Uimhir 9 de 1960.
AN tACHT UM ÚDARÁIS SLÁINTE, 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Bardas Chorcaí” Ard-Mhéara, Seanóirí agus Buirgéisigh Chorcaí;
ciallaíonn “Bardas Bhaile Átha Cliath” Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;
ciallaíonn “Bardas Dhún Laoghaire” Bardas Dhún Laoghaire;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
ciallaíonn “Bardas Luimnigh” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Luimnigh;
ciallaíonn “An tAire” an tAire Sláinte;
tá le “údarás sláintíochta” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952;
ciallaíonn “Bardas Phort Láirge” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phort Láirge.
(2) Aon tagairt san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
2.—(1) Bunaítear leis seo comhlacht ar a dtabharfar Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
(2) Beidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath comhdhéanta de naonúr comhaltaí a cheapfaidh comhairle chontae Bhaile Átha Cliath, cúig chomhalta déag a cheapfaidh Bardas Bhaile Átha Cliath agus triúr comhaltaí a cheapfaidh Bardas Dhún Laoghaire.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin uimhreacha eile a chur in ionad na n-uimhreacha uile nó aon uimhreacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus, an fad a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin.
(4) Is é limistéar feidhmiúcháin Údaras Sláinte Bhaile Átha Cliath contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus contae riaracháin Bhaile Átha Cliath, agus, i gcás feidhmeanna a bhaineann le hoibriú seirbhísí faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, contae riaracháin Chill Mhantáin.
(5) (a) Déanfar triúr comhaltaí de chomhairle chontae Chill Mhantáin a cheapadh le rún ag an gcomhairle sin chun críocha an fho-ailt seo.
(b) Beidh teideal ag na daoine a cheapfar de bhun an fho-ailt seo a bheith i láthair ag cruinnithe d'Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath agus, i gcás gnó ag aon chruinniú den sórt sin a bhainfidh leis na hAchtanna Cóiréala Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, a bheith páirteach i ndíospóireachtaí agus vótaí a chaitheamh amhail is dá mba chomhaltaí iad d'Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
(c) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha an fho-ailt seo:
(i) déanfar daoine a cheapadh, i gcás an chéad cheaptha, ag an gcéad chruinniú eile de chomhairle chontae Chill Mhantáin a thionólfar tar éis Údarás Shláinte Bhaile Átha Cliath a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú bliantúil den chomhairle a thionólfar tar éis gach toghadh chúigblianach de chomhaltaí na comhairle;
(ii) beidh gach duine a cheapfar i seilbh oifige mar dhuine a ceapadh chun críocha an fho-ailt seo (murab éag, éirí as nó teacht faoi dhílcháilíocht roimhe sin dó) go dtí an lá tar éis an lae a cheapfar a chomharba;
(iii) i gcás duine a cheapfar do scor de bheith, nó é a bheith dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhairle, scoirfidh sé freisin de bheith ceaptha, nó beidh sé dícháilithe chun a cheaptha, chun críocha an fho-ailt seo;
(iv) féadfaidh duine a bheidh ceaptha éirí as trí fhógra i scríbhinn faoina láimh a thabhairt do rúnaí na comhairle, ach ní bheidh éifeacht leis an éirí as go dtí an chéad chruinniú eile den chomhairle a thionólfar tar éis an fógra a bheidh tugtha don rúnaí a fháil;
(v) déanfaidh an chomhairle aon chorrfholúntas a tharlóidh i measc na ndaoine a cheapfar a líonadh laistigh de mhí tar éis an corrfholúntas tarlú nó laistigh de cibé tréimhse eile a cheadóidh an tAire.
(6) (a) Scoirfidh fo-alt (5) den alt seo d'éifeacht a bheith aige air sin a fhoráil amhlaidh le hordú ón Aire.
(b) Ní dhéanfar ordú faoin bhfo-alt seo ach amháin ar chomhairle chontae Chill Mhantáin dá iarraidh sin le rún.
(7) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh gach Teach acu sin tar éis rún a rith ag ceadú an dréachta.
Údarás Sláinte Chorcaí.
3.—(1) Bunaítear leis seo comhlacht ar a dtabharfar Údarás Sláinte Chorcaí.
(2) Beidh Údarás Sláinte Chorcaí comhdhéanta d'ocht gcomhalta is fiche a cheapfaidh comhairle chontae Chorcaí agus dhá chomhalta déag a cheapfaidh Bardas Chorcaí.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin uimhir eile a chur in ionad cheachtar de na huimhreacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó uimhreacha eile a chur in ionad an dá uimhir sin, agus, an fad a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin.
(4) Is é limistéar feidhmiúcháin Údarás Sláinte Chorcaí contaebhuirg Chorcaí agus contae riaracháin Chorcaí.
(5) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh gach Teach acu sin tar éis rún a rith ag ceadú an dréachta.
Údarás Sláinte Luimnigh.
4.—(1) Bunaítear leis seo comhlacht ar a dtabharfar Údarás Sláinte Luimnigh.
(2) Beidh Údarás Sláinte Luimnigh comhdhéanta de chúig chomhalta déag a cheapfaidh comhairle Contae Luimnigh agus ochtar comhaltaí a cheapfaidh Bardas Luimnigh.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin uimhir eile a chur in ionad cheachtar de na huimhreacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó uimhreacha eile a chur in ionad an dá uimhir sin, agus, an fad a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin.
(4) Is é limistéar feidhmiúcháin Údarás Sláinte Luimnigh contae-bhuirg Luimnigh agus contae riaracháin Luimnigh.
(5) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh gach Teach acu sin tar éis rún a rith ag ceadú an dréachta.
Údarás Sláinte Phortláirge.
5.—(1) Bunaítear leis seo comhlacht ar a dtabharfar Údarás Sláinte Phort Láirge.
(2) Beidh Údarás Sláinte Phort Láirge comhdhéanta do dhá chomhalta déag a cheapfaidh comhairle chontae Phortláirge agus seachtar comhaltaí a cheapfaidh Bardas Phort Láirge.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin uimhir eile a chur in ionad cheachtar de na huimhreacha a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó uimhreacha eile a chur in ionad an dá uimhir sin, agus, an fad a bheidh aon rialacháin den sórt sin i bhfeidhm, beidh éifeacht dá réir sin ag an bhfo-alt sin.
(4) Is é limistéar feidhmiúcháin Údarás Sláinte Phort Láirge contae-bhuirg Phort Láirge agus contae riaracháin Phort Láirge.
(5) I gcás ina mbeartófar rialacháin a dhéanamh faoin alt seo leagfar dréacht de na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh gach Teach acu sin tar éis rún a rith ag ceadú an dréachta.
Forálacha ginearálta maidir le húdarás.
6.—Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le húdarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo:
(a) is comhlacht corpraithe le comharbas suthain an t-údarás;
(b) féadfaidh an t-údarás agra a dhéanamh agus beidh siad inagartha faoina n-ainm corpraithe agus féadfaidh siad talamh a shealbhú agus a dhiúscairt;
(c) soláthróidh an t-údarás agus beidh aige gnáthshéala agus tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar an séala sin;
(d) d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, na comhaltaí den údarás a cheapfaidh comhairle contae is comhaltaí den chomhairle sin a bheidh iontu agus na comhaltaí den údarás a cheapfaidh bardas contae-bhuirge nó buirge eile is comhaltaí de chomhairle cathrach nó de chomhairle buirge na buirge sin a bheidh iontu;
(e) beidh feidhm maidir leis an údarás ag na Rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
Feidhmeanna áirithe a chomhlíonadh.
7.—(1) Déanfaidh údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo na feidhmeanna uile a chomhlíonadh a chomhlíon na húdaráis áitiúla iomchuí, díreach roimh an mbunú sin, faoi na hachtacháin seo a leanas nó maidir le hoibriú seirbhísí a cuireadh ar fáil faoi na hachtacháin sin nó i ndáil le riaradh na n-achtachán sin:
(a) na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1958,
(b) na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958,
(c) an tAcht um Chúnamh Phoiblí, 1939,
(d) na hAchtanna um Chlárú Breitheanna agus Bása, 1863 go 1952,
(e) na Notification of Births Acts, 1907 and 1915,
(f) na hAchtanna a bhaineann le póstaí a chlárú,
(g) na hAchtanna um Bia agus Druganna a Dhíol, 1875 go 1936,
(h) Cuid I den Children Act, 1908, agus ailt 2 agus 3 d'Acht na Leanaí (Leasú), 1957,
(i) an Rats and Mice (Destruction) Act, 1919,
(j) an Blind Persons Act, 1920,
(m) Acht na mBan Cabhartha, 1944, arna leasú le hAcht na nAltran, 1950, agus alt 60 d'Acht na nAltran, 1950,
(o) an tAcht Uchtála, 1952.
(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ciallaíonn “na húdaráis áitiúla iomchuí”—
(a) maidir le hÚdarás Sláinte Bhaile Átha Cliath—comhairle chontae Bhaile Átha Cliath, Bardas Bhaile Átha Cliath, Bord Cúnaimh Bhaile Átha Cliath, Bord Cúnaimh Ráth an Dúin, Bord Cúnaimh Bhaile an Ridire agus Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Ghráinseach Uí Ghormáin;
(b) maidir le hÚdarás Sláinte Chorcaí—comhairle chontae Chorcaí, Bardas Chorcaí, Bord Cúnaimh Phoiblí Cheantar Cúnaimh Phoiblí Chorcaí Theas, Bord Sanatoria Chorcaí agus Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Chorcaí;
(c) maidir le hÚdarás Sláinte Luimnigh—comhairle chontae Luimnigh, Bardas Luimnigh agus Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Luimnigh;
(d) maidir le hÚdarás Sláinte Phort Láirge—comhairle chontae Phort Láirge, Bardas Phort Láirge, Bord Cúnaimh Phoiblí Cheantar Cúnaimh Phoiblí Phort Láirge agus Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Phort Láirge.
(3) Más rud é, i gcás otharlainne ginearálta poiblí do chontae agus contae-bhuirg atá i limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, go raibh ar marthain, díreach sular bunaíodh an t-údarás sláinte, aon fheidhm faoi reacht de chuid údaráis áitiúil chun aon íoc a dhéanamh leis an otharlann, ansin, ar an údarás sin a bhunú, tiocfaidh an fheidhm sin chun bheith de bhua an fho-ailt seo ina feidhm de chuid an údaráis sláinte.
(4) D'ainneoin aon ní san Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, tiocfaidh limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo chun bheith, ar é bhunú amhlaidh, ina cheantar cúnaimh phoiblí chun críocha an Achta sin agus is é an t-údarás sláinte a bheidh ina údarás cúnaimh phoiblí don cheantar cúnaimh poiblí.
Feidhm Achtanna áirithe.
8.—(1) Is comh-chomhlacht de réir bhrí agus chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.
(2) Is údarás áitiúil de réir bhrí agus chun críocha na nAchtanna seo leanas údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo—
(a) na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959,
(b) Acht na nÚdarás nÁitiúil (Comhcheannach), 1925,
(c) Achtanna na nÚdarás nÁitiúil (Comhar-Arachas), 1926 go 1935,
(d) Achtanna na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 agus 1940,
(f) Acht na nÚdarás nÁitiúil (Forálacha Ilghnéitheacha), 1936,
(g) Acht na nÚdarás nÁitiúil (Comhcheannach), 1939,
(h) An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948, agus an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956.
(3) Comhlíonfaidh an tAire—
(a) feidhmeanna Aire faoi Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (ach amháin alt 12), Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe) (Leasú), 1940, agus na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959, maidir leis na hoifigí agus na fostaíochtaí seo a leanas agus a sealbhóirí, is é sin le rá, oifigí agus fostaíochtaí faoi údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo seachas iad sin a bhfuil feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna sin dílsithe ina leith de thuras na huaire san Aire Leasa Shóisialaigh, agus
(b) feidhmeanna Aire faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, maidir le húdarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo,
ach ní dhéanfaidh an tAire feidhmeanna Aire maidir le luach saothair Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a chomhlíonadh ach amháin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil.
An bhrí atá le “údarás sláinte” a leasú.
9.—Maidir leis an abairt “údarás sláinte” in aon Acht a ritheadh roimh thosach feidhme an ailt seo, nó in aon ordú, rialachán nó ionstraim eile a rinneadh roimh thosach feidhme an ailt seo i bhfeidhmiú cumhachta a thugtar le haon Acht den sórt sin—
(a) folóidh sí údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, agus
(b) ní fholóidh sí comhairle contae ná bardas contae-bhuirge a cheapfaidh comhaltaí údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.
Coistí áitiúla
10.—(1) (a) Má dhéanann údarás áitiúil (cibé acu comhairle contae nó bardas contae-bhuirge nó buirge eile é) a cheapfaidh comhaltaí údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo é a chinneadh le rún, beidh, más iad comhairle chontae Bhaile Átha Cliath an t-údarás áitiúil, coiste áitiúil den údarás sláinte arna bhunú do Cheantar Sláinte Contae Bhaile Átha Cliath nó, in aon chás eile, do limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil, agus is iad a bheidh ina gcomhaltaí den choiste na comhaltaí den údarás sláinte a cheapfaidh an t-údarás áitiúil agus cibé daoine eile a cheapfaidh an t-údarás áitiúil ó am go ham (arb éard iad, d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, comhaltaí de chomhairle an chontae nó de chomhairle cathrach nó de chomhairle buirge na buirge).
(b) Má dhéanann comhairle contae a cheapfaidh comhaltaí údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo é a chinneadh le rún, beidh, más iad comhairle chontae Bhaile Átha Cliath an chomhairle, coiste áitiúil den údarás sláinte arna bhunú do chuid shonraithe de Cheantar Sláinte Contae Bhaile Átha Cliath nó, in aon chás eile, den chontae, agus is iad a bheidh ina gcomhaltaí den choiste na comhaltaí sin den údárás sláinte a cheapfaidh an chomhairle agus a bheidh ionadaitheach don chuid sin de Cheantar Sláinte Contae Bhaile Atha Cliath nó den chontae agus cibé daoine eile (arb éard iad, d'ainneoin aon ní in aon Acht eile, comhaltaí den chomhairle a bheidh ionadaitheach don chuid sin de Cheantar Sláinte Contae Bhaile Átha Cliath nó den chontae) a cheapfaidh an chomhairle ó am go ham.
