Uimhir 18 de 1959.
AN tACHT AIRGEADAIS, 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Cáin Ioncaim.
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1959-60.
1.—(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.
(2) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Airgeadais, 1952, trí “eleven twenty-eights” a chur in ionad “two-fifths” agus “eleven fourteenths” a chur in ionad “four-fifths” i bhfo-alt (1) den alt sin agus trí “aondéag fiche ochtuithe” a chur in ionad “dhá chúigiú” agus “aondéag ceathairdéaguithe” a chur in ionad “cheithre chúigiú” i bhfo-alt (2) den alt sin.
(3) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan ar mó ná dhá mhíle punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh é de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:
I leith an chéad dá mhíle punt den ioncam Nil
I leith na breise ar dhá mhíle punt,
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
den bhreis | ... | ... | ... | ... | Scilling agus sé phingin. |
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | ... | Trí scilling. | ||
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Ceithre scilling. | |||
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Cúig scilling. | |||
ar gach punt den chéad dá mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Sé scilling. | |||
ar gach punt den chéad dá mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Seacht scilling agus sé phingin. | |||
ar gach punt den chéad deich míle | |||||
punt ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Ocht scilling. | |||
ar gach punt d'fhuílleach na breise | ... | Ocht scilling agus sé phingin. |
(4) Faoi réir forálacha an Achta seo beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1959, maidir le cáin ioncaim agus forcháin agus fós ag aon fhorálacha den sórt sin maidir leis an gcéanna a tháinig i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1959.
Forcháin don bhliain 1958-59.
2.—(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in Alt 1 den Acht Airgeadais, 1958, ní dhéanfar forcháin a mhuirearú don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, i leith ioncaim aon phearsan nach mó ná dhá mhíle punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan ar mó ná dhá mhíle punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh de réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:—
I leith an chéad dá mhíle punt den ioncam Nil
I leith na breise ar dhá mhíle punt,
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
den bhreis | ... | ... | ... | ... | Scilling agus sé phingin. |
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Trí scilling. | |||
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Ceithre scilling. | |||
ar gach punt den chéad mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Cúig scilling. | |||
ar gach punt den chéad dá mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Sé scilling. | |||
ar gach punt den chéad dá mhíle punt | |||||
ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Seacht scilling agus sé phingin. | |||
ar gach punt den chéad deich míle | |||||
punt ina dhiaidh sin den bhreis | ... | Ocht scilling. | |||
ar gach punt d'fhuílleach na breise | ... | Ocht scilling agus sé phingin. |
(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh éifeacht ag alt 3 den Acht Airgid, 1928, maidir leis an bhforcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958.
Asbhaint agus forcháin á muirearú.
1920, c. 18.
8 & 9 Geo. 5, c. 40.
3.—(1) Chun forcháin a mhuirearú don bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, déanfar méid is comhionann leis na hasbhaintí a mbeidh teideal aige iad a lamháil dó faoi na forálacha seo a leanas a asbhaint ó iomlán ioncaim aon phearsan le linn méid an ioncaim a muirearófar cáin ioncaim air ina leith don bhliain mheasúnachta sin a bheith á ríomh:
(a) fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920,
(b) ailt 19 go 22 den Finance Act, 1920, agus
(c) fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Airgeadais, 1954.
(2) I gcás teideal a bheith ag pearsa nach gcónaíonn sa Stát chun asbhainte in aghaidh aon bhliana áirithe faoin alt seo, laghdófar an asbhaint de réir an choibhnis a laghdaíonn fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Airgid, 1935, aon fhaoiseamh a thabharfar dó in aghaidh na bliana sin faoi na forálacha a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo.
(3) I gcás fearchéile agus banchéile a mheasúnófar ar leithligh i leith cánach in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe de bhua iarratais faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta nó faoi alt 8 den Income Tax Act, 1918, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le haon asbhaint a bheidh le déanamh faoi fho-alt (1) den alt seo don bhliain sin:
(a) cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar iad a mheasúnú ar leithligh i leith forchánach, is é asbhaint a bheidh le baint as a n-ioncam iomlán an asbhaint a dhéanfaí dá mba nach ndearnadh aon mheasúnacht ar leithligh;
(b) má mheasúnaítear iad ar leithligh i leith forchánach, déanfar an faoiseamh ó fhorcháin a gheofar de sin a roinnt eatarthu trína ghlacadh go bhfuil a n-ioncaim faoi seach arna laghdú mar leanas:
(i) an méid (más aon mhéid é) a bheidh ar áireamh san asbhaint i leith faoisimh faoi fho-alt (2) d'alt 21 nó faoi alt 22 den Finance Act, 1920, glacfar leis mar ní a laghdaíonn ioncam an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a chothabhálann an leanbh, an gaol, an mac nó an iníon, ar ina leith a thabharfar an faoiseamh sin,
(ii) faoi réir na fo-mhíre sin roimhe seo, glacfar go ndéanann an asbhaint a n-ioncaim faoi seach a laghdú de réir ar ráta chéanna,
ach sin i slí, má tharlaíonn gur mó an méid a bheidh ioncam cheachtar acu le laghdú faoi fho-mhíreanna (i) agus (ii) den mhír seo ná méid an ioncaim sin, go nglacfar go bhfuil ioncam an duine eile arna laghdú de mhéid na breise.
Alt 21 den Finance Act, 1920, a leasú.
1920, c. 18.
4.—Leasaítear leis seo alt 21 den Finance Act, 1920, tríd an bhfo-alt seo leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (2):—
“(2A) The references in the preceding provisions of this section to a child receiving full-time instruction at an educational establishment shall include references to a child undergoing training by any person (hereafter in this subsection referred to as the employer) for any trade, profession or vocation in such circumstances that the child is required to devote the whole of his time to the training for a period of not less than two years.
For the purpose of a claim in respect of a child undergoing training the inspector of taxes may require the employer to furnish particulars with respect to the training of the child in such form as may be prescribed by the Revenue Commisioners.”
Ranníoca faoi chúnant le haghaidh eolaíochtaí aiceanta a mhúineadh.
12 & 13 Geo. 5, c. 17.
5.—(1) Beidh éifeacht ag alt 20 den Finance Act, 1922, amhail is dá mbeadh tagairtí d'ioncam is iníoctha—
(a) le haon ollscoil, coláiste nó scoil, is ollscoil coláiste nó scoil sa Stát d'fhonn cabhrú leis an ollscoil, an coláiste nó an scoil sin chun na heolaíochtaí aiceanta nó aon cheann díobh a mhúineadh, nó
(b) le ciste, is ciste de réir bhrí an ailt seo,
sa tagairt, atá in alt 20 den Finance Act, 1922, de bhua fo-mhír (1a) a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) de, le halt 3 den Acht Airgeadais, 1957, d'ioncam is iníoctha le haon ollscoil nó coláiste, is ollscoil nó coláiste sa Stát, chun a chumasú don ollscoil nó don choláiste sin taighde a dhéanamh.
(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “ciste” ciste—
(i) atá á theachtadh ar iontaobhais neamhinaisghairmthe faoi dhlí an Stáit,
(ii) atá á riaradh sa Stát, agus
(iii) arb é a aon-chuspóir cúnamh airgid nó cúnamh eile a dheonú d'ollscoileanna, coláistí nó scoileanna sa Stát chun cabhrú leis na hollscoileanna, na coláistí nó na scoileanna sin na heolaíochtaí aiceanta nó aon cheann díobh a mhúineadh.
Ceannach agus díol urrús: feidhm alt 7 go 9.
6.—(1) Faoi réir mar a fhoráltar anseo ina dhiaidh seo, bainfidh an chéad trí alt eile ina dhiaidh seo le cásanna ina ndéanfaidh duine (dá ngairtear an chéad cheannaitheoir sna hailt sin) aon urrúis a cheannach tar éis an 22ú lá d'Aibreán, 1959, agus iad a dhíol dá éis sin, agus gurb é toradh an idirbhirt go mbeidh ús a thiocfaidh chun bheith iníoctha i leith na n-urrús (dá ngairtear an t-ús sna hailt sin) le fáil ag an gcéad cheannaitheoir.
(2) Ní bhainfidh na hailt sin le cásanna—
(a) inar shia ná sé mhí an tréimhse idir ceannach na n-urrús ag an gcéad cheannaitheoir agus é do dhéanamh beatr chun iad a dhiúscairt, nó
(b) inar shia ná mí an tréimhse sin agus gurb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gur de réir an mhargadhphraghais reatha a rinneadh an díol agus an ceannach agus nach de bhun comhaontaithe nó comhshocraíochta a rinneadh tráth an cheannaigh nó roimhe a rinneadh an díol.
(3) Luífidh achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta maidir le haon tuairim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoi mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo sa tslí chéanna ina luífeadh achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc.
(4) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) den alt seo don chéad cheannaitheoir do dhéanamh beart chun na hurrúis a dhiúcsairt a fhorléiriú—
(a) más i bhfeidhmiú rogha a bhí faighte aige a dhíol sé iad, mar thagairt d'fháil na rogha aige,
(b) in aon chás eile, mar thagairt dá ndíol aige.
(5) Chun críocha an ailt seo agus an chéad trí alt eile ina dhiaidh sin, is comhionann urrúis a dhíol, is urrúis cosúil le, agus ar cóimhéid ainmniúil le, hurrúis a ceannaíodh roimhe sin (dá ngairtear na hurrúis bhunaidh anseo ina dhiaidh seo), agus na hurrúis bhunaidh a dhíol, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (4) den alt seo; agus i gcás inar cheannaigh an chéad cheannaitheoir dáileachtaí urrús cosúil le chéile tráthanna éagsúla, agus gur díoladh aon chuid de na hurrúis ina dhiaidh sin déanfar, a mhéid is féidir, an díol sin a chur i mbaint leis an dáileacht is deireannaí a ceannaíodh, agus ansin leis an gcéad cheann eile roimhe sin is deireannaí, agus mar sin de:
Ar choinníoll nach mbeidh duine faoi dhliteanas níos mó i leith cánach de bhua an fho-ailt seo ná mar bheadh dá mba rud é gurb iad na hurrúis bhunaidh a dhíol sé agus nach iad na hurrúis a bhí cosúil le chéile.
(6) I gcás, aon tráth a bheidh trádáil, nó measfar trádáil a bheith, arna bunú agus arna tosú, inar cuid de stoc trádála na trádála aon urrúis, áireofar, chun críocha an ailt seo, gur díoladh na hurrúis sin an tráth sin ar an margadh oscailte ag an duine ar leis iad díreach roimh an tráth sin agus gur ceannaíodh iad an tráth sin ar an margadh oscailte ag an duine a bhí ag seoladh na trádála ina dhiaidh sin; agus, faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, i gcás atharach daoine do dhul ag seoladh trádála nach athrú a measfar deireadh a bheith leis an trádáil dá bhíthin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an duine a bhí ag seoladh na trádála amhlaidh tar éis an athraithe amhail is dá mb'eisean a rinne nó leis-sean a rinneadh aon ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaí.
(7) Chun críocha an ailt seo agus an chéad trí alt eile ina dhiaidh seo:
(a) folaíonn “ús” díbhinn;
(b) folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine, agus folaíonn tagairtí do dhuine ag a bhfuil teideal chun aon díolúine ó cháin ioncaim, i gcás díolúine a ndeirtear go bhfuil feidhm aici maidir le hioncam iontaobhais nó chiste, tagairtí do na daoine ag a bhfuil teideal a éileamh go ndeonfaí an díolúine sin;
(c) folaíonn “urrúis” stoic agus scaireanna;
(d) measfar urrúis a bheith cosúil le chéile má thugann siad teideal dá sealbhóirí chun na gcearta céanna in aghaidh na ndaoine céanna maidir le caipiteal agus ús agus chun na leigheas céanna maidir leis na cearta sin a chur i bhfeidhm d'ainneoin aon difríocht i méideanna ainmniúla iomlána na n-urrús faoi seach nó sa bhfoirm ina mbeidh siad ar teachtadh nó sa tslí ina bhféadfar iad a aistriú.
Ceannach agus díol urrús: déileálaithe in urrúis.
7.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má bhíonn an chéad cheannaitheoir ag gabháil do thrádáil arb éard í nó cuid di déileáil in urrúis, ansin, nuair a bheifear, chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ag ríomh brabús nó caillteanas na trádála, déanfar an praghas a d'íoc sé ar na hurrúis a laghdú an méid iomchuí i leith an úis, arna chinneadh de réir an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.
(2) I gcás ina bhfuil, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, gnó tí lascaine sa Stát á sheoladh bona fide ag an gcéad cheannaitheoir, nó i gcás inar comhalta de stocmhargadh sa Stát an chéad cheannaitheoir agus go bhfuil sé aitheanta ag coiste an stocmhargaidh sin mar dhuine a sheolann gnó déileálaí, ní bheidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le hurrúis a ceannaíodh i ngnáth-chúrsa an ghnó sin aige.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo más rud é gur gá aon mhéid den ús a chur i gcuntas faoi alt 51 den Acht Airgeadais, 1958, fé is dá mb'fháltas trádála é nár íocadh cáin ina leith nó nárbh fholáir aon chuid de a chur i gcuntas amhlaidh mura mbeadh forálacha míre 2 den Tríú Sceideal a ghabann leis an Acht sin.
Ceannach agus diol urrús: daoine a bheidh i dteideal díolúintí.
8.—(1) Má bhíonn teideal ag an gcéad cheannaitheoir faoi aon achtachán chun díolúine ó cháin ioncaim a bhainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, leis an ús, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, ní bhainfidh an díolúine le méid is comhionann leis an méid iomchuí i leith an úis, arna chinneadh de réir an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo:
Ar choinníoll go measfar, má bhíonn teideal mar adúradh ag an gcéad cheannaitheoir agus go mbeidh aon íocaíocht bhliantúil iníoctha aige as an ús, an íocaíocht bhliantúil go léir a bheith arna híoc as brabúis nó gnóchan nár cuireadh faoi mhuirear cánach, agus beidh feidhm dá réir sin ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.
(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás an díolúine a theacht ó chónaí a bheith ar an gcéad cheannaitheoir sa Bhreatain Mhóir nó i dTuaisceart Éireann.
Ceannach agus díol urrús: trádálaithe seachas déileálaithe urrús.
1958 Uimh. 25.
9.—(1) Má bhíonn an chéad cheannaitheoir ag seoladh trádála nach dtagann faoi réim ailt 7 den Acht seo, ansin, nuair a bheifear á dhéanamh amach an bhfuil nó nach bhfuil aon aisíoc cánach, agus, má tá, cé mhéid aisíoc cánach atá, le déanamh leis, faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918, faoi threoir aon chaillteanais a bhain leis an trádáil agus méide comhiomláine a ioncaim don bhliain mheasúnachta a n-áirítear an t-ús mar chuid dá ioncam ina haghaidh, fágfar as cuntas—
(a) an méid iomchuí i leith an úis, arna chinneadh de réir an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo, agus
(b) aon cháin a íocadh ar an méid sin.
(2) Más cuideachta an chéad cheannaitheoir agus go seolann sí gnó nach dtagann faoi réim ailt 7 den Acht seo nó gnó arb é atá ann go formhór infheistíochtaí a dhéanamh, ansin, más as an ús atá méid ar bith d'aon íocaíocht bhliantúil is iníoctha ag an gcuideachta le híoc, measfar nach as brabúis nó gnóchan a tugadh faoi mhuirear cánach is iníoctha an méid sin den íocaíocht bhliantúil, agus beidh feidhm dá réir sin ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.
(3) I bhfo-mhír (3) de mhír 5 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1958, scriosfar “agus” i ndeireadh clásail (c), agus cuirfear isteach an méid seo a leanas i ndiaidh clásail (d):
“agus
(e) mura mbeidh trádáil den sórt a luaitear roimhe seo ar siúl ag an gcuideachta, ach, dá mbeadh trádáil ar siúl aici amhlaidh, go mbeadh aon laghdú faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1959, le déanamh, nó go mbeadh sé, mura mbeadh fo-alt (3) den alt sin, le déanamh, maidir leis an bpraghas d'íoc an chuideachta ar urrúis (de réir bhrí an ailt sin) a cheannaigh sí bliain mheasúnachta sa tréimhse, cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta is infheidhme i gcás na híocaíochta, le méid na hasbhainte, ach sin i slí gurb ioncam an méid agus méid na hasbhainte i gcás inar urrúis iad den sórt a shonraítear i mír 4 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin,”
agus cuirfear “nó (e)” isteach i bhfo-mhír (3) de mhír 4 den Sceideal sin i ndiaidh “faoi chlásal (d)”.
(4) San alt seo folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corporaithe.
Comhaontú i dtaobh cánachais dhúbailte a dhaingniú.
10.—Daingnítear leis seo an comhaontú, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a rinneadh an 4ú lá d'Aibreán, 1959, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an gcomhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (arna leasú leis na comhaontuithe atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1928, agus leis an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1948), agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin.
CUID II.
Custaim agus Mál.
Tobac.
11.—(1) Déanfar an dleacht chustam ar thobac a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgid, 1932, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le tobac neamhmhonaraithe, amhail ar an lú lá de Bhealtaine, 1959, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois ar thobac neamhmhonaraithe de bhua ailt 7 den Acht Airgeadais, 1957.
(2) Déanfar an dleacht mháil ar thobac a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgid, 1934, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le tobac neamhmhonaraithe, amhail ar an lú lá de Bhealtaine, 1959, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois ar thobac neamhmhonaraithe de bhua ailt 7 den Acht Airgeadais, 1957.
(3) Maidir le tobac neamhmhonaraithe ag a mbeadh, d'éagmais an fho-ailt seo, teideal, de bhua fo-ailt (7) d'alt 7 den Acht Airgeadais, 1957, chun na rátaí fabhair dleacht custam a shonraítear i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, déanfar an dleacht chustam is inmhuirir air, ar é a sheachadadh as banna-stóras, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an lú lá de Bhealtaine, 1959, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí i leith tobac neamhmhonaraithe a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(4) Maidir le tobac neamhmhonaraithe a sheachadfar as banna-stóras do mhonaróir ceadúnaithe tobac an lú lá de Bhealtaine, 1959, nó dá éis sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi réir an monaróir do chomhlíonadh cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht, a cheadú don mhonaróir íoc na dleachta a muirearaíodh ar an tobac a chur siar go dtí lá nach déanaí ná—
(a) más i mí Márta in aon bhliain áirithe a sheachadfar an tobac amhlaidh, lá deiridh na míosa sin, nó
(b) in aon chás eile, lá deiridh na míosa i ndiaidh na míosa a sheachadfar an tobac amhlaidh.
(5) Maidir le tobac neamhmhonaraithe a sheachadfar as banna-stóras do mhonaróir ceadúnaithe tobac an lú lá de Bhealtaine, 1959, nó dá éis, agus nach ndéanfar aon chur siar ar íoc na dleachta ina leith de bhun fo-ailt (4) den alt seo, beidh an monaróir i dteideal lacáiste dleachta dhá phingin agus leathphingin a fháil i leith gach puint den tobac.
Alt 12 den Acht Airgid, 1932, a leasú.
12.—Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgid, 1932, trí “agus ná fuilid nó nách deallrathach go mbeid le fáil i Saorstát Éireann” a scriosadh agus trí “, agus go measfaidh an tAire Airgid sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála mar adúradh, gur cuí sin,” a chur isteach roimh “féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim”.
Díolúine ó dhleacht shiamsa.
13.—(1) San alt seo ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil ar ar dtugtar “entertainments duty” in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le achtacháin ina dhiaidh sin.
(2) An 16ú lá d'Aibreán, 1959, agus dá éis, ní dhéanfar dleacht shiamsa a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon siamsa arb é amháin a bheidh ann rás nó rásaí cúnna.
(3) Ní dhéanfar, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an 16ú lá d'Aibreán, 1959, agus dar críoch an 31ú lá d'Iúil, 1959, dleacht shiamsa a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon siamsa arb é amháin a bheidh ann taibhiú de chluichíocht na dornálaíochta.
(4) An lú lá de Lúnasa, 1959, agus dá éis, ní dhéanfar dleacht shiamsa a mhuirearú ná a thobach ar íocaíochtaí as dul isteach go dtí aon siamsa arb é amháin a bheidh ann taibhiú d'aon chluiche nó cluichíocht ina mbíonn imirt nó iomaíocht idir beirt daoine nó níos mó nó idir dhá fhoireann daoine nó níos mó.
Dleacht shiamsa —ildamhsa nó rince ar chun críocha oideachais, daoncharadais nó déirce an sochar uaidh.
14.—Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1943, maidir le haon siamsa is ildamhsa nó rince a bheidh ar siúl an lú lá de Lúnasa, 1959, nó dá éis, fé is dá gcuirfí “seasca faoin gcéad” is ionad “caoga faoin gcéad”.
Dleacht shiamsa —na rátaí i gcás ildamhsa nó rince.
