[EN]

harp.jpg


Uimhir 1 de 1986


[EN]

ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936

1936, Uimh. 48

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985

harp.jpg


Uimhir 1 de 1986


ACHT NA gCÚIRTEANNA, 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA CÚIRTEANNA BREITHIÚNAIS, 1936. [27 Feabhra, 1986] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Leasú ar an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936.

1.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936

[EN]

(a) trí

 

Gaillimh

...

...

...

...

Contaebhuirg na Gaillimhe

[EN]

a chur isteach sa Dara Sceideal i ndiaidh

 

Gaillimh

...

...

...

...

Contae na Gaillimhe

”,

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach in alt 33, le héifeacht amhail ar agus ón 1ú lá d'Eanáir, 1986, i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (2):

[EN]

“(aa) comhdhéanamh Cuarda Ard-Chúirte a athrú trí chontae nó contaetha, contaebhuirg nó contaebhuirgí nó contae nó contaetha agus contaebhuirg nó contaebhuirgí a chur leis an gCuaird nó a bhaint den Chuaird, nó”.

[EN]

(2)  (a) Meastar leis seo gurb é Gaillimh an baile achomhairc, de réir bhrí Chuid IV den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936, chun críocha achomharc i gcoinne breithiúnas nó orduithe ón gCúirt Chuarda a tugadh nó a rinneadh i gcaingne nó in ábhair a éistíodh agus a cinneadh, roimh dháta rite an Achta seo, i gContaebhuirg na Gaillimhe nó roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1986, sa limistéar arbh í an Chontaebhuirg sin í ar an dáta sin.

[EN]

(b)  Fógra achomhairc a seirbheáladh roimh an dáta rite sin i leith breithiúnais nó ordú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, ní bheidh sé neamhbhailí toisc amháin nach raibh baile achomhairc, de réir na brí réamhráite, do Chontaebhuirg na Gaillimhe sonraithe, nó nach raibh mír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm, tráth na seirbheála sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar Acht na gCúirteanna, 1986, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986, a ghairm d'Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1985, agus den Acht seo le chéile.