Uimhir 12 de 1974
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1974
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1974, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar an Acht seo—
(a) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1973, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1974, a ghairm díobh le chéile,
(b) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1973, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1974, a ghairm díobh le chéile,
(c) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1973, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1974, a ghairm díobh le chéile,
(d) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1973, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1974, a ghairm díobh le chéile,
(e) a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1973, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974, a ghairm díobh le chéile.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Leasa Shóisialaigh le hordú.
Mínithe.
3.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Liúntas Leanbhaí (Leasú), 1946;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;
ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Díobhálacha Ceirde), 1966;
ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1970;
ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1973.
CUID II
Cónaí Rialta Leanaí
Leasú ar alt 2 d'Acht 1952 (cónaí rialta).
4.—Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur i ionad fho-alt (6):
“(6) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an Achta seo, de réir rialacháin faoin bhfo-alt seo.”.
Leasuithe ilghnéitheacha de dhroim alt 4.
5.—(1) Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (a cuireadh isteach le halt 109 d'Acht 1952) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an Achta seo agus an Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, mar a fheidhmítear leis an Acht seo iad, de réir na rialachán faoi fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1974) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”.
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 98 d'Acht 1952) d'alt 4 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na míre deiridh :
“déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha na nAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1974, de réir na rialachán faoi fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1974) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”.
(3) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1966 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
“(5) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh atá cáilithe chun críocha an Achta seo a chinneadh, chun críocha an Achta seo, de réir na rialachán faoi fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1974) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952.”.
(4) Leasaítear leis seo alt 22 d'Acht 1970 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an ailt seo agus na rialachán faoi, de réir na rialachán faoi fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1974) d'alt 2 d'Acht 1952.”.
(5) Leasaítear leis seo alt 8 d'Acht 1973 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) :
“(4) Déanfar aon cheist maidir le cónaí rialta linbh cháilithe a chinneadh, chun críocha an ailt seo agus na rialachán faoi, de réir na rialachán faoi fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1974) d'alt 2 d'Acht 1952.”.
Leasú ar alt 77 d'Acht 1952 (pinsin seanaoise).
6.—Leasaítear leis seo alt 77 d'Acht 1952 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2B) (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1970):
“(2B) San alt seo, ciallaíonn ‘leanbh cáilithe’ maidir le héilitheoir nó le pinsinéir—
(a) leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2 (1) den Acht seo, a gcinntear de réir rialacháin faoi alt 2 (6) den Acht seo é a bheith ina chónaí go rialta leis an éilitheoir nó leis an bpinsinéir, nó
(b) i gcás inar bean nach baintreach an t-éilitheoir nó an pinsinéir, leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2 (1) den Acht seo a gcinntear de réir rialacháin faoi alt 2 (6) den Acht seo é a bheith ina chónaí go rialta le fearchéile an éilitheora nó an phinsinéara nó le ceann an teaghlaigh ina bhfuil cónaí uirthi, nó
(c) i gcás inar baintreach an t-éilitheoir nó an pinsinéir—
(i) leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2 (1) den Acht seo, nó
(ii) duine atá os cionn ocht mbliana déag agus faoi bhun bliain is fiche d'aois, atá ag fáil teagaisc lánaimsire lae in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile agus ar leanbh cáilithe mar a mhínítear in alt 2 (1) den Acht seo é dá mbeadh sé faoi bhun ocht mbliana déag d'aois,
agus a gcinntear de réir rialacháin faoi alt 2 (6) den Acht seo é a bheith ina chónaí go rialta léi.”.
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 (deontas báis i leith linbh cháilithe).
7.—Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe (a cuireadh isteach le hAcht 1970) ar “duine árachaithe iomchuí”:—
“ciallaíonn ‘duine árachaithe iomchuí’—
(a) i gcás inar leanbh cáilithe an duine éagtha—
(i) athair nó máthair an duine éagtha sin, nó
(ii) an duine a gcinntear de réir rialacháin faoi fho-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1974) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, an duine éagtha sin a bheith ina chónaí go rialta leis ar dháta a bháis nó gur leis a bheadh sé ina chónaí go rialta amhlaidh murach é a bheith cimithe chun scoile ceartúcháin nó scoile saothair, nó
(iii) céile an duine dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den mír seo,
(b) in aon chás eile—an duine éagtha nó céile an duine éagtha,”.
CUID III
Liúntais Leanaí
Leasú ar alt 5 (2) d'Acht 1946 (leanaí a chónaíonn i bhforais).
8.—Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 5 d'Acht 1946 tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c):
“(c) i gcás leanbh cáilithe a bheith ina chónaí i bhforas agus go ndéantar ranníocaí i leith costas a chothabhála san fhoras sin, measfar é a bheith ina chónaí go rialta leis an duine a gcinnfí de réir na rialacha faoi mhír (a) den fho-alt seo é a bheith ina chónaí go rialta leis murach é a bheith ina chónaí i bhforas ach, i gcás an leanbh a bheith tréigthe nó fágtha ag an duine a measfaí amhlaidh é a bheith ina chónaí go rialta leis, measfar an leanbh a bheith ina chónaí go rialta le ceann an teaghlaigh ar chomhalta de é de ghnáth murach é a bheith ina chónaí i bhforas.”.
Éilimh nua ar liúntais leanaí áirithe ó mháthair nó ó leasmháthair a sheachaint.
9.—(1) I gcás máthair nó leasmháthair linbh cháilithe a bheith ag fáil liúntas leanaí i leith an linbh sin díreach roimh thosach feidhme an Achta seo ar í a bheith ainmnithe de réir rialacháin faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1973, chun an liúntas a fháil, measfar, ar í a theacht chun bheith ina duine cáilithe i leith an linbh sin, go ndearna sí an t-éileamh ar an liúntas sin.
(2) I gcás, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, nach ndearna duine a bhí cáilithe liúntas leanaí a fháil i leith linbh cháilithe máthair nó leasmháthair an linbh a ainmniú amhlaidh chun an liúntas a fháil, measfar an duine sin, má scoireann sé de bheith ina dhuine cáilithe ar thosach feidhme an Achta seo, a bheith ainmnithe ag an duine cáilithe amhlaidh chun an liúntas a fháil mura roghnóidh agus go dtí go roghnóidh an duine cáilithe a mhalairt.
(3) San Acht seo tá le “liúntas leanaí”, “leanbh cáilithe” agus “duine cáilithe” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 1 (1) d'Acht 1946.