Uimhir 32 de 1981
AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT FOSTAÍOCHTA DON AOS ÓG, 1981
[An tiontú oifigiúil]
Mínithe.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1970” an tAcht Sláinte, 1970;
ciallaíonn “an Ghníomhaireacht” an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg;
ciallaíonn “an tArd-Bhailitheoir” an tArd-Bhailitheoir a ceapadh faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Achtanna na gCuideachtaí, 1963 agus 1977;
ciallaíonn “bliain ranníoca” bliain mheasúnachta de réir bhrí na nAchtanna Cánach Ioncaim dar tosach an bhliain 1982-1983;
ciallaíonn “díolaíochtaí” díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ach gan féachaint do Chaibidil I (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) de Chuid IX den Acht sin) nó a gcuirtear Caibidil IV chun feidhme maidir leo, seachas íocaíochtaí faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;
tá le “ranníocóir fostaithe”, “ranníoc fostaíochta”, “fostóir” agus “ranníoc fostóra” na bríonna atá leo san Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981;
tá le “tobhach” an bhrí a shanntar dó le halt 15 den Acht seo;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin “tuilleamh ináirithe”, “díolaíochtaí ináirithe” agus “ioncam ináirithe” a mhíniú chun críocha an Achta seo.
Foirmiú agus clárú na Gníomhaireachta.
2.—A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an Achta seo, déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé beart a mheasfaidh sé is gá nó is inmhianaithe chun a chur faoi deara go ndéanfar cuideachta theoranta (dá ngairtear “an Ghníomhaireacht” san Acht seo) a bheidh ag freagairt do na coinníollacha atá leagtha síos san Acht seo a fhoirmiú agus a chlárú faoi Achtanna na gCuideachtaí.
Ainm agus caipiteal na Gníomhaireachta.
3.—(1) D'ainneoin forálacha alt 6 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, an Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg is ainm don Ghníomhaireacht.
(2) £100 arna roinnt i scaireanna láníoctha £1 an ceann a bheidh i scairchaipiteal na Gníomhaireachta agus, d'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní dleathach don Ghníomhaireacht, gan toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, an caipiteal sin a mhéadú nó a laghdú ná bintiúirí a eisiúint.
(3) Déanfar scair amháin i scairchaipiteal na Gníomhaireachta a leithroinnt ar gach duine de shínitheoirí meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta agus a eisiúint chucu agus déanfar iarmhéid an scairchaipitil sin a leithroinnt ar an Aire agus a eisiúint chuige.
(4) Déanfar an t-airgead is iníoctha ag sínitheoirí meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta agus ag an Aire faoi seach mar chomaoin as scaireanna i scairchaipiteal na Gníomhaireachta a leithroinnt orthu agus a eisiúint chucu de bhun fho-alt (3) den alt seo a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus a mhuirearú ar an gcéanna.
Meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta.
4.—(1) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí a bheidh meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta.
(2) (a) Luafar cuspóirí na Gníomhaireachta sa mheabhrán comhlachais i slí gurb iad príomhchuspóirí na Gníomhaireachta scéimeanna a bhunú, a fhorbairt, a leathnú, a oibriú, a spreagadh, a mhaoirsiú, a chomhordú, agus a chomhaonadh agus cúnamh a thabhairt dóibh, go díreach nó go hindíreach, is scéimeanna chun daoine óga a oiliúint agus a fhostú, ar daoine iad go príomha os cionn 15 bliana d'aois agus faoi bhun 25 bliana d'aois.
(b) I mír (a) den fho-alt seo folaíonn “cúnamh a thabhairt” i ndáil leis na scéimeanna dá dtagraítear sa mhír sin cúnamh airgid a thabhairt le haghaidh scéimeanna den sórt sin nó le haghaidh daoine a bhunaíonn, a fhorbraíonn, a leathnaíonn, a oibríonn, a spreagann, a mhaoirsíonn, a chomhordaíonn nó a chomhaonann na scéimeanna sin nó a thugann cúnamh dóibh.
Airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta.
5.—(1) Is i cibé foirm ar comhréir leis an Acht seo a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí a bheidh airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta.
(2) Forálfaidh airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta gurb í an cháilíocht chun duine bheith ina Stiúrthóir ar an nGníomhaireacht scair amháin ar a laghad sa Ghníomhaireacht a theachtadh.
Athrú ar mheabhrán comhlachais agus ar airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta.
