[EN]

harp.jpg


Uimhir 2 de 1987


[EN]

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

3.

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

4.

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

5.

Ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

6.

Díolúine ó ranníocaí a íoc, etc.

7.

An ráta sochair pá-choibhneasa.

8.

Méadú ar na seachtainí ranníoca is gá chun bheith i dteideal sochar áirithe, etc.

9.

Na méideanna is iníoctha ar bhonn rátaí laethúla do shochair áirithe a ríomh.

10.

Leasú ar alt 76 den Phríomh-Acht (rialacháin).

11.

Ní dhéanfaidh glacadh páirte i scéimeanna áirithe difear do theideal iardain chun sochair nó cúnaimh dífhostaíochta.

12.

Aisghairm.

13.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Ranníocaí Sláinte, 1979

1979, Uimh. 4

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984

1984, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979

1979, Uimh. 7

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981

1981, Uimh. 3

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1982

1982, Uimh. 2

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1983

1983, Uimh. 6

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984

1984, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985

1985, Uimh. 5

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986

1986, Uimh. 8

An tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981

1981, Uimh. 32

harp.jpg


Uimhir 2 de 1987


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA LEASA SHÓISIALAIGH, 1981 GO 1986. [4 Aibreán, 1987] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1984;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1985” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1985;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1986” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1986;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.

[EN]

Sochair árachais shóisialaigh (rátaí nua).

2.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I go IV (a cuireadh isteach le hAcht 1986) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a) a mhéid a bhaineann sé le sochar dífhostaíochta, an 16ú lá d'Iúil, 1987,

[EN]

(b) a mhéid a bhaineann sé le sochar míchumais, le liúntas máithreachais, le sochar díobhála, le haisce mhíthreorach agus le pinsean míthreorach, an 20ú lá d'Iúil, 1987,

[EN]

(c) a mhéid a bhaineann sé le sochar banchéile thréigthe, le pinsean easláine agus le pinsean scoir, an 23ú lá d'Iúil, 1987, agus

[EN]

(d) a mhéid a bhaineann sé le sochar báis faoi alt 50, 51 nó 52 den Phríomh-Acht, le pinsean seanaoise (ranníocach), le pinsean baintrí (ranníocach) agus le liúntas dílleachta (ranníocach), an 24ú lá d'Iúil, 1987.

[EN]

Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (rátaí nua).

3.—(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht trí na Codanna atá leagtha amach i Sceideal B a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chodanna I agus III (a cuireadh isteach le hAcht 1986) den Ceathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh—

[EN]

(a) a mhéid a bhaineann sé le cúnamh dífhostaíochta, an 15ú lá d'Iúil, 1987,

[EN]

(b) a mhéid a bhaineann sé le liúntas banchéile thréigthe, le liúntas banchéile príosúnaigh, le liúntas cúnaimh shóisialaigh agus le liúntas do bhean shingil, an 23ú lá d'Iúil, 1987,

[EN]

(c) a mhéid a bhaineann sé le pinsean seanaoise, le pinsean dall, le pinsean baintrí (neamhranníocach) agus le pinsean dílleachta (neamhranníocach), an 24ú lá d'Iúil, 1987, agus

[EN]

(d) a mhéid a bhaineann sé le liúntas leasa forlíontach, an 20ú lá d'Iúil, 1987.

[EN]

Forlíonadh ar ioncam teaghlaigh.

4.—(1) Déantar leis seo alt 232B (a cuireadh isteach le hAcht 1984) den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun forlíonadh ar ioncam teaghlaigh) a leasú—

[EN]

(a) trí “£104” a chur in ionad “£100” (a cuireadh isteach le hAcht 1985) i mír (a), agus

[EN]

(b) trí “£104” a chur in ionad “£100” (a cuireadh isteach le hAcht 1985) agus “£22” a chur in ionad “£20” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i mír (b).

[EN]

(2) Déantar leis seo alt 232C (a cuireadh isteach le hAcht 1984) den Phríomh-Acht (a bhaineann leis an ráta seachtainiúil d'fhorlíonadh ar ioncam teaghlaigh) a leasú—

[EN]

(a) trí “aon leath” a chur in ionad “aon trian” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i bhfo-alt (1),

[EN]

(b) trí “£16” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach le hAcht 1986) i bhfo-alt (2) (a), agus

[EN]

(c) trí “£16” a chur in ionad “£10” (a cuireadh isteach le hAcht 1986), agus “£7” a chur in ionad “£4” (a cuireadh isteach le hAcht 1986), i bhfo-alt (2) (b).

