[EN]

Uimhir 16 de 1943.


[EN]

ACHT AIRGEADAIS, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH DIÚITÉTHE ÁIRITHE IONCUIM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE (MARAON LE MÁL), AGUS DO DÉANAMH TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [25adh Bealtaine, 1943.] ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Cain Ioncuim.

[EN]

Cáin ioncuim agus forcháin in aghaidh na bliana 1943-44.

1.—(1) Eileofar cáin ioncuim in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt.

[EN]

(2) Eileofar forcháin (seachas forcháin bhreise) in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, ar ioncum aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncuim o gach taobh, agus is ar na rátaí ar a n-éilítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1942 a héileofar amhlaídh í.

[EN]

(3) I gcás ioncum iomlán, do réir bhrí ailt 5 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), aon phearsan in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, do bheith níos mó ná míle agus cúig céad punt agus aon bhrabús den tsórt a luaidhtear san alt san 5 do bheith ina chuid de, déanfar diúité breise forchánach (dá ngairmtear forcháin bhreise san alt so) d'éileamh in aghaidh na bliana san dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, do réir seacht scillinge agus reul fén bpunt alos an oiread den ioncum san agus is ionchurtha fé de bhuadh fo-ailt (1) den alt san 5 arna mhodhnú agus arna thonasc trí na forálacha ina dhiaidh seo den alt so.

[EN]

(4) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile do bhí i bhfeidhm an 5adh lá d'Abrán, 1943, i dtaobh cánach ioncuim agus forchánach (lena n-áirmhítear forcháin bhreise), beidh éifeacht aca uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na forchánach (lena n-áirmhítear forcháin bhreise) a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943.

[EN]

(5) Le linn Cuid II den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), do bheith á tonasc (de bhuadh an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so) leis an bhforcháin bhreise a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1943, beidh éifeacht ag an gCuid sin II i dteanta agus fé réir na modnuithe seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) cuirfear an abairt “an 6adh lá d'Abrán, 1943” in ionad na habairte “an 6adh lá d'Abrán, 1941” i ngach áit ina bhfuil an abairt sin sa Chuid sin II;

[EN]

(b) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 7 den Acht san, cuirfear an abairt “an 5adh lá d'Abrán, 1944” in ionad na habairte “an 5adh lá d'Abrán, 1942” agus cuirfear an focal “seacht” in ionad an fhocail “cúig” agus cuirfear an abairt “an 5adh lá d'Abrán, 1943” in ionad na habairte “an 5adh lá d'Abrán, 1941”.

[EN]

Alt 3 den Acht Airgeadais, 1941, dá leasú.

2.—(1) Ní údaróidh éinní atá in alt 3 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), go ndeonfaí fén alt san do phearsain ar bith in aghaidh aon bhliana cáinmheasa áirithe faoiseamh de mhéid do bhéarfadh iomlán an mhéid chánach ioncuim agus forchánach (más ann) agus cánach ioncuim eachtraighe is iníoctha ag an bpearsain sin alos aon choda dá ioncum d'eirigh i dtír lena mbaineann an t-alt san 3 (agus an t-iomlán san do dhéanamh amach tar éis aon fhaoiseamh chun a bhfuil teideal aige sa tír sin d'asbhaint) do bheith fé bhun an mhéid chánach ioncuim agus forchánach (más ann) dob iníoctha ag an bpearsain sin alos na coda san dá ioncum dá mba sa Stát d'eireodh an chuid sin dá ioncum.

[EN]

(2) San alt so tá leis an abairt “cáin ioncuim eachtrach” an bhrí atá léi san alt san 3 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941).

[EN]

Liúntas alos inneallra bheidh as úsáid go sealadach.