6.—D'ainneoin aon ní in Achtanna na gCuideachtaí, ní bheidh aon athrú i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Gníomhaireachta bailí ná éifeachtúil mura le cead roimh ré ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí a dhéanfar é.
Stiúrthóirí na Gníomhaireachta.
7.—(1) Aon duine dhéag is líon do stiúrthóirí na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an cathaoirleach.
(2) Is é an tAire a cheapfaidh stiúrthóirí na Gníomhaireachta, lena n-áirítear an cathaoirleach.
(3) Comhar Ceardchumann na hÉireann a dhéanfaidh beirt de stiúrthóirí na Gníomhaireachta (seachas an cathaoirleach) a ainmniú lena gceapadh mar stiúrthóirí amhlaidh.
(4) Cibé comhlachtaí atá ionadaitheach d'fhostóirí, de réir mar a chinnfidh an tAire, a dhéanfaidh beirt de stiúrthóirí na Gníomhaireachta (seachas an cathaoirleach) a ainmniú lena gceapadh mar stiúrthóirí amhlaidh.
(5) Cibé comhlachtaí atá ionadaitheach do dhaoine óga, de réir mar a chinnfidh an tAire, a dhéanfaidh beirt de stiúrthóirí na Gníomhaireachta (seachas an cathaoirleach) a ainmniú lena gceapadh mar stiúrthóirí amhlaidh.
(6) An tAire Oideachais a dhéanfaidh duine amháin de stiúrthóirí na Gníomhaireachta (seachas an cathaoirleach) a ainmniú lena cheapadh mar stiúrthóir amhlaidh.
(7) An tAire Comhshaoil a dhéanfaidh duine amháin de stiúrthóirí na Gníomhaireachta (seachas an cathaoirleach) a ainmniú lena cheapadh mar stiúrthóir amhlaidh.
Airleacain ón Aire.
8.—Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire le haghaidh an chaiteachais a shonraítear in alt 15 den Acht seo a airleacan as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Cumhacht an Aire chun scaireanna a fháil trí shuibscríobh.
9.—Féadfaidh an tAire ó am go ham aon scaireanna sa Ghníomhaireacht a thógáil trí shuibscríobh.
Cumhachtaí an Aire mar scairshealbhóir.
10.—Féadfaidh an tAire, maidir le scaireanna na Gníomhaireachta atá ar teachtadh aige de thuras na huaire, na cearta agus na cumhachtaí go léir, nó aon chuid díobh, is infheidhme ag sealbhóir na scaireanna sin ó am go ham a fheidhmiú, agus i gcás cearta nó cumhachtaí den sórt sin a bheith infheidhme trí aturnae, féadfaidh an tAire, más cuí leis é amhlaidh, cibé cearta nó cumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú trína aturnae.
Oibleagáidí chun scaireanna a theachtadh ar iontaobhas don Aire.
11.—(1) Déanfaidh gach stiúrthóir ar an nGníomhaireacht (lena n-áirítear sínítheoirí meabhrán comhlachais na Gníomhaireachta, ach gan an tAire a áireamh) scaireanna sa Ghníomhaireacht a theachtadh ar iontaobhas don Aire, agus aistreoidh sé, de réir mar a cheanglóidh agus nuair a cheanglóidh an tAire sin air, na scaireanna go léir, nó aon chuid díobh, chuig an Aire nó chuig duine a bheidh ainmnithe ag an Aire chun na críche sin.
(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham de réir mar is gá chun na cáilíochtaí riachtanacha a chur ar fáil do dhuine a bheidh ceaptha nó le ceapadh mar stiúrthóir ar an nGníomhaireacht, ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh, is é sin le rá—
(a) scair amháin nó níos mó de na scaireanna sa Ghníomhaireacht atá ar teachtadh ag an Aire de thuras na huaire a aistriú (faoi réir an tsriain a fhorchuirtear le fo-alt (3) den alt seo) chuig aon duine;
(b) a cheangal ar aon stiúrthóir ar an nGníomhaireacht scair amháin nó níos mó de na scaireanna sa Ghníomhaireacht atá ar teachtadh aige a aistriú chuig an Aire nó chuig aon duine eile.
(3) Ach amháin mar a údaraítear le fo-alt (2) den alt seo, ní aistreoidh an tAire ná ní choimhtheoidh sé ar shlí eile aon scair de na scaireanna sa Ghníomhaireacht atá ar teachtadh aige de thuras na huaire agus ní fheidhmeoidh sé na cumhachtaí a thugtar dó leis an bhfo-alt sin (2) i slí go laghdófaí, tráth ar bith, an líon scaireanna sa Ghníomhaireacht atá ar teachtadh aige faoi bhun caoga a haon.