(c) Ní bheidh thar trí choiste arna mbunú faoin bhfo-alt seo i gcomhthráth ar thionscnamh na comhairle contae céanna.
(2) (a) Maidir leis an limistéar a ndearnadh coiste d'údarás sláinte faoin alt seo a bhunú dó agus, maidir le cibé seirbhísí a bheidh, i gcás an choiste, sonraithe le rialacháin ón Aire chun críche an fho-ailt seo, beidh feidhmeanna chomhaltaí an údaráis sláinte faoi alt 27 den Acht um Bainistí Chontae, 1940, agus alt 2 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, arna dtarmligean chun an choiste agus, i gcás inar iomchuí é chun críocha an tarmligin sin, déanfar aon tagairt sna hailt sin do chomhlacht toghaí a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don choiste.
(b) Ní choiscfidh sé údarás sláinte iad féin ó fheidhmeanna an údaráis sláinte a fheidhmiú na feidhmeanna sin a bheith arna dtarmligean faoin mír sin roimhe seo.
(3) Is é córam, nós imeachta agus áit chruinnithe choiste a bhunaítear faoin alt seo an córam, an nós imeachta agus an áit chruinnithe a cheapfar le rialacha a dhéanfaidh an t-údarás áitiúil a cheap an coiste.
Caiteachais i gcoitinne.
11.—(1) Déanfar caiteachais (seachas caiteachais faoina rachfar faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a ranníoc mar a leanas:
(a) in aghaidh na bliana airgeadais áitiúil a bhunófar Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath—ag Bardas Bhaile Átha Cliath agus comhairlí contaetha Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin le toiliú an Aire nó, mura gcomhaontófar amhlaidh laistigh de thréimhse sé mhí (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire) tar éis lá bunaithe Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, i cibé cionúireachtaí a chinnfidh duine a cheapfaidh an tAire chuige sin;
(b) in aghaidh blianta airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin— ag Bardas Bhaile Átha Cliath, Bardas Dhún Laoghaire agus comhairlí contaetha Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin le toiliú an Aire nó, mura gcomhaontófar amhlaidh laistigh de thréimhse sé mhí (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire) tar éis lá bunaithe Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, i cibé cionúireachtaí a chinnfidh duine a cheapfaidh an tAire chuige sin.
(2) (a) In aghaidh na bliana airgeadais áitiúil a bhunófar Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath—
(i) soláthróidh Bardas Bhaile Átha Cliath don Údarás an t-airgead is gá faoi chomhair na gcaiteachas faoina rachaidh an tÚdarás faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, maidir le daoine i gcontaebhuirg Bhaile Átha Cliath, agus
(ii) soláthróidh comhairle chontae Bhaile Átha Cliath don Údarás an t-airgead is gá faoi chomhair na gcaitheachas faoin rachfar amhlaidh maidir le daoine i gcontae Bhaile Átha Cliath.
(b) In aghaidh blianta airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin—
(i) soláthróidh Bardas Bhaile Átha Cliath d'Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath an t-airgead is gá faoi chomhair na gcaiteachas faoina rachaidh an tÚdarás faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, maidir le daoine i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath,
(ii) soláthróidh comhairle chontae Bhaile Átha Cliath don Údarás an t-airgead is gá faoi chomhair na gcaiteachas faoina rachfar amhlaidh maidir le daoine i gCeantar Sláinte Contae Bhaile Átha Cliath, agus
(iii) soláthróidh Bardas Dhún Laoghaire don Údarás an t-airgead is gá faoi chomhair na gcaiteachas faoina rachfar amhlaidh maidir le daoine i mbuirg Dhún Laoghaire.
(3) Déanfar caiteachais (seachas na caiteachais faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) údaráis sláinte (seachas Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath) a bhunaítear leis an Acht seo a ranníoc, ag na húdaráis áitiúla a cheapfaidh comhaltaí an údaráis sláinte, i cibé cionúireachtaí ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin le toiliú an Aire nó, mura gcomhaontaítear amhlaidh laistigh de thréimhse sé mhí (nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an tAire) tar éis lá bunaithe an údaráis sláinte, i cibé cionúireachtaí a chinnfidh duine a cheapfaidh an tAire chuige sin.
(4) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag duine faoin alt seo maidir le húdarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo tabharfaidh sé aird ar na nithe seo a leanas—
(a) an méid a chosain sé, i gcás gach limistéir lena mbainfidh, i rith na gcúig bliana airgeadais áitiúla díreach roimh an mbliain airgeadais a bunaíodh an t-údarás sláinte, na seirbhísí a bheidh aistrithe chun an údaráis sláinte a oibriú,
(b) na prionsabail a rialaigh roimhe sin dáiliú caiteachas comh-chomhlachtaí a d'oibrigh aon seirbhís acu sin.
(5) Beidh éifeacht ag comhaontú nó cinneadh faoin alt seo amhail ó bhunú an údaráis sláinte lena mbainfidh sé.
(6) (a) Féadfar comhaontú faoin alt seo a athrú—
(i) trí chomhaontú idir na húdaráis lena mbainfidh arna dhéanamh le toiliú an Aire, nó
(ii) ag duine a bheidh ceaptha ag an Aire, agus é ag gníomhú ar iarratas ó cheann de na húdaráis lena mbainfidh, chun an comhaontú a athbhreithniú.
(b) Féadfar cinneadh faoin alt seo a athbhreithniú—
(i) trí chomhaontú idir na húdaráis lena mbainfidh arna dhéanamh le toiliú an Aire, nó
(ii) ag duine a bheidh ceaptha ag an Aire, agus é ag gníomhú ar iarratas ó cheann de na húdaráis lena mbainfidh nó as a chonlán féin, chun an cinneadh a athbhreithniú.
(7) Aon údarás áitiúil a cheapfaidh comhaltaí údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo (seachas Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath) soláthróidh sé don údarás sláinte an t-airgead is gá faoi chomhair an chaithimh faoina rachaidh an t-údarás sláinte faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, maidir le daoine i limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil.
(8) Is ar Cheantar Sláinte Contae Bhaile Átha Cliath a mhuirearófar ranníoc ó chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath i leith caiteachais Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúil seachas an bhliain airgeadais áitiúil a bhunófar an tÚdarás.
(9) An t-airgead go léir a cheanglaítear leis an alt seo ar chomhairle contae nó ar bhardas contae-bhuirge nó buirge eile a sholáthar soláthróidh an t-údarás sláinte iomchuí é, ar é a éileamh, de réir rialacháin a dhéanfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.
(10) Ní mheasfar go ndéanfaidh aon ní san alt seo cosc a chur le comhairle chontae Bhaile Átha Cliath dá éileamh ar Bhardas Dhún Laoghaire, ná le Bardas Dhún Laoghaire do fhreagairt an éilimh, tráth ar bith tar éis na bliana airgeadais áitiúil a bhunófar Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, go ndéanfaí soláthar le haghaidh coigeartuithe i leith caithimh, in aghaidh na bliana sin nó aon bhliana airgeadais áitiúil roimhe sin, ar na seirbhísí a aistreofar chun an údaráis sin.
(11) Gan dochar d'fhorálacha an Achta seo, agus faoi réir aon choigeartuithe is gá de dhroim na bhforálacha sin, maidir leis na cionúireachtaí ina mbeidh caiteachais údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo le n-íoc—
(a) íocfaidh údarás áitiúil a cheapfaidh comhaltaí údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo leis an údarás sin an bhliain airgeadais áitiúil a bunaíodh an t-údarás sin—
(i) aon airgead a bheidh ar áireamh ina meastachán caiteachas le haghaidh seirbhísí faoina riaradh a aistreofar chun an údaráis sláinte agus nach mbeidh caite ar dháta bunaithe an údaráis sin, agus
(ii) aon airgead a dhéanfaidh comhlacht a dhíscaoiltear le halt 15 den Acht seo a éileamh orthu agus nach mbeidh íoctha leis an gcomhlacht sin ar dháta an bhunaithe sin, agus
(b) íocfaidh comhairle chontae Chill Mhantáin le hÚdarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, an bhliain airgeadais áitiúil a bhunófar an t-údarás sin, aon airgead a éileoidh Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Ghráinseach Uí Ghormáin ar an gcomhairle sin agus nach mbeidh íoctha leis an mbord sin ar dháta an bhunaithe sin.
(12) Aon chomhaontú faoin alt seo idir dhá údarás áitiúla nó níos mó is le rúin ó na húdaráis sin a dhéanfar é.
Forálacha idirlinne maidir le caiteachais.
12.—(1) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “an tÚdarás” Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
(b) Go dtí go ndéanfar comhaontú nó cinneadh de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, is iad Bardas Bhaile Átha Cliath agus comhairlí contaetha Bhaile Átha Cliath agus Chill Mhantáin a ranníocfaidh caiteachais (seachas caiteachais faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) an Údaráis in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla a bhunófar an tÚdarás agus ranníocfaidh siad iad i gcomhréir lena gcaithimh faoi seach (arna meas acu faoi seach faoi réir cheadú an Aire), ar na seirbhísí (seachas seirbhísí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939), i leith a limistéar faoi seach a bheidh aistrithe chun an Údaráis, an bhliain airgeadais áitiúil roimh an mbliain airgeadais áitiúil a bhunófar an tÚdarás.
(c) Go dtí go ndéanfar comhaontú nó cinneadh de bhun mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, is iad Bardas Bhaile Átha Cliath, comhairle chontae Chill Mhantáin, comhairle chontae Bhaile Átha Cliath agus Bardas Dhún Laoghaire a ranníocfaidh caiteachais (seachas caiteachais faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) an Údaráis in aghaidh na mblianta airgeadais áitiúla i ndiaidh na bliana airgeadais áitiúla a bhunófar an tÚdarás agus, ranníocfaidh siad iad i gcomhréir leis na suimeanna seo a leanas:
(i) caitheamh Bhardas Bhaile Átha Cliath (arna mheas acu faoi réir cheadú an Aire), ar na seirbhísí (seachas seirbhísí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) a bheidh aistrithe chun an Údaráis, an bhliain airgeadais áitiúil díreach roimh an mbliain airgeadais áitiúil a bhunófar an tÚdarás,
(ii) caitheamh chomhairle chontae Chill Mhantáin (arna mheas acu faoi réir cheadú an Aire), ar sheirbhísí faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, an bhliain sin,
(iii) an tsuim a gheofar trí chaitheamh chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath (arna mheas acu faoi réir cheadú an Aire), ar na seirbhísí (seachas seirbhísí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) a bheidh aistrithe chun an Údaráis, an bhliain sin a iolrú ar an gcuid ab inmhuirir ar an gcontae iomlán de chaitheamh iomlán na chomhairle sin (arna mheas acu) an bhliain sin agus a toibhíodh ar Cheantar Sláinte Contae Bhaile Átha Cliath, agus toradh an iolraithe a roinnt ar an gcaitheamh iomlán a dúradh,
(iv) an tsuim a gheofar trí chaitheamh chomhairle chontae Bhaile Átha Cliath (arna mheas acu faoi réir cheadú an Aire), ar na seirbhísí (seachas seirbhísí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) a bheidh aistrithe chun an Údaráis, an bhliain sin a iolrú ar an gcuid ab inmhuirir ar an gcontae iomlán de chaitheamh iomlán na comhairle sin (arna mheas acu) an bhliain sin agus a toibhíodh ar bhuirg Dhún Laoghaire, agus toradh an iolraithe a roinnt ar an gcaitheamh iomlán a dúradh.
(2) Go dtí go ndéanfar comhaontú nó cinneadh de bhun fho-alt (3) d'alt 11 den Acht seo, is iad a ranníocfaidh caiteachais (seachas caiteachais faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) údaráis sláinte (seachas Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath) a bhunaítear leis an Acht seo na húdaráis áitiúla a cheapfaidh comhaltaí an údaráis sláinte agus ranníocfaidh siad iad i gcomhréir lena gcaithimh faoi seach (arna meas acu faoi seach faoi réir chéadú an Aire), ar na seirbhísí (seachas seirbhísí faoin Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939) a bheidh aistrithe chun an údaráis sláinte, an bhliain airgeadais áitiúil díreach roimh an mbliain airgeadais áitiúil a bhunófar an t-údarás sláinte.
(3) Beidh dáiliú caiteachas de bhun an ailt seo faoi réir an chomhaontaithe nó an chinnte iomchuí de bhun alt 11 den Acht seo nuair a bheifear tar éis an comhaontú nó an cinneadh sin a dhéanamh, agus déanfar na coigeartuithe iomchuí dá réir sin.
(4) San alt seo, forléireofar tagairt do chaiteamh mar thagairt nach bhfolaíonn tagairt do chaiteamh caipitil a íocadh as airgead a fuarthas ar iasacht.
Meastachán caiteachas agus cruinniú meastachán.
1955. Uimh. 12.
13.—Nuair a bheidh an tAcht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, á fheidhmiú i gcás údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, cuirfear na hailt atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad ailt 9 agus 10 den Acht sin.
Feidhm an Achta Seirbhísí Sláinte (Forálacha Airgeadais), 1947.
14.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Seirbhísí Sláinte (Forálacha Airgeadais), 1947;
tá le “glan-chaiteachas i leith sláinte” agus “bliain chaighdéanach” na bríonna céanna atá leo san Acht.
(2) Is é an caiteachas caighdeánach chun críocha an Achta i gcás údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo comhshuim na gcaiteachas caighdéanach chun na gcríocha sin faoina rachaidh na húdaráis áitiúla a cheapfaidh comhaltaí an údaráis sláinte, agus, ina theannta sin, i gcás Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, an chionúireacht ab inmhuirir ar chomhairle chontae Chill Mhantáin den ghlan-chaiteachas i leith sláinte faoina ndeachaigh Bord Ospidéal Meabhair-Ghalair Ghráinseach Uí Ghormáin in aghaidh na bliana caighdeánaí.
