[EN]

Uimhir 12 de 1965.


[EN]

AN tACHT CAIRDE TALMHAÍOCHTA, 1965

[An tiontú ofigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE THALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1961. [6 Iúil, 1965.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Léiriú.

1947, Uimh. 14.

1961, Uimh. 13.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1947” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1961;

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1961;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

[EN]

Méadú ar chaipiteal na Corparáide.

2.—Féadfaidh an Chorparáid, faoi réim agus de réir alt 2 d'Acht 1961, a caipiteal a mhéadú go dtí iomlán nach mó ná sé mhilliún punt agus, dá réir sin, cuirfear tagairt do shé mhilliún punt san alt sin in ionad na tagartha do dhá mhilliún punt.

[EN]

Méadú ar an méid is féidir leis an gCorparáid a fháil ar iasacht.

3.—(1) Ní rachaidh an méid airgid a chruinneoidh an Chorparáid nó a thógfaidh sí ar iasacht faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo agus a bheidh gan aisíoc aon tráth áirithe thar fiche milliún punt.

[EN]

(2) Aisghairtear leis seo fo-alt (2) d'alt 3 d'Acht 1961.

[EN]

Méadú ar theorainn na ráthaíochtaí ón Aire i leith airgid a gheobhaidh an Chorparáid ar iasacht.

4.—Ní rachaidh méid, nó comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh an tAire aon tráth áirithe a íoc de bhun aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí, faoi fho-alt (1) d'alt 5 d'Acht 1961, a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid (más ann) na príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire de bhun aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCorparáid, thar fiche milliún punt agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (2) den alt sin ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

[EN]

Leasú ar alt 9 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1927.

1927, Uimh. 24.

5.—Déantar leis seo alt 9 den Acht Cairde Talmhaíochta, 1927, a leasú—

[EN]

(a) trí “ó bhunadh ar bith” a chur in ionad “ó chomharchumanna” i mír (b) d'fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1961), agus

[EN]

(b) trí “leis na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1965, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin” a chur in ionad “leis na hAchtanna Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1961” (a cuireadh isteach le hAcht 1961) i bhfo-alt (2).

[EN]

Leasú ar ailt 39 agus 42 d'Acht 1947.

6.—(1) Déantar leis seo ailt 39 agus 42 d'Acht 1947 a leasú trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “míle punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1961) gach áit a bhfuil sé sna hailt sin.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht ag na leasuithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo maidir le muirir ar thalamh a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith.

[EN]

Leasú ar alt 48 d'Acht 1947.

7.—(1) Déantar leis seo alt 48 d'Acht 1947 a leasú—

[EN]

(a) trí “dhá mhíle punt” a chur in ionad “míle punt” (a cuireadh isteach le hAcht 1961), agus

[EN]

(b) trí “nó dá urrú go n-íocfar leis an gCorparáid aon airgead a dhlífidh sí a íoc de bhun ráthaíochta faoi íoc suime airgid nach mó a méid ná dhá mhíle punt maraon le hús uirthi ag an ionadaí pearsanta a bheidh tugtha ag an gCorparáid i leith an ionadaí phearsanta mar ionadaí pearsanta den sórt sin chun aon chríche a mbeidh teideal ag an gCorparáid ráthaíocht ina leith a thabhairt i gcás duine ar bith,” a chur isteach i ndiaidh “do dhuine ar bith chuici,”.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht ag an leasú a dhéantar le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le muirir ar thalamh a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith.

[EN]

Leasú ar alt 53 d'Acht 1947.

8.—Déantar leis seo alt 53 d'Acht 1947 a leasú—

[EN]

(a) trí “sna hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961, nó sna hAchtanna um Fheidhmiú Orduithe Cúirte” a chur in ionad “nó sna hAchta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte”,

[EN]

(b) trí “pé acu in aghaidh bunairgid, úis nó eile é i leith aon iasachta nó airleacain arna thabhairt ag an gCorparáid (roimh an Acht seo a rith nó dá éis)” a scriosadh, agus

[EN]

(c) trí “i leith idirbhirt shonraithe,” a chur in ionad “ar scór iasachta nó airleacain sonraithe ón gCorparáid,”.

[EN]

Leasú ar alt 9 d'Acht 1961.

