Uimhir 1 de 1986
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1986
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | |
2. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985 |
Uimhir 1 de 1986
ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1986
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936.
1.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936—
(a) trí
| “ | |||||
Gaillimh | ... | ... | ... | ... | Contaebhuirg na Gaillimhe | |
” |
a chur isteach sa Dara Sceideal i ndiaidh
| “ | |||||
Gaillimh | ... | ... | ... | ... | Contae na Gaillimhe | |
”, |
agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 33, le héifeacht amhail ar agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1986, i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (2):
“(aa) comhdhéanamh Cuarda Ard-Chúirte a athrú trí chontae nó contaetha, contaebhuirg nó contaebhuirgí nó contae nó contaetha agus contaebhuirg nó contaebhuirgí a chur leis an gCuaird nó a bhaint den Chuaird, nó”.
(2) (a) Meastar leis seo gurb é Gaillimh an baile achomhairc, de réir bhrí Chuid IV den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, chun críocha achomharc i gcoinne breithiúnas nó orduithe ón gCúirt Chuarda a tugadh nó a rinneadh i gcaingne nó in ábhair a éistíodh agus a cinneadh, roimh dháta rite an Achta seo, i gContaebhuirg na Gaillimhe nó roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1986, sa limistéar arbh í an Chontaebhuirg sin í ar an dáta sin.
(b) Fógra achomhairc a seirbheáladh roimh an dáta rite sin i leith breithiúnais nó ordú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, ní bheidh sé neamhbhailí toisc amháin nach raibh baile achomhairc, de réir na brí réamhráite, do Chontaebhuirg na Gaillimhe sonraithe, nó nach raibh mír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm, tráth na seirbheála sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1986, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985, agus den Acht seo le chéile.