Oibleagáid chun cláir chomhardaithe, etc., a chur ar fáil.
12.—(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta cuirfidh an Ghníomhaireacht clár comhardaithe ar fáil don Aire don bhliain chuntasaíochta sin agus é iniúchta go cuí ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus, ina theannta sin, cuirfidh sí cuntas ar fáil a thaispeánfaidh a hioncam agus a caiteachas don bhliain chuntasaíochta chéanna agus é iniúchta mar an gcéanna mar aon leis an tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an iniúchadh sin agus tuarascáil ar a himeachtaí le linn na bliana cuntasaíochta sin.
(2) Déanfar an clár comhardaithe agus an cuntas ioncaim agus caiteachais a bheidh le cur ar fáil faoin alt seo a tharraingt suas i cibé slí a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus beidh sa chlár comhardaithe sin (i dteannta aon ábhair a cheanglaítear leis an ordú sin) achoimre ar chaipiteal, sócmhainní agus dliteanais na Gníomhaireachta maille le cibé sonraí a nochtfaidh cineál na sócmhainní agus na ndliteanas sin agus an tslí inar thángthas ar luach na sócmhainní.
(3) Má iarrtar é cuirfidh an Ghníomhaireacht ar fáil don Aire cibé mínithe is cuí leis an Aire a éileamh maidir le haon chlár comhardaithe nó le haon chuntas ioncaim agus caiteachais a chuirfear ar fáil de bhun an ailt seo.
(4) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, gach cuntas ioncaim agus caiteachais agus gach tuarascáil a chuirfear ar fáil dó de bhun an ailt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an tuarascáil a chur ar fáil dó amhlaidh.
An Ghníomhaireacht a fhoirceannadh.
13.—I gcás an Ghníomhaireacht a bheith á foirceannadh déanfar an t-airgead go léir a bheidh fágtha, tar éis fiacha na Gníomhaireachta a ghlanadh, a íoc isteach sa Státchiste agus a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Gníomhaireachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na hEorpa.
14.—(1) I gcás ina ndéanfar stiúrthóir ar an nGníomhaireacht a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht.
(2) I gcás ina ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Ghníomhaireacht a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht na Gníomhaireachta agus ní íocfaidh an Ghníomhaireacht leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón nGníomhaireacht, aon luach saothair ná liúntais—
(a) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina gceapfar é chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a cheaptha, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,
(b) i gcás ina ndéanfar é a ainmniú mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí acu sin, nó chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach nó den Tionól sin, de réir mar a beidh, nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.
(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, nó ina chomhalta amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an nGníomhaireacht nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach di.
(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmiscfidh tréimhse a luaitear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin a ríomh mar sheirbhís leis an nGníomhaireacht le haghaidh aon sochair aoisliúntais.
Tobhach Fostaíochta don Aos Óg.
15.—Íocfaidh pearsa aonair atá os cionn sé bliana déag d'aois nó íocfar ina leith faoi réim agus de réir an Achta seo agus rialacháin faoin Acht seo, tobhach (ar a dtabharfar “Tobhach Fostaíochta don Aos Óg” agus dá ngairtear “tobhach” san Acht seo) faoi chomhair caiteachas na Gníomhaireachta Fostaíochta don Aos Óg i gcomhlíonadh a feidhmeanna agus faoi chomhair cibé caiteachas eile i ndáil le daoine óga a oiliúint agus a fhostú a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
Pearsana aonair a bhfuil tuilleamh ináirithe acu d'íoc tobhaigh.
16.—Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le pearsa aonair dá dtagraítear in alt 15 den Acht seo ar ranníocóir fostaithe é agus a bhfuil díolaíochtaí á bhfáil aige—
(a) i gcás ina ndéanfar íocaíocht i mbliain ranníoca leis an ranníocóir fostaithe nó chun sochair don ranníocóir fostaithe maidir le tuilleamh ináirithe an ranníocóra fhostaithe sin, beidh tobhach iníoctha de réir ráta aon faoin gcéad de mhéid an tuillimh ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin,
(b) maidir le tobhach is iníoctha i leith an tuillimh ináirithe sin a dúradh, measfar, chun na gcríocha a bhaineann le tobhach a bhailiú agus a ghnóthú, gur ranníoc fostaíochta é de réir bhrí an Achta Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981,
(c) má bhíonn, de bhua alt 45 d'Acht 1970, lán-cháilíocht le haghaidh seirbhísí ag ranníocóir fostaithe faoi Chuid IV den Acht sin, beidh an méid tobhaigh dá dtagraítear i mír (a) den alt seo iníoctha ag an bhfostóir,
(d) mura mbeidh, de bhua alt 45 d'Acht 1970, lán-cháilíocht le haghaidh seirbhísí ag ranníocóir fostaithe faoin Acht, beidh an méid tobhaigh dá dtagraítear sa mhír sin (a) iníoctha ag an ranníocóir fostaithe.