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 23ú lá d'Iúil, 1987.

[EN]

Ranníocaí árachais shóisialaigh páchoibhneasa (méadú ar an uasteorainn tuillimh).

5.—(1) Leasaítear leis seo alt 10 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (c) (a cuireadh isteach le hAcht 1986):

[EN]

“(c) I gcás ina raibh, i mbliain ranníoca áirithe, suim £15,500 de thuilleamh ináirithe ag ranníocóir fostaithe agus gur íocadh ranníocaí faoi mhír (b) i leith an tuillimh ináirithe sin, ní bheidh aon ranníoc eile den sórt sin iníoctha i leith aon tuillimh ináirithe de chuid an ranníocóra fhostaithe sin an bhliain ranníoca sin.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

[EN]

Díolúine ó ranníocaí a íoc, etc.

6.—Aon fhostóir a rinne, le linn na tréimhse dar tús an 16ú lá de Nollaig, 1986, agus dar críoch an 31ú lá d'Eanáir, 1987, fostaithe breise a fhostú faoin scéim agus de bhua na scéime a riarann an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Díolúine Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa d'Fhostóirí, ní dhlífidh sé, le linn na tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1987, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1988, gach suim nó aon suim de na suimeanna seo a leanas a íoc i leith cibé fostaithe breise a fhreagraíonn don ghlanmhéadú ar fhoireann an fhostóra faoin scéim, is é sin le rá—

[EN]

(a) an ranníoc a shonraítear in alt 10 (1) (b) (ii) (arna leasú leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1982) den Phríomh-Acht;

[EN]

(b) an ranníoc fostaíochta a shonraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii), agus an méadú a shonraítear i bhfo-alt (2) (b), d'alt 65 (arna leasú le hAcht 1986) den Phríomh-Acht;

[EN]

(c) an ranníoc sláinte is iníoctha ag fostóir faoi alt 5 (1) (b) den Acht um Ranníocaí Sláinte, 1979;

[EN]

(d) an tobhach fostaíochta don aos óg is iníoctha faoi alt 16 (c) den Acht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981; nó

[EN]

(e) an ranníoc iomarcaíochta fostóra is iníoctha faoi alt 28 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979, agus a leathnaíodh le halt 2 den Acht um Chosaínt Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967.

[EN]

An ráta sochair páchoibhneasa.

7.—(1) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 73 den Phríomh-Acht (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983, agus mar a leasaíodh le hAcht 1986):

[EN]

“73.—Is é an ráta seachtainiúil sochair pá-choibhneasa is iníoctha le duine in aon tréimhse bhearnaithe fostaíochta, i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 393ú lá éagumais chun oibre nó i leith aon chuid den tréimhse sin amach go dtí an 393ú lá dífhostaíochta, méid is comhionann le 12 faoin gcéad den chuid (más aon chuid é) dá thuilleamh ináirithe seachtainiúil in aghaidh na bliana cánach ioncaim iomchuí is mó ná £62 ach nach mó ná cibé teorainn a bheidh forordaithe de thuras na huaire, faoi réir cibé coinníollacha a fhorordófar chun méid iomlán an tsochair is iníoctha faoin gCuid seo leis an duine i leith aon seachtaine a shrianadh.”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis.

[EN]

Méadú ar na seachtainí ranníoca is gá chun bheith i dteideal sochar áirithe, etc.

8.—(1) Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás sochair míchumais) trí “39 seachtain ranníoca” a chur in ionad “26 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht (a bhaineann le ré íocaíochta sochair míchumais) trí “208 seachtain ranníoca” a chur in ionad “156 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 25 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás liúntais máithreachais) trí “39 seachtain ranníoca” a chur in ionad “26 sheachtain ranníoca” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh (Leasú), 1981).

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 30 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás sochair dífhostaíochta) trí “39 seachtain ranníoca” a chur in ionad “26 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

[EN]

(5) Leasaítear leis seo alt 89 den Phríomh-Acht (a bhaineann le coinníollacha ranníoca i gcás pinsin easláine) trí “208 seachtain ranníoca” a chur in ionad “156 sheachtain ranníoca” i bhfo-alt (1) (a).