3.—Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann leis an asbhaint atá le lomháil in aghaidh luacha laghduithe mar gheall ar chaitheamh agus cumailt beidh éifeacht aca fé is dá mbeadh ar na tagairtí atá ionta do luach laghduithe mar gheall ar chaitheamh agus cumailt aon inneallra no gléasra i rith na bliana tagairtí do luach laghduithe mar gheall ar aon inneallra no gléasra do bheith as úsáid go sealadach aon tráth i rith na bliana de dhruim tosca is inleagtha, go díreach no go neadhíreach, ar an bpráinn náisiúnta atá ann fé láthair (ar a n-áirmhítear tosca mhairfidh tar éis deireadh do bheith leis an bpráinn sin).

[EN]

Caillteanais d'áireamh i gcásanna áirithe.

4.—(1) Chun crícheanna ailt 34 (a bhaineann le faoiseamh alos caillteanas áirithe) den Income Tax Act, 1918, déanfar méid aon chaillteanais a thárlóidh i dtrádáil d'áireamh, i ngach cás (ach san fé réir forálacha an chéad fho-ailt eile den alt so), sa tslí ina ndéantar an brabús no an gnóthachan a déantar no thagann ón trádáil d'áireamh fén Riail a bhaineann le Cás I de Sceideal D den Acht san agus fé na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II den Sceideal san.

[EN]

(2) Ní sháróidh forálacha an fho-ailt sin roimhe seo den alt so forálacha míre (2) (a bhaineann le caillteanais chuideachtana árachais a mbíonn gnó árachais saoil ar siúl aca) de Riail 15 de na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ná ní dhéanfaidh deifir do na forálacha san.

[EN]

Riaill 11 de na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D dá leasú.

5.—Déanfar mír (2) de Riail 11 do cuireadh, trí alt 13 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929), in ionad Rialach 11 de na Rialacha bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do léiriú agus beidh éifeacht aici, maidir le cásanna ina dtárlóidh an t-athrú dá dtagartar sa mhír sin tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1943, fé is go mbeadh na focail “twelve months after the change took place” curtha in ionad na bhfocal “three months after the change took place” atá anois sa mhír sin.

[EN]

Leathnú ar shaoirsí maidir le hArachas Sláinte Náisiúnta.

6.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “an Cumann Aontuithe” Cumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do bunuíodh de bhun ailt 3 den Acht um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1933 (Uimh. 13 de 1933).

[EN]

(2) An tsaoirse do bheirtear le fo-alt (5) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, do chumainn cheaduithe do réir bhrí Coda I den National Insurance Act, 1911, sroichfe sí chun an Chumainn Aontuithe agus bainfidh leis agus is tuigthe í do shroichint chun an Chumainn sin agus do bhaint leis amhail o dháta a bhunuithe.

[EN]

(3) An tsaoirse do bheirtear leis an bhfo-alt san (5) d'alt 39 den Income Tax Act, 1918, do Choimisinéirí Arachais na hÉireann maidir le haon ioncum a thagadh as cistí ar bith a bhí ar seilbh aca, no féna n-urláimh no a mbainistighe, fé réim no chun crícheanna an National Insurance Act, 1911, sroichfe sí chun an Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe agus bainfidh leis maidir le haon ioncum a thagann as cistí ar bith atá ar seilbh aige, no féna urláimh no a bhainistighe, chun crícheanna na nAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1942, agus is tuigthe í do bhaint leis agus do shroichint chuige amhlaidh amhail ón dáta ar ar scuireadh na Coimisinéirí sin agus ar ar haistríodh a bhfeidhmeanna chun an Aire sin leis an Ordú um Choimisinéirí Arachais na hÉireann (Aistriú Feidhmeanna), 1933.

[EN]

Deimhnithe muirir de chuid Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.

7.—Chun deireadh chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo go léireofar an abairt “deimhnithe muirir” agus go mbeidh éifeacht aici agus gur tuigthe éifeacht do bheith riamh aici, i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 2 no i bhfo-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgid 1929 (Uimh. 32 de 1929), mar abairt fholuíonn deimhnithe muirir arna dtabhairt amach ag Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, tar éis dáta an Achta Cáirde Talmhaíochta, 1929 (Uimh. 30 de 1929), do rith chó maith le deimhnithe muirir do thug an Chorparáid sin amach roimh dháta an Achta san do rith.

