Uimhir 6 de 1975
AN tACHT AIRGEADAIS, 1975
[An tiontú oifigiúil]
[14 Bealtaine, 1975]
CUID I
Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide
Caibidil I
Cáin Ioncaim
Leasú ar alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
1.—Leasaítear leis seo alt 142 (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1974) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “£592” a chur in ionad “£489”, sa dá áit ina bhfuil sé, trí “£95” a chur in ionad “£80”, sa dá áit ina bhfuil sé, agus trí “£497” a chur in ionad “£409” agus tá an t-alt sin 142 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA 142.—(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith, is gaol dó féin nó dá bhanchéile, agus atá éagumasach, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, ar é féin a chothabháil, nó a mháthair agus í ina baintreach nó máthair a bhanchéile agus í ina baintreach, cibé acu éagumasaithe di nó nach ea, agus is duine ar lú ná £592 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh, beidh sé i dteideal asbhaint £95 i leith gach duine a chothabhálann sé amhlaidh, agus déanfar a chomhionann d'asbhaint i gcás éilitheoir a bhfuil air, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, bheith ag brath ar sheirbhísí duine (is duine ar lú ná £592 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh agus is mac nó iníon leis an éilitheoir) a chónaíonn leis nó léi agus a chothabhálann sé nó sí: Ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag gach ceann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, i gcás inar mó ná £497 sa bhliain an t-ioncam iomlán ó gach bunadh atá ag an duine ar ina leith a bheidh an asbhaint le déanamh, ionann is dá mba rud é, in ionad asbhaint £95 a shonrú, gur shonraigh sé asbhaint den méid sin arna laghdú méid na breise. |
Leasú ar alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
2.—Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (3) (b):
“Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh aon chuid den ioncam inchánach inmhuirir de réir ceann amháin nó níos mó de na hard-rátaí, go mbeidh an t-éilitheoir i dteideal go laghdófar an méid cánach is iníoctha aige ionas nach mó í ná suim is comhionann le comhiomlán an dá mhéid seo a leanas, is é sin le rá, méid na cánach ab iníoctha aige dá mbeadh an asbhaint as an ioncam iomlán comhionann le dhá thrian den phréimh a d'íoc sé nó, de réir mar a bheidh, den tsuim a d'íoc sé nó a baineadh as a thuarastal nó as a stipinn agus méid in ionannas cáin de réir an ráta chaighdeánaigh ar an séú cuid den phréimh a d'íoc sé nó, de réir mar a bheidh, den tsuim a d'íoc sé nó a baineadh as a thuarastal nó as a stipinn.”.
Leasú ar alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
3.—Leasaítear leis seo alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “an lú lá d'Aibreán, 1977” a chur i bhfo-alt (4) (d) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1972) in ionad “an lú lá d'Aibreán, 1975” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973).
Leasú ar alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
4.—Leasaítear leis seo alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) agus (2), beidh éifeacht ag an gCaibidil seo—
(a) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas faoin gCaibidil seo le tabhairt ina leith mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an deichiú cuid den chaiteachas’, agus
(b) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas faoin gCaibidil seo le tabhairt ina leith mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘an gcúigiú’ in ionad ‘an deichiú’.”.
Leasú ar alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
5.—Leasaítear leis seo alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, trí “leis an bhfiche cúigiú” a chur in ionad “leis an gcaogadú” gach áit a bhfuil na focail sin, agus
(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (3):
“Ar choinníoll—
(i) maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) nó (d) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘an deichiú bliain’ in ionad ‘an caogadú bliain’ sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo, agus
(ii) maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht ag an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘an cúigiú bliain is fiche’ in ionad ‘an caogadú bliain’ sna forálacha roimhe seo den fho-alt seo.”.
Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1971.
6.—Leasaítear leis seo alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1971, trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973).
Leasú ar alt 26 den Acht Airgeadais, 1971.
7.—Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht Airgeadais, 1971, trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1975” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973).
Leasú ar alt 8 den Acht Airgeadais, 1973.
8.—Leasaítear leis seo alt 8 den Acht Airgeadais, 1973, trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1975”.
Leasú ar alt 19 den Acht Airgeadais, 1973.
9.—Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Airgeadais, 1973—
(a) trí “ón Aire Sláinte nó” a chur isteach i bhfo-alt (2) i ndiaidh “íocaíochtaí”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:
“(3) A mhéid a bhaineann sé le haon íocaíocht ón Aire Sláinte, beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le haon íocaíocht den sórt sin a thabharfar tar éis an 1ú lá d'Eanáir, 1975.”,
agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA (2) Bainfidh an t-alt seo le haon ioncam arb éard é íocaíochtaí ón Aire Sláinte nó ón bhforas dá ngairtear Hilfswerk für behinderte Kinder le haon duine, nó i leith aon duine, atá faoi chithréim i ngeall ar easláine is féidir a chur i mbaint le máthair an duine sin do chaitheamh ullmhóidí ina raibh tailidimíd le linn di bheith torrthach. |
Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais, 1974.
10.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1974, maidir le cáin don bhliain 1975-76 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla i bhfo-alt (2) (c):
AN TABLA | ||
An chuid den bharrachas | An tArd-ráta |
|
os cionn £4,350 |
| |
An chéad £2,000 | 45 faoin gcéad | |
An chéad £2,000 eile | 55 faoin gcéad | |
An chéad £2,000 eile | 65 faoin gcéad | |
An fuílleach | 70 faoin gcéad |
Faoisimh phearsanta.
11.—(1) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Airgeadais, 1974, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún 2 den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad na méide a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua na méide sa cholún sin (2).
AN TABLA | |||||
An fhoráil reachtúil | An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1974-75 | An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1975-76 agus do bhlianta dá éis sin | |||
(1) | (2) | (3) | |||
£ | £ | ||||
alt 138 |
|
| |||
(fear pósta) | .. | .. | .. | 800 | 920 |
(duine singil) | .. | .. | .. | 500 | 575 |
(baintreach fir nó mná) | .. | 550 | 635 | ||
(banchéile ag obair) | .. | .. | 200 nó, más lú é, méid ioncaim thuillte an bhanchéile | 230 nó, más lú é, méid ioncaim thuillte an bhanchéile | |
ailt 139 agus 140 (coimeádaí tí) | 140 | 165 | |||
alt 141 (leanbh) | .. | .. | .. | 200 | 230 |
alt 142 (gaol cleithiúnach) | .. | 80 | 95 | ||
|
| ||||
alt 3 (coimeádaí tí ag tabhairt aire |
|
| |||
do dhuine éagumasaithe) | .. | 140 | 165 | ||
|
| ||||
alt 11 (dall) | .. | .. | .. | 140 | 165 |
(an bheirt chéile dall) | .. | .. | 280 | 330 | |
|
| ||||
alt 8 (liúntas aoise) |
|
| |||
(duine singil nó baintreach fir |
|
| |||
nó mná) | .. | .. | .. | 25 | 45 |
(fear pósta) | .. | .. | .. | 50 | 145 |
”
(2) Beidh éifeacht ag Cuid I den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an alt seo) d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1974, a fhorlíonadh.
Caibidil II
Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta
Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais, 1974.
12.—Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1974, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Sa Chaibidil seo—
ciallaíonn ‘feirmeoireacht’ feirmeoireacht talún feirmeoireachta, is é sin, talamh sa Stát atá áitithe go hiomlán nó go formhór chun chríocha feirmeoireachta, seachas talamh garraí mhargaidh de réir brí alt 54 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn ‘áitiú’, maidir le haon talamh, úsáid na talún sin a bheith ag duine, nó an ceart a bheith ag duine de bhua aon éasúint (de réir brí alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967), beostoc a chur ar féarach ar an talamh sin.”.
Leasú ar alt 15 den Acht Airgeadais, 1974.
13.—Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1974, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (3):
“Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo do bhliain mheasúnachta i gcás feirmeoireacht a bheith á seoladh an bhliain mheasúnachta sin ag pearsa aonair lena mbaineann alt 16.”.
Leasú ar alt 16 den Acht Airgeadais, 1974.
14.—(1) Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1974—
(a) trí “Sa Chaibidil seo ciallaíonn ‘pearsa aonair lena mbaineann alt 16’ pearsa aonair (seachas pearsa aonair a shuífidh nár mhó ná £50 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth an bhliain mheasúnachta iomchuí) a bhfuil feirmeoireacht á seoladh aige i mbliain mheasúnachta agus” a chur i bhfo-alt (1) in ionad na bhfocal ó “Ní bheidh éifeacht ag alt 15 (3)” go dtí na focail “ag pearsa aonair”,
(b) trí “seachas trádáil arb éard í go huilíoch cóiríocht a sholáthar i bhfoirgnimh ar an talamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, agus gur cuid fhoghabhálach d'fheirmeoireacht na talún feirmeoireachta sin soláthar na cóiríochta sin,” a chur i bhfo-alt (1) (b) i ndiaidh na bhfocal “i gcomhpháirtíocht,”, agus
(c) trí fho-alt (3) a scriosadh,
agus tá an t-alt 16 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Measfar an t-alt seo agus ailt 13 agus 15 a theacht i bhfeidhm, agus beidh éifeacht acu, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.
AN TABLA 16.—(1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “pearsa aonair lena mbaineann alt 16” pearsa aonair (seachas pearsa aonair a shuífidh nár mhó ná £50 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth an bhliain mheasúnachta iomchuí) a bhfuil feirmeoireacht á seoladh aige i mbliain mheasúnachta agus— (a) a bheidh, freisin, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht, (b) a mbeidh a chéile, freisin, i gcás inar duine pósta an phearsa aonair, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht, seachas trádáil arb éard í go huilíoch cóiríocht a sholáthar i bhfoirgnimh ar an talamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, agus gur cuid fhoghabhálach d'fheirmeoireacht na talún feirmeoireachta sin soláthar na cóiríochta sin, (c) a bheidh, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ina stiúrthóir ar chuideachta a sheolann trádáil nó gairm agus atá ina úinéir tairbhiúil nó atá in ann, go díreach nó trí mhéan cuideachtaí eile nó ar mhodh éigin eile, rialú a dhéanamh ar chuid is mó ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta, nó (d) a mbeidh a chéile, i gcás inar duine pósta an phearsa aonair, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ina stiúrthóir ar chuideachta a sheolann trádáil nó gairm agus atá ina úinéir tairbhiúil nó atá in ann, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar mhodh éigin eile, rialú a dhéanamh ar chuid is mó ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta: Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (b) ná ag mír (b) ná ag mír (d) i gcás ina n-áirítear chun críocha cánach nach in aontíos lena fearchéile do bhanchéile pearsan aonair. |
Leasú ar alt 17 den Acht Airgeadais, 1974.
15.—Leasaítear leis seo alt 17 (4) den Acht Airgeadais, 1974, trí “nó ar shlí eile” a chur isteach i ndiaidh “i gcomhpháirtíocht”, agus tá an t-alt sin 17 (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA (4) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag pearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile agus go bhfuil an talamh feirmeoireachta sin ar áitiú ag an bpearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht nó ar shlí eile le haon duine nó daoine eile, measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú aige arb é a luacháil inrátaithe méid is comhionann leis an gcodán sin de luacháil inrátaithe iomlán na talún ar úinéir tairbhiúil air é féin nó a bhanchéile atá ar comhréir lena scair féin nó le scair a bhanchéile d'úinéireacht thairbhiúil na talún feirmeoireachta sin. |
Leasú ar alt 20 den Acht Airgeadais, 1974.
