[EN]

Uimhir 18 de 1933.


[EN]

ACHT NA nÓISPIDÉAL PUIBLÍ, 1933.


ACHT CHUN COMHACHTA DO DHEONADH CHUN GO bhFÉADFAR CISTÍ DO SHOLÁTHAR TRÉ SCUAB-GHILL AGUS TRÉ CHRANNCHUR DUAISEANNA CHUN TAIRBHE DO SHAGHSANNA ÁIRITHE FUNDÚIREACHTAÍ AGUS CÓ-GHLÉASANNA DO BHEIREANN SEIRBHÍSÍ UATHA A BHAINEAS GO DÍREACH NO GO NEA-DHÍREACH LE SLÁINTE CHUIRP NO AIGNE NA nDAOINE, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NA gCISTÍ SOLÁTHRÓFAR AMHLAIDH DO CHUR DE LÁIMH AGUS DO CHUR CHUN CRÍCHE, AGUS FÓS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NA SAORÁIDÍ CHUIREANN FUNDÚIREACHTAÍ AGUS CÓ-GHLÉASANNA DEN tSÓRT SAN ROIMHRÁITE AR FÁIL DON PHUIBLÍOCHT D'FHEABHSÚ AGUS DO CHÓ-EAGARÚ GO GENERÁLTA, AGUS CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH I dTAOBH NITHE IOMDHA BHAINEAS LEIS NA NITHE ROIMHRÁITE AGUS CHUN PÉ LEASUITHE IS GÁ DO DHÉANAMH AR AN DLÍ. [27 adh Iúl, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” (ach amháin nuair is mar abairt as Acht eile a húsáidtear í) an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

[EN]

cialluíonn an focal “scuab-gheall” duaiseanna do tharrac no do thabhairt amach tré chrannchur no tré chor na cinniúna, pe'ca bheidh baint ag an ngnó san le toradh ní nea-chinnte san am le teacht no ná beidh, no sreath de ghnóthaí den tsórt san;

[EN]

cialluíonn an abairt “crannchur duaiseanna” ticéadaí do tharrac no obair eile den tsórt san agus san ag brath ar fad ar chor na cinniúna agus tré n-a ndéanfar tabhairt-amach na nduaiseanna i scuab-gheall do chinneadh go díreach no do réir tortha ní nea chinnte san an le teacht no cuid de do chinneadh go díreach agus cuid de do chinneadh do réir an tortha san;

[EN]

cialluíonn an focal “óispidéal” fundúireacht no có-ghléasadh i Saorstát Éireann a chuireann cóir leighis, máinliaghachta, no fiaclóireachta ar dhaoine, agus foluíonn fundúireacht no cóghléasadh ar bith i Saorstát Éireann chun cosc do chur le galar, lot, no éalaing a thagann ar dhaoine no chun cóir do chur ar an gcéanna no é do leigheas agus fundúireacht no có-ghléasadh ar bith chun tearmainn do thabhairt do dhaill, do bhodhráin, do bhalbháin no do dhaoine go n-éalaing aigne ortha no do mhná ag iompar cloinne no do mháithreacha maraon le n-a gclainn atá fé bhun cúig mblian d'aois, agus foluíonn fós otharlanna ar n-a gcur ar fáil ag údaráis áitiúla (pe'ca mar choda de theaghlaigh contae é no ar shlí eile) chun daoine aosta agus daoine anbhfanna d'aireachasú agus chun cóir do chur ortha agus otharlanna nách cinn ar n-a gcur ar fáil amhlaidh ach chun a gcuireann aon údarás áitiúil daoine den tsórt san, agus foluíonn fós fundúireachtaí no có-ghléasanna chun taighde do dhéanamh i gcúrsaí leighis ach ní fholuíonn fundúireacht ná có-ghléasadh ar bith a bhíonn ar siúl ag daoine chun brabúis dóibh féin;

[EN]

cialluíonn an abairt “cumann banaltrais” fundúireacht no cóghléasadh i Saorstát Éireann gurb é a aon-chuspóir no a phríomhchuspóír cóir bhanaltrais do chur ar dhaoine bochta go ngalair, loit, no éalaingí cuirp ortha no ar mhná bochta i luighe seola agus banaltraí do chur ar fáil do sna daoine sin;

[EN]

cialluíonn an abairt “cólucht rialúcháin” an chomhairle, an bord, an coiste no an cólucht eile ag á bhfuil stiúradh agus bainistí an óispidéil no an chumainn bhanaltrais gur ina thaobh a húsáidtear an abairt agus (lasmuich de chás ná ceadódh an có-théacs san) foluíonn údarás áitiúil ag á bhfuil stiúradh an óispidéil no an chumainn sin.

[EN]

An t-airgead do fuarthas as ticéadaí do dhíol d'áireamh.

2.—Nuair a beifear, chun crícheanna an Achta so, ag áireamh méid an airgid do fuarthas as ticéadaí do dhíol i scuab-gheall ní cuirfear san áireamh luach na dticéad do tugadh amach in aisce mar luach saothair do dhíoltóir ticéad, agus bainfear as ainmphraghas díola gach ticéid eile gach coimisiún, duais, agus luach saothair eile do tugadh amach maidir leis na ticéadaí sin do dhíol.

[EN]

Costaisí.

3.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, gach costas fé n-a raghaidh Aire ar bith agus é ag feidhmiú an Achta so.

[EN]

Athghairm, agus forálacha diombuana.

4.—(1) Athghairmtear leis seo na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, ach is fé réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so agus gan dochar dóibh a bheidh éifeacht ag an athghairm sin.

[EN]

(2) Leanfaidh na hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, de bhaint do bheith acu le gach scuab-gheall dar ceaduíodh scéim fé sna hAchtanna san roimh an Acht so do rith ach san go sna hatharuithe seo leanas agus fé n-a réir, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar an barrachas ionfhálta, do réir bhrí alt 5 agus 6 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú), 1931 (Uimh. 24 de 1931), i ngach scuab-gheall den tsórt san ina mbeidh crannchur duaiseanna ar siúl tar éis an Achta so do rith, déanfar (fé réir aon diúité no cáin is inéilithe ina thaobh d'íoc) é d'íoc le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal agus do chur de láimh do réir an Achta so;

[EN]

(b) déanfar pé méid den bharrachas ionfhálta do réir an bhrí roimhráite, in aon scuab-gheall den tsórt san ina raibh an crannchur duaiseanna no na crannchurtha uile duaiseanna ar siúl roimh an Acht so do rith, nár chuir coiste an scuab-ghill dá láimh go dleathach roimh an Acht so do rith, déanfar (fé réir íoctha do dhéanamh i pé méid d'aon diúité no cáin is inéilithe ina thaobh agus atá gan íoc le linn an Achta so do rith) é d'íoc le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal agus do chur de láimh do réir an Achta so;

[EN]

(c) íocfaidh an tAire le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, chun a churtha de láimh do réir an Achta so, pé méid (más ann do) d'aon bharrachas ionfhálta, do réir an bhrí roimhráite, do híocadh leis fé sna hAchtanna san roimh an Acht so do rith agus ná teastuíonn uaidh chun crícheanna a húdaruítear leis na hAchtanna san agus go ndearnadh socrú ina dtaobh roimh an Acht so do rith;

[EN]

(d) ní bheidh feidhm agus tuigfear ná raibh feidhm riamh ag alt 3 den Acht um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla (Leasú), 1931, maidir le scuab-gheall ar bith nár ceapadh coiste réitigh ina chóir fén alt san roimh an Acht so do rith.

