Uimhir 7 de 1988
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1988
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. |
Méaduithe
3. | |
4. | |
5. | |
6. | Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh). |
7. | |
8. | |
9. | Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht (rialacháin le haghaidh ranníocaí, etc.). |
Árachas Sóisialach do Dhaoine Féinfhostaithe
10. | |
11. | |
12. | |
13. | Leasú ar alt 78 den Phríomh-Acht (pinsean seanaoise (ranníocach)). |
14. | Leasú ar alt 93 den Phríomh-Acht (pinsean baintrí (ranníocach)). |
15. | |
16. | |
17. | |
18. |
Leasuithe Ilghnéitheacha
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986 | |
Probation of Offenders Act, 1907 | 1907, c. 17 |
Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987 |
Uimhir 7 de 1988
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1988
[An tiontú oifigiúil]
[30 Márta, 1988]
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1988, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, agus an tAcht seo (seachas alt 27) mar aon Acht amháin.
(3) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, agus den Acht seo (seachas alt 27), le chéile.
(4) Féadfar na hAchtanna um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 agus 1988, a ghairm den Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981, agus d'alt 27 den Acht seo, le chéile.
Mínithe.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985;
ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986;
ciallaíonn “Acht 1987” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1987;
tá leis “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.
(2) Déanfar na tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán dá éis sin.
CUID II
Méaduithe
Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).
3.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le halt 2 d'Acht 1987) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 21ú lá d'Iúil, 1988,
(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 25ú lá d'Iúil, 1988,
(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 28ú lá d'Iúil, 1988, agus
(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 29ú lá d'Iúil, 1988.
Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).
4.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le halt 3 d'Acht 1987) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—
(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 20ú lá d'Iúil, 1988,
(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 28ú lá d'Iúil, 1988,
(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 29ú lá d'Iúil, 1988, agus
(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 25ú lá d'Iúil, 1988.
Forlíonadh ar Ioncam Teaghlaigh.
5.—(1) Déantar leis seo alt 232B (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984) den Phríomh-Acht a leasú—
(a) trí “£108” a chur in ionad “£104” (a cuireadh isteach le halt 4 d'Acht 1987), i mír (a), agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (arna leasú leis an alt sin 4):
“(b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £108—
(i) arna mhéadú de £23 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh a áireamh, nó
(ii) arna mhéadú de cibé méideanna a bheidh forordaithe in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí cibé líon leanaí a bheidh forordaithe agus an líon leanaí sin a áireamh.”.
(2) Déantar leis seo alt 232C (2) (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1984) den Phríomh-Acht a leasú tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) (arna leasú le halt 4 d'Acht 1987):
“(b) i gcás teaghlach a bhfuil níos mó ná aon leanbh amháin ar áireamh ann, £16—
(i) arna mhéadú de £7 in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí an cúigiú leanbh agus an cúigiú leanbh a áireamh, nó
(ii) arna mhéadú de cibé rátaí a bheidh forordaithe in aghaidh gach linbh sa bhreis suas go dtí cibé líon leanaí a bheidh forordaithe agus an líon leanaí sin a áireamh.”.
(3) Bainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon éileamh le haghaidh forlíonadh ar ioncam teaghlaigh a fhaightear an 28ú lá d'Iúil, 1988, nó dá éis.
Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).
6.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1987):
“(c) I gcás go raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £16,200 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.
Ranníocaí fostaíochta.
7.—(1) Leasaítear leis seo alt 65 den Phríomh-Acht trí “0.5 faoin gcéad” a chur in ionad “0.43 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1986), i míreanna (a) (ii) agus (b) d'fho-alt (2).
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1988.
Sochar pá-choibhneasa.
8.—(1) Leasaítear leis seo alt 73 (a cuireadh isteach le halt 7 d'Acht 1987) den Phríomh-Acht trí “£66” a chur in ionad “£62”.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 4ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis.
Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht (rialacháin le haghaidh ranníocaí, etc.).
9.—Leasaítear leis seo alt 15 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):
“(cc) ús a bheidh dlite ar riaráistí ranníocaí fostaíochta a tharscaoileadh.”.
CUID III
Árachas Sóisialach do Dhaoine Féinfhostaithe
Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht (léiriú i gcoitinne).
10.—Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Phríomh-Acht—
(a) tríd an míniú ar “ranníoc cáilitheach” a scriosadh, agus
(b) trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:
“ciallaíonn ‘féinfhostaíocht inárachaithe’ féinfhostaíocht den chineál gur ranníocóir féinfhostaithe duine a bheadh ag gabháil di;
ciallaíonn ‘ranníoc cáilitheach’ an ranníoc fostaíochta nó an ranníoc féinfhostaíochta iomchuí a íocadh nó a d'íocfaí murach alt 10 (1) (c) nó alt 17C (d) nó (e) i leith aon duine árachaithe;
ciallaíonn ‘díolaíochtaí ináirithe’, i ndáil le ranníocóir féinfhostaithe, díolaíochtaí (seachas tuilleamh ináirithe, díolaíochtaí neamhairgid agus cibé díolaíochtaí eile a bheidh forordaithe) lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, lúide cibé méid den ranníoc inlamháilte dá dtagraítear i rialacháin 59 agus 60 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960) (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1972 (I.R. Uimh 260 de 1972)) a asbhainfear tráth íoctha na ndíolaíochtaí sin;
ciallaíonn ‘ioncam ináirithe”, i ndáil le ranníocóir féinfhostaithe, an t-ioncam comhiomlán (gan tuilleamh ináirithe, díolaíochtaí ináirithe, ioncam neamhairgid agus cibé ioncam eile a bheidh forordaithe a áireamh), ó gach bunadh in aghaidh na bliana ranníoca arna mheas de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ach gan féachaint d'alt 2 nó d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1969, nó (ach amháin i gcás duine lena mbaineann mír 1 de Chuid IIA den Chéad Sceideal) do Chaibidil 1 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) de Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tar éis cibé méid d'aon asbhaint a bhaint as an ioncam is asbhaint a lamháiltear de bhua na bhforálacha dá dtagraítear in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975, atá le hasbhaint ón ioncam sin nó le fritháireamh ina aghaidh agus é á mhuirearú maidir le cáin ioncaim;
tá le ‘ranníocóir féinfhostaithe’ an bhrí a shanntar dó in alt 17A;
tá le ‘ranníoc féinfhostaíochta’ an bhrí a shanntar dó in alt 17B.”.
Caibidil 1A a chur isteach i gCuid II den Phríomh-Acht.
