Uimhir 12 de 1961.
ACHT NA NIMHEANNA, 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
Mínithe.
1.—San Acht seo—
folaíonn “talmhaíocht” gairneoireacht, foraoiseacht agus beachaireacht;
ciallaíonn “an Chomhairle” Comhairle na Nimheanna a bhunaítear faoi alt 2 den Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte.
Bunú na Comhairle.
2.—Déanfaidh an tAire le hordú comhairle ar a dtabharfar agus dá ngairfear Comhairle na Nimheanna a bhunú amhail ar agus ó dháta sonraithe chun na feidhmeanna a shanntar di leis an Acht seo a chomhlíonadh.
Feidhmeanna na Comhairle.
3.—(1) Tabharfaidh an Chomhairle comhairle don Aire maidir le haon rialacháin faoi alt 14 den Acht seo agus don Aire Talmhaíochta maidir le haon rialacháin faoi alt 15 den Acht seo.
(2) Tabharfaidh an Chomhairle comhairle don Aire nó don Aire Talmhaíochta i dtaobh cibé nithe eile maidir le nimheanna, a monarú, a stóráil, a n-iompar, a ndáileadh, a ndíol nó a n-úsáid agus i dtaobh an monarú, an stóráil, an t-iompar, an dáileadh, an díol nó an úsáid sin a rialú, a theorainniú, a stiúradh agus a mhaoirseacht a chuirfidh an tAire nó an tAire Talmhaíochta, de réir mar a bheidh, faoina bráid.
(3) (a) Tabharfaidh an Chomhairle comhairle don Aire maidir le haon rialacháin a dhéanfar nó a bheartófar a dhéanamh tar éis tosach feidhme an ailt seo faoi alt 65 den Acht Sláinte, 1947, agus a chuirfidh sé faoina bráid.
(b) Ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (17) (a cuireadh isteach le halt 41 den Acht Sláinte, 1953) d'alt 98 den Acht Sláinte, 1947, maidir le rialacháin a dhéanfar nó a bheartófar a dhéanamh faoin alt réamhráite sin 65 agus a chuirfear faoi bhráid na Comhairle faoin bhfo-alt seo.
Comhdhéanamh na Comhairle.
4.—(1) Is iad a bheidh ar an gComhairle—
(a) triúr duine ar lia-chleachtóir cláraithe gach duine acu agus is duine a bheidh, ar feadh tréimhse deich mbliana ar a laghad roimh dháta a cheapacháin mar chomhalta den Chomhairle, cláraithe nó i dteideal a bheith cláraithe i gClár Lia-Chleachtóirí na hÉireann agus cáilíocht acadúil aige is airde ná an cháilíocht íosta is gá chun na cláraitheachta sin, agus arb é tuairim an Aire gur cáilíocht í is inmhianaithe maidir le comhaltas na Comhairle,
(b) cúigear duine ar cógaiseoir cláraithe gach duine acu agus is duine a bheidh, ar feadh tréimhse deich mbliana ar a laghad roimh dháta a cheapacháin mar chomhalta den Chomhairle, cláraithe nó i dteideal a bheith cláraithe i gClár Cógaiseoirí na hÉireann,
(c) duine amháin ar fiaclóir cláraithe é agus a bheidh, ar feadh tréimhse deich mbliana ar a laghad roimh dháta a cheapacháin mar chomhalta den Chomhairle. cláraithe nó i dteideal a bheith cláraithe i gClár Fiaclóirí na hÉireann,
(d) beirt duine a ainmneoidh an tAire Talmhaíochta agus ar tréidlia cláraithe gach duine acu,
(e) duine amháin ag a mbeidh eolas agus taithí speisialta ar ábhair nimhiúla a úsáid sa talmhaíocht agus a ainmneoidh an tAire Talmhaíochta,
(f) beirt duine a ainmneoidh an tAire Talmhaíochta agus arb í an fheirmeoireacht príomh-ghairm beatha gach duine acu, agus
(g) triúr duine eile (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon cháilíochtaí dá dtagraítear sna míreanna sin roimhe seo acu).
(2) Is Anraí de Choláiste Ríoga Leá na hÉireann a bheidh i mbeirt ar a laghad de na daoine dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo.
