[EN]

Uimhir 14 de 1947.


[EN]

AN tACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN SCAIRCHAIPITEAL CHORPARÁID AN CHÁIRDE THALMHAÍOCHTA, TEORANTA, A ATHEAGRÚ, DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS AN gCORPARÁID SIN, DO DHÉANAMH COMHDHLÚITE MAILLE LE LEASUITHE AR FHORÁLA NA nACHT CÁIRDE THALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1929, MAIDIR LE AIRNÉIS-MHORGÁISTÍ AGUS LE MUIRIR AR THALAMH I bhFABHAR NA CORPARÁIDE SIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27ú Bealtaine, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1947, a ghairm de na hAchta Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1929, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Mínithe agus léiriú go ginearálta.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1929;

[EN]Acht Leasaitheach 1928.

ciallaíonn an abairt “Acht Leasaitheach 1928” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1928 (Uimh. 22 de 1928);

[EN]Acht Leasaitheach 1929.

ciallaíonn an abairt “Acht Leasaitheach 1929” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1929 (Uimh. 30 de 1929);

[EN]an lá ceaptha.

ciallaíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá a ceapfar le hordú ón Aire faoi alt 6 den Acht seo;

[EN]comharchumann.

ciallaíonn an focal “comharchumann” cumann arna chlárú faoin Industrial and Provident Societies Act, 1893;

an Chorparáid.

ciallaíonn an abairt “an Chorparáid” Corparáid an Chairde Thalmhaíochta, Teoranta;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927).

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta.

[EN]

Mínithe ar na focail “talmhaíocht,” “feirmeoir” agus “feirm.”

3.—(1) San Acht seo—

[EN]

folaíonn an focal “talmhaíocht”—

[EN]

(a) síolrú, tógáil nó coimeád ainmhithe d'aon tsórt (lena n-áirítear éanacha agus míngeacha),

[EN]

(b) déiríocht,

[EN]

(c) féaraíocht ainmhithe, agus

[EN]

(d) próiseasú, monarú, ullmhú nó críochnú aon toradh feirme chun a dhíolta;

[EN]

ciallaíonn an focal “feirmeoir” pearsa atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht agus folaíonn sé—

[EN]

(a) dhá phearsa nó níos mó atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, i gcomhpháirt nó i gcoiteannas, do ghné éigin den talmhaíocht,

[EN]

(b) ionadaí pearsanta duine mhairbh atá, chun leasa eastáit an duine mhairbh sin, ag gabháil, nó ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht,

[EN]

(c) iontaobhaí socraíochta atá, chun leasa na ndaoine ag á bhfuil teideal tairbhiúil faoin socraíocht sin, ag gabháil, nó ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht,

[EN]

(d) aon chomhlucht corpraithe atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, do ghné éigin den talmhaíocht mar phríomhghnó acu, agus

[EN]

(e) dhá chomhlucht nó níos mó atá ag gabháil, nó atá ar intinn bheith ag gabháil, i gcomhpháirt nó i gcoiteannas, do ghné éigin den talmhaíocht mar phríomhghnó acu;

[EN]

ciallaíonn an focal “feirm” an talamh nó na foirgintí nó an talamh agus na foirgintí a bhfuil an feirmeoir, a n-úsáidtear an focal maidir leis, ag gabháil do ghné éigin den talmhaíocht air nó iontu.

[EN]

(2) San alt seo—

[EN]

folaíonn an focal “iontaobhaí” iontaobhaí faoi iontaobhas béil agus fós iontaobhaí ó inchiallú dlí;

[EN]

ciallaíonn an focal “socraíocht” an gníomhas, an uacht nó an ionstraim eile, an dearbhú béil nó an t-inchiallú dlí ar dá bhuaidh atá an t-iontaobhaí, a n-úsáidtear an focal maidir leis, ina iontaobhaí amhlaidh.

[EN]

Athghairm.

4.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, a mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin I, amhail ar dháta agus ó dháta an Achta seo a rith.

[EN]

(2) Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm, a mhéid atá leagtha amach i gcolún (3) den chuid sin I, amhail ar an lá ceaptha agus uaidh sin amach.

CUID II.

An Chorparaid.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda II.

5.—Sa Chuid seo—

[EN]na hAchta Cuideachtan.

ciallaíonn an abairt “na hAchta Cuideachtan” na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924;

[EN]stiúrthóir.

ciallaíonn an focal “stiúrthóir” stiúrthóir ar an gCorparáid;

scaireanna láithreacha.

ciallaíonn an abairt “scaireanna láithreacha” na scaireanna “A” agus “B” sa Chorparáid a heisíodh faoin bPríomh-Acht, arna leasú le hAcht Leasaitheach 1929;

scaireanna nua.

ciallaíonn an abairt “scaireanna nua” scaireanna sa Chorparáid a heiseofar agus a dáileofar chun an Aire de bhun ailt 9 den Acht seo.

[EN]

An lá ceaptha.

6.—Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an gCorparáid, lá a cheapadh, le hordú, chun bheith ina lá ceaptha chun críocha na Coda seo.

[EN]

Caipiteal na Corparáide a laghdú agus scaireanna láithreacha a chealú.

7.—(1) Amhail ar an lá ceaptha agus dá éis, is £300,000 (trí chéad míle punt) caipiteal na Corparáide, agus é roinnte ina shé chéad míle scaireanna de dheich scillinge an ceann.

[EN]

(2) Ar an lá ceaptha déanfar gach scair láithreach sa Chorparáid a chealú de bhuaidh an ailt seo.

[EN]

Sealbhóirí (seachas an tAire) ar scaireanna láithreacha d'fháil íocaíochta ina n-ionad sin.

8.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “sealbhóir cláraithe” duine, nó, i gcás nasc-shealbháin scaireanna láithreacha, beirt nó níos mó, is sealbhóir cláraithe, an lá díreach roimh an lá ceaptha, ar scair láithreach amháin nó níos mó, ach ní fholaíonn sí an tAire;

[EN]

ciallaíonn an abairt “suim iomchuí,” maidir le sealbhóir cláraithe, suim airgid arna háireamh do réir deich scillinge in aghaidh gach scaire láithrí i seilbh an tsealbhóra chláraithe sin.

[EN]

(2) (a) Tríocha lá ar a laghad roimh an lá ceaptha, seirbheálfaidh an Chorparáid ar gach sealbhóir cláraithe fógra—

[EN]

(i) go gcealófar a scaireanna láithreacha an lá ceaptha, agus

[EN]

(ii) go n-íocfaidh an Chorparáid suim iomchuí leis an lá ceaptha.

[EN]

(b) Féadfar fógraí faoi mhír (a) den fho-alt seo a sheirbheáil mar foráltar le hairteagail chomhlachais láithreacha na Corparáide fógraí a sheirbheáil.

[EN]

(3) Ar an lá ceaptha, íocfaidh an Chorparáid suim iomchuí le gach sealbhóir cláraithe.

[EN]

(4) Gach sealbhóir cláraithe ar aon scaireanna láithreacha glacfaidh sé, in ionad agus do shásamh gach cirt agus éilimh maidir lena scaireanna láithreacha, an íocaíocht a déanfar leis de bhun fo-ailt (3) den alt seo.

[EN]

(5) (a) Íocfaidh an Chorparáid le gach sealbhóir cláraithe, ar pé dáta (nach déanaí ná seasca lá tar éis an lae cheaptha) a shocrós an Chorparáid le toiliú an Aire, díbhinn, arna háireamh do réir cúig faoin gcéad sa bhliain ar an méid a bheas íoctha i leith scaireanna láithreacha a bhí i seilbh an tsealbhóra chláraithe sin an lá díreach roimh an lá ceaptha, in aghaidh na tréimhse dar tosach an lá díreach i ndiaidh an dáta dheiridh roimh an lá ceaptha ar ar íoc an Chorparáid díbhinn agus dar críoch an lá díreach roimh an lá ceaptha, agus ní bheidh an sealbhóir cláraithe sin i dteideal aon díbhinne eile i leith na scaireanna sin in aghaidh na tréimhse sin.

[EN]

(b) Más rud é, ar an dáta a socrófar faoi mhír (a) den fho-alt seo, ná beidh aon airgead nó ná beidh dóthain airgid ar fáil agus inúsáidte ag an gCorparáid le haghaidh na n-íocaíocht is gá a dhéanamh faoin mír sin (a), deimhneoidh an Chorparáid don Aire, láithreach, an tsuim is gá, i dteannta an airgid (más ann) atá ar fáil agus inúsáidte amhlaidh, chun na híocaíochta sin a dhéanamh agus, ar an Aire d'fháil an deimhnithe sin, íocfaidh sé leis an gCorparáid an méid a bheas deimhnithe amhlaidh agus déanfaidh an Chorparáid an t-airgead a gheofar amhlaidh a úsáid láithreach chun nó mar chabhair chun na híocaíochta sin a íoc.

[EN]

(c) An t-airgead go léir is iníoctha ag an Aire leis an gCorparáid faoi mhír (b) den fho-alt seo, beidh a íoc agus a mhuirear ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis.

[EN]

(6) Féadfaidh an Chorparáid chun críocha an ailt seo, a scair-chlár a dhúnadh go ceann tréimhse ceathracha lá a chríochnós an lá ceaptha agus diúltú d'aon aistriú scaireanna láithreacha a chlárú i rith na tréimhse sin.

[EN]

Scaireanna nua a eisiúint chun an Aire.

9.—(1) Ar an lá ceaptha, déanfaidh an Chorparáid, in ionad agus do lán-tsásamh gach éilimh agus cirt maidir le scaireanna láithreacha a bheas cláraithe in ainm an Aire, cúig céad agus ceithre mhíle ochtód dhá chéad agus seacht gcinn tríochad de scaireanna láníoctha deich scillinge sa Chorparáid a eisiúint agus a dháiliú chun an Aire.

[EN]

(2) (a) Ar an lá ceaptha, déanfaidh an Chorparáid freisin cúig mhíle dhéag seacht gcéad agus trí cinn seascad de scaireanna láníoctha deich scillinge sa Chorparáid a eisiúint agus a dháiliú chun an Aire.

[EN]

(b) Ar an lá ceaptha, íocfaidh an tAire leis an gCorparáid, i gcomaoin scaireanna sa Chorparáid a eisiúint chuige de bhun an fho-ailt seo, suim £7,881 10s. 0d. (seacht míle, ocht gcéad agus aon phunt ochtód agus deich scillinge).

[EN]

(c) An t-airgead go léir is iníoctha ag an Aire leis an gCorparáid de bhun an fho-ailt seo, beidh a íoc agus a mhuirear ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis, agus, chun an t-airgead sin a sholáthar, féadfaidh an tAire airgead a fháil ar iasacht trí pé urrúis is cuí leis a eisiúint agus íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

[EN]

Forála maidir le scaireanna nua a bheas ar seilbh ag an Aire.

10.—(1) Faoi réir an ailt seo, féadfaidh an tAire, maidir le scaireanna nua a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire, gach ceann nó aon cheann de na cearta agus na cumhachta a fheidhmiú is infheidhmithe de thuras na huaire ag sealbhóir na scaireanna nua sin, agus, i gcás na cearta nó na cumhachta sin a bheith infheidhmithe trí aturnae, féadfaidh an tAire, más cuí leis, na cearta agus na cumhachta sin a fheidhmiú trína aturnae, agus chuige sin féadfaidh duine amháin a cheapadh mar aturnae dhó maidir le scaireanna nua áirithe a bheas ar seilbh aige agus duine eile a cheapadh mar aturnae dhó maidir le scaireanna nua eile a bheas ar seilbh aige.

[EN]

(2) Chun an méid sin de na hAchta Cuideachtan a chomhlíonadh a dhlíos seachtar comhaltaí ar a laghad a bheith i gcónaí ar an gCorparáid nó chun an cháilíocht riachtanach a thabhairt do dhuine a bheas ceaptha nó le ceapadh ina stiúrthóir, féadfaidh an tAire, ó am go ham do réir mar is gá, ceachtar ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin le rá—

[EN]

(a) scair nua amháin a bheas ar seilbh de thuras na huaire ag an Aire a aistriú chun duine ar bith,

[EN]

(b) a cheangal ar chomhalta ar bith den Chorparáid aon scair nua a bheas ar seilbh aige a aistriú chun an Aire nó chun duine ar bith eile a cheapfas an tAire chuige sin.

[EN]

(3) Is ar iontaobhas don Aire a shealbhós gach comhalta (seachas an tAire) den Chorparáid, nó ionadaí pearsanta an chomhalta sin, a scaireanna nua agus beidh de cheangal air dá réir sin na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an comhalta sin ar na scaireanna nua sin nó ina leith a íoc leis an Aire chun tairbhe don Stát-Chiste agus na scaireanna nua sin a aistriú, mar iarrfas agus nuair a iarrfas an tAire é, chun an Aire nó chun duine a ainmneos an tAire chuige sin.

[EN]

(4) Má éagann comhalta ar bith den Chorparáid nó má dearbhaítear é a bheith ina fhéimhí nó má dhéanann sé comhshocraíocht lena chreidiúnóirí nó má dearbhaítear é a bheith mímheabhrach, féadfaidh an tAire na scaireanna nua a bheas ar seilbh ag an gcomhalta sin a aistriú chun an Aire nó chun duine eile agus air sin dílseoidh na scaireanna nua sin sa duine a sonrófar san aistriú sin.

[EN]

(5) Ach amháin mar a húdaraítear nó a ceangaltar leis an alt seo, ní dhéanfaidh aon chomhalta den Chorparáid (lena n-áirítear an tAire) aon scaireanna nua a bheas ar seilbh aige de thuras na huaire a aistriú.

[EN]

Díbhinní, etc., ar scaireanna nua a íoc isteach sa Stát-Chiste.

11.—Déanfar na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire i leith scaireanna nua a bheas ar seilbh aige, nó ar iontaobhas dó, a íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire

[EN]

Stiúrthóirí na Corparáide.

12.—(1) Na daoine a bheas, díreach roimh an lá ceaptha, ina stiúrthóirí, scoirfid, an lá ceaptha, de bheith i seilbh oifige.

[EN]

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis—

[EN]

(a) ní lú ná triúr ná ní mó ná cúigear líon na stiúrthóir í (agus an cathaoirleach a áireamh),

[EN]

(b) ainmneoidh an tAire na stiúrthóirí,

[EN]

(c) is í cáilíocht is gá chun duine a bheith ina stiúrthóir scair amháin ar a laghad a bheith aige sa Chorparáid.

[EN]

Cumhachta chun airgead a fháil ar iasacht.

13.—(1) (a) Ar an lá ceaptha agus dá éis, is dleathach don Aire airleacain a thabhairt ó am go ham don Chorparáid agus is dleathach don Chorparáid pé suimeanna a theastós ón gCorparáid chun críocha a gnótha a fháil ar iasacht ón Aire, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, ar pé téarmaí maidir le haisíoc a chinnfeas an tAire as a chomhairle féin, ach sin i slí nach mó ná dhá chéad agus caoga míle punt ar fad an méid iomlán a bheas dlite aon tráth áirithe ar scór na n-airleacan sin.

[EN]

(b) Íocfaidh an Chorparáid leis an Aire, ar gach suim a hairleacfar don Chorparáid faoin bhfo-alt seo, ús, ó dháta na suime sin a airleacan go dtí dáta na suime sin a aisíoc, do réir pé ráta (nach lú ná an ráta is iníoctha, ar dháta an airleacain, ar airleacain as an bPríomh-Chiste chun Ciste na nIasacht Áitiúla) agus ar pé dáta nó dátaí a cheapfas an tAire ó am go ham chuige sin.