11.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i gCuid II tar éis Chaibidil 1:
“Caibidil 1A | |
DAOINE ÁRACHAITHE, RANNÍOCAÍ FÉINFHOSTAÍOCHTA | |
Ranníocóirí féinfhostaithe. | 17A.—(1) Faoi réir an Achta seo— (a) is ranníocóir féinfhostaithe chun críocha an Achta seo gach duine os cionn 16 bliana d'aois agus faoi bhun aoise inphinsin (nach duine atá ar áireamh in aon cheann de na haicmí daoine a shonraítear i gCuid IIA den Chéad Sceideal) a bhfuil ioncam ináirithe nó díolaíochtaí ináirithe aige, is cuma an ranníocóir fostaithe é chomh maith, (b) gach duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir fostaithe nó ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair tiocfaidh sé dá chionn sin chun bheith árachaithe faoin Acht seo agus leanfaidh sé, dá éis sin, ar feadh a shaoil de bheith árachaithe amhlaidh, agus (c) i gcás duine nár ranníocóir fostaithe é tráth ar bith, a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair measfar gurb é dáta a theacht faoi árachas an chéad lá den bhliain ranníoca ina dtiocfaidh sé chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe. (2) Faoi réir an Achta seo, má scoireann duine de bheith ina ranníocóir féinfhostaithe ar shlí seachas trí aois inphinsin a shlánú agus go mbeidh ranníocaí cáilitheacha aige i leith 156 sheachtain ranníoca ar a laghad, beidh sé, ar iarratas a dhéanamh sa tslí fhorordaithe agus laistigh den tréimhse fhorordaithe, i dteideal teacht chun bheith ina dhuine árachaithe ag íoc ranníocaí faoin Acht seo go saorálach (dá ngairtear ranníocóir saorálach san Acht seo). (3) Má thagann ranníocóir saorálach chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe scoirfidh sé de bheith ina ranníocóir saorálach. (4) Féadfar a fhoráil le rialacháin— (a) go n-áireofar i measc ranníocóirí féinfhostaithe aicmí daoine nó cuid d'aon aicme daoine den sórt a shonraítear nó a áirítear i gCuid IIA den Chéad Sceideal, (b) go gcuirfear leis na haicmí daoine a shonraítear i gCuid IIA den Chéad Sceideal, (c) go ndéanfar modhnú ar aon cheann d'fhorálacha an Achta seo a bhaineann le ranníocóirí féinfhostaithe. (5) Má bheartaítear rialacháin a dhéanamh chun críocha fho-alt (4), leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. (6) Tiocfaidh fo-alt (1) i ngníomh an 6 Aibreán, 1988. |
Ranníocaí a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. | 17B.—(1) Chun críocha alt 9 beidh, maille leis na ranníocaí dá bhforáiltear leis an alt sin, ranníocaí (dá ngairtear ranníocaí féinfhostaíochta san Acht seo) ann i leith ranníocóirí féinfhostaithe. (2) Íocfar ranníocaí féinfhostaíochta isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh. |
Rátaí ranníocaí féinfhostaíochta agus ábhair ghaolmhara. | 17C.—Íocfaidh ranníocóirí féinfhostaithe ranníocaí féinfhostaíochta de réir na bhforálacha seo a leanas: (a) Faoi réir mhíreanna (b), (d) agus (k), más rud é in aon bhliain ranníoca go mbeidh ioncam ináirithe ag ranníocóir féinfhostaithe beidh ranníoc féinfhostaíochta iníoctha aige— (i) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1988, méid is ionann agus 3 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó £208, cibé acu is mó, (ii) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1989, méid is ionann agus 4 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó £208, cibé acu is mó, agus (iii) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1990, méid is ionann agus 5 faoin gcéad den ioncam ináirithe nó £208, cibé acu is mó. (b) Más rud é maidir le haon bhliain ranníoca go gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim in iúl do ranníocóir féinfhostaithe nach gá dó tuairisceán ar ioncam a thabhairt de réir bhrí alt 48 (1) den Acht Airgeadais, 1986, íocfaidh an ranníocóir féinfhostaithe ranníocaí féinfhostaíochta (cibé acu ina dtráthchodanna nó ar shlí eile de réir mar a fhorordófar) arb é a méid £104 i leith na bliana ranníoca sin. (c) Faoi réir mhíreanna (d) agus (k), más rud é go ndéanfar íocaíocht in aon bhliain ranníoca le ranníocóir féinfhostaithe i leith díolaíochtaí ináirithe an ranníocóra fhéinfhostaithe sin, beidh ranníoc féinfhostaíochta iníoctha aige— (i) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1988, méid is ionann agus 3 faoin gcéad de na díolaíochtaí ináirithe nó £208, cibé acu is mó, (ii) arb é a bheidh ann, le héifeacht ón 6 Aibreán, 1989, méid is ionann agus 4 faoin gcéad de na díolaíochtaí ináirithe nó £208, cibé acu is mó, agus (iii) arb é a bheidh ann le héifeacht ón 6 Aibreán, 1990, méid is ionann agus 5 faoin gcéad de na díolaíochtaí ináirithe nó £208, cibé acu is mó: (d) Ní bheidh ranníocaí faoi mhír (a) nó (c) iníoctha in aon bhliain ranníoca ar an oiread (más ann) d'ioncam ináirithe nó de dhíolaíochtaí ináirithe ranníocóra fhéinfhostaithe don bhliain sin a bheidh de bharrachas ar £16,200. (e) Ní bheidh an ranníoc féinfhostaíochta is iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe de réir mhír (a), (b) nó (c), cibé acu is iomchuí, iníoctha i gcás ranníocóra fhéinfhostaithe a fhaigheann aon cheann díobh seo a leanas: (i) pinsean baintrí (ranníocach); (ii) pinsean baintrí (neamhranníocach); (iii) sochar banchéile thréigthe; (iv) liúntas banchéile thréigthe; (v) sochar báis mar phinsean baintrí faoi alt 50; (vi) liúntas cúnaimh shóisialaigh faoi alt 197; nó (vii) íocaíocht ar comhréir le pinsean dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (v) ó údarás inniúil Ballstáit (seachas an Stát) de chuid na gComhphobal Eorpach faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin na gComhphobal ar fheidhmiú scéimeanna slándála sóisialaí i leith daoine fostaithe agus a dteaghlach a ghluaiseann laistigh de chríoch na gComhphobal Eorpach. (f) Le linn na tréimhse trí mhí dar tús an 1 Deireadh Fómhair, 1990, déanfaidh an tAire, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, forálacha na Caibidle seo agus Chaibidlí 7 agus 11 a athbhreithniú a mhéid a bhaineann siad le ranníocóirí féinfhostaithe. (g) Faoi réir rialachán faoi alt 17D, i gcás gur íoc ranníocóir féinfhostaithe ranníoc féinfhostaíochta de mhéid nach lú ná an méid