[EN]

harp.jpg


Uimhir 12 de 1989


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1989


RIAR NA nALT

Alt

1.

Cúnamh dífhostaíochta — lánúineacha.

2.

Éilimh áirithe.

3.

Neamh-inghnóthaitheacht.

4.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985

1985, Uimh. 14

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988

1988, Uimh. 7

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1931 go 1989

harp.jpg


Uimhir 12 de 1989


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (UIMH. 2), 1989

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1989. [7 Meitheamh, 1989] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Cúnamh dífhostaíochta — lánúineacha.

1.—Leasaítear leis seo alt 12 (arna leasú le halt 25 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1988) den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) I gcás lánúin a bhfuil an bheirt acu i dteideal cúnamh dífhostaíochta a íoc leo, ní rachaidh an méid iomlán is iníoctha leo de bhun Chaibidil 2 de Chuid III den Phríomh-Acht thar an méid a bheadh iníoctha sa chás nach raibh ach aon duine amháin díobh i dteideal cúnamh dífhostaíochta a íoc leis agus gur chleithiúnaí aosaithe an duine eile, agus beidh gach duine acu i dteideal leath an méid a íoc leis a bheadh iníoctha leis dá mba é an duine eile a chleithiúnaí aosaithe.”, agus

[EN]

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(4) I gcás duine de lánúin a bheith i dteideal sochair míchumais, sochair dífhostaíochta, sochair díobhála, pinsin míthreorach, pinsin seanaoise (ranníocach), pinsin seanaoise, pinsin scoir nó pinsin easláine, agus an duine eile a bheith i dteideal cúnaimh dífhostaíochta, ní rachaidh iomlán an méid is iníoctha leo, ar mhodh an tsochair nó an phinsin sin, de réir mar a bheidh, agus an chúnaimh dífhostaíochta sin (dá ngairtear‘an méid iomchuí’san fho-alt seo) thar an méid iomlán sochair nó pinsin, de réir mar a bheidh, nó an méid iomlán cúnaimh dífhostaíochta, cibé acu is mó (dá ngairtear ‘an méid is mó’san fho-alt seo) a bheadh, iníoctha sa chás nach mbeadh ach aon duine amháin den lánúin ag fáil sochair, pinsin nó cúnaimh dífhostaíochta, de réir mar a bheidh, agus go raibh méadú i leith an duine eile mar a chleithiúnaí aosaithe ar áireamh sa sochar, sa phinsean nó sa chúnamh dífhostaíochta; agus i gcás gur mhó, murach an fo-alt seo, an méid iomchuí ná an méid is mó, déanfar an méid cúnaimh dífhostaíochta is iníoctha leis an gcéile atá i dteideal an chúnaimh dífhostaíochta sin a laghdú de mhéid na breise.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn ‘lánúin’ lánúin phósta atá in aontíos nó fear agus bean nach bhfuil pósta le chéile ach atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile mar fhearchéile agus banchéile.

[EN]

(6) I bhfo-alt (4) den alt seo ciallaíonn ‘céile’ gach duine de lánúin i ndáil leis an duine eile.”.

[EN]

Éilimh áirithe.

2.—(1) Duine a éilíonn nó a d'éiligh, an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis, i leith tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, cúnamh dífhostaíochta de mhéid nach mbeadh sé ina theideal dá mbeadh alt 12 infheidhme, ní bheidh sé i dteideal an cúnamh sin a íoc leis ach amháin de réir alt 12.

[EN]

(2) (a) Aon duine nach ndearna, roimh an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, i leith tréimhse roimh dháta an Achta seo a rith, aon mhéid breise i leith cúnaimh dífhostaíochta a éileamh go sonrach ar méid é nach mbeadh sé ina theideal dá mbeadh alt 12 infheidhme, ní bheidh sé i dteideal an méid breise a íoc leis.

[EN]

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “a éileamh” a éileamh i scríbhinn ón Aire nó a éileamh in imeachtaí a tionscnaíodh in aghaidh an Aire in aon chúirt.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “alt 12” fo-ailt (1), (4), (5) agus (6) d'alt 12 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985.

[EN]

Neamhinghnóthaitheacht.

3.—Aon mhéid a íocadh go cuí le haon duine roimh dháta an Achta seo a rith ar mhodh cúnaimh dífhostaíochta a bheadh inghnóthaithe ag an Aire de thoradh an Achta seo, ní bheidh sé inghnóthaithe amhlaidh.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1989, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989, agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1989” an tAcht seo.