[EN]

Coiste scuab-ghill do cheapadh.

5.—(1) Pé uair is mian le cólucht rialúcháin óispidéil (nách óispidéal fé stiúradh údaráis ná otharlann chontae ná óispidéal fiabhrais contae) no le cóluchtaí rialúcháin dhá óispidéal no níos mó den tsórt san scuab-ghill do chur ar siúl fén Acht so chun airgid do chruinniú chun crícheanna Ciste Iontaobhais na nOispidéal, féadfaidh an cólucht no na cóluchtaí rialúcháin sin (dá ngairmtear na bunathóirí san Acht so) coiste (dá ngairmtear coiste scuab-ghill san Acht so), ar a mbeidh pé líon agus pé daoine is dóich leis na bunathóirí is ceart, do cheapadh chun críche na scuab-gheall san, coiste chun na scuabgheall san do bhainistí agus do stiúradh.

[EN]

(2) Má thárlann aon fholúntaisí, tré bhas no eirghe as, i mballraíocht choiste scuab-ghill féadfaidh na bunathóirí do cheap an coiste sin iad do líonadh.

[EN]

(3) Féadfaidh coiste scuab-ghill gníomhú d'ainneoin folúntais no folúntaisí do bheith ina bhallraíocht.

[EN]

(4) Ní bhfuighidh ball ar bith de choiste scuab-ghill aon luach saothair mar gheall ar ghníomhú mar bhall den choiste sin ná mar gheall ar é do thabhairt aon tseirbhísí uaidh ná é do dhéanamh aon oibre maidir leis na scuab-ghill gur ina gcóir do ceapadh an coiste sin.

[EN]

(5) Má dheineann an tAire Dlí agus Cirt le hordú i scríbhinn ar n-a sheachadadh ag seoladh coiste scuab-ghill no ar n-a chur tríd an bpost chun an tseolta san a ordú amhlaidh, no má dheineann na bunathóirí do cheap coiste scuab-ghill le hordú i scríbhinn ar n-a sheachadadh ag an seoladh san no ar n-a chur tríd an bpost chuige a ordú amhlaidh, no má dheineann coiste scuab-ghill tré rún do rith a chinneadh amhlaidh, ní dhéanfaidh an coiste scuab-ghill sin, tar éis an dáta ar a bhfuighid an t-ordú san ón Aire sin no o sna bunathóirí sin no ar a rithfid an rún san, scéim ar bith i dtaobh scuab-ghill ar bith do leagadh fé bhráid an Aire Dlí agus Cirt fén Acht so, agus ní leanfaid de bheith ina gcoiste scuab-ghill ach amháin chun crícheanna scuabghill ar bith go ndearna an coiste scuab-ghill sin scéim do leagadh fé bhráid an Aire Dlí agus Cirt ina thaobh fén Acht so roimh an dáta san, agus chun gach críche eile beidh an coiste scuab-ghill sin ar scur ón dáta san.

[EN]

(6) Ní ceapfar aon choiste scuab-ghill fén alt so faid a bheidh aon choiste scuab-ghill eile ann mara mbeidh an coiste scuab-ghill eile sin tar éis ordú d'fháil, fén bhfo-alt san roimhe seo, ón Aire Dlí agus Cirt no o sna bunathóirí do cheap an coiste scuab-ghill sin, no tar éis rún do rith fén bhfo-alt san.

[EN]

Coiste scuab-ghill do chur scéime isteach.

6.—Pé uair a bheidh bunathóirí do cheap coiste scuab-ghill ar aigne scuab-gheall áirithe do chur ar siúl ullamhóidh an coiste scuab-ghill sin agus leagfaid fé bhráid an Aire Dlí agus Cirt scéim ina luadhfar, maidir leis an scuab-gheall san, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ainm no ainmneacha an óispidéil no na n-óispidéal dar cólucht no cóluchtaí rialúcháin na bunathóirí;

[EN]

(b) ainmneacha ball an choiste sin;

[EN]

(c) mion-innste ar na duaiseanna atáthar ar intinn do thabhairt amach sa scuab-gheall san, maraon leis an méid airgid is fiú aon duais nach suim airgid;

[EN]

(d) an méid crannchur duaiseanna atáthar ar intinn do dhéanamh sa scuab-gheall san agus an lá, an áit agus an modh atá beartuithe chun an chrannchuir sin no chun gach ceann de sna crannchurtha san (má bhíonn níos mó ná crannchur amháin ann) do dhéanamh;

[EN]

(e) an praghas atáthar ar intinn d'éileamh ar thicéadaí sa scuab-gheall san;

[EN]

(f) an méid no an méid maximum atáthar ar aigne do lomháil no do chaitheamh mar choimisiún, mar dhuais, no mar luach saothair eile maidir le ticéadaí sa scuab-gheall san do dhíol agus an cion de thicéadaí atáthar ar aigne do thabhairt amach in aisce mar luach saothair don té dhíolfaidh aon líon áirithe ticéadaí sa scuab-gheall san;

[EN]

(g) ainmneacha triúr iontaobhaithe ar a laighead (dá ngairmtear na hiontaobhaithe scuab-ghill san Acht so) a bheidh tar éis a thoiliú i scríbhinn gníomhú mar iontaobhaithe den tsórt san agus gur ina n-ainmneacha atáthar ar intinn an taisce no na taiscí do lóisteáil is gá do réir an Achta so;

[EN]

(h) ainm an bhainc phuiblí i Saorstát Éireann ina lóisteálfar an taisce no na taiscí is gá do réir an Achta so;

[EN]

(i) má táthar ar intinn, maidir leis an taisce no na taiscí is gá do réir an Achta so, an céanna do lóisteáil i bpáirt no go hiomlán tré urrúis do lóisteáil, tuairisc ghenerálta ar na hurrúis sin;

[EN]

(j) an dáta ar a dtosnófar ar thicéadaí sa scuab-gheall san do dhíol; agus

[EN]

(k) an cuntasóir fé chairt no an t-iniúchóir no an cuntasóir cáilithe eile atáthar ar intinn d'fhostú do réir an Achta so chun cuntaisí an scuab-ghill sin d'iniúchadh.