(3) I gcás gach bliain airgeadais áitiúil tar éis na bliana a bhunófar Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, déanfar caiteachas caighdéanach chomhairle chontae Chill Mhantáin chun críocha an Achta a laghdú méid is comhionann leis an gcionúireacht ab inmhuirir ar an gcomhairle sin den ghlan-chaiteachas i leith sláinte faoina ndeachaigh Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Ghráinseach Uí Ghormáin in aghaidh na bliana caighdeánaí.
(4) Is comh-údarás de réir bhrí agus chun críocha an Achta seo údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo i leith na bliana airgeadais áitiúla a bhunófar iad, ach ní bheidh siad ina gcomhúdarás den sórt sin i leith aon bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin.
(5) I gcás blianta airgeadais áitiúla suas go dtí an bhliain a bhunófar údarás áitiúil a bhunaítear leis an Acht seo (agus an bhliain sin a áireamh), déanfar an abairt “údarás áitiúil” san Acht, d'ainneoin alt 9 den Acht seo, a fhorléiriú mar abairt a fholaíonn i gcónaí tagairt do chomhairle contae nó do bhardas contae-bhuirge a cheapfaidh comhaltaí an údaráis sláinte sin, agus nach bhfolaíonn tagairt don údarás sláinte sin.
(6) Íocfaidh údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo gach íocaíocht—
(a) is íocaíocht in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla tar éis na bliana airgeadais áitiúla a bhunófar an t-údarás sláinte sin,
(b) is íocaíocht a dhéanfadh údarás áitiúil a cheapfaidh comhaltaí an údaráis sláinte sin a íoc mura mbeadh an fo-alt seo, agus
(c) is íocaíocht ar chuid í, mura mbeadh an tAcht seo, den ghlan-chaiteachas i leith sláinte chun críocha an Achta faoin a ndeachaigh an t-údarás áitiúil sin in aghaidh na bliana airgeadais áitiúla sin.
Díscaoileadh agus forálacha i armartacha.
1947. Uimh. 28.
15.—(1) (a) De bhua an fho-ailt seo, beidh Bord Cúnaimh Bhaile Átha Cliath, Bord Cúnaimh Ráth an Dúin, Bord Cúnaimh Bhaile an Ridire, Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Ghráinseach Uí Ghormáin agus Bord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath arna ndíoscaoileadh agus beidh deireadh leo.
(b) Beidh éifeacht ag na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an díscaoileadh faoin bhfo-alt seo agus, chuige sin, sa Sceideal sin—
(i) forléireofar “an Bord” mar ní a thagraíonn d'aon chomhlacht a dhíscaoiltear leis an bhfo-alt seo,
(ii) déanfar “an t-údarás”, i gcás fo-mhíreanna (1) agus (2) de mhír 1, agus iad á bhfeidhmiú maidir leis an maoin fhorcoimeádta, a fhorléiriú mar ní a thagraíonn don Toghlach agus, in aon chás eile, forléireofar é mar ní a thagraíonn d'Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, agus
(iii) forléireofar “tosach feidhme” mar ní a thagraíonn do thosach feidhme an fho-ailt seo.
(2) (a) De bhua an fho-ailt seo, beidh Bord Cúnaimh Phoiblí Cheantar Chúnaimh Phoiblí Chorcaí Theas, Bord Sanatoria Chorcaí agus Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Chorcaí arna ndíscaoileadh agus beidh deireadh leo.
(b) Beidh éifeacht ag na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an díscaoileadh faoin bhfo-alt seo agus, chuige sin, sa Sceideal sin—
(i) forléireofar “an Bord” mar ní a thagraíonn d'aon chomhlacht a dhíscaoiltear leis an bhfo-alt seo,
(ii) forléireofar “an t-údarás” mar ní a thagraíonn d'Údarás Sláinte Chorcaí, agus
(iii) forléireofar “tosach feidhme” mar ní a thagraíonn do thosach feidhme an fho-ailt seo.
(3) (a) De bhua an fho-ailt seo, beidh Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Luimnigh arna ndíscaoileadh agus beidh deireadh leo.
(b) Beidh éifeacht ag na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an díscaoileadh faoin bhfo-alt seo agus, chuige sin, sa Sceideal sin—
(i) forléireofar “an bord” mar ní a thagraíonn do Bhord Ospidéal Meabhair-Ghalar Luimnigh,
(ii) forléireofar “an t-údarás” mar ní a thagraíonn d'Údarás Sláinte Luimnigh, agus
(iii) forléireofar “tosach feidhme” mar ní a thagraíonn do thosach feidhme an fho-ailt seo.
(4) (a) De bhua an fho-ailt seo, beidh Bord Cúnaimh Phoiblí Cheantar Cúnaimh Phoiblí Phort Láirge agus Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Phort Láirge arna ndíscaoileadh agus beidh deireadh leo.
(b) Beidh éifeacht ag na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an díscaoileadh faoin bhfo-alt seo agus, chuige sin, sa Sceideal sin—
(i) forléireofar “an bord” mar ní a thagraíonn d'aon chomhlacht a dhíscaoiltear leis an bhfo-alt seo,
(ii) forléireofar “an t-údarás” mar ní a thagraíonn d'Údarás Sláinte Phort Láirge, agus
(iii) forléireofar “tosach feidhme” mar ní a thagraíonn do thosach feidhme an fho-ailt seo.
(5) Foras a bheidh, díreach roimh é a aistriú chun Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, á chothabháil agus á oibriú ag Bord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath féadfaidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, d'ainneoin aon ní in Acht Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Átha Cliath, 1936, agus sa scéim faoin Acht sin, é a úsáid ar shlí seachas chun daoine ar a mbeidh galair aicídeacha a chóireáil agus a aireachasú agus measfar é a bheith curtha ar fáil mar fhoras sláinte ag Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath faoi alt 10 den Acht Sláinte, 1947.
(6) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ag gabháil díreach sular bunaíodh údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, do roghnú duine nó daoine le moladh le ceapadh chun oifige a ndéanfaí duine a shealbhaigh í a aistriú chun an údaráis sláinte de bhun mhír 9 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, críochnófar an roghnú i cibé slí is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an t-údarás sláinte an duine, nó duine de na daoine, a roghnófar agus a mholfar amhlaidh ag na Coimisinéirí le ceapadh a cheapadh amhail is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, ón údarás sláinte tar éis a mbunaithe a rinneadh an roghnú agus an moladh.
(7) (a) Bunófar coiste chun Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a chomhairliú i dtaobh nithe a bhainfidh leis an Ospidéal.
(b) Beidh an coiste comhairleach comhdhéanta de sheachtar comhaltaí a ainmneoidh an Toghlach agus seachtar comhaltaí a ainmneoidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath. D'ainneoin aon ní in aon Acht eile, beidh ceathrar ar a laghad de na comhaltaí a ainmneoidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath ina gcomhaltaí den Údarás sin.
(c) (i) Ainmneofar daoine aran gcoiste comhairleach a luaithe is féidir tar éis Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a bhunú agus tar éis gach ceapacháin chúigbhlianaigh de chomhaltaí an Údaráis sin.
(ii) Féadfar corrfholúntas i measc comhaltaí an choiste chomhairligh a bheidh ainmnithe ag an Toghlach a líonadh trí ainmniú ag an Toghlach.
(iii) Féadfar corrfholúntas i measc comhaltaí an choiste chomhlairligh a bheidh ainmnithe ag Údaras Sláinte Bhaile Átha Cliath a líonadh trí ainmniú ag an Údarás sin.
(d) (i) Faoi réir na bhfo-mhíreanna ina dhiaidh seo den mhír seo agus muran éag dó roimhe sin, beidh gach duine a ainmneofar chun bheith ina chomhalta den choiste comhairleach i seilbh oifige mar chomhalta den sórt sin go dtí an lá tar éis an lae a ainmneofar a chomharba.
(ii) I gcás duine a bheidh ainmnithe ag Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath chun bheith ina chomhalta den choiste comhairleach do scor nó do theacht faoi dhílcháilíocht chun bheith ina chomhalta den Údarás sin, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den choiste comhairleach.
(iii) Féadfaidh comhalta den choiste comhairleach éirí as trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt don duine a bheidh ag gníomhú mar rúnaí don choiste, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí an chéad chruinniú eile den choiste a thionólfar tar éis don duine a bheidh ag gníomhú mar rúnaí don choiste d'fháil an fhógra.
(e) Féadfaidh an coiste comhairleach a gcathaoirleach féin a thoghadh agus a nós imeachta féin a rialú.
(f) (i) Sa mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir le cuí-chomhlíonadh a dhualgas, beidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath i láthair ag cibé cruinnithe den choiste comhairleach a n-iarrfaidh an coiste sin air a bheith i láthair acu nó ar mian leis féin a bheith i láthair acu.
(ii) Cuirfidh Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath ar fáil le haghaidh iniúchta ag comhaltaí an choiste chomhairligh cóipeanna de cibé orduithe de chuid Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a bhainfidh go sonrach leis an Ospidéal.
(g) Beidh feidhm ag alt 2 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, i gcás an choiste chomhairligh agus fós i gcás Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, i leith feidhmeanna mar is inchomhlíonta iad go sonrach maidir leis an Ospidéal agus i leith oibreacha (seachas oibreacha cothabhála nó deisiúcháin) a bheartófar a ghabháil de láimh san Ospidéal agus i leith caiteachais i ndáil le haon oibreacha den sórt sin.
(h) Féadfaidh an coiste comhairleach a iarraidh ar Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a ordú gan aon oibreacha áirithe a ghabháil de láimh a bheidh beartaithe a ghabháil de láimh san Ospidéal (nach oibreacha is gá d'Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath de réir nó faoi réim reachta nó ordaithe cúirte a ghabháil de láimh), agus más rud é go n-ordóidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath le rún, ar an iarratas sin a fháil dóibh, gan na hoibreacha lena mbainfidh an t-iarratas a ghabháil de láimh, ní ghabhfar na hoibreacha sin de láimh.
(8) (a) Tiocfaidh an Toghlach, de bhua na míre seo, chun bheith ina gcomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala ar a dtabharfar aird bhreithiúnach.
(b) Cuirfidh an Toghlach an t-ioncam ón maoin fhorcoimeádta (lena n-áirítear aon mhaoin a bheidh de thuras na huaire ag ionadú na maoine sin) ar fáil lena chaitheamh chun cibé críocha maidir leis an Ospidéal ar a gcomhaontófar idir an coiste comhairleach agus Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
(c) Féadfaidh an Toghlach, ag cruinniú a ghlaofar go speisialta chuige sin tráth ar bith tar éis bliain a bheith caite ó dháta Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a bhunú, a chinneadh, trí rún a vótálfaidh ochtar comhaltaí ar a laghad den Toghlach ar a shon, a n-ainmniú comhaltaí ar an gcoiste comhairleach a chealú.
(d) Má ritear rún de réir na míre sin roimhe seo—
(i) beidh deireadh leis an gcoiste comhairleach,
(ii) féadfaidh an Toghlach cibé méid den mhaoin fhorcoimeádta (lena n-áirítear aon mhaoin a bheidh de thuras na huaire ag ionadú na maoine sin) a bheidh ar seilbh ag an Toghlach agus an t-ioncam go léir ón maoin fhorcoimeádta (lena n-áirítear mar atá ráite roimhe seo) a úsáid le haghaidh aon chríocha carthanúla a thoghfaidh agus a cheadóidh Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla in Éirinn nó le haghaidh aon chríocha poiblí a thoghfaidh agus a cheadóidh an Ard-Chúirt amhlaidh.
(e) Má tharlaíonn, tráth ar bith sa tréimhse caoga bliain dar tosach dáta Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a bhunú, go ndiúscróidh an tÚdarás sin an Foras trína dhíol, ar shlí seachas le húdarás a ghabhfaidh de láimh nach n-úsáidfear é ar shlí seachas chun críche poiblí, íocfaidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath leis an Toghlach—
(i) toradh an díola, lúide suim i leith aon fheabhsúcháin a rinne Bord Cúnaimh Bhaile Átha Cliath nó Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath ar an bhForas agus ar a gcomhaontóidh siad leis an Toghlach nó, cheal comhaontaithe, ar a gcomhaontófar trí eadráin, nó
(ii) £30,000,
cibé acu is lú, agus, chun críocha an ailt seo, beidh aon suim a íocfar amhlaidh ina cuid den mhaoin fhorcoimeádta.
(f) Nuair a bheidh feidhm á thabhairt d'alt 83 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, maidir le diúscairt an Fhorais nó aon choda de, beidh éifeacht ag an alt sin faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
(i) déanfar an tagairt i mír (a) d'fho-alt (1) do chomhaltaí an údaráis áitiúil a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chomhaltaí an choiste chomhairligh, agus
(ii) cuirfear “míosa” in ionad “deich lá glan” i mír (b) d'fho-alt (1).
(g) Féadfaidh an coiste comhairleach, maidir le haon togra i dtaobh an Foras nó aon chuid de a dhiúscairt, cibé uiríolla is cuí leo a dhéanamh chun Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath nó chun an Aire.
(h) Aon ioncam de chuid Bhord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath ón maoin fhorcoimeádta a gheofar lá an Achta seo a rith nó dá éis sin agus roimh lá Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath a bhunú déanfar, ar an mbunú sin a bheith déanta, é a íoc leis an Toghlach agus áireofar ansin é mar ioncam de chuid an Toghlaigh ón maoin fhorcoimeádta.
(9) San alt seo—
ciallaíonn “an coiste comhairleach” an coiste a bhunófar faoi mhír (a) d'fho-alt 7 den alt seo;
ciallaíonn “an Toghlach” Toghlach Bhord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath (Comhaltaí Urghnácha);
ciallaíonn “an tOspidéal” Ospidéal an tSilínghoirt, Baile Átha Cliath;
ciallaíonn “an Foras” Brú Chaoimhín, Sráid Chorcaí, Baile Átha Cliath;
ciallaíonn “an mhaoin fhorcoimeádta” an mhaoin a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
Maoin áirithe a aistriú.
16.—(1) San alt seo ciallaíonn “údarás áitiúil ceapacháin” maidir le húdarás sláinte, údarás áitiúil a cheapfaidh comhaltaí den údarás sláinte.