[EN]

(6) (a) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaíonn roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

[EN]

(b) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo le haon tréimhse teidil chun sochair míchumais a théann thar 312 lá, i gcás go dtosaíonn an tréimhse sin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

[EN]

(c) Ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo le haon teideal chun liúntais máithreachais a thosaíonn roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

[EN]

(d) Ní bhainfidh fo-alt (4) den alt seo le haon tréimhse bhearnaithe fostaíochta a thosaíonn roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987.

[EN]

(e) Ní bhainfidh fo-alt (5) den alt seo le haon teideal chun pinsin easláine a thosaíonn—

[EN]

(i) roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó

[EN]

(ii) ar an 6ú lá d'Aibreán, 1987 nó dá éis i gcás duine a bhí, díreach roimh an dáta sin, ag fáil sochar míchumais ar feadh tréimhse ab fhaide ná 312 lá.

[EN]

Na méideanna is iníoctha ar bhonn rátaí laethúla do shochair áirithe a ríomh.

9.—(1) Leasaítear leis seo alt 18 den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun sochair míchumais) trí “faoi réir an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolrú ar 5p é ach nach iolrú ar 10p é freisin agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolrú ar 5p ná ar 10p é” a chur isteach i bhfo-alt (6) i ndiaidh “an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí”.

[EN]

(2) Déantar leis seo alt 29 den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun sochair dífhostaíochta) a leasú—

[EN]

(a) trí “faoi réir an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolrú ar 5p é ach nach iolrú ar 10p é freisin agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolrú ar 5p ná ar 10p é” a chur isteach i bhfo-alt (6) i ndiaidh “an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí”.

[EN]

(b) trí “faoi réir an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolrú ar 5p é ach nach iolrú ar 10p é freisin agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolrú ar 5p ná ar 10p é” a chur isteach i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1983) i ndiaidh “an cúigiú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí”.

[EN]

(3) (a) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 20ú lá d'Iúil, 1987.

[EN]

(b) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an 16ú lá d'Iúil, 1987.

[EN]

Leasú ar alt 76 den Phríomh-Acht (rialacháin).

10.—(1) Leasaítear leis seo alt 76 (1) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

[EN]

“(b) go ríomhfar na méideanna is iníoctha i leith sochair páchoibhneasa de réir scálaí forordaithe agus go ndéanfar cibé coigeartuithe ar na méideanna is gá chun ríomh na méideanna a urasú agus chun iolruithe seachas iolruithe ar 10p a sheachaint sna méideanna;”.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, rialacháin a rinneadh go hiomlán nó go páirteach faoi alt 76 (1) (b) den Phríomh-Acht roimh dháta rite an Achta seo agus a bhí i bhfeidhm ar an dáta rite sin, leanfaidh siad i bhfeidhm go dtí go gcúlghairfear iad.

[EN]

Ní dhéanfaidh glacadh páirte i scéimeanna áirithe difear do theideal iardain chun sochair nó cúnaimh dífhostaíochta.

11.—Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

[EN]

(a) i bhfo-alt (4A) (a cuireadh isteach le hAcht 1986) d'alt 29—

[EN]

(i) trí “nó” a chur le mír (e) i ndiaidh “Comhobair”, agus

[EN]

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

[EN]

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,”,

[EN]

agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (2A) (a cuireadh isteach le hAcht 1985) d'alt 135—

[EN]

(i) trí “nó” a chur le mír (e) i ndiaidh “Comhobair”, agus

[EN]

(ii) trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

[EN]

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,”,

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (4A) agus (2A), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

AN TÁBLA

[EN]

(4A) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (4), maidir le haon tréimhse nach faide ná bliain—

[EN]

(a) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta, nó

[EN]

(b) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Fiontair, nó

[EN]

(c) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Sealaíochta, nó

[EN]

(d) is tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna chur ar fáil nó arna cheadúnú ag an gComhairle Oiliúna, nó

[EN]

(e) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear Comhobair, nó

[EN]

(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

[EN]

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,

[EN]

déanfar neamhaird uirthi nuair a bheifear, de bhun fho-alt (4) (c) ag áireamh aon dá thréimhse bhearnaithe fostaíochta nach bhfuil tréimhse is mó ná 13 sheachtain eatarthu mar thréimhse bhearnaithe fostaíochta amháin.