Pearsana aonair a bhfuil díolaíochtaí seachas tuilleamh ináirithe acu d'íoc tobhaigh.
17.—I gcás ina ndéanfar, i mbliain ranníoca, íocaíocht le pearsa aonair, nó chun sochair do phearsa aonair, dá dtagraítear in alt 15 den Acht seo i leith a dhíolaíochtaí ináirithe, i gcás inar pearsa aonair é atá ag fáil díolaíochtaí seachas tuilleamh ináirithe, beidh tobhach iníoctha i leith na ndíolaíochtaí sin de réir ráta aon faoin gcéad de mhéid na ndíolaíochtaí ináirithe lena mbaineann an íocaíocht sin.
Pearsana aonair a bhfuil ioncam seachas díolaíochtaí acu d'íoc tobhaigh.
18.—Más rud é, i ndáil le pearsa aonair dá dtagraítear in alt 15 den Acht seo, go n-eascróidh ioncam ináirithe seachas díolaíochtaí i mbliain ranníoca, beidh tobhach iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain sin maidir leis an ioncam sin de réir ráta aon faoin gcéad de mhéid an ioncaim ináirithe sin.
Athrú ar rátaí tobhaigh agus tobhach a fhionraí.
19.—(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, féadfaidh an tAire le rialacháin an ráta tobhaigh a athrú agus, i gcás rialacháin faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm, beidh éifeacht leis an Acht seo de réir na rialachán.
(b) Beidh éifeacht le ráta a athrófar le rialacháin faoin bhfo-alt seo ag tosach na bliana ranníoca díreach i ndiaidh na bliana ina ndearnadh na rialacháin.
(c) Ní dhéanfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo an ráta tobhaigh a shonraítear san Acht seo a athrú i slí gur mó é ná an ráta a bheidh sonraithe amhlaidh ar dháta an Achta seo a rith.
(2) (a) Féadfaidh an tAire le rialacháin íoc tobhaigh a fhionraí agus, i gcás rialacháin faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm, beidh éifeacht leis an Acht seo de réir na rialachán.
(b) I gcás íoc tobhaigh a bheith á fhionraí le rialacháin faoin bhfo-alt seo beidh éifeacht leis an bhfionraí sin ag tosach na bliana ranníoca díreach i ndiaidh na bliana ina ndearnadh na rialacháin.
(3) I gcás ina mbeartófar rialacháin faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh.
Rialacháin a dhéanamh agus tobhach a ghnóthú.
20.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an tAire le rialacháin socrú a dhéanamh le haghaidh na nithe seo a leanas i ndáil le tobhach is iníoctha de bhun alt 17 nó 18 den Acht seo—
(a) dliteanas maidir le tobhach a chinneadh,
(b) tráth íoctha agus modh íoctha tobhaigh,
(c) tobhach a bhailiú agus a ghnóthú agus faisnéis a thabhairt i ndáil leis,
(d) méideanna a bheidh dlite i leith tobhaigh a mheas agus na meastacháin sin a athbhreithniú,
(e) aon ghearr-íocaíocht nó ró-íocaíocht tobhaigh a choigeartú,
(f) aon ní atá cumhalda nó foghabhálach le haon ní dá dtagraítear i míreanna (a) go (e) den fho-alt seo.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh le haghaidh na nithe seo a leanas—
(a) aon fheidhm a bhaineann le haon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shannadh don Ard-Bhailitheoir,
(b) aon fheidhm a bhaineann le haon ní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shannadh do bhord sláinte,
(c) taifid a iniúchadh ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann.
Tobhach a bhailiú.