a bheidh sé faoi dhliteanas a íoc faoi mhír (a) nó an méid a shonraítear i mír (b), cibé acu is iomchuí, measfar gur íoc sé ranníocaí in aghaidh gach seachtaine ranníoca sa bhliain ranníoca sin agus, i gcás ar lú an ranníoc a íocadh ná an méid iomchuí a dúradh measfar nár íoc an ranníocóir féinfhostaithe aon ranníoc i leith aon seachtaine den bhliain ranníoca sin. (h) Féadfaidh an tAire le rialacháin an tsuim a shonraítear i mír (d) a athrú agus beidh éifeacht leis an athrú sin ó thús na bliana ranníoca díreach i ndiaidh na bliana ina ndearnadh na rialacháin. (i) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi mhír (h), leagfar dréacht de na rialacháin atá beartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. (j) Faoi réir fho-alt (3) d'alt 17G, déanfar neamhshuim de ranníocaí féinfhostaíochta nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil na coinníollacha ranníoca d'aon sochar seachas pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí (ranníocach) nó liúntas dílleachta (ranníocach) comhlíonta. (k) Duine a ndlífí air, murach an mhír seo, ranníocaí £208 a íoc faoi mhír (a) agus faoi mhír (c) ní dhlífidh sé ach ranníoc singil £208 a íoc. |
Rialacháin lena bhforáiltear ranníocaí is iníoctha a chinneadh. | 17D.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin le haghaidh ranníocaí is iníoctha, méid nó rátaí na ranníocaí sin agus na seachtainí ranníoca ar ina leith a mheasfar na ranníocaí sin a bheith íoctha, a chinneadh i gcás duine— (a) a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe den chéad uair, (b) a scoirfidh de bheith ina ranníocóir féinfhostaithe, (c) ar ranníocóir fostaithe agus ranníocóir féinfhostaithe é cibé acu go comhthréimhseach nó nach ea, (d) a mbeidh in aon bhliain ranníoca díolaíochtaí ináirithe aige ach nach mbeidh ioncam ináirithe aige, (e) a mbeidh in aon bhliain ranníoca díolaíochtaí ináirithe agus ioncam ináirithe aige, (f) a mbeidh in aon bhliain ranníoca díolaíochtaí ináirithe aige a bhaineann le tréimhse is lú ná an bhliain iomlán, nó (g) a ndlífear air i leith na bliana ranníoca dar críoch an 5 Aibreán, 1989, ranníoc féinfhostaíochta £104 a íoc. (2) Ní chuirfidh rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1) faoi deara do dhuine árachaithe ranníocaí a íoc ar an mbarrachas os cionn £16,200 de chomhiomlán a thuilleamh ináirithe, a dhíolaíochtaí ináirithe agus a ioncaim ináirithe, san iomlán, in aon bhliain ranníoca. (3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘ranníocaí’ ranníocaí fostaíochta is iníoctha faoi alt 10 agus ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha faoi alt 17C. |
Rialacháin lena ndéantar athrú ar rátaí íocaíochta ranníocaí féinfhostaíochta. | 17E.—(1) Féadfar le rialacháin na rátaí nó na méideanna ranníocaí féinfhostaíochta a athrú. (2) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (1), leagfar dréacht díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin. |
Rialacháin chun ranníocaí féinfhostaíochta etc. a bhailiú. | 17F.—(1) Chun críocha ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha faoi alt 17C (b) agus (c), féadfar le rialacháin foráil do na nithe seo a leanas— (a) an t-am agus an modh chun ranníocaí féinfhostaíochta a íoc, (b) ranníocaí féinfhostaíochta a bhailiú agus a ghnóthú agus sonraí a thabhairt i ndáil le ranníocaí féinfhostaíochta, (c) ús a mhuirearú ar riaráistí ranníocaí féinfhostaíochta, (d) ús a tharscaoileadh a bheidh dlite ar riaráistí ranníocaí féinfhostaíochta, (e) na méideanna a mheas a bheidh dlite i leith ranníocaí féinfhostaíochta agus achomhairc i ndáil leis na meastacháin sin, (f) fostóirí do thabhairt tuairisceán i ndáil le tréimhsí féinfhostaíochta inárachaithe, (g) fostóir do bhaint as díolaíochtaí ináirithe ranníocóra fhéinfhostaithe aon ranníoc féinfhostaíochta a gcreideann an fostóir le réasún go bhfuil sé dlite den ranníocóir agus coigeartú in aon chás ró-asbhainte, agus (h) aon ní a bhaineann nó a ghabhann le haon ní dá dtagraítear in aon cheann de na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo. (2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar le rialacháin faoin bhfo-alt sin foráil d'aon fheidhm a bhaineann le ní dá dtagraítear san fho-alt sin a shannadh don Ard-Bhailitheoir nó do cibé duine a bheidh sonraithe. (3) Maidir le forálacha aon achtacháin nó ionstraime a dhéantar faoi reacht a bhaineann le cáin ioncaim a mheas, a bhailiú nó a ghnóthú nó le taifid a iniúchadh chun na gcríoch sin nó a bhaineann le hachomhairc i ndáil le cáin ioncaim, beidh acu, fara aon mhodhnuithe is gá, feidhm i ndáil le ranníocaí féinfhostaíochta i leith díolaíochtaí ináirithe atá de dhualgas ar an Ard-Bhailitheoir a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim. (4) Déanfar ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe in aghaidh bliana ranníoca faoi alt 17C (a) i leith ioncaim ináirithe, a mheasúnú, a mhuirearú agus a íoc ar gach slí ionann is dá mba mhéid cánach ioncaim iad agus féadfar iad a shonrú mar aon suim amháin (dá ngairtear ‘an tsuim chomhiomlánaithe’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) leis an gcáin ioncaim a bheidh in aon ríomh nó measúnacht i leith cánach ioncaim a dhéanfaidh ranníocóir féinfhostaithe nó a dhéanfar air don bhliain mheasúnachta (de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim) a bheidh comhthráthach leis an mbliain ranníoca agus chun na críche sin féadfar na ranníocaí féinfhostaíochta a shonrú amhlaidh d'ainneoin nach bhfuil aon mhéid cánach ioncaim sa ríomh nó sa mheasúnacht sin agus beidh feidhm ag na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim, seachas aon fhorálacha den sórt sin a mhéid a bhaineann siad le haon liúntas, asbhaint nó faoiseamh a dheonú, ionann is mba shuim shingil chánach ioncaim an tsuim chomhiomlánaithe. (5) I gcás go mbeidh éifeacht maidir leis an mbliain mheasúnachta le rogha a dhéantar nó a mheasfar a bheith déanta faoi alt 195 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, déanfar na ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha ag banchéile a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú ionann is dá mba iad ranníocaí a fearchéile iad ar choinníoll nach bhfearfaidh forálacha an fho-ailt seo ar an gceist i dtaobh méid na ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha amhlaidh i leith an fhearchéile nó an bhanchéile. (6) In aon imeachtaí a thionscnófar de bhua an Achta seo, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir nó ag oifigeach a bheidh ceaptha go cuí ag an Aire chuige sin agus a dheimhníonn go bhfuil méid i leith ranníoca fhostaíochta nó fhéinfhostaíochta dlite agus iníoctha ag an gcosantóir beidh sé ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an méid sin dlite agus iníoctha amhlaidh. |