(3) (a) Gach duine de thriúr, ach ní níos mó ná triúr, de na daoine dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo is duine é arb é a phríomh-ghairm beatha gnó cógaiseora a bheith á sheoladh aige nó a bheith ar fostú mar chógaiseoir agus daoine a bheidh, an lá a cheapfar mar chomhaltaí den Chomhairle iad, ina gcomhaltaí de Chomhairle Chumann Cógaiseoirí na hÉireann a bheidh i mbeirt ar a laghad den triúr duine sin.
(b) Duine amháin ar a laghad de na daoine dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo is duine a bheidh ann arb í a phríomh-ghairm beatha a bheith ag múineadh na cógaisíochta nó ábhair dá samhail.
(4) Beidh comhalta amháin den Chomhairle ina chathaoirleach uirthi agus gnáthchomhaltaí a bheidh sna comhaltaí eile.
(5) Ceapfaidh an tAire duine chun gníomhú mar rúnaí don Chomhairle.
Comhaltaí na Comhairle a cheapadh.
5.—(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ceapfaidh an tAire comhaltaí na Comhairle ó am go ham de réir mar is gá.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh an tAire, sula mbunófar an Chomhairle, seacht nduine dhéag a cheapadh ina gcomhaltaí den Chomhairle.
(3) Más rud é, i rith tréimhse ar bith ar lú ná seacht nduine dhéag an líon daoine a bheidh ceaptha ina gcomhaltaí den Chomhairle, agus nach mbeadh sé praiticiúil, i dtuairim an Aire, aon duine eile a cheapadh chun bheith ina chomhalta den Chomhairle, is é a bheidh sa Chomhairle i rith na tréimhse sin na daoine a bheidh ceaptha mar a dúradh.
Cathaoirleach na Comhairle.
6.—(1) Déanfaidh an tAire cathaoirleach na Comhairle a cheapadh ó am go ham de réir mar is gá.
(2) Féadfaidh cathaoirleach na Comhairle éirí as a oifig tráth ar bith trí litir chun an Aire agus beidh éifeacht leis an éirí as amhail ar an agus ón dáta ar a bhfaighidh an tAire an litir.
An tAire do chinneadh, le hordú, nithe áirithe maidir leis an gComhairle.
7.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú téarma oifige (is téarma nach faide ná cúig bliana) chathaoirleach na Comhairle, téarma oifige (is téarma nach faide ná cúig bliana) ghnáthchomhaltaí na Comhairle, an nós imeachta chun cruinnithe den Chomhairle a ghlaoch agus an córam do chruinnithe den Chomhairle a chinneadh.
(2) Féadfaidh an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.
Cruinnithe agus nós imeachta na Comhairle.
8.—(1) Tionólfaidh an Chomhairle cibé uimhir cruinnithe is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.
(2) Féadfaidh an tAire an dáta, an tráth agus an t-ionad do chéad-chruinniú na Comhairle a shocrú.
(3) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle, le buan-orduithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó na Comhairle a rialú.
(4) Féadfar feidhmeanna na Comhairle a fheidhmiú d'ainneoin folúntas nó folúntais ina comhaltas.
Comhalta den Chomhairle a chur as oifig.
9.—Féadfaidh an tAire ó am go ham comhalta den Chomhairle a chur as oifig.
Comhaltaí den Chomhairle a athcheapadh.
10.—Beidh comhalta den Comhairle a scoirfidh ar chúis ar bith d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin inathcheaptha.
Comhaltaí den Chomhairle d'éirí as oifig.
11.—Féadfaidh comhalta den Chomhairle éirí as oifig trí litir a chuirfear chun na Comhairle leis an bpost cláraithe agus glacfaidh an éirí as éifeacht i dtosach an chéad chruinniú eile den Chomhairle a thionólfar tar éis an litir a fháil mura dtarraingeofar siar an éirí as i scríbhinn roimh an gcruinniú sin.
Corrfholúntais.
12.—(1) Líonfar corrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí na Comhairle trí cheapadh a dhéanfaidh an tAire, faoi réir na gcoinníollacha céanna (má b'ann) a bhain le ceapadh an chomhalta ba chúis leis an bhfolúntas.
(2) Aon duine a cheapfar faoin alt seo sealbhóidh sé oifig ar feadh na coda a bheidh gan chaitheamh de théarma a réamhtheachtaí.
Costais chomhaltaí na Comhairle.
13.—Féadfaidh an tAire, amach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, a chostais taistil agus cothabhála a íoc le comhalta den Chomhairle a fhreastalóidh cruinniú den Chomhairle nó a chomhlíonfaidh aon fheadhmeannas thar ceann na Comhairle, agus beidh na híocaíochtaí de réir scála a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
Rialacháin maidir le nimheanna i gcoitinne.