16.—Leasaítear leis seo alt 20 (1) den Acht Airgeadais, 1974, le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1974, trí “de chúig mhí dhéag” a chur in ionad “de shé mhí” agus tá an t-alt sin 20 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA 20.—(1) I gcás duine a bheith, de bhua alt 15, inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta 1974-75 i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht, agus go ndéanfaí, de réir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, é a mhuirearú i leith cánach faoi Chás I den Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta sin, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de chúig mhí dhéag tar éis tosach na bliana measúnachta sin, a roghnú gur ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain mheasúnachta sin agus nach ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta sin a mhuirearófar i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin. |
Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1974.
17.—(1) Beidh éifeacht ag alt 21 (1) den Acht Airgeadais, 1974, maidir le haon mheasúnacht don bhliain 1974-75, ionann is dá gcuirfí “de chúig mhí dhéag” ann in ionad “de shé mhí”.
(2) Leasaítear leis seo an t-alt sin 21 (1) den Acht Airgeadais. 1974—
(a) trí “1975-76” a chur in ionad “1974-75”, agus
(b) trí “, ná forálacha alt 20” a scriosadh,
agus tá an t-alt sin 21 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
AN TABLA 21.—(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith, de bhua alt 15, inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta 1975-76 i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de shé mhí tar éis tosach na bliana measúnachta sin, a roghnú gur i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain sin, de réir forálacha an ailt seo, agus nach faoi threoir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a mhuirearófar i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin. |
Leasú ar alt 22 den Acht Airgeadais, 1974.
18.—(1) Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1974—
(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2)—
“(2) Má thabhaíonn duine lena mbaineann an t-alt seo, le feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta atá á áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar, le linn na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht ar an talamh feirmeoireachta sin a bheith á muirearú, i leith an chaiteachais sin—
(a) don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí, liúntas tosaigh ar cóimhéid leis an gcúigiú cuid den chaiteachas sin, agus
(b) don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin (go dtí go mbeidh na liúntais a bheidh tugtha, nó a mheasfar a bheith tugtha, faoin alt seo i leith an chaiteachais sin ar cóimhéid leis an gcaiteachas arna chinneadh de réir forálacha alt 29 den Acht Airgeadais, 1975) liúntas (dá ngairtear liúntas bliantúil san alt seo) ar cóimhéid le deichiú cuid an chaiteachais sin:
Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus nach mbainfidh mír (b) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971.
(2A) Má thabhaigh duine aon chaiteachas caipitiúil mar a dúradh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus
roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas bliantúil—
(a) a bheith tugtha don duine sin, agus
(b) a bheith fritháirithe in aghaidh brabús nó gnóchan inmhuirir don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin roimh an mbliain 1974-75, agus ní dhéanfar aon liúntas den sórt sin a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabúis nó gnóchain is inmhuirir don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin:
Ar choinníoll más sa bhliain 1973-74 a tabhaíodh an caiteachas sin, go measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas bliantúil a bheith tugtha agus fritháirithe in aghaidh brabús nó gnóchan inmhuirir don bhliain mheasúnachta sin.
(2B) I gcás pearsa aonair, d'aon bhliain mheasúnachta—
(a) do roghnú a bheith inmhuirir i leith cánach, i ndáil lena bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, faoi threoir forálacha alt 21, nó
(b) gan é a bheith, de bhua alt 15 (3), inmhuirir i leith cánach i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain sin,
agus gur bliain mheasúnachta an bhliain sin a bhféadfadh sé, mura mbeadh sin, liúntas bliantúil a éileamh ina leith faoin alt seo, measfar, chun críocha an ailt seo, an liúntas sin a bheith tugtha i ndáil leis an mbliain mheasúnachta sin agus ní dhéanfar é a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabúis nó gnóchain is inmhuirir d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”,
(b) trí “1971” a chur in ionad “1974” i bhfo-alt (3), agus
(c) trí “nó sa tréimhse arbh í a bhonn-tréimhse í dá mbeadh a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D”, a chur i bhfo-alt (5), i ndiaidh na bhfocal “dar thabhaigh sé an caiteachas” agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Measfar an t-alt seo a theacht i bhfeidhm, agus beidh éifeacht aige, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.
AN TABLA (5) Chun críocha an ailt seo agus maidir le caiteachas a thabhaigh aon duine, is í an bhliain ina bhonn-tréimhse (de réir brí alt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) dar thabhaigh sé an caiteachas nó sa tréimhse arbh í a bhonn-tréimhse í dá mbeadh a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D, an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí. |
Caibidil III
Frithsheachaint
Leasú ar alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967
19.—Leasaítear leis seo alt 80 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) trí “nó le duine atá bainteach leis an léasóir is neasa nó leis an uasléasóir” a chur isteach i ndiaidh “le huasléasóir” sa mhíniú ar “préimh” i bhfo-alt (1),
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) (a) Nuair a bheidh ré léasa á dhéanamh amach, chun críocha na Caibidle seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(i) i gcás ina dtabharfaidh aon cheann de théarmaí an léasa (cibé acu le forghéilleadh nó le haon ní eile a bhaineann sé) nó aon chúinsí eile gur neamhdhócha go leanfaidh an léas thar dháta roimh an lá a bheidh deireadh le téarma an léasa agus nach raibh an phréimh i bhfad níos mó ná bheadh sí (ar na toimhdeana a cheanglaítear le mír (b)) dá mba théarma é a rachadh in éag ar an dáta sin, ní mheasfar an léas a bheith arna dheonú ar feadh téarma is faide ná téarma a chríochnóidh ar an dáta sin, agus
(ii) i gcás ina mbeidh ar théarmaí an léasa foráil le ré an léasa a shíneadh thar dháta áirithe trí fhógra ón léasaí, féadfar aon chúinsí a thugann gur dócha go sínfear ré an léasa amhlaidh a chur san áireamh, agus
(iii) i gcás an léasaí nó duine atá bainteach leis a bheith, nó a theacht chun bheith, i dteideal léasa breise, nó go ndeonófaí dó léas breise (cibé uair a thosóidh), ar an áitreabh céanna nó ar áitreabh ina bhfuil iomlán an áitribh chéanna nó cuid de, féadfar a mheas nach rachaidh an léas in éag roimh théarma an léasa breise.
(b) Cuirfear mír (a) chun feidhme faoi threoir na bhfíoras ab eol nó ab infhionnta tráth an léasa a dheonú, nó, maidir le cáin faoi alt 83 (4), tráth an chonartha ag déanamh forála d'athrú nó do tharscaoileadh den sórt dá dtagraítear san alt sin 83 (4) a dhéanamh; agus nuair a bheidh an mhír sin (a) á cur chun feidhme—
(i) measfar na páirtithe go léir lena mbaineann, is cuma cad é a mbaint le chéile, a bheith ag gníomhú mar a ghníomhóidís dá mbeidís ar neamhthuilleamaí le chéile; agus
(ii) más rud é go ndearnadh leis an léas nó i ndáil le deonú an léasa—
(I) sochair a thabhairt seachas seilbh ghlan agus áitíocht thairbhiúil an áitribh nó an ceart chun cíos a fháil de réir ráta tráchtála réasúnaigh ina leith, nó
(II) íocaíochtaí a íoc nach mbeadh súil ann a d'íocfadh páirtithe a bhí ag gníomhú amhlaidh dá mba nár tugadh amhlaidh aon sochair eile,
toimhdeofar freisin, mura suífear nach chun buntáiste cánach a fháil i bhfeidhmiú na Caibidle seo a tugadh na sochair nó a íocadh na híocaíochtaí, nach dtabharfaí na sochair ná nach n-íocfaí na híocaíochtaí dá mba ar feadh téarma dar críoch an dáta a luaitear i mír (a) an léas.”, agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):
“(5) I gcás cúis a bheith ag cigire a chreidiúint go bhfuil eolas ag duine maidir le ré léasa a fhionnadh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal air cibé eolas a bheidh aige maidir leis na hábhair a bheidh sonraithe san fhógra agus is iomchuí i ndáil de fionnachtain ré an léasa a thabhairt laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an cigire.”,
agus tá an míniú ar phréimh san fho-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA folaíonn “préimh” aon suim dá samhail, cibé acu leis an léasóir is neasa nó le huasléasóir nó le duine atá bainteach leis an léasóir is neasa nó leis an uasléasóir is iníoctha í; |
Leasú ar alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
20.—Leasaítear leis seo alt 83 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6):
“(6) Más ina thráthchodanna is iníoctha méid a bhfuil duine inmhuirir i leith cánach faoina threoir de bhua an ailt seo, féadfar, má shásaíonn an duine is inmhuirir na Coimisinéirí Ioncaim go gcuirfeadh a mhalairt cruatan míchuí air, an cháin is inmhuirir a íoc de réir mar is rogha leis i cibé tráthchodanna a cheadóidh na Coimisinéirí thar thréimhse nach faide ná ocht mbliana agus a chríochnóidh tráth nach déanaí ná an t-am a mbeidh an ceann deireanach de na tráthchodanna chéadluaite iníoctha.”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (8):
“(8) I gcás feidhm a bheith ag fomhír (iii) d'alt 80 (2) (a), féadfar déileáil leis an bpréimh, nó le cuid iomchuí den phréimh, is iníoctha ar aon léas nó i ndáil le haon léas a luaitear san fhomhír sin, mar phréimh nó cuid a éilíodh faoi aon léas eile.”, agus
(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):
“(9) Forléireofar tagairt san alt seo do shuim mar thagairt a fholaíonn luach aon chomaoine, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do shuim a íocadh nó is iníoctha nó do shuim a íoc.”.
Achomhairc in aghaidh cinntí faoi ailt 83 go 85 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
21.—(1) I gcás inar dealraitheach don chigire go bhféadfadh cinneadh aon suim a bhféadfadh cáin a bheith inmhuirir ar dhuine ina leith de bhua alt 83, 84 nó 85 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, difear a dhéanamh do dhliteanas cánach daoine eile, tabharfaidh sé fógra i scríbhinn do na daoine sin agus freisin don duine chéadluaite faoin gcinneadh a bheartaíonn sé a dhéanamh agus faoi na cearta a thugtar dóibh leis an alt seo.
(2) Aon duine dá dtabharfar fógra den sórt sin féadfaidh sé, laistigh de lá is fiche tar éis an dáta ar a dtabharfar an fógra, agóid in aghaidh an chinnte bheartaithe a dhéanamh trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire:
Ar choinníoll go mbeidh feidhm ag alt 416 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le haon fhógra den sórt sin, mar atá feidhm aige maidir le fógra achomhairc faoin alt sin 416.
(3) I gcás fógraí a bheith tugtha faoi fho-alt (1) agus gan fógra agóide a bheith tugtha go cuí faoi fho-alt (2), déanfaidh an cigire an cinneadh mar a bheidh beartaithe ina fhógraí agus ní thabharfar an cinneadh faoi cheist in aon imeachtaí:
Ar choinníoll nach n-oibreoidh an fo-alt seo chun cosc a chur le haon duine nár tugadh fógra dó faoi fho-alt (1) achomharc a dhéanamh in aghaidh aon chinneadh den sórt sin ón gcigire a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do dhliteanas cánach an duine sin.