[EN]

(c) An t-airgead go léir a íocfas an Chorparáid leis an Aire i leith aisíoctha airleacan a tugadh faoi fhorála an fho-ailt seo nó i leith úis ar airleacain den tsórt sin, íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste é i pé slí a ordós an tAire.

[EN]

(2) Is dleathach don Chorparáid, le haontú an Aire, pé suimeanna a theastós ón gCorparáid chun críocha a gnótha go ginearálta nó chun críche áirithe (do réir mar sonrófar san aontú) a fháil ar iasacht, aon tráth nó trátha, trí rótharraing nó airleacan sealadach eile ó aon Bhanc nó foras creidiúnais eile, ach sin i slí nach mó ná dhá chéad agus caoga míle punt ar fad an méid iomlán a bheas dlite aon tráth áirithe ar scór na rótharraing nó na n-airleacan sealadach eile sin.

[EN]

Cumhachta na Corparáide chun airgead a thabhairt ar iasacht.

14.—(1) Is dleathach don Chorparáid a meabhrán comhlachais agus a hairteagail chomhlachais a athrú i slí go mbeid i bhfoirm agus i bhfriotal a bhéarfas teideal agus údarás don Chorparáid chun airgead a thabhairt ar iasacht nó a airleacan ar pé urrús is cuí leis na stiúrthóirí do na daoine sin amháin agus chun na gcríocha sin amháin a luaitear anseo ina dhiaidh seo, is é sin le rá:—

[EN]

(a) do dhuine ar bith (is feirmeoir)—

[EN]

(i) chun foirgintí a thógáil ar fheirm an duine sin, nó

[EN]

(ii) chun buan-fheabhsuithe a dhéanamh ar fheirm an duine sin a raghadh chun táirgiúlacht na feirme sin a mhéadú nó chun an méadú sin a urasú nó chun cabhruithe leis, nó

[EN]

(iii) chun beodhíle a cheannach, nó

[EN]

(iv) chun sásra nó uirlisí talmhaíochta a cheannach, nó

[EN]

(v) chun abhair, leasacháin, abhair bheatha, síolta, nó riachtanais eile i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta, a cheannach, nó

[EN]

(vi) chun talamh a cheannach a bhí, díreach roimh í a cheannach, ar únaeracht ag an gCorparáid nó ina urrús ag an gCorparáid in aghaidh iasachta nó airleacain, nó

[EN]

(vii) chun gnó an duine sin a bhunú, a sheoladh nó a leathnú, nó

[EN]

(viii) chun fiach nó dliteanas eile a íoc agus a urscaoileadh a bheas ar an duine sin agus faoina ndeachaigh an duine sin nó duine ar bith eile (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) ar fad nó go formhór chun críche ar dleathach don Chorparáid iasacht a thabhairt chuici, nó

[EN]

(ix) chun fiach a íoc nó a urscaoileadh faoina ndeachthas tráth ar bith chun talamh a cheannach chun críocha talmhaíochta, nó

[EN]

(x) chun aon mhorgáiste, muirear, ualach, blianacht nó eire ar thalamh nó aon fhiach a íoc i gcás inar dóigh leis na stiúrthóirí dá n-íoctaí an morgáiste, an muirear, an t-ualach, an bhlianacht nó an eire sin ar thalamh nó an fiach sin go n-urasódh sin don duine a mbeadh a thailte faoin gcéanna nó ar a mbeadh an céanna de dhliteanas a ghnó a sheoladh mar fheirmeoir nó fearachas a dhéanamh nó caillteanais a sheachaint, nó

[EN]

(xi) chun morgáiste, muirear, ualach, blianacht nó eire ar thalamh a íoc nó iasacht a íoc a fuarthas chun morgáiste, muirear, ualach, blianacht nó eire ar thalamh a íoc i gcás inar dóigh leis na stiúrthóirí dá dtugtaí airleacan don duine sin chun an morgáiste, an muirear, an t-ualach, an bhlianacht, an eire ar thalamh nó an iasacht sin a íoc go n-urasódh sin airleacan a thabhairt nó a aisíoc i gcás an Chorparáid a bheith tar éis nó ar intinn sin a thabhairt don duine sin chun aon chríche a mbeidh údaraithe don Chorparáid airleacan a thabhairt chuici, nó

[EN]

(xii) chun caipiteal oibre a sholáthar don duine sin.

[EN]

(b) do phearsain ar bith (is feirmeoir) chun socraíocht nó comhshocraíocht ar chúrsaí a theaghlaigh nó ar a mhaoin a airgeadasú, a dhéanamh nó a chríochnú;

[EN]

(c) do dhuine ar bith (is feirmeoir) chun aon chríche is dóigh leis na stiúrthóirí a bhaineas le talmhaíocht;

[EN]

(d) do dhuine ar bith a bheas ag gabháil nó a bheartós bheith ag gabháil do ghnóthas, a bheas ceaptha go príomha chun fónamh d'fheirmeoirí, chun an gnóthas sin a bhunú, a sheoladh nó a leathnú;

[EN]

(e) do dhuine ar bith chun íoctha na gcostas agus an chaiteachais a bhainfeas le hairgead a fháil ar iasacht ón gCorparáid, chun urrús a thabhairt don Chorparáid ar an iasacht sin, nó chun teideal an duine sin chun tailimh ar bith a chomhlánú.

[EN]

(2) (a) Beidh meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide i bhfoirm agus i bhfriotal n bhéarfas freisin go bhféadfaidh an tAire agus a í tAire Talmhaíochta, as a gcomhchomhairle, tr orduithe arna ndéanamh acu i gcomhar, na daoine agus na críocha a mbeidh teideal agus údarás ag an gCorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dóibh, mar bheas luaite sa mheabhrán agus sna hairteagail sin de bhun an ailt seo, a athrú (trí leathnú, srianadh nó eile) ó am go ham, ach sin i slí ná déanfar le haon hordú den tsórt sin leathnú ar líon na ndaoine agus na gcríoch sin chun go bhfolóid—

[EN]

(i) duine ar bith ná beidh ag gabháil, nó ar tí bheith ag gabháil, do thalmhaíocht nó do ghnó nó gnóthas a bhaineas le talmhaíocht nó a raghadh, go díreach nó go neamhdhíreach, chun tairbhe go príomha do dhaoine a bhíos ag gabháil do thalmhaíocht, ná

[EN]

(ii) duine ar bith a dtoirmeasctear go sainráiteach ar an gCorparáid leis an alt seo iasacht nó airleacan a thabhairt dó, ná

[EN]

(iii) aon chríoch ná baineann go díreach nó go neamhdhíreach le talmhaíocht.

[EN]

(b) Gach ordú a dhéanfas an tAire agus an tAire Talmhaíochta faoi mhír (a) den fho-alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus mura ndéana ceachtar Teach acu sin, laistigh de lá agus fiche i ndiaidh an chéad lae a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, tiocfaidh an t-ordú sin i ngníomh ar lá agus fiche a bheith caite ó pé lá acu seo a leanas is déanaí, is é sin le rá, an chéad lá a shuífeas Dáil Éireann tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bráid nó an chéad lá a shuífeas Seanad Éireann tar éis an t-ordú sin a leagadh faoina bhráid.

[EN]

(3) (a) Ní dhéanfaidh an Chorparáid, chun na gcríocha a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, aon iasacht ná airleacan a thabhairt—

[EN]

(i) d'aon chomhlucht corpraithe ar dóigh leis na stiúrthóirí nach gníomhacht nó gníomhachta acu seo a leanas an príomhghnó aige—

[EN]

(I) creidiúnas talmhaíochta a thabhairt,

[EN]

(II) toradh talmhaíochta a tháirgeadh, a phróiseasú, nó a mhargú,

[EN]

(III) sásra nó fearais talmhaíochta a dhíol nó a ligean ar cíos,

[EN]

(IV) leasacháin, abhair bheatha, síolta, nó riachtanais eile i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta, a tháirgeadh nó a sholáthar,

[EN]

(V) aon cheann nó cinn acu seo a leanas a tháirgeadh, eadhon, uisce, cumhacht agus solas, lena n-imdháil ar fheirmeoirí go príomha,

[EN]

(VI) oibreacha nó seirbhísí a sholáthar a raghadh, go díreach nó go neamhdhíreach, chun tairbhe go príomha do dhaoine a bhíos ag gabháil do thalmhaíocht, ná

[EN]

(ii) d'aon chomhlucht corpraithe ar dóigh leis na stiúrthóirí gur cuid shubstainteach den ghnó a bhíos ar siúl aige aon earraí a dhíol ar mionreic nach de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta;

[EN]

(b) más rud é, i gcás earraí a bheas á ndíol ag comhlucht corpraithe, gur de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí formhór na n-earraí sin, féadfar, chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, aon earraí dá samhail sin a dhíolfas an comhlucht corpraithe sin ó am go ham a áireamh mar earraí de tháirgeadh den tsórt sin d'ainneoin gur daoine eile a tháirg iad agus gurb amhlaidh a cheannaigh an comhlucht corpraithe sin uathu iad.

[EN]

(4) Ní thabharfaidh an Chorparáid aon airgead ar iasacht ná ar airleacan do stiúrthóir.

[EN]

(5) (a) Ní thabharfaidh an Chorparáid aon tsuim airgid ar iasacht ná ar airleacan do dhuine ar bith (seachas comharchumann) a bhéarfas gur mó ná deich míle punt aon tráth áirithe an méid iomlán bunairgid a bheas dlite den duine sin ag an gCorparáid.

[EN]

(b) Nuair a beifear ag ríomh, chun críocha an fho-ailt seo, an méid iomlán bunairgid a bheas dlite de dhuine aon tráth áirithe ag an gCorparáid, ní gá áireamh a dhéanamh—

[EN]

(i) ar aon dliteanas teagmhais faoina raghaidh nó faoina ndeachaigh an duine sin i leith na Corparáide mar ráthaitheoir nó mar urra, ná

[EN]

(ii) ar aon ús a fhaibhreos chun bheith dlite nó a bheas gan íoc ar aon iasachta nó airleacain a bheas tugtha ag an gCorparáid aon duine sin, ná

[EN]

(iii) ar aon airgead a mbeidh a aisíoc urraithe le morgáiste nó muirear i bhfábhar na Corparáide ar aon mhaoin, réadach nó pearsanta, a dílsíodh nó a dílseofar, agus í faoin morgáiste nó faoin muirear sin, sa duine sin mar thairbhí faoi shocraíocht nó iontaobhas nó faoi uacht nó neamhuachtas aon duine eile nó mar iontaobhaí uachta nó socraíochta nó mar chomharba-i-dteideal nó mar shannaí nó aistrí aon duine eile, ná

[EN]

(iv) ar aon íocaíochta a bheas déanta ag an gCorparáid chun aon urrús a thug an duine sin don Chorparáid a chosaint nó a chaomhaint.

[EN]

(6) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh an Chorparáid airgead a bheas ar láimh aici a shuncáil in aon chuid de na stoic, na cistí agus na hurrúis a bheas údaraithe le dlí de thuras na huaire mar shuncála i gcóir cistí Bhanc Taisce an Phoist nó pé urrúis a bheas ceadaithe de thuras na huaire (go ginearálta nó go sonrach) ag an Aire chun críocha an fho-ailt seo a cheannach nó a shuibscríobhadh leis an airgead sin.

[EN]

(7) Déanfar an chéad tagairt i bhfo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht do na srianta a fhorchuireas an Príomh-Acht a léiriú mar thagairt don alt seo.

[EN]

(8) Tiocfaidh fo-ailt (3), (4), (5), (6) agus (7) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

[EN]

Srianta le gníomhachta comharchumann a mbeidh airgead dlite dhíobh ag an gCorparáid.

15.—(1) Faid a bheas aon chuid d'iasacht nó d'airleacan a thug an Chorparáid do chomharchumann (dá ngairmtear an cumann fiachach sa bhfo-alt seo) dlite don Chorparáid—

[EN]

(a) ní thabharfaidh an cumann fiachach iasacht airgid ar ús d'aon duine seachas duine a bhféadfaidh an Chorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dó;

[EN]

(b) ní thabharfaidh an cumann fiachach iasacht airgid ar ús d'aon chomhlucht corpraithe a bheas ag gabháil, mar chuid shubstainteach dá ghnó, do dhíol aon earraí ar mionreic nach de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta;

[EN]

(c) ní bheidh an cumann fiachach féin ag gabháil, mar chuid shubstainteach dá ghnó, do dhíol aon earraí ar mionreic nach de tháirgeadh an chumainn fhiachaigh ná de tháirgeadh a chomhaltaí ná nach riachtanais i gcóir táirgthe nó marguithe thalmhaíochta;

[EN]

(d) má sháraíonn an cumann fiachach forála míre (a) nó míre (b) nó míre (c) den fho-alt seo, ansin (d'ainneoin aon chomhaontuithe contrártha dhó sin) tiocfaidh iomlán na hiasachta nó an airleacain sin nó pé cuid de a bheas dlite fós don Chorparáid chun bheith dlite agus iníoctha láithreach ag an gcumann fiachach leis an gCorparáid.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás na n-earraí a bheas á ndíol ag comhlucht corpraithe, gur de tháirgeadh an chomhluchta chorpraithe sin nó (más comharchumann é) de tháirgeadh a chomhaltaí formhór na n-earraí sin, féadfar, chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, aon earraí dá samhail sin a dhíolfas an comhlucht corpraithe sin ó am go ham a áireamh mar earraí de tháirgeadh den tsórt sin d'ainneoin gur daoine eile a tháirg iad agus gurb amhlaidh a cheannaigh an comhlucht corpraithe sin uathu iad.

[EN]

(3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

[EN]

Srianta le lascainiú agus ceannach ionstraimí intráchta ag an gCorparáid.

16.—(1) Ní lascaineoidh ná ní cheannóidh an Chorparáid aon nóta geallúna, bille malairte ná ionstraim intráchta eile—

[EN]

(a) a rinne duine a dtoirmisctear go sainráiteach ar an gCorparáid, le halt 14 den Acht seo, airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dó, nó

[EN]

(b) a rinneadh chun críche seachas chun airgead a fháil dá dhéantóir nó d'aon duine eile lena chaitheamh chun críche chun a bhféadfaí go dleathach airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan don déantóir nó don duine sin.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le hairgead a shuncáil, ná ní léireofar é mar ní a bheir é a bheith neamhdhleathach airgead a shuncáil, ag an gCorparáid ag ceannach billí, nótaí nó ionstraimí intráchta eile a dhéanfas an tAire nó pé duine eile a cheadós an tAire.

[EN]

(3) Déanfar an dara tagairt, in alt 9 den Phríomh-Acht, do na srianta a fhorchuireas an Príomh-Acht a léiriú mar thagairt do na srianta a fhorchuireas an t-alt seo.

[EN]

(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha.

[EN]

Gan feidhm a bheith ag forála áirithe de na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924.

17.—(1) Aon atheagrú a déanfar ar scair-chaipiteal na Corparáide faoin gCuid seo, ní laghdú, athrú, comhdhlúthú, cealú ná atheagrú é ar chaipiteal na Corparáide do réir bhrí na nAcht Cuideachtan, agus na forála de na hAchta sin a bhaineas le laghdú, athrú, comhdhlúthú, cealú nó atheagrú scairchaipitil nó le heisiúint scaireanna nua ní bheidh feidhm acu maidir leis an atheagrú a húdaraítear leis an gCuid seo ar scair-chaipiteal na Corparáide.

[EN]

(2) Ar an lá ceaptha agus dá éis, ní bheidh feidhm ag alt 115 ná ag mír (iv) d'alt 129 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir leis an gCorparáid, agus féadfaidh an tAire tráth ar bith bheith ina scair-shealbhóir aonair nó leanúint de bheith ina scairshealbhóir aonair.