15.—An lú lá de Lúnasa, 1959, agus dá éis, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 15 den Acht Airgeadais, 1956, fé is dá ndéanfaí—
(a) na rataí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a shonraítear i mír (i) den fho-alt sin:
An Ráta Dleachta. | |||||||
I gcás an íocaíocht as dul isteach gan an dleacht a áireamh— | |||||||
a dhul thar | 2s. | 6d. | ach gan dul thar | 2s. | 10½d. | ... | 1½d. |
,, | 2s. | 10½d. | ,, ,, ,, ,, | 3s. | 3d. | ... | 3d. |
,, | 3s. | 3d. | ,, ,, ,, ,, | 3s. | 5½d. | ... | 3½d. |
,, | 3s. | 5½d. | ,, ,, ,, ,, | 3s. | 8d. | ... | 4d. |
,, | 3s. | 8d. | ,, ,, ,, ,, | 4s. | 7d. | ... | 5d. |
,, | 4s. | 7d. | ... ... ... | ... | ... | 5d. in aghaidh an chéad 4s. 7d. agus 2d. in aghaidh gach 1s. no coda de 1s. sa bhreis. |
(b) na rátaí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a shonraítear i mír (ii) den fho-alt sin:
An Ráta Dleachta. | |||||||
I gcás an íocaíocht as dul isteach gan an dleacht a áireamh— | |||||||
a dhul thar | 2s. | 6d. | ach gan dul thar | 2s. | 9d. | ... | 3d. |
,, | 2s. | 9d. | ,, ,, ,, ,, | 3s. | 0d. | ... | 6d. |
,, | 3s. | 0d. | ,, ,, ,, ,, | 3s. | 2d. | ... | 7d. |
,, | 3s. | 2d. | ,, ,, ,, ,, | 3s. | 4d. | ... | 8d. |
,, | 3s. | 4d. | ,, ,, ,, ,, | 4s. | 2d. | ... | 10d. |
,, | 4s. | 2d. | ... ... ... | ... | ... | 10d. in aghaidh an chéad 4s. 2d. agus 3d. in aghaidh gach 1s. nó coda de 1s. sa bhreis. |
Dleacht shiamsa —alt 10 (4) (c) den Acht Airgeadais, 1948, a leasú.
16.—Beidh éifeacht ag mír (c) d'fho-alt (4) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1948, maidir le siamsaí a bheidh ar siúl an 1ú lá de Lúnasa, 1959, nó dá éis, fé is dá gcuirfí “seachtó a cúig faoin gcéad” in ionad “caoga faoin gcéad”.
Dleacht shiamsa —na rátaí i gcás taispeántas cinematagrafacha.
17.—An lú lá de Lúnasa, 1959, agus dá éis, beidh éifeacht ag alt 10 den Acht Airgeadais, 1948, amhail is dá gcuirfí na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí a shonraítear i bhfo-alt (3) den chéanna:
An Ráta Dleachta. | ||||||||
Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht a áireamh— | ||||||||
níos mó ná | 8d. | gan bheith níos mó ná | 8½d. | ½d. | ||||
,, | 8½d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 9d. | 1d. | ||
,, | 9d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 9½d. | 1½d. | ||
,, | 9½d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 11d. | 2d. | ||
,, | 11d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 0½d. | 3½d. | |
,, | 1s. | 0½d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 2d. | 5d. |
,, | 1s. | 2d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 3d. | 6d. |
,, | 1s. | 3d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 5½d. | 7½d. |
,, | 1s. | 5½d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 7d. | 9d. |
,, | 1s. | 7d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 8½d. | 10½d. |
,, | 1s. | 8½d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 10d. | 11d. |
,, | 1s. | 10d. | ,, | ,, ,, | ,, ,, | 1s. | 11d. | 1s. 1d. |
,, | 1s. | 11d. | ... | ... | ... | ... | ... | 1s. 1d. ar an gcéad 1s. 11d. agus ½d. ar gach ½d. nó cuid de ½d. sa bhreis. |
Dleacht shiamsa —límistéir tuatha.
18.—Beidh éifeacht ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1954, fé is dá gcuirfí “ceithre bliana” in ionad “dhá bhliain” i ngach fo-alt díobh.
Ileacha udrocarbóin— forálacha ilghnéitheacha.
19.—(1) Faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur, ní dhéanfar an dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931, ná an dleacht chustam a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgid, 1935, a mhuirearú ná a thobhach ar aon íle udrocarbóin a aistríodh ar a allmhairiú go dtí, nó a seachadadh ó bhanna-stóras ag, áitreabh scagaire íle udrocarbóin chun go rachadh sé faoi phróis mhonaraíochta ann.
(2) Faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur, féadfar aon íle udrocarbóin ar a mbeidh dleacht mháil dlite a aistriú chun a onnmhairithe nó lena loingsiú mar stóras, ó áitreabh a mhonaróra gan dleacht a íoc.
(3) Aon uair is dóigh leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, gur cuí sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leo a fhorchur, dleacht ar bith a aisíoc le haon duine áirithe is dleacht a muirearaíodh agus a toibhíodh faoi alt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935, agus a íocadh ar aon earraí áirithe arna seachadadh as áitreabh scagaire íle udrocarbóin nó as banna-stóras.
(4) Aon uair is dóigh leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála gur cuí sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leo a fhorchur, a údarú d'aon duine áirithe aon earra acu sin ar ar inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935, a ghlacadh arna seachadadh as áitreabh scagaire íle udrocarbóin nó as banna-stóras gan an dleacht sin a íoc.
(5) (a) Aon uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearnadh aon íle udrocarbóin, seachas íle bhealaithe nár íocadh an dleacht chustam ná an dleacht mháil uirthi a forchuireadh le halt 21 den Acht Airgid, 1935, a úsáid i dtáirgeadh nó i ndáil le táirgeadh earraí le haghaidh onnmhairithe ach nach ndearnadh í a úsáid lena dó in inneall feithicle inneallghluaiste, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leo a fhorchur, aon dleacht den sórt sin a íocadh ar an íle, lúide aon lacáiste air sin a lamháladh faoin alt sin 21, a aisíoc leis an duine a tháirg na hearraí le haghaidh onnmhairithe.
(b) San alt seo folaíonn an briathar “táirgeadh” aon phróis nó oibríocht thionscail.
(6) Aon uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuiltear chun aon íle udrocarbóin ar ar inmhuirir an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 21 den Acht Airgid, 1935, a chur faoi phróis mhonaraíochta, nó go bhfuiltear chun í a chorprú le substaintí eile mar tháthchuid de tháirge monaraithe, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is oiriúnach leo a fhorchur, a cheadú an íle a sheachadadh as áitreabh scagaire íle udrocarbóin nó as banna-stóras gan an dleacht sin a íoc.
Ordú a dhaingniú.
20.—Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 60) (Tobhaigh Speisialta Allmhairithe agus Dleachtanna Custam Ilghnéitheacha), 1959 (I.R. Uimh. 63 de 1959).
CUID III.
Cáin Bhrabús Corparáide.
Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint ar marthain.
21.—Na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid 1929, tabharfar iad in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1959, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1961.
CUID IV.
Blianachtaí Saoil Ceannaithe: Cáin Ioncaim agus Forcháin.
Abhar caipitiúil i mblianachtaí ceannaithe áirithe.
8 & 9 Geo. 5, c. 40.
22.—(1) Chun críocha na bhforálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ar bhlianachtaí agus íocaíochtaí bliantúla eile, déileálfar le blianacht shaoil cheannaithe (nach blianacht de shórt a eisctear le fo-alt (8) den alt seo) mar ní ina bhfuil ábhar caipitiúil agus, maidir leis an méid de is ábhar caipitiúil, mar ní nach íocaíocht bhliantúil ná nach bhfuil gné íocaíochta bliantúla ann; ach cuirfear an t-ábhar caipitiúil i mblianacht den sórt sin i gcuntas nuair a bheidh brabúis nó gnóchan nó caillteanais á ríomh chun críocha eile na nAchtanna sin in aon chúinsí ina gcuirfí íocaíocht chnapshuime i gcuntas.
(2) I gcás aon bhlianachta saoil ceannaithe lena mbaineann an t-alt seo—
(a) cinnfear an t-ábhar caipitiúil faoi threoir méid nó luach na n-íocaíochtaí a rinneadh nó na comaoine eile a tugadh i leith an bhlianacht a dheonú,
(b) an cothrom a bheidh idir an t-ábhar caipitiúil in aon íocaíocht bhlianachta agus méid iomlán na híocaíochta sin is é an cothrom céanna a bheidh ann i gcónaí i gcás na n-íocaíochtaí uile ar cuntas na blianachta,
(c) nuair nach mbeidh téarma na blianachta ná méid aon íocaíocht bhlianachta ag braith ar aon teagmhas seachas fad saoil duine nó saolta daoine, is é an cothrom sin an cothrom céanna a bheidh idir méid iomlán nó luach na comaoine i leith an bhlianacht a dheonú agus luach achtúire na n-íocaíochtaí blianachta arna chinneadh de réir fo-ailt (3) den alt seo, agus
(d) i gcás nach mbeidh feidhm ag mír (c) den fho-alt seo, is é bheidh sa chothrom sin cibé cothrom is cothrom cóir ag féachaint don mhír sin agus do na teaghmhais a bhaineann leis an mblianacht.
(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo—
(a) déanfar aon chomaoin iomlán a tugadh i leith blianacht a dheonú agus i leith ábhair éigin eile a chionroinnt mar a dhealróidh a bheith cóir (ach sin i slí nach ndéanfar ceart chun préimheamha a fháil ar ais nó comaoin eile i leith blianachta a áireamh chun na críche seo mar ábhar ar leithligh ón mblianacht),
(b) má dhealraíonn sé go ndearna méid nó luach na comaoine a airbheartaítear a bheith tugtha i leith blianacht a dheonú difir don chomaoin a tugadh i leith ábhair éigin eile nó go ndearna an chomaoin deiridh sin a luaitear difir don mhéid sin nó don luach sin, áireofar méid nó luach comhiomlán na gcomaoin sin mar aon chomaoin iomlán amháin arna tabhairt ina leith le chéile agus cionroinnfear í dá réir sin faoi mhír (a) den fho-alt seo, agus
(c) measfar gurb é luach achtúire aon íocaíochtaí blianachta a luach amhail ar an dáta a thosaigh an chéad íocaíocht acu sin ar fhaibhriú, agus an luach sin arna chinneadh faoi threoir na dtáblaí mortlaíochta forordaithe agus gan aon íocaíocht a lascainiú i leith an ama a bheidh le caitheamh idir an dáta sin agus an dáta a bheidh sí le déanamh.
(4) I gcás ina mbeifear tar éis fógra a thabhairt sa tslí fhorordaithe do dhuine a dhéanfaidh íocaíocht ar cuntas aon bhlianachta saoil i dtaobh aon chinneadh maidir lena bheith nó gan a bheith ina blianacht shaoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo nó maidir le méid an ábhair chaipitiúil (más aon mhéid é) agus nach mbeidh aon fhógra tugtha dó i dtaobh aon athrú ar an gcinneadh sin, beidh an fógra ina fhógra críochnaitheach maidir leis na nithe sin chun a chinneadh cé mhéid cánach atá sé i dteideal, nó is gá dó, a asbhaint as an íocaíacht, nó a bhfuil dliteanas air ina leith.
(5) I gcás nach mbeifear tar éis fógra i dtaobh méid an ábhair chaipitiúil a thabhairt sa tslí fhorordaithe do dhuine a dhéanfaidh íocaíocht ar cuntas blianachta saoil ceannaithe lena mbaineann an t-alt seo, is é an méid cánach a bheidh sé i dteideal, nó is gá dó, a asbhaint as an íocaíocht nó a mbeidh dliteanas air ina leith, an méid céanna agus dá mba nár bhlianacht shaoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo an bhlianacht.
(6) Duine ar bith ag a mbeidh gnó ar siúl ag deonú blianachtaí ar shaol daoine beidh sé i dteideal go n-aisíocfar leis aon cháin d'íoc sé trí asbhaint nó ar shlí eile in aghaidh aon bhliana measúnachta suas go dtí méid na cánach a mbeadh teideal aige, dá mba nár ritheadh an t-alt seo, é a asbhaint agus a choinneáil ar íocaíochtaí a dhéanamh a bhí dlite sa bhliain mheasúnachta sin ar cuntas bhianachtaí saoil agus nach ndearna sé, de réir an ailt seo, a asbhaint.
(7) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “blianacht saoil” blianacht is iníoctha in aghaidh téarma dar críoch deireadh saoil duine (nó tráth nach infhionnta ach amháin faoi threoir) deireadh saoil duine, cibé acu atá nó nach bhfuil foráil ann go gcríochnóidh an bhlianacht le linn an tsaoil ar bheith caite do théarma socraithe nó ar aon teagmhas áirithe do tharlú nó ar shlí éigin eile, nó go leanfaidh sí tar éis deireadh an tsaoil i gcúinsí áirithe, agus ciallaíonn “blianacht saoil cheannaithe” blianacht saoil a deonaíodh i gcomaoin in airgead nó luach airgid i ngnáthchúrsa gnó dheonaithe bhlianachtaí ar shaol daoine.
(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—
(a) maidir le haon bhlianacht a ndéanfaí, ar leith ón alt seo, í a áireamh, chun críocha forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ar bhlianachta agus íocaíochtaí bliantúla eile, mar ní arb éard atá i gcuid ar bith di íocaíocht nó aisíocaíocht suime caipitiúla,
(b) maidir le haon bhlianacht arb é a bhí in iomlán na comaoine nó i gcuid den chomaoin i leith an bhlianacht a dheonú suimeanna a chomhlíon na coinníollacha i leith faoisimh ó cháin faoi alt 41 den Acht Airgeadais, 1958, nó alt 32 den Income Tax Act, 1918,
(c) maidir le haon bhlianacht a ceannaíodh de bhun aon treora in uacht, nó chun socrú a dhéanamh le haghaidh blianachta is iníoctha de bhua uachta nó socraíochta as ioncam maoine a diúscraíodh leis an uacht nó leis an tsocraíocht (cibé acu a tarraingíodh nó nár tarraingíodh ar chaipiteal), nó
(d) maidir le haon bhlianacht a ceannaíodh faoi réim nó chun críocha aon scéime aoisliúntais faoi choimirce mar mhínítear i bhfo-alt (10) d'alt 40 den Acht Airgeadais, 1958, nó aon scéime arna ceadú faoin alt sin, nó de bhun aon oblagáide a fhorchuirtear, nó tairiscinte nó cuireadh, faoi nó i ndáil le aon scéim den sórt sin, nó maidir le haon bhlianacht eile a cheannaigh duine ar bith d'aithint seirbhíse dhuine eile (nó a sheirbhíse san am a caitheadh) in aon oifig nó fostaíocht.
(9) Maidir le cáin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, agus blianta measúnachta ina dhiaidh sin, bainfidh an t-alt seo le blianachtaí saoil cibé uair a ceannaíodh iad nó a thosaíodar (agus forléireofar dá réir sin na tagairtí d'alt 32 den Income Tax Act, 1918, agus alt 41 den Acht Airgeadais, 1958); ach, chun críocha fo-alt (4) agus (5) den alt seo, measfar, maidir le haon fhógra a tugadh roimh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1959, ag cinneadh gur blianacht saoil cheannaithe nó nach blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann an t-alt seo nó méide an ábhair chaipitiúil (más aon mhéid é), gurb é an lá sin a tugadh é.
Forálacha forlíontacha do Chuid IV.
23.—(1) Is é an cigire cánach a chinnfidh aon cheist i dtaobh ar blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann alt 22 den Acht seo blianacht áirithe, nó i dtaobh cad é an t-ábhar caipitiúil i mblianacht den sórt sin, ach féadfaidh duine ar bith ar éagóir leis aon chinneadh a rinne an cigire sin ar aon cheist den sórt sin achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta laistigh den tréimhse fhorordaithe.
(2) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt leis an gCuid seo den Acht seo, is é an nós imeachta a bheidh forordaithe an nós imeachta a leanfar agus feidhm á thabhairt don chéanna.
(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú atá le forordú faoin gCuid seo den Acht seo; agus féadfaidh na rialacháin, chun críocha na Coda seo den Acht seo nó chun críocha na rialachán, feidhm a thabhairt d'aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim (le modhnuithe nó gan modhnuithe), agus go háirithe na forálacha maidir le hachomharc a athéisteacht nó cás a shonrú ag iarraidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.
(4) Féadfaidh rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo go háirithe foráil a dhéanamh i dtaobh na teorann ama chun aon éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh ó cháin nó ar aisíoc cánach faoin gCuid seo den Acht seo agus i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas:
(a) an t-eolas a bheidh le tabhairt maidir le cinneadh aon cheiste i dtaobh ar blianacht saoil cheannaithe lena mbaineann alt 22 den Acht seo blianacht áirithe, nó i dtaobh cad é an t-ábhar caipitiúil atá i mblianacht, agus na daoine ar féidir a cheangal orthu aon eolas den sórt sin a thabhairt;
(b) an tslí ina dtabharfar éifeacht do chinneadh aon cheiste den sórt sin, agus déanamh measúnachtaí chun na críche sin ar an duine a bheidh i dteideal na blianachta d'ainneoin aon ní i Riail 19 de na Rialacha Ginearálta;
(c) an méid a bheidh aon chinneadh ar aon cheist den sórt sin ina cheangal, agus na cúinsí inar féidir é a athbhreithniú.
(5) Má dhéanann aon duine go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile faoin gCuid seo den Acht seo, dlífear pionós cúig chéad punt a chur air.
CUID V.
Faoiseamh i leith Caiteachais Chaipitiúil Áirithe: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.
Caibidil I.
Foirgnimh agus Déanmhais Thionscail.
Léiriú (Caibidil I de Chuid V).
24.—(1) Sa Chaibideal seo—
ciallaíonn “liúntas foirgníochta tionscail” liúntas arna thabhairt faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956;
tá le “foirgneamh nó déanmhas tionscail” an brí chéanna atá, de bhua ailt 17 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéithea cha) 1956, leis an abairt sin i gCuid IV den Acht sin.
(2) Duine a chuaigh faoi chaiteachas ag déanamh foirgnimh nó déanmhais measfar, chun críocha aon fhorála den Chaibidil seo a thagraíonn dá leas ann an tráth a chuathas faoin gcaiteachas, go raibh an leas céanna aige ann a bheadh aige dá mbeadh an foirgneamh nó an déanmhas sin críochnaithe an tráth sin.
(3) Gan dochar do cheann ar bith d'fhorálacha eile na Coda seo den Acht seo maidir le hairgead díola, árachais, tarrthála, nó cúitimh a chionroinnt, measfar, chun críocha na Caibidle seo, an tsuim a íocadh ar an leas iomchuí i bhfoirgneamh nó i ndéan, mhas a dhíol, nó aon airgead díola eile, árachais, tarrthála nó cúitimh is iníoctha i leith aon fhoirgnimh nó déanmhais, a bheith arna laghdú méid is comhionann le cibé méid di is inchurtha, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, i leith sócmhainní is ionann agus caiteachas seachas caiteachas ar féidir liúntas a thabhairt ina leith faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó faoin gCaibidil seo.
(4) Beidh feidhm ag alt 19 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, agus ag fo-alt (3) d'alt 73 den Acht seo maidir le liúntais agus muirir faoin gCaibidil seo amhail mar atá feidhm acu maidir le liúntais fhoirgníochta tionscail do bhlianta measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó dáta dá éis sin.
Liúntais bhliantúla (forgnimh nó déanmhais thionscail).
25.—(1) Faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, más rud é—
(a) go bhfuil duine ar bith, i ndeireadh a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta, i dteideal leasa i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas lena mbaineann an t-alt seo,
(b) i ndeireadh na bonn-tréimhse sin, gur foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas, agus
(c) gurb é an leas sin an leas iomchuí maidir leis an gcaiteachas caipitil faoina ndeachthas ag déanamh an fhoirgnimh nó an déanmhais sin,
tabharfar dó liúntas (dá ngairtear liúntas bliantúil sa Chaibidil seo) is comhionann leis an gcaogadú cuid den chaiteachas sin in aghaidh na bliana measúnachta sin.
(2) Is foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo foirgneamh nó déanmhas más rud é, agus amháin más rud é, gurb é an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dáta dá éis sin, a chuathas faoin gcaiteachas caipitiúil faoina ndeachthas á dhéanamh.
(3) Más rud é, tráth ar bith an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, go ndéanfar an leas i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas arb é an leas iomchuí é maidir le haon chaiteachas a dhíol agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas, ansin, i gcás blianta measúnachta a gcríochnóidh na bonntréimhsí ina leith tar éis tráth an díola sin, maidir leis an liúntas bliantúil i leith an chaiteachais sin,—
(a) ríomhfar é faoi threoir iarmhair (mar mhínítear sin sna forálacha den Chaibidil seo a bhaineann le caiteachas a dhíscríobh) an chaiteachais sin díreach tar éis an díola, agus
(b) is é bheidh ann an codán den iarmhar sin ar aon a uimhreoir agus arb é a ainmneoir an méid blianta measúnachta a bheidh sa tréimhse—
(i) dar tosach an chéad bhliain mheasúnachta a mbeidh an ceannaitheoir i dteideal liúntais bhliantúil i leith an chaiteachais ina haghaidh nó a mbeadh sé ina theideal sin amhlaidh dá leanadh an foirgneamh nó an déanmhas gach tráth ábhartha de bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail, agus
(ii) dar críoch an caogadú bliain mheasúnachta tar éis na bliana inar úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair,
agus mar sin de i gcás aon díola ina dhiaidh sin.