(4) I gcás fógra agóide a bheith tugtha go cuí, déanfar an tsuim a luaitear i bhfo-alt (1) a chinneadh mar a chinnfí achomharc agus déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc í a chinneadh amhlaidh.
(5) Féadfaidh na daoine go léir dar tugadh fógraí faoi fho-alt (1) páirt a ghlacadh in aon imeachtaí faoi fho-alt (4) agus in aon achomharc a leanfaidh as na himeachtaí sin agus beidh siad faoi cheangal ag an gcinneadh a dhéanfar sna himeachtaí nó ar achomharc, cibé acu a ghlac siad páirt sna himeachtaí nó nár ghlac, agus beidh a gcomharbaí i dteideal faoin gceangal céanna.
(6) D'ainneoin aon oibleagáid maidir le rúndacht nó aon srian eile ar nochtadh faisnéise, féadfaidh ráiteas a bheith i bhfógra faoi fho-alt (1) ag insint na bhforas ar a mbeartaíonn an cigire an cinneadh a dhéanamh.
(7) Féadfaidh cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cibé faisnéis a thabhairt, laistigh de lá is fiche tar éis dáta an fhógra nó de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an cigire, a mheasfaidh an cigire is gá chun a chinneadh an dtabharfaidh sé fógra faoi fho-alt (1) d'aon duine.
(8) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí.
Forálacha mar fhorlíonadh ar ailt 19 go 21.
22.—(1) Beidh éifeacht ag Cuid I den Dara Sceideal chun ailt 19 go 21 agus an t-alt seo a fhorlíonadh.
(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a leasú a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(3) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
Caibidil IV
Cáin Bhrabús Corparáide
Leasú ar alt 69 den Acht Airgeadais, 1959.
23.—Leasaítear leis seo alt 69 (1) den Acht Airgeadais, 1959, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):
“(g) liúntas faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1974.”.
Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a bhuanú.
24.—Tabharfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear in alt 33 (1) den Acht Airgid, 1929, i leith na tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1975, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975.
Caibidil V
Ilghnéitheach
Leasú ar alt 542 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
25.—Leasaítear leis seo alt 542 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):
“(2) (a) Aon fhógra, foirm nó doiciméad eile atá, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, le tabhairt do dhuine, le seirbheáil air, le cur chuige nó le seachadadh dó ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim, féadfar an céanna a sheachadadh don duine nó a fhágáil—
(i) i gcás inar cuideachta an duine, ag a hoifig chláraithe nó a háit ghnó, nó
(ii) in aon chás eile, ag gnáth-áit chónaí nó gnátháit ghnó an duine nó ag an áit chónaí nó an áit ghnó is déanaí is eol a bheith aige nó, más pearsa aonair an duine, ag a áit fostaíochta.
(b) Féadfar aon fhógra, foirm nó doiciméad eile den sórt dá dtagraítear i mír (a) a sheirbheáil leis an bpost trína sheoladh—
(i) i gcás inar cuideachta an duine, chuig an gcuideachta i gceachtar de na háiteanna a shonraítear i mír (a) (i), nó
(ii) in aon chás eile, chuig an duine in aon cheann de na háiteanna a shonraítear i mír (a) (ii).
(c) Gan dochar do mhíreanna (a) agus (b) beidh feidhm ag forálacha alt 379 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, maidir le haon fhógra, foirm nó doiciméad den sórt dá dtagraítear san fho-alt seo a sheirbheáil ar chuideachta, sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le doiciméid a sheirbheáil faoin alt sin 379 ar chuideachta de réir brí an Achta sin.
(d) San fho-alt seo ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe.”.
Leasú ar alt 9 den Acht Airgeadais, 1968.
26.—Leasaítear leis seo alt 9 den Acht Airgeadais, 1968, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b):
“(b) le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 8 a sheirbheálfar tar éis an 15ú lá d'Eanáir, 1975, ionann agus dá mba éard í an cháin cáin a dhligh an duine faoi na rialacháin a chur ar aghaidh in aghaidh na míosa cánach ioncaim deiridh den bhliain mheasúnachta lena mbaineann an fógra.”.
Leasú ar alt 35 den Acht Airgeadais, 1973.
27.—Leasaítear leis seo alt 35 den Acht Airgeadais, 1973, maidir le hús is iníoctha an 12ú lá d'Fheabra, 1975, nó dá éis, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):
“(aa) faoi alt 17 (6A) den Acht Airgeadais, 1970,”.
Us ar chánacha neamhíoctha. 1962, Uimh. 15. 1972, Uimh. 22.
28.—(1) Baineann an t-alt seo le hús is inmhuirir—
(a) faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1962,
(b) faoi alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(c) faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a dúradh,
(d) faoi alt 17 (6A) den Acht Airgeadais, 1970,
(e) faoi ailt 20 (2) agus 50 (2) den Acht Airgeadais, 1971, agus
(f) faoi alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972.
(2) I gcás aon ús lena mbaineann an t-alt seo a bheith inmhuirir in aghaidh aon mhí dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, nó in aghaidh aon choda de mhí den sórt sin, maidir le cáin a dlíodh a íoc nó a chur ar aghaidh roimh an dáta sin, nó air nó dá éis, beidh an t-ús sin inmhuirir de réir ráta 1.5 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí in ionad an ráta a shonraítear sna hailt sin agus beidh éifeacht ag na hailt sin ionann is dá mba gur cuireadh an ráta réamhráite in ionad na rátaí a shonraítear sna hailt sin.
(3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin bhrabús corparáide nó cáin bhreisluacha, de réir mar is iomchuí.
Coigeartú ar liúntais chaipitiúla faoi threoir cánach breisluacha. 1974, Uimh. 17.
29.—(1) Le linn aon asbhaint, liúntas nó faoiseamh a bheith á ríomh chun críocha—
(a) Codanna XIII go XVIII, go huile, den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(c) an Achta Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974, nó
ní áireofar ar an gcostas a bhí ar dhuine maidir le haon innealra nó gléasra nó maidir le méid aon chaiteachais a thabhaigh sé aon mhéid atá ar áireamh ar an gcostas nó ar an gcaiteachas sin i ndáil le cáin bhreisluacha ar féidir le duine—
(i) asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 12 den Acht Cánach Breisluacha, 1972, nó
(ii) aisíoc cánach breisluacha a éileamh ina leith faoi ordú faoi alt 20 (3) den Acht sin.
(2) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun aon cheann de chríocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar mhéid an airgid díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh a bheidh le cur i gcuntas le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar liúntas cothromaíochta nó ar mhuirear cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine nó le cur ar dhuine, ní chuirfear i gcuntas an méid cánach breisluacha (más ann) is inmhuirir ar an duine i leith an airgid sin.
(3) Aisghairtear leis seo alt 39 den Acht Cánach Breisluacha, 1972.
Ríchíosanna paitinne: forálacha mar fhorlíonadh ar alt 34 den Acht Airgeadais, 1973.
30.—(1) (a) I gcás inar as brabúis arbh éard iad ioncam dá ndearnadh neamhshuim de bhua alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973 (dá ngairtear ioncam neamhshuime san alt seo), a íocadh cuid de dhíbhinn agus gur as brabúis eile a íocadh an chuid eile di, beidh feidhm ag ailt 456 agus 457 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá mba dhá dhíbhinn an díbhinn sin ar as brabúis arbh ioncam neamhshuime iad a íocadh ceann acu agus ar as brabúis eile a íocadh an ceann eile,
(b) ní dhéanfar an méid sin d'aon díbhinn a íocadh as ioncam neamhshuime a áireamh mar ioncam nó mar bhrabúis chun aon chríche de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hachtacháin a bhaineann le cáin bhrabús corparáide,
(c) maidir le gach barántas, seic nó ordú arna tharraingt nó arna dhéanamh ag cuideachta le díbhinn a íoc is iníoctha go hiomlán nó go páirteach as ioncam neamhshuime, beidh feidhm ag alt 458 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí is gá a thabhairt ar leith ón alt seo (de réir mar is gá sa chás)—
(i) gur íocaíocht díbhinne as ioncam neamhshuime iomlán na suime ar ina leith a tarraingíodh nó a rinneadh an barántas, an seic nó an t-ordú, nó
(ii) gur íocaíocht as ioncam neamhshuime cuid den tsuim sin agus gur íocaíocht as ioncam eile cuid (a sonrófar, ar leithligh, a méid comhlán roimh aon asbhaint a dhéanamh i leith cánach ioncaim) den tsuim sin.
(2) I gcás comhlacht corpraithe a bheith i dteideal faoi alt 456 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cáin a bhaint as aon díbhinn agus gur cuid de bhrabúis an chomhlachta chorpraithe díbhinn nach n-áirítear í go léir nó cuid di mar ioncam de bhua fho-alt (1) (b), measfar chun críocha an ailt seo gur brabúis in ionannas ioncaim neamhshuime an méid sin d'aon díbhinn is cuid de bhrabúis an chomhlachta chorpraithe agus nach n-áirítear mar ioncam.
Faoiseamh i leith méadú ar stoc-luachanna.
1920, c. 18.
31.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta”, maidir le cuideachta, tréimhse chuntasaíochta arna cinneadh de réir forálacha alt 54 den Finance Act, 1920, dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1973, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1975;
ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát;
ciallaíonn “trádáil” trádáil a sheoltar sa Stát agus arb éard í go hiomlán nó go formhór, le linn tréimhse cuntasaíochta, aon oibríocht trádála de na cineálacha seo seo a leanas—
(a) monarú earraí,
(b) seoladh oibríochtaí foirgníochta de réir brí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970,
(c) feirmeoireacht, nó
(d) díol innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine a iompar de bhóthar) nó earraí le duine atá ag gabháil do thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór oibríochtaí trádála de chineál a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) lena n-úsáid chun críocha na trádála sin;
ciallaíonn “brabúis trádála”, maidir le haon trádáil, brabúis nó gnóchain na trádála arna ríomh de réir na rialacha is infheidhme maidir le Cás I de Sceideal D sula lamháiltear aon asbhaint faoi alt 64 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
tá le “stoc trádála”, maidir le haon trádáil, an bhrí chéanna atá leis in alt 62 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus le linn luach stoc trádála cuideachta aon tráth a bheith á chinneadh chun críocha asbhainte faoin alt seo a mhéid a bheidh, an tráth sin nó roimhe, aon íocaíochtaí ar cuntas faighte ag an gcuideachta i leith aon stoic thrádála, déanfar luach an stoic sin a laghdú dá réir sin.
(2) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo—
(a) má bhíonn cuideachta, i dtréimhse chuntasaíochta, ag seoladh trádála a mbeidh sí inmhuirir i leith cánach ioncaim maidir léi faoi Chás I de Sceideal D, agus
(b) más mó luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear a “stocluach dúnta” san alt seo) ná luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta (dá ngairtear “a stocluach oscailte” san alt seo),
beidh an chuideachta, nuair a bheidh a brabúis trádála á ríomh chun críocha cánach ioncaim, i dteideal asbhainte faoin alt seo faoi threoir méid na breise sin ionann is dá mba chaiteachas trádála a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta an asbhaint; agus sna forálacha seo a leanas den alt seo “méadú ar stocluach” a thugtar ar an mbreis sin.