(2) Ar údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo a bhunú, is mar seo a leanas a bheidh maidir leis an maoin seo a leanas, eadhon:
(a) an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an mbunú, dílsithe san údarás áitiúil ceapacháin nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh agus arbh éard amháin í maoin le haghaidh seirbhísí a aistreofaí ar an údarás sláinte a bhunú, agus
(b) an mhaoin eile go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an mbunú, dílsithe san údarás áitiúil ceapacháin nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh agus a bhí ainmnithe ag an údaráis sin mar mhaoin a aistreofaí chun an údaráis sláinte,
agus fós maidir le gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, gan tíolacadh ná sannadh ar bith ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, dílsithe san údarás sláinte nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh (de réir mar is gá sa chás) chun an eastáit nó an leasa uile nó go ceann an téarma uile dá raibh an céanna, díreach roimh an mbunú, dílsithe san údarás áitiúil ceapacháin nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas uile a bhainfidh leis an gcéanna agus a bheidh ar marthain agus inchomhlíonta an tráth sin.
(3) An mhaoin uile a aistrítear le fo-alt (2) den alt seo chun údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo agus a bhí, díreach roimh an mbunú, i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, nó cuideachta in ainm údaráis áitiúil cheapacháin, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an údarás sláinte dá iarraidh sin tráth ar bith tar éis an bhunaithe, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an údaráis sláinte.
(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear le fo-alt (2) den alt seo chun údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, féadfaidh an t-údarás sláinte, tar éis an bhunaithe, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin agus ní gá don údarás sláinte fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an bhfo-alt sin a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.
(5) Tar éis údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo a bhunú, déanfar gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de chineál leanúnach a rinneadh nó a tugadh ag údarás áitiúil ceapacháin do dhuine eile, nó ag duine ar bith d'údarás áitiúil ceapacháin agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an mbunú agus a bhain le seirbhísí a aistreofaí ar an mbunú chun an údaráis sláinte agus leis na seirbhísí sin amháin, agus fós gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir údarás áitiúil ceapacháin agus duine eile agus nár forghníomhaíodh agus nár comhlánaíodh go hiomlán roimh an mbunú agus a bhain le seirbhísí a aistreofaí ar an mbunú chun an údaráis sláinte agus leis na seirbhísí sin amháin a fhorléiriú agus beidh éifeacht ag an gcéanna amhail is dá gcuirtí ainm an údaráis sláinte sa chéanna in ionad ainm an údaráis áitiúil cheapacháin, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an údarás sláinte nó ina gcoinne.
(6) Tar éis údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo a bhunú, gach riail agus rialachán a rinneadh go dleathach ag údarás áitiúil ceapacháin agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an mbunú agus a bhain le seirbhísí a aistreofaí ar an mbunú chun an údaráis sláinte agus leis na seirbhísí sin amháin leanfaidh sí nó sé i bhfeidhm agus beidh éifeacht aici nó aige, sa mhéid nach mbeidh sí nó sé ar neamhréir leis an Acht seo, mar riail nó rialachán (cibé acu é) a rinneadh ar an mbunú ag an údarás sláinte i leith a mbeidh gan chaitheamh an t-am sin den tréimhse agus i leith an limistéir ar ar dó agus ina leith a rinne an t-údarás áitiúil ceapacháin an céanna iarbhír, agus dá réir sin féadfar gach riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm, a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an t-údarás áitiúil na pionóis agus na forghéillte faoi roimh an mbunú nó dá éis a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm sa tslí chéanna agus chomh hiomlán agus d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil ceapacháin an céanna a choimeád i bhfeidhm a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(7) Tar éis údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo a bhunú, gach rún a ritheadh, gach órdú a rinneadh agus gach fógra a seirbheáladh ag údarás áitiúil ceapacháin roimh an mbunú agus nach raibh a n-oibriú, a n-éifeacht nó a dtéarma caite nó éagtha roimh an mbunú (is rún, ordú nó fógra a bhain le seirbhísí a aistreofaí ar an údarás sláinte a bhunú agus leis na seirbhísí sin amháin) leanfaidh siad i bhfeidhm agus beidh éifeacht acu, sa mhéid nach mbeidh siad ar neamhréir leis an Acht seo, amhail is dá mba rún é a ritheadh, ordú a rinneadh, nó fógra a seirbheáladh ag an údarás sláinte an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an t-údarás áitiúil ceapacháin an céanna iarbhír agus amhail is dá mbeadh feidhmeanna an údaráis áitiúil cheapacháin inchomhlíonta ag an údarás sláinte ar an dáta sin.
(8) Is é an t-údarás sláinte a íocfaidh na muirir iasachta uile maidir le hairgead a fuarthas ar iasacht chun críocha maoine a aistrítear le fo-alt (2) den alt seo chun údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha tar éis an bhunaithe.
Oifigigh áirithe a aistriú agus conarthaí seirbhíse áirithe a choimeád i bhfeidhm.
17.—(1) Ar údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo a bhunú, tiocfaidh gach oifigeach do gach údarás áitiúil a cheap faidh comhaltaí an údaráis sláinte a bheidh, díreach roimh an mbunú, ina oifigeach a bheidh le haistriú faoin bhfo-alt seo, chun bheith ina oifigeach don údarás sláinte agus, chun críocha aon achtacháin maidir le haoisliúntas, measfar nár cuireadh deireadh lena oifig faoin údarás áitiúil.
(2) I bhfo-alt (1) den alt seo forléireofar an tagairt d'oifigeach a bheidh le haistriú faoin bhfo-alt sin mar thagairt d'oifigeach ar bith acu seo a leanas seachas Bainisteoir Contae Cúnta nó Bainisteoir Cathrach Cúnta:
(a) aon oifigeach a mbaineann a dhualgais le seirbhísí, agus amháin le seirbhísí, a thiocfaidh chun bheith aistrithe chun an údaráis sláinte ar an údarás sláinte a bhunú, agus
(b) aon oifigeach, seachas oifigeach dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo, a mbeidh an t-údarás áitiúil a cheapfaidh comhaltaí den údarás sláinte tar éis é a ainmniú mar oifigeach a bheidh le haistriú faoin bhfo-alt sin.
(3) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ag gabháil, díreach sular bunaíodh údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, do roghnú duine nó daoine le moladh le ceapadh chun oifige a ndéanfaí duine a shealbhaigh í a aistriú chun an údaráis sláinte de bhun fho-alt (1) den alt seo, críochnófar an roghnú i cibé slí is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an t-údarás sláinte an duine, nó duine de na daoine, a roghnófar agus a mholfar amhlaidh ag na Coimisinéirí le ceapadh a cheapadh amhail is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, ón údarás sláinte tar éis a mbunaithe a rinneadh an roghnú agus an moladh.
(4) Aon cheist a éireoidh i dtaobh oifigeach áirithe nó oifigigh d'aicme áirithe a bheith nó gan bheith aistrithe de bhun fho-alt (1) den alt seo, déanfar—
(a) i gcás feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959, maidir leis an oifigeach sin nó le hoifigigh den aicme sin a bheith de thuras na huaire dílsithe san Aire Leasa Shóisialaigh—í a chur faoi bhráid an Aire sin agus í a chinneadh aige, agus
(b) in aon chás eile—í a chur faoi bhráid an Aire agus í a chinneadh aige.
(5) Gach conradh seirbhíse, sainráite nó intuigthe, a bhí i bhfeidhm, díreach sular bunaíodh údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, idir údarás áitiúil a cheapfaidh comhaltaí den údarás sláinte agus aon duine nárbh oifigeach don údarás áitiúil agus ba dhuine a aistreofaí faoin bhfo-alt seo, leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige tar éis an bhunaithe, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí an t-údarás sláinte ann in ionad an údaráis áitiúil, agus beidh gach conradh den sórt sin inchurtha i bhfeidhm ag an údarás sláinte nó ina choinne dá réir sin.
(6) I bhfo-alt (5) den alt seo déanfar an tagairt do dhuine a aistreofaí faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt—
(a) d'aon duine ar fostú i ndáil le seirbhísí, agus amháin i ndáil le seirbhísí, a thiocfaidh chun bheith, ar an údarás sláinte a bhunú, aistrithe chun an údaráis sláinte, agus
(b) d'aon duine, seachas duine dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo, a bheidh an t-údarás áitiúil a cheapfaidh comhaltaí den údarás sláinte tar éis a ainmniú mar dhuine a aistreofaí faoin bhfo-alt sin.
(7) Aon cheist a éireoidh i ndáil le fo-alt (5) den alt seo i dtaobh duine nó daoine a aistreofaí faoin bhfo-alt sin duine áirithe nó daoine d'aicme áirithe, déanfar—
(a) i gcás feidhmeanna Aire faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959, maidir leis an duine sin nó le daoine den aicme sin a bheith dílsithe de thuras na huaire san Aire Leasa Shóisialaigh—í a chur faoi bhráid an Aire sin agus í a chinneadh aige, agus
(b) in aon chás eile—í a chur faoi bhráid an Aire agus í a chinneadh aige.
Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
18.—(1) Bunaítear leis seo oifig phríomh-oifigigh fheidhmiúcháin faoi Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath agus is é teideal a bheidh ag sealbhóirí na hoifige sin Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
(2) Maidir le feidhmeanna i ndáil le hÚdarás Sláinte Bhaile Átha Cliath beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Bainistí Chontae, 1940, agus ag fo-alt (9) d'alt 17 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955—
(a) maidir le Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath sa slí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le Bainisteoir Cathrach Cúnta Bhaile Átha Cliath, agus
(b) ní bheidh feidhm acu in aon slí eile.
(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas i gcás feidhm alt 17 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, maidir le húdarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo:
(a) forléireofar fo-alt (10) den alt amhail is dá gcuirtí “Sláinte” isteach roimh “mar oifigeach ceadaithe”;
(b) I gcás tarmligean faoin alt chun oifigigh d'Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, déanfaidh an t-oifigeach sin, gan dochar do mhír (a) d'fho-alt (2) den alt, an fheidhm tharmligthe a chomhlíonadh faoi mhaoirseacht Phríomh-Oifigeach Feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
Príomh-Dhochtúir Oifigiúil.
19.—(1) Bunaítear leis seo oifig phríomh-dhochtúra oifigiúil faoi údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo agus is é teideal a bheidh ag sealbhóirí na hoifige sin Príomh-Dhoctúir Oifigiúil --------------------------------(agus tagairt don limistéar iomchuí a chur leis).
(2) Déanfaidh príomh-dhochtúir oifigiúil faoi údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo an t-údarás sláinte a chomhairliú i gcoitinne maidir le sláinte na ndaoine agus comhlíonfaidh sé cibé dualgais eile a shannfar dó maidir le feidhmeanna an údaráis sláinte nó feidhmeanna aon údaráis sláintíochta i limistéar feidhmiúcháin an údaráis sláinte.
(3) Na forálacha sin de mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus alt 20 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, a bhaineann le dualgais oifigeach agus na forálacha sin d'fho-ailt (2) agus (6) den alt sin 10 a bhaineann le hachomhairc beidh feidhm acu maidir le hoifig phríomh-dhoctúra oifigiúil faoi údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta i limístéar feidhmiúcháin an údaráis sláinte sin.
(4) Folóidh an abairt “príomh-dhochtúir oifigiúil” san Acht Sláinte, 1947, príomh-dhoctúir oifigiúil faoi údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.
(5) Ar thosach feidhme an ailt seo maidir le húdarás sláinte—
(a) scoirfidh alt 69 den Acht Sláinte, 1947, d'fheidhm a bheith aige maidir leis an gcontae i limistéar feidhmiúcháin an údaráis sláinte, agus
(b) scoirfidh alt 71 den Acht sin d'fheidhm a bheith aige maidir leis an gcontae-bhuirg sa limistéar sin.
(6) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le duine ag a raibh, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo maidir le húdarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, buan-seilbh ar an oifig mar dhochtúir oifigiúil cathrach don chontae-bhuirg a gceapfaidh a bardas comhaltaí den údaráis sláinte nó ar an oifig mar dhochtúir oifigiúil contae don chontae a gceapfaidh a chomhairle comhaltaí den údarás sláinte—
(a) tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina phríomh-dhochtúir oifigiúil faoin alt seo don údarás sláinte,
(b) chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar nár cuireadh deireadh leis an oifig chéadluaite.
(7) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo maidir le húdarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, arna aistriú chun seirbhíse an údaráis sláinte de réir an Achta seo, agus ar duine é ag a raibh, díreach roimh an aistriú sin, buan-seilbh ar an oifig mar dhoctúir oifigiúil cathrach don chontae-bhuirg a gceapfaidh a bardas comhaltaí den údarás sláinte nó ar an oifig mar dhochtúir oifigiúil contae don chontae a gceapfaidh a chomhairle comhaltaí den údarás sláinte—
(a) tiocfaidh an duine sin chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina phríomh-dhochtúir oifigiúil faoin alt seo don údarás sláinte,
(b) scoirfidh an duine sin den oifig a shealbhú a bhí, díreach roimh an tosach feidhme sin, ar seilbh aige faoin údarás sláinte, ach, chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar nár cuireadh deireadh leis an oifig sin.
Forálacha speisialta do cheapacháin áirithe.
20.—(1) Más rud é, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo maidir le húdarás sláinte—
(a) go mbeidh duine i mbuan-seilbh oifige mar dhochtúir oifigiúil cathrach don chontae-bhuirg a gceapfaidh a bardas comhaltaí den údarás sláinte, agus
(b) go mbeidh duine i mbuan-seilbh oifige mar dhochtúir oifigiúil contae don chontae a gceapfaidh a chomhairle comhaltaí den údarás sláinte,
ansin, má dhéanann ceachtar duine acu sin, tráth ar bith le linn dóibh araon a bheith i seirbhís an údaráis sláinte, a chur in iúl don Aire go bhfuil sé toilteanach go gceapfaí é chun oifige, a bheidh folamh an tráth sin, mar dhochtúir oifigiúil contae do chontae, seachas an contae a gceapfaidh a chomhairle comhaltaí den údarás sláinte, féadfaidh an tAire, le hordú, a ordú do chomhairle an chontae ina mbeidh an folúntas é a cheapadh amhlaidh.
(2) Déanfaidh comhairle contae dá dtabharfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo de réir an ordaithe láithreach agus ní bheidh feidhm maidir leis an gceapachán ag forálacha Achtanna na Údarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 go 1940.