(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo—
(a) ní thabharfar aon liúntas bliantúil in aghaidh bliana measúnachta dar tosach dáta roimh dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, agus
(b) i gcás ar bith ní bheidh méid liúntais bhliantúil a thabharfar do dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith aon chaiteachais níos mó ná an méid arb é a bheadh ann, ar leith ón díscríobh a bheadh le déanamh mar gheall ar an liúntas sin a thabhairt, iarmhar an chaiteachais sin i ndeireadh a bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta sin.
Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta (foirgnimh nó déanmhais thionscail).
26.—(1) I gcás in mbeifear tar éis dul faoi aon chaiteachas caipitiúil an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis sin, ag déanamh foirgnimh nó déanmhais agus, an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, teagmhas ar bith acu seo a leanas do tharlú le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail:
(a) an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol,
(b) an leas sin, agus gur leas léasachta é, a chríochnú ar shlí seachas tríd an duine ina theideal d'fháil an leasa is leas frithdhílse ann,
(c) scartáil nó díthiú an fhoirgnimh nó an déanmhais, nó, gan scartáil ná díthiú a bheith déanta air, é do scor ar fad de bheith á úsáid,
ansin, sna cúinsí a luaitear san alt seo, déanfar liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine, nó, de réir mar bheidh, a ghearradh ar an duine, a mbeidh teideal aige chun an leasa iomchuí díreach roimh an teagmhas sin do tharlú, in aghaidh na bliana measúnachta (is bliain a thosóidh ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dá éis sin) ina bhonntréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas sin:
Ar choinníoll nach ndéanfar aon liúntas cothromaíochta a thabhairt do dhuine ar bith ná muirear cothromaíochta a ghearradh ar dhuine ar bith in aghaidh aon bhliana measúnachta de dhroim aon teagmhais a tharlóidh tar éis deireadh a bhonn-tréimhse don chaogadú bliain mheasúnachta tar éis na bliana inar úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduar.
(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann, nó i gcás inar mó iarmhar an chaiteachais, díreach roimh an teagmhas, ná an t-airgead sin, tabharfar liúntas cothrom aíochta agus is é a mhéid méid an iarmhair sin nó, de réir mar bheidh, méid is comhionann le breis an iarmhair thar an airgead sin.
(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná iarmhar an chaiteachais, más aon iarmhar é, díreach roimh an teagmhas, gearrfar muirear cothromaíochta agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis, nó, más nialas d'iarmhar é, leis an airgead sin.
(4) Más rud é nach mbeifear tar éis liúntas bliantúil a thabhairt in aghaidh aon bhliana de na blianta measúnachta iomchuí (mar a mhínítear chun críocha an fho-ailt seo), beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar méid an liúntais chothromaíochta, nó, de réir mar bheidh, an méid ar a mbeidh an muirear cothromaíochta le gearradh, a laghdú tríd an gcodán a fheidhmiú maidir leis arb é a uimhreoir an méid blianta measúnachta iomchuí ar tugadh liúntas bliantúil ina n-aghaidh i leith an chaiteachais agus arb é a ainmneoir an méid iomlán blianta measúnachta iomchuí.
San fho-alt seo, ciallaíonn “blianta measúnachta iomchuí” na blianta measúnachta uile tar éis na bliana sin a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair chun críche ar bith suas go dtí an bhliain (agus an bhliain sin a áireamh) a tharla an teagmhas is cúis leis an liúntas nó an muirear:
Ar an gcoinníoll, go gciallaíonn an abairt sin, i gcás an foirgneamh nó an déanmhas a dhíol roimh an teagmhas sin ach an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é san am, na blianta measúnachta uile—
(a) a dtabharfar liúntas bliantúil ina n-aghaidh mar gheall ar gurbh fhoirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas tráth ar bith idir an díol agus an teagmhas, nó, má rinneadh níos mó ná díol amháin den sórt sin, idir an díol deiridh acu sin agus an teagmhas, nó
(b) a mbeadh liúntas bliantúil le tabhairt ina leith dá mb'fhoirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas gach tráth idir an díol, nó, cibé acu é, idir an díol deiridh acu sin, agus an teagmhas.
(5) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, ní bheidh, i gcás ar bith, an méid a ngearrfar muirear cothromaíochta maidir leis ar dhuine i leith aon chaiteachais ag déanamh foirgnimh nó déanmhais níos mó ná méid an liúntais fhoirgníochta thionscail a tugadh dó, i leith an chaiteachais sin maraon le méid aon liúntas bliantúla a tugadh dó, má tugadh, i leith an chaiteachais sin in aghaidh blianta measúnachta ar chríochnaigh a bhonntréimhsí ina leith ar dháta nó roimh dháta an teagmhais is cúis leis an muirear.
Caiteachas a dhíscríobh agus an bhrí atá le “iarmhar caitheachais”.
27.—(1) Aon chaiteachas faoina ndeachthas ag déanamh aon fhoirgnimh nó déanmhais áireofar, chun críocha na Caibidle seo, go ndearnadh é a dhíscríobh a mhéid agus amhail na tráthanna a shonraítear ina dhiaidh seo san alt seo, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo d'iarmhar aon chaiteachais den sórt sin a fhorléiriú dá réir sin.
(2) Má thugtar liúntas foirgníochta tionscail i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntas sin a dhíscríobh amhail an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair.
(3) Más rud é go ndéanfar, de dhroim gurbh fhoirgneamh nó déanmhas tionscail tráth ar bith an foirgneamh nó an déanmhas, liúntas bliantúil a thabhairt in aghaidh aon bhliana measúnachta i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntais sin a dhíscríobh amhail an tráth sin;
Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás teagmhas do tharlú an tráth sin is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta, an méid a ordaítear a dhíscríobh leis an bhfo-alt seo amhail an tráth sin a chur i gcuntas nuair bheifear ag ríomh iarmhar an chaiteachais sin díreach roimh an teagmhas sin d'fhonn a chinneadh an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt nó muirear cothromaíochta le gearradh agus, má tá, méid an liúntais nó an mhuirir sin a chinneadh.
(4) Más rud é, i gcás aon bhliana measúnachta tar éis na bliana a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair, nach mbeidh aon liúntas bliantúil le tabhairt do dhuine ar bith i leith an chaiteachais, ansin, faoi réir forálacha an fho-ailt seo agus an chéad fho-ailt eile ina dhiaidh seo, áireofar méid is comhionann leis an gcaogadú cuid den chaiteachas a bheith díscríofa amhail ag deireadh na bliana measúnachta roimhe sin;
Ar choinníoll—
(a) i gcás bliana measúnachta a thosóidh ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dá éis sin, nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo chun críche ar bith má b'fhoirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas an lá roimh thosach na bliana measúnachta, agus
(b) i gcás ina mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i leith bliana measúnachta a thosóidh mar adúradh, gurb é an méid a bheidh le díscríobh, má dhíoltar an foirgneamh nó an déanmhas an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é san am, an méid a bheadh le díscríobh—
(i) dá mb'éard an foirgneamh nó an déanmhas foirgneamh nó déanmhas tionscail a bhí á úsáid an lá roimhe sin adúradh chun críocha trádála a bhí á seoladh ag duine ag a raibh teideal chun an leasa iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas,
(ii) dá mb'é an lá roimhe sin adúradh a chríochnaigh bonn-tréimhse an duine sin don bhliain mheasúnachta, agus
(iii) gur tugadh liúntas bliantúil dó dá réir sin don bhliain mheasúnachta.
(5) Más rud é go ngearrfar, ar ócáid díola, muirear cothromaíochta i leith an chaiteachais, díscríobhfar, amhail tráth an díola, an bhreis a bheidh ag iarmhar an chaiteachais roimh an díol ar ghlan-toradh an díola.
(6) Más rud é go ngearrfar, ar ócáid díola, muirear cothromaíochta i leith an chaiteachais, measfar iarmhar an chaiteachais chun críocha na Caibidle seo a bheith méadaithe, amhail tráth an díola, an méid ar a ngearrfar an muirear.
An tslí ina dtabharfar liúntais agus ina ngearrfar muirir (foirgnimh nó déanmhais thionscail).
28.—(1) Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha seo a leanas den alt seo, déanfar aon liúntas a thabharfar do dhuine nó aon mhuirear a ghearrfar air faoi na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, a thabhairt dó nó a ghearradh air agus brabúis nó gnóchan a thrádála á muirearú.
(2) Tabharfar liúntas bliantúil do dhuine in aghaidh bliana measúnachta ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa i ndeireadh a bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta sin.
(3) Tabharfar liúntas cothromaíochta do dhuine ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an liúntas.
(4) Gearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine faoi Chás VI de Sceideal D má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an muirear.
(5) Liúntas ar bith a bheidh, faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, le tabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach beidh sé ar fáil go príomha in aghaidh an ioncaim seo a leanas:
(a) ioncam a chuirfear faoi mhuirear cánach faoi Sceideal A i leith aon áitribh arbh éard é nó ina raibh, tráth ar bith sa bhliain, foirgneamh nó déanmhas tionscail,
(b) ioncam a chuirfear faoi mhuirear cánach faoi Chás III den Sceideal D i leith aon chíosa is iníoctha i leith aon áitribh den sórt adúradh, nó
(c) ioncam is cúis le muirear cothromaíochta faoin gCaibidil seo.
An bhrí atá le “an leas iomchuí”.
29.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ciallaíonn “an leas iomchuí” sa Chaibidil seo, maidir le haon chaiteachas faoina ndeachthas ag déanamh foirgnimh nó déanmhais, an leas san fhoirgneamh nó sa déanmhas sin a raibh teideal chuige ag an duine a chuaigh faoin gcaiteachas nuair a chuaigh sé faoi.
(2) Más rud é, nuair a rachaidh duine faoi chaiteachas ag déanamh foirgnimh nó déanmhais, go mbeidh sé i dteideal dhá leas nó níos mó san fhoirgneamh nó sa déanmhas, agus gur leas frithdhílse i leith na leas eile go léir leas áirithe acu sin, is é an leas sin an leas iomchuí chun críocha na Caibidle seo.
(3) Ní scoirfidh leas de bheith ina leas iomchuí chun críocha na Caibidle seo de dhroim bunú aon léasa nó leasa eile a mbeidh an leas sin faoina réir, agus más leas léasachta an leas iomchuí agus go múchfar é mar gheall ar é a ghéilleadh, ná ar an duine a mbeidh teideal aige chuige d'fháil an leasa is leas frithdhílse ina leith, tiocfaidh an leas a gcumascfaidh an leas léasachta leis chun bheith, air sin, ina leas iomchuí.
Forálacha speisialta maidir le léasanna.
30.—(1) I gcás léasaí aon fhoirgnimh nó déanmhais d'fhanúint i seilbh an chéanna le toiliú an léasóra, tar éis an léas a fhoirceannadh gan léas nua a bheith deonaithe dó, measfar, chun críocha na Caibidle seo, an léas sin do leanúint ar marthain an fhad a fhanfaidh sé i seilbh mar adúradh.
(2) I gcás ina ndéanfar, ar léas a fhoirceannadh, léas nua a dheonú don léasaí de dhroim teideal a bheith aige le reacht chun léasa nua nó de bhun roghan a bheidh ar fáil aige faoi théarmaí an chéad léasa, beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo ionann is dá mbeadh an dara léas ar leanúint as an gcéad léas:
(3) I gcás ina ndéanfaidh an léasóir, ar léas a fhoirceannadh, suim ar bith a íoc leis an léasaí i leith foirgnimh nó déanmhais a bheidh ar áireamh sa léas, beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo amhail is dá mba rud é gur tháinig deireadh leis an léas de dhroim é a ghéilleadh i gcomaoin na híocaíochta.
Neamhúsáid shealadach foirgneamh nó déanmhas tionscail.
31.—(1) Chun críche na Caibidle seo, ní mheasfar foirgneamh nó déanmhas do scor ar fad de bheith á úsáid de dhroim é a fhágáil go sealadach gan úsáid an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, agus más rud é, díreach roimh aon tréimhse neamhúsáide sealadaí dar tosach an dáta sin nó dáta dá éis, gur foirgneamh nó déanmhas tionscail foirgneamh nó déanmhas, measfar é do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail i gcaitheamh na tréimhse neamhúsáide sealadaí.
(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Chuid seo den Acht seo maidir leis an modh ina ndéanfar liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh, más rud é, de dhroim forálacha fo-ailt (1) den alt seo, go measfar foirgneamh do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó déanmhas tionscail agus é as úsáid go sealadach, ansin—
(a) má tharlaíonn, ar an ócáid dheiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail, go raibh sé á úsáid chun críocha trádála ar buan-scoireadh di ó shoin, nó
(b) má tharlaíonn, ar an ócáid dheiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail, go raibh an leas iomchuí ann faoi réir léasa a dtáinig deireadh leis ó shoin,
déanfar aon liúntas bliantúil nó liúntas cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais i gcaitheamh aon tréimhse a leanfaidh anneamh úsáid shealadach tar éis scor den trádáil nó deireadh a theacht leis an léas a thabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach, agus déanfar aon mhuirear cothromaíochta a bheidh le gearradh ar dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais i gcaitheamh na tréimhse sin a ghearradh faoi Chás VI de Sceideal D.
(3) An tagairt atá san alt seo do bhuan-scor de thrádáil ní fholaíonn sí tagairt do tharlú aon teagmhais a bheidh le háireamh, de bhua aon fhorálacha i Riail II de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, mar theagmhas is ionann agus scor den trádáil.
Liúntas deisiúcháin a leasú.
1919, c. 32.
32.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Airgid 1934, trí “muilte, monarchain, nó áitribh eile den tsórt san” a scriosadh agus “foirgnimh nó déanmhais thionscail de réir bhrí ailt 17 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, arna leasú le halt 73 den Acht Airgeadais, 1959, agus, maidir le haon fhoirgneamh nó déanmhas tionscail den sórt sin, beidh éifeacht ag na Rialacha 7 agus 8 sin amhail is dá gcuirtí ‘one-third’ in ionad ‘one-sixth’ gach áit a bhfuil sé sna rialacha sin” a chur ina ionad.
(2) Leasaítear leis seo Riail 5 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D tríd an gcoinníoll a ghabhann le mír (2) a scriosadh agus an mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin (2):
(2) Leasaítear leis seo Riail 5 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D tríd an gcoinníoll a ghabhann le mír (2) a scriosadh agus an mhír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na míre sin (2):
“(3) (a) Paragraph (2) of this rule shall not apply in the case of any premises which—
(i) is an industrial building or structure within the meaning of section 17 of the Finance (Miscellaneous Provisions) Act, 1956, as amended by section 73 of the Finance Act, 1959, but
(ii) is not a building or structure to which section 25 of the Finance Act, 1959, applies.
(b) Where, in the case of premises valued under the Valuation Acts as a unit, a part is, and a part is not, a building or structure to which section 25 of the Finance Act, 1959, applies, the annual value of each part shall be arrived at by apportionment of the rateable valuation of the premises, and paragraph (c) of subsection (3) and subsection (4) of section 2 of the Finance Act, 1958, shall apply to any such apportionment as they apply to an apportionment required by the said subsection (3).”
(3) I gcás liúntas bliantúil i leith foirgnimh nó déanmhais a bheith le tabhairt agus muirear á ghearradh ar bhrabúis nó gnóchan trádála in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta sin do theacht go hiomlán nó go páirteach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ansin, d'fhonn an tsuim a chinneadh a bheidh le hasbhaint ar cuntas luach bliantúil an fhoirgnimh nó an déanmhais agus brabúis nó gnóchan na trádála á meas, measfar méid na measúnachta ar an bhfoirgneamh nó ar an déanmhas chun críche cánach faoi Sceideal A a bheith laghdaithe chun críche bailiúcháin sa tslí chéanna ina mbeadh sé arna laghdú amhlaidh é dá mba rud é go raibh éifeacht leis an alt seo ar feadh iomlán na bonn-tréimhse.
(4) Beidh éifeacht ag alt 18 den Finance Act, 1919, amhail is dá ndéanfaí—
(a) tagairt d'áitreabh—
(i) is foirgneamh nó déanmhas tionscail, ach
(ii) nach foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann alt 25 den Acht seo,
a chur in ionad gach tagartha atá i bhfo-alt (1) agus (2) do mhuilte, monarchana nó áitribh dá samhail agus in ionad na tagartha atá i bhfo-alt (3) do mhuilte, monarchana agus áitribh dá samhail, agus
(b) tagairt don tríú cuid den luach bliantúil a chur in ionad gach tagartha don séú cuid den luach bliantúil.
Caibidil II.
Innealra agus Gléasra.
Léiriú (Caibidil II de Chuid V).
33.—Sa Chaibidil seo—
ciallaíonn “liúntas tosaigh” liúntas faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956;
ciallaíonn “liúntas taighde eolaíochta”, maidir le haon chaiteachas méid iomlán aon liúntais a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1946, arna mhéadú méid aon liúntais a tugadh faoi mhír (b) d'fho-alt (4) den alt sin 5 nó, de réir mar bheidh, arna laghdú aon mhéid a áireofar mar fháltas trádála de bhun míre (c) den fho-alt sin (4);
ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” asbhaint arna lamháil faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.
Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta (innealra agus gléasra).
34.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn, an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, aon teagmhas acu seo a leanas i gcás aon innealra nó gléasra ar tugadh liúntas tosaigh nó liúntas caithimh agus cuimilte ina leith in aghaidh aon bhliana measúnachta do dhuine agus é ag seoladh trádála:
(a) aon teagmhas a tharlóidh tar éis an trádáil a bhunú agus roimh bhuanscor di trína scoirfidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin de chuid an duine a bheidh ag seoladh na trádála (cibé acu ar an innealra nó ar an ngléasra a dhíol é nó in aon chúinsí eile de shaghas ar bith),
(b) aon teagmhas a tharlóidh mar adúradh trina mbuanscoirfear den innealra nó den ghléasra (agus é i gcónaí ina mhaoin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála) de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige,
(c) buanscor den trádáil, gan an t-innealra nó an gléasra do scor roimhe sin de bheith ina mhaoin de chuid an duine a bheidh ag seoladh na trádála,
déanfar, sna cúinsí a luaitear san alt seo, liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine sin, nó, de réir mar bheidh, a ghearradh ar an duine sin in aghaidh na bliana measúnachta (is bliain a thosóidh ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó ar dháta dá éis sin) ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas.
(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann nó i gcás inar mó ná an t-airgead sin an méid caipitil a bheidh caite ag an duine sin ag soláthar innealra nó gléasra agus a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith amhail tráth an teagmhais, tabharfar liúntas cothromaíochta, agus is é a mhéid méid an chaiteachais a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith mar adúradh, nó, de réir mar bheidh, méid is comhionann le breis an chaiteachais sin ar an airgead sin.
(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná an méid, más aon mhéid é, den chaiteachas sin a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith amhail tráth an teagmhais, gearrfar muirear cothromaíochta, agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis a bheidh ag an méid sin ar an gcaiteachas nó, i gcás inar ionann agus nialas an méid a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith, is comhionann leis an airgead sin.
(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3) den alt seo, ní bheidh an méid ar a ngearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine níos mó, i gcás ar bith, ná comhiomlán na méideanna seo a leanas:
(a) méid an liúntais thosaigh a thabharfar dó, má thugtar, i leith an chaiteachais a bheidh i gceist,
(b) méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a thabharfar dó i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh i gceist,
(c) méid aon liúntais thaighde eolaíochta a thabharfar dó i leith an chaiteachais, agus
(d) méid aon liúntais chothromaíochta a tugadh dó roimhe sin i leith an chaiteachais.
(5) Más rud é, maidir le haon innealra nó gléasra, go dtarlóidh teagmhas lena mbainfidh mír ar bith de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) den alt seo agus go dtarlóidh teagmhas eile dá éis lena mbainfidh aon mhír de na míreanna sin, ní áireofar an teagmhas is déanaí acu mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó le muirear cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra sin.
Rogha i gcás ina gcuirfear innealra nó gléasra in ionad innealra nó gléasra.
35.—(1) Má dhéanann úinéir innealra nó gléasra a mbeidh aon teagmhas dá luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34 den Acht seo tar éis tarlú ina chás innealra nó gléasra a chur in ionad an chéanna agus go mbeidh muirear cothromaíochta le gearradh air mar gheall ar an teagmhas sin nó go mbeadh, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, muirear cothromaíochta le gearradh air mar gheall air, ansin, má roghnaíonn sé amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire cánach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(2) má bhíonn an méid ar a ngearrfaí an muirear níos mó ná an caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an léasra nua—
(i) ní ghearrfar an muirear ach amháin ar mhéid is comhionann leis an difríocht,
(ii) ní thabharfar aon liúntas tosaigh, aon liúntas cothromaíochta ná aon liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra nua ná i leith an chaiteachais faoina ndeachthas á sholáthar, agus
(iii) le linn a bheith á bhreithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus má tá cad é an muirear cothromaíochta atá, le gearradh i leith an chaiteachais leis an innealra nó an gléasra nua, measfar liúntais tosaigh is comhionann le hiomlán an chaiteachais sin a bheith tugtha i leith an chaiteachais sin;
(b) más comhionann an caiteachas caipitiúil faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an ghléasra nua agus an méid ar a ngearrfaí an muirear, nó más mó é ná an méid sin—
(i) ní ghearrfar an muirear,
(ii) déanfar méid aon liúntais thosaigh i leith an chaiteachais sin agus méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a ríomh amhail is dá ndéanfaí an caiteachas a laghdú an méid ar a mbeifí tar éis an muirear a ghearradh, agus
(iii) le linn a bheith á bhreithniú an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh i leith an innealra nó an ghléasra nua, agus má tá cad é an liúntas cothromaíochta nó an muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh ina leith liúntas tosaigh is comhionann leis an méid ar a ngearrfaí an muirear, i dteannta aon liúntais thosaigh a tugadh iarbhír ina leith.