1875, c 57.
1890, c 48.
14.—(1) San alt seo—
tá le “údarás sláinte” an bhrí a thugtar dó de bhua an Acht Sláinte, 1947, agus Acht na nUdarás Sláinte, 1960;
folaíonn “díol” díol ar mór-reic agus díol ar mionreic, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
folaíonn “soláthar” tabhairt gan íocaíocht, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.
(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle nó ar mholadh ón gComhairle, rialacháin a dhéanamh—
(a) á dhearbhú gur nimheanna chun críocha na rialachán faoin alt seo nó aon fhorála de na rialacháin sin substaintí áirithe, agus is tagairtí do shubstaintí is ábhar do dhearbhuithe den sórt sin na tagairtí do nimheanna atá sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo,
(b) i dtaobh nimheanna a stóráil, a iompar, a dháileadh, a sholáthar, a dhíol agus a thairiscint agus a choimeád chun a ndíolta, agus
(c) i dtaobh ullmhóidí cógaisíochta ina mbeidh nimheanna a mhonarú.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—
(a) toirmeasc a chur le dáileadh, soláthar agus díol nimheanna nó nimheanna áirithe, nó cineálacha áirithe nimheanna, nó lena dtairiscint nó lena gcoimeád chun a ndíolta, ag daoine nó aicmí daoine seachas na daoine nó na haicmí daoine a shonrófar sna rialacháin nó ar shlí eile seachas faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha a shonrófar sna rialacháin,
(b) daoine nó aicmí daoine a shonrú a fhéadfaidh, agus na coinníollacha agus na sriantachtaí a shonrú faoi réir a bhféadfar, nimheanna nó nimheanna áirithe nó cineálacha áirithe nimheanna a dháileadh, a sholáthar, a dhíol nó a thairiscint nó a choimeád chun a ndíolta,
(c) foráil a bheith iontu nach mbeidh feidhm ag alt 30 den Pharmacy Act (Ireland), 1875, ná ag ailt 15 agus 17 den Pharmacy Act (Ireland), 1875 Amendment Act, 1890 maidir le haon duine nó aicme daoine a shonrófar sna rialacháin do dhíol nimheanna nó do choimeád siopa ar oscailt chun nimheanna a dhíol, a mhionreic, a urghnamh, a mheascadh nó a chumasc i gcás ina mbeidh an díol nó an siopa a choimeád ar oscailt de réir fhorálacha na rialachán,
(d) monarú ullmhóidí cogaisíochta sonraithe ina mbeidh nimheanna agus monarú ullmhóidí cógaisíochta ina mbeidh nimheanna áirithe a thoirmeasc, a shrianadh nó a rialú,
(e) foráil a bheith iontu le haghaidh údaráis sláinte do cheadúnú nó dó chlárú daoine (seachas lia-chleachtóirí cláraithe, cógaiseoirí, cógaiseoirí agus drugadóirí urghnaimh, nó drugadóirí cláraithe) a dhíolann nimheanna nó a thairgeann nó a choimeádann nimheanna chun a ndíolta agus do cheadúnú nó do chlárú áitribh ina ndíoltar nimheanna nó ina dtairgtear nó ina gcoimeádtar nimheanna chun a ndíolta (seachas ag lia-chleachtóirí cláraithe, cógaiseoirí agus drugadóirí urghnaimh nó drugadóirí cláraithe) agus chun áitribh a cheadúnófar nó a chlárófar amhlaidh a thuairisciú,
(f) foráil a bheith iontu le haghaidh údaráis sláinte do ghearradh táillí i leith an ceadúnú nó an clárú sin,
(g) foráil a bheith iontu le haghaidh údaráis sláinte do chealú, d'fhionraí nó d'aisiriú ceadúnais nó cláruithe a d'eisigh, nó a rinne siad faoi na rialacháin,
(h) foráil a bheith iontu le haghaidh achomharc chun an Aire ón duine lena mbainfidh i gcoinne cinneadh údaráis sláinte diúltú d'iarratas ar cheadúnas nó clárú nó ar cheadúnas nó clárú a chealú nó a fhionraí agus, i gcás ina n-éireoidh le hachomharc, go ngéillfidh an t-údarás sláinte don iarratas nó nach ndéanfaidh siad an ceadúnas nó an clárú a chealú nó a fhionraí de réir mar a bheidh,
(i) foráil a bheith iontu le haghaidh coimeádáin nimheanna a lipéadú i cibé slí agus le cibé sonraí a shonrófar,
(j) foráil a bheith iontu chun go gcuirfear i bhfeidhm agus go bhforghníomhófar forálacha na rialachán—
(i) ag oifigigh don Aire,
(ii) le toiliú an Aire Talmhaíochta, ag oifigigh don Aire sin,
(iii) ag Cumann Cógaiseoirí na hÉireann agus a oifigigh, agus
(iv) ag údaráis sláinte agus a n-oifigigh.