CUID II.

Custuim agus Mal.

[EN]

Ceadúnaís aer-árthach paisnéirí.

8.—Leasuítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance (1909-10) Act, 1910, trí na forálacha so leanas do chur isteach ann ina dheireadh, agus léireofar Cuid II den Acht san agus beidh éifeacht aici dá réir sin, sé sin le rá:—

[EN]

“G. Passenger Aircraft Licences.

[EN]

Licence granted under section 29 of the Intoxicating Liquor Act, 1943 (No. 7 of 1943) for the sale of intoxicating liquor on an aircraft in flight, to be taken out annually—

[EN]

Duty of one pound (£1).


[EN]

Provision Applicable to Passenger Aircraft Licences.

[EN]

For the purposes of giving jurisdiction, any sale of intoxicating liquor on an aircraft shall be deemed to have taken place either where it has actually taken place or in any place in which the aircraft may be found.”

[EN]

Tobac do dhíol in aer-árthach.

9.—(1) Beidh feidhm agus éifeacht ag alt 12 (a bhaineann le tobac do dhíol i gcarráistí iarnróid fé cheadúnas mháil) den Revenue Act, 1884, maidir le haer-árthaighe agus dílseánaigh aerárthach fé mar atá feidhm agus éifeacht aige maidir le carráistí iarnróid agus cuideachtana iarnróid.

[EN]

(2) Chun dlínse do thabhairt, is tuigthe, i gcás aon tobac in aer-árthach, é dhíol san áit inar díoladh é iarbhfír no d'eile in áit ar bith ina bhfuighfear an t-aer-árthach.

[EN]

Leasuithe ar an diúité siamsa.

10.—(1) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “diúité siamsa” an diúité máil dá ngairmtear “entertainments duty” in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus is inéilithe fén alt san,

[EN]

cialluíonn an focal “fáltais”, maidir le siamsa, iomlán na n-íocaíocht as dul isteach chun an tsiamsa,

[EN]

cialluíonn an focal “costais”, maidir le siamsa, iomlán an airgid a caithfear alos an tsiamsa, pé duine sholáthróidh an t-airgead san no pé áit as a soláthrófar é,

[EN]

cialluíonn an abairt “sochar glan”, maidir le siamsa, an méid a bheidh ag fáltais an tsiamsa ar chostais an tsiamsa.

[EN]

(2) Ní déanfar, an 1adh lá de Lúnasa, 1943, ná dá éis, diúité siamsa d'éileamh ná do ghearradh ar íocaíochta as dul isteach chun aon tsiamsa a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh—

[EN]

(a) gan aon chostas do bhaint leis an siamsa, agus gur chun crícheanna oideachais no daoncharadais no carthannachta iomlán na bhfáltas as an siamsa agus gur chuca san a húsáidfear é, no

[EN]

(b) gur siamsa oideachasúil ar fad an siamsa, no

[EN]

(c)      (i) an siamsa do bheith á chur ar siúl ag Connradh na Gaedhilge no é bheith á chur ar siúl ag cumann no eagras éigin eile a gcuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina thaobh gurb é a phríomhchuspóir úsáid na Gaedhilge do leathnú, agus

[EN]

(ii) i gceachtar cás gur chun úsáid na Gaedhilge do leathnú iomlán an tsochair ghlain as an siamsa agus gur chuige sin a húsáidfear é.

[EN]

(3) Gach ceist no aighneas i dtaobh siamsa do bheith no gan é bheith ina shiamsa oideachasúil ar fad do réir bhrí míre (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so isé an tAire Oideachais do bhéarfaidh breith air agus ní bheidh dul thar a bhreith-sean air.