Dualgais faoi údaráis sláintíochta a shannadh agus a chomhlíonadh.
21.—(1) Féadfaidh údarás sláintíochta, mura mbeidh siad sásta tráth ar bith leis na nithe seo, is é sin—
(a) sannadh na ndualgas maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna d'oifigeach nó d'aicme oifigeach lena mbaineann an t-alt seo, nó
(b) comhlíonadh na ndualgas a bheidh sannta maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna d'oifigeach nó d'aicme oifigeach lena mbaineann an t-alt seo,
a iarraidh ar an Aire ordú a thabhairt don údarás sláinte lena mbaineann a shocrú go ndéanfar na dualgais sin a shannadh go sásúil nó a chomhlíonadh go sásúil (de réir mar is iomchuí).
(2) Tar éis dó iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo agus aon uiríolla ón údarás sláinte maidir leis an iarratas a bhreithniú, féadfaidh an tAire cibé ordú (más aon ordú é) is cuí leis a eisiúint chun an údaráis sláinte maidir le sannadh nó comhlíonadh na ndualgas dá mbeidh tagairt san iarratas, agus déanfaidh an t-údarás sláinte láithreach de réir aon ordaithe den sórt sin.
(3) Baineann an t-alt seo le haon oifigeach faoi údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo a shealbhóidh oifig a mbeidh feidhm maidir léi ag forálacha mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus alt 20 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, amhail is dá mba oifig freisin í faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta i limistéar feidhmiúcháin an údaráis sláinte sin.
Dualgas ginearálta faoi Chuid IV den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945.
22.—(1) An dualgas ginearálta faoi Chuid IV den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, chun cóireáil, cothabháil, comhairle agus seirbhísí a sholáthar do dhuine ar a bhfuil meabhair-ghalar, tiocfaidh sé, de bhua an ailt seo, chun bheith dílsithe san údarás sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, ar ina limistéar feidhmiúcháin atá gnáth-chónaí ar an duine sin.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo faoi réir an choinníll go dtiocfaidh an dualgas ginearálta dá dtagraítear ann, i gcás duine ar a bhfuil gnáth-chónaí i gcontae Chill Mhantáin, chun bheith dílsithe in Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath agus ní i gcomhairle chontae Chill Mhantáin.
(3) In aon Acht a ritheadh roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, nó in aon ordú, rialachán nó iostraim eile a rinneadh roimh thosach feidhme an fho-ailt seo i bhfeidhmiú cumhachta a thugtar le haon Acht den sórt sin,—
(a) déanfar aon tagairt d'údarás ospidéal meabhair-ghalar fhorléiriú mar thagairt—
(i) d'údarás sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, ina gcáil mar údarás a chomhlíonann feidhmeanna faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair Ghalar, 1945 go 1958, nó
(ii) do chomhbhord a chomhlíonann feidhmeanna faoi na hAchtanna sin;
(b) déanfar aon tagairt do cheantar ospidéal meabhairghalar a fhorléiriú mar thagairt do limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, nó, i gcás dhá údarás sláinte nó níos mó de réir na brí sin a chomhlíonann a bhfeidhmeanna i gcomhar, dá límistéir feidhmiúcháin i dteannta a chéile;
(c) déanfar aon tagairt d'ospidéal meabhair-ghalar ceantair a fhorléiriú mar thagairt d'fhoras sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, a bheidh ainmnithe ag an údarás a chothabhálann é mar ospidéal meabhairghalar ceantair;
(d) déanfar aon tagairt d'fho-ospidéal meabhair-ghalar a fhorléiriú mar thagairt d'fhoras sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, a bheidh ainmnithe ag an údarás a chothabhálann é mar fho-ospidéal meabhairghalar.
4) (a) Déanfaidh an tAire, le hordú faoi alt 45 den Acht Sláinte, 1953, a ndéarfar ann go dtiocfaidh sé i ngníomh ar thosach feidhme an ailt seo, socrú chun go bhféadfaidh, agus údarás a thabhairt chun go bhféadfaidh, na húdaráis sláinte iomchuí gníomhú i gcomhar ag comhlíonadh feidhmeanna iomchuí gach údaráis ar leithligh maidir le hiomlán a limistéir feidhmiúcháin agus chuige sin comhbhord a bhunú.
(b) Beidh éifeacht ag na forálacha atá sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le bord a ceapadh i gcomhar de bhun alt 15 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, do cheantar sonraithe a dhíscaoileadh de dhroim alt 15 den Acht sin a aisghairm leis an Acht seo agus chuige sin, sa Sceideal sin—
(i) forléireofar “an bord” mar abairt a thagraíonn don bhord díscaoilte,
(ii) forléireofar “an t-údarás” mar abairt ag tagairt don chomhbhord a bheidh arna bhunú leis an ordú iomchuí de bhun mhír (a) den fho-alt seo,
(iii) forléireofar “tosach feidhme” mar abairt a thagraíonn do thosach feidhme an fho-ailt seo.
(c) I gcás ina raibh na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla ag gabháil, díreach roimh chomhbhord a bhunú a bhunófar le hordú de bhun mhír (a) den fho-alt seo, do roghnú duine nó daoine le moladh le ceapadh chun oifige a ndéanfaí duine a shealbhaigh í a aistriú chun an chomhbhoird de bhun mhír 9 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, críochnófar an roghnú i cibé slí is cuí leis na Coimisinéirí, agus déanfaidh an comhúdarás an duine, nó duine de na daoine, a roghnófar agus a mholfar amhlaidh ag na Coimisinéirí le ceapadh a cheapadh amhail is dá mba ar iarratas faoi alt 6 d'Acht na nÚdarás nÁitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, ón gcomhúdarás tar éis a mbunaithe a rinneadh an roghnú agus an moladh.
(d) San fho-alt seo—
ciallaíonn “na húdaráis sláinte iomchuí” na húdaráis sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, do na contaetha a bheidh ar áireamh i gceantar sonraithe;
ciallaíonn “ceantar sonraithe” ceantar a shonraítear ag uimhir thagartha 1, 2, 7, 10, 11, 13, nó 16 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945;
ciallaíonn “na feidhmeanna iomchuí” na feidhmeanna a dílsíodh faoi fho-alt (1) den alt seo.
(5) Gach foras a bhí, díreach roimh thosach feidhme an fho-ailt seo, á chothabháil ag comhairle contae mar údarás riaracháin áitiúil faoi alt 15 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, measfar, ar an tosach feidhme sin agus dá éis, gurb í an chomhairle sin a sholáthraigh é faoi alt 10 den Acht Sláinte, 1947.
(6) Gach foras a aistreofar chun údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo agus a bheidh, díreach, roimh an aistriú, á chothabháil ag bord a ceapadh i gcomhar de réir alt 16 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, measfar gurb iad an t-údarás sláinte sin a sholáthraigh é faoi alt 10 den Acht Sláinte, 1947.
(7) Gach foras a aistreofar de bhun mhír (1) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo chun comhbhoird a bhunófar le hordú de bhun mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo measfar gurb iad an comhbhord sin a sholáthraigh é faoi alt 10 den Acht Sláinte, 1947.
Feidhmeanna áirithe a bheith ina bhfeidhmeanna forcoimeádta.
23.—(1) Is feidhm fhorcoimeádta aon fheidhm a ndéantar le socrú faoin Acht seo le haghaidh rúin ina leith.
(2) San alt seo ciallaíonn “feidhm fhorcoimeádta”—
(a) maidir le bardas contae-bhuirge—feidhm fhorcoimedta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge,
(b) maidir le comhairle chontae nó Bardas Dhún Laoghaire— feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955.
Leasuithe ilghnéitheacha.
1896, c. xxii.
1898, c. 37.
24.—(1) Gach toghadh a dhéanfar faoi fho-alt (4) d'alt 5 den Waterford Infirmary Act, 1896, tar éis Údarás Sláinte Phort Láirge a bhunú is iad an tÚdaráis sin a dhéanfaidh é.
(2) I gcás Otharlann Charthanach Chorcaí Theas agus Otharlann Chorcaí Thuaidh, is é Údarás Sláinte Chorcaí, tar éis an tÚdarás sin a bhunú, a dhéanfaidh gach ceapadh comhaltaí den chomhchoiste a dhéanfadh comhairle chontae Chorcaí nó Bardas Chorcaí mura mbeadh an fo-alt seo, faoi fho-alt (2) d'alt 15 den Local Government Act, 1898.
(3) Ní bheidh feidhm ag alt 53 ná fo-alt (2) d'alt 54 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939, maidir le ceantar cúnaimh phoiblí arb éard é contae-bhuirg agus contae a bheidh ar áireamh i limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.
(4) Leasaítear leis seo alt 86 den Acht um Chúnamh Phoiblí, 1939—
(a) trí “agus le haon údarás sláinte a bhunaítear faoin Acht um Údaráis Sláinte, 1960”, a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “gach bárdas contae-bhuirge (más ann dó)”;
(b) trí “chun údaráis sláinte ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheidh” a chur in ionad “chun údaráis chonganta phuiblí an cheanntair chonganta phuiblí ina mbeidh” i mír (c) d'fho-alt (2);
(c) trí “údarás sláinte” a chur in ionad “údarás conganta phuiblí” i mír (d) agus mír (e), agus in ionad “údarás chonganta phuiblí” i mír (e), d'fho-alt (2).
(5) Na forálacha de mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 10 agus d'alt 20 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, a bhaineann le dualgais oifigeach agus na forálacha d'fho-ailt (2) agus (6) den alt sin 10 a bhaineann le hachomhairc, beidh feidhm acu maidir le haon oifig faoi údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo a gceanglóidh a dualgais ar a sealbhóir cabhrú leis an bpríomh-dhochtúir oifigiúil (nó le dochtúir oifigiúil contae nó cathrach) faoin údarás sláinte sin ag comhlíonadh a dhualgas amhail is dá mba oifig í freisin faoi údarás sláintíochta gach ceantair shláintíochta i limistéar feidhmiúcháin an údaráis sláinte sin.
(6) Leasaítear leis seo fo-alt (2a) d'alt 6 den Acht Eitinne (Sanatoria a Bhunú), 1945, trí “nó chun údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht um Údaráis Sláinte, 1960” a chur isteach i ndiaidh “Acht Sláinte, 1953,” agus “nó ‘ag údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht um Údaráis Sláinte, 1960,’ (de réir mar is iomchuí)” a chur isteach i ndiaidh “ ‘ag an gcomhbhord’ ”.
(7) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Sláinte, 1947, a leasú mar a leanas:
(i) sa mhíniú ar an abairt “an bainisteoir” cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b):
“(b) maidir le húdarás sláinte is comhairle chontae nó údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht um Údaráis Sláinte, 1960—an bainisteoir chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940, go 1955;”,
(ii) sa mhíniú ar an abairt “dochtúir oifigiúil sláinte” cuirfear isteach “nó aon dochtúir oifigiúil eile is cúntóir do phríomh-dhochtúir oifigiúil” i ndiaidh “do chontae-bhuirg”.
(8) Nuair a bheifear ag feidhmiú alt 69 den Acht Sláinte, 1947, maidir le contae a gceapfaidh a chomhairle comhaltaí d'údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo, forléireofar na tagairtí i bhfo-alt (2) do chomhairle contae mar thagairtí don údarás sláinte sin.
(9) Ní bheidh feidhm ag alt 70 den Acht Sláinte, 1947, maidir le contae a gceapfaidh a chomhairle comhaltaí d'údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.
(10) Nuair a bheifear ag feidhmiú alt 71 den Acht Sláinte, 1947, maidir le contae-bhuirg a gceapfaidh a bardas comhaltaí d'údarás sláinte a bhunaítear leis an Acht seo—
(a) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (1) d'fheidhmeanna bardais chontae-bhuirge mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fheidhmeanna an údaráis sláinte sin, agus
(b) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) do bhardas contaebhuirge mar thagairt don údarás sláinte sin.
(11) Ní bheidh feidhm ag alt 72 den Acht Sláinte, 1947, maidir le contae-bhuirg i limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.
(12) (a) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht Ospidéal na Midhe, 1951, ar an gcéad Luan agus tar éis an chéad Luain i mí Aibreáin an chéad bhliain toghcháin de réir bhrí an Achta sin a bheidh, ar an gcéad Luan i mí Aibreáin, Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath arna bhunú agus a bheidh na chéad cheapacháin chomhaltaí de sin arna gcríochnú, amhail is dá ndéantaí—
(i) an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):
“(a) aon chomhalta déag (dá ngairtear comhaltaí ó údaráis sláinte san Acht seo) a thoghfar de réir alt 4A den Acht seo,”;
(ii) mír (c) agus “(c),” i mír (f) a scriosadh.
(b) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 4 d'Acht Ospidéil na Midhe:
“4A. (1) Déanfaidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath gach bliain toghcháin, an chéad Luan nó roimh an gcéad Luan in Aibreán na bliana toghcháin sin, aon chomhalta déag a thoghadh chun gníomhú mar chomhaltaí ó údaráis sláinte, agus tosóidh téarma oifige gach duine a thoghfar amhlaidh an lá i ndiaidh an chéad Luain sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an gcéad bhliain toghcháin a bheidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath arna bhunú más rud é, nach mbeidh céad-cheapacháin chomhaltaí an Údaráis sin arna gcríochnú ar an gcéad Luan in Aibreán na bliana sin.
(3) Gach comhalta ó údarás sláinte a thoghfar i dtoghchán a bheidh ann faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé, muran éag nó éirí as dó roimhe sin, i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad Luain in Aibreán na bliana toghcháin ina dhiaidh sin.
(4) Aon uair a éagfaidh comhalta ó údarás sláinte nó a éireoidh sé as, déanfaidh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, a luaithe is caothúil, duine a thoghadh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a thoghfar amhlaidh i seilbh oifige go ceann na tréimhse a mbeadh an comhalta ó údarás sláinte a d'éag nó a d'éirigh as i seilbh oifige ar a feadh dá mba nár éag sé nó nár éirigh sé as.”