(k) foráil a bheith iontu le haghaidh daoine a ionchúiseamh i gcionta faoi alt 17 den Acht seo maidir leis na rialacháin a dhéanfaidh an tAire, Cumann Cógaiseoirí na hÉireann nó údaráis sláinte, agus
(l) foráil a bheith iontu i dtaobh nithe a ghabhann leis na nithe sin roimhe seo.
(4) I gcás ina mbeidh i rialacháin faoin alt seo foráil le haghaidh údaráis sláinte do choimeád clár—
(a) aon chlár a bheidh á choimeád ag údarás sláinte de bhun na rialachán measfar é a bheith i gcoimeád cuí má bhíonn sé i gcoimeád oifigigh don údarás sláinte a bheidh údaraithe chuige sin ag an údarás sláinte agus beidh sé inghlactha i bhfianaise gan a thuilleadh cruthúnais ar é a thabhairt ar aird ón gcoimeád cui,
(b) féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon taifead in aon chlár a bheidh á choimeád ag údarás sláinte de bhun na rialachán a thabhairt in aon chúirt nó in aon imeachtaí dlíthiúla trí chóip den taifead sin a airbheartóidh a bheith deimhnithe gur cóip dhílis í ag oifigeach don údarás sláinte a bheidh údaraithe chuige sin a thabhairt ar aird, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú, ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír nó go raibh sé údaraithe amhlaidh,
(c) aon deimhniú a airbheartóidh a bheith faoi láimh oifigigh d'údarás sláinte a bhí údaraithe chuige sin á dheimhniú nach raibh duine áirithe nó áitreabh áirithe, i gcaitheamh tréimhse sonraithe, cláraithe i gclár sonraithe a bhí á choimeád ag an údarás sláinte de bhun na rialachán glacfar leis in aon chúirt nó in aon imeachtaí dlíthiúla mar fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh deimhnithe amhlaidh, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú, ná a chruthú gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír nó go raibh sé údaraithe amhlaidh.
(5) Ní bheidh feidhm ag alt 13 den Acht um Bainistí Chontae, 1940, ná ag alt 17 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955, maidir le haon chumhacht, feidhm nó dualgas a bhaineann le daoine nó áitribh a cheadúnú nó a chlárú faoi rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo.
Rialacháin maidir le nimheanna a úsáid chun críocha talmhaíochta agus tréidliachta.
15.—(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle nó ar mholadh ón gComhairle, rialacháin a dhéanamh—
(a) á dhearbhú gur nimheanna chun críocha na rialachán faoin alt seo nó aon fhorála de na rialacháin sin substaintí áirithe, agus is tagairtí do shubstaintí is ábhar do dhearbhuithe den sórt sin na tagairtí do nimheanna atá sna forálacha ina dhiaidh seo den alt seo,
(b) i dtaobh nimheanna a úsáid chun críocha talmhaíochta agus tréidliachta, lena n-áirítear rialacháin ag toirmeasc, ag srianadh nó ag rialú úsáid nimheanna nó nimheanna áirithe chun críocha talmhaíochta nó tréidliachta nó chun críocha áirithe talmhaíochta nó tréidliachta.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—
(a) a thoirmeasc nimheanna nó nimheanna áirithe a úsáid nó a thabhairt chun críocha talmhaíochta nó tréidliachta nó chun críocha áirithe talmhaíochta nó tréidliachta ar shlí seachas trí mhodhanna nó próiseanna a shonrófar sna rialacháin agus faoi réir cosaint agus réamhchúram a shonrófar sna rialacháin agus féadfaidh siad toirmeasc a chur le modhanna nó próiseanna sonraithe chun nimheanna a úsáid nó a thabhairt,
(b) foráil a bheith iontu le haghaidh an tAire Talmhaíochta d'ionchúiseamh daoine i gcionta faoi alt 17 den Acht seo maidir leis na rialacháin faoin alt seo,
(c) foráil a bheith iontu le haghaidh na rialacháin a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú ag oifigigh don Aire Talmhaíochta, agus
(d) foráil a bheith iontu i dtaobh nithe a ghabhann leis na nithe sin roimhe seo seachas díol nimheanna nó nimheanna áirithe a thoirmeasc nó a rialú.