(2) I ndáil le brabúis nó gnóchan trádála a mheas, ní bheidh éifeacht ag Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D,
(a) i gcás gléasra nó innealra a sholáthrófar an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, ná
(b) i gcás innealra nó gléasra a chur, an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis sin, in ionad innealra nó gléasra a soláthraíodh roimh an dáta sin, ach amháin i gcás ina ndéanfaidh an duine a bheidh ag seoladh na trádála a roghnú, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, go mbeidh éifeacht aici i ndáil leis an gcéanna,
agus i gcás aon roghnú a dhéanamh den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt seo, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra a gcuirfear innealra nó gléasra ina ionad.
(3) Más rud é go mbeidh, de dhroim roghnú faoi fho-alt (2) den alt seo, éifeacht ag Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, i gcás innealra nó gléasra a chur in ionad aon innealra nó gléasra, beidh feidhm ag forálacha alt 41 agus 42 den Acht seo chun an méid a chinneadh a lamháilfear a asbhaint mar chaiteachas agus brabúis nó gnóchan na trádála á meas mar atá feidhm acu chun méid liúntais chothromaíochta a chinneadh.
Forléiriú tagairtí do mhéid nach bhfuil liúntas tugtha ina leith.
36.—Na tagairtí sa Chaibidil seo don méid d'aon chaiteachas faoina ndeachthas ag soláthar innealra nó gléasra agus a mbeidh liúntas gan tabhairt ina leith fós amhail aon tráth áirithe, forléireofar iad mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide—
(a) aon liúntas tosaigh a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha ina leith don duine a chuaigh faoi,
(b) aon liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha dó i leith an innealra nó an ghléasra ar i ndáil lena sholáthar a chuathas faoin gcaiteachas, agus ar liúntais iad in aghaidh aon bhliana measúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina leith a tharlaíonn an tráth iomchuí nó in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin,
(c) aon liúntas taighde eolaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais, agus
(d) aon liúntas cothromaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais.
Feidhm maidir le comhpháirtíochtaí
37.—(1) I gcás aon teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra do tharlú tar éis trádáil a bhunú agus an tráth nó roimh an tráth a bhuanscoirfear di ar trádáil í a bheidh tráth ar bith á seoladh i gcomhpháirtíocht, déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a bheadh, dá mb'é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air i leith an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar an teagmhas sin a thabhairt don duine nó do na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bheidh ag seoladh na trádála an bhliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina leith a tharlóidh an teagmhas sin, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mb'é an duine nó dá mb'iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinneadh ag nó lena réamhtheachtaithe ag seoladh na trádála sin:
Ar choinníoll, nuair a bheifear ag feidhmiú forálacha fo-ailt (4) d'alt 34 den Acht seo maidir le haon liúntas cothromaíochta den sórt sin, nach measfar, i gcás na n-asbhaintí agus na liúntas a lamháladh nó a tugadh i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, in aghaidh aon bhliana measúnachta níos luaithe ná sin, go bhfolaíonn siad sin asbhaintí nó liúntais a tugadh do dhaoine, nó is inchurtha i leith scaireanna daoine, nach raibh, ina n-aonar nó i gcomhpháirtíocht le daoine eile, ag seoladh na trádála i dtús na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959.
(2) Nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádala a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, lamhálfar, tabharfar agus gearrfar na liúntais, na hasbhaintí agus na muirir chéanna i leith innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha na trádála sin agus ba le comhpháirtí amháin nó níos mó de na comh pháirtithe ach nár mhaoin chomhpháirtíochta agus a bheadh le lamháil, le tabhairt nó le gearradh dá mba leis na comhpháirtithe uile gach tráth ábhartha an t-innealra nó an gléasra agus gur mhaoin chomhpháirtíochta an céanna agus go ndearnadh ag nó leis na páirtithe uile gach ní a rinneadh ag nó le aon pháirtí áirithe acu i ndáil leis an gcéanna.
(3) D'ainneoin aon ní in alt 34 den Acht seo, ní dhéanfar díol nó bronnadh innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha trádála a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, ar díol nó bronnadh é ag ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe le ceann amháin nó níos mó, nó ar cheann amháin níos mó, de na comhpháirtithe, a áireamh mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta má leantar den innealra nó an gléasra a úsáid tar éis an díola nó an bhronnta chun críocha na trádála sin.
(4) Na tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo d'úsáid chun críocha trádála ní fholaíonn siad tagairtí d'úsáid de bhun ligin ag an gcomhpháirtí nó na comhpháirtithe áirithe chun na comhpháirtíochta ná d'úsáid i gcomaoin aon íocaíocht a thabhairt don chomhpháirtí nó do na comhpháirtithe áirithe is féidir a asbhaint agus brabúis nó gnóchan na trádála á ríomh.
Innealra nó gléasra a úsáideadh go páirteach chun críocha nach críocha trádála.
38.—I gcás teagmhas do tharlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a bheith le tabhairt d'aon duine, nó muirear cothromaíochta a bheith le gearradh ar aon duine, agus gur innealra nó gléasra an t-innealra nó an gléasra iomchuí innealra nó gléasra d'úsáid an duine sin chun críocha trádála a bhí á seoladh aige agus a úsáideadh chun críocha eile freisin, ansin, nuair a bheifear ag cinneadh méid an liúntais nó, de réir mar bheidh, na méide ar a mbeidh an muirear le gearradh, tabharfar aird ar na himthosca iomchuí uile agus, go háirithe, ar mhéid na húsáide chun na gcríocha eile sin, agus tabharfar dó liúntas a mbeidh ann cibé méid, nó, de réir mar bheidh, gearrfar air muirear a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir, réasúnach.
Liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta a ríomh i gcásanna áirithe.
39.—I gcás teagmhas do tharlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt nó muirear cothromaíochta a ghearradh i leith innealra nó gléasra, gurb éard é an teagmhas buanscor den trádáil, agus, tráth nó um thráth an scoir, go dtarlóidh, maidir leis an innealra nó an gléasra, aon teagmhas den sórt a luaitear i míreanna (a) go (c) den mhíniú ar “airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh” atá in alt 67 den Acht seo, nach é bheidh sa teagmhas díol ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte seachas díol lena mbaineann alt 62 den Acht seo, ansin, d'fhonn a chinneadh—
(a) an dtagann liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta den scor, agus, má thagann,
(b) méid an liúntais nó, de réir mar bheidh, an méid ar a bhfuil an muirear le gearradh,
measfar gurb é méid an ghlan-sochair, an airgid chúitimh, an fháltais nó an airgid árachais a luaitear sna míreanna sin (a) go (c) a thiocfaidh den teagmhas deiridh a luaitear méid an airgid díola, árachais, tarrthála nó chúitimh a thiocfaidh ar bhuanscor den trádáil.
(2) (i) Faoi réir fo-alt (3) agus (5) den alt seo, beidh éifeacht ag mír (ii) den fho-alt seo má tharlaíonn teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra, agus—
(a) gurb éard é an teagmhas buanscor den trádáil agus láithreach i ndiaidh trátha an scoir go leanfaidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin de chuid an duine a bhí ag seoladh na trádála díreach roimh an tráth sin agus gur cás é nach mbaineann fo-alt (1) den alt seo leis, nó
(b) gurb é an teagmhas buanscor den trádáil agus go ndéanfar, tráth an scoir, an t-innealra nó an gléasra a dhíol ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte, agus nach díol é lena mbaineann alt 62 den Acht seo, nó go dtabharfar an t-innealra nó an gléasra in aisce, nó
(c) gurb éard é an teagmhas díol an innealra nó an ghléasra ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte, nach díol lena mbaineann an t-alt sin 62, nó gurb éard é bronnadh an innealra nó an ghléasra, nó
(d) gurb éard é an teagmhas go dtarlóidh, tar éis an trádáil a bhunú agus sula mbuanscoirfear di, go scoirfidh an t-innealra nó an gléasra go buan de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála a céadluaitear, agus go scoirfidh sé amhlaidh de dhroim an duine sin d'aistriú an innealra nó an ghléasra chun úsáide eile nó, ar aistriú a dhéanamh ar an trádáil nach n-áirítear mar ní is ionann agus a buanscor, de dhroim an aistreora do choimeád an innealra nó an ghléasra.
(ii) Chun a chinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt nó muirear cothromaíochta le gearradh agus, má tá, cad é méid an liúntais nó, de réir mar bheidh, an méid ar a mbeidh an muirear le gearradh, áireofar an teagmhas amhail is dá mba chúis é le hairgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh de mhéid is comhionann le praghas margaidh oscailte an innealra nó an ghléasra.
(3) Ní fholaíonn tagairtí i bhfo-alt (2) den alt seo do dhíol innealra nó gléasra ar phraghas níos lú ná an praghas margaidh oscailte tagairtí do dhíol i gcúinsí de shórt go ndéanfar cáin ioncaim a mhuirearú faoi Sceideal E de bhua forálacha Coda IV den Acht Airgeadais, 1958, agus ní bheidh feidhm ag mír (ii) den fho-alt sin de dhroim an t-innealra nó an gléasra a bhronnadh má tugadh an t-innealra nó an gléasra in aisce i gcúinsí den sórt adúradh.
(4) Faoi réir forálacha fo-ailt (5) den alt seo, i gcás ina mbeidh éifeacht ag mír (ii) d'fho-alt (2) den alt seo de dhroim an t-innealra nó an gléasra a bhronnadh ar dhuine ar bith nó a dhíol le duine ar bith agus go nglacfaidh nó go gceannóidh an duine sin é d'fhonn é a úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige, ansin, nuair a bheifear á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon liúntais chaithimh agus chuimilte nó aon liúntais chothromaíochta le tabhairt nó aon mhuirir chothromaíochta le gearradh i ndáil leis an trádáil sin, agus, má tá, cad iad na liúntais nó na muirir iad, is é an toradh céanna a bheidh dá dhroim sin a bheadh air agus dá mb'ar an bpraghas margaidh oscailte a bhí an fáltaí nó an ceannaitheoir tar éis an t-innealra nó an gléasra a cheannach.
(5) Más rud é, i gcás lena mbainfidh fo-alt (4) den alt seo, go ndéanfaidh an fáltaí nó an ceannaitheoir agus an deontóir nó an díoltóir, trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, a roghnú amhlaidh i gcomhar le chéile, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) beidh éifeacht ag mír (ii) d'fho-alt (2) agus ag fo-alt (4) den alt seo amhail is dá gcuirtí in ionad na dtagairtí don phraghas margaidh oscailte tagairtí don phraghas sin nó do mhéid an chaiteachais faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an ghléasra a mbeidh liúntas gan tabhairt fós ina leith díreach roimh an mbronnadh nó an díol, cibé acu is lú;
(b) d'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, gearrfar cibé muirear cothromaíochta, má ghearrtar, ar an bhfáltaí nó ar an gceannaitheoir ar aon teagmhas do tharlú tar éis dáta an bhronnta nó an díola a bheadh le garradh ar an deontóir nó ar an díoltóir dá leanadh an deontóir nó díoltóir de bheith ina úinéir ar an innealra nó an gléasra agus dá ndéanadh sé gach ní agus go lamhálfaí dó gach liúntas i ndáil leis an gcéanna a rinne an fáltaí nó an ceannaitheoir nó a lamháladh don fháltaí nó don cheannaitheoir.
(6) San alt seo ciallaíonn “praghas margaidh oscailte”, maidir le haon innealra nó gléasra, an praghas a rachadh an t-innealra nó an gléasra dá ndíoltaí ar an margadh oscailte é tráth an teagmhais áirithe sin.
Rogha i gcás comharbais faoi uacht nó díthiomnacht.
40.—I gcás duine do theacht i gcomharbas trádála mar thairbhí faoi uacht nó ar dhíthiomnacht dhuine mhairbh a bhí ag seoladh na trádála sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, má roghnaíonn an tairbhí amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, maidir le haon innealra nó gléasra a bhí ar úinéireacht roimhe sin ag an duine marbh agus a bhí á úsáid aige chun críocha an chéanna:
(a) maidir leis an tagairt in alt 63 den Acht seo don phraghas a rachadh an t-innealra nó an gléasra dá ndíoltaí é ar an margadh oscailte measfar, maidir leis an gcomharbas agus aon chomharbas roimhe sin a tharla ar bhás an duine mhairbh nó dá éis, gur tagairt í don phraghas sin nó don méid caiteachais faoina ndeachthas ag soláthar an innealra nó an ghléasra agus nach raibh liúntas tugtha fós ina leith díreach roimh an gcomharbas a bheidh i gceist, cibé acu is lú; agus
(b) d'ainneoin aon ní san alt sin, gearrfar cibé muirear cothromaíochta, má ghearrtar, ar an tairbhí ar aon teagmhas a tharlóidh tar éis a chomharbais, a bheadh le gearradh ar an duine marbh dá mba rud é nach bhfuair sé bás agus gur lean an t-innealra nó an gléasra de bheith ar úinéireacht aige agus go raibh sé tar éis gach rud acu sin a dhéanamh agus gach liúntas acu sin a fháil i ndáil leis an gcéanna a rinne an tairbhí nó an comharba nó a lamháladh don tairbhí nó don chomharba ar aon chomharbas roimhe sin den sórt a luaitear i mír (a) den alt seo.
Measfar gur tugadh liúntas caithimh agus cuimilte i gcásanna áirithe.
41.—(1) Nuair a bheifear ag cinneadh, le linn brabúis nó gnóchan trádála a bheith á muirearú, an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt do dhuine ar bith nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh ar dhuine ar bith in aghaidh aon bhliana measúnachta agus, má tá, méid an chéanna, measfar gur tugadh don duine sin, in aghaidh gach bliana measúnachta roimhe sin ar mhaoin dá chuid an t-innealra nó an gléasra agus is bliain mheasúnachta a bheidh le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte méadaithe, má tugadh, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mbeadh na coinniollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo comhlíonta maidir le gach bliain roimhe sin acu sin.
(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach bliain mheasúnachta roimhe sin ar bhliain í ar mhaoin de chuid an duine an t-innealra nó an gléasra agus—
(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála,
(b) nach raibh an trádáil á seoladh aige,
(c) a raibh an trádáil á seoladh aige i gcúinsi a bheir, ar shlí seachas de bhua Coda II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, nach raibh iomlán brabús nó gnóchain na trádála inmhuirir i leith cánach ioncaim,
(d) nach raibh an cháin ioncaim go léir, nó cuid den cháin ioncaim, dob inmhuirir i leith brabús na trádála iníoctha de bhua an Achta Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe)(Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956, nó
(e) a ndearnadh an cháin ioncaim dob iníoctha ina haghaidh i leith brabús na trádála a laghdú de bhua Coda II nó III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.
(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:
(a) an trádáil a bheith á seoladh ag an duine iomchuí riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus í a bheith á seoladh amhlaidh aige i gcúinsí a bheir gurbh inmhuirir cáin ioncaim ar iomlán brabús nó gnóchain na trádála sin,
(b) nach é a bhí, go hiomlán ná go páirteach, sa trádáil tráth ar bith oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí an Achta Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958,
(c) gur amháin chun críocha na trádála a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus
(d) go ndearna sé go cuí ceart-éileamh ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach bliana measúnachta iomchuí.
(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'fhorálacha fo-ailt (4) d'alt 34 den Acht seo.
Cúnamh airgid i leith caithimh agus cuimilte.
42.—(1) I gcás—
(a) teagmhas do tharlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt do dhuine ar bith nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar dhuine ar bith i leith aon innealra nó gléasra a sholáthraigh nó d'úsáid sé chun críocha trádála; agus
(b) go ndearnadh aon suimeanna (dá ngairtear na suimeanna sin feasta san alt seo)—
(i) ar suimeanna iad in aghaidh nó i leith an chaithimh agus na cuimilte a bhain don innealra nó don ghléasra trina úsáid chun críocha na trádála, agus
(ii) nach bhfuil le cur i gcuntas mar ioncam dá chuid ná le linn a bheith ag ríomh brabús nó gnóchain aon trádála a bhí á seoladh aige,
a íoc, nó gur iníoctha iad nó go bhfuil siad le bheith iníoctha leis go díreach nó go neamhdhíreach,
ansin, nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt don duine sin nó muirear cothromaíochta le gearradh air agus, má tá, méid an chéanna, measfar gur tugadh dó, in aghaidh na mblianta measúnachta a úsáideadh an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála, liúntais chaithimh agus chuimilte i leith an chéanna ar chomhionann a n-iomlán le hiomlán na suimeanna sin, de bhreis agus de bharr ar na liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh dó i leith an innealra nó an ghléasra, má tugadh.
(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difir d'fhorálacha fo-ailt (4) d'alt 34 den Acht seo.
Iarratas chun léasóiri.
43.—(1) I gcás innealra nó gléasra a ligean ar théarmaí a thugann gur díreach ar an léasóir a thitfidh ualach a chaithimh agus a chuimilte, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir leis an léasóir amhail is dá mba rud é go raibh an t-innealra nó an gléasra á úsáid, i gcaitheamh téarma an ligin, chun críocha trádála a bhi á seoladh aige.
(2) Cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (5) de Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D:—
“(5) Where machinery or plant is let upon such terms that the burden of the wear and tear thereof falls directly on the lessor, he shall be entitled, on making a claim to the inspector of taxes within twelve months after the end of the year of assessment, to an allowance on account of the wear and tear of the machinery or plant equal to the amount which might have been allowed if, during the period of the letting, the machinery or plant were in use for the purposes of a trade carried on by him.”,
agus déanfar tagairtí don mhír sin (5) in aon Acht a ritheadh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo a fhorléiriú mar thagairtí don mhír atá á cur ina hionad leis an bhfo-alt seo.
An modh ar a dtabharfar liúntais agus ar a ngearrfar muirir (innealra agus gléasra).
44.—(1) Aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine ar bith nó aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar ar dhuine ar bith faoi na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo déanfar, mura faoi réim nó de bhua ailt 43 den Acht seo é, é a thabhairt don duine sin nó é ghearradh air agus brabúis nó gnóchan a thrádála á muirearú.
(2) Aon liúntas caithimh agus cuimilte nó aon liúntas cothromaíochta a thabharfar faoi réim nó de bhua ailt 43 den Acht seo is trí fhuascailt nó aisíoc cánach a thabharfar é agus beidh sé ar fáil go príomha in aghaidh ioncaim as ligean an innealra nó an ghléasra.
(3) Aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar faoi réim nó de bhua ailt 43 den Acht seo is faoi Chás VI de Sceideal D a ghearrfar é.
Feidhm maidir le gairmeacha, etc., agus eisceacht i gcás tailte.
45.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo, oiriúnaithe mar is gá, maidir le gairmeacha, fostaíocthaí agus oifigí, amhail mar tá feidhm acu maidir le trádála.
(2) D'ainneoin aon ní i Riail 5 nó Riail 7 de Sceideal B, ní bheidh feidhm ag aon fhoráil d'fhorálacha na Caibidle seo maidir le háitiú tailte (agus tailte coille a áireamh).
Caibidil III.
Paitinní.
Léiriú (Caibidil III de Chuid V).
46.—(1) Sa Chaibidil seo—
ciallaíonn “ioncam ó phaitinní”—
(a) aon ríchíos nó suim eile a íocfar i leith paitinn a úsáid, agus
(b) aon suim ar ar iníoctha cáin in aghaidh aon bhliana measúnachta de bhua aon fhorála d'fhorálacha na Caibidle seo;
ciallaíonn “tosach feidhme na paitinne”, maidir le paitinn, an dáta amhail ar uaidh a bheidh na cearta paitinne éifeachtach;
ciallaíonn “cearta paitinne” an ceart chun aon rud áirithe a dhéanamh nó chun a údarú aon rud áirithe a dhéanamh ba shárú ar phaitinn mura mbeadh an ceart sin;
ciallaíonn “paitinn Éireannach” paitinn a deonaíodh faoi dhlithe an Stáit;
ciallaíonn “an dáta feidhme” dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo.
(2) Sa Chaibidil seo, folaíonn aon tagairt do chuid de chearta paitinne a dhíol tagairt do cheadúnas a dheonú i leith na paitinne iomchuí, agus folaíonn aon tagairt do chearta paitinne a cheannach tagairt do cheadúnas i leith paitinne a fháil:
Ar choinníoll, más éard é ceadúnas a dheonóidh duine a bheidh i dteideal aon chearta paitinne ceadúnas chun na cearta sin a fheidhmiú ag eisiamh an deontóra agus gach duine eile go ceann na coda eile go léir den téarma a bheidh na cearta ar marthain, go n-áireofar, chun críocha na Caibidle seo, go bhfuil an deontóir ag díol iomlán na gceart tríd sin.
(3) I gcás, faoi alt 130 den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, nó faoi aon fhorálacha comhréire de dhlí aon tíre lasmuigh den Stát, aireagán is ábhar paitinne a dhéanamh, a úsáid, nó a fheidhmiú nó a dhíol ag an Stát nó ag rialtas na tíre iomchuí nó le haghaidh seirbhíse an Stáit nó rialtais na tíre iomchuí, beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo amhail is dá mba de bhun ceadúnais a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh nó a díoladh an t-aireagán, agus déileálfar dá réir sin le haon suimeanna a íocadh ina leith.