[EN]

(2A) Chun críocha na Caibidle seo, maidir le haon tréimhse nach faide ná bliain—

[EN]

(a) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Fostaíochta Sóisialta, nó

[EN]

(b) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Fiontair, nó

[EN]

(c) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear an Scéim Sealaíochta, nó

[EN]

(d) is tréimhse freastail ar chúrsa oiliúna arna chur ar fáil nó arna cheadúnú ag an gComhairle Oiliúna, nó

[EN]

(e) is tréimhse fostaíochta faoi scéim arna riaradh ag an Roinn Saothair agus dá ngairtear Comhobair, nó

[EN]

(f) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus dá ngairtear an Scéim Liúntas Post Páirtaimseartha, nó

[EN]

(g) is tréimhse glacadh páirte i scéim arna riaradh ag an Roinn Oideachais agus dá ngairtear an Scéim Deiseanna Oideachais,

[EN]

déanfar neamhaird uirthi nuair a bheifear, de bhun fho-alt (2) den alt seo, ag áireamh aon dá thréimhse leanúnacha dífhostaíochta nach bhfuil tréimhse is mó ná 20 seachtain eatarthu mar thréimhse leanúnach dífhostaíochta amháin.

[EN]

Aisghairm.

12.—(1) Déantar leis seo fo-ailt (3) agus (4) d'alt 123 (a bhaineann le gnóchan infheistíochta i leith íocaíochtaí a dhéantar as an gCiste Árachais Shóisialaigh) den Phríomh-Acht a aisghairm.

[EN]

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1987.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

13.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1987, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1986, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1987, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

SCEIDEAL A

Alt 2.

“An Dara Sceideal

Na Rátaí Sochar

CUID I

Na Rátaí Sochar Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál sochair

An ráta seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an tríú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 50 (11), 51 (2), 81 (3), 86 (3), 91 (3), 95 (2), nó 103 (2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

£

£

£

£

£

£

£

£

1. (A) Sochar Míchumais agus Sochar Dífhostaíochta

42.30

27.40

9.70

10.80

9.00

7.20

--

--

(B) Rátaí laghdaithe Sochair Dífhostaíochta:

(a) duine a bhfuil teideal aige chun méadú i leith linbh cháilithe ach nach bhfuil teideal aige chun méadú i leith cleithiúnaí aosaithe

35.50

--

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

(b) aon duine eile     ...     ...

35.10

25.30

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

2. Liúntas Máithreachais     ...

42.30

--

9.70

10.80

9.00

7.20

--

--

3. Sochar Díobhála     ...     ...

58.20

27.40

9.70

10.80

9.00

7.20

--

--

4. Sochar Báis:

(a) pinsean is iníoctha le baintreach (alt 50 (2)) nó le baintreach fir (alt 50 (6))—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois     ...     ...

62.80

--

12.80

14.10

14.10

12.10

--

--

(ii) os cionn 66 bliana d'aois     ...     ...

64.20

--

13.10

14.20

14.20

12.40

26.40

3.70

(b) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina dhuine pósta agus go bhfuil an tuismitheoir—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois     ...     ...

28.00

--

--

--

--

--

--

--

(ii) os cionn 66 bliana d'aois     ...     ...

28.60

--

--

--

--

--

26.40

3.70

(c) pinsean is iníoctha le tuismitheoir, i gcás an t-éagach a bheith, tráth a bháis, ina bhaintreach fir, ina baintreach nó ina dhuine singil—

(i) i gcás inarb é an tuismitheoir an t-athair agus go raibh sé, ar bhás an éagaigh, éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar éiglíocht éigin coirp nó meabhrach agus gur dóigh dó a bheith éagumasach amhlaidh go buan agus go bhfuil sé—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

62.80

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

64.20

--

--

--

--

--

26.40

3.70

(ii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair, agus í, ar bhás an éagaigh, ina baintreach nó gur tháinig sí chun bheith ina baintreach ina dhiaidh sin agus go bhfuil sí—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

62.80

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

64.20

--

--

--

--

--

26.40

3.70

(iii) i gcás inarb é an tuismitheoir an mháthair agus gan í bheith ina baintreach, agus nach bhfuil pinsean de réir an ráta atá leagtha amach ag (i) thuas iníoctha lena fearchéile agus go bhfuil sí—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

62.80

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

64.20

--

--

--

--

--

26.40

3.70

(iv) in aon chás eile má tá an tuismitheoir—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

28.00

--

--

--

--

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

28.60

--

--

--

--

--

26.40

3.70

(d) pinsean is iníoctha le dílleachta     ...     ...

33.10

--

--

--

--

--

--

--

5. Pinsean Seanaoise (Ranníocach) agus Pinsean Scoir:

(a) i gcás daoine faoi bhun 80 bliain d'aois     ...     ...