Ranníocaí saorálacha. | 17G.—(1) Is de réir ráta £208 i mbliain ranníoca, a bheidh iníoctha cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé dóigh a fhorordóidh an tAire, a bheidh ranníoc saorálach i gcás duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir saorálach faoi alt 17A (2). (2) Aon ranníocaí saorálacha a íocfaidh duine faoi fho-alt (1), déanfar neamhshuim díobh, faoi réir fho-alt (3), do gach sochar seachas pinsean seanaoise (ranníocach), pinsean baintrí (ranníocach) agus liúntas dílleachta (ranníocach). (3) Aon ranníocaí féinfhostaíochta a íocfaidh duine, is ranníocóir saorálach a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe an 6 Aibreán, 1988, nó dá éis, agus aon ranníocaí saorálacha dá éis sin a íocfaidh daoine den sórt sin, beidh siad ináirithe freisin— (a) i gcás duine ar cinneadh a ráta ranníoca shaorálaigh faoi alt 11 (1) (b) (i) díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir saorálach, do shochar banchéile thréigthe, (b) i gcás duine ar cinneadh a ráta ranníoca shaorálaigh faoi alt 11 (1) (b) (ii) díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir saorálach, do phinsean scoir, do shochar banchéile thréigthe agus do dheontas báis, agus (c) i gcás duine ar cinneadh a ráta ranníoca shaorálagh faoi alt 11 (1) (b) (iii) díreach sular scoir sé de bheith ina ranníocóir saorálach, do phinsean scoir agus do dheontas báis. (4) Measfar, maidir le ranníoc saorálach a íocadh faoi fho-alt (1), gur íocadh é in aghaidh gach seachtaine ranníoca sa bhliain ranníoca sin. (5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6 Aibreán, 1988.”. |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.
12.—Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid II:
“CUID IIA
RANNÍOCÓIRÍ FÉINFHOSTAITHE EISCTHE
1. Gaol forordaithe leis an ranníocóir féinfhostaithe nach comhpháirtí é, i gcás go mbeidh sé páirteach i ngnó an ranníocóra fhéinfhostaithe agus go ndéanfaidh sé na tascanna céanna nó tascanna foghabhálacha.
2. Ranníocóir féinfhostaithe atá, de bhua fhorálacha ailt 137 agus 138, ag fáil cúnaimh dhífhostaíochta.
3. Duine a mbeidh comhiomlán a ioncaim ináirithe, a dhíolaíochtaí ináirithe nó a thuillimh ináirithe (más ann) go huile, sula n-asbhainfear an oiread sin d'aon asbhaint—
(a) a lamháiltear de bhua na bhforálacha dá dtagraítear in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975, a asbhaint nó a fhritháireamh in aghaidh ioncaim agus é á mhuirearú i leith cánach ioncaim, nó
(b) a lamháiltear de réir rialacháin 59 agus 60 de na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960) (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1972 (I.R. Uimh. 260 de 1972)), a asbhaint ar dhíolaíochtaí nó tuilleamh a íoc,
faoi bhun méid forordaithe.
4. Ranníocóir fostaithe nó duine a bheidh ag fáil pinsin a thig as fostaíocht roimhe sin agus i gcás ceachtar acu nach mbeidh ioncam lena mbaineann Caibidil II nó III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar áireamh san ioncam ináirithe don bhliain ranníoca.
5. Duine a bheidh fostaithe in aon fhostaíocht nó in aon fhostaíochtaí a shonraítear i Rialacháin faoi alt 7, ar fostaíochtaí iad nach n-áirítear na ranníocaí is iníoctha maidir leo faoi na Rialacháin sin ach amháin i ndáil le pinsean baintrí (ranníocach), sochar banchéile thréigthe no liúntas dílleachta (ranníocach) a dheonú agus nach n-áirítear iad i ndáil le haon sochar eile a dheonú.”.
Leasú ar alt 78 den Phríomh-Acht (pinsean seanaoise (ranníocach)).
13.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 78:
“78A. Chun críocha na Caibidle seo i gcás duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe an 6 Aibreán, 1988, agus ar ranníocóir fostaithe é tráth ar bith roimh an dáta sin measfar gurb é an dáta ar tháinig sé faoi árachas den chéad uair nó an 6 Aibreán, 1988, cibé acu is fabhraí dó, an dáta ar tháinig sé faoi árachas:
Ar choinníoll má mheastar amhlaidh faoi dháta seachas an dáta ar tháinig an t-éilitheoir faoi árachas den chéad uair, go measfar gurb é an dáta sin an dáta ar tháinig sé faoi árachas chun críocha mhíreanna (a) agus (c) d'alt 79 (1).”.
Leasú ar alt 93 den Phríomh-Acht (pinsean baintrí (ranníocach)).
14.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 93:
“93A. Chun críocha alt 93 (1) (b) i gcás duine a thiocfaidh chun bheith ina ranníocóir féinfhostaithe an 6 Aibreán, 1988, agus ar ranníocóir fostaithe é tráth ar bith roimh an dáta sin measfar gurb é an dáta ar tháinig sé faoi árachas den chéad uair nó an 6 Aibreán, 1988, cibé acu is fabhraí dó, an dáta ar tháinig sé faoi árachas.
Cinntí.
15.—Aon cheist—
(a) i dtaobh cibé acu atá nó a bhí fostaíocht ina féinfhostaíocht inárachaithe,
(b) i dtaobh cibé acu atá nó a bhí duine i bhféinfhostaíocht inárachaithe, nó
(c) i dtaobh an ráta ranníoca féinfhostaíochta is iníoctha nó ab iníoctha ag ranníocóir féinfhostaithe,
is oifigeach breithiúnachta a chinnfidh í de réir Chuid VIII den Phríomh-Acht.
Feidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta a bhaineann le ranníocóirí féinfhostaithe agus le ríomh ranníocaí.
16.—(1) Féadfaidh an tAire le rialacháin aon fhorálacha den Phríomh-Acht a mbeidh feidhm acu maidir le ranníocóirí fostaithe nó le ranníocaí fostaíochta a chur chun feidhme (fara nó d'éagmais modhnaithe) maidir le ranníocóirí féinfhostaithe agus ranníocaí féinfhostaíochta is iníoctha faoi mhír (a), (b) nó (c) d'alt 17C den Phríomh-Acht.