21.—Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le tobhach is iníoctha de bhun ailt 16, 17 agus 18 den Acht seo:
(a) (i) beidh ag forálacha aon reachta nó ionstraime reachtúla (de réir bhrí an Achta Léiriúcháin, 1937 i ngach cás) i ndáil le taifid a iniúchadh, le cáin ioncaim a mheas, a bhailiú agus a ghnóthú, nó le faisnéis a thabhairt i ndáil le cáin ioncaim, feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le tobhach a cheanglaítear ar an Ard-Bhailitheoir a bhailiú mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim;
(ii) in imeachtaí a thionscnófar de bhua na míre seo, beidh deimhniú a airbheartóidh a bheith sínithe ag an Ard-Bhailitheoir á dheimhniú go bhfuil suim luaite dlite den chosantóir agus iníoctha aige maidir le tobhach, ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, go bhfuil an tsuim sin dlite agus iníoctha amhlaidh maidir le tobhach agus measfar an deimhniú, nó go gcruthófar a mhalairt, a bheith sínithe aige;
(iii) chun críocha na míre seo, beidh ag rialacha na cúirte áirithe a bhaineann de thuras na huaire le himeachtaí sibhialta, feidhm maidir le himeachtaí de bhua na míre seo; agus
(b) féadfaidh bord sláinte tobhach atá de cheangal air a bhailiú a ghnóthú in aon chúirt dlínse inniúla ón bpearsa aonair lena mbaineann mar fhiach conartha shimplí atá dlite den phearsa aonair don bhord sláinte.
Díolúintí.
22.—(1) D'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo—
(a) ní bheidh tobhach is iníoctha de bhun alt 16 den Acht seo iníoctha maidir le pearsa aonair is pearsa aonair de thuras na huaire a fhaigheann—
(i) pinsean, liúntas, sochar nó íocaíocht faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, nó
(ii) íocaíocht,
a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo,
(b) ní bheidh tobhach is iníoctha de bhun alt 17 den Acht seo iníoctha maidir le pearsa aonair a bhfuil, de bhua alt 45 d'Acht 1970, lán-cháilíocht le haghaidh seirbhísí faoi Chuid IV den Acht sin aige nó maidir le pearsa aonair a fhaigheann—
(i) pinsean, liúntas, sochar nó íocaíocht faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981, nó
(ii) íocaíocht,
a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo,
(c) (i) más rud é i mbliain ranníoca gur pearsa aonair dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo an phearsa aonair aon tráth áirithe, is é a bheidh i dtobhach is iníoctha de bhun alt 18 den Acht seo maidir leis an bpearsa aonair cibé cuid den tobhach iomlán a bhfuil idir í agus an tobhach iomlán an chomhréir chéanna atá idir an chuid den bhliain ranníoca nach pearsa aonair dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo an phearsa aonair agus iomlán na bliana ranníoca iomchuí.
(ii) i bhfomhír (i) den mhír seo ciallaíonn “an tobhach iomlán” an méid tobhaigh a bheadh iníoctha i gcás nár phearsa aonair dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo an phearsa aonair dá dtagraítear san fhomhír sin tráth ar bith i gcaitheamh na bliana dá dtagraítear san fhomhír sin.
(2) Is iad seo a leanas na pinsin, na liúntais, na sochair agus na híocaíochtaí dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo:
(a) pinsean baintrí (ranníocach);
(b) pinsean baintrí (neamhranníocach);
(c) sochar banchéile thréigthe;
(d) liúntas banchéile thréigthe;
(e) sochar báis mar phinsean baintrí;
(f) liúntas cúnaimh shóisialaigh;
(g) íocaíocht ar aon dul le pinsean dá dtagraítear i mír (a) nó (e) den fho-alt seo ó údarás inniúil Bhallstát (seachas an Stát) de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa faoi reachtaíocht lena mbaineann rialacháin an Chomhphobail maidir le scéimeanna slándála sóisialaí a chur i mbaint le daoine fostaithe agus a dteaghlaigh ag gluaiseacht dóibh laistigh de chríoch an Chomhphobail.
(3) D'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo, ní bheidh tobhach iníoctha i leith íocaíochtaí faoin Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981.
Cionta.
23.—(1) Gan dochar d'fhorálacha an Achta seo nó d'aon rialacháin faoin Acht seo nó d'aon reacht nó ionstraim reachtúil eile dá dtagraítear san Acht seo, aon duine—
(a) a mhainneoidh nó a dhiúltóidh ceanglas den Acht seo nó de chuid rialachán faoin Acht seo a chomhlíonadh, nó
(b) a dhéanfaidh go feasach aon ráitis bhréagacha nó uiríoll bréagach, nó a cheilfidh go feasach aon fhíoras ábhartha i ndáil le haon cheanglas den sórt sin, nó
(c) a thabharfaidh ar aird nó a chuirfidh ar fáil aon doiciméad nó faisnéis i ndáil le haon cheanglas den sórt sin is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh go feasach sin a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil,
beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(2) I gcás ina mainneoidh nó ina ndiúltóidh duine tobhach is iníoctha aige faoin Acht seo agus faoi rialacháin faoin Acht seo a íoc, beidh sé ciontach i gcion agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná £500 a chur air.
