Uimhir 1 de 1960.
AN tACHT AIRGEADAIS (DLEACHTANNA MÁIL) (FEITHICLÍ) (LEASÚ), 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1.—San Acht seo—
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, arna leasú le halt 9 den Acht Airgeadais, 1955, agus le halt 20 den Acht Airgeadais, 1958;
forléireofar aon tagairt d'fheithicil mar thagairt a fholaíonn tagairt d'fheithicil agus d'fheithicil eile nó ceanglas a mbeidh sé, de réir fho-mhír (3) de mhír 1 de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, le meas, chun críocha Coda I den Sceideal sin, gur aon fheithicil amháin iad.
Meáchan neamhualaithe chun críocha an Phríomh-Achta.
2.—(1) Chun críocha an Phríomh-Achta, measfar, d'ainneoin alt 18 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933, gurb é meáchan neamhualaithe feithicle meáchan na feithicle, agus na breiseanna uile, ach gan meáchan uisce, breosla ná cnuasairí (seachas coirí) a úsáidtear chun tiomána ná uirlisí scaoilte ná fearais scaoilte, a áireamh.
(2) Chun críocha fo-alt (1) den alt seo—
(a) is breis, maidir le feithicil, gach ní acu seo a leanas:
(i) cabhail,
(ii) páirt,
(iii) feisteas,
(iv) gabhadán,
(b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar mar thagairt don bhreis sin an tagairt do na breiseanna uile,
(c) i gcás ina mbeidh dhá bhreis (agus ní níos mó) ann, agus nach n-úsáidtear an dá cheann acu ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don cheann is troime de na breiseanna nó, más comhmheáchan iad, do cheann amháin acu,
(d) i gcás ina mbeidh trí bhreis nó níos mó ann agus nach n-úsáidtear iad go léir ar ócáid ar bith, déanfar an tagairt do na breiseanna uile a fhorléiriú mar thagairt don chónascadh is troime de na breiseanna a úsáidtear ar aon ócáid.
(3) I gcás a thagann faoi réim mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo agus nach n-úsáidtear ach ceann amháin de na breiseanna ar ócáid áirithe, measfar, maidir leis an ócáid sin, gur tagairt don bhreis sin an cónascadh a luaitear sa mhír sin.
(4) (a) Aon ní a bheidh leagtha ar fheithicil chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar, is éard é, faoi réir na chéad mhíre eile, gabhadán chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo.
(b) Aon ní a bheidh leagtha amhlaidh, beidh sé eiscthe ón mír roimhe seo, más rud é nach ndéanfar, maidir le haon turas, earraí nó ualach d'aon saghas eile a luchtú isteach ann nó amach as gan é a bhaint den fheithicil.
(5) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú faoi alt 2 den Phríomh-Acht, is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú go mbaineann an eisceacht a shonraítear i bhfo-alt (4) den alt seo le haon ní áirithe.
Cur i bhfeidhm.
I.R. Uimh. 13 de 1958.
3.—(1) I gcás—
(a) ina dtabharfaidh comhalta den Gharda Síochána feithicil faoi deara ar aon ócáid ar bhóthar poiblí,
(b) go mbeidh an comhalta in amhras go bhfuil meáchan neamhualaithe na feithicle chomh mór sin gur cion faoi alt 2 den Phríomh-Acht an fheithicil a úsáid, agus
(c) nach mbeidh aon ualach ar an bhfeithicil nó go mbeidh ualach uirthi is féidir a dhíluchtú agus a luchtú gan ró-cheataí,
féadfaidh an comhalta a ordú don duine a bheidh i bhfeighil na feithicle gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh:
(i) an fheithicil, maraon leis na breiseanna uile a bheidh léi ar an ócáid sin, a thabhairt go dtí aon droichead meáchain ceaptha a ainmneoidh an comhalta agus nach mbeidh níos mó ná cúig mhíle den bhealach is giorra ón áit ina dtabharfar an t-ordú;
(ii) an comhalta a iompar san fheithicil go dtí an droichead meáchain;
(iii) an fheithicil a dhíluchtú má bhíonn sí luchtaithe;
(iv) a chur faoi deara an fheithicil, maraon leis na breiseanna uile a bheidh léi ar an ócáid sin, a mheá ar an droichead meáchain i bhfianaise an chomhalta.
(2) (a) Féadfaidh údarás ceadúnúcháin a d'eisigh ceadúnas faoi alt 1 den Phríomh-Acht, trí fhógra arna sheirbheáil ar únéir cláraithe na feithicle—
(i) a ordú dó—
(I) an fheithicil a thabhairt i láthair tráth a shonrófar, lá a shonrófar, ag droichead meáchain ceaptha a shonrófar, agus
(II) a chur faoi deara an fheithicil a mheá an tráth sin, an lá sin, agus ar an droichead meáchain sin, i bhfianaise oifigigh don údarás ceadúnúcháin maraon le gach breis acu sin, agus i cibé riocht ba cheart a chur san áireamh nuair a bheadh meáchan neamhualaithe na feithicle á chinneadh chun críocha an Phríomh-Achta, nó
(ii) a ordú dó—
(I) an fheithicil a thabhairt i láthair tráth a shonrófar, lá a shonrófar ag droichead meáchain ceaptha a shonrófar maraon leis na breiseanna uile a tugadh faoi deara a bheith leis an bhfeithicil ar ócáid áirithe agus a shonrófar mar bhreiseanna a tugadh faoi deara a bheith léi ar an ócáid sin, agus
(II) a chur faoi deara an fheithicil a mheá, an tráth sin, an lá sin, agus ar an droichead meáchain sin i bhfianaise oifigigh don údarás ceadúnúcháin maraon leis na breiseanna a sonrófar mar adúradh gur tugadh faoi deara iad agus fairis sin i cibé riocht ba cheart a chur san áireamh nuair a bheadh meáchan neamhualaithe na feithicle á chinneadh chun críocha an Phríomh-Achta.