(2) Féadfar a fhoráil le rialacháin go ndéanfar coigeartuithe nuair a bheidh méideanna is iníoctha i leith ranníocaí féinfhostaíochta á ríomh chun áireamh a éascú agus chun méideanna nach mó ná 5p a dhíchur as ranníocaí féinfhostaíochta agus chun méideanna is mó ná 5p ach is lú ná 10p a chothromú suas go dtí 10p.
Forálacha ginearálta i dtaobh Rialachán.
17.—Beidh an méid seo a leanas faoi réir cheadú an Aire Airgeadais—
(a) rialacháin chun críocha ailt 10, 17D agus 17F den Phríomh-Acht agus mhíreanna 1 agus 3 de Chuid IIA den Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht agus alt 16 (1) den Acht seo,
(b) dréacht de rialacháin arna ndéanamh faoi ailt 17A (4), 17C (h) agus 17E den Phríomh-Acht.
Cumhacht chun deacrachtaí a shárú.
18.—(1) Más rud é in aon chás go mbainfidh aon deacracht leis an gCuid seo a thabhairt i ngníomh féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon ní a dhéanamh le hordú a dhealraítear a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun an Chuid seo a thabhairt i ngníomh agus féadfar forálacha na Coda seo a mhodhnú le haon ordú den sórt sin a mhéid a dhealraítear a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun éifeacht a thabhairt don ordú.
(2) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.
(3) Ní fhéadfar aon ordú a dhéanamh faoin alt seo ar bhliain amháin a bheith caite tar éis thosach feidhme an ailt seo.
CUID IV
Leasuithe Ilghnéitheacha
An Probation of Offenders Act, 1907, a fheidhmiú maidir le daoine áirithe.
19.—I gcás—
(a) go gcúiseofar duine i gcion i ndáil le haon sochar, pinsean, cúnamh nó liúntas a fháil faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta, agus
(b) go mbeartóidh an chúirt ordú a dhéanamh faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907,
ní dhéanfaidh an chúirt an t-ordú sin go dtí gur deimhin léi go mbeidh aon mhéideanna aisíoctha a dhlífear a aisíoc i leith an tsochair, an phinsin, an chúnaimh nó an liúntais sin.
Forálacha a bhaineann le hionchúisimh.
20.—(1) Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta, a thionscnamh ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le treoracha speisialta nó ginearálta ón Aire.
(2) Féadfar ionchúiseamh i leith ciona achomair faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta a thionscnamh ar agra an Aire.
(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt seo nó aon fhoráil in aon achtachán a shonraíonn an tréimhse ar féidir imeachtaí a thionscnamh lena linn, féadfar ionchúiseamh i leith ciona achomair faoin bPríomh-Acht no faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—
(a) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta ar tháinig leorfhianaise i seilbh an Aire le gur chóir an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó
(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.
(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, is leorfhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, maidir leis an dáta ar tháinig an fhianaise sin a dúradh i seilbh an Aire, deimhniú arna shéalú le séala oifigiúil an Aire ag lua an dáta sin.
(5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith ciona faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta, go suífear chun sástacht na cúirte—
(a) go ndearna duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) iarratas ar aon sochar, cúnamh, liúntas nó forlíonadh faoi Chodanna II, III, IV nó IVA den Phríomh-Acht, agus
(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin aon sochar, cúnamh, liúntas nó forlíonadh den sórt sin a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an sochar, an cúnamh, an liúntas nó an forlíonadh sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir nó nár leis a íocadh é),
toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás gur faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurbh eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.
(6) Chun imeachtaí a thionscnamh faoin bPríomh-Acht, deimhniú a airbheartaíonn a bheith tugtha ag oifigeach don Aire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire agus a bheith sínithe ag an oifigeach sin, lena ndeimhnítear na fíorais seo a leanas, eadhon, gur oifigeach don Aire duine agus go bhfuil sé údaraithe faoi threoir speisialta nó ginearálta ón Aire na himeachtaí sin a thionscnamh, nó gur thoiligh an tAire le tionscnamh na n-imeachtaí sin, beidh sé ina leorfhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a dheimhnítear sa deimhniú go dtí go suífear a mhalairt.
(7) In aon imeachtaí i leith ciona faoi Chuid II, nó faoi Chaibidil 2 de Chuid III, den Phríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú na bhforálacha sin, beidh banchéile nó fearchéile an duine a cúisíodh sa chion, inniúil d'ainneoin aon achtacháin eile ar fhianaise a thabhairt, cibé acu ar son nó in aghaidh an duine sin, ach ní inordaithe don bhanchéile ná don fhearchéile fianaise a thabhairt ná, le linn fianaise a thabhairt, aon eolas a nochtadh a thug an duine sin di nó dó, de réir mar a bheidh, le linn an phósta.
(8) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas:
(a) sa Phríomh-Acht—
(i) alt 116,
(ii) alt 145,
(iii) alt 168,
(iv) fo-ailt (4) agus (5) d'alt 188, agus
(v) fo-ailt (4) agus (5) d'alt 231;
(b) in Acht 1986, alt 20.
Pionóis a mhéadú i gcás ciontú ar díotáil.
21.—Duine a chiontófar ar díotáil i gcion dá bhforáiltear fíneáil nó téarma príosúnachta in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo dlífear—
(a) in ionad na fíneála a fhoráiltear don chiontú sin in aon alt den sórt sin, fíneáil nach mó ná £10,000, nó
(b) in ionad an téarma príosúnachta a fhoráiltear don chiontú sin in aon alt den sórt sin, téarma príosúnachta nach faide ná trí bliana,
nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
AN TÁBLA |
Alt 114 (4) (arna leasú le halt 15 d'Acht 1986); |
Alt 143A (5) (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1985); |
Ailt 115 (1), 115 (2), 115 (3), 144 (1), 144 (2), 169 (1), 174 (2), 188 (1), 231 (1) agus 294 (arna leasú le halt 12 d'Acht 1985). |
Méaduithe ar fhíneálacha áirithe i gcás ciontú go hachomair.
22.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1985), in alt 185 (3), agus
(b) trí “£500” a chur in ionad “£100” in alt 298 (10).
Tréimhsí bearnaithe fostaíochta le cur san áireamh d'fhonn teideal chun sochair a fhionnadh.
23.—(1) Leasaítear leis seo alt 22 (a bhaineann le ré na híocaíochta i gcás sochair mhíchumais) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):
“(b) roimh an lá sin go raibh teideal ag an duine sin, i leith aon tréimhse bearnaithe fostaíochta (cibé acu is cuid de an lá sin nó nach ea) le linn na tréimhse dar tosach an dáta sé bliana roimh an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain sochair ina dtarlaíonn an lá sin, agus dar críoch an lá sin, chun sochair mhíchumais in aghaidh 312 lá,”.