55.10

35.10

10.90

12.10

10.00

8.20

26.40

3.70

(b) in aon chás eile     ...     ...

58.80

35.10

10.90

12.10

10.00

8.20

26.40

3.70

(c) méadú breise i leith cleithiúnaí aosaithe a bhfuil aois inphinsin slánaithe aige     ...

--

6.00

--

--

--

--

--

--

6. Pinsean Easláine:

(a) i gcás an duine a bheith faoi bhun 66 bliana d'aois

48.50

31.50

10.80

11.80

9.80

8.00

26.40

--

(b) i gcás an duine a bheith os cionn 66 bliana d'aois

49.50

32.10

10.90

12.10

10.00

8.20

26.40

3.70

7. Pinsean Baintrí (Ranníocach) agus Sochar Banchéile Thréigthe i gcás daoine:

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

49.50

--

12.80

14.10

14.10

12.10

--

--

(b) idir 66 bliana agus 80 bliain d'aois     ...     ...

50.60

--

13.10

14.20

14.20

12.40

26.40

3.70

(c) os cionn 80 bliain d'aois

53.90

--

13.10

14.20

14.20

12.40

26.40

3.70

8. Liúntas Dílleachta (Ranníocach)     ...     ...     ...

31.30

--

--

--

--

--

--

--

CUID II

Sochair Díobhálacha Ceirde—Aiscí agus Deontas

£

1. Sochar Míthreorach:

Aisce uasta i gcás daoine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,500

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

4,580

2. Sochar Báis:

(i) Aisce baintrí fir i gcás daoine—

...

...

...

...

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

3,280

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

3,340

(ii) Deontas i leith costas sochraide

...

...

...

220

CUID III

Pinsean Míthreorach

An grád míthreorach

An ráta seachtainiúil

(1)

(2)

Daoine faoi bhun 66 bliana d'aois

Daoine os cionn 66 bliana d'aois

£

£

100 faoin gcéad

...

...

...

64.80

66.20

90   ,,   ,,

...

...

...

58.32

59.58

80   ,,   ,,

...

...

...

51.84

52.96

70   ,,   ,,

...

...

...

45.36

46.34

60   ,,   ,,

...

...

...

38.88

39.72

50   ,,   ,,

...

...

...

32.40

33.10

40   ,,   ,,

...

...

...

25.92

26.48

30   ,,   ,,

...

...

...

19.44

19.86

20   ,,   ,,

...

...

...

12.96

13.24

CUID IV

Méaduithe ar Phinsean Míthreorach

£

1. Méadú i gcás an duine a bheith éagumasach go buan chun oibre:

i gcás daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

42.30

(b) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

43.20

2. Méadú i gcás síor-fhreastal a bheith ag teastáil ón tairbhí:

(a) teorainn an mhéadaithe ach amháin i gcásanna míthreorach fíor-dhona, má tá an duine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

25.90

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

26.40

(b) teorainn in aon chás má tá an duine—

(i) faoi bhun 66 bliana d'aois

...

...

...

...

51.80

(ii) os cionn 66 bliana d'aois

...

...

...

...

52.70

”.

[EN]

SCEIDEAL B

Alt 3.

“An Ceathrú Sceideal

Na Rátaí Cúnaimh

CUID I

Na Rátaí Cúnaimh Shóisialaigh Tréimhsiúil agus na Méaduithe Orthu

An cineál cúnaimh, pinsin nó liúntais

An ráta nó an méid seachtainiúil

An méadú i leith cleithiúnaí aosaithe (más iníoctha)

An méadú i leith an chéad linbh cháilithe (más iníoctha)

An méadú i leith an dara leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh i gcás an tríú, an ceathrú agus an cúigiú leanbh cáilithe (más iníoctha)

An méadú i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar chúigear (más iníoctha)

An méadú i leith gaoil fhorordaithe faoi alt 162 (1)(a), 179 (a), 195 (2), 196 (2), nó 197 (2) (más iníoctha)

An méadú i gcás aois inphinsin a bheith slánaithe ag an duine agus é ina chónaí ina aonar (más iníoctha)

An méadú i gcás 80 bliain d'aois a bheith slánaithe ag an duine (más iníoctha)

(1)

(2)

(3)

(4)

(4a)

(5)

(5a)

(6)

(7)

(8)