(b) I bhfo-mhír (ii) den mhír roimhe seo ciallaíonn “tugadh faoi deara” a tugadh faoi deara—
(i) ag comhalta den Gharda Síochána,
(ii) ag oifigeach don údarás ceadúnúcháin a d'eisigh an ceadúnas faoi alt 1 den Phríomh-Acht, nó
(iii) ag oifigeach d'aon údarás ceadúnúcháin eile a eisíonn ceadúnais faoi alt 1 den Phríomh-Acht.
(3) Chun críocha fo-ailt (1) agus (2) den alt seo—
(a) is breis maidir le feithicil gach ní acu seo a leanas:
(i) cabhail,
(ii) páirt,
(iii) feisteas,
(iv) gabhadán,
(b) i gcás nach mbeidh ach aon bhreis amháin ann, forléireofar aon tagairt do na breiseanna uile mar thagairt don bhreis sin.
(4) Is gabhadán chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo aon ní a bheidh leagtha ar fheithicil chun earraí nó ualach d'aon saghas eile a iompar.
(5) Ní dhéanfaidh údarás ceadúnúcháin fógra faoi fho-alt (2) den alt seo de dhroim gur tugadh faoi deara feithicil a bheith mar luaitear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt sin a sheirbheáil tar éis deireadh na tréimhse ceithre lá déag dar tosach an lá a tugadh faoi deara an fheithicil, mura rud é—
(a) go ndéanfaidh an t-údarás ceadúnúcháin i rith na tréimhse sin, trí fhógra a sheirbheálfar ar únéir cláraithe na feithicle, a chur in iúl dó sin go rabhthas ag breithniú a ndéanfaí fógra faoi fho-alt (2) den alt seo a sheirbheáil, nó
(b) an tráth a tugadh an fheithicil faoi deara gur chuir an duine a thug faoi deara í in iúl don duine i bhfeighil na feithicle go mb'fhéidir go ndéanfaí an breithniú sin.
(6) Is tríd an bpost a sheirbheálfar fógra faoin alt seo agus, má ordaíonn an fógra feithicil a thabhairt i láthair lá sonraithe, is lá é sin lá a bheidh i ndiaidh an lae a sheirbheálfar an fógra agus beidh tréimhse seacht lá ar a laghad idir an lá sin agus é.
(7) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh déanamh de réir ordaithe faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.
(8) Aon suimeanna a íocfar isteach sa Státchiste i leith fíneála faoin alt seo, measfar, chun críche alt 2 den Roads Act, 1920, gur íocadh isteach sa Státchiste faoin Acht sin iad.
(9) (a) Baineann an fo-alt seo le cúiseamh i gcion arb éard é diúltú nó mainniú déanamh de réir ordaithe faoi fho-alt (2) den alt seo i gcás inar tugadh an t-ordú de dhroim gur tugadh faoi deara feithicil mar luaitear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) den fho-alt sin agus nár seirbheáladh an fógra iomchuí faoin bhfo-alt sin i rith na tréimhse ceithre lá déag dar thosach an lá a tugadh faoi deara an fheithicil.
(b) I gcúiseamh lena mbaineann an fo-alt seo, is ar an gcosantóir a bheidh de dhualgas a chruthú nach ndearnadh de réir mhír (a) ná mír (b) d'fho-alt (5) den alt seo.
(10) San alt seo tá le “únéir cláraithe” an bhrí a thugtar dó leis na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú), 1958, ach, má chúlghairtear na rialacháin sin, beidh leis an bhrí a thabharfar dó le cibé rialacháin a fhreagróidh do na rialacháin sin agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.
Droichid mheáchain cheaptha.
4.—(1) (a) Féadfaidh údarás áitiúil a dhearbhú gur droichead ceaptha chun críocha alt 3 den Acht seo aon droichead meáchain (cibé acu is droichead é a chothabhálann siad féin nó nach ea agus cibé acu ina limistéar feidhmiúcháin nó lasmuigh de atá sé).
(b) Féadfar aon dearbhú den sórt sin a chúlghairm le dearbhú ina dhiaidh sin ón údarás áitiúil céanna.
(c) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil dearbhú faoin bhfo-alt seo, tabharfaidh siad cibé fógra poiblí i dtaobh déanamh an dearbhaithe a shonróidh an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin.
(2) I gcás ina ndéanfar meá, de dhroim ordú faoi alt 3 den Acht seo, ar dhroichead meáchain ceaptha a chothabhálann údarás áitiúil, ní bhainfear amach aon táille i leith an meá a dhéanamh.
(3) I gcás ina ndéanfar meá, de dhroim ordú faoi alt 3 den Acht seo, ar dhroichead meáchain ceaptha nach údarás áitiúil a chothabhálann é, déanfar an táille i leith an meá a dhéanamh a chúiteamh leis an duine d'íoc é—
(a) i gcás gur aon údarás áitiúil amháin a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain— ag an údarás sin, agus
(b) in aon chás eile—ag cibé ceann de na húdaráis áitiúla a dhearbhaigh gur droichead meáchain ceaptha an droichead meáchain agus ar a gcomhaontóidh na húdaráis sin eatarthu nó, cheal comhaontaithe, ag cibé ceann acu a chinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil.
(4) San alt seo, ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae nó bardas contae-bhuirge.
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
5.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí) (Leasú), 1960, a ghairm den Acht seo
(2) Féadfar na hAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.
(3) Tiocfaidh ailt 3 agus 4 den Acht seo i ngníomh ar an Acht seo a rith agus measfar go dtáinig an chuid eile den Acht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1960.