[EN]

Meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide a athrú.

18.—(1) Déanfaidh an Chorparáid, a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, gach athrú ar a meabhrán comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais a húdaraítear leis na forála sin roimhe seo den Chuid seo, agus is gá chun éifeacht a thabhairt do na forála sin, ach ní thiocfaidh na hathruithe sin i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha.

[EN]

(2) Féadfaidh an Chorparáid, tráth ar bith tar éis an tAcht seo a rith, a meabhrán comhlachais a athrú i slí go mbeidh sé i bhfoirm agus i bhfriotal a bhéarfas go mbeidh teideal agus údarás ag an gCorparáid chun tabhartais, ranníocaíochta i leith costas, íocaíochta as seirbhísí a rinneadh thar ceann duine ar bith nó aon airgead eile a ghlacadh ón duine sin, ach, i gcás aon athrú den tsórt sin a dhéanamh roimh an lá ceaptha, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm go dtí an lá ceaptha.

[EN]

(3) I dteannta na n-athruithe a ceangaltar le fo-alt (1) den alt seo nó a húdaraítear le fo-alt (2) den alt seo a dhéanamh ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Corparáide, is dleathach don Chorparáid pé athruithe eile a dhéanamh ar a meabhrán comhlachais agus ar a hairteagail chomhlachais is gá nó is cuí mar fhorlíonadh ar aon athrú, nó de dhroim aon athruithe, a ceangaltar nó a húdaraítear amhlaidh a dhéanamh agus fós pé athruithe eile is gá nó is cuí chun éifeacht a thabhairt d'fhorála an Achta seo.

[EN]

(4) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht le hathruithe a déanfar ar mheabhrán comhlachais nó ar airteagail chomhlachais na Corparáide faoin Acht seo nó dá bhun, agus ina ionad sin achtaítear leis seo gur i pé foirm, ar comhréir leis an gCuid seo, a cheadós an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta a bheas gach athrú den tsórt sin.

[EN]

(5) Chun aon athruithe a dhéanamh ar airteagail chomhlachais na Corparáide a ceangaltar nó a húdaraítear leis an gCuid seo, léireofar alt 13 den Companies (Consolidation) Act, 1908, amhail is dá gcuirtí na focail “extraordinary resolution” in ionad na bhfocal “special resolution” sa chéad áit a bhfuil na focail deiridh sin.

[EN]

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 9 den Companies (Consolidation) Act, 1908, maidir le haon athrú a húdaraítear leis an gCuid seo don Chorparáid a dhéanamh ar a meabhrán comhlachais, agus ina ionad sin achtaítear leis seo go bhféadfar gach athrú den tsórt sin a dhéanamh trí rún neamhghnáthach, mar mínítear sin le halt 69 den Companies (Consolidation) Act, 1908, agus, i dteannta alt 70 den Acht sin a chomhlíonadh, go ndéanfaidh an Chorparáid, laistigh den am a luaitear san alt sin 70, cóip chlóbhuailte den mheabhrán arna athrú amhlaidh a sheachadadh do chláraitheoir na gcuideachtan agus go gcláróidh an cláraitheoir sin é agus go ndeimhneoidh an clárú sin faoina láimh agus go mbeidh an deimhniú sin ina fhianaise dhochlaoite gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta sin, arna leasú leis an alt seo maidir leis an athrú sin, agus uaidh sin amach is é an meabhrán arna athrú amhlaidh meabhrán na Corparáide.

[EN]

Cuntais agus eolas a thabhairt.

19.—(1) Bhéarfaidh an Chorparáid don Aire, laistigh de nócha lá tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, pé cuntais (lena n-áirítear clár comhardaíochta agus cuntas sochair agus dochair) a ordós an tAire ó am go ham don bhliain chuntasaíochta sin agus iad iniúctha go cuí ag iniúchóir na Corparáide, maraon le tuarascáil ar oibríochta na Corparáide ar feadh na bliana cuntasaíochta sin, agus beidh na cuntais agus an tuarascáil sin i pé foirm, agus beidh iontu pé sonraí, a ordós an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire cóip de gach cuntas agus tuarascáil a bhéarfar dó de bhun fo-ailt (1) den alt seo a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis sin a thabhairt dó.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham a iarraidh ar an gCorparáid pé eolas a thabhairt dó, i dtaobh gnótha na Corparáide, is cuí leis agus a shonrós sé san iarratas, agus déanfaidh an Chorparáid do réir gach iarratais den tsórt sin.

[EN]

(b) Ní thabharfaidh an Chorparáid aon eolas ná ní hiarrfar uirthi aon eolas a thabhairt, faoi mhír (a) den fho-alt seo, a nochtfadh cúrsaí aon duine áirithe a fuair nó a bheas ag iarraidh iasachta.

[EN]

Eifeacht ag forála Coda II d'ainneoin na nAcht Cuideachtan agus na nAcht.

20.—Beidh éifeacht ag forála na Coda seo d'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan nó sna hAchta nó i meabhrán comhlachais agus in airteagail chomhlachais na Corparáide.

[EN]

CUID III.

Airneis-Mhorgaisti.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda III.

21.—(1) San Acht seo—

[EN]Acht 1926.

ciallaíonn an abairt “Acht 1926” an tAcht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 (Uimh. 18 de 1926), arna leasú leis an Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1940 (Uimh. 23 de 1940);

[EN]airnéismhorgáiste.

ciallaíonn an focal “airnéis-mhorgáiste,” nuair a húsáidtear é gan cháiliú, ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iarrthach aitheanta de pháirt amháin agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile agus is—

[EN]

(a) airnéis-mhorgáiste foluaimneach, nó

[EN]

(b) airnéis-mhorgáiste sonrach, nó

[EN]

(c) airnéis-mhorgáiste foluaimneach agus airnéis-mhorgáiste sonrach;

[EN]ordú forghníomhuithe.

ciallaíonn an abairt “ordú forghníomhuithe” ordú forghníomhuithe do réir bhrí Achta 1926;

[EN]airnéismhorgáiste foluaimneach.

ciallaíonn an abairt “airnéis-mhorgáiste foluaimneach” ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iarrthach aitheanta de pháirt amháin agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile trína ndéanann an t-iarrthach aitheanta íoc aon airgid leis an iasachtóir aitheanta a mhuirearú ar an stoc a bheas ó am go ham ar thalamh an iarrthaigh aitheanta;

[EN]talamh.

ciallaíonn an focal “talamh,” nuair a húsáidtear é maidir le hiarrthach aitheanta, na foirgintí nó an talamh nó na foirgintí agus an talamh ina mbíonn nó ar a mbíonn gnó ar siúl ag an iarrthach aitheanta;

[EN]an morgáistí.

ciallaíonn an abairt “an morgáistí,” nuair a húsáidtear í maidir le hairnéis-mhorgáiste, an t-iasachtóir aitheanta dar tugadh an airnéis-mhorgáiste;

[EN]an morgáisteoir.

ciallaíonn an abairt “an morgáísteoir,” nuair a húsáidtear í maidir le hairnéis-mhorgáiste—

[EN]

(a) más pearsa is feirmeoir an t-iarrthach aitheanta (páirtí ann)—

[EN]

(i) i gcás é a bheith ina bheathaidh agus gan é bheith tar éis teacht chun bheith ina fhéimhí ná ina dhuine mímheabhrach, an t-iarrthach aitheanta, nó

[EN]

(ii) i gcás é a bheith tar éis bháis, a oidhrí, a sheiceadóirí, a riarthóirí agus a chomharbaí, nó seiceadóir de son tort a eastáit nó an duine a mbeidh na hairnéisí a muirearaíodh faoin airnéis-mhorgáiste sin tar éis teacht ina sheilbh nó faoina urlámhas, dlíthiúil nó iarbhír, de dhroim an bháis sin, nó

[EN]

(iii) i gcás é a bheith tar éis teacht chun bheith ina fhéimhí, a shannaí, nó

[EN]

(iv) i gcás é a bheith tar éis teacht chun bheith ina dhuine mímheabhrach, a chúramaí nó a chaomhnóir,

[EN]

(b) más comhlucht corpraithe an t-iarrthach aitheanta (páirtí ann), an comhlucht corpraithe sin;

[EN]banc aitheanta.

ciallaíonn an abairt “banc aitheanta” banc a ceapadh ina bhanc aitheanta faoi alt 24 den Phríomh-Acht nó a bheas ceaptha de thuras na huaire ag an Aire ina bhanc aitheanta chun críocha na Coda seo;

[EN]iarrthach aitheanta.

ciallaíonn an abairt “iarrthach aitheanta” duine ar bith—

[EN]

(a) ar pearsa é is feirmeoir, nó

[EN]

(b) ar comhlucht corpraithe é a bhféadfaidh an Chorparáid, ag féachaint d'alt 14 den Acht seo, airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan dó;

[EN]iasachtóir aitheanta.

ciallaíonn an abairt “iasachtóir aitheanta” aon chomhlucht—

[EN]

(a) arb é an Chorparáid é, nó

[EN]

(b) ar banc aitheanta é;

[EN]airnéismhorgáiste shonrach.

ciallaíonn an abairt “airnéis-mhorgáiste shonrach” ionstraim faoi shéala arna déanamh idir iarrthach aitheanta de pháirt amháin agus iasachtóir aitheanta den pháirt eile trína ndéanann an t-iarrthach aitheanta íoc aon airgid leis an iasachtóir aitheanta a mhuirearú ar stoc sonrach (pé áit arb ann dó);

[EN]stoc.

ciallaíonn an focal “stoc” stoc talmhaíochta agus folaíonn sé—

(a) ainmhithe agus éanacha de gach sórt agus an síolrach agus an toradh ó na héanacha agus na hainmhithe sin,

(b) sásra, feithiclí agus uirlisí talmhaíochta,

(c) barraí talmhaíochta (pé acu ag fás ar an talamh nó bainte den talamh dóibh),

(d) sásra, uirlisí, feithiclí, daingneáin agus feistis a húsáidtear chun nó le haghaidh aon toradh talmhaíochta a ullmhú chun a dhíolta, a mhonarú, a phróiseasú nó a mhargú.

(2) Má chruthnaíonn airnéis-mhorgáiste muirear ar stoc sonrach agus fós muirear foluaimneach ar an stoc a bheas ó am go ham ar thalamh áirithe, beidh an airnéis-mhorgáiste, chun críocha na Coda seo—

(a) sa mhéid go gcruthnóidh sé muirear ar stoc sonrach, ina airnéis-mhorgáiste sonrach, agus

(b) sa mhéid go gcruthnóidh sé muirear foluaimneach ar an stoc a bheas ó am go ham ar thalamh áirithe, ina airnéis-mhorgáiste foluaimneach.

(3) Ní bheidh ionstraim eisiata ó bheith ina hairnéis-mhorgáiste de bhíthin amháin duine nó daoine (i dteannta an mhorgáisteora agus an mhorgáistí) bheith ina pháirtí nó ina bpáirtithe ann mar urra nó urraí amháin.

(4) Déanfar tagairtí sa Chuid seo do stoc, maidir le hairnéismhorgáiste, a léiriú, faoi réir ailt 22 den Acht seo, mar thagairtí do stoc is leis an morgáisteoir go hiomlán.

(5) Na tagairtí sna forála seo a leanas den Chuid seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (6) d'alt 24 agus ailt 26 agus 31, don chláraitheoir contae, déanfar—

(a) maidir le feidhm na bhforál sin i gcás contae nó contaebhuirge a mbeidh foshirriam ann de thuras na huaire, iad a léiriú mar thagairtí don fhoshirriam don chontae nó don chontae-bhuirg sin, agus

(b) maidir le feidhm na bhforál sin i gcás contae nó contaebhuirge a mbeidh ann, de thuras na huaire, sirriam arna cheapadh faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 (Uimh. 25 de 1945), agus feadhma an chláraitheora chontae maidir le forghníomhú orduithe forghníomhuithe dílsithe ann de thuras na huaire, iad a léiriú mar thagairtí don tsirriam don chontae nó don chontae-bhuirg sin.

[EN]

Eifeacht airnéismhorgáiste ag muirearú stoic a bheas le ceannach ina dhiaidh sin trí iasacht a comhaontófar a thabhairt.

22.—I gcás—

[EN]

(a) iasachtóir aitheanta a bheith tar éis comhaontú a dhéanamh iasacht a thabhairt d'iarrthach aitheanta ar fad nó go páirteach chun stoc sonrach a cheannach, agus

[EN]

(b) an t-iarrthach aitheanta sin a bheith, chun urrús a thabhairt in aghaidh na hiasachta, tar éis airnéis-mhorgáiste sonrach ar an stoc sonrach a fhorghníomhú roimh an gceannach sin a dhéanamh, agus

[EN]

(c) an airnéis-mhorgáiste a chlárú go cuí faoin gCuid seo,

[EN]

déanfaidh an airnéis-mhorgáiste sin, d'ainneoin aon ní sa Chuid seo, muirear a chruthnú ar an stoc sonrach sin amhail ar an dáta agus ón dáta ar a dtiocfaidh an stoc sin ar únaeracht agus ar seilbh an iarrthaigh aitheanta sin.

[EN]

Bainc aitheanta.

23.—Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis é, ar aon bhanc dá iarraidh sin, an banc sin a cheapadh ina bhanc aitheanta chun críocha na Coda seo, agus aon uair a dhéanfas an tAire banc a cheapadh amhlaidh ina bhanc aitheanta bhéarfaidh sé fógra láithreach don Aire Dlí agus Cirt go bhfuil an ceapadh sin déanta aige.

[EN]

Cáir dlairnéism'horgáistí.

24.—(1) Bunófar clár d'airnéis-mhorgáistí i ngach Oifig Chúirte Cuarda agus coimeádfar agus cothabhálfar ansin é do réir an ailt seo agus na rialachán a déanfar faoi.

[EN]

(2) Faoi réir comhlíonadh na gcoinníoll a hordaítear leis an alt seo nó a hordófar faoi chun airnéis-mhorgáiste a chlárú, beidh gach airnéis-mhorgáiste inchláruithe laistigh de cheithre lá déag, ar a mhéid, tar éis a dháta sa chlár d'airnéis-mhorgáistí a bheas á chothabháil faoin alt seo san Oifig Chúirte Cuarda don cheantar ina mbeidh talamh an mhorgáisteora nó, má bhíonn an talamh sin i dhá gceantar nó níos mó a mbeidh Oifigí Cúirte Cuarda éagsúla ann dóibh, i ngach clár de na cláir d'airnéis-mhorgáistí a bheas á gcothabháil faoin alt seo sna hOifigí Cúirte Cuarda sin faoi seach.

[EN]

(3) Féadfaidh duine ar bith (lena n-áirítear urra) is páirtí in airnéis-mhorgáiste nó féadfaidh ionadaí dlíthiúil aon duine den tsórt sin an airnéis-mhorgáiste sin a chlárú laistigh de cheithre lá déag, ar a mhéid, tar éis a dháta in aon chlár d'airnéis-mhorgáistí a mbeidh an airnéis-mhorgáiste sin inchláruithe ann faoin alt seo agus féadfaidh an morgáistí nó, le toiliú scríofa an mhorgáistí, féadfaidh an morgáisteoir nó aon urra is páirtí ann nó a ionadaí dlíthiúil a chur faoi ndear tráth ar bith an airnéis-mhorgáiste sin a bhaint d'aon chlár den tsórt sin.

[EN]

(4) Aon uair a bheas an bunairgead, an t-ús agus na costais a bheas urraithe trí airnéis-mhorgáiste aisíoctha go hiomlán, cuirfidh an morgáistí faoi ndear láithreach an airnéis-mhorgáiste sin a bhaint de gach clár d'airnéis-mhorgáistí a mbeidh sé cláraithe ann faoin alt seo.