[EN]

An tAire Dlí agus Cirt do cheadú na scéime agus an scuabgheall do bheith dleathach dá bhíthin sin.

7.—(1) Nuair a dhéanfaidh coiste scuab-ghill scéim do leagadh fé bhráid an Aire Dlí agus Cirt fén Acht so, féadfaidh an tAire sin, más ceart san dar leis agus más deimhin leis gurb iad do cheap an coiste sin ná bunathóirí bhí i dteideal an coiste sin do cheapadh fén Acht so, an scéim sin do cheadú gan atharú, no tar éis pé atharú is oiriúnach leis, do dhéanamh uirthi.

[EN]

(2) Nuair a leagfar scéim fé bhráid an Aire Dlí agus Cirt fén Acht so féadfaidh an tAire sin, chun a dheimhniú dho féin gurb iad do cheap an coiste scuab-ghill do chuir an scéim sin fé n-a bhráid ná bunathóirí bhí i dteideal fén Acht so an coiste sin do cheapadh, a éileamh go gcruthófaí san le pé fianaise, tré dhearbhú reachtúil no ar aon tslí eile, is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Nuair a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt scéim a leagadh fé n-a bhráid fén Acht so do cheadú (go n-atharú no gan atharú), ansan, d'ainneoin éinní contrárdha dho san atá in Acht ar bith eile, beidh sé dleathach do sna bunathóirí do cheap an coiste scuabghill do leag an scéim sin fé bhráid an Aire sin an scuab-gheall le n-a mbaineann an scéim sin do chur ar siúl, fé réir agus do réir na gcoinníoll so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an coiste scuab-ghill sin do ceapadh fén Acht so chun críche an scuab-ghill sin an scuab-gheall san do stiúradh agus do bhainistí, agus

[EN]

(b) déanfar an scuab-gheall san do chur ar siúl, do stiúradh agus do bhainistí ar gach slí do réir na scéime sin mar do cheaduigh an tAire Dlí agus Cirt í, agus

[EN]

(c) cólíonfar maidir leis an scuab-gheall san an fhoráil den Acht so le n-a n-éilítear go ndéanfaí rud ar bith áirithe no le n-a dtoirmisctear rud ar bith áirithe do dhéanamh maidir le scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén Acht so, agus

[EN]

(d) ní déanfar aon ticéadaí do thabhairt amach in aisce sa scuab-gheall san ach amháin ticéadaí do bhéarfar amach do dhíoltóirí ticéad mar luach saothair ar son ticéadaí do dhíol.

[EN]

Taisce chun a chur in áirithe go n-íocfar na duaiseanna.

8.—(1) Pé uair a cuirfear scuab-gheall ar siúl fén Acht so, déanfaidh an coiste scuab-ghill a bheidh ag bainistí an scuabghill sin no cuirfid fé ndeár go ndéanfar, maidir leis an gcrannchur duaiseanna no le gach ceann de sna crannchurtha duaiseanna (do réir mar bheidh) sa scuab-gheall san, taisce (dá ngairmtear an taisce san Acht so) do lóisteáil do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) isé slí ina ndéanfar an taisce sin do lóisteáil ná tré pé airgead no urrúis a luaidhtear anso ina dhiaidh seo do lóisteáil sa bhanc a bheidh ainmnithe chuige sin sa scéim a bhaineann leis an scuab-gheall san agus san in ainmneacha na n-iontaobhaithe scuab-ghill a bheidh ainmnithe sa scéim sin;

[EN]

(b) más de mhéid chinnte no maran suim airgid gach duais a bheidh le cur ar crannaibh sa chrannchur gur maidir leis a déanfar an taisce do lóisteáil, beidh an taisce chó mór no chó luachmhar le méid no luach iomlán na nduaiseanna san agus déanfar é do lóisteáil sara ndíoltar aon ticéadaí sa scuab-gheall san;

[EN]

(c) má bhíonn méid no luach gach duaise no aon duaise dá mbeidh le cur ar crannaibh sa chrannchur gur maidir leis a déanfar an taisce do lóisteáil ag brath, ar fad no go leathrannach, ar mhéid an airgid do gheobhfar as ticéadaí sa scuab-gheall san do dhíol no ma bhíonn sé le háireamh dá réir sin, déanfar an taisce do lóisteáil pé am agus beidh inti pé méid agus déanfar í do mhéadú o am go ham oiread san is gá chun ná beidh méid na taisce aon uair níos lugha ná an tsuim do bheadh mar mhéid no luach iomlán na nduais a bheidh le cur ar crannaibh sa chrannchur san dá ndeintí an méid no an luach san d'áireamh do réir méid an airgid a bheidh faighte cheana féin an uair sin as ticéadaí sa scuabgheall san do dhíol;

[EN]

(d) más rud é, i gcás le n-a mbaineann an mhír dheiridh sin roimhe seo, go ndéanfar méid no luach minimum do luadh i dtaobh na nduais a bheidh le cur ar crannaibh sa chrannchur gur maidir leis a déanfar an taisce do lóisteáil déanfar pé cuid den taisce sin is có-ionann leis an méid no an luach minimum san do lóisteáil sara ndíolfar aon ticéadaí don chrannchur gur mar gheall air a bheidh an minimum san luaidhte, agus cuirfear leis an gcuid sin fé mar is gá (más gá san) o am go ham do réir na míre deiridh sin roimhe seo;

[EN]

(e) féadfar an taisce do lóisteáil i gceachtar slí no sa dá shlí acu so leanas, sé sin le rá, tré airgead do lóisteáil no tré stuic, scaireanna, no urrúis dea-urruithe ionmhargaidh do lóisteáil de shaghas a bheidh luaidhte chuige sin sa scéim a bhaineann leis an scuab-gheall san;

[EN]

(f) tuigfear gurb é is luach chun crícheanna an ailt seo d'aon stuic, scaireanna, no urrúis is cuid den taisce ná an praghas do gheobhfaí ortha an lá déanfar iad do lóisteáil.

[EN]

(2) Ní bheidh an t-ús, na dividenda, agus an t-ioncum eile fhásfaidh le linn ré na taisce ar airgead no ar stuic, scaireanna, no urrúis is cuid den taisce, ní bheid ina gcuid den taisce sin ach beid dá chuid féin ag an duine agus beid iníoctha leis an duine do rinne an t-airgead, na stuic, na scaireanna, no na hurrúis sin do chur ar fáil.

[EN]

An taisce d'úsáid.