£

£

£

£

£

£

£

£

£

1. Cúnamh Dífhostaíochta:

A. Daoine seachas iad sin ag B:

(1) i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta arna fhorléiriú de réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad:

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

37.80

27.20

9.00

10.20

7.90

6.40

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

36.60

26.60

9.00

10.20

7.90

6.40

--

--

--

(2) i gcás daoine seachas iad sin ag (1):

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

35.10

25.30

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

34.00

24.70

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

--

B. Daoine gan cleithiúnaí aosaithe agus a bhfuil leanbh cáilithe amháin nó níos mó acu—

(1) i gcás daoine a raibh, in aon tréimhse leanúnach dífhostaíochta arna fhorléiriú de réir alt 135 (2), sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil acu ar feadh 390 lá ar a laghad:

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

38.10

--

9.00

10.20

7.90

6.40

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

37.10

--

9.00

10.20

7.90

6.40

--

--

--

(2) i gcás daoine seachas iad sin ag (1):

(i) i leith daoine a chónaíonn in aon limistéar uirbeach

35.50

--

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

--

(ii) i leith daoine a chónaíonn in aon áit eile

34.50

--

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

--

2. Pinsean Seanaoise agus Pinsean Dall

47.10

--

9.60

10.80

8.40

6.70

26.40

3.70

3.50

3. Pinsean Baintrí (Neamhranníocach), Liúntas Banchéile Thréigthe, Liúntas do Bhanchéile Príosúnaigh agus Liúntas Cúnaimh Shóisialaigh i leith daoine—

(a) faoi bhun 66 bliana d'aois

46.20

--

11.60

12.70

12.70

10.90

--

--

--

(b) os cionn 66 bliana d'aois

47.10

--

11.80

13.00

13.00

11.10

26.40

3.70

3.50

4. Pinsean Dílleachta (Neamhranníocach)

26.30

--

--

--

--

--

--

--

--

5. Liúntas do Bhean Shingil     ...

40.30

--

--

--

--

--

--

--

--

6. Liúntas Leasa Forlíontach:

(a) Daoine seachas iad sin ag (b)

34.00

24.70

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

--

(b) Daoine gan cleithiúnaí aosaithe ach a bhfuil leanbh cleithiúnach amháin nó níos mó acu

34.50

--

8.40

9.60

7.50

6.00

--

--

--

CUID III

An Méadú ar Phinsean Seanaoise i Leith Céile

Acmhainn an éilitheora nó an phinsinéara

Ráta seachtainiúil an mhéadaithe

£

Má bhíonn acmhainn sheachtainiúil an éilitheora nó an

phinsinéara gan bheith níos mó ná £6

...

...

...

23.70

níos mó ná £6 gan bheith níos mó ná £8

...

...

22.70

níos mó ná £8 gan bheith níos mó ná £10

...

...

21.70

níos mó ná £10 gan bheith níos mó ná £12

...

...

20.70

níos mó ná £12 gan bheith níos mó ná £14

...

...

19.70

níos mó ná £14 gan bheith níos mó ná £16

...

...

18.70

níos mó ná £16 gan bheith níos mó ná £18

...

...

17.70

níos mó ná £18 gan bheith níos mó ná £20

...

...

16.70

níos mó ná £20 gan bheith níos mó ná £22

...

...

15.70

níos mó ná £22 gan bheith níos mó ná £24

...

...

14.70

níos mó ná £24 gan bheith níos mó ná £26

...

...

13.70

níos mó ná £26 gan bheith níos mó ná £28

...

...

12.70

níos mó ná £28 gan bheith níos mó ná £30

...

...

11.70

níos mó ná £30 gan bheith níos mó ná £32

...

...

10.70

níos mó ná £32 gan bheith níos mó ná £34

...

...

9.70

níos mó ná £34 gan bheith níos mó ná £36

...

...

8.70

níos mó ná £36 gan bheith níos mó ná £38

...

...

7.70

níos mó ná £38 gan bheith níos mó ná £40

...

...

6.70

níos mó ná £40 gan bheith níos mó ná £42

...

...

5.70

níos mó ná £42 gan bheith níos mó ná £44

...

...

4.70

níos mó ná £44 gan bheith níos mó ná £46

...

...

3.70

níos mó ná £46 gan bheith níos mó ná £48

...

...

2.70

níos mó ná £48 gan bheith níos mó ná £50

...

...

1.70

níos mó ná £50

...

...

...

...

...

Neamhní

”.