(2) Bainfidh an t-alt seo le haon éileamh ar shochar míchumais a fhaightear an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis.
Méideanna is iníoctha mar shochar díobhála agus mar chúnamh dífhostaíochta.
24.—(1) Leasaítear leis seo alt 42 den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun sochair dhíobhála) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):
“(5) Is é an méid is iníoctha mar shochar díobhála in aghaidh aon lae áirithe éagumais an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí faoi réir an choinníll go ndéanfar an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolraí ar 5p é ach nach iolraí freisin ar 10p é agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolraí ar 5p ná 10p é.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 150 den Phríomh-Acht (a bhaineann le cúnamh dífhostaíochta a íoc) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(3) Is é an méid is iníoctha mar chúnamh dífhostaíochta in aghaidh aon lae dífhostaíochta an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí faoi réir an choinníll go ndéanfar an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire is gcás gur iolraí ar 5p é ach nach iolraí freisin ar 10p é agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolraí ar 5p ná 10p é.”.
(3) (a) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá d'Iúil, 1988, agus
(b) tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an 20ú lá d'Iúil, 1988.
Éifeacht acmhainne ar rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.
25.—(1) Leasaítear leis seo alt 140 den Phríomh-Acht (a bhaineann le héifeacht acmhainne ar rátaí a mbeidh cúnamh dífhostaíochta iníoctha dá réir) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):
“(b) má bhíonn acmhainn aige, de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta arna laghdú 10p sa tseachtain in aghaidh gach 10p nó cuid de 10p dá acmhainn.”.
(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 (a bhaineann le lánúineacha pósta a bheith i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) I gcás nach cleithiúnaí aosaithe céile iarratasóra ar chúnamh dífhostaíochta, is de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta arna laghdú 10p in aghaidh gach 20p nó cuid de 20p dá chuid acmhainne a bheidh cúnamh dífhostaíochta iníoctha leis an iarratasóir.”.
(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 20ú lá d'Iúil, 1988.
Forálacha a bhaineann le híocaíochtaí ó údaráis áitiúla a aisghairm.
26.—(1) Aisghairtear leis seo ailt 153 (a bhaineann le híocaíochtaí leis an Aire ó údaráis áitiúla) agus 154 (a bhaineann le deimhnithe luachála) den Phríomh-Acht.
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1989.
Leasú ar an Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981.
27.—Leasaítear leis seo an tAcht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981—
(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:
“4. Aistreofar an t-airgead a bheidh chun creidmheas na scéime go dtí cuntas Chiste na nDíobhálacha Ceirde lena mbaineann alt 67 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) d'alt 6:
“(6) Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Aire Leasa Shóisialaigh an t-airgead go léir a bheidh íoctha i leith an ranníoca fostaíochta fostóra agus aistreoidh an tAire sin é go dtí cuntas Chiste na nDíobhálacha Ceirde dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo.”.
Liúntas réamhscoir.
28.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) tríd an mír bhreise seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 134 (a bhaineann leis an gcineál cúnaimh):
“(k) liúntas réamhscoir.”,
(b) tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i gCuid III i ndiaidh Chaibidil 2:
“Caibidil 2A | |
LIÚNTAS RÉAMHSCOIR | |
Teideal chun liúntais réamhscoir. | 156A.—Faoi réir na Caibidle seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘liúntas réamhscoir’ sa Chaibidil seo) iníoctha, faoi réir rialachán, maidir le haon tréimhse scoir le duine— (a) a mbeidh an aois a shonraítear le rialacháin slánaithe aige ach nach mbeidh aois inphinsin slánaithe aige, (b) a raibh sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil aige ar feadh 390 lá ar a laghad in aghaidh aon tréimhse leanúnaí dífhostaíochta sa tréimhse díreach roimhe sin mar a fhorléirítear de réir alt 135 (2), (c) a chomhlíonfaidh na coinníollacha maidir le hacmhainn a fhorordaítear chun críocha na Caibidle seo, agus (d) a bheadh in aon chás eile i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta de réir an ráta sceidealta arna chinneadh de réir alt 140 (1) (a) nó de réir cibé rátaí eile a fhorordófar. |
An ráta liúntais réamhscoir. | 156B.—Faoi réir rialachán faoi alt 156C, is de réir an ráta a bheadh i bhfeidhm dá mbeadh an duine i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta faoi Chaibidil 2 de Chuid III a bheidh an ráta seachtainiúil liúntais réamhscoir. |
Rialacháin. | 156C.—(1) Faoi réir cheadú an Aire Airgeadais féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo. (2) Maidir le rialacháin faoin alt seo féadfaidh siad go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)— (a) an aois a shonrú chun críocha alt 156A (a), (b) na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh maidir le hacmhainn a fhorordú chun críocha alt 156A (c), (c) na tréimhsí a shonrú a measfar gur tréimhsí scoir iad chun críocha na Caibidle seo, agus (d) aon fhorálacha den Acht seo nó rialacháin faoi a chur chun feidhme (fara nó d'éagmais modhnaithe), nó forálacha a dhéanamh (fara nó d'éagmais modhnaithe) ar comhréir le haon fhorálacha den Acht seo nó le rialacháin faoi. (3) Féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, an ráta seachtainiúil liúntais réamhscoir faoi alt 156B a athrú le rialacháin ach ní laghdóidh aon athrú den sórt sin na rátaí seachtainiúla ab infheidhme díreach roimh thosach feidhme na rialacháin sin.”. |
(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.
Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).
29.—Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f) d'fho-alt (3):
“(f) fostaíocht, ar shlí seachas faoi chonradh seirbhíse, a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Chéad Sceideal.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11) (a cuireadh isteach le halt 16 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1983):
“(11) Le linn do dhuine atá dífhostaithe a bheith ag freastal ar chúrsa oiliúna a sholáthraigh nó a cheadaigh An Foras Áiseanna Saothair, An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta nó An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint, Teoranta, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus é a bheith fostaithe ag an bhForas Áiseanna Saothair, ag an gComhairle Oiliúna Talmhaíochta nó ag an gComhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint, Teoranta (de réir mar a bheidh).”.
Coinníollacha chun pinsin seanaoise agus baintrí (ranníocach) agus sochar banchéile thréigthe a fháil.
30.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—
(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11) d'alt 79 (a bhaineann leis na coinníollacha chun pinsin seanaoise (ranníocach) a fháil):
“(12) Faoi réir fho-alt (13), féadfar a fhoráil le rialacháin, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, go mbeidh teideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) ag duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta i gcás gur tháinig an duine sin, tar éis dó scor roimhe sin de bheith ina ranníocóir fostaithe, chun bheith ina ranníocóir fostaithe de dhroim alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973, a theacht i ngníomh.