9.—(1) Más rud é ná déanfaidh an coiste scuab-ghill a bheidh ag bainistí scuab-ghill aon duais áirithe a tarraingeofar go cuibhe sa scuab-gheall san d'íoc go cuibhe leis an duine no do thabhairt go cuibhe don duine bheidh ina teideal fé théarmaí an scuabghill sin, íocfaidh na hiontaobhaithe scuab-ghill leis an duine sin, as an taisce do lóisteáladh maidir leis an gcrannchur in ar tarraingeadh an duais sin, méid no luach na duaise sin no pé cuid nár íoc an coiste sin leis den mhéid no den luach san, agus chun an íoctha san do dhéanamh beidh lán-chomhacht ag na hiontaobhaithe sin chun gach ceann no aon cheann de sna stuic, na scaireanna no na hurrúis a bheidh sa taisce sin do dhíol más rogha leo féin é.

[EN]

(2) Ar na duaiseanna go léir a tarraingeadh sa chrannchur gur maidir leis a bheidh taisce lóisteálta do bheith íoctha no tugtha amach in iomlán, pe'ca gan tarrac ar an taisce sin é no ar fad no go leathrannach amach as an taisce sin, déanfaidh na hiontaobhaithe scuab-ghill gur ina n-ainmneacha bheidh an taisce sin iomlán an airgid no na n-urrús a bheidh sa taisce sin, no pé méid den chéanna ná beifear tar éis a úsáid ar shlí eile fén alt so (do réir mar is gá sa chás), do thabhairt thar n-ais don té do rinne an t-airgead no na hurrúis sin do chur ar fáil.

[EN]

(3) Más rud é, le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, go bhfágfar gan déanamh an crannchur duaiseanna gur maidir leis a déanfar taisce do lóisteáil déanfaidh na hiontaobhaithe scuab-ghill gur ina n-ainmneacha bheidh an taisce sin aon airgead, stuic, scaireanna agus urrúis a bheidh sa taisce sin do thabhairt thar n-ais don té do chuir an céanna ar fáil.

[EN]

Fuirm na dticéadaí agus srian le fógraíocht, etc.

10.—(1) Beidh clóbhuailte go soiléir ar gach leabhar de thicéadaí i scuab-gheall a bheidh ar siúl fén Acht so ráiteas gur fén Acht so agus chun tairbhe d'óispidéil agus d'fhundúireachtaí dá samhail i Saorstát Éireann atáthar ag cur an scuab-ghill sin ar siúl.

[EN]

(2) Beidh clóbhuailte go soiléir ar gach ticéad i scuab-gheall a bheidh ar siúl fén Acht so ráiteas á iarraidh ar cheannuitheoir an ticéid sin, i gcás é do theip ar choiste bhainistí an scuab-ghill sin a admháil go bhfuaradar praghas an ticéid sin, fógra do chur go díreach chun an choiste sin á rá gur theip ortha amhlaidh, agus beidh clóbhuailte go soiléir ar an ticéad san freisin leor-eolas ar an ainm agus an seoladh chun ar cheart an fógra san do chur.

[EN]

(3) Ní bheidh in aon fhógra, memorandum, cearcalán, leabhar ticéadaí, ticéad, ná scríbhinn eile, do bhéarfaidh coiste scuab-ghill amach maidir leis an scuab-gheall le n-a mbaineann an coiste sin, aon fhocail á thaisbeáint no dob fhéidir go réasúnta do léiriú mar fhocail a thaisbeánann go bhfuil an scuab-gheall san á chur ar siúl fé choimirce no fé thearmann Rialtais Shaorstáit Éireann no aon Aire is ceann ar Roinn Stáit.

[EN]

(4) I gcás aon fhógra, memorandum, leabhar ticéadaí, ticéad, no scríbhinn eile, do bhéarfaidh coiste scuab-ghill amach maidir leis an scuab-gheall le n-a mbaineann an coiste sin, do shárú aon fhorála den alt so, beidh gach ball den choiste sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

[EN]

Saothar agus abhair de chuid Shaorstáit Éireann d'úsáid.

11.—Chó fada agus is féidir é, is i Saorstát Éireann a déanfar an chlódóireacht go léir do scuab-gheall no maidir le scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén Acht so agus an páipéar agus na habhair eile go léir a húsáidfear chun críche aon scuab-ghill den tsórt san beid de dhéantús Shaorstáit Éireann.

[EN]

Toradh scuab-gheall do chur chun críche.

12.—(1) Déanfar an farasbár, den airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol i scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén Acht so, a bheidh fágtha tar éis íoctha na nduaiseanna do bhéarfar amach sa scuab-gheall san agus na gcostaisí fé n-a raghfar ag cur an scuab-ghill sin ar siúl agus aon diúité no cánach is inéilithe alos an fharasbáir sin no tar éis díol íoca an chéanna do chur ar fáil, déanfar san d'íoc le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na teoranta so leanas maidir leis an airgead, do gheobhfar as ticéadaí do dhíol i scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén Acht so, do chur chun críche, sé sin le rá:—

[EN]

(a) an méid den airgead san a cuirfear chun íoctha na gcostaisí fé n-a raghfar ag cur an scuab-ghill sin ar siúl (lasmuich de thicéadaí, coimisiún, duaiseanna no luach saothair eile do bhéarfar i dtaobh ticéadaí do dhíol) ní raghaidh thar triocha per cent. den airgead san;

[EN]

(b) i gcás íocaíochta do thabhairt do dhuine mar gheall ar an scuab-gheall san do chur chun cinn tuigfear chun crícheanna an Achta so an íocaíocht san do bheith ina cuid de sna costaisí bhaineann leis an scuab-gheall san do chur ar siúl agus ní ragha sí thar seacht per cent. den airgead san do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa scuab-gheall san;

[EN]

(c) an méid a híocfar do réir an ailt seo le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal alos aon scuab-ghill, maraon le méid aon diúité no cánach is inéilithe alos an airgid no aon choda den airgead do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa scuab-gheall san, ní bheidh sé níos lugha ná fiche per cent. den airgead san do gheobhfar as ticéadaí do dhíol sa scuab-gheall san.

[EN]

Cuntaisi scuab-gheall d'iniúchadh.

13.—(1) Laistigh de thrí mhí tar éis an chrannchuir dhuaiseanna no, i gcás níos mó ná crannchur amháin do bheith ann, tar éis an chrannchuir dheiridh dhuaiseanna i scuab-gheall a cuirfear ar siúl fén Acht so cuirfidh an coiste scuab-ghill a bheidh ag bainistí an scuab-ghill sin fé ndeár go ndéanfaidh an té a hainmnítear chuige sin sa scéim a bhaineann leis an scuab-gheall san no, mara mbeidh an duine sin ar fáil, duine éigin eile go sna cáilíochta céanna agus a bheidh ceaduithe roimh ré ag an Aire Dlí agus Cirt iniúchadh ar chuntaisí an airgid uile do fuarthas agus an airgid uile do híocadh maidir leis an scuab-gheall san.