(4) Déanfar aon tagairt sa Chaibidil seo don méid blianta a bheidh ar áireamh i dtréimhse a fhorléiriú mar thagairt don méid tréimhsí comhleanúnacha dhá mhí dhéag, dar tús lá tosaigh na tréimhse, a bheidh ar áireamh sa tréimhse, agus aon chorrthréimhse a áireamh mar dhá mhí dhéag iomlán:
Ar choinníoll nach ndéanfar aon ní san fho-alt seo a fhorléiriú mar ní a dhéanann difir d'aon tagairt sa Chaibidil seo don méid blianta iomlána a bheidh ar áireamh in aon tréimhse áirithe nó a bheidh caite ó aon dáta áirithe.
Liúntais bhliantúla i leith caiteachais chaipitiúil ag ceannach ceart paitinne.
47.—(1) I gcás ina rachaidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne, déanfar faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil, seo, liúntas (dá ngairtear liúntas bliantúil sa Chaibidil seo) a thabhairt dó in aghaidh gach bliana de na blianta measúnachta iomchuí, mar mhínítear anseo ina dhiaidh seo, is comhionann leis an gcodán iomchuí, mar mhínítear anseo ina dhiaidh seo, de mhéid an chaiteachais sin:
Ar choinníoll nach dtabharfar aon liúntas bliantúil do dhuine i leith aon chaiteachais mura rud é—
(a) go mbeidh an liúntas le tabhairt dó agus brabúis nó gnóchan a thrádála á muirearú, nó
(b) go mbeadh cáin ioncaim inmhuirir ar aon ioncam is infhálta aige i leith na gceart.
(2) Is iad na blianta measúnachta iomchuí, i gcás aon duine, na seacht mbliana déag measúnachta dar tosach an bhliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina leith a chuathas faoin gcaiteachas:
Ar choinníoll—
(a) i gcás na cearta a bheith arna gceannach go ceann tréimhse sonraithe, go mbeidh éifeacht ag na forálacha roimhe seo den fho-alt seo ach tagairt do sheacht mbliana déag nó don méid blianta sa tréimhse sin, cibé acu is lú, a chur in ionad na tagairte do sheacht mbliana déag,
(b) i gcás na cearta a ceannaíodh do thosú bliain iomlán nó níos mó tar éis tosach feidhme na paitinne agus gan feidhm a bheith ag mír (a) den choinníoll seo, go mbeidh éifeacht ag na forálacha sin ach tagairt do sheacht mbliana déag lúide an méid blianta iomlána a bheidh, tráth tosaithe na gceart, caite ó thosach feidhme na paitinne, nó, má bhíonn seacht mbliana déag iomlána caite mar adúradh, tagairt do bhliain amháin, a chur in ionad na tagairte do sheacht mbliana déag, agus
(c) go ndéileáfar chun críocha an fho-ailt seo le haon chaiteachas faoina rachfar an dáta feidhme nó dá éis chun críocha trádála ag duine a bheidh chun an trádáil sin a sheoladh amhail agus dá mb'é an chéad lá a bhí sé á seoladh a chuaigh sé faoin gcaiteachas sin, mura mbeidh sé tar éis na cearta uile ar á gceannach a chuathas faoin gcaiteachas a dhíol roimh an gcéad lá sin.
(3) Is é an codán iomchuí an codán ar aon a uimhreoir agus arb é a ainmneoir an méid bliain mheasúnachta iomchuí.
An éifeacht a bheidh ag cearta paitinne do dhul in éag, díola, etc.
48.—(1) I gcás ina rachaidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne agus go dtarlóidh aon teagmhas acu seo a leanas roimh dheireadh na mblianta measúnachta iomchuí:
(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;
(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige;
(c) é do dhíol coda de na cearta sin agus gan glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) a bheith níos lú ná méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;
ní thabharfar aon liúntas bliantúil don duine sin in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas ná in aghaidh aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin.
(2) I gcás ina rachaidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne agus go dtarlóidh ceachtar de na teagmhais seo a leanas roimh dheireadh na mblianta measúnachta iomchuí:
(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;
(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige agus glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) a bheith níos lú ná méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;
tabharfar dó, faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonntréimhse ar ina haghaidh a tharlóidh an teagmhas, liúntas (dá ngairtear liúntas cothromaíochta sa Chaibidil seo) is comhionann, más é dul in éag na gceart an teagmhas, le méid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith agus, más díol an teagmhas, le méid an chaiteachais chaipitiúil, a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith lúide glantoradh an díola.
(3) I gcás duine a bheith tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil, an dáta feidhme nó dá éis, ag ceannach ceart paitinne agus go ndíolfaidh sé na cearta sin go léir nó aon chuid díobh agus gur mó glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) náméid an chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha, má bhíonn, gan liúntas a bheith tugtha ina leith, déanfar, faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, muirear (dá ngairtear muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a ghearradh air in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an díol is comhionann leis an mbreis nó, más nialas an méid caiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, is comhionann leis an nglantoradh sin.
(4) I gcás duine a bheith tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil, an dáta feidhme nó dá éis, ag ceannach ceart paitinne agus go ndíolfaidh sé cuid de na cearta sin agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo, is é méid aon liúntais bhliantúil a thabharfar i leith an chaiteachais sin in aghaidh na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an díol nó in aghaidh aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin an méid a gheofar trí—
(a) glantoradh an díola (sa mhéid gur suimeanna caipitiúla é) a bhaint as méid an chaiteachais a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith tráth an díola, agus
(b) an toradh a roinnt ar an méid blianta measúnachta iomchuí a bheidh fágtha i dtús na bliana measúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an díol,
agus mar sin de i gcás aon díola ina dhiaidh sin.
(5) Aon tagairtí sna forálacha roimhe seo den alt seo do mhéid aon chaiteachais chaipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith déanfar, i ndáil le haon teagmhas, iad a fhorléiriú mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide aon liúntais bhliantúla a tugadh ina leith sin in aghaidh blianta measúnachta roimh an mbliain mheasúnachta sa bhonn-tréimhse ar ina haghaidh an teagmhas sin, agus lúide freisin méid an ghlantoraidh a bhí ann aon uair a rinne an duine a chuaigh faoin gcaiteachas aon chuid de na cearta a dhíol roimhe sin a fuarthas tríd an gcaiteachas, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an glantoradh sin.
(6) D'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta i leith aon chaiteachais mura ndearnadh, nó, mura mbeadh an teagmhas is cúis leis an liúntas cothromaíochta, mura bhféadfaí, liúntas bliantúil a thabhairt i leith an chaiteachais sin, agus ní bheidh an méid iomlán ar a ngearrfar muirear cothromaíochta i leith aon chaiteachais níos mó ná iomlán na liúntas bliantúla a bheidh tugtha iarbhír i leith an chaiteachais sin, lúide, má bhíonn muirear cothromaíochta gearrtha roimhe sin i leith an chaiteachais sin, an méid ar ar gearradh an muirear sin.
Soláthar speisialta le haghaidh caiteachais chaipitiúil áirithe.
49.—I gcás ina mbeidh duine, laistigh de bhliain roimh an dáta feidhme, tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil ag ceannach ceart paitinne chun críocha trádála a bheidh á seoladh nó ar tí a bheith á seoladh aige agus nach mbeidh sé tar éis aon chuid de na cearta sin a dhíol roimh an dáta feidhme, measfar, chun críocha alt 47 agus 48 den Acht seo, gur ar an dáta feidhme a chuaigh sé faoin gcaiteachas sin.
Muirir ar shuimeanna caipitiúla a fuarthas as cearta paitinne a dhíol.
50.—I gcás ina ndéanfaidh duine a chónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol an dáta feidhme nó dá éis agus gurb éard é glantoradh an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, déanfar, faoi réir forálacha na Caibidle seo, cáin a mhuirearú air faoi Chás VI de Sceideal D, in aghaidh na bliana measúnachta a gheobhaidh sé an tsuim agus in aghaidh gach bliana faoi leith den chúig bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ar mhéid is comhionann leis an séú cuid den tsuim sin:
Ar choinníoll—
(a) má roghnaíonn an duine sin, trí fhógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an gcigire cánach tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuarthas an tsuim sin, go muirearófar cáin ar iomlán na suime sin in aghaidh na bliana measúnachta sin, go muirearófar cáin air dá réir sin;
(b) má iarrann an duine sin, trí fhógra mar adúradh, go ndéanfaí a chinneadh, maidir leis an tréimhse ar ina haghaidh a bheidh cáin le muirearú air, gur tréimhse í seachas an sé bhliain mheasúnachta dá dtagraítear anseo roimhe seo (is é sin le rá, an bhliain mheasúnachta a fuarthas an tsuim sin agus an chúig bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin), ansin, más dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur dóigh go dtiocfadh cruatan, ag féachaint do chúinsí uile an cháis, mura dtugtaí treoir faoin mír seo, go bhféadfaidh siad a threorú go roinnfear an muirear go cothrom thar uimhir blianta measúnachta seachas sé bhliain, arb í an chéad bhliain acu an bhliain mheasúnachta a fuarthas an tsuim sin.
(2) I gcás ina ndéanfaidh duine nach gcónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol, an dáta feidhme nó dá éis, agus gurb éard é glantoradh an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, agus gur paitinn Éireannach an phaitinn, ansin, faoi réir forálacha na Caibidle seo—
(a) beidh cáin inmhuirir air i leith na suime sin faoi Chás VI de Sceideal D, agus
(b) beidh feidhm ag Riail 21 de na Rialacha Ginearálta maidir leis an tsuim sin amhail is dá mba shuim bhliantúil í dob iníoctha ar shlí seachas as sochair nó gnóchan a chuirfear faoi mhuirear cánach:
Ar choinníoll, má tharlaíonn tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocadh an tsuim, go roghnóidh an duine lenar íocadh í, trí fhógra i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim, go ndéileáfaí leis an tsuim adúradh chun críocha cánach ioncaim in aghaidh na bliana sin agus in aghaidh gach bliana den chúig bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin amhail is dá mbeadh an séú cuid de ar a mhéid ar áireamh ar an ioncam dá chuid is inchurtha faoi cháin in aghaidh na mblianta sin uile faoi seach, go ndéileálfar amhlaidh leis, agus go ndéanfar gach uile aisíoc agus measúnú cánach in aghaidh gach bliana faoi leith acu sin is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, ach sin ar shlí ámh—
(i) nach ndéanfaidh an roghnú difir do mhéid na cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoin Riail sin 21,
(ii) má asbhainfear aon suim faoin Riail sin 21, go ndéanfar, ar mhodh aisíoca cánach, aon choigeartuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, agus
(iii) go ndéanfar na coigeartuithe sin bliain ar bhliain agus amhail is dá n-asbhaintí an séú cuid den tsuim i leith cánach in aghaidh gach bliana, agus nach ndéanfar aisíoc ar bith ar an gcuid sin, ná ar aon mhír den chuid sin, den cháin a asbhaineadh agus a bheidh le háireamh mar ní a asbhaineadh i leith cánach in aghaidh aon bhliana áirithe mura bhfionnfar agus go dtí go bhfionnfar go mbeidh an cháin (seachas forcháin) a bheidh le híoc ar deireadh in aghaidh na bliana sin níos lú ná méid na cánach (seachas forcháin) a bheidh íoctha in aghaidh na bliana sin.
(3) Más trína gceannach a fuair duine na cearta paitinne a bheidh sé tar éis a dhíol nó na cearta ar astu a deonaíodh na cearta paitinne a dhíol sé, agus gur shuim chaipitiúil a bhí, go hiomlán nó go páirteach, sa phraghas a íocadh, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo amhail is dá ndéanfaí aon suim chaipitiúil a gheobhaidh sé nuair a dhíolfaidh sé na cearta a laghdú méid na suime sin:
Ar choinníoll—
(a) má bhíonn sé, idir an ceannach agus an díol sin, tar éis cuid de na cearta paitinne a fuair sé a dhíol agus gurb éard é glantoradh an díola sin, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, go ndéanfar méid an laghdaithe a bheidh le déanamh faoin bhfo-alt seo i leith an díola ina dhiaidh sin a laghdú é féin méid na suime sin,
(b) nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difir do mhéid na cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi Riail 21 de na Rialacha Ginearálta de bhua fo-ailt (2) den alt seo, agus, i gcás aon suim a asbhaint faoin Riail sin 21, gur trí cháin a aisíoc a dhéanfar aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.
(4) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le haon díol ar aon chuid d'aon chearta paitinne amhail mar tá feidhm aige maidir le díol cearta paitinne.
Cearta paitinne a bheidh díolta roimh an dáta feidhme.
51.—Ní bheidh feidhm ag aon ní sna forálacha roimhe seo den Chaibidil seo maidir le haon chearta paitinne má b'ábhar díola roimh an dáta feidhme na cearta sin nó aon chearta as ar deonaíodh iad, agus gur shuim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, toradh an díola:
Ar choinníoll go mbeidh feidhm, maidir le haon chearta paitinne lena mbaineann alt 49 den Acht seo, ag an alt seo amhail is dá gcuirfí in ionad na tagartha don dáta feidhme tagairt don dáta a cheannaigh an duine na cearta sin a mheastar, de bhua an ailt sin, a cheannaigh iad ar an dáta feidhme.
Faoiseamh i leith caiteachais.
52.—(1) Nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain aon trádála, lamhálfar aon táillí a íocadh nó caiteachas faoina ndeachthas, an dáta feidhme nó dá éis, ag fáil, chun críocha na trádála, deonú paitinne nó síneadh ar théarma paitinne a asbhaint mar chaiteachas.
(2) Má tharlaíonn—
(a) ar an dáta feidhme nó dá éis, go n-íocfaidh duine aon táillí, nó go rachaidh duine faoi aon chaiteachas, seachas chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige, i ndáil le paitinn a dheonú nó a chothabháil nó síneadh ar théarma paitinne a fháil, agus
(b) go mbeadh na táillí nó an caiteachas sin inlamháilte, dá mba chun críocha trádála a íocadh iad nó a chuathas fúthu, mar asbhaint agus brabúis nó gnóchan na trádála sin á meas,
tabharfar dó, in aghaidh na bliana measúnachta a íocadh nó a chuathas faoin gcaiteachas sin, liúntas is comhionann le méid an chéanna.
(3) I gcás paitinn a dheonú i leith aon aireagáin, ansin, maidir le glan-mhéid aon chaiteachais faoina mbeidh pearsa a cheap iarbhír an t-aireagán ina aonar nó i gcomhar le haon duine eile tar éis dul an dáta feidhme nó dá éis, déanfar an oiread sin de is inchurtha ó chóir i leith an t-aireagán sin a cheapadh (nach caiteachas a bhfuil, ná sócmhainní is comhionann agus caiteachas agus a bhfuil, liúntas le tabhairt ina leith faoi aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim) a thabhairt don phearsa sin in aghaidh na bliana measúnachta a chuathas faoin gcaiteachas.
(4) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (3) den alt seo maidir le caiteachas faoina mbeifear tar éis dul roimh an dáta feidhme amhail is dá mb'é an lá sin a chuathas faoin gcaiteachas sin, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar, má deonaíodh an phaitinn sin bliain iomlán amháin nó níos mó roimh an lá sin, an méid a bheidh le lamháil a laghdú trí chodán a fheidhmiú air arb é a uimhreoir seacht déag lúide an méid blianta iomlána sa tréimhse dar thosach dáta tosaithe na paitinne agus dar chríoch an lá díreach roimh an dáta feidhme agus arb é a ainmneoir seacht déag.
Ioncam paitinne a bheith ina ioncam tuillte gcásanna áirithe.
1920, c. 18.
53.—Nuair a bheifear ag breithniú, maidir leis an mbliain mheasúnachta dar tosach an dáta feidhme nó maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin, an bhfuil aon fhaoiseamh, agus, má tá, cad é an faoiseamh, atá le deonú do phearsa faoi alt 16 den Finance Act, 1920, nó faoi fho-alt (2) d'alt 18 den Acht sin, measfar gur ioncam tuillte aon ioncam ó chearta paitinne chun pearsan i gcás inar deonaíodh an phaitinn i leith aireagáin a cheap seisean iarbhír ina aonar nó i gcomhar le haon duine eile:
Ar choinníoll go measfar, i gcás inarbh le duine ar bith eile aon tráth aon chuid de na cearta a bheidh i gceist nó aon chuid d'aon chearta as ar deonaíodh iad, gurb é amháin an méid den ioncam sin is ioncam tuillte an méid de nach inchurtha ó chóir i leith na gceart ba leis an duine eile sin.
Iocaíochtaí ioncaim a roinnt ar bhlianta iomaí.
54.—(1) I gcás ríchíos nó suim eile lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta a íoc i leith paitinn a úsáid, agus go ndearnadh an úsáid sin ar feadh sé bliana iomlána nó níos mó, féadfaidh an duine a bheidh tar éis an íocaíocht a fháil a cheangal go ndéanfar an cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha aige de dhroim an tsuim sin a fháil a laghdú ionas nach mbeidh sé níos mó ná an méid iomlán cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dob iníoctha aige dá n-íocfaí an ríchíos nó an tsuim sin ina shé thráthchuid chomhionann go bliantúil, agus ar íocadh an ceann deiridh acu an dáta a rinneadh an íocaíocht iarbhír.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ríchíos nó suim eile i gcás inar dhá bhliain iomlána nó níos mó, ach tréimhse is lú ná sé bliana iomlána, tréimhse na húsáide mar atá feidhm aige maidir le ríchíosanna agus suimeanna a luaitear sa bhfo-alt sin, ach tagairt don oiread tráthchodanna comhionanna agus atá de bhlianta iomlána sa tréimhse sin a chur in ionad na tagartha do shé thráthchuid chomhionann.
(3) San alt seo aon tagairt don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha ag duine folaíonn sí, i gcásanna ina meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam banchéile, tagairtí don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha ag a bhanchéile nó a fearchéile, cibé acu é.
(4) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le haon suim lena mbaineann Riail 21 de na Rialacha Ginearálta de bhua ailt 50 den Acht seo.
Mar thabharfar liúntais agus mar ghearrfar muirir (paitinní).
55.—(1) Tabharfar liúntas do dhuine, nó gearrfar muirear ar dhuine, faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála—
(a) má bhíonn sé ag seoladh trádála a mbeidh na brabúis nó an gnóchan uaithi, nó a mbeadh na brabúis nó an gnóchan, dá mb'ann, uaithi, inchurtha faoi mhuirear cánach faoi Chás 1 de Sceideal D in aghaidh na bliana measúnachta a dtabharfar an liúntas nó a ngearrfar an muirear ina haghaidh, agus
(b) más rud é gur úsáideadh na cearta paitinne sin nó cearta eile as ar deonaíodh iad, nó go rabhthas chun iad a úsáid, aon tráth ina bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta sin, chun críocha na trádála sin:
Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difir d'aon cheann de na forálacha roimhe seo den Chaibidil seo a lamhálann asbhaint mar chaiteachas le linn a bheith ag ríomh brabús nó gnóchain thrádála nó a cheanglaoínn muirear a ghearradh faoi Chás VI de Sceideal D.
(2) Ach amháin mar adúradh, tabharfar liúntas faoin gCaibidil seo ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach agus beidh sé ar fáil i gcoinne ioncaim ó phaitinní, agus déanfar muirear faoin gCaibidil seo a ghearradh faoi Chás VI de Sceideal D.
An éifeacht a bheidh ag báis, ag foirceannadh agus ag athruithe comhpháirtíochta ar mhuirir.
56.—(1) I gcás duine ar a mbeidh, de dhroim suim chaipitiúil a fháil, nó ar a mbeadh ar chúis eile, muirear le gearradh faoi alt 50 den Acht seo d'fháil bháis nó, más comhlacht corpraithe é, a mbeifear tosaithe á fhoirceannadh—
(a) ní mhuirearófar aon suimeanna faoin alt sin ar an duine sin in aghaidh aon bhliana measúnachta tar éis na bliana measúnachta a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh, agus
(b) déanfar an méid a bheidh le muirearú in aghaidh na bliana measúnachta a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh a mhéadú de na méideanna iomlána a bheadh, mura mbeadh an bás nó an foirceannadh, le muirearú in aghaidh blianta dá éis sin:
Ar choinníoll go bhféadfaidh na hionadaithe pearsanta, i gcás báis, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an gcigire cánach lá is fiche ar a dhéanaí tar éis an fógra a sheirbheáil orthu i dtaobh an mhuirir a bheidh le gearradh de bhua an ailt seo, a cheangal go ndéanfar an cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha as eastát an éagaigh de dhroim an mhéadaithe dá bhforáltar leis an alt seo a laghdú ionas nach mó é ná an méid iomlán cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dob iníoctha aige nó as a eastát de dhroim oibriú an ailt sin 50 i leith na suime sin, dá ndéanfaí, in ionad na méide a bheidh le muirearú in aghaidh na bliana a tharlóidh an bás a mhéadú de mhéid iomlán na suimeanna a mhuirearófar in aghaidh blianta dá éis sin, gach méid de na méideanna leithleacha a bheidh le muirearú in aghaidh na mblianta dar tosach an bhliain a fuarthas an tsuim chaipitiúil agus dar críoch an bhliain a tharla an bás a mhéadú den mhéid iomlán sin arna roinnt ar uimhir na mblianta sin.