[EN]

(5) Ní bheidh aon fheidhm ná éifeacht ag aon airnéis-mhorgáiste mura gcláraítear agus go dtí go gclárófar é go cuí do réir an ailt seo agus na rialachán faoi sa chlár nó i ngach clár (do réir mar bheas) d'airnéis-mhorgáistí ina mbeidh sé inchláruithe faoin alt seo agus scoirfidh airnéis-mhorgáiste a bheas cláraithe amhlaidh d'aon fheidhm nó éifeacht a bheith aige má scoireann sé agus nuair a scoirfeas sé de bheith cláraithe go cuí sa chlár sin nó i ngach clár díobh sin (do réir mar bheas).

[EN]

(6) Ní foilseofar ná ní nochtfar lánas aon chláir d'airnéismhorgáistí a bheas á chothabháil faoin alt seo ná ní tabharfar aon chóipeanna dhe ná d'aon chuid de do dhuine ar bith ach amháin—

[EN]

(a) go bhféadfaidh iasachtóir aitheanta tráth ar bith trí fhoréileamh faoi shéala a cheangal ar an gcláraitheoir contae aon chlár den tsórt sin a iniúchadh agus cóipeanna deimhnithe a thabhairt don iasachtóir aitheanta sin d'aon iontrála ann a bhainfeas le stoc aon duine a bheas ainmnithe sa bhforéileamh sin; agus

[EN]

(b) go bhféadfaidh cláraitheoir contae tráth ar bith an clár d'airnéis-mhorgáistí a iniúchadh a bheas á chothabháil in Oifig Chúirte Cuarda don cheantar nó d'aon chuid den cheantar arb é an cláraitheoir contae dhó é; agus

[EN]

(c) go bhféadfaidh duine ar bith i seirbhís an Stáit a mbeidh údarás cuí aige i scríbhinn chuige sin ón Aire nó ón Aire Talmhaíochta aon chlár den tsórt sin nó aon chuid de a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh den chéanna tráth ar bith; agus

[EN]

(d) go bhféadfaidh oifigeach a bheas ar fostú in Oifig Chúirte Cuarda agus a bheas ag comhlíonadh dualgas a bhíodh á gcomhlíonadh ag an bhfoshirriam an clár d'airnéismhorgáistí a bheas á chothabháil san Oifig Chúirte Cuarda sin a iniúchadh tráth ar bith; agus

[EN]

(e) aon uair a ordós an Chúirt Uachtarach nó aon Bhreitheamh den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda cóip den chuid d'aon chlár den tsórt sin a bhainfeas le haon airnéis-mhorgáiste áirithe nó le haon airnéismhorgáiste líomhanta áirithe a thabhairt don Chúirt sin nó don Bhreitheamh sin, go dtabharfar an chóip sin dá réir sin amhlaidh agus go bhféadfaidh an Chúirt sin nó an Breitheamh sin an chóip sin nó a lánas a nochtadh nó a fhoilsiú sa mhéid sin agus sa tslí sin agus faoi réir na gcoinníoll sin a dhlífeas an ceartas i dtuairim na Cúirte sin nó an Bhreithimh sin.

[EN]

(7) Féadfaidh an Chúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt nó féadfaidh an Chúirt Uachtarach ar achomharc ón Ard-Chúirt a chur faoi ndear tráth ar bith aon chlár d'airnéis-mhorgáistí a bheas á chothabháil faoin alt seo a cheartú (trí athrú, breisiú nó fágaint ar lár) i pé slí a dhlífeas an ceartas.

[EN]

(8) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) foirm agus lánas na gclár uile agus faoi seach d'airnéismhorgáistí a bheas á gcothabháil faoin alt seo;

[EN]

(b) coimeád agus cothabháil na gclár sin go ginearálta;

[EN]

(c) an modh chun airnéis-mhorgáiste a chlárú sna cláir sin agus an fhianaise a bheas le tabhairt, chun críocha an chláruithe sin, ar fhorghníomhú agus stampáil chuí an airnéis-mhorgáiste sin;

[EN]

(d) an modh chun airnéis-mhorgáiste a bhaint de na cláir sin agus an fhianaise a bheas le tabhairt chun é a bhaint díobh;

[EN]

(e) foréileamh, déanamh agus deimhniú cuardaigh ag oifigigh de na hOifigí Cúirte Cuarda ar na cláir uile agus faoi seach d'airnéis-mhorgáistí ar iarratas ó na daoine nó na comhluchta a n-údaraítear dóibh faoin alt seo na cláir sin a iniúchadh;

[EN]

(f) soláthar cóipeanna deimhnithe de na cláir sin nó d'aon choda dhíobh nó d'aon iontrála iontu ar iarratas agus thar ceann aon iasachtóra aitheanta;

[EN]

(g) le toiliú an Aire Airgeadais, na táillí a bheas le héileamh agus le glacadh i leith airnéis-mhorgáistí a chlárú sna cláir sin, airnéis-mhorgáistí a bhaint de na cláir sin, na cláir sin a iniúchadh agus i leith aon ní eile a bhainfeas leis na cláir sin;

[EN]

(h) lánas na gclár sin go ginearálta a choimeád ina rún agus go háirithe an fhianaise ar a n-údarás a bheas le tabhairt ag daoine a bheas á éileamh na cláir sin a iniúchadh nó cóipeanna a dhéanamh dhíobh.

[EN]

(9) Gach clár d'airnéis-mhorgáistí atá á chothabháil in Oifig Chúirte Chuarda faoin bPríomh-Acht, is tuigthe é a bheith arna bhunú faoin alt seo.

[EN]

(10) Aon rialacháin a rinne an tAire Dlí agus Cirt faoi alt 25 den Phríomh-Acht agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith, leanfaid i bhfeidhm agus is tuigthe gur faoin alt seo a rinneadh iad.

[EN]

(11) Na costais a bhainfeas leis an alt seo a chur in éifeacht, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

Oibriú agus éifeacht airnéismhorgáiste shonraigh.

25.—(1) Faid a bheas airnéis-mhorgáiste sonrach cláraithe go cuí faoin gCuid seo agus a bheas aon airgead dlite i leith bunairgid nó úis nó costas ar a urrús, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige—

[EN]

(a) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir únaeracht nó seilbh aon stoic a bheas faoi a dhíol nó a aistriú ar shlí eile gan fógra i scríbhinn a thabhairt, seacht lá glan ar a laghad roimh ré, don mhorgáistí go bhfuil sé ar intinn an díol nó an t-aistriú sin a dhéanamh, agus

[EN]

(b) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir an únaeracht nó an tseilbh sin a dhíol nó a aistriú ar shlí eile ar phraghas is lú ná mar is cothrom agus is réasúnach, agus

[EN]

(c) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir, i gcás aon chuid den stoc sin d'fháil bháis nó iad a ghoid nó iad a dhíthiú le tine nó eile, an ní sin a chur in iúl don mhorgáistí laistigh de sheacht lá tar éis é a tharlachtaint, agus

[EN]

(d) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir, i gcás é do dhíol únaerachta nó seilbhe aon choda den stoc sin nó dá haistriú ar shlí eile, fógra i scríbhinn a thabhairt láithreach don mhorgáistí faoin díol nó faoin aistriú sin, maraon le pé sonraí ina thaobh a theastós ón morgáistí, agus

[EN]

(e) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir, i gcás é do dhíol únaerachta nó seilbhe aon choda den stoc sin nó dá haistriú ar shlí eile, gach suim a bheas urraithe tríd an airnéis-mhorgáiste, nó pé suim is lú ná sin a aontós an morgáistí i scríbhinn a ghlacadh, a íoc leis an morgáistí laistigh de sheacht lá tar éis an díola nó an aistrithe sin nó toradh an díola nó an aistrithe sin a úsáid i pé slí eile a bheas údaraithe roimh ré ag an morgáistí, agus

[EN]

(f) chun é a dhéanamh intuigthe cúnant a bheith ann de pháirt an mhorgáisteora chun an bunairgead agus an t-ús a bheas urraithe tríd an airnéis-mhorgáiste a íoc leis an morgáistí, ar é dá éileamh sin, san am agus sa tslí a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste, agus

[EN]

(g) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir an stoc a bheas faoi a chaomhaint agus a choimeád slán agus (ach amháin mar bheas a mhalairt údaraithe leis an airnéismhorgáiste nó ag an morgáistí nó mar is riachtanach le haghaidh aon díola dhleathaigh a beifear ar intinn a dhéanamh) gan an stoc sin a aistriú dá thalamh;

[EN]

(2) Má dhéanann an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) ar aon fhoráil is intuigthe a bheith, nó a bheas, san airnéis-mhorgáiste de bhuaidh fo-ailt (1) (ach amháin mír (f) de) den alt seo, ansin, ar an morgáistí dá éileamh é a íoc, tiocfaidh iomlán an bhunairgid a bheas urraithe tríd an airnéis-mhorgáiste chun bheith dlite agus beidh sé dlite, agus beidh sé iníoctha láithreach, d'ainneoin aon ní san airnéis-mhorgáiste.

[EN]

(3) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfaidh an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach an únaeracht nó an tseilbh ar stoc faoin airnéis-mhorgáiste sin a dhíol nó a aistriú ar shlí eile gan fógra i scríbhinn a thabhairt, seacht lá glan ar a laghad roimh ré, don mhorgáistí go raibh sé ar intinn an díol nó an t-aistriú sin a dhéanamh, nó

[EN]

(b) tar éis dó an stoc sin nó aon chuid de a dhíol nó a aistriú ná déanfaidh an morgáisteoir faoi airnéis-mhorgáiste sonrach gach suim a bheas urraithe tríd an airnéismhorgáiste, nó pé suim is lú ná sin a aontós an morgáistí i scríbhinn a ghlacadh, a íoc, laistigh de sheacht lá tar éis an díola nó an aistrithe sin, leis an morgáistí,

[EN]

beidh an morgáisteoir ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, mar is rogha leis an gCúirt, príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná dhá bhliain.

[EN]

(4) Formhuineofar cóip den alt seo ar gach airnéis-mhorgáiste sonrach ach ní bheidh an airnéis-mhorgáiste neambhailí má fágtar an fhoráil seo gan comhlíonadh.

[EN]

Stoc a bheas ar áireamh in airnéismhorgáiste sonrach a urghabháil ar an morgáistí dá éileamh sin.

26.—(1) I gcás—

[EN]

(a) ina mbeidh airnéis-mhorgáiste sonrach cláraithe go cuí de thuras na huaire faoin gCuid seo, agus

[EN]

(b) ina mbeidh aon airgead dlite in aghaidh bunairgid nó ús nó costas ar a urrús sin, agus

[EN]

(c) ina mbeidh—

[EN]

an bunairgead a bheas urraithe tríd an airnéis mhorgáiste nó aon chuid den airgead sin nó aon ús air gan íoc ar feadh ceithre lá déag tar éis an lae a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste chun a íoctha, nó

[EN]

sárú déanta ag an morgáisteoir ar aon chúnant nó coinníoll san airnéis-mhorgáiste,

[EN]

féadfaidh an morgáistí ordú (a bheas sa bhfoirm ordaithe agus a dheimhneos an tsuim a bheas dlite ar scór an airnéis-mhorgáiste agus ina mbeidh pé sonraí a bheas ordaithe) a sheirbheáil ar chláraitheoir contae na contae nó na contae-bhuirge ina mbeidh aon chuid den stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste á cheangal ar an gcláraitheoir contae sin déanamh do réir an fho-ailt seo, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(i) déanfaidh an cláraitheoir contae, a luaithe is féidir, an stoc ar fad nó aon chuid den stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste a urghabháil agus a aistriú as coimeád aon duine (seachas ceannaitheoir bona fide ar luach-chomaoin gan fógra faoin airnéis-mhorgáiste) agus as aon áit (seachas talamh nó áitreabh leis an gceannaitheoir sin) laistigh de chontae nó de chontae-bhuirg an chláraitheora chontae sin,

[EN]

(ii) ar an urghabháil sin a bheith déanta, cuirfidh an cláraitheoir contae faoi ndear, a luaithe is caothúil, an stoc a hurghabhadh amhlaidh a dhíol, agus úsáidfidh toradh an díola sin chun nó mar chabhair chun íoctha caiteachais, táillí agus costas na hurghabhála agus an díola sin agus na suime a bheas deimhnithe san ordú a bheith dlite ar scór an airnéis-mhorgáiste, maraon le hús ar an tsuim sin do réir trí puint faoin gcéad sa bhliain ó dháta an orduithe sin go dtí dáta na hurghabhála sin, agus íocfaidh barrachas (más ann) an toradh sin leis an morgáisteoir.

[EN]

(2) Beidh ag ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a díreofar chun cláraitheora chontae an fheidhm agus an éifeacht chéanna a bheadh ag ordú forghníomhuithe agus is leor-údarás é don chláraitheoir contae sin chun déanamh dá réir, agus beidh ag an gcláraitheoir contae sin, nuair a bheas sé ag déanamh do réir an orduithe sin, gach ceart, cumhacht agus dualgas a bheas de thuras na huaire dílsithe ann nó forchurtha air do réir dlí maidir le forghníomhú orduithe fhorghníomhuithe.

[EN]

(3) Cláraitheoir contae a bheas ag forghníomhú orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé i dteideal—

[EN]

(a) más mó ná trí chéad punt an t-airgead a bheas deimhnithe san ordú sin a bheith dlite, pé táillí agus costais, arna ríomh do réir na scálaí a bheas ceaptha le mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1926 agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, a éileamh agus (i gcás in ar iomchuí é) a chur leis an airgead sin agus (in aon chás) a thobhach faoin ordú sin, a bheadh an cláraitheoir contae sin i dteideal a éileamh nó a chur leis an airgead sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhuithe ón Ard-Chúirt an t-ordú sin, agus

[EN]

(b) más mó ná cúig puint fhichead ach nach mó ná trí chéad punt an t-airgead a bheas deimhnithe san ordú sin a bheith dlite, pé táillí agus costais, arna ríomh do réir na scálaí sin, a éileamh agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an airgead sin agus (in aon chás) a thobhach faoin ordú sin, a bheadh an cláraitheoir contae sin i dteideal a éileamh nó a chur leis an airgead sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhuithe ón gCúirt Chuarda an t-ordú sin, agus

[EN]

(c) mura mó ná cúig puint fhichead an t-airgead a bheas deimhnithe san ordú sin a bheith dlite, pé táillí agus costais, arna ríomh do réir na scálaí sin, a éileamh agus (i gcás inar iomchuí é) a chur leis an airgead sin agus (in aon chás) a thobhach faoin ordú sin, a bheadh an cláraitheoir contae sin i dteideal a éileamh nó a chur leis án airgead sin agus a thobhach amhlaidh dá mba ordú forghníomhuithe ón gCúirt Dúiche an t-ordú sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san alt seo mar ní ordaithe agus ciallaíonn an focal “ordaithe” san alt seo ordaithe leis na rialacháin sin.

[EN]

(5) Na córacha a bheirtear faoin alt seo don mhorgáistí, chun airgead a bheas dlite faoi airnéis-mhorgáiste sonrach a aisghabháil, is córacha iad i dteannta agus ní córacha iad in ionad aon chóracha eile a bheas ag an morgáistí do réir dlí chun an t-airgead sin a aisghabháil.

[EN]

Cumhacht mhorgáistí chun fardal a thógaint ar stoc faoi airnéismhorgáiste.