(13) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (12) go mbeidh pinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfar an ráta a shonrófar leis na rialacháin a athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta.”,
(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9) d'alt 93 (a bhaineann leis na coinníollacha chun pinsean baintrí (ranníocach) a fháil):
“(10) Faoi réir fho-alt (11), féadfar a fhoráil le rialacháin, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, go mbeidh teideal chun pinsin baintrí (ranníocach) ag duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta faoi threoir taifid árachais duine i gcás gur tháinig an duine sin, tar éis dó scor roimhe sin de bheith ina ranníocóir fostaithe, chun bheith ina ranníocóir fostaithe de dhroim alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973, a theacht i ngníomh.
(11) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (10) go mbeidh pinsean baintrí (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Dara Sceideal agus féadfar an ráta a shonrófar leis na rialacháin a athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta.”, agus
(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) d'alt 101 (a bhaineann leis an gcoinníoll chun sochar banchéile thréigthe a fháil):
“(9) Faoi réir fho-alt (10), féadfar a fhoráil le rialacháin, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, go mbeidh teideal chun sochair banchéile thréigthe ag duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta faoi threoir taifid árachais duine i gcás gur tháinig an duine sin, tar éis dó scor roimhe sin de bheith ina ranníocóir fostaithe, chun bheith ina ranníocóir fostaithe de dhroim alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973, a theacht i ngníomh.
(10) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (9) go mbeidh sochar banchéile thréigthe is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Dara Sceideal agus féadfar an ráta a shonrófar leis na rialacháin a athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) (ii) comhlíonta.”.
Faisnéis a mhalartú.
31.—(1) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon achtachán, féadfaidh an tAire faisnéis atá aige chun críocha an Phríomh-Achta (lena n-áirítear bailiú ranníocaí fostaíochta agus féinfhostaíochta ag na Coimisinéirí Ioncaim) a aistriú go dtí na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis atá acu chun críocha an Phríomh-Achta nó na nAchtanna Cánach Ioncaim, a bhaineann le fostóirí, le tuilleamh ináirithe ranníocóirí fostaithe nó le hioncam ináirithe nó díolaíochtaí ináirithe ranníocóirí féinfhostaithe nó le haon íocaíochtaí arna ndéanamh faoin bPríomh-Acht, a aistriú go dtí an tAire.
(2) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon achtachán, féadfaidh an tAire faisnéis atá aige chun críocha an Phríomh-Achta nó chun scéimeanna a rialú a riarann an tAire nó an Roinn Leasa Shóisialaigh nó a riartar thar a gceann, a aistriú go dtí Aire eile den Rialtas nó go dtí comhlacht sonraithe agus aon fhaisnéis atá ag Aire eile den Rialtas nó ag comhlacht sonraithe agus is gá chun na gcríoch sin nó chun aon scéim den sórt sin a rialú a riarann Aire eile den Rialtas nó comhlacht sonraithe, féadfaidh an tAire sin den Rialtas nó an comhlacht corpraithe an fhaisnéis sin a aistriú go dtí an tAire.
(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “comhlacht sonraithe” údarás áitiúil (chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941), bord sláinte, an Garda Síochána nó aon chomhlacht eile arna bhunú—
(a) le haon achtachán nó faoi aon achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986), nó
(b) faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, de bhun cumhachtaí a thugtar le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile,
agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach le hairgead a chuireann Aire den Rialtas ar fáil nó le hiasachtaí a dhéanann nó a ráthaíonn sé nó le heisiúint scaireanna a shealbhaíonn Aire den Rialtas nó a shealbhaítear thar a cheann agus fochomhlacht d'aon chomhlacht den sórt sin.
SCEIDEAL A
“An Dara Sceideal
Na Rátaí Sochar
CUID I
Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál sochair | An ráta seachtainiúil | An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh i gcás an chéad agus an dara leanbh cáilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2) nó 103 (2) (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha) |
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | |
1. (A) Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta | 43.60 | 28.20 | 10.60 | 9.30 | -- | -- |
(B) Rátaí laghdaithe Sochar Dífhostaíochta ... ... | 39.00 | 26.10 | 9.50 | 8.00 | -- | -- |
2. Liúntas Máithreachais ... | 43.60 | -- | 10.60 | 9.30 | -- | -- |
3. Sochar Diobhála ... ... | 59.90 | 28.20 | 10.60 | 9.30 | -- | -- |
4. Sochar Báis: | ||||||
(a) pinsean is iníoctha le baintreach (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6))— | ||||||
(i) faoi bhun 66 bliana d'aois ... ... | 64.70 | -- | 13.90 | 14.50 | -- | -- |
(ii) os cionn 66 bliana d'aois ... ... | 66.10 | -- | 14.10 | 14.60 | 27.20 | 3.80 |
(b) Pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina dhuine pósta agus go bhfuil an tuismitheoir— | ||||||
(i) faoi bhun 66 bliana d'aois ... ... | 28.80 | -- | -- | -- | -- | -- |
(ii) os cionn 66 bliana d'aois ... ... | 29.50 | -- | -- | -- | 27.20 | 3.80 |
(c) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina bhaintreach fir, ina bhaintreach nó ina dhuine singil— | ||||||
(i) i gcás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus go raibh sé, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan agus go bhfuil sé— | ||||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois | 64.70 | -- | -- | -- | -- | -- |
(b) os cionn 66 bliana d'aois | 66.10 | -- | -- | -- | 27.20 | 3.80 |
(ii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó gur tháinig sí chun bheith ina baintreach ina dhiaidh sin agus go bhfuil sí— | ||||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois | 64.70 | -- | -- | -- | -- | -- |
(b) os cionn 66 bliana d'aois | 66.10 | -- | -- | -- | 27.20 | 3.80 |
(iii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus gan í bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir ráta atá leagtha amach ag (i) thuas iníoctha lena fearchéile agus go bhfuil sí— | ||||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois | 64.70 | -- | -- | -- | -- | -- |
(b) os cionn 66 bliana d'aois | 66.10 | -- | -- | -- | 27.20 | 3.80 |
(iv) in aon chás eile má tá an tuismitheoir— | ||||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois | 28.80 | -- | -- | -- | -- | -- |
(b) os cionn 66 bliana d'aois | 29.50 | -- | -- | -- | 27.20 | 3.80 |
(d) pinsean is iníoctha le dílleachta ... ... | 34.10 | -- | -- | -- | -- | -- |
5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir: | ||||||
(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois ... ... | 56.80 | 36.20 | 11.80 | 10.30 | 27.20 | 3.80 |
(b) in aon chás eile ... | 60.60 | 36.20 | 11.80 | 10.30 | 27.20 | 3.80 |
