[EN]

Uimhir 12 de 1972


[EN]

AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1972

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 5 DEN ACHT TOGHCHÁIN, 1963, DO DHÍCHUR DÍCHAILÍOCHTAÍ COMHALTAIS ÁIRITHE MAIDIR LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA AGUS COMHLACHTAÍ GAOLMHARA ÁIRITHE EILE, D'ATHRÚ NA mBLIANTA CHUN TOGHCHÁIN ÁITIÚLA A BHEITH ANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ LE hAGHAIDH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LE TOGHCHÁIN ÁITIÚLA. [4 Iúil, 1972] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Leasú ar alt 5 (2) den Acht Toghcháin, 1963.

1963, Uimh. 19.

1.—Leasaítear leis seo alt 5 (2) den Acht Toghchán, 1963, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a), (b), (c) agus (d):

[EN]

“(a) Beidh duine i dteideal a chláraithe mar thoghthóir rialtais áitiúil i dtoghlimistéar áitiúil má bhíonn bliain is fiche d'aois sroichte aige agus más sa limistéar sin a bhí gnáth-chónaí air an dáta cáilitheach.”.

[EN]

Míchumais áirithe comhaltais maidir le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí gaolmhara áirithe eile a dhíchur.

1939, Uimh. 27.

2.—(1) Ní bheidh duine dícháilithe chun a thofa, a roghnaithe nó a cheaptha ina chomhalta, nó chun bheith ina chomhalta, d'údarás áitiúil, de choiste gairmoideachais nó de choiste talmhaíochta contae—

[EN]

(a) mar gheall ar é d'fháil cúnamh ghinearálta de réir brí an Achta um Chúnamh Phoiblí, 1939, laistigh de dhá mhí dhéag roimh an lá nó ón lá a toghadh é nó a roghnaíodh nó a ceapadh amhlaidh é, nó

[EN]

(b) mar gheall ar é a bhreithniú ina fhéimheach nó é do dhéanamh comhshocraíochta lena chreidiúnaithe laistigh de chúig bliana roimh an lá nó ón lá a toghadh é nó a roghnaíodh nó a ceapadh amhlaidh é.

[EN]

(2) Scoirfidh na forálacha seo a leanas d'Airteagal 12 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Applications of Enactments) Order, 1898, d'éifeacht a bheith acu maidir le comhaltas ar údarás áitiúil, ar choiste gairmoideachais nó ar choiste talmhaíochta contae, is é sin:

[EN]

(a) fomhír (b) de mhir (4),

[EN]

(b) “or has, within or during the time aforesaid, been adjudged bankrupt, or made a composition or arrangement with his creditors” i bhfomhír (c) de mhír (4), agus

[EN]

(c) mír (7).

[EN]

Athrú ar na blianta a mbeidh toghcháin áitiúla ann.

1963, Uimh. 19.

1966, Uimh. 28.

3.—(1) Leasaítear leis seo alt 81 (1) den Acht Toghcháin, 1963, arna leasú de alt 1 den Acht um Thoghcháin Áitiúla, 1966, trí an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) Beidh toghchán do chomhaltaí gach údaráis áitiúil ann sa bhliain 1973 agus i gceann gach cúig bliana ina dhiadh sin.”.

[EN]

(2) Na téarmaí oifige a bheidh ag rith tráth rite an Achta seo i gcás comhaltaí údarás áitiúil beidh siad arna síneadh chun bheith de réir na dtoghchán is túisce a bheidh ann sa bhliain 1973 do chomhaltaí d'údaráis áitiúla tar éis an tAcht seo a rith agus measfar chun gach críche gur toghcháin cheann cúig bliana na toghcháin sin.

[EN]

Athrú ar na blianta chun comhaltaí de choistí freastal scoile a cheapadh.

1926, Uimh. 17.

4.—Na ceapacháin is túisce a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 10 den Acht Freastal Scoile, 1926, déanfar iad sa bhliain 1973 agus measfar gur ceapacháin cheann cúig bliana iad.

[EN]

Foráil maidir le cruinnithe áirithe de choistí gairmoideachais.

1930, Uimh. 29.

5.—Measfar gur cruinnithe cheann cúig bliana na cruinnithe is túisce a bheidh ann tar éis an tAcht seo a rith faoi alt 14 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

6.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla, 1972, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1972, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1966, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

[EN]

(3) Folóidh an comhlua, na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1972, ailt 1 agus 2 den Acht seo.