(3) Féadfar ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo a thionscnamh ar agra an Aire, an bhord sláinte iomchuí nó an Ard-Bhailitheora.
Tobhach a íoc isteach sa Chiste Arachais Shóisialaigh agus leis an Aire.
24.—(1) Déanfar tobhach is iníoctha de bhun alt 16 nó 17 den Acht seo a íoc isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh.
(2) Déanfar na suimeanna go léir a íocfar isteach sa Chiste Árachais Shóisialaigh faoi fho-alt (1) den alt seo agus na suimeanna go léir a bhaileofar faoi alt 18 den Acht seo a íoc leis an Aire agus íocfaidh an tAire isteach sa Státchiste iad.
Na Coimisinéirí Ioncaim do thabhairt faisnéise áirithe.
25.—Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, a mhéid is gá chun an tAcht seo a riaradh go cuí, faisnéis a fuair siad i ndáil le bailiú cánach ioncaim nó tobhaigh maidir leis an tobhach agus maidir le tuilleamh ináirithe, díolaíochtaí ináirithe agus ioncam ináirithe de chuid pearsana aonair ar iníoctha tobhach ina leith a thabhairt d'aon duine ar a bhfuil oibleagáidí a fhorchuirtear le reacht nó faoi reacht i ndáil le bailiú agus gnóthú tobhaigh.
Forálacha a bhaineann le foirceannadh agus féimheacht.
26.—(1) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, le híoc, le linn sócmhainní cuideachta atá á foirceannadh a bheith á ndáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, tobhach is iníoctha de bhun alt 17 den Acht seo ag an gcuideachta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh an dáta iomchuí (de réir bhrí an ailt sin) agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le rialacha a rinneadh faoin Acht sin.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás cuideachta a bheith á foirceannadh go toilteanach chun í a athchóiriú nó a chónascadh le cuideachta eile agus chun na gcríocha sin amháin.
(3) Beidh ar áireamh na bhfiacha a bheidh, faoi alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889, le híoc, le linn maoin féimhigh nó féichiúnaí chomhshocraíochta a bheith á dáileadh, i dtosaíocht ar gach fiach eile, an tobhach uile is iníoctha de bhun alt 17 nó 18 den Acht seo ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta i gcaitheamh an dá mhí dhéag roimh dháta an ordaithe bhreithnithe i gcás féimhigh nó roimh dháta na hachainí ar chomhshocraíocht a chomhdú i gcás féichiúnaí chomhshocraíochta, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an Acht sin, agus ní dhéanfar cruthú foirmiúil ar na fiacha dá dtugtar tosaíocht faoin bhfo-alt seo a éileamh ach amháin i gcásanna a bhforáiltear a mhalairt le horduithe ginearálta a rinneadh faoin Acht sin.
Ceadú an Aire Airgeadais agus an Aire Sláinte do rialacháin áirithe.
27.—(1) Beidh rialacháin faoi ailt 1, 19 agus 20 (seachas fo-alt (2) (b)) den Acht seo faoi réir cheadú an Aire Airgeadais.
(2) Beidh rialacháin faoi fho-ailt (1) agus (2) (b) d'alt 20 den Acht seo faoi réir cheadú an Aire Sláinte.
Rialacháin a leagan faoi bhráid an Oireachtais.
28.—Gach rialachán faoin Acht seo (seachas alt 19 den Acht seo) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Díolúine ó dhleachtanna stampa.
29.—(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, ar shlí go gceanglóidh sé ar an nGníomhaireacht cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim nó aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo.
(2) Ní bheidh aon dleacht stampa iníoctha ar aon aistriú scaireanna de chuid na Gníomhaireachta.
Caiteachais.
30.—(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile de chuid an Rialtais seachas an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Tosach feidhme.
31.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorálacha éagsúla den Acht seo.
Gearrtheideal.
32.—Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Fostaíochta don Aos Óg, 1981, a ghairm den Acht seo.
Na hAchtanna dá dTagraÍtear | |
Finance Act, 1895 | 1895, c. 16 |
Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889 | 1889, c. 60 |
Stamp Act, 1891 | 1891, c. 39 |