaise ar an lánas sin, déanfar sliocht as an leabhar nó an doiciméad sin nó deimhniú ar lánas an leabhair nó an doiciméid sin, má bhíonn sé fíordheimhnithe sa tslí áirithe sin ag oifigeach de chuid an bhoird sláinte nó an chomhlachta eile ar comhréir leis an oifigeach áirithe a ghlacadh, tar éis an tosach feidhme, mar fhianaise ar an lánas a mhéid chéanna a ghlacfaí amhlaidh an sliocht nó an deimhniú céadluaithe dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
8. (1) A luaithe is féidir tar éis an tosach feidhme, iniúchfar na cuntais ar ioncam agus ar chaiteachas uile an chomhlachta dhíscaoilte agus coistí an chéanna agus oifigeach faoi seach an chomhlachta dhíscaoilte agus na gcoistí sin, agus déanfar, gnóthófar agus cuirfear i bhfeidhm, chomh gar agus is féidir é, ionann is dá mba nár ritheadh an tAcht seo, dílomhála, formhuirir, muirir agus pionóis maidir leis na cuntais, leis an ioncam agus leis an gcaiteachas.
(2) Aon oifigeach don chomhlacht díscaoilte nó d'aon choiste dá chuid arb é a dhualgas aon chuntais de chuid, nó cuntas a thabhairt in aon chuid d'ioncam nó de chaiteachas, an chomhlachta dhíscaoilte agus fós gach comhalta den chomhlacht díscaoilte nó d'aon choiste den sórt sin measfar chun críocha an iniúchta iad a bheith fós féin, go dtí go mbeidh iniúchadh na gcuntas ar an ioncam agus ar an gcaiteachas sin suas go dtí an tosach feidhme críochnaithe, in oifig agus faoi cheangal na dualgais chéanna a chomhlíonadh agus na cuntais sin a thabhairt agus faoi réir na ndlíteanas céanna ionann is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
9. Aon duine a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, ina oifigeach don chomhlacht díscaoilte, ansin, ar an tosach feidhme sin, aistreofar é go dtí seirbhís an chomhlachta a shonraítear san ordú iomchuí faoi alt 34 agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach don chomhlacht sin agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar nár cuireadh deireadh lena oifig faoin gcomhlacht díscaoilte.
10. Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme idir an comhlacht díscaoilte agus aon duine nárbh oifigeach don chomhlacht díscaoilte leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí an comhlacht a bheidh sonraithe san ordú iomchuí faoi alt 34 ann in ionad an chomhlachta dhíscaoilte, agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an gcomhlacht a bheidh sonraithe amhlaidh nó ina choinne.