[EN]

(2) Bhéarfaidh gach coiste scuab-ghill don Aire Dlí agus Cirt agus do gach ball den Oireachtas, laistigh de dhá mhí tar éis an iniúchta déanfar do réir an ailt seo, cóip de sna cuntaisí bhaineann leis an scuab-gheall dar ceapadh an coiste sin fé mar a bheidh na cuntaisí sin iniúchta fén alt so, maraon le cóip de dheimhniú an iniúchóra agus dá thuarasgabháil ar an iniúchadh san.

[EN]

Coimisiún na nOispidéal do bhunú.

14.—(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire, le hordú, coimisiún dá ngairmfear “Coimisiún na nOispidéal” agus ar a mbeidh triúr gnáth-bhall ar a laighead agus is duine acu san a bheidh mar chathaoirleach ar an gCoimisiún.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire gnáth-bhaill Choimisiúin na nOispidéal do cheapadh agus cathaoirleach an Choimisiúin sin d'ainmniú le hordú, o am go ham, fé mar is gá san.

[EN]

(3) Pé uair is dóich leis an Aire gur gá san do dhéanamh féadfaidh, le hordú, pé daoine agus pé méid daoine is oiriúnach leis do cheapadh chun bheith ina mbaill bhreise de Choimisiún na nOispidéal go ceann tréimhse áirithe (nách sia ná dhá bhliain) no go dtí go gcuirfear as oifig iad níos túisce ná san fén alt so.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ball ar bith de Choimisiún na nOispidéal do chur as a oifig mar bhall den tsórt san agus fós féadfaidh aon uair, le hordú, cathaoirleach Choimisiúin na nOispidéal do chur as a phost mar chathoirleach den tsórt san.

[EN]

(5) Marab éag, eirghe as, no cur as oifig roimhe sin do beidh gach gnáth-bhall de Choimisiún na nOispidéal i seilbh oifige mar bhall den tsórt san go ceann dhá bhliain o dháta a cheaptha, ach beidh sé ion-athcheaptha.

[EN]

(6) Chun a chuid dualgas fén Acht so do chólíonadh féadfaidh gach ball de Choimisiún na nOispidéal cuaird do thabhairt ar gach ceann no ar aon cheann d'áitreabhacha óispidéil no cumainn bhanaltrais ar bith do bhí páirteach i scuab-gheall ar bith ar n-a bhunú fé sna hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla, 1930 go 1932, no fén Acht so, no bheidh tar éis deontais as Ciste Iontaobhais na nOispidéal d'iarraidh fé alt 24 dhe seo, no ar gach ceann no ar aon cheann d'áitreabhacha fundúireachta ar bith atá fé chúram údarásanna áitiúla no do gheibheann congnamh uatha san, agus beidh i dteideal na háitreabhacha san agus a bhfeisteas agus a bhfearas d'iniúchadh agus do scrúdú, agus fós beidh i dteideal eolas iomlán ar bhainistí agus ar staid airgeadais óispidéil no cumainn bhanaltrais ar bith d'iarraidh agus d'fháil agus gach cuntas ar fháltaisí agus ar chaiteachas cóluchta rialúcháin an óispidéil no an chumainn bhanaltrais sin d'fheiscint agus do scrúdú, maraon le gach leabhar agus scríbhinn eile no aon leabhar no scríbhinn eile ina mbeidh aon bhreacachán ar na fáltaisí agus ar an gcaiteachas san.

[EN]

(7) Íocfar le gach ball de Choimisiún na nOispidéal pé luach saothair (más ann do) ordóidh an tAire o am go ham.

[EN]

(8) Féadfaidh Coimisiún na nOispidéal gníomhú d'ainneoin folúntais amháin do bheith imeasc a ngnáth-bhall.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh Choimisiúin na nOispidéal.

15.—(1) Beidh Coimisiún na nOispidéal i dteideal oifigigh agus seirbhísigh (ar a mbeidh comhairligh ghairmiúla no theicniciúla fé mar is gá agus nuair is gá san) d'fhostú, pé daoine agus pé méid acu, agus ar pé luach saothair agus téarmaí, is dóich leis an gCoimisiún san, le ceadú an Aire, do bheith ceart, agus beid i dteideal oifigeach no seirbhíseach ar bith den tsórt san do bhriseadh le ceadú an Aire.

[EN]

(2) Beidh Coimisiún na nOispidéal i dteideal pé saoráidí d'fháil ón Aire agus pé congnamh d'fháil o oifigigh an Aire ordóidh an tAire.

[EN]

(3) Beidh gach ball de Choimisiún na nOispidéal agus gach oifigeach don Choimisiún san i dteideal, ar bheith ag taisteal do chun a chuid dualgas mar bhall no mar oifigeach den tsórt san do chólíonadh, costas taistil agus liúntas cothuithe d'fháil agus d'íoc leis do réir pé ráta cheadóidh an tAire.

[EN]

Costaisí Choimisiúin na nOispidéal.

16.—(1) Íocfar le Coimisiún na nOispidéal o am go ham, amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal, pé suimeanna cheadóidh an tAire i gcóir costaisí Choimisiúin na nOispidéal agus sa mhéid go gceadóidh an tAire é is amach as na suimeanna san íocfaidh an Coimisiún san costaisí fé n-a raghaid agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so agus ortha san beidh an luach saothair, na costaisí taistil agus na liúntaisí cothuithe is iníoctha le baill de Choimisiún na nOispidéal agus le hoifigigh don Choimisiún san.

[EN]

(2) Íocfar amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal isteach sa Stát-Chiste no chun tairbhe don Stát-Chiste, sna tráthanna agus ar an slí ordóidh an tAire Airgid, an tsuim sin in aghaidh gach bliana airgeadais ar a gcinnfidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, do bheith mar shuim is iníoctha le ceart alos saoráidí do chuir an tAire ar fáil, agus alos conganta do thug oifigigh leis an Aire, do Choimisiún na nOispidéal fén Acht so sa bhliain airgeadais sin.

[EN]

Feidhmeanna Choimisiúin na nOispidéal.