(2) I gcás ina mbeidh, faoi fhorálacha Caibidle V den Chuid seo den Acht seo, muirear le gearradh, faoi alt 50 den Acht seo, ar bheirt daoine nó níos mó, i gcomhpháirt mar dhaoine a sheolann trádáil de thuras na huaire, agus go mbeifear tar éis scor den trádáil sin, beidh éifeacht ag forálacha fo-ailt (1) den alt seo maidir leis an scor mar atá éifeacht acu i gcás ina dtosaítear ar chomhlacht corpraithe a fhoirceannadh:
Ar choinníoll—
(a) go ndéanfar an tsuim bhreise a bheidh, faoin bhfo-alt sin, le muirearú in aghaidh na bliana a tharlóidh an scor a chionroinnt ar chomhaltaí na comhpháirtíochta díreach roimh an scor de réir a leasanna faoi seach sna brabúis chomhpháirtíochta roimh an scor, agus gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, a ionadaithe pearsanta) a mhuirearú ar leithligh i leith a chionúireachta, agus
(b) go mbeidh ag gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, ag a ionadaithe pearsanta) an ceart céanna chun a cheangal go ndéanfar laghdú ar an gcáin ioncaim iomlán (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha aige nó as a eastát de dhroim an mhéadaithe dob infheidhmithe ag na hionadaithe pearsanta faoin bhfo-alt sin (1) i gcás báis, agus go mbeidh éifeacht dá réir sin ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin, ach amhail is dá mb'éard iad na tagairtí don méid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) dob iníoctha ag an éagach nó as a eastát sa chúinse a luaitear ansin tagairt don méid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh sa chúinse sin le n-íoc ag, nó de mhuirear ar, an gcomhpháirtí sin nó as a eastát.
(3) San alt seo, folaíonn aon tagairtí don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) d'íoc duine nó a bheidh nó a bheadh de mhuirear ar dhuine nó iníoctha ag duine tagairtí, i gcásanna a meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam bhanchéile, don cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) d'íoc a bhanchéile nó a fearchéile, cibé acu é, nó a bhí nó a bheidh nó a bheadh de mhuirear uirthi nó air nó iníoctha aici nó aige.
Caibidil IV.
Liúntais i leith Caiteachais ar Dhreidireacht.
Liúntais i leith caiteachais ar dhreidireacht.
57.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás ina mbeidh duine, chun críocha aon trádála cáilithí a bhí á seoladh aige, tar éis dul, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, faoi chaiteachas caipitiúil i leith dreidireachta agus gurb éard í an trádáil cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh nó gur dreidireacht í chun sochair árthach a thagann isteach in aon duga nó áitreabh eile, nó a fhágann nó a úsáideann aon duga nó áitreabh eile, atá á áitiú aige chun críocha na trádála, ansin tabharfar i leith an chaiteachais don duine a bheidh ag seoladh na trádála de thuras na huaire—
(a) in aghaidh na céad bhliana measúnachta iomchuí, liúntas tosaigh is comhionann le deichiú cuid an chaiteachais, agus
(b) in aghaidh na bliana measúnachta sin agus gach bliana measúnachta dá éis sin (go dtí gur comhionann na liúntais faoin alt seo i leith an chaiteachais le méid an chaiteachais), liúntas bliantúil is comhionann le caogadú cuid an chaiteachais.
(2) Má bhuan-scoirtear den trádáil aon bhliain mheasúnachta áirithe, ansin, tabharfar in aghaidh na bliana sin don duine deiridh a sheol an trádáil, i dteannta aon liúntais eile a thabharfar dó, liúntas is comhionann le méid an chaiteachais lúide na liúntais a thabharfar i leith na trádála sin faoi fho-alt (1) den alt seo in aghaidh na bliana measúnachta áirithe sin agus blianta measúnachta roimhe sin.
(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar de bhua Rialach 11 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D trádáil a bheith arna scor ar mhalairt daoine do ghabháil dá seoladh.
(4) Tabharfar aon liúntas faoin alt seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain na trádála, agus má mhuirearaítear daoine éagsúla i leith na trádála in aghaidh codanna éagsúla d'aon bhliain mheasúnachta áirithe, déanfar aon liúntas bliantúil in aghaidh na bliana sin a chionroinnt eatarthu i gcomhréir le fad na dtréimhsí a muirearófar amhlaidh iad ina n-aghaidh, ach, más í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí í, is don chéad duine a raibh an trádáil á seoladh aige an bhliain sin a thabharfar aon liúntas tosaigh.
(5) I gcás ina mbeifear tar éis dul faoi chaiteachas go páirteach chun críocha trádála cáilithí agus go páirteach chun críocha eile, ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo ach amháin leis an méid sin den chaiteachas sin ba chóir ar chóir-chionroinnt a áireamh mar chaiteachas faoina ndeachthas chun críocha na trádála sin.
(6) San alt seo ciallaíonn “trádáil cháilitheach” aon trádáil nó gnóthas a chomhlíonann, nó a gcomhlíonann cuid de, aon choinníoll acu seo a leanas:
(a) an coinníoll gurb éard í cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uisce-bhealaigh,
(b) aon choinníoll atá leagtha amach sna forálacha a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956,
ach i gcás nach gcomhlíonann ach amháin cuid de thrádáil nó de ghnóthas na coinníollacha sin, beidh feidhm ag fo-alt (5) den alt seo amhail is dá mba thrádála ar leithligh an chuid a chomhlíonann agus an chuid nach gcomhlíonann.
(7) I gcás ina mbeidh duine tar éis dul faoi chaiteachas caipitiúil chun críocha trádála nó coda de thrádáil nach bhfuil á seoladh fós aige ach de rún í a sheoladh, nó má théann sé faoi chaiteachas caipitiúil i ndáil le duga nó áitreabh eile nach bhfuil ar áitiú fós aige chun críocha trádála cáilithí ach de rún an duga nó an t-áitreabh a áitiú amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo amhail is dá mbeadh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige nó an duga nó an t-áitreabh ar áitiú aige chun críocha na trádála cáilithí, cibé acu é, an tráth a chuathas faoin gcaiteachas.
(8) Chun críocha an ailt seo, is í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí, maidir le caiteachas faoina mbeidh aon duine tar éis dul, an chéad bhliain ina bhonn-tréimhse a rachaidh sé faoin gcaiteachas ina haghaidh nó i gcás caiteachais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith de bhua fo-ailt (7) den alt seo, an chéad bhliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse a bheidh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige a ndeachthas faoin gcaiteachas ina leith agus a bheidh an duga nó an t-áitreabh eile ar i ndáil leis a chuathas faoi ar áitiú aige chun críocha na trádála sin nó na coda sin den trádáil.
(9) I gcás duine do ranníoc suime caipitiúla i leith caiteachais le dreidireacht faoina ndeachaigh duine eile, measfar, chun críocha an ailt seo, é do dhul faoi chaiteachas caipitiúil leis an dreidireacht sin is comhionann le méid an ranníoca agus measfar an caiteachas caipitiúil faoina ndeachaigh an duine eile leis an dreidireacht sin a bheith, chun na críocha sin, arna laghdú méid an ranníoca.
(10) San alt seo ní fholaíonn “dreidireacht” nithe a dhéanamh chun críocha seachas ar mhaithe le loingseoireacht ach (faoina réir sin) folaíonn sé aon ní is cuid de ghrinneall, nó a fheitheann as grinneall na farraige nó aon uisce intíre a thabhairt chun bealaigh cibé slí a thugtar chun bealaigh é agus cibé os cionn uisce ar fad nó go páirteach dó nó nach ea le linn an tabhartha chun bealaigh; agus bainfidh an t-alt seo le leathnú uiscebhealaigh intíre ar mhaithe le loingseoireacht mar bhaineann sé le dreidireacht.
(11) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo i leith aon chaiteachais má thugtar nó más intugtha liúntas in aghaidh na bliana measúnachta céanna nó aon bhliana measúnachta roimhe sin nó dá éis sin ina leith faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó faoi Chaibidil I den Chuid seo.
(12) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta a thosaigh roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo ach, nuair a bheifear ag cinneadh na liúntas a bheidh le tabhairt faoin alt seo in aon chás áirithe, measfar na liúntais sin go léir (seachas liúntais tosaigh) a bheith tugtha sa chás sin dob fhéidir a thabhairt dá mbeadh éifeacht i gcónaí ag an alt seo.
Caibidil V.
Ilghnéitheach agus Ginearálta.
Mar dheonfar liúntais agus mar mhuirearófar cáin i gcásanna áirithe.
58.—(1) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus tabharfar an liúntas ar mhodh asbhainte nuair a bheifear ag muirearú na mbrabús nó an ghnóchain sin, agus beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937, maidir leis an liúntas mar atá feidhm acu maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt inneallra agus gléasra.
(2) Aon mhuirear a bheidh le gearradh faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo ar dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain a thrádála déanfar é trí mheasúnacht i dteannta aon mheasúnachta eile a bheidh le déanamh ar an gcéanna don bhliain sin.
(3) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le gairmeacha beatha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu maidir le trádála.
Modh deonta, agus éifeacht, liúntas a thabharfar ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach.
59.—(1) I gcás ina mbeidh aon liúntas le tabhairt, faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo, do dhuine in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe agus a bheidh le tabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach agus a bheidh ar fáil, nó ar fáil go príomha, i gcoinne saghas sonraithe ioncaim, déanfar méid an liúntais a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, ioncaim dá chuid den saghas sin in aghaidh na bliana measúnachta sin, agus, más mó an méid a bheidh le lamháil ná méid a ioncaim den saghas sin in aghaidh na bliana measúnachta sin, déanfar an iarmhéid a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, a ioncaim den saghas sin in aghaidh na céad bhliana measúnachta eile agus mar sin maidir le blianta measúnachta dá éis sin, agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin:
Ar choinníoll, más go príomha i gcoinne ioncaim den saghas sonraithe a bheidh an liúntas ar fáil agus gur mó méid an liúntais ná méid ioncaim an duine sin den saghas sin in aghaidh na bliana measúnachta céadluaite, go bhféadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire cánach bliain ar a dhéanaí tar éis deireadh na bliana measúnachta, a roghnú go ndéanfar an bhreis a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, a ioncaim eile in aghaidh na bliana measúnachta sin, agus déanfar é a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, an ioncaim sin agus cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin agus ní dhéanfar ach an bhreis a bheidh ag an liúntas, má bhíonn, ar a ioncam go léir in aghaidh na bliana measúnachta sin a asbhaint as méid, nó a fhritháireamh i gcoinne méide, a ioncaim den saghas sonraithe in aghaidh blianta dá éis sin.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 5 den Income Tax Act, 1918, maidir leis na liúntais a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo mar atá feidhm aige maidir leis na liúntais agus na coigeartuithe a luaitear sa bhfo-alt sin.
(3) Aon éileamh ar liúntas den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo déanfar é chun an chigire chánach agus a chinneadh ag an gcigire cánach, ach féadfaidh aon duine ar éagóir leis aon bhreith ón gcigire cánach ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de fiche a haon lá tar éis an bhreith a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.
(4) Déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc chucu faoi fho-alt (3) den alt seo a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mb'achomharc é i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus cás a shonrú ag iarraidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.
(5) Má dhéanann aon duine, go feasach, aon ráiteas bréagach nó uiríoll bréagach d'fhonn aon fhaoiseamh ó cháin nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile i leith liúntais den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, dlífidh sé pionós cúig chéad punt a chur air.
An bhrí atá le “bonn-tréimhse”.
60.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo, tá le “bonn-tréimhse” an bhrí a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.
(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air le linn brabúis nó gnóchain a thrádála a bheith á muirearú, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchan a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist, nó más rud é, de bhua aon Achta, go mbeidh brabúis nó gnóchan aon tréimhse eile le glacadh mar bhrabúis nó gnóchan na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:
Ar choinníoll, i gcás aon trádála—
(a) má tá dhá bhonn-tréimhse ag dul isteach ar a chéile, go measfar, chun críche an fho-ailt seo, gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo i gcoitinne,
(b) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin bliain bhuan-scortha na trádála, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-aga, agus
(c) má tá aga idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain bhuan-scortha na trádála agus an bhonn-tréimhse don bhliain bhuan-scortha, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-aga.
(3) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) den alt seo do dhá thréimhse do dhul isteach ar a chéile a fhorléiriú mar ní a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse do chomhtheacht le chéile nó do thréimhse amháin a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann i gcoitinne le dhá thréimhse.
(4) I gcás ina mbeidh liúntas nó muirear le tabhairt nó le gearradh faoi Chaibidil II den Chuid seo den Acht seo do nó ar dhuine a sheolann nó a shealbhaíonn gairm, fostaíocht nó oifig, beidh feidhm ag forálacha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo amhail is dá bhfolaíodh na tagairtí do thrádáil tagairtí do ghairm, fostaíocht nó oifig agus dá bhfolaíodh an tagairt do Chás I de Sceideal D tagairtí do Chás II de Sceideal D agus do Sceideal E.
(5) I gcás aon duine eile a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air faoin gCuid seo den Acht seo, is í an bhliain mheasúnachta féin a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta áirithe.
Cionroinnt comaoine agus malartú agus forghéilleadh leasanna léasachta.
61.—(1) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo d'aon mhaoin a dhíol tagairt don mhaoin sin a dhíol i dteannta aon mhaoine eile agus, i gcás maoin a dhíol i dteannta maoine eile, measfar, chun críocha na Coda seo den Acht seo, gurb é an glantoradh ón maoin chéadluaite a dhíol an méid sin den ghlantoradh ón maoin go léir a dhíol is inchurtha ó cheart, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, i leith na maoine céadluaite, agus déanfar tagairtí do chaiteachas faoina ndeachtas ag soláthar nó ag ceannach na maoine a fhorléiriú dá réir sin.
Chun críocha an fho-ailt seo, measfar an mhaoin go léir a díoladh de bhun an aon-mhargaidh a dhíol i dteannta a chéile, d'ainneoin gur comhaontaíodh nó go n-urchiallaítear gur comhaontaíodh ar phraghsanna éagsúla i leith míreanna éagsúla den mhaoin sin nó go ndearnadh nó go n-urchiallaítear go ndearnadh an mhaoin sin a dhíol ina míreanna éagsúla de thoradh díolanna éagsúla.
(2) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (1) den alt seo, oiriúnaithe mar is gá, maidir le hairgead eile díola, árachais, tarrthála nó cúitimh mar atá feidhm acu maidir le glantoradh díola.
(3) Beidh éifeacht ag an gCuid seo den Acht seo amhail is dá bhfolódh aon tagairt sa Chuid sin (lena n-áirítear aon tagairt sna forálacha roimhe seo den alt seo) d'aon mhaoin a dhíol tagairt d'aon mhaoin a aistriú agus, i gcás leasa léasachta, dá bhfolódh sí freisin tagairt don chéanna a ghéilleadh ar chomaoin luachmhar agus beidh éifeacht dá réir sin, faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ag aon fhorálacha atá sa Chuid seo den Acht seo i dtaobh díola agus, go háirithe, faoi réir na n-oiriúnuithe go measfar go bhfolaíonn tagairtí do ghlantoradh díola agus don phraghas tagairtí don chomaoin i leith an mhalartaithe nó an ghéillte agus go bhfolaíonn tagairtí do shuimeanna caipitiúla a bheidh ar áireamh sa phraghas tagairtí don méid sin den chomaoin ar shuim chaipitiúil é dá mb'íocaíocht in airgead é.
(4) Maidir le haon bhliain mheasúnachta dar tosach dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dáta dá éis sin, beidh éifeacht, faoi réir na n-oiriúnuithe is gá, ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le—
(a) Rialacha 6 agus 7 den na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, agus
(b) Cuid V den Acht Airgeadais, 1956,
amhail is dá mb'fhorálacha de chuid na Coda seo den Acht seo na Rialacha sin 6 agus 7 agus an Chuid sin V.
Forálacha speisialta maidir le díola áirithe.
62.—(1) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo maidir le haon mhaoin a dhíol—
(a) i gcás inar comhlacht daoine ar a bhfuil urlámhas ag an díoltóir an ceannaitheoir nó inar comhlacht daoine ar a bhfuil urlámhas ag an gceannaitheoir an díoltóir, nó ar comhlachtaí daoine an díoltóir agus an ceannaitheoir agus an díoltóir agus ceannaitheoir faoi urlámhas dhuine éigin eile, nó
(b) go ndealraíonn sé maidir leis an díol nó maidir le hidirbhearta ar ceann acu an díol gurb é an t-aon-sochar nó an príomh-shochar a bhféadfadh, ar leith ó fhorálacha an ailt seo, súil a bheith ann lena fhaibhriú chun na bpáirtithe nó aon pháirtí acu liúntas nó asbhaint a fháil faoi Riail 6 nó Riail 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956, nó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo.
Folaíonn tagairtí sa bhfo-alt seo do chomhlacht daoine tagairtí do chomhpháirtíocht.
(2) I gcás maoin a dhíol ar phraghas seachas an praghas a rachadh sí dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í, ansin, faoi réir forálacha fo-alt (3) agus (4) den alt seo, cinfidh an iarmairt chéanna chun críocha na n-achtachán a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, mar bhainfidh siad le cáin ioncaim na ndaoine uile a bheidh i gceist, a chinfeadh dá ndíolfaí an mhaoin ar an bpraghas a rachadh sí dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í.
(3) I gcás inar díol inneallra nó gléasra an díol—
(a) ní thabharfar aon liúntas tosaigh don cheannaitheoir, agus
(b) faoi réir forálacha fo-ailt (4) den alt seo, más mó an praghas a rachadh an mhaoin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í ná an méid a measfaí, d'fhonn a chinneadh ar ceart aon mhuirear cothramaíochta, agus más ceart, cad é an muirear cothromaíochta is ceart, a ghearradh ar an díoltóir i leith na maoine faoi Chaibidil II den Chuid seo den Acht seo, gurb é méid an chaiteachais chaipitiúil é faoina ndeachaigh an díoltóir ag soláthar na maoine, beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí tagairt don méid sin in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le díol innealra nó gléasra nár úsáideadh ariamh má b'é gnó nó cuid de ghnó an díoltóra innealra nó gléasra den saghas sin a mhonarú nó a sholáthar agus gur i ngnáth-chúrsa gnó an díoltóra a rinneadh an díol.
(4) (a) faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, i gcás inar díol a mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo leis agus nach mbaineann mír (b) den fho-alt sin leis, agus go roghnóidh na páirtithe sa díol amhlaidh trí fhógra i scríbhinn chun an chigire chánach, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(i) beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo amhail is dá gcuirtí in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í tagairt don phraghas sin nó don tsuim a luaitear anseo ina dhiaidh seo, cibé acu is lú,
(ii) ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, agus
(iii) d'ainneoin aon ní sna forálacha roimhe seo den alt seo, is ar an gceannaitheoir a ghearrfar an muirear cothromaíochta sin ar aon teagmhas do tharlú tar éis dáta an díola a bheadh le gearradh ar an díoltóir dá leanadh an díoltóir de bheith ina úinéir ar an maoin agus go ndearna sé gach ní agus gur lamháladh dó gach liúntas nó asbhaint i ndáil leis an maoin a rinne an ceannaitheoir nó a lamháladh don cheannaitheoir.
(b) Is í suim dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) de mhír (a) den fho-alt seo—
(i) i gcás foirgnimh nó déanmhais tionscail, iarmhar an chaiteachais ar thógáil an fhoirgnimh nó an déanmhais sin díreach roimh an díol, arna ríomh de réir forálacha ailt 27 den Acht seo,
(ii) i gcás innealra nó gléasra, méid an chaiteachais ar an gcéanna a sholáthar a bheidh fós gan liúntas a bheith tugtha ina leith díreach roimh an díol, arna ríomh de réir forálacha ailt 36 den Acht seo,
(iii) i gcás ceart paitinne, an méid den chaiteachas caipitiúil ar na cearta sin a fháil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, arna ríomh de réir forálacha ailt 48 den Acht seo.
(5) Ní fhéadfar roghnú faoi mhír (a) d'fho-alt (4) den alt seo a dhéanamh—
(a) má bhíonn aon pháirtí de na páirtithe sa díol gan bheith ina chónaí sa Stát tráth an díola, agus
(b) nach amhlaidh do na himthosca an tráth sin go mbeidh nó go mb'fhéidir go mbeadh liúntas nó muirear faoin gCuid seo den Acht seo le tabhairt don pháirtí sin nó le gearradh ar an bpáirtí sin de dhroim an díola,
ach, cé is moite mar adúradh, beidh éifeacht ag an alt seo maidir le díol d'ainneoin gan feidhm iomlán a bheith aige de dhroim gan cónaí amhlaidh a bheith ar pháirtí sa díol nó de dhroim cúise eile.
(6) San alt seo ciallaíonn “urlámhas”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith ag an duine sin sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheoltar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaithe agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scair de chuid is mó ná leath sócmhainní, nó de chuid is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.
An éifeacht a bheidh, i gcásanna áirithe, ag dul i gcomharbas trádála, etc.