9.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1961 a leasú—

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

[EN]

“nó

[EN]

(c) ionadaí pearsanta aon úinéara den sórt sin agus é ag feidhmiú cumhachta a thugtar dó le halt 48 d'Acht 1947,”,

[EN]

(b) trí “nó ar aon talamh arb é duine a ráthaíonn aisíoc an airgid agus an úis a dúradh leis an gCorparáid a úinéir cláraithe” a chur isteach i ndiaidh “na ráthaíochta ar an talamh”, agus

[EN]

(c) trí “lena mbaineann an t-ordú” a chur isteach i ndiaidh “an t-ús ar an talamh”.

[EN]

(2) Déantar leis seo fo-alt (5) den alt sin 9 a leasú trí “nó dá ionadaí pearsanta” a chur isteach i ndiaidh “d'úinéir cláraithe talún” agus “go n-íocfadh úinéir cláraithe talún nó a ionadaí pearsanta” a chur in ionad “go n-íocfadh úinéir cláraithe na talún” i mír (a).

[EN]

(3) Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (10) den alt sin 9:

[EN]

“(10)  (a) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim trína mbunófar nó a scaoilfear muirear nó morgáiste i bhfabhar na Corparáide nó trín a ndéanfar ordú muirir nó coinníoll faoina dtabharfaidh an Chorparáid airgead ar iasacht nó ar airleacan, nó ráthaíocht, a athrú nó a leasú faoin alt seo, nó trína ndéanfar toiliú úinéara chláraithe nó an duine atá ag áitiú na talún lena mbaineann an muirear nó toiliú ionadaí phearsanta an úinéara nó an duine sin a thabhairt leis an mbunú, leis an athrú nó leis an leasú sin.

[EN]

(b) Ní mhuirearóidh ná ní fhorchuirfidh an t-údarás clárúcháin aon táille ná íocaíocht eile as muirear nó morgáiste a bunaíodh i bhfabhar na Corparáide a chlárú i gclár ruílseach nó i gClárlann na nGníomhas ná as taifeadadh muirir nó morgáiste i bhfabhar na Corparáide i gclár ruílseach nó i gClárlann na nGníomhas, cibé acu é, a chealú, ná as athrú nó leasú ar ordú muirir i bhfabhar na Corparáide a chlárú nó a nótáil ar dhóigh eile i gclár ruílseach”.

[EN]

Forálacha maidir le Tithe an Oireachtais.

10.—(1) Má dhéantar stiúrthóir ar an gCorparáid a ainmniú, lena thoiliú, mar iarrthóir lena thoghadh do cheachtar Teach den Oireachtas nó a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé sin air de bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid.

[EN]

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht na Corparáide a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

[EN]

(a) beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin, nó, má tharl aíonn sin roimhe sin, an dáta a éireoidh sé nó a scoirfidh sé as an bhfostaíocht sin leis an gCorparáid, ar iasacht ón bhfostaíocht sin,

[EN]

(b) ní íocfaidh an Chorparáid leis, ná ní bheidh teideal aige chun go bhfaighidh sé ón gCorparáid, aon tuarastal nó pá, cibé acu é, in aghaidh na tréimhse sin.

[EN]

(3) Má thagann duine atá, nó a bhí, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chorparáid chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin, de réir bhrí na nAchtanna sin, a áireamh le haghaidh aon sochar aoisliúntais is iníoctha faoi scéim arna déanamh ag an gCorparáid chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na Corparáide.

[EN]

(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas, suí sa Teach sin, beidh sé dícháilithe, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, chun bheith ina stiúrthóir ar an gCorparáid nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chorparáid.

[EN]

Athrú ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais na Corparáide.

11.—(1) Is dleathach don Chorparáid na hathruithe uile is gá nó is cuí, chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo agus na nAchtanna, arna leasú leis an Acht seo, agus is gá nó is cuí mar fhorlíonadh ar aon athrú, nó de dhroim aon athruithe, den sórt sin, a dhéanamh ar a meabhrán agus a hairteagail chomhlachais.

[EN]

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 14 d'Acht 1961 maidir le hathruithe ar mheabhrán agus airteagail chomhlachais na Corparáide a údaraítear leis an alt seo amhail mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir le hathruithe ar an meabhrán agus ar na hairteagail sin a údaraítear leis an alt sin 14.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

12.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1965, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1965, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.