27.—(1) Faid a bheas aon airgead dlite i leith bunairgid nó úis nó costas ar urrús airnéis-mhorgáiste, féadfaidh an morgáistí, idir éirí agus luí gréine lá ar bith a féadfar próis síbhialta a sheirbheáil—

[EN]

(a) i gcás airnéis-mhorgáiste shonraigh, dul isteach ar aon talamh nó in aon áitreabh (seachas talamh nó áitreabh ceannaitheora bona fide ar luach-chomaoin, gan fógra faoin airnéis-mhorgáiste sonrach, a cheannaigh an stoc a bhí faoin airnéis-mhorgáiste sonrach) a mbeidh an stoc sin ann agus fardal a thógaint ar an stoc sin, nó

[EN]

(b) i gcás airnéis-mhorgáiste fholuaimnigh, dul isteach ar an talamh lena mbainfidh an airnéis-mhorgáiste foluaimneach agus fardal a thógaint ar an stoc a bheas ar an talamh.

[EN]

(2) Má dhéanann duine ar bith bac nó cur isteach ar an morgáistí agus é ag feidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le fo-alt (1) den alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.

[EN]

(3) Déanfar tagairtí san alt seo don mhorgáistí faoi airnéismhorgáiste a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do ghníomhairí agus seirbhísigh an mhorgáistí.

[EN]

Oibriú agus éifeacht airnéismhorgáistí foluaimneacha.

28.—(1) Faid a bheas airnéis-mhorgáiste foluaimneach cláraithe go cuí faoin gCuid seo agus a bheas aon airgead dlite i leith bunairgid nó úis nó costas ar a urrús, agus ná beidh sé tagtha chun bheith fosaidh mar foráltar anseo ina dhiaidh seo, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige—

[EN]

(a) Chun an bunairgead agus an t-ús a bheas urraithe leis a chruthnú ina mhuirear siúlach fuaidreamhach ar an stoc go léir leis an morgáisteoir a bheas ó am go ham ar an talamh lena mbainfidh an airnéis-mhorgáiste (dá ngairmtear an talamh san alt seo); agus

[EN]

(b) chun a thoirmeasc ar an morgáisteoir aon chuid den stoc a bheas ar an talamh tráth ar bith a dhíol seachas i ngnáthchúrsa gnótha; agus

[EN]

(c) chun a chur d'oblagáid ar an morgáisteoir an stoc a bheas ar an talamh ó am go ham a choimeád ar comhluach (chomh gar agus is féidir ag féachaint do ghnáthchúrsa gnótha) le luach an stoic a bhí ar an talamh ar dháta an airnéis-mhorgáiste; agus

[EN]

(d) aon uair a dhíolfas an morgáisteoir aon chuid den stoc a bheas de thuras na huaire ar an talamh agus ná cuirfidh sé, laistigh de mhí, in ionad an stoic sin stoc nua is leor chun luach an stoic ar an talamh a thabhairt chomh gar agus is féidir do luach an stoic a bhí ar an talamh ar dháta an airnéis-mhorgáiste, chun a chur d'oblagáid air pé cuid (más ann) de thoradh an díola sin, a éileos an morgáistí, a íoc leis an morgáistí do laghdú nó d'íoc an bhunairgid a bheas urraithe leis an airnéis-mhorgáiste agus aon úis agus costas a bheas dlite air, agus chun a thabhairt de cheart don mhorgáisteoir toradh iomlán nó aon chuid de thoradh an díola sin a íoc leis an morgáistí do laghdú nó d'íoc an bhunairgid agus an úis agus na gcostas sin

[EN]

(2) Faid a bheas airnéis-mhorgáiste foluaimneach cláraithe go cuí faoin gCuid seo, oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige chun é a dhéanamh intuigthe cúnant a bheith ann de pháirt an mhorgáisteora, a oidhrí, a sheiceadóirí agus a riarthóirí leis an morgáistí chun an bunairgead agus an t-ús a bheas urraithe leis an airnéis-mhorgáiste a íoc leis an morgáistí na trátha agus sa tslí a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste.

[EN]

Airnéismhorgáiste sonrach a dhéanamh d'airnéismhorgáiste foluaimneach.

29.—(1) Aon uair—

[EN]

(a) a bheas an bunairgead a bheas urraithe le hairnéismhorgáiste foluaimneach nó aon chuid den airgead sin gan íoc ar feadh ocht lá fichead tar éis an dáta a bheas ceaptha leis an airnéis-mhorgáiste foluaimneach chun a íoctha, nó a bheas ús éigin a bheas urraithe le hairnéis-mhorgáiste foluaimneach i riaráiste agus gan íoc ar feadh sé lá caogad tar éis é a theacht chun bheith dlite, nó a bheas sárú (trí ghníomh nó neamhghníomh) déanta ag an morgáisteoir ar fhoráil éigin (seachas cúnant chun an bunairgead nó an t-ús a bheas urraithe leis a íoc) a bheas in airnéis-mhorgáiste foluaimneach nó is intuigthe a bheith ann de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 28 den Acht, seo, agus

[EN]

(b) a bheas an morgáistí tar éis fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an morgáisteoir á dhearbhú go bhfuil an airnéismhorgáiste foluaimneach sin tagtha chun bheith fosaidh, agus

[EN]

(c) a bheas fardal tógtha, roimh an bhfógra a sheirbheáil, ag an morgáistí ar an stoc a bhí an uair sin ar an talamh lena mbaineann an airnéis-mhorgáiste foluaimneach sin, agus

[EN]

(d) a dhéanfas an morgáistí, laistigh de sheacht lá i ndiaidh an lae a seirbheáladh an fógra sin, cóip dhílis den fhógra agus den fhardal a chur leis an bpost cláraithe go dtí an Oifig Chúirte Cuarda nó na hOifigí Cúirte Cuarda ina mbeidh an airnéis-mhorgáiste foluaimneach sin cláraithe,

[EN]

beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(i) chun críocha an Achta seo, tiocfaidh an airnéismhorgáiste foluaimneach sin chun bheith, agus beidh sé, fosaidh, le héifeacht amhail ar dháta agus ó dháta an fhógra a sheirbheáil, agus oibreoidh sé agus beidh éifeacht aige mar airnéismhorgáiste sonrach ar an stoc go léir a bheas ar an talamh sin tráth an fhógra sin a sheirbheáil, agus beidh feidhm dá réir sin ag ailt 25 agus 26 den Acht seo,

[EN]

(ii) nuair a gheofar na cóipeanna den fhógra agus den fhardal sin in aon Oifig Chúirte Cuarda, iontrálfar sa chlár d'airnéis-mhorgáistí gur seirbheáladh an fógra sin agus sonraí an stoic a bheas leagtha amach sa bhfardal agus, go dtí go gcruthaítear a mhalairt, beidh an iontráil sin ina fianaise in aon imeachta gur seirbheáladh an fógra sin agus go raibh an stoc, a mbeifear tar éis a shonraí a iontráil amhlaidh sa chlár sin, ar an talamh sin ar dháta an fhógra sin a sheirbheáil.

[EN]

(2) (a) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, beidh fógra scríbhinn, á dhearbhú go bhfuil airnéis-mhorgáiste tar éis teacht chun bheith fosaidh, leor-sheirbheálta ar an morgáisteoir má déantar—

[EN]

(i) i gcás inar pearsa an morgáisteoir, cóip de—

[EN]

(I) a sheachadadh don mhorgáisteoir, nó

[EN]

(II) a fhágaint don mhorgáisteoir, san áit chónaithe nó ghnótha is déanaí nó is gnáthaí ag an morgáisteoir sa Stát, le duine ar bith (is é sin, bean chéile nó fear céile an mhorgáisteora nó gaol, gníomhaire, cléireach nó seirbhíseach don mhorgáisteoir) a bheas sé bliana déag d'aois nó os a chionn, nó

[EN]

(ii) i gcás inar comhlucht corpraithe an morgáisteoir, cóip de a fhágaint don mhorgáisteoir, in áit ghnótha an mhorgáisteora, le haon ghníomhaire, cléireach nó seirbhíseach don mhorgáisteoir a bheas sé bliana déag d'aois nó os a chionn.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, is tuigthe gnó a bheith á sheoladh ina hoifig chláraithe ag cuideachtain a bheas cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus is tuigthe gnó a bheith á sheoladh ina phríomhoifig nó ina phríomh-áit ghnótha ag gach comhlucht corpraithe eile.

[EN]

(3) Formhuineofar cóip d'alt 25 den Acht seo ar gach fógra a seirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo ach ní bheidh an fógra neamhbhailí má fágtar an fhoráil seo gan comhlíonadh.

[EN]

Eifeacht airnéismhorgáistí maidir le tocsail.

30.—Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste cosc ná srian le hurghabháil dleathach ar aon stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé ag oifigeach cuí-údaraithe a bheas ag tocsal nó ag tobhach faoi na hAchta Cánach Ioncaim ná ag bailitheoir rátaí a bheas ag tocsal i leith rátaí nó ag tiarna talún a bheas ag tocsal i leith cíosa.

[EN]

Eifeacht airnéismhorgáistí maidir le horduithe orghníomhuithe.

31.—(1) Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste cosc ná srian le haon stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé a urghabháil agus a dhíol go dleathach—

[EN]

(a) faoi bharántas arna eisiúint faoi alt 28 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933), nó

[EN]

(b) faoi ordú forghníomhuithe arna eisiúint d'fhorfheidhmiú breithiúntais nó orduithe go n-íocfar—

[EN]

(i) airgead a bheas dlite nó iníoctha leis an bPríomh-Chiste nó iníoctha chun tairbhe dhó, nó

[EN]

(ii) airgead i leith airleacan as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó i leith an úis ar na hairleacain sin, nó

[EN]

(iii) airgead a bheas dlite nó iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh nó

[EN]

(iv) airgead a bheas dlite do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn i leith iasachta áitiúla, do réir bhrí Achta Chiste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 11 de 1935), nó

[EN]

(v) airgead a bheas dlite do bhailitheoir rátaí i leith ráraí arna dtobhach ag comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile.

[EN]

(2) Ní chuirfidh airnéis-mhorgáiste foluaimneach cosc ná srian le haon stoc a bheas faoin airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé a hurghabháil agus a dhíol go dleathach faoi ordú forghníomhuithe arna eisiúint d'fhorfheidhmiú aon bhreithiúntais nó orduithe chun airgead a íoc a bheas dlite nó iníoctha le tiarna talún i leith cíosa.

[EN]

(3) Ach amháin mar foráltar i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt seo, ní déanfar aon stoc a bheas faoi airnéis-mhorgáiste nó lena mbainfidh sé a urghabháil ná a dhíol faoi ordú forghníomhuithe mura mbeidh an creidiúnóir, roimh an urghabháil sin, tar éis toiliú an mhorgáistí a fháil i scríbhinn nó tar éis méid iomlán an bhunairgid agus an úis agus na gcostas a bheas dlite agus gan íoc an uair sin ar urrús an airnéis-mhorgáiste sin a íoc leis an gcláraitheoir contae d'fhorghníomhaigh an t-ordú forghníomhuithe sin.

[EN]

(4) Aon uair a dhéanfas creidiúnóir an méid iomlán a bheas dlite ar urrús airnéis-mhorgáiste a íoc, faoi fho-alt (3) den alt seo, le cláraitheoir contae, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) íocfaidh an cláraitheoir contae an méid sin leis an morgáistí agus glacfaidh an morgáistí an méid sin mar íocaíocht ar an airgead a bheas urraithe leis an airnéis-mhorgáiste sin d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin san airnéis-mhorgáiste sin agus go háirithe d'ainneoin gan an t-airgead sin a bheith dlite ná iníoctha an uair sin, agus

[EN]

(b) cuirfear an méid sin leis an bhfiach a mbeidh forghníomhú intobhaigh ina leith faoin ordú forghníomhuithe, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an ordú forghníomhuithe sin.

[EN]

(5) Chun a chur ar chumas creidiúnóra buntáiste a bhaint as forála (3) agus (4) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas, is é sin le rá:—

[EN]

(a) aon uair a iarrfas creidiúnóir ordú forghníomhuithe a fhorghníomhú in aghaidh aon stoic, déanfaidh an cláraitheoir contae an clár iomchuí d'airnéis-mhorgáistí a iniúchadh agus, má gheibhtear de thoradh an iniúchta sin an stoc sin a bheith faoi airnéis-mhorgáiste nó baint a bheith ag airnéis mhorgáiste leis, cuirfidh an cláraitheoir contae sin in iúl don chreidiúnóir an airnéis-mhorgáiste sin a bheith ann, a dháta agus ainm agus seoladh an mhorgáistí, agus

[EN]

(b) ar an gcreidiúnóir dá éileamh sin, bhéarfaidh an morgáistí don chláraitheoir contae, lena chur go dtí an creidiúnóír, ráiteas ar mhéid iomlán an bhunairgid agus an úis agus na gcostas a bheas dlite agus gan íoc an uair sin ar urrús an airnéis-mhorgáiste.

[EN]

(6) San alt seo ciallaíonn an focal “creidiúnaí” an duine ar ar agra uaidh a heisítear ordú forghníomhuithe, ach ní fholaíonn sí an morgáisti faoi airnéis-mhorgáiste.

[EN]

Tosaíocht airnéismhorgáistí.

32.—(1) Beidh tosaíocht ag airnéis-mhorgáistí do réir na dtráth a clárófar iad faoi seach faoin gCuid seo.

[EN]

(2) Beidh tosaíocht ar airnéis-mhorgáiste ag bille díola a rinneadh roimh an bPríomh-Acht a rith, má bhíonn sé, agus faid a bheas sé, bailí agus infhorfheidhmithe faoi na Bills of Sale Acts, 1879 and 1883.

[EN]

(3) Aon stoc a bheas faoi airnéis-mhorgáiste sonrach nó airnéismhorgáiste foluaimneach a bheas tagtha chun bheith fosaidh, ní tuigthe é a bheith ina sheilbh ná ar a ordú ná ar a chur ag an morgáisteoir do réir bhrí an Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, nó aon Achta ga athrú nó ag leasú an Achta sin.

[EN]

Airnéismhorgáiste a nochtadh do chreidiúnóir.

33.—(1) Gach duine (dá ngairmtear an féichiúnaí san alt seo) a iarrfas ar dhuine eile (dá ngairmtear an creidiúnóir san alt seo) creidiúnas a thabhairt nó a bhuanú dhó, beidh d'oblagáid air a nochtadh i scríbhinn don chreidiúnóir (ar an gcreidiúnóir dá iarraidh sin air i scríbhinn) cé acu atá nó ná fuil airnéis-mhorgáiste ann i leith aon choda de stoc an fhéichiúnaí agus fós sonraí gach airnéis-mhorgáiste (más ann) den tsórt sin a nochtadh amhlaidh.

[EN]

(2) Ní nochtfaidh aon chreidiúnóir eolas ar bith a bhéarfas an féichiúnaí dhó de bhuaidh an ailt seo ach amháin sa mhéid gur gá nó gur cuí é a nochtadh chun críocha inchúisimh faoin alt seo nó chun imeachta dlí a thionscnamh nó a sheoladh chun airgead a aisghabháil a bheas dlite den fhéichiúnaí don chreidiúnóir.

[EN]

(3) Gach duine a dhéanfas ráiteas i scríbhinn de bhun an ailt seo a bheas, go bhfios dó, bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha agus gach duine a nochtfas, contrártha don alt seo, aon eolas a tugadh dó de bhun an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann ar an slí achomair dlífear pionós nach mó ná fiche punt a chur air.

[EN]

Ráiteas ó mhorgáisteoir beartaitheach i dtaobh fiacha atá air.