(c) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 5 ná ag fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht Ospidéal na Midhe, 1951, maidir leis an gcéad bhliain toghcháin de réir bhrí an Achta sin a bheidh, ar an gcéad lá d'Aibreán, Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath arna mbunú agus a bheidh na chéad cheapacháin chomhaltaí air sin arna gcríochnú ná maidir le haon bhliain toghcháin ina dhiaidh sin de réir bhrí an chéanna.
(13) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 45 den Acht Sláinte, 1953:
(a) trí “nó de na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958,” a chur isteach i ndiaidh “nó den Acht seo”;
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h):
“(i) ceapfaidh an bord comhlacht baincéireachta chun gníomhú mar chisteoir dóibh.”
(14) Leasaítear leis seo alt 48 den Acht Sláinte, 1953:
(a) trí “Luimneach” a chur isteach i ndiaidh “Corcaigh,” i bhfo-alt (1);
(b) trí fho-alt (7) a scriosadh;
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (8) i ndiaidh mhír (a):
“(aa) contae-bhuirg Luimnigh agus contae Luimnigh,”.
Contae Chill Mhantáin do scor de bheith i limistéar feidhmiúcháin Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath maidir le cóireáil mheabhair-ghalar a sholáthar.
25.—(1) Ar thosach feidhme an ailt seo, scoirfidh na codanna seo a leanas den Acht seo d'éifeacht a bheith acu:—
(a) na focail “agus, i gcás feidhmeanna a bhaineann le hoibriú seirbhísí faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, contae riaracháin Chill Mhantáin” i bhfo-alt (4) d'alt 2;
(b) fo-alt (5) d'alt 2;
(c) na focail “agus, ina theannta sin, i gcás Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath, an chionúireacht ab inmhuirir ar chomhairle chontae Chill Mhantáin den ghlanchaiteachas i leith sláinte faoina ndeachaigh Bord Ospidéal Meabhair-Ghalar Ghráinseach Uí Ghormáin in aghaidh na bliana caighdeánaí” i bhfo-alt (2) d'alt 14;
(d) fo-alt (3) d'alt 14.
(2) An dualgas ginearálta faoi Chuid IV den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, chun cóireáil, cothabháil, comhairle agus seirbhísí a sholáthar do dhuine ar a bhfuil easláine meabhrach agus ar a bhfuil gnáth-chónaí i gcontae Chill Mhantáin beidh sé, de bhua an ailt seo, dílsithe san údarás sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947, ar ina limistéar feidhmiúcháin atá gnáthchónaí ar an duine sin.
(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin—
(a) aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh ar ailt 11 agus 12 den Acht seo nó ar aon chomhaontú nó cinneadh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo is dóigh leis is gá ag féachaint do thosach feidhme an ailt seo;
(b) aon fhorálacha eile, iarmartacha nó fo-ghabhálacha, a dhéanamh is dóigh leis is gá ag féachaint don tosach feidhme sin, lena n-áirítear, go sonrach, forálacha maidir le—
(i) maoin nó dliteanais a aistriú nó a choinneáil,
(ii) íoc airgid, ar cuntas aon aistriú nó coinneáil den sórt sin, in aon suim amháin nó ina thráthchodanna,
(iii) othair a aistriú.
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
26.—Gach rialachán (seachas rialachán ar gá de réir an Achta seo dréacht de a cheadú le rún ó gach Teach den Oireachtas) a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Achtacháin a oiriúnú.
27.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm tráth an Achta seo a rith agus a bhainfidh le haon ábhar nó ní lena mbainfidh an tAcht seo nó dá ndéanfaidh an tAcht seo difir, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh a dhealróidh dó a bheith riachtanach chun go mbeadh éifeacht de réir an Achta seo ag an reacht, an t-ordú nó an rialachán.
Caiteachais an Aire.
28.—Déanfar na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm (An tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945).
29.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945.
(2) Aisghairtear leis seo na mínithe ar na habairtí “fo-ospidéal meabhair-ghalar”, “ospidéal meabhair-ghalar ceantair”, “ceantar ospidéil mheabhair-ghalar” atá in alt 3 den Acht.
(3) Aisghairtear leis seo ailt 14 go 18, 20 go 29, 31, 34 go 48, 50 go 62, 95, 98 agus 100 go 105 den Acht.
(4) Aon rialacháin faoi alt 40 den Acht a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo measfar gur faoi fho-alt (1) d'alt 8 den Acht Sláinte, 1953, a rinneadh iad.
(5) Aon rialacháin faoi alt 41 den Acht a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo measfar gur faoi fho-alt (2) d'alt 8 den Acht Sláinte 1953, a rinneadh iad.
(6) Aon chomhshocraíochtaí faoi alt 101, 102 nó 103 den Acht a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidme an ailt seo measfar gur faoi alt 10 den Acht Sláinte, 1953, a rinneadh iad.
Tosach feidhme.
30.—(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin, le hordú nó orduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon limistéar, comhlacht, críoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh maidir le limistéir éagsúla, comhlachtaí éagsúla, críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.
(2) Beidh fo-alt (1) den alt seo faoi réir na sriantachta nach gcuirfear alt 25 den Acht seo i ngníomh ach an chéad lá d'aon bhliain airgeadais áitiúil áirithe tar éis na bliana a bunaíodh Údarás Sláinte Bhaile Átha Cliath.
Gearrtheideal.
31.—Féadfar an tAcht um Údaráis Sláinte, 1960, a ghairm den Acht seo.
AN CHÉAD SCEIDEAL.
Rialacha maidir le Comhaltas agus Cruinnithe Údarás Sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.
Ceapacháin.
1. (1) Déanfar na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag comhairle contae a cheapadh, i gcás an chéad cheapacháin, ag an gcéad chruinniú den chomhairle a thionólfar tar éis an t-údarás a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú bliantúil den chomhairle a thionólfar tar éis gach toghcháin chúigbhlianaigh de chomhaltaí na comhairle.
(2) Déanfar na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag bardas contae-bhuirge a cheapadh, i gcás an chéad cheapacháin, ag an gcéad chruinniú de chomhairle cathrach na contae-bhuirge a thionólfar tar éis an t-údarás a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú ráithiúil den chomhairle cathrach a thionólfar tar éis gach toghcháin chúighbhlianaigh de chomhaltaí na comhairle cathrach.
(3) I gcás ina mbeidh comhaltaí den údarás le ceapadh ag bardas buirge, déanfar na comhaltaí sin a cheapadh, i gcás an chéad cheapacháin, ag an gcéad chruinniú de chomhairle buirge na buirge a thionólfar tar éis an t-údarás a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú ráithiúil den chomhairle buirge a thionólfar tar éis gach toghcháin chúigbhlianaigh de chomhaltaí na comhairle buirge.
2. (1) Déanfar na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag comhairle chontae a cheapadh mar a leanas:
(a) (i) i gcás contae Bhaile Átha Cliath, do gach togh-limistéar contae sa chontae (gan buirg Dhún Laoghaire a áireamh), ceapfar comhalta amháin den údarás as líon na gcomhairleoirí contae a thoghfar don limistéar sin,
(ii) i gcás contae Chorcaí, do gach togh-limistéar contae sa chontae, ceapfar triúr comhaltaí den údarás i ndiaidh a chéile as líon na gcomhairleoirí contae a thoghfar don limistéar sin,
(iii) i gcás contae Luimnigh agus contae Phort Láirge do gach togh-limistéar contae sa chontae, ceapfar dhá chomhalta den údarás i ndiaidh a chéile as líon na gcomhairleoirí contae a thoghfar don limistéar sin;
(b) maidir leis na comhaltaí eile (dá ngairtear comhaltaí breise sa riail seo) féadfaidh aon ghrúpa comhairleoirí ar a mbeidh an líon comhairleoirí is gá comhairleoir a ainmniú chun bheith ina chomhalta den údarás agus ceapfar é ar é a ainmniú amhlaidh gan aon vótáil:
(c) ceapfar an chuid eile de na comhaltaí breise i ndiaidh a chéile le tromlach vótaí na gcomhairleoirí nach comhaltaí d'aon ghrúpa comhairleoirí den sórt a dúradh;
(d) is é an líon comhairleoirí is gá chun grúpa a dhéanamh chun críocha na rialach seo an líon a gheofar trí líon iomlán na gcomhairleoirí a bheidh i láthair ag an gceapadh a roinnt ar an líon comhairleoirí breise a bheidh le ceapadh, nó, muran slán-uimhir an líon a gheofar amhlaidh, an chéad slán-uimhir eile os cionn an líon a gheofar amhlaidh;
(e) ní bheidh aon chomhairleoir ina chomhalta de bhreis agus grúpa amháin.
(2) I bhfo-mhíreanna (b) go (e) den mhír sin roimhe seo, ní fholaíonn “comhairleoirí” agus “comhairleoir”, maidir le comhairle chontae Bhaile Átha Cliath, aon chomhairleoir a toghadh don togh-limistéar contae atá comhtheorainneach le buirg Dhún Laoghaire.
(3) Na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag bardas contae-bhuirge, agus na comhaltaí (más ann) de a bheidh le ceapadh ag bardas buirge seachas contae-bhuirg, ceapfar iad sa tslí chéanna ina gceanglaítear comhaltaí breise a cheapadh ag comhairle contae faoin mír sin roimhe seo.
Seilbh Oifige.
3. Beidh gach comhalta den údarás i seilbh oifige (muran éag, éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht roimhe sin dó nó go mbeidh deireadh lena chomhaltas faoi Riail 6 nó 7 de na Rialacha seo) go dtí an lá tar éis an lae a thoghfar a chomharba.
Dícháilíocht.
4. (1) I gcás inar comhairle contae a cheap comhalta den údarás agus go scoirfidh an comhalta de bheith, nó go mbeidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhairle, scoirfidh sé freisin de bheith, nó beidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den údarás.
(2) I gcás inar bardas contae-bhuirge nó buirge eile a cheap comhalta den údarás agus go scoirfidh an comhalta de bheith, nó go mbeidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhairle cathrach nó de chomhairle buirge na buirge, scoirfidh sé freisin de bheith, nó beidh se dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den údarás.
Éirí As agus Cur as Oifig.
5. (1) I gcás inar comhairle contae a cheap comhalta den údarás, féadfaidh an comhalta sin éirí as a chomhaltas trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt do rúnaí na comhairle, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí an chéad chruinniú eile den chomhairle a bheidh ann tar éis an fógra a bheidh tugtha don rúnaí a fháil.
(2) I gcás inar bardas contae-bhuirge nó buirge eile a chead comhalta den údarás, féadfaidh an chomhalta sin éirí as a chomhaltas trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt do Bhailechléireach na buirge, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí an chéad chruinniú eile de chomhairle cathrach nó de chomhairle buirge na buirge a bheidh ann tar éis an fógra a bheidh tugtha don Bhailechléireach a fháil.
6. (1) Féadfaidh comhalta den chomhairle contae a cheapfaidh comhaltaí den údarás fógra i scríbhinn a chur, le toiliú an cheathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, chuig rúnaí na comhairle á rá go bhfuil ar intinn aige a thairiscint go gcuirfear deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile den údarás a cheap an chomhairle. Glaofaidh an rúnaí cruinniú den chomhairle air sin le haghaidh lae nach déanaí ná mí tar éis dó an fógra a fháil agus tabharfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad do gach comhalta den chomhairle ina thaobh. Má ritear rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de na comhaltaí den chomhairle a bheidh i láthair i bhfabhar a rite) ag an gcruinniú ag ceadú na tairisceana, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den údarás agus déanfar comhaltaí nua den údarás a cheapadh láithreach.
(2) Féadfaidh comhalta de chomhairle cathrach contaebhuirge a gceapfaidh a bhardas comhaltaí den údarás fógra i scríbhinn a chur, le toiliú an cheathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, chuig Bailechléireach na buirge á rá go bhfuil ar intinn aige a thairiscint go gcuirfear deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile den údarás a cheap an bardas. Glaofaidh an Bailechléireach cruinniú den chomhairle air sin le haghaidh lae nach déanaí ná mí tar éis dó an fógra a fháil agus tabharfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad do gach comhalta den chomhairle ina thaobh. Má ritear rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí na comhairle a bheidh i láthair i bhfabhar a rite) ag an gcruinniú ag ceadú na tairisceana, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den údarás agus déanfar comhaltaí nua den údarás a cheapadh láithreach.
(3) I gcás ina mbeidh comhaltaí den údarás ann a bheidh ceaptha ag bardas buirge seachas contae-bhuirg, féadfaidh comhalta de chomhairle buirge na buirge fógra i scríbhinn a chur, le toiliú an cheathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, chuig Bailechléireach na buirge á rá go bhfuil ar intinn aige a thairiscint go gcuirfear deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile den údarás a cheap an chomhairle. Glaofaidh an Bailechléireach cruinniú den chomhairle air sin le haghaidh lae nach déanaí ná mí tar éis dó an fógra a fháil agus tabharfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad do gach comhalta den chomhairle ina thaobh. Má ritear rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí na comhairle a bheidh i láthair i bhfabhar a rite) ag an gcruinniú ag ceadú na tairisceana, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den údarás agus déanfar comhaltaí nua den údarás a cheapadh láithreach.
(4) Sa Riail seo agus sa chéad Riail eile ní fholaíonn “comhalta” agus “comhaltaí”, maidir le comhairle chontae Bhaile Átha Cliath, aon chomhalta a toghadh don togh-límistéar contae atá comhtheorainneach le buirg Dhún Laoghaire.
7. (1) I gcás ina mbeidh comhalta den údarás a cheap comhairle contae gan cruinniú den údarás a fhreastal le tréimhse leanúnach trí mhí, beidh deireadh air sin lena chomhaltas den údarás agus déanfaidh an chomhairle, ag a gcéad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimhse sin, duine dá gcomhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh.
(2) I gcás ina mbeidh comhalta den údarás a cheap bardas contae-bhuirge nó buirge eile gan cruinniú den údarás a fhreastal le tréimhse leanúnach trí mhí, beidh deireadh air sin lena chomhaltas den údarás agus déanfaidh comhairle cathrach nó comhairle buirge na buirge, ag a gcéad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimhse sin, duine dá gcomhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh.