[EN]

(4) Aon uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh iomlán an tsochair ghlain as siamsa comórfar an 1adh lá de Lúnasa, 1943, no dá éis gur chun crícheanna oideachais no daoncharadais no carthannachta é agus gur chuca a húsáidfear é agus nár mhó costais an tsiamsa ná tríocha fén gcéad d'fháltais an tsiamsa, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncuim an diúité siamsa i leith an tsiamsa san do mhaitheamh no an diúité sin a bheidh íoctha ina leith d'aisíoc.

[EN]

(5) I gcás duine do chur sreatha siamsaí ar siúl san aon áit amháin agus chun an aon chríche amháin, is tuigthe, maidir lena dhéanamh amach cadé an céadchodán de na fáltais as na siamsaí sin a sheasuíonn do chostais, oiread de na siamsaí sin a comórfar i rith pé tréimhse ama chinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim do bheith ina n-aon tsiamsa amháin.

[EN]

(6) Chun deireadh chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo i dtaobh na bhfocal “dul isteach go dtí aon dáil rinnce no damhsa” i bhfo-alt (2) d'alt 25 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), go bhfoluíd, agus gur fholuíodar riamh, dul isteach go dtí dáil rinnce no damhsa chun rinnce do dhéanamh no páirt do ghlacadh ar shlí eilé sa dáil rinnce no sa damhsa san chó maith le dul isteach go dtí an dáil rinnce no an damhsa san chun bheith ag féachaint air.

[EN]

(7) Déantar leis seo fo-alt (5) d'alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, d'athghairm amhail ar an 1adh lá de Lúnasa, 1943, agus ón lá san amach.

[EN]

Comhacht chun diúité d'aisíoc no do mhaitheamh i gcásanna áirithe

11.—(1) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earra indiúité do hiomportáladh roimh dháta an Achta so do rith no a hiomportálfar dá éis sin,—

[EN]

(a) gur híocadh go cuibhe an diúité custum dob iníoctha ar an earra san le linn í d'iomportáil, agus

[EN]

(b) go bhféadfaí go dleathach, ach ná dearnadh, ceadúnas do dheonadh d'iomportálaidhe na hearra san roimh í iomportáil chun an earra san d'iomportáil gan an diúité sin d'íoc no ar mhéid ba lugha ná méid iomlán an diúité sin d'íoc, agus

[EN]

(c) gurb amhlaidh bhí—

[EN]

(i) i gcás gurb é fé ndear gan an ceadúnas san do dheonadh amhlaidh ná teip i bpáirt an iomportálaidhe sin maidir le hiarratas cuibhe (gus na scríbhinní uile is gá no is cóir) do dhéanamh ag lorg an cheadúnais sin roimh an earra san d'iomportáil, nach aon fhaillighe ná mainneachtain inmhilleáin i bpáirt an iomportálaidhe sin ba chúis leis an teip sin, no

[EN]

(ii) i gcás gan aon teip den tsórt san do bheith ann i bpáirt an iomportálaidhe sin, nach aon fhaillighe ná mainneachtain inmhilleáin i bpáirt an iomportálaidhe sin fé ndear gan an ceadúnas san do dheonadh amhlaidh,

[EN]

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncuim, más dóich leo as a gcomhairle féin gur cóir san do dhéanamh agus más deimhin leo é bheith ceart sa chás, aisíoc do dhéanamh leis an iomportálaidhe sin san oiread (pé aca an t-iomlán no cuid é) den diúité sin a bheidh íoctha aige amhlaidh ná beadh iníoctha dá ndeontaí an ceadúnas san roimh an earra san d'iomportáil.

[EN]

(2) Aon uair a cuirfear ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur thárla milleadh no léar-chailliúint d'earra indiúité tar éis í d'iomportáil ach roimh an oifigeach custum do thógaint chuntais ina taobh, féadfaidh na Coimisinéirí an diúité custum is inéilithe ar an earra san ar í d'iomportáil do mhaitheamh no, má bhíonn sé íoctha cheana, é d'aisíoc.

CUID III.

Cain Bhrabuis Chorparaide.