Rialacháin i gcásanna éigeandála.
16.—(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 14 nó in alt 15 den Acht seo, más deimhin leis an Aire iomchuí géarghá a bheith le haon rialacháin a dhéanamh faoin Acht seo—
(a) ní gá dó dul i gcomhairle leis an gComhairle sula ndéanfaidh sé na rialacháin sin,
(b) a luaithe is féidir tar éis na rialacháin sin a dhéanamh, rachaidh sé i gcomhairle leis an gComhairle ina dtaobh.
(2) San alt seo ciallaíonn “an tAire iomchuí”—
(a) maidir le rialacháin a dhéanamh faoi alt 14 den Acht seo, an tAire, agus
(b) maidir le rialacháin a dhéanamh faoi alt 15 den Acht seo, an tAire Talmhaíochta.
Cionta.
17.—Aon duine a sháróidh rialachán faoin Acht seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion, nó, más rogha leis an gCúirt, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil nó na fíneála sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
18.—(1) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoin bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(2) I gcás rialachán faoi alt 14 nó 15 den Acht seo a bheifear tar éis a dhéanamh gan dul i gcomhairle leis an gComhairle roimh ré beidh ag gabháil leis, nuair a leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é, ráiteas i scríbhinn á insint go ndearnadh an rialachán gan dul i gcomhairle leis an gComhairle roimh ré.
Caiteachas.
19.—A mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar an costas faoina rachaidh an tAire agus an tAire Talmhaíochta ag riaradh an Achta seo.
Leasú ar Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934.
1934. Uimh. 1.
20.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “an tAcht” Acht na nDruganna Dainséaracha, 1934;
ciallaíonn “an Prótocal” an Prótocal a rinneadh ag Lake Success, Nua-Eabhrac, an 11ú lá de Nollaig, 1946, ag leasú na gComhaontuithe, na gCoinbhinsiún agus na bPrótocal maidir le druganna támhshuanacha a críochnaíodh sa Hág an 23ú lá d'Eanáir, 1912, sa Ghinéiv an 11ú lá d'Fheabhra, 1925, an 19ú lá d'Fheabhra, 1925, agus an 13ú lá d'Iúil, 1931, i mBangkok an 27ú lá de Shamhain, 1931, agus sa Ghinéiv an 26ú lá de Mheitheamh, 1936.
(2) (a) Déanfar an tagairt in alt 2 den Acht don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta i dtaobh codlaitín agus druganna dainséaracha eile a síníodh sa Ghinéive an 19ú lá d'Fheabhra, 1925, a fhorléiriú mar thagairt don Choinbhinsiún sin arna leasú sa mhodh a shonraítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótocal.
(b) Déanfar an tagairt in alt 2 den Acht don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta i dtaobh druganna támhshuanacha a mhonarú agus a dháileadh a síníodh sa Ghinéive an 13ú lá d'Iúil, 1931, a fhorléiriú mar thagairt don Choinbhinsiún sin arna leasú sa mhodh a shonraítear in Airteagal 3 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an bPrótocal.
(c) Leasófar fo-alt (3) d'alt 17 den Acht trí “Comhairle Gheilleagrach agus Sóisialach na Náisiún Aontaithe” a chur in ionad “Comhairle Chumainn na Náisiún”.
(d) Leasófar fo-alt (1) d'alt 25 den Acht trí “Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe” a chur in ionad “Ard-Rúnaí Chumainn na Náisiún”.
Aisghairm.
21.—Déantar leis seo na hAchtanna a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
22.—(1) Féadfar an tAcht Nimheanna, 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo i gcoitinne nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain. | Gearrtheideal. | Méid na hAisghairme. |
(1) | (2) | (3) |
14 & 15 Vic., c. 13. | Arsenic Act, 1851. | An tAcht iomlán. |
33 & 34 Vic., c. 26. | Poisons (Ireland) Act, 1870. | An tAcht iomlán. |
8 Edw., 7, c. 55. | Poisons and Pharmacy Act, 1908. | Ailt 2 agus 5. |