(3) I gcás ina n-éireofar as cruinniú den údarás toisc gan córam a bheith ar fháil, déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bhí i láthair an tráth agus san áit a ceapadh do thionól an chruinnithe a thaifeadadh agus measfar go raibh na comhaltaí sin ar chruinniú den údarás chun críche na rialach seo.
Corrfholúntais.
8. Aon chorrfholúntas a tharlóidh i gcomhaltas an údaráis déanfaidh an chomhairle nó an bardas a cheap an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas é a líonadh laistigh de mhí tar éis an folúntas do tharlú nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an tAire, ach más comhalta a ceapadh do thoghlimistéar faoi fho-mhír (a) de mhír (1) de Riail 2 de na Rialacha seo ba chúis leis an gcorrfholúntas, líonfar an corrfholúntas ó líon na gcomhairleóirí contae a bheidh ag ionadú don limistéar sin.
Córam.
9. Is é córam an údaráis—
(a) i gcás inar uimhir is inroinnte ar cheathair gan fuílleach iomlán comhaltaí an údaráis—
(i) an ceathrú cuid d'uimhir iomlán comhaltaí an údaráis, nó
(ii) cúigear,
cibé acu is mó, agus
(b) i gcás inar uimhir nach inroinnte ar cheathair gan fuílleach uimhir iomlán comhaltaí an údaráis—
(i) an ceathrú cuid den chéad uimhir eile os a chionn is inroinnte ar cheathair gan fuílleach, nó
(ii) cúigear,
cibé acu is mó.
Cruinnithe.
10. Tionólfaidh an t-údarás cruinnithe chun a ngnó a dhéanamh uair amháin sa mhí ar a laghad agus cibé tráthanna eile is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i gceart.
11. Tionólfar an chéad chruinniú den údarás, tar éis ceapadh comhaltaí an údaráis a bheith críochnaithe, lá a cheapfaidh an tAire, agus is cruinniú bliantúil a bheidh ann.
12. Déanfaidh an t-údarás ag a gcéad chruinniú lá den bhliain a cheapadh nach luaithe ná an 17ú lá d'Iúil ná nach déanaí ná an lú lá de Lúnasa le haghaidh cruinnithe bliantúla ina dhiaidh sin a thionól agus féadfaidh siad an lá a bheidh ceaptha amhlaidh a athrú ag aon chruinniú bliantúil ina dhiaidh sin.
13. Tionólfaidh an t-údarás cruinniú bliantúil gach bliain agus tionólfar an cruinniú an lá a bheidh ceaptha de thuras na huaire le haghaidh cruinnithe bliantúla a thionól faoi na rialacha seo, muran Domhnach nó lá saoire bainc an lá sin, agus sa chás sin tionólfar an cruinniú an chéad lá eile ina dhiaidh sin nach Domhnach ná lá saoire bainc.
14. Má tharlaíonn ar chúis ar bith (lena n-áirítear gan córam a bheith i láthair) nach dtionólfar an chéad chruinniú bliantúil nó aon chruinniú bliantúil eile den údarás an lá a bheidh ceaptha lena aghaidh faoi na rialacha seo, déanfaidh rúnaí an údaráis, a luaithe is féidir, cruinniú den údarás a ghairm le tionól ar uair chaothúil den lá ar dóigh leis gurb é an dáta caothúil is luaithe é chuige sin, agus chun gach críche is cruinniú bliantúil arna thionól an dáta a bheidh ceaptha faoi na rialacha seo an cruinniú a thionólfar de bhun na gairme sin.
Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach.
15. (1) Ag gach cruinniú bliantúil den údarás, toghfaidh an t-údarás duine dá gcomhaltaí chun bheith ina chathaoirleach ar an údarás agus féadfaidh siad duine eile dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an údarás.
(2) Aon uair a thiocfaidh oifig chathaoirleach nó leas-chathaoirleach an údaráis chun bheith folamh ar shlí seachas trí dheireadh a theacht le gnáth-théarma oifige, déanfaidh an t-údarás ag a gcéad chruinniú eile tar éis an folúntas do tharlú nó, i gcás éirí as oifig, ag an gcruinniú a dtiocfaidh an t-éirí as in éifeacht, duine dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an údarás.
(3) Aon duine a thoghfar ina chathaoirleach nó ina leaschathaoirleach ar an údarás beidh sé i seilbh oifige mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach go dtí go gceapfar a chomharba mura dtarlaí roimhe sin go n-éireoidh sé as a oifig mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith ina chomhalta den údarás.
(4) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach an údaráis éirí as a oifig tráth ar bith mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt don údarás, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí tús an chéad chruinnithe eile den údarás a thionólfar tar éis dóibh an t-éirí as a fháil.
(5) Aon uair a tharlóidh go scoirfidh cathaoirleach nó leaschathaoirleach an údaráis de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den údarás, scoirfidh sé láithreach de bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach den údarás.
(6) Aon uair a tharlóidh gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó ag toghadh chathaoirleach an údaráis, cinnfear le crannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina chathaoirleach ar an údarás.
Imeachtaí ag Cruinnithe.
16. Ní bheidh imeachtaí an údaráis neamhbhailí de bhíthin aon fholúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí nó trí aon locht ar thoghadh an údaráis nó ar thoghadh nó ar cháilíocht aon chomhalta de údarás.
17. Féadfaidh cathaoirleach an údaráis cruinniú den údarás a ghlaoch.
18. Má dhiúltaíonn cathaoirleach an údaráis cruinniú den údarás a ghlaoch tar éis iarratas á iarraidh sin, agus é sínithe ag triúr comhaltaí den údarás, a thabhairt dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den údarás cruinniú a ghlaoch láithreach ar é a dhiúltú amhlaidh, agus mura ndéana an cathaoirleach (gan diúltú amhlaidh), laistigh de sheacht lá ón iarratas a thabhairt, cruinniú den údarás a ghlaoch, féadfaidh aon triúr comhaltaí den údarás, ar bheith caite don seacht lá sin, cruinniú den údarás a ghlaoch.
19. Trí lá glan ar a laghad roimh chruinniú an údaráis, déanfar fógra i dtaobh am agus áit an chruinnithe bheartaithe agus é sínithe ag an gcathaoirleach, nó, más comhaltaí den údarás a ghlaoigh an cruinniú, ag na comhaltaí sin, a dhaingniú ar an halla nó i cibé áit eile inar gnáth leis an údarás cruinniú agus, más comhaltaí den údarás a ghlaoigh an cruinniú, sonrófar san fhógra an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú.
20. Trí lá glan ar a laghad roimh aon chruinniú den údarás, déanfar gairm chun an chruinnithe ina sonrófar an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú agus í sínithe ag rúnaí an údaráis a fhágáil, nó a sheachadadh leis an bpost, ag gnáth-áit chónaithe gach comhalta den údarás, ach mura ndéantar an ghairm sin a fhágáil nó a sheachadadh amhlaidh le haghaidh comhalta nó cuid de chomhaltaí an údaráis ní dhéanfaidh sé sin difir do bhailíocht chruinnithe.
21. Ní dhéanfar aon ghnó ar cruinniú den údarás seachas é sin a shonrófar sa ghairm a bhainfidh leis, ach amháin (i gcás an chruinnithe bhliantúil) gnó is gá a dhéanamh ag an gcruinniú.
22. Ag cruinniú den údarás—
(a) beidh cathaoirleach an údaráis, má bhíonn sé i láthair, ina chathaoirleach ar an gcruinniú,
(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an údaráis as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, is é an leas-chathaoirleach (más ann), má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(c) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an údaráis as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh agus oifig mar leas-chathaoirleach gan bheith ann, nó an leas-chathaoirleach gan bheith i láthair nó oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
23. Leagfar amach miontuairiscí ar imeachtaí chruinnithe den údarás agus taifeadfar go cothrom iad i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chruinnithe nó an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin iad.
24. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bheidh ag cruinniú den údarás a thaifeadadh i miontuairiscí imeachtaí an chruinnithe.
25. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a vótálfaidh ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den údarás a thaifeadadh i miontuairiscí imeachtaí an chruinnithe agus taispeánfar sa taifead cé hiad na comhaltaí a vótáil i bhfabhar na ceiste agus cé hiad a vótáil ina coinne.
26. Féadfar gníomhartha uile an údaráis agus na ceisteanna go léir a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an údaráis a dhéanamh agus a chinneadh ag tromlach na gcomhaltaí sin den údarás a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú den údarás a thionólfar go cuí de réir dlí.
27. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den údarás, seachas toghadh cathaoirligh, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.
AN DARA SCEIDEAL.
Ailt atá á gcur in ionad Ailt 9 agus 10 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955.
9. (1) Gach bliain airgeadais áitiúil, ullmhófar, i rith na tréimhse forordaithe agus san fhoirm fhorordaithe, meastachán (dá ngairtear meastachán sealadach caiteachas san alt seo) a thaispeánfaidh na suimeanna a mheastar is gá faoi chomhair caiteachas agus chun soláthar a dhéanamh le haghaidh dliteannais agus riachtanais údaráis áitiúil i gcaitheamh na céad bhliana airgeadais áitiúla ina dhiaidh sin, agus is é a ullmhóidh é—
(a) i gcás údarás áitiúil ag a mbeidh coiste meastachán, an coiste, agus
(b) in aon chás eile, an bainisteoir.
(2) Sa mhéid nach mbeidh sin ar neamhréir le comhlíonadh cuí a dhualgas eile, beidh an bainisteoir i láthair ag gach cruinniú de choiste meastachán údaráis áitiúil agus tabharfaidh don choiste cibé eolas, cúnamh agus comhairle a theastóidh uathu ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna dhóibh.
(3) Más dóigh leis an mbainisteoir go ndéanfadh meastachán sealadach caiteachas a d'ullmhaigh coiste meastachán údaráis áitiúil (cibé acu maidir leis an meastachán go léir é nó maidir le aon chuid nó codanna de) dochar mór, dá ndaingneofaí é agus dá nglacfaí leis ina dhiaidh sin, do chomhlíonadh éifeachtach nó tíobhasach feidhmeanna an údaráis áitiúil, ullmhóidh an bainisteoir tuarascáil ar leith ina sonróidh sé an soláthar is dóigh leis is gá.
(4) Mura ndéanfaidh coiste meastachán údaráis áitiúil meastachán sealadach caiteachas a ullmhú de bhun mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, ullmhóidh an bainisteoir féin an meastachán sin.
(5) I gcás ina mbeadh sé ar neamhréir le comhlíonadh cuí a dhualgas eile an bainisteoir a bheith i láthair ag cruinniú de choiste meastachán údaráis áitiúil ainmneoidh sé oifigeach don údarás áitiúil chun bheith i láthair ag an gcruinniú ina ionad.
(6) Breithneoidh an t údarás áitiúil meastachán sealadach caiteachas ag cruinniú (dá ngairtear cruinniú meastachán sealadach san Acht seo) den údarás áitiúil a mbeidh an bainisteoir i láthair aige agus a bheidh ann i rith na tréimhse forordaithe agus a mbeidh fógra seacht lá ar a laghad tugtha faoi do gach duine is comhalta den údarás áitiúil tráth an fhógra sin a thabhairt.
(7) Seacht lá ar a laghad roimh an lá a bheidh cruinniú meastachán sealadach le bheith ag údarás áitiúil, déanfaidh an bainisteoir—
(a) cóip den mheastachán sealadach caiteachas a thaisceadh in oifigí an údaráis áitiúil,
(b) cóip den mheastachán sealadach caiteachas, maraon le cóip d'aon tuarascáil ar leith faoi fho-alt (3) den alt seo, a chur chun gach duine is comhalta den údarás áitiúil an lá roimh thosach na seacht lá sin, agus
(c) fógra poiblí a thabhairt, sa tslí fhorordaithe, go bhfuiltear tar éis an meastachán sealadach caiteachas a dhéanamh agus cóip de a thaisceadh mar a dúradh.
(8) Féadfaidh aon duine den phobal cóip de mheastachán sealadach caiteachas a taisceadh de bhun an ailt seo in oifigí údaráis áitiúil a iniúchadh in aisce aon tráth an fad a bheidh na hoifigí sin ar oscailt chun gnó oifigiúil a dhéanamh, agus tabharfaidh an bainisteoir cóip den mheastachán sealadach caiteachas ar scilling an chóip d'aon duine a iarrfaidh sin air.
(9) Ag cruinniú meastachán údaráis áitiúil nó ag cruinniú atrátha de—
(a) féadfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, an meastachán caiteachas a leasú trí chur leis nó baint as nó trína athrú,
(b) daingneoidh an t-údarás áitiúil, le rún, an meastachán sealadach caiteachas gan a leasú nó arna leasú faoi mhír (a) den fho-alt seo (de réir mar is gá sa chás), agus
(c) déanfaidh an t-údarás áitiúil, de réir an mheastachán sealadach caiteachas arna dhaingniú amhlaidh, dréachtaí a ullmhú de na héilimh nó de na hionstraimí eile sin ab iomchuí chun an t-airgead a fháil faoi chomhair na méideanna a bheidh sonraithe sa mheastachán sin agus glacfaidh siad, le rún, leis na dréachtaí sin.
(10) Féadfaidh údarás áitiúil cruinniú meastachán sealadach a chur ar atráth a mhinicí is mian leo, ach gan é a chur ar atráth chun lae nach mbeidh laistigh den tréimhse lá agus fiche dar tús an lá a thosaigh an cruinniú meastachán sealadach.
(11) Meastachán caiteachas a ghairtear san Acht seo de mheastachán sealadach caiteachas arna dhaingniú faoi fho-alt (9) den alt seo.
(12) Más dóigh leis an mbainisteoir go ndéanfadh meastachán caiteachas (cibé acu maidir leis an meastachán go léir é nó maidir le aon chuid nó codanna de) dochar mór, dá nglacfaí leis, do chomhlíonadh éifeachtach nó tíobhasach feidhmeanna an údaráis áitiúil, ullmhóidh an bainisteoir tuarascáil ar leith ina sonróidh sé an soláthar is dóigh leis is gá.
10. (1) Breithneoidh an t-údarás áitiúil meastachán caiteachas ag cruinniú (dá ngairtear cruinniú meastachán san Acht seo) den údarás áitiúil a mbeidh an bainisteoir i láthair aige agus a bheidh ann i rith na tréimhse forordaithe agus a mbeidh fógra seacht lá ar a laghad tugtha faoi do gach duine is comhalta den údarás áitiúil tráth an fhógra sin a thabhairt.