[EN]

Alt 47 den Acht Airgid, 1932, dá leasú.

12.—Déanfar mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932), do léiriú agus beidh éifeacht aici maidir le gach tréimhse chuntasaíochta, arna críochnú roimh dháta-an Achta so do rith no dá éis, fé is dá ndéantaí na focail “which by its constitution is precluded from distributing any profits amongst its members” atá anois sa mhír sin do scrios aisti agus na focail “which was immediately before the fifth day of May, 1943, precluded by its constitution from distributing any profits amongst its members and remains continuously so precluded from that date” do chur isteach sa mhír sin in ionad na bhfocal san a scriosfaí aisti amhlaidh.

[EN]

Leasú ar fhorálacha áirithe bhaineann le brabúis d'áireamh.

13.—(1) Déantar leis seo na hachtacháin seo leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), arna leasú le fo-alt (1) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942), agus

[EN]

(b) mír (a) d'fho-alt (2) den alt san 16 den Acht Airgeadais, 1942, agus

[EN]

(c) mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), arna leasú le fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942), agus

[EN]

(d) fo-alt (2) den alt san 17 den Acht Airgeadais, 1942,

[EN]

do leasú fé seach, chun na críche luaidhtear sa chéad fho-alt eile den alt so, tríd an abairt “naoi fén gcéad sa bhliain” do chur in ionad na habairte “seacht go leith fén gcéad sa bhliain”, i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin sna hachtacháin sin fé seach, agus tríd an abairt. “deich go leith fén gcéad sa bhliain.” do chur in ionad na habairte “naoi fén gcéad sa bhliain” i ngach áit ina bhfuil an abairt deiridh sin sna hachtacháin sin fé seach.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht ag na leasuithe iomdha déantar leis an bhfo-alt san roimhe seo den alt so ach amháin maidir le haon áireamh, chun crícheanna cánach brabúis chorparáide bhreise, déanfar fé threoir na mbrabús so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) brabús eireoidh no d'eirigh i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1adh lá d'Eanar, 1943, no dáta dá éis sin, agus

[EN]

(b) brabús eireoidh no d'eirigh sa chuid i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1942, de thréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1adh lá d'Eanar, 1943, agus dar críoch an lá san no dáta dá éis.

[EN]

(3) Déanfar gach cionroinnt is gá chun crícheanna na bhforálacha san roimhe seo den alt so maidir le tréimhse chuntasaíochta dar tosach dáta roimh an 1adh lá d'Eanar, 1943, agus dar críoch an lá san no dáta dá éis, agus is amhlaidh a déanfar gach cionroinnt den tsórt san do réir faideanna fé seach na coda den tréimhse chuntasaíochta san roimh an 1adh lá d'Eanar, 1943, agus na coda dhi i ndiaidh an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1942.

[EN]

(4) Léighfear agus léireofar an t-alt so i dteanta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú no arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus, go sonnrach, léighfear agus léireofar é i dteanta Coda V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), agus Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942).

CUID IV.

Diuitethe Stampa.

[EN]

Diúité stampa ar leithlithe agus aistrithe deontacha áirithe.

14.—Athghairmtear leis seo fo-alt (6) d'alt 74 (a bhaineann le diúité stampa ar leithlithe agus aistrithe deontacha inter vivos) den Finance (1909-10) Act, 1910, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná beidh feidhm ná éifeacht ag fo-ailt (1) go (5) den alt san 74 agus gur tuigthe ná raibh feidhm ná éifeacht riamh aca maidir le leithlithe no aistrithe d'aon aicme aca so leanas (pé aca luaidhtear no ná luaidhtear sa leithliú no san aistriú na tosca ar dá mbuadh is d'aon aicme den tsórt san an leithliú no an t-aistriú), sé sin le rá, leithliú no aistriú—

[EN]

(a) a déantar ar chomaoin nóiminiúil chun aisíoc réimhíoca no iasachta d'urrú, no

[EN]