(3) Beidh éifeacht leis an Tríú Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
(4) (a) In aon chás ina mbeidh cuideachta i dteideal asbhainte faoin alt seo, is é a bheidh san asbhaint sin suim ar cóimhéid lena méadú ar stocluach i dtréimhse chuntasaíochta lúide 20% dá brabúis trádála don tréimhse sin:
Ar choinníoll—
(i) nach mbeidh, in aon chás, méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh níos mó ná méid brabúis trádála na cuideachta don tréimhse sin,
(ii) gurb éard iad brabúis trádála na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas le linn asbhaint a bheith á ríomh na brabúis sin sula ndéanfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoin Tríú Sceideal, agus
(iii) nach mbeidh le haon asbhaint a lamhálfar faoi fhorálacha an ailt seo le linn brabúis trádála cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh éifeacht chun aon chríche de na hAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh 1974-75 nó níos déanaí ná 1975-76.
(b) Déanfar cibé laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach, de réir mar is gá in aon chás, chun éifeacht a thabhairt don alt seo.
(5) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte faoin alt seo i leith measúnachta mura ndéanfaidh sí éileamh—
(a) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte, nó
(b) roimh dheireadh na tréimhse sé mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith,
cibé acu is déanaí.
(6) I gcás ina ndéanfar suim a asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo mar chaiteachas le linn brabúis trádála do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, déileálfar ar an gcaoi chéanna leis an tsuim sin chun críocha cánach brabús corparáide.
Leasú ar alt 41 den Acht Airgeadais, 1974.
32.—Leasaítear leis seo alt 41 (7) den Acht Airgeadais, 1974, amhail ar an agus ón 12ú lá d'Fheabhra, 1975, trí “alt 16 (3)” a chur in ionad “alt 16 (2)”.
Míniú ar “liúntas caipitiúil”.
33.—(1) Sna hAchtanna Cánach Ioncaim, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas (seachas liúntas nó asbhaint a bheidh le tabhairt nó le déanamh le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh)—
(a) faoi Chodanna XIII go XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(b) faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1971,
(c) faoin Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974, nó
(d) faoi alt 22 den Acht Airgeadais, 1974,
agus déanfar “liúntais chaipitiúla” a fhorléiriú dá réir sin.
(2) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
Liúntas i leith foirgnimh nó déanmhais áirithe.
34.—(1) Leasaítear leis seo alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c):
“(cc) chun diantáirgeadh bólachta, caorach, muc, éanlaithe clóis nó uibheacha i gcúrsa trádála seachas trádáil na feirmeoireachta de réir brí alt 13 den Acht Airgeadais, 1974, nó”.
(2) Maidir le foirgneamh nó déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de bhua fho-alt (1), beidh éifeacht le Caibidil II de Chuid XV agus le Caibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is—
(a) dá gcuirfí “leis an gcúigiú cuid” in ionad “leis an deichiú cuid” in alt 254 (1) den Acht sin,
(b) dá gcuirfí “leis an deichiú cuid” in ionad “leis an gcaogadú cuid” in alt 264 (1) agus alt 266 (4) den Acht sin,
(c) dá gcuirfí “an deichiú bliain” in ionad “an caogadú bliain” in alt 264 (3) agus “don deichiú bliain” in ionad “don chaogadú bliain” sa choinníoll a ghabhann le halt 265 (1) den Acht sin,
(d) dá scriosfaí mír (a) den choinníoll a ghabhann le halt 266 (4) den Acht sin.
(3) Beidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ach ní thabharfar aon liúntas faoi na Caibidlí sin de bhua an ailt seo—
(a) in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1974-75, ná
(b) faoi alt 254 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974.
Leasú ar achtacháin áirithe.
35.—Tá gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Chéad Sceideal leasaithe mar a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin le héifeacht ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.
CUID II
Custaim agus Mál
Beoir.
I.R. Uimh. 249 de 1973.
36.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Airgeadais, 1973;
ciallaíonn “Ordú 1973” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 208) (Beoir, Biotáille agus Tobac), 1973.
(2) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 47 (1) d'Acht 1973, arna hathrú le mír 4 d'Ordú 1973, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir arna grúdú sa Stát an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, dleacht máil de réir £42.047 ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.
(3) In ionad na dleachta custam a fhorchuirtear le halt 47 (2) d'Acht 1973, arna hathrú le mír 4 d'Ordú 1973, déanfar, an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon chineál arna hallmhairiú isteach sa Stát de réir ráta £42.047 ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.
(4) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stórais, beoir a suífear, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo, aistarraingt arna ríomh de réir saindlús bunaidh na beorach, de réir £42.060 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.
(5) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (4) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach, athrófar an dleacht nó an aistarraingt sin go coibhneasach.
(6) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 24 den Acht Airgid 1933, maidir leis an dleacht custam lena mbaineann an t-alt seo.
Biotáille.
I.R. Uimh. 220 de 1972.
37.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “Ordú 1972” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972;
ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht Airgeadais, 1973;
ciallaíonn “Ordú 1973” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 208) (Beoir, Biotáille agus Tobac), 1973.
(2) Déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 3 (1) den Finance Act, 1920, ar bhiotáille a thuairiscítear i gcolún (1) de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le halt 48 d'Acht 1973 agus le Cuid I den Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, a athrú, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí—
(a) £6.851 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin i leith gach galún de Bhiotáille Chumhraithe a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil;
(b) £5.781 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin i leith gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tastáil;
(c) £4.282 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin i leith gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille.
(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo—
(a) le leann úll agus leann piorraí a luaitear ag códuimhreacha taraife 2207-254, 2207-262, 2207-426, 2207-434, 2207-627 agus 2207-635 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972, ná
(b) le biotáille dhínádúraithe d'aon chineál a luaitear ag códuimhreacha taraife 2208-215 agus 2208-223 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972, ná
(c) le cumhránra, cosmaidí nó ullmhóidí maisiúcháin faoi cheannteideal taraife uimhir 33.06 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972 atá bunaithe ar an mbiotáille a thuairiscítear i mír (b) den fho-alt seo.
(4) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le halt 3 (2) den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 48 (3) d'Acht 1973 agus le mír 5 d'Ordú 1973, a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £4.282 a chur le ráta na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.
(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise ná ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.
Tobac.
38.—(1) Déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932, a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £1.236 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.
(2) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934, a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £1.236 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.
Fíon.
I.R. Uimh. 174 de 1974.
39.—(1) Déanfar an dleacht custam ar fhíon arna allmhairiú isteach sa Stát a fhorchuirtear le halt 39 den Acht Airgeadais, 1969, arna leasú le míreanna 7 agus 8 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 213) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1974, a athrú, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.562 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.
(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon Éireannach a fhorchuirtear le halt 15 den Acht Airgeadais, 1966, a athrú amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.562 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.
Uiscí mianra.
1916, c. 11.
I.R. Uimh. 268 de 1970.
40.—(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1972” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 200) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm na Taraife), 1972.
(2) Déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le mír 5 d'Ordú 1972—
(a) ar na hearraí faoi cheanteideal taraife uimhir 22.02 agus faoi chóduimhreacha taraife 2201-227, 2207-321, 2207-474 agus 2207-689 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972, agus
(b) ar na hearraí faoi cheanteideal taraife uimhir 20.07 sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1972 atá ullmhaithe lena gcaitheamh mar dheoch gan chaolú,
a athrú, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.0257 a chur le gach ceann de rátaí na dleachta sin ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.
(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, arna hathrú le halt 14 den Acht Airgeadais, 1966, agus le mír 20 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 187) (Dleachtanna Custam agus Máil agus Foirm an Cháinliosta), 1970, a athrú tuilleadh, amhail ar an 16ú lá d'Eanáir, 1975, agus ón lá sin amach, trí £0.0257 a chur le ráta na dleachta ab inmhuirir díreach roimh an dáta sin.
Geallta.
41.—Déanfar (faoi réir forálacha alt 20 den Acht Airgid, 1931, agus gan dochar do na forálacha sin), an dleacht ar gheallta a fhorchuirtear le halt 24 den Acht Airgid, 1926, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gheallta arna ndéanamh an 20ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, de réir fiche faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad an ráta cúig déag faoin gcéad a luaitear in alt 40 den Acht Cánach Breisluacha, 1972.
Ceadúnais chearrbhachais.
42.—(1) Baineann an t-alt seo le ceadúnais chearrbhachais faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956.
(2) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956, ar cheadúnais chearrbhachais lena mbaineann an t-alt seo, déanfar dleacht máil de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin arna n-eisiúint an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, is é sin le rá:—
i gcás an tréimhse dá mbeidh an ceadúnas le heisiúint mar a bheidh sonraithe sa deimhniú faoin Acht um Chearrbhachais agus Crannchuir, 1956, ag údarú an ceadúnas a eisiúint—
(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí, cúig phunt is fiche;
(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, caoga punt;
(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, cúig phunt is seachtó;
(d) a bheith níos faide na naoi mí, céad punt.
Dleacht ceadúnais mheaisín cearr-bhachais.
43.—(1) San alt seo—
tá le “cearrbhachas” agus “ceadúnas cearrbhachais” na bríonna céanna, faoi seach, atá leo san Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956;
ciallaíonn “áitreabh” siamsalann nó aonach súgraidh a bhfuil ceadúnas cearrbhachais i bhfeidhm ina leith;
ciallaíonn “oifigeach” oifigeach Custam agus Máil.
(2) (a) Is meaisín cearrbhachais meaisín—
(i) má tá sé déanta nó oiriúnaithe le haghaidh cearrbhachais, agus
(ii) má íocann an t-imreoir leis an meaisín a imirt cibé acu trí phíosa airgid nó comhartha a chur isteach nó ar bhealach éigin eile é, agus
(iii) más trí oibriú an mheaisín a chinntear toradh an chluiche, cibé acu atá socrú ann leis an meaisín a inliú ag an imreoir nó nach bhfuil,
ach measfar nach meaisín cearrbhachais meaisín nach ndéanann, ar imreoir á imirt uair amháin agus gnóthú air, ach caoi a thabhairt don imreoir sin imirt arís (uair amháin nó níos minice) gan íoc as imirt.
(b) Meaisín cearrbhachais a bhfuil níos mó ná ionad imeartha amháin ar leithligh ag gabháil leis, déileálfar leis chun críocha an ailt seo mar líon de mheaisíní cearrbhachais atá comhionann leis an líon d'ionaid imeartha ar leithligh atá ag gabháil leis an meaisín.
(c) Measfar, chun críocha an ailt seo, meaisín cearrbhachais a bheith ar fáil chun imeartha mura rud é—
(i) go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim sásta, agus sin deimhnithe acu i scríbhinn, nach féidir leis an bpobal, mar gheall—
(I) ar an áit a bhfuil sé ar stór a bheith do-rochtana ag an bpobal, nó
(II) ar an staid ina bhfuil sé,
é a imirt, agus
(ii) go bhfanfaidh sé ar stór san áit réamhráite nó go bhfanfaidh sé sa staid réamhráite.
(3) Ní chuirfidh sealbhóir ceadúnais chearrbhachais faoi deara ná ní cheadóidh sé meaisín cearrbhachais a bheith ar fáil chun imeartha san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas mura sealbhóir é ar cheadúnas (dá ngairtear ceadúnas meaisín cearrbhachais san alt seo) a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus a deonaíodh faoin alt seo.