17.—Beidh sé de dhualgas ar Choimisiún na nOispidéal na nithe seo leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—

[EN]

(a) fiosrú, agus scrúdú, agus breithniú generálta do dhéanamh, uatha féin, mar gheall ar na saoráidí óispidéil agus banaltrais atá i Saorstát Éireann agus eolas do bhailiú agus do chur ar breacadh agus in eagar, uatha féin, i dtaobh na saoráidí sin, i dtaobh an ghá atá ag na daoine leis na saoráidí sin, agus i dtaobh na saoráidí sin do chur in oiriúint don ghá san;

[EN]

(b) lorgaireacht do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt don Aire mar gheall ar gach ní bhaineann le saoráidí óispidéil no banaltrais i Saorstát Éireann agus a chuirfidh an tAire fé n-a mbráid chun lorgaireacht do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt uatha mar gheall air;

[EN]

(c) scéimeanna do cheapadh agus do leagadh fé bhráid an Aire, ar iarratas an Aire, chun feabhas do chur agus có-eagar do dhéanamh ar shaoráidí óispidéil no banaltrais, no ar shaoráidí óispidéil agus banaltrais, i Saorstát Éireann uile no in aon chuid áirithe dhe;

[EN]

(d) lorgaireacht do dhéanamh agus tuarasgabháil do thabhairt don Aire mar gheall ar gach ní chuirfidh an tAire fé n-a mbráid fé fhoráil ar bith no do réir forála ar bith den Acht so seachas an t-alt so;

[EN]

(e) comhairle do thabhairt don Aire, uatha féin no ar iarratas an Aire, mar gheall ar ní ar bith a bhaineann le Ciste Iontaobhais na nOispidéal do riaradh.

[EN]

Cosaint maidir le bunreacht, etc., óispidéal áirithe d'atharú.

18.—Ní dhéanfaidh éinní atá san alt deiridh sin roimhe seo comhacht do thabhairt do Choimisiún na nOispidéal scéim do cheapadh agus do leagadh fé bhráid an Aire gur gá dá druim atharú do dhéanamh ar bhunreacht no cur isteach do dhéanamh ar riaradh óispidéil ná fuair aon tairbhe as scuab-gheall ar bith do bunuíodh fé sna hAchtanna um Oispidéil Phuiblí Dhéirciúla 1930 go 1932, agus ná fuighidh aon tairbhe as scuab-gheall a bunófar fén Acht so agus ná faghann aon deontas o údarás áitiúil.

[EN]

Cuntaisí Choimisiúin na nOispidéal agus a n-iniúchadh.

19.—(1) Déanfaidh Coimisiún na nOispidéal gach cuntas is ceart agus is gnáth, ar an airgead go léir do gheobhaid no chaithfid, do choimeád i pé fuirm le n-a n-aontóidh an tAire.

[EN]

(2) Déanfar gach bliain cuntaisí Choimisiúin na nOispidéal d'iniúchadh agus tuarasgabháil ortha do thabhairt don Aire agus isé dhéanfaidh san ná iniúchóir go gcáilíochta cuibhe a cheapfaidh an tAire go bliantúil chuige sin, agus déanfaidh Coimisiún na nOispidéal suim a shocróidh an tAire mar tháille don iniúchóir sin d'íoc leis an Aire mar chuid dá gcostaisí.

[EN]

Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal.

20.—(1) Chó luath agus a bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire, le hordú, cólucht de chúigear iontaobhaithe, dá ngairmfear Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, chun na gcomhacht d'fheidhmiú agus chun na ndualgas do chólíonadh a ceaptar dóibh leis an Acht so.

[EN]

(2) Ceapfaidh an tAire Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal le hordú agus beidh gach iontaobhaí acu san, marab éag, eirghe as, no cur as oifig roimhe sin do, i seilbh oifige mar iontaobhaí den tsórt san go ceann cúig mblian o dháta a cheaptha, ach beidh sé ion-athcheaptha.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, duine ar bith do cheap sé chun oifige mar dhuine d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal do chur as an oifig sin.

[EN]

(4) Féadfar, le hordú ón Aire ag ceapadh duine no daoine d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, a dhearbhú, más gá san sa chás, go ndílseoidh an mhaoin uile, réalta no pearsanta, a bheidh no ba cheart do bheith dílsithe an uair sin in Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, go ndílseoidh sí san iontaobhaí no sna hiontaobhaithe ceaptar amhlaidh agus sna hiontaobhaithe leanúnacha (más ann dóibh) i dteanta a chéile, agus déanfaidh gach dearbhú den tsórt san an mhaoin sin uile do dhílsiú sna hiontaobhaithe sin a ceaptar amhlaidh agus sna hiontaobhaithe leanúnacha san mar chó-thionóntaithe, chun an estáit agus an leasa uile inti ba chóir do réir chirt do bheith dílsithe sna hiontaobhaithe sin agus déanfaidh, maidir leis an maoin uile den tsórt san ná fuil do réir dlí ionaistrithe ach amháin i leabhair aon údaráis, bainc, cuideachtan, no duine eile, a bhronnadh mar cheart ar na hiontaobhaithe sin a éileamh go ndéanfaí an mhaoin sin d'aistriú sna leabhair sin agus i gcás gach maoine eile déanfa sé an dílsiú san gan aon leithliú eile ar bith.

[EN]

(5) Féadfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal gníomhú d'ainneoin folúntais amháin, ach ní d'ainneoin níos mó na san, do bheith ar a líon.

[EN]

(6) An dlí i dtaobh iontaobhaithe do bheith freagarthach i sárú iontaoibhe agus i laigheadú luacha cistí iontaobhais no ina gcailliúint san agus i dtaobh iontaobhaithe do bheith saor ón bhfreagarthacht san bainfe sé le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal fé mar a bhaineann sé le hiontaobhaithe ceaptar le dintiúir, agus chun críche imeacht chun aon fhreagarthachta den tsórt san do chur i bhfeidhm tuigfear gurb é an tAire an té atá i dteideal chun tairbhe Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

[EN]

(7) Déanfar gach costas fé n-a raghaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, le ceadú an Aire, agus iad ag feidhmiú a bhfeidhmeanna fén Acht so d'íoc amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal.

21.—(1) Beidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal i dteideal oifigigh agus seirbhísigh d'fhostú, pé daoine agus pé méid acu, agus ar pé luach saothair agus téarmaí, is dóich le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, le ceadú an Aire, do bheith ceart, agus beid i dteideal oifigeach no seirbhíseach ar bith den tsórt san do bhriseadh le ceadú an Aire.

[EN]

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire é is amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal a híocfar na costaisí uile fé n-a raghaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal fén Acht so agus ortha san beidh luach saothair a gcuid oifigeach agus seirbhíseach.

[EN]

Cuntaisí Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal agus a n-iniúchadh.

22.—(1) Déanfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal gach cuntas is ceart agus is gnáth, ar an airgead go léir do gheobhaid no chaithfid, do choimeád i pé fuirm le n-a aontóidh an tAire.