(b) a déantar chun ceapadh iontaobhaidhe nua no scur iontaobhaidhe (pé aca ráite no tuigthe don iontaobhas) do thabhairt in éifeacht, no

[EN]

(c) ná déantar aon leas tairbheach sa mhaoin a leithlítear no a haistrítear do thabhairt fé, no

[EN]

(d) a déantar chun tairbheora ag iontaobhaidhe no duine eile i bhfeidhmeannas iontaobhais fé iontaobhas ar bith pé aca ráite no tuigthe dhó, no

[EN]

(e) is deimhne dí-eantáillithe ná teoranuíonn aon eastát nua seachas eastát i mbith-dhílse i neach dí-eantáillithe na maoine.

[EN]

Deimhnithe féichiúnais áirithe do shaoradh o dhiúité stampa.

15.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “deimhniú féichiúnais” scríbhinn, pé aca séaluithe dhi le séala oifigiúil an Aire Airgeadais no sighnithe ag an Aire sin no ag duine dá oifigigh go n-údarás aige uaidh chuige sin, trína ndéanann an tAire sin no aon oifigeach den tsórt san go n-údarás aige amhlaidh a dheimhniú (go follas no go foluitheach) cadé méid féichiúnas an Stáit no féichiúnas chiste phuiblí de chuid an Stáit maidir le airgead no urrúis no maidir le airgead agus urrúis do tógadh ar iasacht o dhuine áirithe ag an Aire sin agus é ag feidhmiú comhachta bronntar air le reacht.

[EN]

(2) Ní bheidh aon deimhniú féichiúnais ná aon chó-aontú, admháil, bille malairte, nóta geallúna, morgáiste, banna, cumhnant, ná ionstruim is cuid no páirt de dheimhniú féichiúnais agus a bhaineann leis an eadarbheart lena mbaineann an deimhniú san ná i gcás deimhnithe fhéichiúnais fé dháta is túisce ná dáta an Achta so do rith, ní raibh sé riamh ionchurtha fé aon diúite stampa in aon chor, agus ní bheidh cosc ar aon deimhniú féichiúnais ná aon ionstruim den tsórt san réamhráite is cuid no páirt de dheimhniú féichiúnais a thabhairt i bhfianaise no a chur ar fáil chun críche ar bith de bhíthin amháin gan aon diúité stampa do bheith íoctha ina thaobh.

[EN]

Diúitéthe stampa ar dheimhnithe muirir de chuid Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.

16.—Chun deireadh chur le hamhrais, dearbhuítear agus achtuítear leis seo go ndéanfar an abairt “deimhniú muirir” i ngach áit ina bhfuil sí i bhfo-alt (1) d'alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 (Uimh. 5 de 1929), do léiriú agus go mbeidh éifeacht aici agus gur tuigthe, amhail o dháta an Achta Cáirde Talmhaíochta, 1929 (Uimh. 30 de 1929), do rith, éifeacht do bheith riamh aici mar abairt fholuíonn deimhnithe muirir arna dtabhairt amach ag Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, tar éis dáta an Achta Cáirde Talmhaíochta, 1929, adubhradh, do rith, chó maith le deimhnithe muirir do thug an Chorparáid sin amach roimh dháta an Achta san do rith.

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

[EN]

Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) d'athbhunú.

17.—(1) San alt so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais,

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-alt” alt 34 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929);

[EN]

cialluíonn an abairt “an Ciste” Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) do bunuíodh de bhun an Phríomh-ailt;

[EN]

tá leis an abairt “cairteacha coigiltis” an bhrí ceaptar di le fo-alt (5) den Phríomh-alt chun crícheanna an ailt sin;

[EN]

i gcás ina gceaduíonn an có-théacs é, léireofar tagairtí d'airgead a bheidh i gcreidiúnas do Chuntas agus beidh éifeacht aca mar thagairtí fholuíonn tagairtí do shuncála bheidh de thurus na huaire ina gcuid den Chuntas san.