34.—(1) Aon uair a aontós iarrthach aitheanta (dá ngairmtear an morgáisteoir beartaitheach sa bhfo-alt seo) airnéis-mhorgáiste (dá ngairmtear an airnéis-mhorgáiste beartaithe sa bhfo-alt seo) a dhéanamh agus a aontós iasachtóir aitheanta (dá ngairmtear an morgáistí beartaitheach sa bhfo-alt seo) é a ghlacadh, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(a) ciallaíonn an abairt “creidiúnóir láithreach” aon iasachtóir aitheanta a mbeidh an morgáisteoir beartaitheach i bhfiacha aige de thuras na huaire;

[EN]

(b) bhéarfaidh an morgáisteoir beartaitheach ráiteas i scríbhinn don mhorgáistí beartaitheach ina ndéarfaidh—

[EN]

(i) cé acu atá nó ná fuil aon chreidiúnóir láithreach nó aon chreidiúnóirí láithreacha ann, agus

[EN]

(ii) má tá aon chreidiúnóir láithreach amháin ann agus ná fuil ach an taon chreidiúnóir láithreach amháin, ainm an chreidiúnóra láithrigh sin, agus

[EN]

(iii) má tá dhá chreidiúnóir láithreacha nó níos mó ann, ainmneacha na gcreidiúnóirí láithreacha sin;

[EN]

(c) más rud é—

[EN]

(i) ná comhlíonfar forála míre (b) den fho-alt seo, agus

[EN]

(ii) go ndéanfar an airnéis-mhorgáiste beartaithe, agus

[EN]

(iii) go mbeidh aon chreidiúnóir láithreach nó aon chreidiúnóirí láithreacha ann,

[EN]

is tuigthe an airnéis-mhorgáiste beartaithe a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail i gcoinne an chreidiúnóra láithrigh nó na gcreidiúnóirí láithreacha sin;

[EN]

(d) má bheirtear an ráiteas sin agus más léir uaidh go bhfuil aon chreidiúnóir láithreach nó aon chreidiúnóirí láithreacha ann—

[EN]

(i) cuirfidh an morgáistí beartaitheach leis an bpost go dtí an creidiúnóir láithreach sin nó, má bhíonn níos mó ná aon chreidiúnóir láithreach amháin ann, go dtí gach duine de na creidiúnóirí láithreacha, fógra i scríbhinn á rá go bhfuil beartaithe ag an morgáistí beartaitheach an airnéis-mhorgáiste beartaithe a ghlacadh;

[EN]

(ii) mura gcomhlíona an morgáistí beartaitheach fo-mhír (i) den mhír seo maidir le haon chreidiúnóir láithreach, is tuigthe an airnéis-mhorgáiste beartaithe a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail i gcoinne an chreidiúnóra láithrigh sin;

[EN]

(iii) má déantar an airnéis-mhorgáiste beartaithe laistigh de dheich lá i ndiaidh an lae a comhlíonadh fo-mhír (i) den mhír seo, is tuigthe an airnéismhorgáiste beartaithe a bheith calaoiseach agus ar neamhní amhail i gcoinne gach creidiúnóra láithrigh a bheas sonraithe sa ráiteas.

[EN]

(2) Gach duine a dhéanfas ráiteas i scríbhinn de bhun míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo a bheas, go bhfios dó, bréagach nó míthreorach in aon phonc abhartha, beidh sé ciontach in oilghníomh agus ar a chiontú ann dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt, piantseirbhís ar feadh trí bliana nó príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá bhliain.

[EN]

Billí díola stoic a neamhniú.

35.—Gach bille díola stoic (pé acu a bheas nó ná beidh aon airnéisí eile ann) a déanfar tar éis an tAcht seo a rith, beidh sé, d'ainneoin aon ní sna Bills of Sale Acts, 1879 and 1883, ar neamhní agus gan éifeacht agus dochláruithe faoi na hAchta sin.

[EN]

Feidhm ag Cuid III maidir le hairnéismhorgáistí faoin bPríomh-Acht.

36.—Gach airnéis-mhorgáiste a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, cláraithe go cuí do réir ailt 25 den Phríomh-Acht, is tuigthe é a bheith arna chlárú go cuí faoi alt 24 den Acht seo, agus beidh feidhm dá réir sin ag an gCuid seo maidir leis an airnéis-mhorgáiste sin.

CUID IV.

Muirir ar Thalamh I bhFabhar na Corparaide.

Caibidil I.

Réamhráiteach.

[EN]

Mínithe chun críocha Coda IV.

37.—Sa Chuid seo—

[EN]Acht 1891.

ciallaíonn an abairt “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891, arna leasú leis an Acht um Chlárú Teidil, 1942 (Uimh. 26 de 1942);

[EN]éilimh chothromais i gcoinne tailimh chláraithe.

déanfar tagairtí d'éilimh chothromais i gcoinne tailimh chláraithe a léiriú mar thagairtí d'eastáit agus do leasa sa talamh sin, agus d'eirí air agus d'éilimh ina choinne, ná beidh, ar dháta cláruithe éilimh thosaíochta i gcoinne an tailimh sin, iontrálta sa chlár de ruílseoirí ach a bheas arna gcaomhaint de bhuaidh an talamh sin a bheith cláraithe faoi chothromais;

[EN]éilitheoir cothromais i gcoinne tailimh chláraithe.

déanfar tagairtí d'éilitheoir cothromais a léiriú mar thagairtí do dhuine ag á bhfuil teideal chun éilimh chothromais i gcoinne tailimh chláraithe;

[EN]Coimisiún na Talún.

ciallaíonn an abairt “Coimisiún na Talún” Coimisiún Talún na hÉireann;

[EN]morgáisteoir.

ciallaíonn an focal “morgáisteoir” duine a bheas tar éis éileamh tosaíochta a thabhairt agus oidhrí, seiceadóirí, riarthóirí agus sannaithe an duine sin;

[EN]suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún).

ciallaíonn an abairt “suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún)” aon tsuim is iníoctha de thuras na huaire le Coimisiún na Talún agus is—

[EN]

(a) cíos, nó

[EN]

(b) ús in ionad cíosa, nó

[EN]

(c) íocaíocht in ionad cíosa, nó

[EN]

(d) ús ar airgead ceannaigh, nó

[EN]

(e) aon íocaíocht bhliantúil nó aon íocaíocht tréimhsiúil eile de shaghas ar bith;

[EN]muirear buanfheabhsuithe.

ciallaíonn an abairt “muirear buanfheabhsuithe,” maidir le haon talamh, muirear tosaíochta ar an talamh sin a gcruthóidh an morgáisteoir ina thaobh—

[EN]

(a) gur chun críocha buanfheabhsuithe amháin a rinne an Chorparáid an bhuntsuim a bheas urraithe leis an muirear sin a airleacan, agus

[EN]

(b) gur chun críche nó críocha acu sin a caitheadh an bhuntsuim sin;

[EN]críocha buanfheabhsuithe.

ciallaíonn an abairt “críocha buanfheabhsuithe,” maidir le muirear ar thalamh, aon chríoch nó críocha acu seo a leanas—

[EN]

(a) foirgintí a thógáil, a athrú, a fheabhsú nó a dheisiú ar an talamh sin,

[EN]

(b) buan-fheabhsuithe a dhéanamh ar an talamh sin a raghadh chun táirgíulacht an tailimh sin a mhéadú nó chun an méadú sin a urasú nó chun cabhruithe leis,

[EN]

(c) na costais agus an caiteachas a íoc a bhainfeas leis an airgead a fháil ar iasacht a bheas urraithe leis an muirear sin agus a bhainfeas le hurrús a aisíoctha a thabhairt;

[EN]muirear tosaíochta ar thalamh.

ciallaíonn an abairt “muirear tosaíochta”—

[EN]

(a) maidir le talamh cláraithe, muirear ar an talamh cláraithe sin a dtugtar tosaíocht dó le halt 39 den Acht seo,

[EN]

(b) maidir le talamh neamchláraithe, muirear ar an talamh neamhchláraithe sin a dtugtar tosaíocht dó le halt 42 den Acht seo;

éilimh íochtaracha i gcoinne tailimh neamhchláraithe.

ciallaíonn an abairt “éileamh íochtarach,” maidir le talamh neamhchláraithe, aon eastát nó leas i dtalamh den tsórt sin nó aon eire air nó aon éileamh ina choinne a ndéanfar, de bhuaidh ailt 42 den Acht seo, a thosaíocht a chur ar gcúl chun go dtiocfaidh i ndiaidh muirir thosaíochta ar an talamh sin;

éilitheoir íochtarach i gcoinne tailimh neamhchláraithe.

ciallaíonn an abairt “éilitheoir íochtarach,” maidir le talamh neamhchláraithe, duine ag á mbeidh teideal chun éilimh íochtaraigh;

clár de ruílseoirí.

ciallaíonn an abairt “clár de ruílseoirí” clár de ruílseoirí a cothabháltar faoi Acht 1891;

talamh cláraithe.

ciallaíonn an abairt “talamh cláraithe” talamh arna chlárú i gclár de ruílseoirí;

cláraithe faoi réir cothromas.

ciallaíonn an abairt “cláraithe faoi réir cothromas,” maidir le talamh cláraithe, cláraithe faoi réir nóta go bhfuil an talamh sin cláraithe faoi réir a bheith tuigthe na cearta nó na cothromais (más ann) a bheas ag éirí as an leas a bheas dílsithe i nduine a cheannaigh an céanna faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh a bheith ina ngreamacht ar an leas a bhí roimhe sin ag an gceannaitheoir sin nó a bheas ag éirí in aon tslí eile de dhroim an leas sin roimhe sin a bheith ann;

an t-údarás clárúcháin.

ciallaíonn an abairt “an t-údarás clárúcháin” an t-údarás clárúcháin faoi Acht 1891;

clárú.

ciallaíonn an briathar “clárú” clárú i gclár de ruílseoirí, agus léireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

Clarlann na nDintiúirí.

ciallaíonn an abairt “Clarlann na nDintiúirí” an oifig chun ghíomhais, tíolacais agus uachta a chlárú in Éirinn;

talamh neamhchláraithe.

ciallaíonn an abairt “talamh neamchláraithe” talamh atá, ar dháta forghníomhuithe na hionstraime muirir iomchuí i bhfábhar na Corparáide, faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún) agus nach talamh cláraithe.

[EN]

Feidhm ag Cuid IV maidir le muirir láithreacha ar thalamh i bhfábhar na Corparáide.

38.—Baineann an Chuid seo le gach muirear ar thalamh a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith i bhfábhar na Corparáide agus a bhí ar marthain díreach roimh an dáta sin agus lena mbainfeadh an Chuid seo dá mbeadh sé i bhfeidhm nuair a tugadh an muirear sin, agus is tuigthe aon imeachta a bunaíodh nó aon ní a rinneadh roimh an dáta sin maidir leis an muirear sin faoi aon fhoráil de na hAchta a hathghairmtear leis an Acht seo a bheith arna mbunú nó arna dhéanamh faoi fhoráil chomhréire den Acht seo.

CAIBIDIL II.

Talamh Cláraithe.

[EN]

Tosaíocht mhuirear áirithe i bhfábhar na Corparáide ar thalamh cláraithe.

39.—(1) I gcás—

[EN]

(a)  (i) duine a bheith cláraithe i gclár de ruílseoirí mar lán-únaer ar thalamh, agus

[EN]

(ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus

[EN]

(iii) an duine sin do mhuirearú an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus

[EN]

(iv) an muirear sin a chlárú go cuí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin,

[EN]

[EN]

(b)  (i) duine, a bheas cláraithe i gclár de ruílseoirí mar lán-únaer ar thalamh, a bheith tar éis bháis, agus

[EN]

(ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus

[EN]

(iii) an duine is ionadaí pearsanta (pé acu a bheas nó ná beidh a ainm iontrálta sa chlár sin mar lán-únaer faoi réir toirmisc) don duine marbh sin, i gcáil ionadaí phearsanta dhó, do mhuirearú an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus

[EN]

(iv) an muirear sin a chlárú go cuí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin,

[EN]

[EN]

(c)  (i) duine a bheith cláraithe i gclár de ruílseoirí mar únaer teoranta ar thalamh, agus

[EN]

(ii) an talamh sin a bheith cláraithe faoi réir cothromas, agus

[EN]

(iii) an duine sin nó sannaí eastáit teoranta an duine sin maraon leis an duine nó gach duine ag á mbeidh teideal chun an tailimh sin, le haghaidh eastáit nó eastát fuíll nó súilíochta d'éis nó do threascairt eastáit an duine sin a céadluaitear, do mhuirearú an tailimh sin, i gcomhar, i bhfábhar na Corparáide le híoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus

[EN]

(iv) an muirear sin a chlárú go suí sa chlár sin mar ualach ar an talamh sin,

[EN]

ansin, faoi réir forál an ailt seo, beidh tosaíocht agus sáraíocht, amhail i gcoinne an tailimh sin, ag an muirear sin (a léireofar a bheith ag sroicheadh, i dteannta na buntsuime sin agus an úis a bheas urraithe léi, chun costas agus caiteachais na n-imeacht dlí uile a thionscnós an Chorparáid chun an méid a bhaint amach a bheas dlite tráth ar bith ar scór na buntsuime agus an úis sin) ar gach éileamh cothromais i gcoinne an tailimh sin.

[EN]

(2) Más rud é—

[EN]

(a) ar dháta ionstraime a chruthnós muirear ar thalamh cláraithe a bheadh, mura mbeadh an fo-alt seo, ina mhuirear tosaíochta ar é a chlárú, go mbeidh rabhadh faoi alt 69 d'Acht 1891 i leith an tailimh sin ar an gclár, agus

[EN]

(b) gur duine a bhí á éileamh teideal a bheith aige chun éilimh chothromais i gcoinne an tailimh sin a lóisteáil an rabhadh sin, agus

[EN]

(c) go ndéanfar, tráth ar bith tar éis an muirear sin a chlárú, an t-éileamh cothromais sin a chlárú mar eastát nó leas sa talamh sin nó mar ualach air,

[EN]

ansin, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, déanfar, mura n-aontaí an duine sin lena mhalairt, tosaíochta faoi seach an mhuirir sin agus an éilimh chothromais sin a chinneadh amhail is nár hachtaíodh an fo-alt sin (1).

[EN]

Cearta daoine ag á bhfuil leasa cothromais i gcoinne tailimh chláraithe faoi mhuirir thosaíochta nach muirir bhuan-Jheabhsuithe

40.—(1) Aon mhuirear tosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirear buanfheabhsuithe ar an talamh sin, is tuigthe, amhail idir an morgáisteoir agus éilitheoirí cothromais (seachas an morgáisteoir) i gcoinne an tailimh sin, é a bheith arna mhuirearú ar gach uile eastát agus leas (más ann) sa talamh sin a raibh, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú, nó a mbeidh, tráth ar bith ina dhiaidh sin, teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sin chuige do shlánú gach éilimh chothromais i gcoinne an tailimh sin ag éilitheoirí cothromais seachas an morgáisteoir.

[EN]

(2) An t-airgead go léir a bheas íoctha leis an gCorparáid ag éilitheoir cothromais (seachas an morgáisteoir), nó as a scair nó a eastát nó a leas, ar scor muirir thosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirear buanfheabhsuithe ar an talamh sin, déanfaidh an morgáisteoir é a aisíoc, arna éileamh, leis an éilitheoir cothromais sin maraon le hús air do réir trí faoin gcéad sa bhliain agus, go dtí go n-aisíocfar é amhlaidh, beidh an t-airgead sin agus an t-ús sin airina fhiach ar an morgáisteoir ag an éilitheoir cothromais sin agus is tuigthe é a bheith arna mhuirearú i bhfábhar an éilitheora chothromais sin ar gach uile eastát agus leas (más ann) chun a mbeidh teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sin sa talamh sin nó ar thoradh a dhíolta sin ar dháta na híocaíochta sin a dhéanamh leis an gCorparáid.