(4) (a) Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais chearrbhachais agus ar an sealbhóir d'íoc na suime is iníoctha aige i leith na dleachta máil a fhorchuirtear leis an alt seo, ceadúnas meaisín cearrbhachais a dheonú don sealbhóir i leith an áitribh a bheidh sonraithe san iarratas do cibé líon de mheaisíní cearrbhachais a bheidh sonraithe san iarratas.
(b) Fanfaidh ceadúnas meaisín cearrbhachais i leith aon áitribh i bhfeidhm ar feadh cibé tréimhse (nach faide ná bliain agus nach faide ná an tréimhse a mbeidh sé sainráite go mbeidh feidhm ar a feadh ag an gceadúnas cearrbhachais i leith an áitribh sin a bheidh i bhfeidhm tráth an cheadúnais mheaisín cearrbhachais a dheonú) a bheidh sonraithe san iarratas á iarraidh.
(c) Sonrófar i gceadúnas an tréimhse a mbeidh ceadúnas meaisín cearrbhachais le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, an líon meaisíní cearrbhachais, agus an t-áitreabh, lena mbaineann an ceadúnas.
(5) (a) Aon duine a sháróidh fo-alt (3) maidir le haon áitreabh, beidh sé ciontach i gcion ar leithligh i ndáil le gach meaisín cearrbhachais a cuireadh ar fáil chun imeartha san áitreabh agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £300 a chur air i leith gach ciona, agus dlífear an meaisín ar ina leith a rinneadh an cion a fhorghéilleadh.
(b) Aon sealbhóir ar cheadúnas meaisín cearrbhachais a chuirfidh faoi deara nó a cheadóidh meaisín cearrbhachais amháin nó níos mó de bhreis ar an líon a bheidh sonraithe sa cheadúnas a chur ar fáil chun imeartha san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas, beidh sé ciontach i gcion ar leithligh i ndáil le gach meaisín cearrbhachais a cuireadh faoi deara nó a ceadaíodh a chur ar fáil chun imeartha amhlaidh agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós máil £300 a chur air i leith gach ciona agus dlífear an líon sin de mheaisíní a bheidh comhionann leis an difear idir an líon a bheidh sonraithe amhlaidh agus an líon a cuireadh ar fáil amhlaidh a fhorghéilleadh.
(6) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar cheadúnas meaisín cearrbhachais a dheonú dleacht máil de réir cibé ráta díobh seo a leanas is iomchuí ag féachaint don tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, is é sin le rá, i gcás an tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh—
(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí, £12.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,
(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, £25 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,
(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, £37.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,
(d) a bheith níos faide ná naoi mí, £50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas.
(7) (a) Féadfaidh sé a bheith sainráite i gceadúnas meaisín cearrbhachais, de bhun iarraidh a bheidh san iarratas ar an gceadúnas sin, nach mbainfidh sé ach le Domhnaigh agus laethanta saoire sa tréimhse a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus a mbeidh sé le fanacht i bhfeidhm ar a feadh agus, i gcás ina mbeidh sin sainráite i gceadúnas—
(i) déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (6) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an gceadúnas a dheonú de réir dhá chúigiú an ráta a mbeadh sé inmhuirir dá réir dá mba nach raibh sin sainráite sa cheadúnas, agus
(ii) measfar, chun críocha fho-ailt (3) agus (10) (b) den alt seo, nach mbeidh an ceadúnas i bhfeidhm ar laethanta sa tréimhse réamhráite seachas Domhnaigh agus laethanta saoire.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “laethanta saoire” laethanta is laethanta saoire poiblí chun críocha an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973.
(8) Ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais mheaisín cearrbhachais agus ar é d'íoc na suime breise is iomchuí i leith na dleachta máil a fhorchuirtear leis an alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an líon meaisíní cearrbhachais a bheidh sonraithe sa cheadúnas a mhéadú.
(9) Ar iarratas ó shealbhóir ceadúnais mheaisín cearrbhachais, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur, a cheadú an ceadúnas a aistriú ón sealbhóir go dtí duine eile is sealbhóir ceadúnais chearrbhachais nó a cheadú, in ionad feidhm a bheith ag an gceadúnas maidir leis an áitreabh a bheidh sonraithe sa cheadúnas tráth an iarratais a dhéanamh, feidhm a bheith aige maidir le háitreabh eile a mbeidh ceadúnas cearrbhachais i bhfeidhm ina leith agus leasóidh siad an ceadúnas de réir aon cheada a thabharfar faoin bhfo-alt seo.
(10) (a) Féadfaidh oifigeach dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina bhfuil, nó ina gcreideann an t-oifigeach sin go bhfuil, meaisíní cearrbhachais ar fáil chun imeartha agus féadfaidh an t-oifigeach sin cibé cuardach agus cibé imscrúdú is cuí leis a dhéanamh ansin, agus féadfaidh sé aon leabhair nó doiciméid eile a gheobhaidh sé ann agus a bhaineann, nó a chreideann an t-oifigeach sin a bhaineann, le meaisíní cearrbhachais a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a bhaint astu.
(b) I gcás meaisíní cearrbhachais a bheith curtha ar fáil chun imeartha in áitreabh nach bhfuil ceadúnas meaisín cearrbhachais i bhfeidhm ina leith nó a bhfuil ceadúnas meaisín cearrbhachais i bhfeidhm ina leith agus ar mó an líon meaisíní cearrbhachais a bheidh curtha ar fáil chun imeartha ann ná an líon a bheidh sonraithe sa cheadúnas, féadfaidh oifigeach na meaisíní go léir nó, de réir mar a bheidh, an líon sin díobh is comhionann leis an difear idir an líon a bheidh sonraithe amhlaidh agus an líon a bheidh curtha ar fáil amhlaidh a ghabháil.
(c) Aon duine a chuirfidh in aghaidh oifigigh nó a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar don oifigeach sin leis an bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair pionós máil £100 a chur air.
(11) (a) Cuirfidh sealbhóir ceadúnais mheaisín cearrbhachais faoi deara an ceadúnas a bheith ar taispeáint i gconaí in áit fheiceálach gar don bhealach isteach san áitreabh lena mbaineann an ceadúnas agus déanfaidh sé, ar oifigeach dá éileamh air aon tráth réasúnach, an ceadúnas a thabhairt ar aird don oifigeach lena iniúchadh.
(b) Aon duine a sháróidh mír (a) den fho-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair pionós máil £100 a chur air.
(12) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo a áirithiú.
(13) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon ní atá neamhdhleathach, ar leith ón alt seo, a dhéanamh dleathach.
(14) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Mheitheamh, 1975.
Méadú ar dhleacht gadhair agus pionós mar gheall ar dhleacht gadhair a fhágáil gan íoc.
1925 Uimh. 28.
44.—(1) Leasaítear leis seo alt 37 (1) den Acht Airgid, 1925, trí “£1” a chur in ionad “de chúig scillinge”.
(2) Leasaítear leis seo alt 33 den Acht Airgeadais, 1963, trí “£25” a chur in ionad “£10” i bhfo-ailt (1) agus (2).
(3) Aisghairtear leis seo alt 26 den Acht Airgeadais, 1941, agus achtaítear leis seo ina ionad go ndlífear, ar aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt sin 37 den Acht Airgid, 1925, a chiontú go hachomair, pionós máil £10 a chur air.
(4) Tiocfaidh fo-ailt (1), (2) agus (3) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.
Orduithe a dhaingniú agus foráil maidir leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975.
45.—(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.
An Tábla | ||
| I.R. Uimh. 174 de 1974 | An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 213) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1974. |
| I.R. Uimh. 350 de 1974 | An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 214) (Ola Eadrom Hidreacarbóin Mhianra). 1974. |
| I.R. Uimh. 356 de 1974 | An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 215) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1974. |
| I.R. Uimh. 5 de 1975 | An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975. |
(2) Déanfar na haisíocaíochtaí iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an Ordaithe d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 216) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1975, de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.
Leasú ar an Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957.
46.—Leasaítear leis seo alt 1 den Acht d'Fhorchur Dleacht, 1957, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):
“(ee) i gcás dleacht custam ar earraí d'aon chineál áirithe—
(i) a fhoirceannadh leis an ordú agus gurb é tuairim an Rialtais gur dhleacht de chineál fioscach an dleacht go léir nó go raibh eilimint fhioscach sa dleacht, nó
(ii) a athrú tríd an ráta ar dá réir ab inmhuirir an dleacht a mhalartú ar ráta eile den chineál céanna agus go raibh, i dtuairim an Rialtais, eilimint fhioscach sa dleacht sula ndearnadh an t-athrú sin agus go bhfuil an ráta ionaid comhionann leis an ráta ar cuireadh ina ionad é lúide cibé cuid den ráta sin arbh í, i dtuairim an Rialtais, an eilimint fhioscach sa dleacht í,
dleacht máil a fhorchur, i dteannta nó d'éagmais coinníollacha, teorainneacha, aistarraingtí, liúntais, díolúintí nó rátaí tosaíochta, agus sin amhail ó aon lá sonraithe, ar earraí den chineál áirithe sin a allmhaireofar isteach sa Stát, de réir ráta a bheidh comhionann—
(I) le ráta na dleachta sin, más é tuairim an Rialtais gur dhleacht de chineál fioscach an dleacht custam sin go léir, agus
(II) má bhí, i dtuairim an Rialtais, eilimint fhioscach sa dleacht custam, leis an gcuid de ráta na dleachta sin arbh í, i dtuairim an Rialtais, an eilimint fhioscach a bhí inti,
agus déanfar na tagairtí i mír (e) den alt seo d'aon dleacht máil agus na tagairtí i míreanna (h) agus (i) den alt seo d'aon dleacht a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon dleacht a fhorchuirtear faoin mír seo agus measfar, chun críocha na míre sin (h), gur dleacht custam agus dleacht máil aon dleacht a fhorchuirtear faoin mír seo;”.
CUID III
Dleachtanna Báis
Dleachtanna báis a dhiothú.
1894, c. 30.
1796, c. 52.
1853, c. 51.
1814, c. 92.
47.—(1) Ní thoibheofar ná ní íocfar dleacht eastáit i leith aon mhaoin a aistreoidh nó a mheasfar a aistreoidh ar bhás aon duine a éagfaidh an lá ceaptha nó dá éis.
(2) Ní bheidh na dleachtanna dá dtagraítear i míreanna 1, 2, 3 agus 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1894, intobhaigh i ndáil le bás aon duine a éagfaidh an lá ceaptha nó dá éis.
(3) Ní bheidh dleacht leagáide ná dleacht comharbais inmhuirir ar leagáid ó thiomnóir nó ó dhíthiomnóir a éagfaidh an lá ceaptha nó dá éis ná ar chomharbas a thabharfar an lá ceaptha nó dá éis ná ar aon leagáid ná comharbas eile a mhéid a bheadh an dleacht iníoctha, ar leith ón alt seo, i ndáil le haon teagmhas dá luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo.