[EN]

(2) Isé gairmfear feasta den Chiste ná Cúl-Chiste na gCairteacha Coigiltis in ionad na hainme bheirtear dó leis an bPríomh-alt, agus is tuigthe éifeacht do bheith ag an athrú ainme sin amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus ón lá san amach.

[EN]

(3) Beidh an Ciste códhéanta agus is tuigthe é bheith códhéanta riamh, amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus dá éis, de dhá chuntas, a dtabharfar ar cheann aca agus a ngairmtear de san alt so an Cúl-chuntas Colna agus a dtabharfar ar an gceann eile agus a ngairmtear de san alt so an Cúl-chuntas Uis.

[EN]

(4) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCiste do shuncáil de bhun fo-ailt (2) den Phríomh-alt agus maidir le suncála eile is cuid den Chiste, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar suncála d'airgead a bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do chur i gcrcidiúnas don Chuntas san;

[EN]

(b) déanfar suncála d'airgead a bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis do chur i gcreidiúnas don Chuntas san;

[EN]

(c) déanfar ioncum a thiocfaidh as suncála bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do chur i gcreidiúnas don Chuntas san;

[EN]

(d) déanfar ioncum a thiocfaidh as suncála bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis do chur i gcreidiúnas don Chuntas san;

[EN]

(e) aon uair is gá, do réir no fé réim an ailt seo no ar shlí eile do réir dlí, airgead d'íoc amach as an gCúl-chuntas Colna no as gCúl-chuntas Uis, is dleathach go ndíolfaí pé méid (más ann), de na suncála bheidh i gcreidiúnas an uair sin don Chuntas as ar gá amhlaidh an íocaíocht san do dhéanamh, is leor chun an íocaíocht san do dhéanamh;

[EN]

(f) an tagairt atá i bhfo-alt (2) den Phríomh-alt d'iarmhéidí bheidh i gcreidiúnas don Chiste léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt fholuíonn tagairt d'iarmhéidí bheidh i grceidúnas do cheachtar de na Cuntais dá mbeidh an Ciste códhéanta, agus an tagairt atá sa bhfo-alt san d'íocaíochta as an gCiste a húdaruítear leis an bPríomh-alt léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt fholuíonn tagairt d'íocaíochta a húdaruítear leis an alt so as an gCiste no as ceachtar de na Cuntais sin dá mbeidh sé códhéanta.

[EN]

(5) Is dleathach don Aire, má mheasann agus a mhinice mheasfaidh san do bheith ceart, pé suimeanna mheasfaidh is ceart alos airgid a bheidh faighte ag an Stát-Chiste as díol cairteacha coigiltis do thabhairt amach agus d'íoc as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis isteach sa Chiste, agus déanfar an t-airgead uile a híocfar isteach sa Chiste amhlaidh do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna.

[EN]

(6) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCúl-chuntas Colna, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar an tsuim de thrí chéad míle punt (agus suncála sheasuíonn don tsuim sin d'áireamh) do haistríodh chun an Chiste agus do híocadh leis de bhun míre (b) d'fho-alt (3) d'alt 60 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 (Uimh. 22 de 1942), do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna, agus is tuigthe í chur i gcreidiúnas amhlaidh an 1adh lá d'Abrán, 1943;

[EN]

(b) íocfar leis an gCiste agus aistreofar chuige agus cuirfear i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna an t-airgead agus na suncála uile (más ann) ordóidh an tAire o am go ham, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bheidh tugtha dhó chuige sin le dlí, d'íoc agus d'aistriú agus do chur i gcreidiúnas amhlaidh;

[EN]

(c) déanfar an t-airgead a bheidh o am go ham i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do choimeád mar chúl i gcoinnibh na freagarthachta i gcolainn aon airgid a bheidh tógtha ar iasacht ar urrús cairteacha coigiltis:

[EN]