[EN]

Mionaoisigh agus daoine mímheabhracha a chosaint i leith muirear tosaíochta ar thalamh cláraithe nach muirir shuanfheabhbuithe.

41.—(1) I gcás talamh cláraithe a bheith faoi mhuirear tosaíochta nach muirear buanfheabhsuithe agus éilitheoir cothromais i gcoinne an tailimh sin a bheith, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú, faoi bhun bliana is fiche d'aois nó ina dhuine mímheabhrach, beidh an t-éilitheoir cothromais sin i dteideal, tráth ar bith tar éis an chláruithe sin (ach, i gcás é a bheith faoi bhun bliana is fiche d'aois ar dháta an chláruithe sin, ní bheidh tar éis dó bheith cuig bliana fichead d'aois) ordú a fháil ón gCúirt Chuarda á ordú don mhorgáisteoir, trí é do thabhairt urrúis, do lóisteáil airgid sa Chúirt nó do dhéanamh pé ní eile a cheadós an Chúirt, slánaíocht a thabhairt don éilitheoir cothromais sin a mheasfas an Chúirt is leor mar chosaint ar a éileamh cothromais i gcoinne an mhuirir thosaíochta sin agus á ordú, mura dtuga an morgáisteoir an tslánaíocht sin laistigh de thrí mhí tar éis dáta an orduithe sin, go ndíolfaidh an Chúirt an talamh cláraithe sin agus go n-úsáidfear do réir dlí toradh an díola sin agus, in aon chás, go n-íocfaidh an morgáisteoir costais an éilitheora chothromais sin maidir leis an ordú sin, leis an iarratas dá iarraidh agus leis na himeachta uile faoin gcéanna arna bhfómhas amhail idir aturnae agus clianta.

[EN]

(2) Aon tslánaíocht a bhéarfas morgáisteoir de bhun orduithe faoin bhfo-alt sin roimhe seo, beidh sí infhorfheidhmithe, le cead na Cúirte Cuarda agus i pé slí a ordós an Chúirt sin, aon uair a déanfar an muirear tosaíochta, ar ina leith a tugadh an tslánaíocht sin, a fhorfheidhmiú chun dochair an éilimh chothromais ar chun a chosanta a tugadh an tslánaíocht sin nó i pé tosca eile a mheasfas an Chúirt sin a bheir é a bheith ceart agus cothrom an tslánaíocht sin a fhorfheidhmiú.

[EN]

(3) Na cearta agus na tairbhí a bheirtear d'aon éilitheoir cothromais leis an alt seo is cearta agus tairbhí iad i dteannta, agus ní cearta agus tairbhí, iad chun dochair, aon chearta nó tairbhí eile a mbeidh teideal aige chucu faoin Acht seo.

[EN]

(4) Ní déanfar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a dheonadh gan fógra don mhorgáisteoir, mura dóigh leis an gCúirt gur cuí ná tabharfaí an fógra sin.

CAIBIDIL III.

Talamh Neamhchláraithe.

[EN]

Tosaíocht mhuirear áirithe i bhfábhar na Corparáide ar thalamh neamhchláraithe.

42.—(1) I gcás—

[EN]

(a)  (i) duine a bheith ag áitiú tailimh atá de thuras na huaire faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiún na Talún), agus

[EN]

(ii) Coimisiún na Talún dá dheimhniú gurb é an duine sin an duine ag á bhfuil an tsuim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) sin iníoctha ar dháta an deimhnithe sin, agus

[EN]

(iii) an duine sin (ina aonar nó i gcomhar le daoine eile) do mhuirearú, laistigh de mhí i ndiaidh dáta an deimhnithe sin, an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus

[EN]

(iv) ionstraim an mhuirearuithe sin a chlárú go cuí i gClarlann na nDintiúirí,

[EN]

[EN]

(b)  (i) duine (dá ngairmtear an t-ionadaí pearsanta sa mhír seo) a bheith, i gcáil ionadaí phearsanta dhuine mhairbh dó, ag áitiú tailimh atá de thuras na huaire faoi réir suime tréimhsiúla (Coimisiun na Talún), agus

[EN]

(ii) Coimisiún na Talún dá dheimhniú maidir leis an talamh sin go bhfuil suim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) iníoctha ar dháta an deimhnithe sin ag an ionadaí pearsanta, agus

[EN]

(iii) an t-ionadaí pearsanta (ina aonar nó i gcomhar le daoine eile) do mhuirearú, laistigh de mhí i ndiaidh dáta an deimhnithe sin, an tailimh sin i bhfábhar na Corparáide le haisíoc buntsuime nach mó ná ceithre chéad punt agus aon úis, agus

[EN]

(iv) ionstraim an mhuirearuithe sin a chlárú go cuí i gClarlann na nDintiúirí,

[EN]

ansin, faoi réir forál an ailt seo, beidh tosaíocht agus sáraíocht, amhail i gcoinne an tailimh a bheas muirearaithe amhlaidh, ag an muirear sin (a léireofar a bheith ag sroicheadh, i dteannta na buntsuime sin agus an úis sin, chun costas agus caiteachais na n-imeacht dlí uile a thionscnós an Chorparáid chun an méid a bhaint amach a bheas dlite tráth ar bith ag an gCorparáid ar scór na buntsuime agus an úis sin) ar gach eastát agus leas sa talamh sin agus ar gach eire agus ualach air a bheas ar marthain ar dháta na hionstraime sin ach amháin an tsuim thréimhsiúil (Coimisiún na Talún) sin, riaráistí dlúthshocraithe cíosa do réir bhrí na nAcht Talamh-Cheannaigh, morgáistí i bhfábhar Choimisiún na Talún, aon bhlianacht talamh-cheannaigh a muirearófar dá éis sin ar an talamh sin faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, aon bhlianacht, cíos-mhuirear nó íocaíocht tréimhsiúil eile is iníoctha le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, aon mhuirear nó morgáiste i bhfábhar na gCoimisinéirí sin ar scór aon airgid a bheas dlite nó iníoctha leo i leith iasachta áitiúla do réir bhrí Achta Chiste na nIasacht Áitiúla, 1935 (Uimh. 16 de 1935), agus aon mhuirear acu sin a luaitear i míreanna (a), (b), (d), (e) agus (g) d'alt 47 d'Acht 1891.

[EN]

(2) Más rud é, ar dháta ionstraime a chuirfeas muirear ar thalamh a bheadh, ar an ionstraim sin a chlárú i gClarlann na nDintiúirí, i dteideal tosaíochta faoin alt seo mura mbeadh an fo-alt seo, go mbeidh rabhadh faoi alt 61 d'Acht 1891, arna leathnú le halt 43 den Acht seo, i gClarlann na Talún i leith an tailimh sin, ansin, d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, déanfar, mura n-aontaí an duine a lóisteáil an rabhadh sin lena mhalairt, tosaíochta faoi seach an mhuirir sin agus eastáit, leasa, eire nó éilimh eile an duine sin i gcoinne an tailimh sin a chinneadh amhail is nár hachtaíodh fo-alt (1) den alt seo.

[EN]

Eilitheoirí íochtaracha do lóisteáil rabhadh i gcoinne tailimh neamhchláraithe.

43.—(1) Duine ar bith a bheas á éileamh go bhfuil teideal aige chun eastáit nó leasa in aon talamh neamhchláraithe nó chun eire air nó chun éilimh ina choinne is éileamh íochtarach i gcoinne an tailimh sin nó a thiocfadh chun bheith ina éileamh íochtarach i gcoinne an tailimh sin dá gcruthnaítí muirear tosaíochta ar an talamh sin, féadfaidh sé (pé acu bheas nó ná beidh an ionstraim (más ann) faoinar éirigh an t-éileamh sin cláraithe i gClarlann na nDintiúirí) rabhadh a lóisteáil, faoi alt 61 d'Acht 1891, i gcoinne clárú a dhéanamh i gcoinne an tailimh sin, ar dháta nó tar éis dáta a chéad-chláruithe, ar aon deighleáil leis an talamh sin i bhfábhar na Corparáide chun dochar don éileamh sin.

[EN]

(2) I gcás rabhadh a lóisteáil faoi alt 61 d'Acht 1891, arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo, i leith aon tailimh ní bhainfidh fo-alt (2) den alt sin 61 leis an rabhadh sin ach ina ionad sin déanfar, ar an talamh sin a chéad-chlárú, an rabhadh sin a iontráil sa bhfóile a bhaineas leis an talamh sin mar rabhadh a lóisteáladh faoi alt 69 d'Acht 1891 agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Cearta éilitheoirí íochtaracha i gcoinne tailimh neamhchláraithe faoi mhuirir thosaíochta nach muirir bhuanfheabhsuithe.

44.—(1) Aon mhuirear tosaíochta ar thalamh neamhchláraithe nach muirear buanfheabhsuithe i gcoinne an tailimh sin, is tuigthe, amhail idir an morgáisteoir agus éilitheoirí íochtaracha i gcoinne an tailimh sin, é a bheith arna mhuirearú ar gach uile eastát agus leas (más ann) sa talamh sin a raibh, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú i gClarlann na nDintiúirí, nó a mbeidh, tráth ar bith ina dhiaidh sin, teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sin chuige do shlánú gach éilimh íochtaraigh i gcoinne an tailimh sin ag éilitheoirí íochtaracha.

[EN]

(2) An t-airgead go léir a bheas íoctha leis an gCorparáid ag éilitheoir íochtarach (seachas an morgáisteoir) i gcoinne tailimh neamhchláraithe, nó as scair, eastát nó leas an éilitheora íochtaraigh sin, ar scór muirir thosaíochta nach muirear buanfheabhsuithe ar an talamh sin, déanfaidh an morgáisteoir é a aisíoc, arna éileamh, leis an éilitheoir íochtarach sin maraon le hús air do réir trí faoin gcéad sa bhliain agus, go dtí go n-aisíocfar é amhlaidh, beidh an t-airgead sin agus an t-ús sin air ina fhiach ar an morgáisteoir ag an éilitheoir íochtarach sin agus is tuigthe é a bheith arna mhuirearú i bhfábhar an éilitheora íochtaraigh sin ar gach uile eastát agus leas (más ann) chun a mbeidh teideal tairbhiúil ag an morgáisteoir sa talamh sin nó ar thoradh a dhíolta sin ar dháta na híocaíochta sin a dhéanamh leis an gCorparáid.

[EN]

Mionaoisigh agus daoine mímheabhracha a chosaint i leith muirear tosaíochta ar thalamh neamhhlá raithe nach muirir bhuanfheabhsuithe.

45.—(1) I gcás talamh neamhchláraithe a bheith faoi mhuirear tosaíochta nach muirear buanfheabhsuithe agus éilitheoir íochtarach i gcoinne an tailimh sin a bheith, ar dháta an mhuirir thosaíochta sin a chlárú, faoi bhun bliana is fiche d'aois nó ina dhuine mímheabrach, beidh an t-éilitheoir íochtarach sin i dteideal, tráth ar bith tar éis an chláruithe sin (ach, i gcás an t-éilitheoir íochtarach sin a bheith faoi bhun bliana is fiche d'aois tráth an chláruithe sin, ní bheidh tar éis dó bheith cúig bliana fichead d'aois) ordú a fháil ón gCúirt Chuarda á ordú don mhorgáisteoir, trí é do thabhairt urrúis, do lóisteáil airgid sa Chúirt nó do dhéanamh pé ní eile a cheadós an Chúirt, slánaíocht a thabhairt don éilitheoir íochtarach sin a mheasfas an Chúirt is leor mar chosaint ar a éileamh íochtarach i gcoinne an mhuirir thosaíochta sin agus á ordú, mura dtuga an morgáisteoir an tslánaíocht sin laistigh de thrí mhí tar éis dáta an orduithe sin, go ndíolfaidh an Chúirt an talamh sin agus go n-úsáidfear do réir dlí toradh an díola sin agus, in aon chás, go n-íocfaidh an morgáisteoir costais an éilitheora íochtaraigh sin maidir leis an ordú sin, leis an iarratas dá iarraidh agus leis na himeachta uile faoin gcéanna arna bhfómhas amhail idir aturnae agus clianta.

[EN]

(2) Aon tslánaíocht a bhéarfas morgáisteoir de bhun orduithe faoin bhfo-alt sin roimhe seo, beidh sí infhorfheidhmithe, le cead na Cúirte Cuarda agus i pé slí a ordós an Chúirt sin, aon uair a déanfar an muirear tosaíochta, ar ina leith a tugadh an tslánaíocht sin, a fhorfeidhmiú chun dochair an éilimh íochtaraigh ar chun a chosanta a tugadh an tslánaíocht sin nó i pé tosca eile a mheasfas an Chúirt sin a bheir é a bheith ceart agus cothrom an tslánaíocht sin a fhorfheidhmiú.

[EN]

(3) Na cearta agus na tairbhí a bheirtear d'aon éilitheoir íochtarach leis an alt seo, is cearta agus tairbhí iad i dteannta, agus ní cearta agus tairbhí iad chun dochair, aon chearta agus tairbhí eile a mbeidh teideal ag an éilitheoir íochtarach sin chucu faoin Acht seo.

[EN]

(4) Ní déanfar aon ordú faoi fho-alt (1) den alt seo a dheonadh gan fógra don mhorgáisteoir, mura dóigh leis an gCúirt gur cuí ná tabharfaí an fógra sin.

[EN]

An Chorparáid do lóisteáil rabhadh.

46.—Aon uair a éileos an Chorparáid gurb eireoir í ar thalamh neamchláraithe de bhuaidh ionstraime a bheas cláraithe i gClarlann na nDintiúirí, is dleathach don Chorparáid, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 61 d'Acht 1891, rabhadh faoin alt sin a lóisteáil leis an údarás clárúcháin, agus i gcás rabhadh den tsórt sin a chlárú amhlaidh is dleathach don údárás clárúcháin, ar an talamh sin a chéad-chlárú, an eire a bheas cruthnaithe leis an ionstraim sin a chlárú mar ualach ar an talamh sin agus pé tosaíocht (más ann) aici a bheirtear don eire sin leis an Acht seo nó ar shlí eile do réir dlí.

CAIBIDIL IV.

Forála Ilghnéitheacha maidir le muirir ar thalamh.

[EN]

Muirir ag tionóntaithe saoil.

47.—(1) Duine ar bith is tionónta saoil do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ar aon talamh nó a bhfuil aige, faoi na hAchta sin, cumhachta tionónta shaoil i leith aon tailimh, féadfaidh sé airgead chun críocha buanfheabhsuithe a fháil ar iasacht ón gCorparáid, agus féadfaidh an Chorparáid airgead den tsórt sin a thabhairt ar iasacht do dhuine ar bith den tsórt sin, ar an urrús a húdaraítear anseo ina dhiaidh seo.

[EN]

(2) Aon airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo, íocfaidh an Chorparáid é le hiontaobhaithe, chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, na socraíochta faoinar tionónta saoil an t-iarrthach nó faoina bhfuil cumhachta tionónta shaoil ag an iarrthach nó le daoine a bheas ceaptha faoin alt seo chun an t-airgead sin a ghlacadh, agus beidh an t-airgead sin ina airgead caipitil ag éirí faoin socraíocht sin do réir bhrí na nAcht sin, agus an chríoch chun a bhfaighfear an t-airgead sin ar iasacht faoin alt seo beidh sí, maidir leis an airgead sin, ina crích chun a bhféadfar airgead caipitil a úsáid faoi na hAchta sin, agus bainfidh na hAchta sin leis an airgead sin dá réir sin.