63.—(1) I gcás ina dtiocfaidh duine, an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, i gcomharbas ag seoladh aon trádála nó gairme a bhí go dtí sin á seoladh ag duine eile agus go mbeidh sé le háireamh, de bhua aon cheann d'fhorálacha Rialach II de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, go bhfuil an trádáil nó an ghairm scortha, déanfar aon mhaoin a bhí, díreach roimh theacht i bhfeidhm don chomharbas sin, á húsáid chun críocha na trádála nó na gairme scortha, agus, gan í a dhíol, a bheidh, díreach tar éis an comharbas a theacht i bhfeidhm, á húsáid chun críocha na trádála nó na gairme nua, a áireamh, chun críocha na Coda seo den Acht seo, agus Rialacha 6 agus 7 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, amhail is gur díoladh í leis an gcomharba ar theacht i bhfeidhm don chomharbas, agus dá mb'é glantoradh an díola sin an praghas a rachadh an mhaoin sin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í.
(2) I gcás ina ndéanfar, tar éis trádáil nó gairm a bhunú, agus sula mbuanscoirfear de trádáil nó gairm, a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht aon tráth, aon ní chun críocha an chéanna, déanfar aon liúntas nó muirear a bheadh, dá mb'é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála nó gairme i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo, a thabhairt don duine nó na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bheidh ag seoladh na trádála nó na gairme sin ó am go ham, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mb'é an duine sin nó dá mb'iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála nó na gairme sin i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinneadh le nó ag réamhtheachtaithe an duine nó na ndaoine sin ag seoladh an chéanna.
(3) Maidir le hinnealra nó gléasra, beidh éifeacht ag an alt seo faoi réir forálacha Chaibidle II den Chuid seo den Acht seo.
Nós imeachta tar éis cionroinnte, etc.
64.—(1) I gcás ina mbeidh, faoi réim nó de bhua aon fhorálacha den Chuid seo den Acht seo, aon suim le cionroinnt agus go ndealróidh sé, tráth na cionroinnte, go mbaineann sé le hábhar maidir le dliteanas beirt daoine nó nios mó i leith cánach ioncaim (is cuma cad é an bhliain mheasúnachta ar ina haghaidh é), déanfar aon cheist a éireoidh i dtaobh na slí a bheidh an tsuim le cionroinnt a chinneadh, chun críocha cánach ioncaim na ndaoine sin go léir, ag na Coimisinéirí Speisialta, amhail is dá mb'achomharc í i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D, agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc den sórt sin:
Ar choinníoll go mbeidh teideal ag na daoine sin go léir láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Speisialta nó uiríolla a chur chucu i scríbhinn.
(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis an bpraghas a rachadh maoin dá mb'ar an margadh oscailte a dhíolfaí í a chinneadh chun críocha na Coda seo den Acht seo mar atá feidhm aige maidir le cionroinnt.
Maoin a úsáideadh chun críocha “oibríochtaí trádála díolmhaithe”.
65.—(1) I gcás teagmhas do tharlú is cúis, nó ba chúis mura mbeadh an t-alt seo, le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith aon mhaoine a thabhairt do chuideachta nó a ghearradh ar chuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, tugtha ina leith, ansin, cibé acu an bheidh a deimhniú i bhfeidhm nó nach mbeidh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo.
(2) Más go heisiach chun críocha a hoibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Choda II den Acht sin d'úsáid an chuideachta an mhaoin, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta ná ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta.
(3) Má úsáideadh an mhaoin go páirteach chun críocha oibríochtaí trádála díolmhaithe na cuideachta agus go páirteach chun críocha a hoibríochtaí trádála eile, tabharfar aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus déanfar liúntas a thabhairt don chuideachta a mbeidh ann cibé méid, nó, de réir mar bheidh, muirear a ghearradh ar an gcuideachta a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir réasúnach.
Tagairtí áirithe do chaiteachas, etc., a léiriú.
66.—(1) Na tagairtí atá sa Chuid seo den Acht seo do chaiteachas caipitiúil agus suimeanna caipitiúla—
(a) maidir leis an duine a chuaigh faoin gcaiteachas nó d'íoc na suimeanna, ní fholaíonn siad aon chaiteachas ná suim a lamháltar a asbhaint nuair a bhítear ag ríomh, chun críocha cánach ioncaim, brabús nó gnóchain thrádála, ghairme, oifige nó fhostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige, agus
(b) maidir le duine a fuair na méideanna a caitheadh nó na suimeanna a bheidh i gceist, ní fholaíonn siad tagairtí d'aon mhéideanna nó suimeanna a bheidh le cur i gcuntas mar fháltais nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain aon trádála, gairme, oifige nó fostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige,
agus ní fholaíonn siad, maidir le haon duine mar adúradh, aon chaiteachas ná suim a mbeidh nó a bhféadfadh go mbeadh, asbhaint chánach le déanamh ina leith, seachas de bhua forálacha Chaibidle III den Chuid seo den Acht seo a bhaineann le muirir ar shuimeanna caipitiúla a fuarthas i leith ceart paitinne, faoi Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.
(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo don dáta a chuathas faoi chaiteachas a fhorléiriú mar thagairt don dáta a tháinig na suimeanna a bheidh i gceist chun bheith iníoctha.
(3) Ní mheasfar chun aon cheann de chríocha na Coda seo den Acht seo aon duine a dhul faoi chaiteachas sa mhéid gur íocadh é nó go bhfuil sé le n-íoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó údarás áitiúil:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo nuair a bheifear ag breithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus, má tá, cad é an muirear cothromaíochta atá, le gearradh ar dhuine faoi Chaibidil II den Chuid seo den Acht seo i leith aon innealra nó gléasra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959.
Forálacha eile maidir le léiriú.
67.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
folaíonn “ioncam” aon mhéid a n-údaraítear muirear i leith cánach a ghearradh air faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo;
folaíonn “léas” comhaontú i leith léasa i gcás ina bhfuil téarma an léasa tosaithe, agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin “léasaí”, “léasóir” agus “leas léasachta”;
ciallaíonn “airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh” maidir le teagmhas is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt d'aon duine nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar aon duine—
(a) i gcás inar díol aon mhaoine an teagmhas, an glantoradh don duine sin ón díol,
(b) i gcás inar scartáil nó díthiú aon mhaoine an teagmhas, an glan-mhéid a fuair sé ar iarmhar na maoine, maraon le haon airgead árachais a fuair sé i leith na scartála nó an díthithe agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin,
(c) maidir le hinnealra nó gléasra, i gcás inarb é an teagmhas buan-chailliúint an chéanna ar shlí seachas de dhroim a scartála nó a dhíthithe, aon airgead árachais a fuair sé i leith na cailliúna agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin, agus
(d) i gcás inarb é an teagmhas go bhfuiltear tar éis scor ar fad d'fhoirgneamh nó déanmhas a úsáid, aon chúiteamh d'aon sórt a fuair sé i leith an teagmhais sin, sa mhéid gur suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin.
(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra.
(3) Beidh feidhm ag forálacha na Coda seo den Acht seo maidir le scair in innealra nó gléasra mar atá feidhm acu maidir le cuid d'innealra nó gléasra, agus measfar, chun críocha na bhforálacha sin, scair in innealra nó gléasra a bheith á húsáid chun críocha trádála an fhad, agus amháin an fhad, a úsáidtear an t-innealra nó an gléasra chun críocha an chéanna.
(4) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do thráth aon díola a fhorléiriú mar thagairt do thráth an chríochnaithe nó tráth seilbh a thabhairt, cibé acu is luaithe.
(5) Ach amháin mar a bhforáltar a mhalairt go sainráite, folaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do thrádáil a bhunú nó a bhuanscor tagairt do tharlú aon teagmhais a ndéileálfar leis, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, mar theagmhas is comhionann le trádáil a bhunú nó a bhuanscor.
(6) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do liúntas a thabhairt nó asbhaint a lamháil tagairt do liúntas nó asbhaint a thabharfaí nó a lamhálfaí mura mbeadh neamhdhóthaineacht bhrabús nó gnóchain, nó ioncaim eile, lena thabhairt nó lena lamháil ina choinne.
Leasuithe iarmartacha, 1958, Uimh. 25.
68.—(1) Leasaítear leis seo mar leanas an tAcht Airgeadais, 1958:
(i) i bhfo-alt (8) d'alt 40, scriosfar “nó” ag deireadh míre (b) agus cuirfear leis i ndiaidh míre (c):
“nó
(d) ioncam a n-áirítear gur ioncam tuillte é de bhua ailt 53 den Acht Airgeadais, 1959,”;
(ii) i bhfo-alt (3) d'alt 41, scriosfar “nó” roimh “Cuid V den Acht Airgeadais, 1957” agus cuirfear “nó Cuid V den Acht Airgeadais 1959”, isteach roimh “agus forléireofar”.
(iii) i gclásal (b) d'fho-mhír (3) de mhír 5 den Tríú Sceideal, scriosfar “nó” roimh “Cuid V den Acht Airgeadais, 1957” agus cuirfear “nó Cuid V den Acht Airgeadais, 1959,” isteach roimh “in aghaidh aon bhliana measúnachta”.
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 8 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, trí “nó aon liúntais bhliantúla faoi Chaibidil I, Caibidil III nó Caibidil IV de Chuid V den Acht Airgeadais, 1959” a chur isteach ag deireadh an fho-ailt.
Liúntais agus muirir i leith cánach brabús corparáide.
1920 c. 18.
69.—(1) I gcás ina dtabharfar aon liúntas acu seo a leanas:
(a) liúntas faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D,
(b) liúntas faoi fho-alt (3), nó mír (b) d'fho-alt (4), d'alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946,
(c) liúntas faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956, i leith caiteachais faoina rachfar tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo,
(d) liúntas faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, i leith caiteachais faoina rachfar tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo,
(e) liúntas bliantúil nó liúntas cothromaíochta faoi Chaibidil I, II nó III den Chuid seo den Acht seo, nó
(f) liúntas tosaigh, liúntas bliantúil nó liúntas eile faoi Chaibidil IV den Chuid seo den Acht seo,
d'aon chuideachta chun críocha cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe agus go mbainfidh an liúntas le haon ghnó de chuid na cuideachta sin, asbhainfear an méid iomchuí nuair a bheifear ag ríomh brabús an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta (is tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dáta dá éis) ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon chuid di.
(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, measfar liúntas do bhaint le gnó más rud é, agus amháin más rud é,—
(a) go dtabharfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í, nó
(b) go dtabharfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála agus go dtabharfar é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a úsáideadh chun críocha coda den trádáil arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í, nó
(c) gur liúntas é a thabharfar ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach faoi réim nó de bhua aon cheann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo agus gur liúntas é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a n-áirítear an cíos uirthi ar bhrabúis an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse áirithe nó a n-áireofaí amhlaidh é dá mbeadh aon chíos den sórt sin ann.
(3) I gcás ina ngearrfar aon mhuirear acu seo a leanas:
(a) muirear cothromaíochta faoi Chaibidil I, II nó III den Chuid seo den Acht seo, nó
(b) muirear faoi alt 50 den Acht seo,
ar aon chuideachta chun críocha cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, agus go mbainfidh an muirear le gnó, measfar gur fáltas trádála an méid iomchuí nuair a bheifear ag ríomh brabús an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon chuid di.
(4) Chun críocha fo-ailt (3) den alt seo, measfar muírear do bhaint le gnó más rud é, agus amháin más rud é,—
(a) go ngearrfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í, nó
(b) go ngearrfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain thrádála agus gur muirear cothromaíochta é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a úsáideadh chun críocha coda den trádáil arb í an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í; nó
(c) gur muirear cothromaíochta é i leith maoine, nó i leith caiteachais ar mhaoin, a n-áirítear an cíos uirthi ar bhrabúis an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta áirithe nó a n-áireofaí amhlaidh é dá mbeadh aon chíos den sórt sin ann, nó
(d) gur muirear é faoi alt 50 den Acht seo agus gur úsáideadh aon tráth chun críocha an ghnó na cearta paitinne a bheidh i gceist.
(5) I bhfo-alt (1) agus (3) den alt seo, forléireofar mar leanas “an méid iomchuí”:
(a) i gcás inar tosaíodh an gnó nó inar scoireadh den ghnó i rith na bliana measúnachta a bheidh i gceist, ciallaíonn an abairt sin—
(i) mura bhfuil níos mó ná tréimhse chuntasaíochta amháin de chuid an ghnó laistigh, go hiomlán nó go páirteach, den bhliain mheasúnachta, ciallaíonn sé méid iomlán an liúntais nó, de réir mar bheidh, an méid iomlán ar a ngearrfar an muirear, agus
(ii) má tá níos mó ná tréimhse chuntasaíochta amháin de chuid an ghnó laistigh, go hiomlán nó go páirteach, den bhliain mheasúnachta, ciallaíonn sé, maidir le gach tréimhse chuntasaíochta acu sin, an chuid den liúntas, nó, de réir mar bheidh, an chuid den mhéid ar a ngearrfar an muirear, a mbeidh an coibhneas céanna idir é agus iomlán an chéanna a bheidh idir fad na tréimhse cuntasaíochta sin, sa mhéid gur cuid den bhliain mheasúnachta sin í, agus fad iomlán na dtréimhsí cuntasaíochta sin go léir, sa mhéid gur cuid den bhliain mheasúnachta sin iad;
(b) in aon chás eile, ciallaíonn an abairt sin—
(i) nuair is ionann an bhliain mheasúnachta a bheidh i gceist agus an tréimhse chuntasaíochta a bheidh i gceist, méid iomlán an liúntais, nó, de réir mar bheidh, an méid iomlán ar a ngearrfar an muirear, agus
(ii) i gcás gan ach cuid den bhliain mheasúnachta a bheith laistigh den tréimhse chuntasaíochta sin, an chuid sin den liúntas nó, de réir mar bheidh, an chuid sin den mhéid ar a ngearrfar an muirear agus a chionroinnfear i leith na coda laistigh den tréimhse chuntasaíochta sin den bhliain mheasúnachta.
(6) I gcás nach mbeidh cáin ioncaim inmhuirir nó inmhuirir go hiomlán ar bhrabúis ghnó, déanfar asbhaintí agus breisithe den sórt faoi fho-ailt (1) agus (3) den alt seo, nuair a bheifear ag ríomh brabús an ghnó chun críocha cánach brabús corparáide (is asbhaintí agus breisithe i leith nithe nach mbeidh aon asbhaintí ná breisithe le déanamh ar shlí eile ina leith faoi na fo-ailt sin faoi seach), a bheadh le déanamh chun críocha cánach ioncaim dá mbeadh cáin ioncaim inmhuirir amhlaidh nó inmhuirir go hiomlán amhlaidh ar bhrabúis an ghnó.
(7) I gcás méid a bheith le cionroinnt, faoin alt seo, i leith coda de bhliain mheasúnachta nó tréimhse chuntasaíochta, déanfar an chionroinnt faoi threoir an mhéid míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin, agus sa chuid eile, den bhliain nó den tréimhse sin.
(8) San alt seo—
(a) ciallaíonn “gnó” aon trádáil nó gnó nó aon ghnóthas den sórt céanna ar brabúis lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, na brabúis as, agus
(b) ní fholaíonn aon tagairt do liúntas a thabharfar in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe tagairt d'aon mhéid a tugadh anall ó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin.
(9) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tosach feidhme na Coda seo den Acht seo nó dáta dá éis—
(a) scoirfidh mír (e) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 53 den Finance Act, 1920, d'éifeacht a bheith aici sa mhéid go bhfuil sí ar neamhréir le forálacha an ailt seo, agus
(b) scoirfidh alt 27 den Acht Airgeadais, 1956, agus alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, d'éifeacht a bheith acu maidir le caiteachas faoina rachfar tar éis an tosach feidhme sin.
CUID VI.
An tAcht Airgedaais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, a Leasú agus Foireann Áitiúil a Thréineáil roimh Thosú ar Thrádáil: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.
Léiriú (Cuid VI).
70.—Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.
Cuid III den Acht (deisiú long, cártaí ceiliúrtha) a leasú.
71.—(1) I gcás cuideachta a sheolann trádáil ag tógáil nó ag deisiú long, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht:
(a) measfar gur monarú earraí sa Stát deisiú a dhéanamh sa Stát ar long agus, a mhéid go ndearnadh aon deisiú den sórt sin sa Stát ar long arb iad a húinéirí iomlána daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, measfar gur earraí a rinneadh sa Stát agus a d'onnmhairigh an duine a mhonaraigh iad an long agus measfar gur méid is infhálta ó earraí a dhíol aon mhéid is infhálta mar íocaíocht as deisiú a rinneadh sa Stát ar long;
(b) igcás ina ndéanfaidh an chuideachta maidir le haon bhliain mheasúnachta nó aon tréimhse chuntasaíochta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire cánach laistigh de dhá bhliain déag tar éis deireadh na bliana nó na tréimhse sin adúradh, sin a roghnú, beidh feidhm ag an Acht i gcás na bliana nó na tréimhse sin—
(i) amhail is dá mbeadh an chuideachta tar éis na longa go léir a onnmhuiriú a rinne an chuideachta sa Stát,
(ii) maidir leis na longa go léir a dheisigh an chuideachta sa Stát, amhail is dá mb'éard iad, a mhéid a deisíodh amhlaidh iad, earraí a d'onnmhairigh an chuideachta, agus
(iii) amhail is dá mba mhéideanna dob infhálta ó dhíol earraí a d'onnmhairigh an chuideachta as an Stát méideanna is infhalta ag an gcuideachta mar íocaíocht as longa a thógáil sa Stát nó a dheisiú sa Stát.
(2) I míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo, i dteannta tagairt do dheisiú nó tógáil a rinneadh an 1ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, a fholú, folóidh aon tagairt do dheisiú nó tógáil tagairt do dheisiú nó tógáil a rinneadh roimh an lá sin.
(3) Déanfar gach tagairt do leabhair i mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 56 den Acht Airgeadais, 1958, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chártaí ceiliúrtha.
(4) Beidh éifeacht ag an alt seo—
(a) maidir le cáin ioncaim, in aghaidh aon bhliana measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó lá dá éis sin,
(b) maidir le cáin bhrabús corparáide, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta nó coda de thréimhse chuntasaíochta i ndiaidh an 5ú lá d'Aibreán, 1959,
agus, i gcás cánach brabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo maidir le haon chuid den sórt sin de thréimhse chuntasaíochta, cibé cionroinnt a dhéanamh is iomchuí.
Cuid III den Acht a leasú (méideanna áirithe a choigeartú).
72.—(1) Glacfaidh an t-alt seo éifeacht chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim nó cáin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht, agus san alt seo ciallaíonn “an chuideachta” cuideachta a éilíonn faoiseamh de bhun na Coda sin.
(2) I gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hearraí de shaghas áirithe go ndéanann íoc aon dleachta ag an gcuideachta i leith na n-earraí nó na n-ábhar a úsáideadh á monarú difir don choibhneas idir an méid is infhálta ó earraí a onnmhairíodh a dhíol in aon tréimhse áirithe agus an méid is infhálta ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol sa tréimhse sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a ordú go mbeidh feidhm ag fo-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo, cibé acu is dóigh leo is iomchuí, chun méid a fhionnadh is infhálta ó na hearraí sin a dhíol sa tréimhse sin, agus, i gcás ina mbeifear tar éis aon ordú den sórt sin a thabhairt, is dá réir a ríomhfar aon fhaoiseamh don chuideachta faoi threoir earraí a dhíol sa tréimhse sin.
(3) (a) Measfar aon mhéid dob infhálta ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát a bheith arna mhéadú de mhéid aon aistarrainge, lacáiste nó aisíoca dhleachta is dleacht is iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin agus a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith na hearraí sin a allmhairiú isteach sa chríoch sin.
(b) Measfar aon mhéid dob infhálta ó earraí a dhíol nár onnmhairíodh a bheith arna mhéadú de mhéid aon lacáiste nó aisíoca dhleachta, is dleacht is iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin.
(4) (a) Measfar méid dob infhálta ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith na hearraí sin a allmhairiú isteach sa chríoch sin.
(b) Measfar méid dob infhálta ó earraí a dhíol nár onnmhairíodh a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta, is dleacht is iníoctha sa Stát, a d'íoc an chuideachta i leith na n-earraí sin.
(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 12 agus ag fo-alt (1) d'alt 13 den Acht amhail is dá mbeadh ar na nithe ar gá cruthúnas orthu de réir na bhfo-alt sin an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo.
(6) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ó dháta an Achta a rith, agus féadfar faoiseamh ó cháin maidir leis an tréimhse idir an dáta sin agus dáta an Achta seo a rith a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Cuid IV den Acht a leasú.
73.—(1) Leasaítear leis seo alt 17 den Acht—
(i) trí “nó” agus an mhír seo a leanas a chur isteach ag deireadh fo-ailt (1):
“(c) le haghaidh gnóthais duga.”
(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3):
“(3A) San alt seo folaíonn ‘duga’ aon chuan, caladh, piara nó lamairne nó oibreacha eile inar nó ar ar féidir le hárthaí marsantas nó paisnéirí a loingsiú nó a dhí-loingsiú, nach piara ná lamairne a úsáidtear go príomha le haghaidh caitheamh aimsire, agus forléireofar ‘gnóthas duga’ dá réir sin.”