[EN]

(2) Déanfar gach bliain cuntaisí Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal d'iniúchadh agus tuarasgabháil do thabhairt ortha agus isé dhéanfaidh san ná iniúchóir go gcáilíochta cuibhe a cheadóidh an tAire go bliantúil chuige sin agus déanfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal táillí an iniúchóra san agus costaisí generálta na n-iniúchadh san d'íoc amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

[EN]

(3) Déanfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, díreach tar éis gach iniúchta fén alt so ar chuntaisí Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal, cóip den chuntas chothromaíochta, mar a bheidh glactha leis ag na hiniúchóirí, agus cóip de thuarasgabháil an iniúchóra do chur chun an Aire.

[EN]

Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

23.—(1) Déanfar an t-airgead uile a híocfar no bheidh iníoctha le hIontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal fén Acht so no dá réir do chur in aon chiste amháin ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san Acht so, Ciste Iontaobhais na nOispidéal agus beidh an t-airgead san ar seilbh ag na hIontaobhaithe sin ar iontaoibh chun an chéanna do shuncáil, do bhainistí agus do chur chun críche do réir an Achta so.

[EN]

(2) Déanfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal pé méid de chaipital Chiste Iontaobhais na nOispidéal ná beidh ag teastáil de thurus na huaire chun íocaíochtaí d'íoc do réir an Achta so do shuncáil agus do choimeád suncálta in urrúis a bheidh údaruithe de réir dlí chun cistí iontaobhais do shuncáil ionta no bheidh údaruithe le hordú ar n-a dhéanamh ag an Aire, le haontú an Aire Airgid, chun Ciste Iontaobhais na nOispidéal do shuncáil ionta.

[EN]

(3) Féadfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal o am go ham suncáil no aon chuid de shuncáil Chiste Iontaobhais na nOispidéal d'atharú.

[EN]

(4) An t-ús, na dividenda, agus an t-ioncum uile agus gach suim i bhfuirm bonus do gheobhaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal as na hurrúis ina mbeidh Ciste Iontaobhais na nOispidéal suncálta, cuirfear le caipital an Chiste sin iad agus beid ina gcuid de, an túisce ina bhfuighidh na hiontaobhaithe sin iad, ach amháin mara n-orduighidh agus sa mhéid go n-ordóidh an tAire a mhalairt.

[EN]

(5) Ní bheidh sé dleathach d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal síntiúisí do lorg do Chiste Iontaobhais na nOispidéal, ach féadfaidh na hiontaobhaithe sin, le toiliú an Aire, aon tsíntiús den tsórt san in airgead a tairgfear dóibh gan é lorg amhlaidh do ghlacadh, agus tuigfear chun crícheanna an ailt seo gach airgead a tairgfear agus a glacfar amhlaidh do bheith íootha leis na hiontaobhaithe sin do réir an Achta so.

[EN]

(6) Íocfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal na deontaisí, na costaisí, agus an t-airgead eile sin uile a horduítear no a húdaruítear leis an Acht so d'íoc amach as an gCiste sin, ach i gcás in ar gá do réir an Achta so aon ordú, údarás, no ceadú d'fháil i gcóir an íoca san ní déanfar é ach ar fháil an orduithe, an údaráis, no an cheaduithe sin.

[EN]

Iarrataisí ar dheontaisí as Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

24.—(1) Féadfaidh cólucht rialúcháin aon óispidéil no cumainn bhanaltrais i Saorstát Éireann, no duine ar bith a bheidh ar tí aon óispidéal no cumann banaltrais den tsórt san do bhunú, deontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal, chun tairbhe don óispidéal no don chumann san, d'iarraidh ar an Aire aon uair.

[EN]

(2) Déanfar, i ngach iarratas fén alt so ar dheontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal, a luadh, chó mion-chruinn agus is gá sa chás, cad ina chóir go mbeifear ar aigne an deontas san do chaitheamh agus cadé méid a moltar do bheith sa deontas san.

[EN]

(3) Déanfaidh an tAire gach iarratas a gheobhaidh sé fén alt so, ar dheontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal, do chur fé bhráid Choimisiúin na nOispidéal, chun lorgaireacht do dhéanamh ina thaobh agus tuarasgabháil air do thabhairt uatha, agus ní thabharfaidh breith ar bith ar an iarratas san go dtí go bhfuighidh tuarasgabháil Choimisiúin na nOispidéal air.

[EN]

(4) Le linn don Aire iarratas fén alt so, ar dheontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal, do bhreithniú féachfaidh do thuarasgabháil Choimisiúin na nOispidéal ar an iarratas san ach ní bheidh fé cheangal ag an tuarasgabháil sin.

[EN]

Deontaisí do dheonadh as Ciste Iontaobhais na nOispidéal.

25.—(1) Fé réir forálacha an Achta so féadfaidh an tAire aon uair, uaidh féin no de bhíthin san d'iarraidh air fén Acht so, deontas as Ciste Iontaobhais na nOispidéal do dheonadh chun tairbhe d'aon óispidéal no cumann banaltrais a bheidh cheana i Saorstát Éireann no a beifear ar aigne a bhunú ann, deontas de pé méid agus chun pé crícheanna, ar n-a n-údarú leis an alt so, is dóich leis an Aire is ceart.

[EN]

(2) Déanfar deontas a bheidh á dheonadh as Ciste Iontaobhais na nOispidéal fén alt so do dheonadh do chólucht rialúcháin an óispidéil no an chumainn bhanaltrais a bheidh ann cheana, no do neach bunuithe an óispidéil no an chumainn bhanaltrais a bheidh beartuithe, do réir mar bheidh, agus gur chun tairbhe dho a bheidh an deontas san á dheonadh, agus déanfar an focal “deonaí” san alt so do léiriú mar fhocal a chialluíonn an cólucht rialúcháin sin no an duine sin, do réir mar is gá sa chás.

[EN]

(3) Féadfar deontas a bheidh á dheonadh as Ciste Iontaobhais na nOispidéal fén alt so do dheonadh, fé mar is dóich leis an Aire i ngach cás fé leith do bheith ceart, i bhfuirm suime bheidh le n'íoc amach as caipital Ciste Iontaobhais na nOispidéal, no i bhfuirm íocaíochtaí bheidh le n-íoc go bliantúil ar feadh pé tréimhse ordóidh an tAire amach as ioncum Ciste Iontaobhais na nOispidéal, agus má orduíonn an tAire amhlaidh d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal déanfaid cuid de chaipital Chiste Iontaobhais na nOispidéal do chur i leataoibh agus an chuid sin do shuncáil mar urrú ar dheontas ar bith a deonfar i bhfuirm íocaíochtaí bheidh le n'íoc go bliantúil.

[EN]

(4) Pé uair a chinnfidh an tAire deontas do dheonadh fén alt so as Ciste Iontaobhais na nOispidéal ordóidh d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal an deontas san d'íoc amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal agus leis sin íocfaidh na hiontaobhaithe sin méid an deontais sin amach as an gCiste sin le pé duine, agus in aon tsuim amháin pé tráth no ina thráthchoda pé tráthanna, ordóidh an tAire.

