[EN]

Uimhir 12 de 1947.


[EN]

ACHT NA BIOTÁILLE NEAMHAIBÍ (SRIANADH), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH ATHACHTUITHE, FARA MODHNÚ SEALADACH MAIDIR LE RUM, AR AN IMMATURE SPIRITS (RESTRICTION) ACT, 1915, AGUS AR ACHT NA BIOTÁILLE NEAMHAIBÍ (SRIANADH), 1926.

[22ú Aibreán, 1947.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]biotáille choigríche.

ciallaíonn an abairt “biotáille choigríche” an bhiotáille go léir is inchurtha faoi dhleacht chustam;

[EN]biotáille Éireannach.

ciallaíonn an abairt “biotáille Éireannach” biotáille is inchurtha faoi dhleacht mháil;

biotáille.

ciallaíonn an focal “biotáille” biotáille d'aon tsaghas, agus folaíonn sé gach saghas leachtair arna mheascadh le biotáille agus gach saghas meascáin, cumaisc nó ullmhóide arna dhéanamh le biotáille;

stórasú.

ciallaíonn an briathar “stórasú” stórasú i stóras arna cheadú nó arna sholáthar, faoi na hAchta a bhaineas le custaim agus mál, chun biotáille a thaisce.

[EN]

Srianta le biotáille neamhaibí a sheachadadh chun í a chaitheamh sa Stát.

2.—(1) (a) Faoi réir forál an ailt seo, ní déanfar aon bhiotáille Éireannach ná biotáille choigríche a sheachadadh chun í a chaitheamh sa Stát mura mbeidh sí ar stóras le cúig bliana ar a laghad.

[EN]

(b) Ar feadh na dtrí mblian dar tosach dáta an Achta seo a rith, beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo, a mhéid a bhaineas sí le rum, amhail is dá gcuirtí an focal “trí” in ionad an fhocail “cúig” sa mhír sin.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an tsrian a fhorchuireas fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) le biotáille a seachadfar chun críocha chun a bhféadfar í a sheachadadh saor ó dhleacht, ná

[EN]

(b) le meascáin, cumaisc ná ullmhóidí ar ar muirearaíodh dleacht i leith biotáille a bheas iontu nó a húsáideadh dá n-ullmhú nó dá monarú.

[EN]

(3) Faoi réir íoc pé dleacht (más ann) is inmhuirir uirthi agus faoi réir comhlíonadh pé coinníoll a fhorchuirfeas na Coimisinéirí Ioncaim, ní bhainfidh an tsrian a fhorchuireas fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) le biotáille a seachadfar do cheartaitheoir ceadúnaithe, do cheimiceoir monaraíochta nó do mhonarthóir cumhrachán, chun í a úsáid ina gcuid déantús nó do dhaoine eile a bheas údaraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, ná

[EN]

(b) le biotáille a seachadfar chun críocha eolaíochta, ná

[EN]

(c) le Genéibh allmhuirithe, ná

[EN]

(d) le biotáille chumhraithe allmhuirithe, ná

[EN]

(e) le licéirí coigríche.

[EN]

(4) Aon tréimhse a cruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim, i gcás biotáille allmhuirithe, a bheith caite ó dháta driogtha na biotáille sin go dtí dáta a hallmhuirithe, áireofar í, chun críocha an ailt seo, mar thréimhse a raibh an bhiotáille ar stóras ar a feadh.

[EN]

(5) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le fíon-bhiotáille cheartaithe, chun íceanna a dhéanamh, a sholáthar do dhochtúirí leighis cláraithe, d'ospidéil agus do dhaoine a bheas i dteideal gnó potaigéara agus drugadóra a sheoladh.

[EN]

(6) Duine ar bith—

[EN]

(a) a bhéarfas go seachadfar, nó a fhéachfas lena thabhairt go seachadfar, biotáille contrártha don alt seo, nó

[EN]

(b) a ghníomhós contrártha d'aon choinníollacha, nó a fhailleos déanamh do réir aon choinníollacha, a fhorchuirfeas na Coimisinéirí Ioncaim de bhun an ailt seo,

[EN]

dlífidh sé pionós custam nó máil, do réir mar bheas, de chéad punt a chur air agus forghéillfear aon bhiotáille ar ina leith a rinneadh an cion.

[EN]

Athghairm.

3.—Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa dara colún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid atá leagtha amach sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal.

4.—Féadfar Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

AN SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear.

Alt 3.

Siosón agus. Caibidil nó Bliain agus Uimhir

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

5 & 6 Geo. V, c. 46

An Immature Spirits (Restriction) Act, 1915.

An tAcht iomlán.

Uimh. 26 de 1926

Acht na Biotáille Neamhaibí (Srianadh), 1926.

An tAcht iomlán.