(d) aon uair agus a mhinice chífear don Aire an t-airgead a bheidh i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna do bheith níos mó ná an méid a bheidh ag teastáil do réir réasúin mar chúl i gcoinnibh na freagarthachta i gcolainn aon airgid a bheidh tógtha ar iasacht agus a bheidh gan aisíoc an uair sin ar urrús cairteacha coigiltis, féadfaidh an tAire, má mheasann san do bheith ceart, a ordú go n-aistreofar agus go n-íocfar as an gCúl-chuntas Colna isteach sa Stát-Chiste, chun no mar chabhair chun aisíoctha suimeana bheidh íoctha as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis in aisíoc colann aon airgid a bheidh tógtha ar iasacht ar urrús cairteacha coigiltis, pé méid (pé aca an t-iomlán no cuid é) a mheasfaidh an tAire do bheith ceart den bhreis a bheidh ag an airgead a bheidh an uair sin i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Colna ar an méid a chífear dó do bheith ag teastáil do réir réasúin mar adubhradh.

[EN]

(7) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an gCúl-Chuntas Uis, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar na suncála agus an t-airgead do bhí i gcreidiúnas don Chiste díreach roimh an 1adh lá d'Abrán, 1943, do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis, agus is tuigthe iad do chur i gcreidiúnas don Chuntas san ar an dáta san;

[EN]

(b) déanfar an t-airgead uile do híocadh no a híocfar leis an gCiste fé fho-alt (1) den Phríomh-alt tar éis an 1adh lá d'Abrán, 1943, do chur i gcreidiúnas don Chúl-chuntas Uis;

[EN]

(c) beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (3) den Phríomh-alt, amhail ar an 1adh lá d'Abrán, 1943, agus ón lá san amach, maidir leis an gCúl-chuntas Uis amháin agus dá réir sin, na tagairtí atá sa bhfo-alt san don Chiste léireofar iad agus beidh éifeacht aca mar thagairtí don Chúlchuntas Uis agus is tuigthe an éifeacht san do bheith aca amhail ar an dáta san agus dá éis.

[EN]

(8) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir d'aon tagairt don Chiste atá in aon Acht do ritheadh tar éis an Príomh-alt d'achtú agus roimh an alt so d'achtú agus, dá réir sin, leanfaidh gach tagairt den tsórt san d'éifeacht do bheith aici fé is ná hachtófaí an t-alt so.

[EN]

Ré príosúntachta mar gheall ar gan cáin no diúité d'íoc.

18.—I gcás cúirt dlínse inniúla dá ordú (pé aca roimh dháta an Acht so do rith no dá éis sin é) duine do chur i bpríosún mar gheall ar neamh-íoc suime airgid do bhí no bheidh dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phrímh-Chiste maidir le haon cháín no diúité fé chúram agus bainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim, údaruítear, leis seo, do na Coimisineirí Ioncuim agus ceangaltar ortha, a ordú, ar an Acht so do rith no i gceann sé mí o dháta an orduithe á ordú an duine sin do chur i bpríosún (pé aca is déanaighe), an duine sin do scaoileadh saor as príosún pé aca bheidh an tsuim ar mar gheall a neamh-íoc a horduíodh an duine sin do chur i bpríosún íoctha no ná beidh.

[EN]

Airgead d'aistriú ón Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

19.—D'fhonn airgead do sholáthar chun éilithe generálta thuitfidh ar an bPrímh-Chiste d'íoc, déanfar suim céad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach an Stát-Chiste pé tráth no trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1944, agus pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Cúram agus bainistighe cánacha agus diúitéthe.

20.—Cuirtear fé chúram agus fé bhainistighe na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo na cánacha agus na diúitéthe uile forchuirtear leis an Acht so.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú, agus tosach feidhme.

21.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1943, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar Cuid I den Acht so i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid II den Acht so, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, i dteannta na nAchtanna Custum agus, sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, i dteannta na reachtanna bhaineann leis na diúitéthe máil agus le bainistighe na ndiúitéthe sin.

[EN]

(3) Is tuigthe Cuid I den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1943, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá san agus ón lá san amach.