(4) Is iad na teagmhais dá dtagraítear i bhfo-alt (3) aon teagmhas díobh seo a leanas a tharlóidh an lá ceaptha nó dá éis, is é sin le rá—
(a) bás aon duine;
(b) aon mhuirear, eastát, leas nó iontaobhas foirceannadh nó loiceadh;
(c) cumhacht cheapacháin a fheidhmiú;
(d) aon íocaíocht a thabhairt nó aon mhaoin a chur feidhme, dá mba go mbeadh dleacht leagáide nó dleacht comharbais inmhuirir ar leith ón alt seo—
(i) faoi alt 11 den Legacy Duty Act, 1796 (arna chur chun feidhme le halt 32 den Succession Duty Act, 1853) nó le halt 12 den Probate and Legacy Duties (Ireland) Act, 1814, nó
(ii) faoi alt 25 den Succession Duty Act, 1853;
(e) aon teagmhas eile a bhaineann, faoi fhorálacha na huachta nó na diúscartha iomchuí nó na rialacha a rialaíonn dáileadh eastát an díthiomnaigh, leis an gceart chun na leagáide nó an chomharbais nó chun sealúchas an chéanna nó a athraíonn cineál na maoine arb í an leagáid nó an comharbas sin í nó cineál aon choda den mhaoin sin.
(5) An tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo do dhleacht a bheith iníoctha i ndáil le teagmhas, folóidh sí, maidir le dleacht leagáide, í a bheith iníoctha nuair a bheidh an leagáid á híoc, á seachadadh, á coimeád, á sásamh nó á hurscaoileadh i ndáil leis an teagmhas sin.
(6) San alt seo—
ciallaíonn “an lá ceaptha” an lú lá d'Aibreán, 1975;
tá le “dleachtanna báis” an bhrí a shanntar dó le halt 30 den Acht Airgeadais, 1971;
folaíonn “leagáid” iarmhar nó scair d'iarmhar.
CUID IV
Dleachtanna Stampa
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.
1981. c. 39.
48.—(1) (a) Cuirtear leis seo an Ceannteideal atá leagtha amach i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an Cheannteidil “CONVEY-ANCE or TRANSFER on sale of any property other than stocks or marketable securities” sa Chéad Sceideal (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1970, agus le hachachtáin dá éis sin) a ghabhann leis an Stamp Act, 1891.
(b) Faoi réir forálacha an Cheannteidil sa Chéad Sceideal sin (a cuireadh isteach le mír (a) den fho-alt seo), measfar go bhfolóidh an Ceannteideal sin aon tíolacadh nó aistriú ar aon mhaoin seachas stoic nó urrúis inmhargaidh a oibríonn mar dhiúscairt shaorálach inter vivos agus déanfar aon tagairt sa Cheannteideal sin do mhéid nó do luach aon chomaoine a fhorléiriú, i ndáil le dleacht is inmhuirir ar an tíolacadh nó ar an aistriú sin, mar thagairt do luach na maoine.
(2) Cuirtear leis seo an mhír atá leagtha amach i gCuid II den Cheathrú Sceideal sin in ionad mhír (3) den Cheannteideal “LEASE” sa Chéad Sceideal sin (arna leasú amhlaidh).
(3) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.
Ordú a chúlghairm.
I.R. Uimh. 27 de 1975.
49.—Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 217) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Airithe). 1975.
CUID V
Cáin Bhreisluacha
Leasú ar alt 10 den Acht Cánach Breisluacha, 1972.
50.—Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Cánach Breisluacha, 1972, le héifeacht ar an agus ón 16ú lá d'Eanáir, 1975—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (3):
50.—Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Cánach Breisluacha, 1972, le héifeacht ar an agus ón 16ú lá d'Eanáir, 1975—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach roimh fho-alt (3):
“(2A) (a) Is é an margadh-phraghas oscailte an méid ar ar inmhuirir cáin de bhua alt 2 (1) (a) ar sheachadadh earraí de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal arna seachadadh sna himthosca a shonraítear i mír (b).
(b) Is iad na himthosca dá dtagraítear i mír (a) ina ndéantar seachadadh—
(i) gurb é a bheidh sa duine a ndéanfar an seachadadh dó nó dá ordú comhlacht daoine ar a mbeidh urlámhas ag an duine a bheidh ag déanamh an tseachadta, nó gurb é a bheidh sa duine a bheidh ag déanamh an tseachadta comhlacht daoine ar a mbeidh urlámhas ag an duine a ndéanfar an seachadadh dó nó dá ordú, nó gurb é bheidh sa duine a bheidh ag déanamh an tseachadta agus sa duine a ndéanfar an seachadadh dó nó dá ordú comhlachtaí daoine agus go mbeidh urlámhas ag duine éigin eile orthu araon,
(ii) go ndéanfar an seachadadh in imthosca a thabharfaidh go mbeidh cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire in alt 11 (1) (c) inmhuirir ina leith, agus
(iii) gur lú ná an margadh-phraghas oscailte an chomaoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1).”,
(b) trí “fho-alt (2A) nó” a chur isteach i bhfo-alt (3) (c) roimh “mhír (a)”, agus
(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (9) (b) roimh an míniú ar “an margadh-phraghas oscailte”:
“ciallaíonn ‘urlámhas’, i ndáil le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó trí chumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó in aon chomhlacht corpraithe eile, nó i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe sin nó le haon chomhlacht corpraithe eile, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir mar is toil leis an duine sin a sheoltar gnóthaí an chomhlachta chéadluaite agus, i ndáil le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scair is mó ná leath de shócmhainní, nó is mó ná leath d'ioncam, na comhpháirtíochta;”.
Leasú ar alt 11 den Acht Cánach Breisluacha, 1972.
51.—Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Cánach Breisluacha, 1972, le héifeacht ar an agus ón 16ú lá d'Eanáir, 1975—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) I gcás earraí is de chineál a shonraítear sa Cheathrú Sceideal agus—
(a) a allmhairíodh, nó a díoladh sa Stát, roimh an lá sonraithe in imthosca a thabharfadh gurbh inmhuirir cáin mhórdhíola nó gurbh inmhuirir í dá mba rud é go raibh an cháin sin i bhfeidhm ar dháta an allmhairithe nó an díola, nó
(b) a ndearnadh, ar aon ócáid roimhe sin ar an lá sonraithe nó dá éis, iad a allmhairiú ag duine nó a sheachadadh do dhuine seachas monaróir earraí den chineál a seachadadh nó a allmhairíodh amhlaidh in imthosca a thug gurbh inmhuirir cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1) (c) i ndáil leis an allmhairiú nó leis an seachadadh sin,
a sheachadadh laistigh den Stát an lá sonraithe nó dá éis, muirearófar cáin de réir an ráta a shonraítear de thuras na huaire i bhfo-alt (1) (a) ar mhéid iomchuí aon chomaoine i leith an tseachadta sin.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):
“(4) I gcás monaróir do sheachadadh earraí do dhuine ar bith is earraí a ndearna an duine sin, nó a ndearnadh thar a cheann, ábhair lena monarú a sholáthar agus gur mó an ráta cánach is inmhuirir i leith seachadadh na n-earraí ná an ráta ab inmhuirir i leith seachadadh na n-ábhar laistigh den Stát, beidh an duine a sheachadfaidh na hearraí faoi dhliteanas, i ndáil le seachadadh na n-earraí sin, i dteannta aon dliteanas eile a fhorchuirtear air leis an Acht seo, cáin a íoc ar luach na n-earraí a soláthraíodh dó, de réir ráta ar cóimhéid leis an difríocht idir an dá ráta a luaitear roimhe seo.”.
Leasú ar alt 13 den Acht Cánach Breisluacha, 1972.
52.—Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Cánach Breisluacha, 1972, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) (a) Le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Mhárta, 1975, d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo nó de rialacháin—
(i) ní bhainfidh fo-alt (1) ná alt 17 (2) le seachadadh bólachta beo, ná
(ii) ní dhéileálfar le déileálaithe beostoic agus ceantálaithe (lena n-áirítear daoine a oibríonn marglann beostoic) mar dhaoine a gceanglaítear orthu faoin alt seo sonraisc a eisiúint i ndáil le seachadadh bólachta beo.
(b) (i) Rachaidh an fo-alt seo in éag i ndeireadh an lae cheaptha.
(ii) Sa mhír seo ciallaíonn ‘an lá ceaptha’ an 30ú lá de Mheitheamh, 1976, nó cibé lá roimh an lá sin a shonróidh an tAire le hordú faoin mír seo.
(iii) Déanfar an tagairt i mír (c) d'fho-alt (3) d'ordú faoin bhfo-alt sin a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'ordú faoin mír seo agus beidh éifeacht le mír (c) dá réir sin.”.
Leasu ar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972.
53.—Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972, trí “an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a)” a chur in ionad “ráta 5.26 faoin gcéad” i mír (iii) de Chuid II agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA (iii) fruiliú earraí de chineál ar a mbeadh cáin inmhuirir ar a seachadadh de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a), dá mba nach dtabharfaí aird ar mhír (xxviii) de Chuid I den Sceideal seo; |
CUID VI
Ilghnéitheach
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
54.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1974” alt 84 den Acht Airgeadais, 1974;
ciallaíonn “an cúigiú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1974 ach “£4,342,633” a chur in ionad “£4,373,032”.
(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1974 ach “£2,755,008” a chur in ionad “£2,815,015”.
(4) Déanfar suim £7,272,655 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1975.
(5) Déanfar an cúigiú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise is fiche, nach mó ná £4,681,565 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an cúigiú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Leasú ar an Acht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927.
55.—Leasaítear leis seo alt 4 (a) den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927, trí “den tríocha lá” a chur in ionad “den fhiche lá” agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA (a) mura ndéanfaidh Dáil Éireann Bille ina mbeidh forálacha sa chéill chéanna (modhnaithe nó gan mhodhnú) leis an rún a léamh an dara huair laistigh den tríocha lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis do Dháil Éireann an rún a rith; |
Cúram agus bainisti cánacha agus dleachtanna.
56.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
57.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1975, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(5) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite i gCuid I den Acht seo, tiocfaidh an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1975.
(6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
AN CHEAD SCEIDEAL
Leasú Achtachán
CUID I
Leasuithe de dhroim athruithe ar fhaoisimh phearsanta
1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:
(i) In alt 138—
(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “£920” in ionad “£800” gach áit a bhfuil sé; cuirfear “£575” in ionad “£500”, agus cuirfear “£1,035” in ionad “£900”,
(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£575” in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “£635” in ionad “£550”, agus
(c) i bhfo-alt (3), cuirfear “£230” in ionad “£200”.
(ii) In ailt 139 agus 140, cuirfear “£165” in ionad “£140” gach áit a bhfuil sé.
(iii) In alt 141, i bhfo-alt (1A), cuirfear “£230” in ionad “£200”, agus cuirfear “£310” in ionad “£270” gach áit a bhfuil sé.
2. In alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, cuirfear “£165” in ionad “£140”.
3. In alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, cuirfear “£165” in ionad “£140” agus cuirfear “£330” in ionad “£280”.
4. In alt 8 den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear “£145” in ionad “£50” agus cuirfear “£45” in ionad “£25”.
CUID II
Leasuithe de dhroim liúntas caipitiúil a mhíniú
1. Leasaítear leis seo ailt 69 (1), 218 agus 317 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, alt 20 (5) (a) den Acht Airgeadais, 1970, alt 39 (7) den Acht Airgeadais, 1973, agus alt 27 (1) den Acht Airgeadais, 1974, tríd an míniú ar “liúntas caipitiúil” nó “liúntais chaipitiúla”, de réir mar a bheidh, a scriosadh.