(2) Beidh éifeacht ag alt 19 den Acht amhail is dá ndéanfaí mír (b) agus an coinníoll a ghabhann leis an mír sin a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur in n-ionad:
“ (b) aon chaiteachas ag soláthar innealra nó gléasra nó ar aon sócmhainn a measfar maidir le haon bhliain mheasúnachta gur innealra nó gléasra í, nó
(c) aon chaiteachas a bhfuil aon liúntas tugtha nó ar féidir liúntas a thabhairt ina leith, in aghaidh na bliana céanna measúnachta nó in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin faoi fho-alt (3) d'alt 5 nó faoi alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946).”
(3) I gcás ina rachfar faoi chaiteachas ag ullmhú, ag gearradh, ag tunalaíocht nó ag cothromú na talún chun an talamh a ullmhú mar láthair chun innealra nó gléasra a chur isteach, measfar, chun críocha Coda IV den Acht, gur foirgneamh nó déanmhas an t-innealra nó an gléasra maidir leis an gcaiteachas sin.
(4) Maidir le liúntais foirgníochta tionscail in aghaidh blianta measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó lá dá éis sin, seachas méideanna a tugadh anall ó aon bhliain mheasúnachta a chríocnaigh roimh an dáta sin, beidh éifeacht ag an alt seo amhail ó dháta tosach feidhme an Achta.
Foireann áitiúil a thréineáil roimh thosú ar thrádáil.
74.—(1) Má tharlaíonn, roimh lá (arb é an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó ar lá dá éis sin é) bunaithe nó tosaithe thrádála arb éard í earraí monaraithe a tháirgeadh le díol, go rachaidh duine, nó go mbeidh duine tar éis dul, agus é ar tí a dhul ag seoladh na trádála, faoi chaiteachas ag tiomsú agus ag tréineáil daoine ar saoránaigh Éireannacha iad uile nó a bhformhór, de rún a bhfostaithe sa trádáil—
(a) in aghaidh na bliana measúnachta ar lá di an lá sin agus in aghaidh gach bliana den dá bhliain mheasúnachta dá éis sin, tabharfar dó liúntas is comhionann le trian an chaiteachais sin, agus tabharfar an liúntas sin mar asbhaint nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain na trádála,
(b) i gcás cuideachta, déileálfar leis an gcaiteachas sin chun críocha cánach brabús corparáide amhail is go ndeachthas faoin tríocha séú cuid de gach mí den tríocha is sé mhí comhleanúnach arb í an chéad mhí acu an mhí dar tosach an lá sin,
(c) beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937, maidir le liúntas faoi mhír (a) den fho-alt seo mar atá feidhm acu maidir le hasbaint is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) ní fholóidh caiteachas aon chaiteachas faoina ndeachaigh duine agus nach mbeadh aon liúntas inlamháilte dó ina leith nuair a bheifí ag ríomh brabús nó gnóchain na trádála faoi na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, dá mb'é lá bunaithe nó tosaithe na trádála nó lá dá éis sin a chuathas faoi,
(b) ní mheasfar duine do dhul faoi chaiteachas sa mhéid gur íocadh é nó go bhfuil sé le n-íoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó údarás áitiúil.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é dáta a rachfar faoi aon chaiteachas áirithe an dáta a thiocfaidh an tsuim iomchuí chun bheith iníoctha.
(4) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas faoin alt seo a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim agus beidh ag gabháil leis deimhniú faoi lámh an éilitheora, a measfar gur cuid den éileamh é, á rá go ndeachthas faoin gcaiteachas ag tiomsú agus ag tréineáil daoine, ar saoránaigh Éireannacha iad uile nó a bhformór, de rún a bhfostaithe sa trádáil agus a thabharfaidh sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.
CUID VII.
Dleachtanna Stampaí.
Dleacht stampa ar pholasaithe árachais.
1891, c. 39.
1906, c. 41.
1894, c. 60.
75.—(1) Sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, cuirfear an méid seo a leanas isteach roimh an mírcheann “Policy of Life Insurance”—
£ | s. | d. | |
“Policy of Insurance other than Life Insurance | 0 | 0 | 6”, |
agus fágfar ar lár an mírcheann muirir “Policy of Sea Insurance agus an mírcheann muirir dar tosach “Policy of Insurance against Accident”.
(2) Beidh siad seo a leanas díolmhaithe ó gach dleacht stampa:
(a) nótaí cumhdaigh, iarratais árachais agus ionstraimí eile is gnáthach a dhéanamh in oirchill polasaí foirmiúil a eisiúint, nach ionstraimí a bhaineann le hárachas saoil;
(b) ionstraimí ina mbeidh athruithe ar théarmaí nó coinníollacha aon pholasaí árachais seachas árachas saoil;
agus ní mheasfar chun críocha an Stamp Act, 1891, gur polasaí árachais ionstraim a bheidh díolmhaithe de bhua míre (a) den fho-alt seo.
(3) Ní mhuirearófar dleacht is mó ná sé phingin ar ionstraim de dhroim amháin go bhfuil inti nó go mbaineann sí le dhá ní éagsúla nó níos mó a dtagann gach ní acu faoi réim an mhírchinn mhuirir a chuirtear isteach le fho-alt (1) den alt seo.
(4) De dhroim fo-ailt (1) den alt seo, leasófar mar leanas an Stamp Act, 1891:
(a) scoirfidh ailt 92 go 97 d'éifeacht a bheith acu;
(b) beidh éifeacht ag alt 100 amhail is dá bhfágfaí ar lár na heisceachtaí atá ann maidir le muir-árachas;
(c) beidh feidhm ag alt 116 maidir gach polasaí árachais seachas árachas saoil, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an dara cuid den Dara Sceideal;
agus ní bheidh feidhm ag an alt sin 100 maidir le hárachas ná le polasaí a fheidhmíonn árachas más árachas de shórt é go bhfuil polasaí a fheidhmíonn é díolmhaithe ó gach dleacht stampa.
(5) Scoirfidh míreanna (2) go (5) d'alt 23 den Marine Insurance Act, 1906, agus fo-alt (2) d'alt 25 de d'éifeacht a bheith acu.
(6) D'ainneoin alt 93 den Stamp Act, 1891, a athghairm, leanfaidh conradh i leith árachais den sórt a luaitear in alt 506 den Merchant Shipping Act, 1894, de bheith inghlactha i bhfianaise d'ainneoin gan é a bheith i bpolasaí muirí mar cheanglaítear le halt 22 den Marine Insurance Act, 1906.
(7) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1959, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh an lá sin.
Alt 19 (1) (b) den Acht Airgeadais, 1952, a leasú.
76.—(1) Déantar leis seo mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1952, a leasú tríd na fo-mhíreanna seo a leanas a chur in ionad fo-mhíreanna (i) go (v):
“(i) go raibh an t-aistreoir i dteideal an leasa thairbhiúil go léir sa mhaoin iomchuí,
(ii) go ndearnadh an leas tairbhiúil go léir sa mhaoin iomchuí a dhílsiú san aistrí,
(iii) go raibh an t-aistreoir agus an t-aistrí, an tráth a forghníomhaíodh an ionstraim, an oiread sin i gcomhlachas le chéile go raibh ceann acu ina úinéir tairbhiúil ar nócha faoin gcéad ar a laghad de scair-chaipiteal eisithe an chinn eile agus go raibh nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe gach ceann acu ar úinéireacht tairbhiúil ag an tríú comhlacht corpraithe, agus
(iv) nach ndearnadh an tíolacadh nó an t-aistriú de bhun ná faoi réim comhshocraíochta faoina raibh an chomaoin le soláthar, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine seachas comhlacht corpraithe a bhí, an tráth a forghníomhaíodh an ionstraim, i gcomhlachas leis an aistreoir nó leis an aistrí an oiread a thuairiscítear i bhfo-mhír (iii) den mhír seo, nó faoina ndearna duine mar adúradh an leas tairbhiúil sa mhaoin iomchuí a thíolacadh nó a aistriú, go díreach nó go neamhdhíreach, roimhe sin.”
(2) Déanfar an tagairt do mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 19 den Acht Airgeadais, 1952, i mír (a) den fho-alt sin, agus an tagairt don chéanna i mír (a) d'fho-alt (4) den alt sin, a fhorléiriú mar thagairt don mhír sin (b) arna leasú le fo-alt (1) den alt seo.
CUID VIII.
Ilghnéitheach agus Ginearálta.
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
77.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950; ciallaíonn “alt leasaitheach 1958” alt 61 den Acht Airgeadais, 1958;
ciallaíonn “an naoú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearaítear
ar an bPríomhchiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá le “an tAire”, “an Cuntas”, agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1958, maidir leis an fiche a naoi bliain airgeadais comhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960, ach “£645,872” a chur in ionad “£717,012”.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1958 ach “£409,742” a chur in ionad “£528,332”.
(4) Déanfar suim £780,192 le haghaidh fuascailte iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a mhuirearu go bliantúil ar an bPríomhchiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1960.
(5) Íocfar an naoú blianacht bhreise isteach sa Chuntas i cibé slí, agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí, a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den naoú blianacht bhreise, nach mó ná £504,682 aon bhliain airgeadais, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Úsáidfear iarmhéid na naoú blianachta breise in aon slí nó slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Alt 31 (3) den Acht Airgeadais 1940, a leasú.
78.—Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1940, trí “trí faoi gcéad sa bhliain” a chur in ionad “dó go seacht n-ochtú per cent. per annum” i mír (d).
Alt 2 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956, a leasú.
1956, Uimh 8.
79.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956, trí “laistigh den tréimhse deich mblian” a chur in ionad “laistigh den tréimhse chúig mblian”.
Athghairm.
80.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh—
(a) i gcás na n-achtachán a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an 1ú lá de Lúnasa, 1959,
(b) i gcás na n-achtachán a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin, an 1ú lá de Lúnasa, 1959, agus ní bheidh éifeacht aige maidir le hionstraimí a forghníomhaíodh roimh an lá sin, agus
(c) i gcás na n-achtachán a shonraítear i gCuid III den Sceideal sin, an 1ú lá d'Aibreán, 1960.
Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.
81.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.
Gearrtheideal. forléiriú agus tosach feidhme.
1920, c. 18.
1891, c. 39.
82.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Codanna I agus IV den Acht seo agus an Chéad Sceideal a ghabhann leis a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(4) Déanfar Codanna V agus VI den Acht seo, a mhéid a bhaineann siad le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann siad le cáin bhrabús corparáide, iad a fhorléiriú i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an Chuid sin.
(5) Forléireofar Cuid VII den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.
(6) Measfar go dtáinig Codanna I agus IV den Acht seo agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal a ghabhann leis i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1959, agus beidh éifeacht acu amhail ar an agus ón lá sin.
(7) Tiocfaidh Cuid V den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1960.
(8) Acht amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Ceannach agus Díol Urrús: An Méid Iomchuí i Leith an Úis.
1. Chun críocha ailt 7 den Acht seo, is é an méid iomchuí i leith an úis an cothrom iomchuí den ús glan is infhálta ag an gcéad cheannaitheoir.
2. Chun críocha alt 8 agus 9 den Acht seo, is é an méid iomchuí i leith an úis an méid iomlán ar comhréir leis an gcothrom iomchuí den ús glan is infhálta ag an gcéad cheannaitheoir.
3. (1) Chun críocha míreanna 1 agus 2 den Sceideal seo, is é an cothrom iomchuí an cothrom idir—
(a) an tréimhse dar tosach an chéad dáta iomchuí agus dar críoch an lá roimh an lá a cheannaigh an chéad cheannaitheoir na hurrúis,
agus—
(b) an tréimhse dar tosach an chéad dáta iomchuí agus dar críoch an lá roimh an dara dáta iomchuí.
(2) I bhfo-mhír (1) den mhír seo—
ciallaíonn “an chéad dáta iomchuí”—
(a) i gcás na hurrúis a bheith gan lua i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Atha Cliath ar phraghas nár fholaigh luach na híocaíochta úis deiridh dob iníoctha roimh an ús dob infhálta ag an gcéad cheannaitheoir nó, i gcás na hurrúis a lua amhlaidh, nárbh é dáta an lua an dáta is luaithe d'fhéadfaí iad a lua amhlaidh dá mbeifí tar éis déileáil iomchuí sna hurrúis a dhéanamh—an dáta is luaithe sin, agus
(b) in aon chás eile—an dáta a luadh na hurrúis i gcéaduair amhlaidh;
ciallaíonn “an dara dáta iomchuí”—
(a) i gcás na hurrúis a bheith gan lua i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Atha Cliath ar phraghas nár fholaigh luach an leasa dob infhálta ag an gcéad cheannaitheoir nó, i gcás na hurrúis a lua amhlaidh, nárbh é dáta an lua an dáta is luaithe d'fhéadfaí iad a lua amhlaidh dá mbeifí tar éis déileáil iomchuí sna hurrúis a dhéanamh—an dáta is luaithe sin, agus
(b) in aon chás eile—an dáta a luadh na hurrúis i gcéaduair amhlaidh.
(3) I gcás inarbh é an t-ús dob infhálta ag an gcéad cheannaitheoir an chéad íocaíocht úis dob iníoctha i leith na n-urrús, beidh éifeacht ag fo-mhír (1) den mhír seo ach dáta tosaigh na tréimhse ar ina haghaidh dob iníoctha an t-ús a chur in ionad na dtagairtí don chéad dáta iomchuí:
Ar choinníoll, i gcás nach raibh méid caipitiúil na n-urrús lán-íoctha tús na tréimhse sin agus gur íocadh tráthchuid nó tráthchodanna caipitil i rith na tréimhse sin—
(a) áireofar an t-ús a bheith roinnte ina chodanna, arna ríomh faoi threoir méid an úis is inchurtha i leith an chaipitil a bhí íoctha i dtús nó roimh thús na tréimhse sin agus an méid de is inchurtha i leith gach tráthchoda den sórt sin, agus
(b) go ndéanfar, agus gach cuid de na codanna sin á háireamh mar ús dob iníoctha in aghaidh na tréimhse sin nó, i gcás inar ríomhadh an chuid faoi threoir aon tráthchoda den sórt sin, mar ús dob iníoctha in aghaidh na coda den tréimhse sin ag tosú le híoc na tráthchoda, an méid arb é cothrom iomchuí gach coda é a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo, agus
(c) gurb é cothrom iomchuí an úis chun críocha míreanna 1 agus 2 den Sceideal seo an cothrom de arb é suim na méideanna sin é.
(4) Maidir le hurrúis nach luaitear i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Atha Cliath, beidh éifeacht ag fo-mhír (1) den mhír seo ach go gcuirfear in ionad na dtréimhsí a luaitear ansin cibé tréimhsí is dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta a fhreagrann dóibh i gcás na n-urrús a bheidh i gceist.
4. I gcás inar urrúis iad na hurrúis go méadaíonn ar an bpraghas margáin, i gcás ús a bheith infhálta ag an gceannaitheoir, faoi threoir an úis iomláin a fhaibhreoidh roimh an lá margáin, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo, ach, chun críocha gach ailt acu sin, is é an méid iomchuí i leith an úis méid an mhéadaithe ar an bpraghas margáin.
AN DARA SCEIDEAL.
COMHAONTU IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS NA RIOCHTA AONTAITHE MAIDIR LE DIOLUINTI AIRITHE O CHAIN.
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe, ag Breithniú dóibh an Comhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine, a dtugtar dá bhun díolúintí ó cháin do dhaoine nach gcónaíonn ach i dtír amháin de na tíortha ó cháin faoi dhlí na tíre eile,
Ag Breithniú dóibh go bhfuil amhras tagtha i dtaobh éifeachta forálacha fo-ailt (2) d'Alt a ceathair de Finance (No.2) Act, 1955, na Ríochta Aontaithe (dá ngairtear “Acht 1955” anseo feasta) agus fo-ailt (2) d'Alt caoga a haon d'Acht Airgeadais, 1958, na hÉireann (dá ngairtear “Acht 1958” anseo feasta) (a bhaineann le ceannach scaireanna ag daoine atá díolmhaithe ó cháin),
Agus é de mhian acu an t-amhras sin a dhíchur faoi chomhair na bliana 1959-60 agus na mblianta dá éis sin,
Tar éis comhaontú mar leanas:—
Airteagal 1.
(1) Tá na díolúintí sin faoi réim agus faoi réir na bhforálacha sin d'Acht 1955 agus d'Acht 1958.
(2) Faoi réir mar adúradh leanann Comhaontú sin 1926 arna leasú leis na Comhaontuithe a rinneadh an 25 Aibreán, 1928, agus an 21 Iúil, 1947, i bhfeidhm.
(3) Ní bhaineann mír (1) den Airteagal seo le cásanna arb éard í an díbhinn a n-éilítear díolúine ina leith díbhinn ar shealbhán scaireanna nó stoic a fuair an duine a éilíonn an díolúine, nó a meastar a fuair sé, roimh an ochtú lá d'Aibreán, naoi gcéad déag caoga a naoi, ach amháin sa mhéid gur díbhinn í an díbhinn sin lena mbaineann fo-alt (2) den Alt sin a ceathair nó fo-alt (2) den Alt sin caoga a haon de dhroim (díreach nó neamhdhíreach) asbhaint a bheith le déanamh maidir le díbhinn eile, a fuair comhlacht corpraithe seachas an duine atá ag éileamh díolúine ó shealbhán scaireanna nó stoic a fuair, nó a meastar a fuair, an comhlacht corpraithe an t-ochtú lá sin d'Aibreán nó dá éis, le linn a bheith ag cinneadh ioncaim an chomhlachta chorpraithe sin d'fhaibhrigh tar éis dáta áirithe; ach is mír í seo gan dochar d'aon cheist maidir le feidhm na bhforálacha sin d'Acht 1955 agus d'Acht 1958 i gcúinsí nach bhfuil feidhm ag mír (1) den Airteagal seo.
Airteagal 2.
Tiocfaidh an Comhaontú seo in éifeacht ar nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus dá éis sin ní leanfaidh sé i bhfeidhm ach amháin an fhad a bheidh feidhm dlí aige sa dá thír.
Arna dhátú an ceathrú lá seo d'Aibreán, 1959.
Thar ceann Rialtas na | Thar ceann Rialtas na |
hÉireann. | Ríochta Aontaithe. |
SÉAMAS Ó RIAIN. | D. HEATHCOAT AMORY. |
AN TRIU SCEIDEAL.
Dleachtanna ar Thobac.
Cuid I.
Custaim.
£ | s. | d. | ||||
Tobac Neamhmhonaraithe:— | ||||||
Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:— | ||||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 6 | 2 |
Agus níos lú na 10 lb. de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 11 | 3 |
Mura mbíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:— | ||||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 6 | 1½ |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 11 | 2½ |
Cuid II
Mál.
£ | s. | d. | |||||
Tobac Neamhmhonaraithe:— | |||||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach | |||||||
100 lb. meáchain de | ... | ... | ... | an lb. | 2 | 5 | 0½ |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach | |||||||
100 lb. meáchain de | ... | ... | ... | an lb. | 2 | 10 | 0½ |
Cuid III.
Rátaí Tosaíochta Dleachtanna Custam ar Thobac Neamhmhonaraithe.
£ | s. | d. | ||||
Tobac Neamhmhonaraithe:— | ||||||
Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:— | ||||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 4 | 7½ |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 9 | 7 |
Mura mbíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:— | ||||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 4 | 7 |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i | ||||||
ngach 100 lb. meáchain de | ... | ... | an lb. | 2 | 9 | 6½ |
AN CEATHRU SCEIDEAL.
Achtacháin a Athghairtear.
Cuid I.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
Alt 26. | ||
Mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 25. | ||
Alt 19. | ||
Alt 20. | ||
Alt 25. | ||
Alt 12. | ||
Míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 22. | ||
Alt 17. | ||
Alt 7. | ||
Alt 5. | ||
Alt 18. |
Cuid II.
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
54 & 55 Vic., c. 39. | The Stamp Act, 1891. | Ailt 92 go 97; i bhfo-alt (1) d'alt 98, na focail ó “against accident; and” go dtí “a policy of insurance” agus ó “or as compensation” go dtí an deireadh; fo-alt (2) d'alt 98; in alt 99, na focail “sea insurance or”; in alt 100, na focail “other than a sea insurance” agus na focail “other than a policy of sea insurance”; sa Chéad Sceideal, an mírcheann muirir “Policy of Sea Insurance” agus an mírcheann muirir dar tosach “Policy of Insurance against Accident”. |
58 & 59 Vic,. c. 16. | The Finance Act, 1895. | Alt 13. |
59 & 60 Vic., c. 28. | The Finance Act, 1896. | Alt 13. |
62 & 63 Vic., c. 9. | The Finance Act, 1899. | Alt 11. |
1 Edw. 7, c. 7. | The Finance Act, 1901. | Alt 11. |
3 Edw. 7, c. 46. | The Revenue Act, 1903. | Alt 8. |
6 Edw. 7, c. 41. | The Marine Insurance Act, 1906. | In alt 21, na focail “although it be unstamped”; míreanna (2) go (5) d'alt 23; fo-alt (2) d'alt 25. |
7 Edw. 7, c. 13. | The Finance Act, 1907. | Alt 8. |
2 & 3 Geo. 5, c. 8. | The Finance Act, 1912. | Alt 8. |
10 & 11 Geo. 5, c. 18. | The Finance Act, 1920. | Fo-alt (1) d'alt 40; i bhfo-alt (2) d'alt 40 na focail “ninety-eight”; alt 41. |
Cuid III.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAthghairme |
Fo-alt (13) d'alt 6. | ||
Fo-alt (4) d'alt 2. |