[EN]

(3) I gcás ina mbeartófar airgead a fháil ar iasacht faoin alt seo agus ná beidh iontaobhaithe ann, chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, i leith na socraíochta faoinar tionónta saoil an t-iarrthach nó faoina bhfuil cumhachta tionónta shaoil faoi na hAchta sin ag an iarrthach, agus nach mó ná seasca punt luacháil inrátuithe an tailimh lena mbainfidh an tsocraíocht sin, féadfaidh an tAire Talmhaíochta beirt daoine oiriúnacha (seachas an t-iarrthach) a ainmniú chun an t-airgead sin a ghlacadh agus air sin tiocfaidh na daoine a hainmneofar amhlaidh chun bheith, agus beid, ina n-iontaobhaithe chun críocha na nAcht sin i leith na socraíochta sin maidir leis an airgead sin ach ní chun aon chríche eile ná in aon tslí eile.

[EN]

(4) I gcás ina bhfaighfear airgead ar iasacht faoin alt seo, féadfaidh an t-iarrthach an talamh go léir lena mbainfidh an tsocraíocht faoinar tionónta saoil é nó faoina bhfuil cumhachta tionónta shaoil aige a mhuirearú le haisíoc an airgid a gheofar ar iasacht amhlaidh agus an úis air leis an gCorparáid, agus beidh éifeacht ag an muirear sin mar dhiúscairt faoi na Settled Land Acts, 1882 to 1890, agus, más amhlaidh a bheadh go mba mhuirear tosaíochta an muirear sin dá mba aon duine acu sin a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 39 den Acht seo nó i bhfo-alt (1) d'alt 42 den Acht seo a dhéanfadh é, beidh an muirear sin ina mhuirear tosaíochta agus ina mhuirear buanfheabhsuithe agus bainfidh Caibidil II nó Caibidil III (do réir mar is gá sa chás) den Chuid seo leis an muirear sin dá réir sin.

[EN]

Muirir ag ionadaithe pearsanta.

48.—Beidh ionadaí pearsanta duine mhairbh i dteideal talamh an duine mhairbh sin a mhorgáistiú nó a mhuirearú, trí mhuirear tosaíochta nó eile, dá urrú go n-aisíocfar leis an gCorparáid airleacan nach mó ná ceithre chéad punt maraon leis an ús air a tugadh dó mar ionadaí pearsanta den tsórt sin chun aon chríche a mbeidh teideal ag an gCorparáid airleacan a thabhairt do dhuine ar bith chuici, agus is tuigthe aon mhorgáiste nó muirear a bheas tugtha nó déanta amhlaidh ag an ionadaí pearsanta sin a bheith arna thabhairt nó arna dhéanamh i gcúrsa cuí agus chun críche eastát an duine mhairbh sin a riaradh.

[EN]

Díolacháin ag an gCorparáid faoi mhuirir thosaíochta.

49.—(1) Aon uair a dhéanfas an Chorparáid, i bhfeidhmiú na gcumhacht díola a bheirtear di leis an Conveyancing Act, 1881, nó ar shlí eile mar únaer cláraithe muirir thosaíochta ar thalamh cláraithe, an talamh go léir, nó aon chuid den talamh, a dhíol, a bheas ar áireamh sa bhfóile de chlár de ruílseoirí a mbeidh an muirear tosaíochta sin cláraithe air mar ualach—

[EN]

(a) beidh cumhacht na Corparáide chun talamh a díolfar amlaidh a aistriú chun ceannaitheora an tailimh sin infheidhmithe amhail is ná beadh aon nóta i dtaobh cothromas ar an bhfóile sin,

[EN]

(b) beidh an éifeacht chéanna ag an aistriú sin a bheadh aige dá mba ná beadh aon nóta i dtaobh cothromas ar an bhfóile sin, agus

[EN]

(c) ar an aistrí a chlárú, beidh an nóta sin i dtaobh cothromas arna urscaoileadh sa mhéid a bhainfeas sé leis an talamh a haistríodh amhlaidh.

[EN]

(2) Aon uair a dhéanfas an Chorparáid, i bhfeidhmiú na gcumhacht díola a bheirtear di leis an Conveyancing Act, 1881, nó ar shlí eile mar mhorgáistí faoi réim agus de bhuaidh muirir thosaíochta ar thalamh neamhchláraithe, an talamh sin go léir nó aon chuid de a dhíol,

[EN]

(a) beidh cumhacht na Corparáide chun talamh a díolfar amlaidh a thíolacadh do cheannaitheoir an tailimh sin infheidhmithe chun eastát agus leas uile an mhorgáisteora sa talamh sin a thíolacadh don cheannaitheoir,

[EN]

(b) oibreoidh tíolacadh a dhéanfas an Chorparáid ar an talamh sin, i bhfeidhmiú a cumhacht mar mhorgáistí, chun eastát agus leas uile an mhorgáisteora sa talamh sin a thíolacadh do cheannaitheoir an tailimh sin, agus

[EN]

(c) beidh an éifeacht agus an fheidhm chéanna ag an tíolacadh sin a bheadh aige dá mbeadh ag an morgáisteoir, ar dháta na hionstraime muirir, teideal tairbhiúil chun an eastáit nó an leasa sa talamh sin a cruthnaíodh le haon chomhaontú nó gealltanas ceannaigh a bheas déanta nó is tuigthe a bheith déanta le Coimisiún na Talún aige féin nó a réamhtheachtaithe i dteideal maidir leis an talamh sin agus é saortha ó gach leas, eire agus éileamh ach amháin iad siúd a cosantar agus a heisctear le halt 42 den Acht seo, ach faoi réir gach coinníll (pé acu coinníoll reachtúil é nó coinníoll in aon chomhaontú nó gealltanas ceannaigh) a rinne difir d'eastát nó do leas an mhorgáisteora sa talamh sin díreach sar ar dhíol an Chorparáid é.

[EN]

(3) An t-airgead ceannaigh a gheofar as díol a dhéanfas an Chorparáid, i bhfeidhmiú a cumhacht díola (seachas díol le hordú nó ordachán ón gCúirt), ar thalamh faoi mhuirear tosaíochta, déanfar, ar bheith urscaoilte do gach réamh-eire, más ann, ná beidh an talamh á dhíol faoina réir agus ná beidh tosaíocht uirthi tugtha don mhuirear tosaíochta sin leis na hAchta ná leis an Acht seo, é a úsáid chun íoctha an bhunairgid agus an úis a bheas dlite ar urrús an mhuirir thosaíochta sin agus chun íoctha na gcostas, na dtáillí agus an chaiteachais faoina ndeachaigh an Chorparáid go cuí agus a ghaibh le díol an tailimh sin nó le haon iarracht ar é a dhíol, agus íocfar iarmhar an airgid cheannaigh sin leis an morgáisteoir nó le pé duine nó daoine eile a bheas údaraithe chun admhála a thabhairt ar an toradh as díol na maoine muirearaithe, ar choinníoll i gcónaí go ndéanfaidh an Chorparáid, in aon chás a mbeidh amhras ann cé hé an duine nó cé hiad na daoine a bheas i dteideal an t-iarmhar sin a ghlacadh, an t-iarmhar sin a íoc isteach sa Chúirt de bhun forál an Trustee Act, 1893, nó de bhun forál an Achta sin agus an County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877, do réir mar bheas.

[EN]

(4) Más rud é, tráth ar bith tar éis an t-airgead a bheas urraithe le muirear tosaíochta a theacht chun bheith dlite, go dtionscnóidh an Chorparáid imeachta san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda chun a hurrús a réadú agus go bhfaighfidh ordú nó aithne chun an talamh muirearaithe nó aon chuid de a dhíol mura n-íoctar an méid a bheas dlite don Chorparáid, féadfaidh an Chúirt, ar an gCorparáid dá iarraidh sin, a ordú go ndíolfaidh an Chorparáid an talamh lasmuigh de Chúirt (agus cead ag an gCorparáid tairiscint a dhéanamh ag an díol sin) tráth ar bith tar éis deireadh na tréimhse a bheas ceaptha chun a íoctha leis an ordú nó an aithne sin (d'ainneoin gan aon chuntas ar fhiacha agus eirí ná aon fhiosrú maidir le tosaíochta ná aon chuntas ná fiosrú eile a hordaíodh leis an ordú nó an aithne sin a bheith déanta tráth an díola) agus féadfaidh an Chúirt an praghas forcoimeádta agus luach saothair an cheantálaí a shocrú agus féadfaidh a ordú go ndéanfar iarmhar an airgid cheannaigh a gheofar as an díol sin, ar bheith íoctha agus urscaoilte as an iarmhar sin do gach réamh-eire, más ann, ná beidh an talamh á dhíol faoina réir agus ná beidh tosaíocht uirthí tugtha don mhuirear tosaíochta sin leis na hAchta ná leis an Acht seo, agus an bunairgead, an t-ús agus na costais a bheas dlite don Chorparáid maraon leis na costais agus an caiteachas a bhain agus a ghaibh leis an díol, a íoc isteach sa Chúirt chun creidiúna an agra agus féadfaidh an Chúirt an t-ordachán sin a thabhairt in éagmais aon fhianaise go bhfuil gach páirtí nó aon pháirtí, ag á bhfuil leas sa talamh a hordaíodh a dhíol, i láthair na Cúirte nó faoi cheangal ag an ordú díola nó an aithne dhíola agus ní tuigthe gur imeachta lasmuigh de Chúirt ar fad an díol sin.

[EN]

(5) Ní léireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difir d'aon chumhachta chun talamh a athshealbhú a bheirtear do Choimisiún na Talún leis na hAchta Talamh-Cheannaigh.

[EN]

Talamh faoi mhuirear i bhfábhar na Corparáide a dhíol ag Coimisiún na Talún.

50.—I gcás—

[EN]

(a) Coimisiún na Talún do thairiscint tailimh chun a dhíolta faoi aon chumhacht reachtúil chuige sin atá dílsithe iontu, agus

[EN]

(b) an talamh sin a bheith faoi mhuirear i bhfábhar na Corparáide chun aisíoc airgid a urrú, agus

[EN]

(c) é a bheith ráite san ionstraim muirir gur chun críocha buanfheabhsuithe agus chun na gcríoch sin amháin a hairleacadh an t-airgead sin,

[EN]

díolfar an talamh sin faoin muirear sin i dteannta aon mhuirir, eire nó dliteanais eile nach foláir an talamh sin a dhíol faoina réir.

[EN]

Muirir ag tionóntaithe díshealbhaithe.

51.—D'ainneoin aon ní in alt 35 den Acht Talún, 1927 (Uimh. 19 de 1927),—

[EN]

(a) beidh muirear tosaíochta nó muirear eile i bhfábhar na Corparáide a chruthnaigh tionónta díshealbhaithe ar dháileacht talún a cheannaigh sé faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh ina mhuirear maith bailí ar an talamh sin,

[EN]

(b) féadfaidh an Chorparáid an muirear tosaíochta nó an muirear eile sin a fhorfheidhmiú trí aon phróis nó imeacht dlí.

[EN]

Tagairtí in achtacháin eile do mhuirir bhuanfheabhsuithe a oiriúnú.

52.—Déanfar gach tagairt in aon achtachán (seachas an tAcht seo) do mhuirear buanfheabhsuithe faoi na hAchta a léiriú mar thagairt do mhuirear ar thalamh i bhfábhar na Corparáide chun aon airgead a urrú a mbeidh sé ráite san ionstraim muirir gur chun críocha buanfheabhsuithe a hairleacadh é.

CUID V.

Forala Ilghneitheacha.

[EN]

Fianaise ar fhéichiúnas don Chorparáid.

53.—D'ainneoin aon ní in aon rialacha cúirte nó sna hAchta um Fheidhmiú Orduithe Cúirte, 1926 go 1940, i gcás aon imeacht in aon chúirt dlí chun an Chorparáid d'aisghabháil aon airgid a bheas dlite don Chorparáid pé acu in aghaidh bunairgid, úis nó eile é i leith aon iasachta nó airleacain arna thabhairt ag an gCorparáid (roimh an Acht seo a rith nó dá éis), beidh deimhniú i scríbhinn, a airbheartós a bheith séalaithe le séala na Corparáide á rá go raibh suim shonraithe airgid dlite ar dháta an deimhnithe sin don Chorparáid de dhuine sonraithe, ar scór iasachta nó airleacain sonraithe ón gCorparáid, ina fhianaise prima facie, aon tráth laistigh de mhí i ndiaidh an dáta a bheas airbheartaithe a bheith ar an deimhniú sin agus gan cruthúnas ar shéala na Corparáide ná ar a ghreamú go cuí den deimhniú sin, go bhfuil an tsuim atá sonraithe sa deimhniú sin dlite, agus go bhfanann sé dlite, don Chorparáid den duine agus ar an scór a bheas sonraithe sa deimhniú sin.

[EN]

Deireadh le cumhacht Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn chun iasachta a thabhairt chun críocha áirithe.

54.—Tar éis an tAcht seo a rith ní thabharfaidh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn aon iasacht—

[EN]

(a) chun aon chríche dá luaitear in alt 4 den Land Improvement (Ireland) Act, 1847, arna leathnú le halt 8 den Public Money Drainage Act, 1850, nó leis an Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1852, nó le halt 1 den Labourers (Ireland) Act, 1860, nó le halt 5 den Landed Property Improvement (Ireland) Act, 1866, ná

[EN]

(b) faoi alt 31 den Land Law (Ireland) Act, 1881.

[EN]

Ceapadh chun post sa Chorparáid.

55.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo déanfar ceapacháin chun post i seirbhís na Corparáide do réir pé socruithe, chun a áirithiú gur daoine oiriúnacha cáilithe a ceapfar chucu, a chinnfeas na stiúrthóirí ó am go ham tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí, agus beidh sna socruithe sin—

[EN]

(a) i gcás post sna gráid chléireachais, foráil á ordú gur cáilíocht riachtanach le haghaidh ceapacháin an caighdeán sin eolais ar an nGaeilge a chinnfeas na stiúrthóirí le comhaontú na gCoimisinéirí,

[EN]

(b) i gcás post eile, foráil chun go dtabharfar d'iarrthóirí oiriúnacha cáilithe, a mbeidh caighdeán eolais acu ar an nGaeilge nach lú ná mar chinnfeas na stiúrthóirí, creidiúint i leith an eolais sin.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) le ceapacháin a déanfar i ngnáthchúrsa arduithe chéime, ná

[EN]

(b) le ceapadh fofhostaithe, ná

[EN]

(c) le ceapadh oibrithe tionscail, ná

[EN]

(d) le fostú daoine chun fodhualgais a dhéanamh.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “na stiúrthóirí” stiúrthóirí na Corparáide;

[EN]

ciallaíonn an abairt “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí um Cheapacháin Áitiúla arna gceapadh faoi Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926).

AN SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 4.

CUID I.

Achtachain a hAthghairmtear Amhail ar Dhata agus o Dhata an Achta Seo a Rith.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 24 de 1927.

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1927.

In alt 2, na mínithe ar na focail “talmhaíocht,” “feirmeoir” agus “feirm”;

Cuid III.

Uimh. 22 de 1928.

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1928.

An tAcht iomlán.

Uimh. 30 de 1929.

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1929.

Cuid III;

Ailt 21 agus 22;

fo-alt (2) d'alt 24;

ailt 26, 27 agus 28.

Uimh. 48 de 1936.

An tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936.

Alt 86.

CUID II.

Achtachain a hAthghairmtear Amhail ar an La Ceaptha agus on La Sin Amach Chun Criocha Coda II Den Acht Seo.

Alt 4.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 24 de 1927.

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1927.

Alt 3; fo-ailt (2) agus (3) d'alt 4;

ailt 5, 6 agus 8;

fo-alt (1) d'alt 10;

ailt 11, 12 agus 20.

Uimh. 30 de 1929.

An tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1929.

Ailt 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 12, 23 agus fo-alt (1) d'alt 24.