(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige ... | -- | 6.20 | -- | -- | -- | -- |
6. Pinsean Easláine: | ||||||
(a) i gcás an duine a bheith faoi bhun 66 bliana d'aois | 50.00 | 32.40 | 11.60 | 10.10 | 27.20 | -- |
(b) i gcás an duine a bheith os cionn 66 bliana d'aois | 51.00 | 33.10 | 11.80 | 10.30 | 27.20 | 3.80 |
7. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe i gcás daoine: | ||||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois | 51.00 | -- | 13.90 | 14.50 | -- | -- |
(b) idir 66 bliana agus 80 bliain d'aois ... ... | 52.10 | -- | 14.10 | 14.60 | 27.20 | 3.80 |
(c) os cionn 80 bliain d'aois | 55.50 | -- | 14.10 | 14.60 | 27.20 | 3.80 |
8. Liúntas Dílleachta (Ranníocach) ... ... ... | 32.20 | -- | -- | -- | -- | -- |
CUID II
Sochair Dhíobhálacha Ceirde — Aiscí agus Deontas
£ | |||||
1. Sochar Míthreorach: | |||||
Aisce uasta i gcás daoine— | |||||
(i) faoi bhun 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | ... | 4,640 |
(ii) os cionn 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | ... | 4,720 |
2. Sochar Báis: | |||||
(i) Aisce baintrí fir i gcás daoine— | |||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | 3,380 | |
(b) os cionn 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | ... | 3,440 |
(ii) Deontas i leith costas sochraide | ... | ... | ... | 230 |
CUID III
Pinsean Míthreorach
An grád míthreorach | An ráta seachtainiúil | ||||
(1) | (2) | ||||
Daoine faoi bhun 66 bliana d'aois | Daoine os cionn 66 bliana d'aois | ||||
£ | £ | ||||
100 faoin gcéad | ... | ... | ... | 66.70 | 68.20 |
90 ” ” | ... | ... | ... | 60.03 | 61.38 |
80 ” ” | ... | ... | ... | 53.36 | 54.56 |
70 ” ” | ... | ... | ... | 46.69 | 47.74 |
60 ” ” | ... | ... | ... | 40.02 | 40.92 |
50 ” ” | ... | ... | ... | 33.35 | 34.10 |
40 ” ” | ... | ... | ... | 26.68 | 27.28 |
30 ” ” | ... | ... | ... | 20.01 | 20.46 |
20 ” ” | ... | ... | ... | 13.34 | 13.64 |
CUID IV
Méaduithe ar Phinsean Míthreorach
£ | |||||
1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre: | |||||
i gcás daoine— | |||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | 43.60 | |
(b) os cionn 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | 44.50 | |
2. Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí: | |||||
(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona, má tá an duine— | |||||
(i) faoi bhun 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | ... | 26.70 |
(ii) os cionn 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | ... | 27.20 |
(b) teorainn in aon chás má tá an duine— | |||||
(i) faoi bhun 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | ... | 53.40 |
(ii) os cionn 66 bliana d'aois | ... | ... | ... | ... | 54.30 |
”.
SCEIDEAL B
“An Ceathrú Sceideal
Na Rátaí Cúnaimh
CUID I
Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Thréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu
An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais | An ráta nó an méid seachtainiúil | An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh i gcás an chéad agus an dara leanbh cáilithe (más iníoctha) | An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt (más iníoctha) | An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162(1)(a), 179(a), 195(2), 196(2) nó 197(2) (más iníoctha) | An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha) | An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha) |
|
(1) | (2) | (3) | (4) | (5) | (6) | (7) | (8) | |
£ | £ | £ | £ | £ | £ | £ | ||
1. Cúnamh Dífhostaíochta: | ||||||||
(1) i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta arna fhorléiriú de réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad: | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach... | 42.00 | 28.00 | 10.20 | 8.40 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile... | 40.70 | 27.40 | 10.20 | 8.40 | -- | -- | -- | |
(2) i gcás daoine seachas iad sin ag (1): | ||||||||
(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach... | 39.00 | 26.10 | 9.50 | 8.00 | -- | -- | -- | |
(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile... | 37.80 | 25.40 | 9.50 | 8.00 | -- | -- | -- | |
2. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall | 48.50 | -- | 10.50 | 8.70 | 27.20 | 3.80 | 3.60 | |
3. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh i leith daoine— | ||||||||
(a) faoi bhun 66 bliana d'aois... | 47.60 | -- | 12.50 | 13.10 | -- | -- | -- | |
(b) os cionn 66 bliana d'aois... | 48.50 | -- | 12.80 | 13.40 | 27.20 | 3.80 | 3.60 | |
4. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)... | 27.10 | -- | -- | -- | -- | -- | -- | |
5. Liúntas do Bhean Shingil... | 42.00 | -- | -- | -- | -- | -- | -- | |
6. Liúntas Leasa Forlíontach... | 37.80 | 25.40 | 9.50 | 8.00 | -- | -- | -- |
CUID III
An Méadú ar Phinsean Seanaoise i leith Céile
Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara | Ráta seachtainiúil an mhéadaithe | |||||
£ | ||||||
Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an | ||||||
phinsinéara gan bheith níos mó ná £6 | ... | ... | ... | 24.40 | ||
níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8 | ... | ... | 23.40 | |||
níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10 | ... | ... | 22.40 | |||
níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12 | ... | ... | 21.40 | |||
níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14 | ... | ... | 20.40 | |||
níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16 | ... | ... | 19.40 | |||
níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18 | ... | ... | 18.40 | |||
níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20 | ... | ... | 17.40 | |||
níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22 | ... | ... | 16.40 | |||
níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24 | ... | ... | 15.40 | |||
níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26 | ... | ... | 14.40 | |||
níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28 | ... | ... | 13.40 | |||
níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30 | ... | ... | 12.40 | |||
níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32 | ... | ... | 11.40 | |||
níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34 | ... | ... | 10.40 | |||
níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36 | ... | ... | 9.40 | |||
níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38 | ... | ... | 8.40 | |||
níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40 | ... | ... | 7.40 | |||
níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42 | ... | ... | 6.40 | |||
níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44 | ... | ... | 5.40 | |||
níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46 | ... | ... | 4.40 | |||
níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48 | ... | ... | 3.40 | |||
níos mó ná £48 gan bheith níos mó ná £50 | ... | ... | 2.40 | |||
níos mó ná £50 gan bheith níos mó ná £52 | ... | ... | 1.40 | |||
níos mó ná £52 | ... | ... | ... | ... | ... | Neamhní |