2. Leasaítear leis seo alt 236 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “liúntais chaipitiúil de réir brí alt 33 den Acht Airgeadais, 1975” a chur in ionad na bhfocal go léir ó “aon liúntais” go dtí “XVI”.
3. Leasaítear leis seo alt 314 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí fho-alt (2) a scriosadh.
4. Leasaítear leis seo alt 22 den Acht Airgeadais, 1971, trí fho-alt (5) a scriosadh.
5. Leasaítear leis seo alt 39 (1) (b) den Acht Airgeadais, 1973, trí “nó alt 24 (3) den Acht Airgeadais, 1971, alt 6 (1) nó 7 (4) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974, nó alt 22 (6) den Acht Airgeadais, 1974” a chur isteach i ndiaidh “1967,”.
CUID III
Ilghnéitheach
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Leasú |
(1) | (2) | (3) |
In alt 3 (1), scriosfar na focail “nó na rátaí forchánach”. | ||
I mír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 288 (2), cuirfear “(seachas cáin de réir na n-ard-rátaí)” isteach i ndiaidh “an cháin” agus i ndiaidh “méid na cánach”. | ||
An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974. | In alt 1, sa mhíniú ar “cáin” scriosfar an focal “, forcháin”. | |
|
| I mír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 11 (2), cuirfear “(seachas cáin de réir na n-ard-rátaí)” in ionad “(seachas forcháin)” sa dá áit ina bhfuil sé. |
|
| In alt 7 (4), cuirfear “fo-alt (3)” in ionad “fo-alt (2)”. |
AN DARA SCEIDEAL
CUID I
Forálacha mar fhorlíonadh ar ailt 19 go 22
1. Faoi réir na míreanna seo a leanas, beidh éifeacht le halt 19, míreanna (b) agus (c) d'alt 20 agus ailt 21 agus 22—
(a) maidir le léas a deonaíodh nó a dheonófar tar éis an 15ú lá d'Eanáir, 1975, agus
(b) a mhéid a bhaineann siad le halt 83 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le hathrú nó tarscaoileadh léasa (arna dheonú roimh an dáta sin, nó air nó dá éis) i gcás an conradh dó a dhéanamh tar éis an dáta sin.
2. A mhéid a bhaineann le faoiseamh faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 81, alt 89, 307, 308, 309 nó 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 25 den Acht Airgeadais, 1964, nó le ríomh brabúis nó gnóchain nó caillteanais trádála nó gairme—
(a) don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, nó
(b) do thréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1975, chun críocha cánach brabús corparáide,
measfar éifeacht a bheith le halt 19, le míreanna (b) agus (c) d'alt 20 agus le hailt 21 agus 22 amhail ó thráth an Achta Airgeadais, 1963, a rith agus maidir le léasanna a deonaíodh tráth ar bith.
3. Le linn mír 2 a bheith á cur chun feidhme toimhdeofar—
(a) go ndearnadh an faoiseamh go léir nach bhféadfadh oibriú na míre sin difear a dhéanamh dó a thabhairt (do gach bliain mheasúnachta agus gach tréimhse chuntasaíochta roimh thráth an Achta seo a rith nó dá éis) sular tugadh faoiseamh a bhféadfadh oibriú na míre sin difear a dhéanamh dó, agus
(b) go ndearnadh, go háirithe, aon chaillteanas nach dtabhófaí dá mba go raibh éifeacht i gcónaí le halt 19 agus míreanna (a) agus (b) d'alt 20 a chur ar aghaidh go dtí aon chaillteanas eile agus faoiseamh á thabhairt in aghaidh ioncam bliana measúnachta roimh an mbliain 1975-76 nó ioncam tréimhse chuntasaíochta cuideachta dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta roimhe sin.
Beidh éifeacht leis an mír seo d'ainneoin forálacha aon achtacháin a rialaíonn an t-ord ina dtugtar faoisimh.
4. I gcás méid a bheith iníoctha ina thráthchodanna agus go mbeadh aon cheann de na tráthchodanna le háireamh, de bhua éileamh a rinneadh faoi alt 83 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar a achtaíodh i gcéaduair é, mar chíos ab iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, measfar an tráthchuid a bheith dlite an 6ú lá d'Aibreán, 1975, agus beidh an duine a rinne an t-éileamh inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D ar mhéid na tráthchoda sin, lúide aon asbhaint a údaraítear le fo-ailt (5) agus (6) d'alt 81 a mhéid nach mbeidh sí fritháirithe in aghaidh aon mhéid eile nó bainte as, amhail is dá mba nach ndearnadh an t-éileamh faoin alt sin 83 (6).
5. Féadfaidh duine is inmhuirir i leith cánach de réir mhír 4, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an mír sin ina chás ach go ndéanfar a dhliteanas i leith cánach (lena n-áirítear a dhliteanas i leith tréimhsí a caitheadh) a ríomh amhail is dá mba gur tháinig alt 20 (a) i bhfeidhm sula ndearnadh an t-éileamh faoi alt 83 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967; agus i gcás ina roghnóidh sé amhlaidh déanfar gach measúnacht, gach athrú measúnachta agus gach aisíoc cánach is gá a dhéanamh.
6. I gcás ina léireoidh duine a dhlíonn cáin a íoc de réir míreanna 4 agus 5 chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go mbainfeadh cruatan míchuí dó de bharr í a íoc amhlaidh, féadfaidh sé, dá rogha féin, an cháin a íoc i cibé tráthchodanna a cheadóidh na Coimisinéirí.
7. Déanfar cibé coigeartuithe is gá, mar mheasúnachtaí nó urscaoileadh nó aisíoc cánach, chun éifeacht a thabhairt d'ailt 19 agus 20 agus d'fhorálacha an Sceidil seo.
CUID II
Leasú Achtachán
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Leasú |
(1) | (2) | (3) |
I gcolún (2) de Sceideal 15, cuirfear leis: “an tAcht Airgeadais, 1975, ailt 19 go 22”. |
CUID III
Achtacháin a Aisghairtear
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
I mír (III) den choinníoll a ghabhann le halt 81 (3) na focail “agus nach ndearnadh aon rogha, nó nach bhféadfaí aon rogha a dhéanamh, faoi fho-alt (6) den alt sin ina leith”. | ||
|
| In alt 91 (1) (b) na focail “mura mbeadh alt 83 (6) nó”. |
|
| In alt 92 (2) na focail “, i gcás nach ndéanfar aon éileamh nó nach féidir éileamh a dhéanamh faoi alt 83 (6),”. |
AN TRIU SCEIDEAL
Méadú ar Stocluachanna: Forálacha Forlíontacha
1. (1) In aon chás nach comhthráthach do thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thréimhse chuntais nó do dhá thréimhse chuntais chomhleanúnacha nó níos mó, déanfar an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31 ní de réir fho-alt (2) den alt sin ach faoi threoir tréimhse (dá ngairtear an treoirthréimhse sa Sceideal seo) a chinnfear de réir na míre seo.
(2) In aon chás nach comhthráthach do thosach tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do thosach tréimhse cuntais, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.
(3) In aon chás nach comhthráthach do dheireadh tréimhse chuntasaíochta cuideachta agus do dheireadh tréimhse cuntais, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh na tréimhse cuntais arb í an tréimhse chuntais reatha í i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.
(4) In aon chás nach mbaineann fomhír (2) leis, tosóidh an treoirthréimhse i dtosach tréimhse chuntasaíochta na cuideachta agus, in aon chás nach mbaineann fomhír (3) leis, críochnóidh an treoirthréimhse i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.
2. (1) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an méadú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31 leis an bhfoirmle
A(C-O)
_____
N
nuair—
is ionann “A” agus líon na míonna i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta nó 12, cibé acu is lú;
is ionann “C” agus luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse;
is ionann “O” agus luach stoc trádála na cuideachta i dtosach na treoirthréimhse; agus
is ionann “N” agus líon na míonna sa treoirthréimhse.
(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1), ansin, in alt 31 (4) agus sna forálacha seo a leanas den Sceideal seo—
(a) déanfar aon tagairt do luach stoc dúnta na cuideachta a fhorléiriú mar thagairt do luach stoc trádála na cuideachta i ndeireadh na treoirthréimhse; agus
(b) déanfar aon tagairt do bhrabúis trádála na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a fhorléiriú mar thagairt don chodán sin dá brabúis trádála don treoirthréimhse ar A a uimhreoir agus ar N a ainmneoir mar a mhínítear i bhfomhír (1).
(3) Chun críocha fhomhír (2) (b), is iad brabúis trádála na cuideachta don treoirthréimhse comhiomlán a brabús trádála do gach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta sa treoirthréimhse.
3. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun críocha alt 31 agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo in aon chás—
(a) ina mbeidh dhá chuideachta ann agus ceann acu ag gabháil do thrádáil arb éard í ar fad nó go formhór monarú earraí (dá ngairtear an chuideachta aistreora sa mhír seo) agus go bhfaigheann an chuideachta eile díobh (dá ngairtear an chuideachta aistrí sa mhír seo) na hearraí sin mar stoc tradála; agus
(b) gur i rith tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta aistrí nó, i gcás feidhm a bheith ag mír 1 (1) maidir leis an gcuideachta sin, i rith treoirthréimhse, a tharlaíonn an fháil sin; agus
(c) go dtagann den fháil dá dtagraítear i mír (a) laghdú ar stoc trádála na cuideachta aistreora agus méadú comhréire ar stoc trádála na cuideachta aistrí; agus
(d) inarb é gnó na cuideachta aistrí go hiomlán nó go formhór díol earraí a mhonaraigh an chuideachta aistreora; agus
(e) nach mbeidh an chuideachta aistrí i dteideal laghdú faoi alt 31 ach amháin de bhua na míre seo.
(2) I gcás an chuideachta aistreora d'iarraidh faoisimh faoi alt 31, ansin déileálfar leis an gcuideachta sin agus leis an gcuideachta aistrí, más í an tréimhse chuntasacíochta chéanna atá aici atá ag an gcuideachta aistreora, mar aon chuideachta amháin chun méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil teideal acu chucu faoi alt 31 a chinneadh:
Ar choinníoll má bhíonn feidhm ag mír 1 (1) maidir leis an gcuideachta aistreora, nach ndéileálfar leis na gcuideachta aistrí mar chuideachta lena mbaineann an fhomhír seo mura rud é go bhfuil feidhm freisin ag mír 1 (1) maidir leis an gcuideachta aistrí agus gurb í an treoirthréimhse chéanna atá ag an gcuideachta aistrí agus ag an gcuideachta aistreora.
(3) Chun na críche a shonraítear i bhfomhír (2), déanfar aon tagairt in alt 31 nó sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo do luach stoc trádála cuideachta aon tráth áirithe nó dá brabúis trádála d'aon tréimhse áirithe a fhorléiriú mar thagairt do chomhiomlán luachanna na stoc trádála an tráth sin nó, de réir mar a bheidh, do chomhiomlán na mbrabús trádála don tréimhse sin, de chuid na gcuideachtaí a ndéileáiltear leo, chun na críche sin, mar aon chuideachta amháin de bhua na fomhíre sin.
(4) I gcás ina mbeifear tar éis comhiomlán na n-asbhaintí a mbeidh an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí ina dteideal faoi alt 31 a chinneadh de réir fomhíreanna (2) agus (3), déanfar an méid sin a chionroinnt eatarthu sa dóigh go mbeidh idir an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag cuideachta díobh agus an asbhaint a mbeidh teideal chuici amhlaidh ag an gcuideachta eile an chomhréir chéanna a bheidh idir luach stoc dúnta na cuideachta sin agus luach stoc dúnta na cuideachta eile.
(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha na míre seo ach amháin i gcás ina dteachtóidh cuideachta amháin den dá chuideachta dá dtagraítear i bhfomhír (1) (a) ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthreimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir sa chuideachta eile dá dtagraítear san fhomhír sin nó i gcás ina dteachtóidh cuideachta éigin eile ar feadh na tréimhse cuntasaíochta nó na treoirthréimhse iomchuí go huile, ina hainm féin nó in ainm ainmní, na gnáthscaireanna go léir i ngach cuideachta den dá chuideachta dá dtagraítear san fhomhír sin.
(6) Chun ríomh a dhéanamh ar mhéid comhiomlán na n-asbhaintí a bhfuil an chuideachta aistreora agus an chuideachta aistrí, a ndéileáiltear leo de bhua fhomhír (2) mar aon chuideachta amháin, ina dteideal, faoi alt 31, de bhua na míre seo agus cionroinnt na méide sin eatarthu, measfar trádáil a bheith á seoladh ag an gcuideachta aistrí.
4. (1) Ní bheidh cuideachta i dteideal asbhainte faoi alt 31 i leith tréimhse cuntasaíochta má chríochnaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin de bhua an chuideachta—
(a) do scor de bheith ag seoladh trádála; nó
(b) do scor de bheith ina cónaí sa Stát; nó
(c) do scor de bheith inmhuirir i leith cánach ioncaim faoi Chás I de Sceideal D.
(2) In aon chás ina mbeidh méadú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir mhír 2 (1), beidh éifeacht le fomhír (1) amhail is dá mba thagairt d'aon cheann de na tréimhsí cuntasaíochta i dtreoirthréimhse na cuideachta an tagairt san fhomhír sin do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta.
5. (1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo, i gcás ina n-éileoidh cuideachta asbhaint faoi alt 31 agus nach raibh an chuideachta sin, díreach roimh thosach tréimhse cuntasaíochta ag seoladh na trádála lena mbaineann an t-éileamh, ansin, mura rud é—
(a) go bhfuair an chuideachta stoc trádála bunaidh na trádála sin ar dhíol nó ar aistriú ó dhuine eile ar an duine sin scor de bheith ag seoladh na trádála sin, agus
(b) gurb é stoc trádála na cuideachta mar a luacháladh i dtosach na tréimhse cuntasaíochta é an stoc a fuarthas amhlaidh nó gur cuid den stoc sin é,
déileálfar leis an gcuideachta chun críocha alt 31 agus na bhforálacha sin roimhe seo den Sceideal seo mar chuideachta a raibh aici, i dtosach na tréimhse cuntasaíochta, stoc trádála ab fhiú cibé luach is dóigh leis an gcigire a bheith réasúnach agus cóir.
(2) Nuair a bheidh luach stoc trádála a bheidh le cur i leith cuideachta i dtosach na tréimhse cuntasaíochta á chinneadh chun na gcríocha a shonraítear i bhfomhír (1), tabharfaidh an cigire aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus go háirithe—
(a) ar ghluaiseachtaí le linn tréimhse chuntasaíochta na cuideachta i gcostas ítimí de chineál a bhí ar áireamh i stoc trádála na cuideachta sa tréimhse sin; agus
(b) ar athruithe i rith na tréimhse sin ar mhéid na trádála áirithe a bhí á seoladh ag an gcuideachta.
(3) Nuair a bheidh na Coimisinéirí Achomhairc ag déileáil le hachomharc in aghaidh cinneadh ó chigire ar éileamh i gcás ina ndearna an cigire, de réir fhomhír (1), stoc trádála ab fhiú luach áirithe a chur i leith cuideachta i dtosach tréimhse cuntasaíochta, déanfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á éisteach agus á chinneadh acu, a mhéid a bhaineann sé le luach an stoic thrádála a bheidh le cur i leith na cuideachta sin amhlaidh, cibé luach a chinneadh is dóigh leo a bheith réasúnach agus cóir, ag féachaint do na dálaí sin nach foláir don chigire féachaint dóibh de bhua fhomhír (2).
(4) In aon chás ina mbaineann mír 1 (1) le tréimhse chuntasaíochta cuideachta, cuirfear tagairt don treoirthréimhse in ionad aon tagartha i bhfomhíreanna (1) go (3) don tréimhse chuntasaíochta sin.
6. (1) Sa Sceideal seo ciallaíonn “tréimhse chuntais”, maidir le cuideachta, tréimhse a ndearnadh cuntais na cuideachta amach ina leith, agus tá le “tréimhse chuntasaíochta”, “cuideachta”, “trádáil”, “brabúis trádála”, agus “stoc trádála” an bhrí chéanna, faoi seach, atá leo in alt 31.
(2) In aon chás inarb éard í tréimhse chuntasaíochta cuideachta nó treoirthréimhse cuideachta líon de mhíonna iomlána agus codán de mhí, déanfar aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo don líon míonna sa tréimhse a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don chodán sin de mhí (agus in aon chás inar giorra ná mí aon tréimhse den sórt sin déanfar aon tagairt den sórt sin a fhorléiriú mar thagairt don chodán sin de mhí arb í an tréimhse sin í).
AN CEATHRU SCEIDEAL
Dleachtanna Stampa ar Ionstraimí
CUID I
Conveyance or Transfer on sale of any property other than stocks or marketable securities.
(1) Where the amount or value of the consideration for the sale does not exceed one thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds one thousand pounds | Exempt |
(2) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds one thousand pounds but does not exceed two thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds two thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the consideration .. .. .. .. .. .. | 25p |
(3) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds two thousand pounds but does not exceed six thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds six thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the consideration .. .. .. .. .. .. | 50p |
(4) Where in the case of a conveyance or transfer on sale or in the case of a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos the consideration for the sale or the value of the property exceeds six thousand pounds and the instrument contains a certificate by the party to whom the property is being conveyed or transferred to the effect that the person becoming entitled to the entire beneficial interest in the property (or, where more than one person becomes entitled to a beneficial interest therein, each of them) is related to the person or each of the persons immediately theretofore entitled to the entire beneficial interest in the property in one or other of the following ways, that is to say, as a lineal descendant, parent, grandparent, step-parent, husband or wife, brother or sister of a parent or brother or sister, or lineal descendant of a parent, husband or wife or brother or sister:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the consideration or of the value .. .. .. | 50p |
(5) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds six thousand pounds but does not exceed seven thousand five hundred pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds seven thousand five hundred pounds:— |
|
If the amount or value of the consideration— |
|
Exceeds | £6,000 | and does not exceed | £6,250 | .. | £70 |
|
,, | £6,250 | ,, ,, ,, ,, | £6,500 | .. | £80 |
|
,, | £6,500 | ,, ,, ,, ,, | £6,750 | .. | £90 |
|
,, | £6,750 | ,, ,, ,, ,, | £7,000 | .. | £100 |
|
,, | £7,000 | ,, ,, ,, ,, | £7,250 | .. | £110 |
|
,, | £7,250 | ,, ,, ,, ,, | £7,500 | .. | £120 |
|
(6) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds seven thousand five hundred pounds but does not exceed ten thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds ten thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the consideration .. .. .. .. .. .. | £1.00 |
(7) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds ten thousand pounds but does not exceed twenty thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds twenty thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the consideration .. .. .. .. .. .. | £1.50 |
(8) Where the amount or value of the consideration for the sale exceeds twenty thousand pounds but does not exceed fifty thousand pounds and the instrument contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration exceeds fifty thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the consideration .. .. .. .. .. .. | £2.00 |
(9) Of any other kind whatsoever not hereinbefore described:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value of the consideration for the sale, or, in the case of a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos, of the value of the property conveyed or transferred .. .. .. | £3.00 |
Cuid II
(3) For any other definite term or for any indefinite term of any lands, tenements, or heritable subjects—
Where the consideration, or any part of the consideration (other than rent), moving either to the lessor or to any other person, consists of any money, stock, or security, and— |
|
(a) The amount or value of such consideration does not exceed one thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds one thousand pounds .. .. .. .. .. | Exempt |
(b) The amount or value of such consideration exceeds one thousand pounds but does not exceed two thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds two thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value .. .. .. .. .. | 25p |
(c) The amount or value of such consideration exceeds two thousand pounds but does not exceed six thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds six thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value .. .. .. .. .. | 50p |
(d) The amount or value of such consideration exceeds six thousand pounds but does not exceed seven thousand five hundred pounds nad the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds seven thousand five hundred pounds:— |
|
If the amount or value of the consideration— |
|
Exceeds | £6,000 | and does not exceed | £6,250 | .. | £70 |
|
,, | £6,250 | ,, ,, ,, ,, | £6,500 | .. | £80 |
|
,, | £6,500 | ,, ,, ,, ,, | £6,750 | .. | £90 |
|
,, | £6,750 | ,, ,, ,, ,, | £7,000 | .. | £100 |
|
,, | £7,000 | ,, ,, ,, ,, | £7,250 | .. | £110 |
|
,, | £7,250 | ,, ,, ,, ,, | £7,500 | .. | £120 |
|
(e) The amount or value of such consideration exceeds seven thousand five hundred pounds but does not exceed ten thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds ten thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value .. .. .. .. .. | £1.00 |
(f) The amount or value of such consideration exceeds ten thousand pounds but does not exceed twenty thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds twenty thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value .. .. .. .. .. | £1.50 |
(g) The amount or value of such consideration exceeds twenty thousand pounds but does not exceed fifty thousand pounds and the lease contains a statement certifying that the transaction thereby effected does not form part of a larger transaction or of a series of transactions in respect of which the amount or value, or the aggregate amount or value, of the consideration other than rent exceeds fifty thousand pounds:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value .. .. .. .. .. | £2.00 |
(h) The case is of any other kind whatsoever not hereinbefore described:— |
|
For every £50, or fractional part of £50, of the amount or value .. .. .. .. .. | £3.00 |
Where the consideration or any part of the consideration is any rent:
In respect of such consideration:
If the rent, whether reserved as a yearly rent or otherwise, is at a rate or average rate:
| If the term does not exceed 35 years, or is indefinite. | If the term exceeds 35 years, but does not exceed 100 years. | If the term exceeds 100 years. | ||
Not exceeding £5 per annum | 5p | 30p | 60p | ||
Exceeding— |
|
|
| ||
£5 | and not exceeding | £10 | 10p | 60p | £1.20 |
£10 | ,, ,, ,, | £15 | 15p | 90p | £1.80 |
£15 | ,, ,, ,, | £20 | 20p | £1.20 | £2.40 |
£20 | ,, ,, ,, | £25 | 25p | £1.50 | £3.00 |
£25 | ,, ,, ,, | £50 | 50p | £3.00 | £6.00 |
£50 | ,, ,, ,, | £75 | 75p | £4.50 | £9.00 |
£75 | ,, ,, ,, | £100 | £1.00 | £6.00 | £12.00 |
£100 |
|
|
|
|
|
For every full sum of £50, and also for any fractional part of £50 thereof .. .. | 50p | £3.00 | £6.00 |