[EN]

(5) Pé uair a dheonfaidh an tAire deontas fén alt so as Ciste Iontaobhais na nOispidéal luadhfaidh cad ina chóir a caithfear an deontas san agus féadfaidh fáil an deontais sin do chur fé pé coinníollacha (pe'ca roimh an bhfáil sin no dá héis a bheid le cólíonadh) is dóich leis is ceart chun a chur in áirithe go ndéanfar an deontas san do chaitheamh go cuibhe ar na crícheanna bheidh luaidhte ag an Aire no chun aon chuspóra eile do chur in áirithe no do thabhairt chun críche: Ach ní bheidh fáil aon deontais den tsórt san fé aon choinníollacha bhainfeadh i slí ar bith le ceapadh no le briseadh no le stiúradh fuirinne aon óispidéil no cumainn bhanaltrais.

[EN]

(6) Más rud é, tar éis deontais do dheonadh as Ciste Iontaobhais na nOispidéal fén alt so do dheonaí ar bith agus roimh an deontas san d'íoc no roimh aon íocaíocht áirithe d'íoc alos an deontais sin, gur deimhin leis an Aire coinníoll ar bith, fé n-a ndearnadh fén bhfo-alt san roimhe seo fáil an deontais sin do chur, do bheith gan cólíonadh ag an deonaí féadfaidh an tAire a dheimhniú d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal an coinníoll san do bheith gan cólíonadh agus ar an Aire dá dheimhniú san ní dhéanfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal aon íoc den tsórt san sa deontas san ná ina thaobh, ná ní bheidh teideal ag an deonaí sin chun an íoca san ná chun aon íoca ina dhiaidh sin alos an deontais sin, mara n-orduighidh ná go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt.

[EN]

(7) Féadfar deontas a dheonfaidh an tAire fén alt so chun tairbhe aon óispidéil no cumainn bhanaltrais a bheidh ann cheana no bheidh beartuithe, féadfar é do dheonadh chun gach críche no chun aon chríche acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) talamh no foirgintí, ar a n-áirmhítear aon estát no leas uachtarach no nea-ghlanta i dtalamh no i bhfoirgintí, do cheannach;

[EN]

(b) foirgintí do thógáil;

[EN]

(c) foirgintí d'athdhéanamh, do leathnú, d'atharú, no d'fheabhsú;

[EN]

(d) fearas óispidéil, banaltrais agus eile do cheannach;

[EN]

(e) buan-ioncum do chur ar fáil d'aon óispidéal no cumann banaltrais den tsórt san no d'aon chuid d'obair aon óispidéil no cumainn bhanaltrais den tsórt san, le n-a n-áirmhítear, i gcás aon óispidéil den tsórt san, buanioncum do chur ar fáil i gcóir leapan no leapacha san óispidéal san;

[EN]

(f) costaisí d'íoc a bhaineann le coinneáil-suas;

[EN]

(g) fiacha do ghlanadh.

[EN]

Deontas leabharlainne óispidéil.

26.—(1) Féadfaidh an tAire aon tráth, ar n-a iarraidh sin air do dhuine ar bith a bheidh i mbun leabharlainne iasachtaí chun leabhra do chur ar fáil chun úsáide othar no iostaithe in óispidéil no bheidh ar tí leabharlainne den tsórt san do bhunú, deontas (ar a dtabharfar, agus dá ngairmtear san alt so, deontas leabharlainne óispidéil) do dheonadh don duine sin as Ciste Iontaobhais na nOispidéal agus pé méid ann is dóich leis an Aire is ceart, chun costaisí uile no aon chuid de chostaisí na leabharlainne iasachtaí sin d'íoc.

[EN]

(2) Féadfar deontas leabharlainne óispidéil do dheonadh, fé mar is dóich leis an Aire i ngach cás fé leith do bheith ceart, i bhfuirm suime bheidh le n'íoc amach as capital Chiste Iontaobhais na nOispidéal, no i bhfuirm íocaíochtaí bheidh le n'íoc go bliantúil ar feadh pé tréimhse ordóidh an tAire amach as ioncum Chiste Iontaobhais na nOispidéal, agus má orduíonn an tAire amhlaidh d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal déanfaid cuid de chaipital Chiste Iontaobhais na nOispidéal do chur i leataoibh agus an chuid sin do shuncáil mar urrú ar aon deontas leabharlainne óispidéil a deonfar i bhfuirm íocaíochtaí bheidh le n'íoc go bliantúil.

[EN]

(3) Pé uair a chinnfidh an tAire deontas leabharlainne óispidéil do dheonadh fén alt so ordóidh d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal an deontas san d'íoc amach as Ciste Iontaobhais na nOispidéal agus leis sin íocfaidh na hIontaobhaithe sin méid an deontais sin amach as an gCiste sin le pé duine, agus in aon tsuim amháin pé tráth no ina thráthchoda pé tráthanna, ordóidh an tAire.

[EN]

(4) Pé uair a dheonfaidh an tAire deontas leabharlainne óispidéil fén alt so, luadhfaidh cad ina chóir a caithfear an deontas leabharlainne óispidéil sin agus féadfaidh fáil an deontais leabharlainne óispidéil sin do chur fé pé coinníollacha (pe'ca roimh an bhfáil sin no dá héis a bheid le cólíonadh) is dóich leis is ceart chun a chur in áirithe go ndéanfar an deontas leabharlainne óispidéil sin do chaitheamh go cuibhe ar na crícheanna bheidh luaidhte ag an Aire.

[EN]

(5) Más rud é, tar éis deontais leabharlainne óispidéil do dheonadh fén alt so do dhuine ar bith agus roimh an deontas leabharlainne óispidéil sin d'íoc no roimh aon íocaíocht áirithe d'íoc alos an deontais sin, gur deimhin leis an Aire coinníoll ar bith, fé n-a ndearnadh fén bhfo-alt san roimhe seo fáil an deontais leabharlainne óispidéil sin do chur, do bheith gan cólíonadh ag an duine dar deonadh an deontas san féadfaidh an tAire a dheimhniú d'Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal an coinníoll san do bheith gan cólíonadh agus ar an Aire dá dheimhniú san ní dhéanfaidh Iontaobhaithe Náisiúnta na nOispidéal aon íoc den tsórt san sa deontas leabharlainne óispidéil sin ná ina thaobh, ná ní bheidh teideal ag an duine dar deonadh an deontas san chun an íoca san ná chun aon íoca ina dhiaidh sin alos an deontais sin, mara n-orduighidh ná go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt.

[EN]

Gearr-theideal.

27.—Féadfar Acht na nOispidéal Puiblí, 1933, do ghairm den Acht so.