(2) Lá agus fiche ar a laghad roimh an lá a bheidh cruinniú meastachán le bheith ag údarás áitiúil, cuirfidh an bainisteoir chun gach údaráis rátúcháin lena mbainfidh—
(a) cóip den mheastachán caiteachas,
(b) cóip d'aon tuarascáil ar leith faoi fho-alt (12) d'alt 9 den Acht seo, agus
(c) cóipeanna de na dréachtaí a ullmhaíodh faoi fho-alt (9) den alt sin,
agus féadfaidh gach údarás rátúcháin den sórt sin, i rith an lá agus fiche a dúradh, moltaí a chur, le rún, chun an údaráis áitiúil ag moladh an meastachán caiteachas a leasú trí chur leis nó baint as nó trína athrú.
(3) Ag cruinniú meastachán údaráis áitiúil—
(a) féadfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, an meastachán caiteachas a leasú trí chur leis nó baint as nó trína athrú,
(b) glacfaidh an t-údarás áitiúil, le rún, leis an meastachán caiteachas gan a leasú nó arna leasú faoi mhír (a) den fho-alt seo (de réir mar is gá sa chás), agus
(c) ullmhóidh an t-údarás áitiúil, de réir an mheastacháin chaiteachas mar bheidh glactha leis amhlaidh, na héilimh nó na hionstraimí eile trína bhfaighfear an t-airgead faoi chomhair caiteachas an chomhlachta thoghaí an chéad bhliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin agus glacfaidh siad amhlaidh, le rún, leis na héilimh nó leis na hionstraimí eile sin.
AN TRÍÚ SCEIDEAL.
Forálacha Iarmartacha ar Bhoird Áirithe a Dhíscaoileadh.
1. (1) An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, dílsithe sa Bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ar an tosach feidhme, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith eile ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachta, dílsithe san údarás nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh (de réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an téarma nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an tosach feidhme, dílsithe sa bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh, ach sin faoi réir na n-iontaobhas agus na gcothromas uile a bhainfidh leis an gcéanna agus a bheidh ar marthain agus inchomhlíonta an tráth sin.
(2) An mhaoin uile a aistrítear leis an mír seo agus a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, i leabhair aon bhaine nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an bhoird, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an údarás dá iarraidh sin tráth ar bith tar éis an tosach feidhme, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an údaráis.
(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an mír seo ón mbord chun an údaráis, féadfaidh an t-údarás, tar éis an tosach feidhme, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin, agus ní gá don údarás fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an mír seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an áhbar i gcaingean sin.
2. (1) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear fiacha stoic agus morgáiste agus freisin dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh an tosach feidhme, dlite ón mbord agus gan íoc acu, nó tabhaithe agus gan fuascailt acu, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an údarás agus íocfaidh nó fuasclóidh an t-údarás é agus féadfar é a ghnóthú ón údarás nó é a chur i bhfeidhm ina gcoinne dá réir sin.
(2) Ní dhéanfaidh díscaoileadh an bhoird neamhbhailí aon ordú íoca, ná difir d'aon ordú íoca, a d'eisigh an bord agus nár tíolacadh le haghaidh íoca roimh an tosach feidhme ná neamhbhailí aon údarás, ná difir d'aon údarás, a thug an bord chun méid an ordaithe íoca sin a íoc, agus déanfaidh an t-údarás socruithe le haghaidh gach ordú íoca den sórt sin a íoc ar é a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an tosach feidhme.
3. Gach banna, ráthaíocht, nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó a bheidh tugtha ag an mbord do dhuine eile nó ag duine ar bith don bhord agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir an bord agus duine eile agus nár forghníomhaíodh agus nár comhlánaíodh go hiomlán roimh an tosach feidhme leanfaidh sé, d'ainneoin díscaoileadh an bhoird, d'fheidhm a bheith aige tar éis an tosach feidhme, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an údaráis ann in ionad ainm an bhoird, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an údarás nó ina choinne.
4. Gach riail agus rialachán a rinneadh go dleathach ag an mbord agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme leanfaidh sé, tar éis an tosach feidhme agus sa mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm agus d'éifeacht a bheith aige mar riail nó rialachán (de réir mar a bheidh) a rinneadh ar an tosach feidhme ag an údarás in aghaidh na coda a bheidh gan chaitheamh an tráth sin den tréimhse agus i leith an limistéir ar lena aghaidh agus ina leith a rinne an bord an céanna iarbhír, agus dá réir sin féadfar gach riail agus rialachán den sórt sin a choimeád i bhfeidhm nó a athrú nó a chúlghairm agus féadfaidh an t-údarás pionós agus forghéillte faoin gcéanna roimh an tosach feidhme nó dá éis a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm, sa tslí chéanna agus chomh hiomlán céanna is d'fhéadfadh an bord an céanna a choimeád i bhfeidhm, a athrú, a chúlghairm, a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm amhail is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
5. Gach rún a rith an bord, gach ordú a rinne siad agus gach fógra a sheirbhéail siad roimh an tosach feidhme agus nach raibh a oibriú, a éifeacht nó a théarma éagtha nó caite roimh an tosach feidhme leanfaidh sé, tar éis an tosach feidhme agus sa mhéid nach mbeidh sé ar neamhréir leis an Acht seo, d'fheidhm a bheith aige agus beidh éifeacht aige amhail is dá mba rún é a rith, ordú a rinne, nó fógra a sheirbheáil an t-údarás an dáta a rith, a rinne nó a sheirbheáil an bord an céanna iarbhír agus amhail is dá bhféadfadh an t-údarás feidhmeanna an bhoird a chomhlíonadh ar an dáta sin.
6. Gach caingean, agra, inchúiseamh nó imeacht eile a bhí ar feitheamh díreach roimh an tosach feidhme in aon chúirt nó binse agus a raibh an bord ina bpáirtí ann, tiocfaidh an t-údarás chun bheith agus beidh siad ar an tosach feidhme, ina bpáirtí ann in ionad an bhoird agus leanfar den imeacht sin idir an t-údarás agus na páirtithe eile ann dá réir sin, agus ní thitfidh aon imeacht den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní dhéanfar dochar dó mar gheall ar dhíscaoileadh an bhoird.
7. (1) Gach leabhar agus doiciméad eile a ordaíodh nó a údaraíodh don bhord a choimeád le haon reacht nó faoi aon reacht agus a bhféadfaí, díreach roimh an tosach feidhme, iad a ghlacadh i bhfianaise déanfar, d'ainneoin díscaoileadh an bhoird, iad a ghlacadh i bhfianaise tar éis an tosach feidhme chomh hiomlán agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(2) Aon uair a fhéadfaí sliocht as aon leabhar nó doiciméad eile, nó deimhniú i dtaobh lánais aon leabhair nó doiciméid eile, a ordaíodh nó a údaraíodh don bhord a choimeád le haon reacht nó faoi aon reacht, a ghlacadh, díreach roimh an tosach feidhme, mar fhianaise ar an lánas sin dá bhfíoraíodh oifigeach áirithe don bhord an céanna i slí áirithe, glacfar, tar éis an tosach feidhme, le sliocht as an leabhar nó as an doiciméad sin nó le deimhniú i dtaobh lánais an leabhair nó an doiciméid sin, má bhíonn an céanna fíoraithe sa slí áirithe sin ag an oifigeach don údarás a fhreagraíonn don oifigeach áirithe sin, mar fhianaise ar an lánas sin an oiread céanna agus a ghlacfaí amhlaidh leis an sliocht nó an deimhniú céadluaite sin dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
8. (1) Déanfar iniúchadh, a luaithe is caothúil tar éis an tosach feidhme, ar chuntais ioncaim agus caiteachais uile an bhoird agus choistí an bhoird agus oifigeach an bhoird agus oifigeach na gcoistí sin, faoi seach, suas go dtí an tosach feidhme agus déanfar, gnóthófar agus cuirfear i bhfeidhm dílamhála, formhuirir, muirir agus pionóis maidir leis na cuntais, leis an ioncam agus leis an gcaiteachas sin sa tslí chéanna, a oiread agus is féidir, agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(2) I gcás gach oifigeach don bhord nó d'aon choiste don bhord arb é a dhualgas aon chuntais a dhéanamh suas nó cuntas a thabhairt in aon chuid d'ioncam nó de chaiteachas an bhoird agus ina theannta sin i gcás gach comhalta den bhord nó d'aon choiste den sórt sin measfar, go dtí go mbeidh iniúchadh cuntas an ioncaim agus an chaiteachais sin suas go dtí an tosach feidhme críochnaithe, go bhfanfaidh an duine sin in oifig chun críocha an iniúchta sin agus go mbeidh air na dualgais chéanna a dhéanamh agus na cuntais chéanna a thabhairt agus go mbeidh sé faoi réir na ndliteanas céanna agus a bheadh dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
9. Gach duine a bhí díreach roimh an tosach feidhme, ina oifigeach don bhord déanfar, ar an tosach feidhme sin, é a aistriú chun seirbhís an údaráis agus tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé ina oifigeach don údarás agus, chun críocha aon achtacháin a bhaineann le haoisliúntas, measfar gan deireadh a bheith curtha lena oifig faoin mbord.
10. Gach conradh seirbhíse sainráite nó intuighte a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme idir an bord agus aon duine nárbh oifigeach don bhord leanfaidh sé i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí an t-údarás ann in ionad an bhoird, agus féadfaidh an t-údarás gach conradh den sórt sin a chur i bhfeidhm, nó féadfar é chur i bhfeidhm in aghaidh an údaráis, dá réir sin.
AN CEATHRÚ SCEIDEAL.
Maoin Fhorcoimeádta.
Cuid I.
Maoin atá dílsithe i mBord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath.
Na hoidhreachtáin agus na háitribh a forléasadh le Dintiúr Léasa dar dáta an 26ú lá d'Fheabhra, 1936, agus a rinneadh idir an Right Honourable Reginald Earl of Pembroke and Montgomery den chéad pháirt, an Right Honourable Sidney Charles Herbert den dara páirt agus An Teach Eadarshláinte agus An tOspidéal Fiabhrais Sráid Chorcaí Baile Átha Cliath den tríú páirt agus a thuairiscítear ansin mar “All and Singular that piece or plot of ground situate in the Parish of Saint Peter and City of Dublin measuring in front to Baggot Street Lower twenty three feet one inch in breadth in the rere twenty two feet six inches and in depth from front to rere on the North West side one hundred and sixty feet six inches and on the South East side one hundred and sixty feet two inches be the said several admeasurements more or less bounded on the South West by Baggot Street Lower aforesaid on the North East by James' Lane and on the North West and South East by other parts of the said holding of William Bush Lessee with the messuage and buildings erected thereon and known as number 51 Baggot Street Lower which said premises are shown on the plan annexed to these presents and thereon edged with red And also the cellars connected with the said premises so far as the lessor has power to grant the same but not further or otherwise”.
Na hoidhreachtáin agus na háitribh a forléasadh le Dintiúr Léasa dar dáta an 31ú lá de Nollaig, 1941, agus a rinneadh idir Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath Sráid Chorcaí i gCathair Bhaile Átha Cliath de pháirt agus Philip Ryan den pháirt eile agus a thuairiscítear ansin mar “All that and those that plot or piece of ground situate in the Parish of Saint Peter and city of Dublin measuring in front to East James's Street forty-four feet one inch in breadth in the rere forty-one feet eleven inches and in depth from front to rere on the North East side twenty-six feet three inches and on the South West to Baggot Street Lower fourteen feet eight and one-half inches be the said several admeasurements more or less bounded on the North West by East James's Street aforesaid on the North East by premises in the occupation of the Lessor on the South East by the holding of James Daly Lessee and on the South West by Baggot Street Lower aforesaid with the messuages and buildings erected thereon and known as Number one East James's Street which said premises are shown on the plan annexed to these presents and thereon edged with red and also the cellars underneath the premises Numbers 1 and 2 East James Street aforesaid as coloured blue on the said map so far as the Lessors have the power to grant same but not further or otherwise and also the staircase formerly being part of Number 2 East James Street, but which has been cut off from Number 2 East James Street many years ago as the same has been enjoyed by the occupier of Number 1 East James Street for many years past as coloured yellow on the said map”.
£1,049 Stoc Iompair C.I.E., 1975/85.
£1,200 Bintiúir Pim Bros. 4%.
£4,300 Stoc Ráth Maonais agus Ráth gCearr 3½%.
£7,408 13s. Iasacht Chogaidh 3½%.
£100 Bintiúir Mhargadh Chathrach Bhaile Átha Cliath Theas 4%.
£1,152 13s. 6d. Bannaí Státchiste 3½, 1965/70.
£3,650 Iasacht Náisiúnta 4½%, 1973/78.
£10,968 Ciste Forbartha Náisiúnta 5¼%.
£19,024 12s. 2d. Iasacht Náisiúnta 6%, 1967.
£3,154,6s. 8d. Iasacht Slándala Náisiúnta 3¼%, 1956/61.
£1,821 Bannaí Talún 4%.
Airgead: £2,057 17s. 4d.
Cuid II.
Maoin nach bhfuil dílsithe i mBord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath.
£812 15s. 9d. Bannaí Státchiste 3½% 1965/70 agus £277 2s. 0d. Stoc Bhanc na hÉireann atá i seilbh Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla in Éirinn faoi threoir uacht Daniel Mulligan, éagach.
£358 14s. 4d. Iasacht Náisiúnta 4¼%, 1975/80 agus £41 19s. 1d. Bannaí Státchiste 3½% 1965/70, atá i seilbh Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla in Éirinn faoi threoir uacht Dame Elizabeth Hutchinson, éagach.
£500 Stoc Bhanc na hÉireann atá i seilbh chuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais faoi threoir uacht Hugh Blayney, éagach.
An scair neamhroinnte, den mhaoin atá i seilbh na n-iontaobhaithe atá ag gníomhú de bhun uacht George Burroughs, éagach, ar faoi threoir a íoctar an cíosmhuirear £27 13s. 10d. le Bord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath.