[EN]

Uimhir 32 de 1929.


[EN]

ACHT AIRGID, 1929.


ACHT CHUN DIÚITÉTHE ÁIRITHE DE CHUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRA, CHUN AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTUIM AGUS IONCUM DÚITHCHE, MARAON LE MÁL, DO LEASÚ AGUS CHUN TUILLE FORÁLACHA I dTAOBH AIRGID DO DHÉANAMH. [1adh Lúnasa, 1929.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Cain Ioncuim.

[EN]

Cáin Ioncuim agus for-cháin in aghaidh na bliana 1929-30.

1.—(1) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, éileofar Cáin Ioncuim do réir thrí scillinge fén bpunt.

[EN]

(2) In aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, éileofar for-cháin do réir na rátaí céanna gur dá réir do héilíodh í in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1928.

[EN]

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1928, i dtaobh cánach ioncuim agus for-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na for-chánach a héileofar mar adubhradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1929.

[EN]

Debentiúirí, etc., Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.

2.—(1) Tuigfar debentiúirí, stoc debentiúra agus deimhnithe muirir a bheidh tugtha amach ag Corparáid an Cháirde Thalmhaíochta Teoranta do bheith ina n-urrúsanna a tugadh amach fé údarás an Aire Airgid do réir bhrí alt 2 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), agus bainfidh an t-alt san leis an scéal dá réir sin.

[EN]

(2) In ainneoin éinní atá i mír (l) de Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, no i Rialacha 19, 20 agus 21 de sna Rialacha Generálta a bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Acht san, nuair a beifear, chun crícheanna cáinmheasa fén Sceideal san D, ag áireamh méid proifit no sochar Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta, in aghaidh aon tréimhse dá ndéanfar suas cuntaisí lomhálfar, mar laigheadú, méid an úis ar dhebentiúirí, ar stoc dhebentiúra agus ar dheimhnithe muirir do híocadh, le hordú ón Aire Airgid fé alt 2 den Acht Airgid, 1924, fé mar a cuirtar i mbaint é tríd an alt so, gan cáin in aghaidh na tréimhse sin do bhaint as.

[EN]

(3) Cuirfar le Riail I. de Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, an clás so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

“(h) interest on debentures, debenture stock or certificates of charge issued by The Agricultural Credit Corporation, Limited, in cases where such interest is paid without deduction of tax.”

[EN]

(4) San alt so tá an brí céanna leis an abairt “deimhniú muirir” atá léi san Acht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927).

[EN]

Cáinmheasa fé Sceidil A agus B.

3.—(1) Maidir le cáinmheasa fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918—

[EN]

(a) isiad na cigirí cánach no pé oifigigh eile a cheapfidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin a dhéanfidh iad, agus

[EN]

(b) déanfar iad in aghaidh na n-áitreabh fé seach agus beid ar na háitreibh fé seach atá suidhte i gcontae riaracháin, i gcontae-bhuirg, i gceanntar chontae, no i pé ceanntar eile fé mar a ordóidh na Coimisinéirí sin.

[EN]

(2) Nuair a bheidh cáinmheasa fé Sceidil A agus B déanta cuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim fé ndeár fógra do thabhairt, i pé slí is oiriúnach leo, i dtaobh na gcáinmheas san agus i dtaobh na haimsire a lomhálfar chun fogra athchomhairc do thabhairt.

[EN]

(3) Féadfar aon fhógra den tsórt san do thabhairt—

[EN]

(a) tré fhógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus i dhá bpáipeur ar a laighead de sna páipéirí nuachta laethiúla a foillsítear i Saorstát Éireann a rá go bhfuil na cáinmheasa lóisteálta le cigirí cánach na gceanntar fé seach chun go bhféadfidh an duine a cáinmheasadh iad d'iniúcha, agus ag luadh na haimsire a lomhálfar chun fógra athchomhairc i gcoinnibh na gcáinmheas san do thabhairt, no

[EN]

(b) tré n-a chur fé ndeár go seachadfar do gach duine a cáinmheasadh fógra i dtaobh méid a cháinmheasa agus i dtaobh na haimsire a lomhálfar chun fógra athchomhairc do thabhairt.

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis rithte an Achta so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin.

[EN]

Cáinmheasa fé Sceidil D agus E.

4.—(1) Isiad na cigirí cánach no pé oifigigh eile a cheapfidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin a dhéanfidh cáinmheasa fé Sceidil D agus E den Income Tax Act, 1918, ach amháin—

[EN]

(a) na cáinmheasa san go dtugtar comhacht do sna Coimisinéirí Speisialta iad do dhéanamh fé alt 124 den Income Tax Act, 1918, no fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D den Acht san, no fé Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E den Acht san, agus

[EN]

(b) cáinmheasa le n-a mbaineann alt 68 den Income Tax Act, 1918, agus

[EN]

(c) na cáinmheasa san go dtugtar comhacht d'oifigigh no do dhaoine a cheap na Coimisinéirí Ioncuim iad do dhéanamh fé fho-alt (3) d'alt 11 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923).

[EN]

(2) Tabharfidh an cigire cánach do gach duine a cáinmheasadh fógra cuibhe i dtaobh gach cáinmheasa den tsórt san a dhin sé agus i dtaobh a mhéide agus i dtaobh na haimsire a lomhálfar chun fógra athchomhairc ina choinnibh do thabhairt.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis rithte an Achta so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin.

[EN]

Athchomhairc i gcoinnibh cáinmheas chun cánach ioncuim.

5.—(1) Duine ar a ngoillfidh aon cháinmheas chun cánach ioncuim a dhin an cigire cánach, no pé oifigeach eile a cheapfidh na Coimisinéirí Ioncuim chuige sin, air beidh teideal aige athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar fhógra i scríbhinn do thabhairt, laistigh de lá is fiche tar éis dáta fógra an cháinmheasa no tar éis dáta an fhógra fé alt 3 den Acht so go bhfuiltear tar éis cáinmheasa do dhéanamh (pe'ca aca é), don chigire cánach no don oifigcach eile sin adubhradh no, i gcás cáinmheasa fé alt 124 den Income Tax Act, 1918, do Chléireach na gCoimisinéirí Speisialta.

[EN]

(2) Ceapfidh na Coimisinéirí Speisialta na hamannta agus na háiteanna chun athchomharcanna i gcoinnibh na gcáinmheas d'éisteacht, agus tabharfidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta fógra don chigire cánach no don oifigeach eile sin mar adubhradh i dtaobh na n-am agus na n-áit sin agus tabharfidh an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh fógra do gach duine a thug fógra athchomhairc agus nár tharraig siar an fógra athchomhairc sin i dtaobh an ama agus na háite a ceapadh chun a athchomharc d'éisteacht.

[EN]

(3) Más rud é, roimh an am a ceapadh chun athchomharc d'éisteacht, go ndéanfar có-aontú idir an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh agus an duine a cáinmheasadh no a ghníomhaire cuibhe-údaruithe i dtaobh an cháinmheasa is abhar don athchomharc, féadfidh an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh an cáinmheas do leasú dá réir sin agus deighleálfar ansan leis an bhfógra athchomhairc mar fhógra a tarraigeadh siar agus beidh feidhm agus éifeacht ag an gcáinmheas leasuithe sin díreach fé is dá mba cháinmheas é ná tabharfí aon fhógra athchomhairc ina thaobh.

[EN]

(4) Déanfidh na Coimisinéirí Speisialta na hathchomhairc uile i gcoinnibh cáinmheas chun cánach ioncuim d'éisteacht agus breith do thabhairt ortha, agus beidh a mbreith ar aon athchomharc den tsórt san ina breith dheiridh gan aon dul tháirse, mara n-éilighidh an duine a cáinmheasadh go n-ath-éistfí a athchomharc fé alt 196 den Income Tax Act, 1918, no mara n-éilítear fén Acht san go ndéanfaí cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte air d'fháil.

[EN]

(5) In ainneoin éinní contrárdha dho san atá in aon Acht, féadfidh Coimisinéir Speisialta amháin athchomharc i gcoinnibh cáinmheasa a héistfar tar éis rithte an Achta so d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

[EN]

(6) Mara ndinidh duine dar tugadh fógra cáinmheasa fógra athchomhairc do thabhairt no má dhineann duine do thug fógra athchomhairc faillí no diúltú maidir le teacht i láthair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a ceapadh chun athchomharcanna d'éisteacht beidh -an cáinmheas a dineadh air ina cháinmheas dheiridh gan aon dul thairis.

[EN]

(7) Má dintar tré iarratas i scríbhinn a thaisbeáint chun sástachta na gCoimisinéirí Speisialta gur coisceadh aon duine, tré nea-láithreacht no breoiteacht no cúis réasúnta eile, ar fhógra athchomhairc do thabhairt in am tráith no ar bheith i láthair le linn éisteacht athchomhairc an lá a ceapadh chuige sin, féadfid an t-am do chur i bhfaid chun fógra athchomhairc do thabhairt no éisteacht a athchomhairc do chur siar go ceann pé ama réasúnta is riachtanach dar leo no féadfid a cheadú d'aon ghníomhaire a bheidh údaruithe thar a cheann an t-athchomharc do dhéanamh.

[EN]

(8) Léireofar fo-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgid, 1927 (Uimh. 18 de 1927), agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí tagairt d'fho-alt (7) den alt so do chur in ionad na tagairte atá ann d'fho-alt (3) d'alt 136 den Income Tax Act, 1918.

[EN]

(9) Gach ath-éisteacht athchomhairc a dhéanfidh an Chúirt Chuarda fé alt 196 den Income Tax Act, 1918, is in camera a déanfar í agus gach éisteacht cáis aithriste a dhéanfidh an Ard-Chúirt no an Chúirt Uachtarach fé alt 149 den Acht san no fén alt san mar a leathnuítear é le halt 10 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), is in camera a déanfar í más mian san leis an duine gurb í a ionmhuirearacht chun cánach is abhar don chás.

[EN]

(10) Beidh éifeacht ag an alt so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin, agus bainfe sé, agus na hatharuithe riachtanacha air, le hathchomhairc i gcoinnibh cáinmheas chun barra-chánach agus for-chánach.

[EN]

Liúntas, laigheadú no faoiseamh do dheona.

6.—(1) In ainneoin éinní atá in alt 202 den Income Tax Act, 1918, no in aon achtachán eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim, féadfidh an cigire cánach no an t-oifigeach eile sin mar adubhradh aon liúntas, laigheadú no faoiseamh a húdaruítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim do dheona le linn do aon cháinmheas do dhéanamh, no le linn do aon cháinmheas do leasú fé fho-alt (3) d'alt 5 den Acht so.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an alt so maidir le haon cháinmheas a déanfar tar éis rithte an Achta so i dtaobh cánach is ionmhuirir in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, is cuma an bhliain sin do thosnú roimh rith an Achta so no dá éis sin.

[EN]

Na Coimisinéirí Ioncuim do leasú fuirmeacha reachtúla.

7.—Beidh sé dleathach do sna Coimisinéirí Ioncuim atharuithe do dhéanamh o am go ham ar fhuirmeacha na ndearbhuithe, ar na liostaí agus ar na ráitisí atá sa Cheathrú Sceideal agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Income Tax Act, 1918, fé mar a chífar dóibh a bheith riachtanach chun éifeacht do thabhairt d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncuim.

CUID II.

Basa an Chainmheasa chun Canach Ioncuim d'Atharu.

[EN]

Cáinmheas ar mhaoin áirithe fé Chás I. de Sceideal D.

8.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an alt so, beidh cáin ioncuim maidir leis an maoin sna tailte, sna tionóntacháin, sna hionoighreachtaí no sna hoighreachtaí atá luaidhte sa chéad cholún de Chuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, beidh sí ionmhuirir fén gCás de Sceideal D atá luaidhte sa dara colún den Chuid sin I den Chéad Sceideal san, agus na Rialacha a bhaineann leis an gcás san bainfid leis an scéal dá réir sin fé mar a leasuítear leis an Acht so iad, ach fé réir na bhforálacha atá sa tríú colún den Chuid sin I den Chéad Sceideal san.

[EN]

(2) In ainneoin éinní atá san alt so déanfar ailt 37 agus 39 den Income Tax Act, 1918, agus alt 30 den Finance Act, 1921 (le n-a ndintar socrú chun faoiseamh o cháin ioncuim do thabhairt do dhéarcaisí, do chara-chumainn agus do chlóluchtaí eile áirithe) do léiriú agus beidh éifeacht acu fé is dá dtárluíodh d'aon cháin ioncuim is ionmhuirir de bhua an ailt seo fé Sceideal D in ionad fé Sceideal A go bhfanfadh sí ionmhuirir fé Sceideal A.

[EN]

(3) In aon chás ina bhfeicfar do sna Coimisinéirí Ioncuim é bheith riachtanach no ceart féadfar, in ainneoin éinní atá san alt so, aon tailte, tionóntachán, ionoighreachta, no oighreacht le n-a mbaineann fo-alt (1) den alt so do cháinmheas agus do mhuirearú fé Uimh. 1 de Sceideal A.

[EN]

Cáinmheas fé Sceideal D ar phroifit na bliana caithte.

9.—(1) Na hachtacháin sin sna hAchtanna Cánach Ioncuim le n-a socruítear go ndéanfar cáin ioncuim fé Sceideal D d'áireamh i gcásanna áirithe do réir mhéid iomlán iarmhéid na bproifit no na sochar do réir mheán tréimhse trí mblian no tréimhse is giorra ná trí bliana, scuirfid d'éifeacht do bheith acu, agus aon cháin ioncuim, ar phroifití no ar shochair, is ionmhuirir fé Chás I no fé Chás II de Sceideal D, agus do háireofaí mar adubhradh mara mbeadh an t-alt so, déanfar, fé réir forálacha an Achta so agus na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt so, í d'áireamh do réir mhéid iomlán proifit no sochar na bliana roimh bhliain an cháinmheasa.

[EN]

(2) In ainneoin éinní atá sa bhfo-alt san roimhe seo, déanfar aon duine is ionchurtha fé cháin ioncuim ar phroifití no ar shochair aon chéirde, gairme no slí bheatha a bunuíodh no ar ar tosnuíodh laistigh den bhliain roimh bhliain an cháinmheasa do chur fé cháin ioncuim do réir mhéid iomlán na bproifit no na sochar in aghaidh aon bhliana amháin o am an bhunuithe no an tosnuithe sin, ach beidh teideal aige, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire cánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deire bliain an cháinmheasa, é do chur fé cháin ioncuim do réir mhéid proifit no sochar bliain an cháinmheasa.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt so maidir le háireamh do dhéanamh ar phroifití no ar shochair is ionchurtha fé cháin fé Chás VI. de Sceideal D no do réir na Rialacha a bhaineann leis an gCás san, ach leasófar Riail 2 de sna Rialacha san i dtreo go socrófar ná déanfar in aon chás proifití no sochair is ionchurtha fé cháin amhlaidh d'áireamh do réir mheáin tréimhse is sia ná bliain.

[EN]

Ioncum is ionmhuirir fé Chás III. de Sceideal D.

10.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt anso ina dhiaidh seo, tuigfar, chun na gcrícheanna uile a bhaineann le fiachas i gcáin ioncuim do dhéanamh amach, ioncum no proifití is ionchurtha fé cháin fé Chás III. de Sceideal D, mar a cuirtar leis tré alt 11 den Acht so, do theacht as bun aonair, agus bainfidh forálacha alt 17 den Finance Act, 1922, leis an scéal dá réir sin.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an fo-alt san roimhe seo leis an ioncum ná leis na proifití seo a leanas agus tuigfar an t-ioncum no na proifití sin do theacht as buin deifriúla fé seach, sé sin le rá:—

[EN]

(i) ioncum no proifití is ionmhuirir fé Riail 3 de Chás III. de Sceideal D, agus

[EN]

(ii) profití is ionmhuirir fé Riail 4 de Chás III. de Sceideal D, agus

[EN]

(iii) ioncum as urrúsanna agus as sealbhachaisí in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann gur gá fé Riail 2 de sna rialacha atá i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so an cháin air d'áireamh tré fhéachaint don mhéid den ioncum a fachtar i Saorstát Éireann.

[EN]

(3) Más rud é in aon bhliain cháinmheasa, maidir le haon duine do cuireadh no is ionchurtha fé cháin ar scór ioncuim no proifití fé Chás III. de Sceideal D, fé mar a cuirtar leis tré alt 11 den Acht so, go scuirfidh an duine sin de bheith i seilbh iomlán an bhuin aonair sin ioncuim no proifití a luaidhtear i bhfo-alt (1) den alt so no i seilbh aon cheann áirithe de sna buin go n-orduítear fé fho-alt (2) den alt so an t-ioncum ortha d'áireamh ar leithligh, beidh baint ag alt 12 den Acht so (alt i dtaobh eirghe as céird, gairm no slí bheatha), fé réir na n-atharuithe riachtanacha, leis an scéal in aon chás den tsórt san fé is dá mba ionann scur de sheilbh an bhuin aonair sin no na mbun ndeifriúil sin, pe'ca aca é, agus eirghe as céird.

[EN]

Ioncum as urrúsanna coigríche agus as sealbhachaisí coigríche.

11.—Scuirfidh cáin ioncuim de bheith ionmhuirir fé Chásanna IV. agus V. de Sceideal D fé seach ar an ioncum a luaidhtear sa chéad cholún de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh sí ionmhuirir fén gcás de Sceideal D a luaidhtear sa dara colún den Chuid sin II. den Chéad Sceideal san agus na rialacha a bhaineann leis an gcás san, maraon leis na forálacha den Acht so le n-a leasuítear na Rialacha san, bainfid leis an scéal dá réir sin, ach san fé réir na bhforálacha atá sa tríú colún den Chuid sin II. den Chéad Sceideal san.

[EN]

Eirghe as ceárda, etc.

12.—(1) Má eirítear go buan as céird, gairm no slí bheatha in aon bhliain cháinmheasa, ansan, in ainneoin éinní atá san Acht so—

[EN]

(a) déanfar an duine do cuireadh no is ionchurtha fé cháin ar a scór do chur fé cháin in aghaidh na bliana san do réir mhéid proifit no sochar na tréimhse dar tosach an 6adh lá d'Abrán na bliana san agus dar críoch dáta an eirghe-as, fé réir aon laigheaduithe no cur-igcoinnibh chun a mbeidh teideal aige fén alt den Acht so ina ndintar socrú chun faoiseamh do thabhairt i dtaobh cailliúintí áirithe no fé Riail 13 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D, agus, má cuireadh fé cháin é ar shlí eile seachas do réir na míre seo, aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh, no féadfar cáinmheas breise do dhéanamh air, fé mar is gá sa chás;

[EN]

(b) más mó proifití no sochair na bliana dar críoch an 5adh lá d'Abrán na bliana roimh an mbliain cháinmheasa in ar heiríodh as an gcéird ná an méid 'nar muirearadh an duine dá réir in aghaidh na bliana san roimhe sin, na 'na muirearófaí é dá réir dá mba é ná lomhálfaí aon laigheadú ná cur-i-gcoinnibh den tsórt san roimhráite, féadfar cáinmheas breise do dhéanamh air i dtreo go muirearófar é in aghaidh na bliana san roimhe sin do réir mhéid proifit no sochar na bliana san dar críoch an 5adh lá d'Abrán, fé réir aon laigheaduithe no cur-i-gcoinnibh den tsórt san roimhráite chun a mbeidh teideal aige.

[EN]

(2) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh sé, fén alt so, chun bheith ionchurtha fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadiúirí no ar a riarthóirí, agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as.

[EN]

Leasú ar Riail 11 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D.

13.—(1) Cuirfar an méid seo a leanas in ionad Riail 11 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D:—

[EN]

“11.—(1) Más rud é, aon am tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1931, go dtiocfidh i bpáirtnéireacht daoine a bheidh ag gabháil d'aon chéird, gairm no slí bheatha, atharú de dheascaibh duine no níos mó de sna páirtnéirí d'eirghe as no d'fháil bháis, no de dheascaibh an pháirtnéireacht do scur maidir le duine no níos mó de sna páirtnéirí no maidir le páirtnéir nua do leigint isteach agus san i slí go leanfidh duine no níos mó de sna daoine a bhí go dtí san ag gabháil don chéird, don ghairm no don tslí bheatha de bheith ag gabháil di, no go leanfidh duine a bhí go dtí san ag gabháil d'aon chéird, gairm no slí bheatha ina aonar de bheith ag gabháil di, ach gur mar pháirtnéir i bpáirtnéireacht a leanfa sé dhe, déanfar, in ainneoin an atharuithe, an cháin is iníoctha ag an duine no ag na daoine go mbeidh an cheárd, an ghairm no an tslí bheatha ar siúl acu tar éis an ama san d'áireamh (ach amháin i gcás dá bhforáltar a mhalairt leis an riail seo) do réir phroifit no sochar na céirde, na gairme no na slí bheatha i rith na tréimhse a horduítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfidh na daoine uile do bhí ag gabháil don chéird, don ghairm no don tslí bheatha díreach roimh an atharú agus díreach ina dhiaidh a éileamh, tré fhógra a bheidh sighnithe acu uile no, i gcás duine ná maireann, ag a ionaduithe dlíthiúla do chur chun an chigire chánach laistigh de thrí mhí tar éis an t-atharú do theacht, go ndéanfaí an cháin is iníoctha in aghaidh gach bliana cáinmheasa d'áireamh fé is dá n-eirítí as an gcéird, as an ngairm no as an slí bheatha ar dháta an atharuithe, agus fé is dá ndintí ansan ceárd no gairm no slí bheatha nua do bhunú no do thosnú, agus go ndéanfaí muirear agus íoc na cánach a háireofar amhlaidh in aghaidh aon bhliana do chur ar na daoine sin díobh ar a gcuirfí an cháin dá mbeifí tar éis an t-eirghe-as san agus an bunú no an tosnú san do dhéanamh, déanfar (in ainneoin éinní atá anso roimhe seo) an cháin d'áireamh, do mhuirearú, do bhailiú agus d'íoc dá réir sin.

[EN]

(3) Más rud é, aon am tar éis an 5adh lá d'Abrán, 1931, go dtiocfidh aon duine i seilbh aon chéirde, gairme no slí beatha a bhí ar siúl go dtí san ag duine eile agus nách cás é le n-a mbaineann mír (1) den riail seo, déanfar an cháin is iníoctha in aghaidh gach bliana cáinmheasa ag an duine a thiocfidh i seilbh mar adubhradh d'áireamh fé is dá ndineadh sé an cheárd, an ghairm no an tslí bheatha do bhunú no do thosnú an t-am san, agus déanfar an cháin is iníoctha in aghaidh gach bliana cáinmheasa ag an duine go raibh an cheárd, an ghairm no an tslí bheatha ar siúl aige go dtí san d'áireamh fé is dá mbeifí tar éis eirghe aisti.

[EN]

Sa mhír seo foluíonn tagairt do dhuine tagairt do pháirtnéireacht.

[EN]

(4) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh sé, fé fhoráil na rialach so, chun bheith ionchurtha fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadiúirí no ar a riarthóirí, agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as.”

[EN]

(2) I gcás inar tugadh faoiseamh fé Riail 11 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D ar scór laigheadú do tháinig ar phroifit no ar shochar ar chúis áirithe éigin o am no de dheascaibh atharuithe i bpáirtnéireacht daoine a bhí ag gabháil d'aon chéird no gairm no o am no de dheascaibh teacht-i-seilbh céirde no gairme, atharú no teacht-i-seilbh a thárla laistigh den bhliain dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, ansan, an duine no na daoine a bheidh, tar éis an atharuithe no an teacht-i-seilbh, ionchurtha fé cháin ar scór proifit no sochar na céirde no na gairme beidh teideal acu, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire cánach ar dháta nách déanaí ná an 5adh lá de Dheire Fomhair, 1932, iad do chur fé cháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1931, fé is dá ndintí an cheárd no an tslí bheatha do bhunú no do thosnú ar dháta an atharuithe no an teacht-i-seilbh roimhráite, agus má híocadh an cháin a cuireadh ortha aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh.

[EN]

(3) Tiocfidh an t-alt so i ngníomh an 6adh lá d'Abrán, 1931.

[EN]

Faoiseamh i dtaobh cailliúintí áirithe.

14.—(1) I gcás ina dtárlóidh cailliúint (a bheidh le háireamh sa tslí chéanna ina n-áireofaí proifití no sochair fé sna rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D) do dhuine in aon chéird, gairm no slí bheatha a bheidh ar siúl aige, ina aonar no i bpáirtnéireacht, cailliúint nár tugadh faoiseamh iomlán ina taobh fé alt 34 den Income Tax Act, 1918 (alt a bhaineann le faoiseamh i dtaobh cailliúintí áirithe), ná fé Riail 13 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D (le n-a ndintar socrú chun cailliúintí do chur i gcoinnibh proifit no sochar i gcéird áirithe) ná fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim, féadfa sé a éileamh go ndéanfaí aon pháirt den chailliúint nár tugadh faoiseamh ina taobh amhlaidh do bhreith ar aghaidh agus, chó fada agus is féidir é, í do bhaint de mhéid na bproifit no na sochar no í do chur i gcoinnibh méide na bproifit no na sochar 'na gcáinmheasfar é dá réir fé Sceideal D i dtaobh na céirde, na gairme no na slí beatha san in aghaidh na sé mblian cáinmheasa ina dhiaidh sin, ach má tugadh agus sa mhéid gur tugadh faoiseamh i dtaobh aon chailliúna d'aon duine fén alt so ní bheidh an duine sin i dteideal faoiseamh d'éileamh i dtaobh na cailliúna san fé aon fhoráil eile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim.

[EN]

(2) Nuair a beifear ag cur an ailt seo i mbaint le cailliúint do thárla do pháirtnéir i bpáirtnéireacht tuigfar, i dtaobh aon bhliana, gurb é brí atá leis an abairt “méid na bproifit no na sochar 'na gcáinmheasfar é dá réir” ná páirt den mhéid 'na gcáinmheasfar an pháirtnéireacht dá réir fé Sceideal D i dtaobh na céirde, na gairme no na slí beatha, pé páirt a bheadh air, fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim, a chur i gcuntas ar a ioncum iomlán in aghaidh na bliana san.

[EN]

(3) Déanfar aon fhaoiseamh fén alt so do thabhairt, chó fada agus is féidir é, ón gcéad cháinmheas eile in aghaidh aon bhliana laistigh de sna sé bliana san ina dhiaidh sin, agus, sa mhéid nách féidir é do thabhairt amhlaidh, ansan tabharfar é ón gcéad cháinmheas eile den tsórt san agus mar sin de.

[EN]

(4) Má thárluíonn cailliúint—

[EN]

(a) do dhuine i seilbh coillte, agus, dá ndineadh sé proifit, go mbeadh sé, de dhruim é do dhéanamh rogha fé Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal B, ionchurtha fé cháin fé Sceideal D in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin agus í áirmhithe do réir mhéid na proifite sin, no

[EN]

(b) do dhuine i seilbh tailte agus, dá ndineadh sé proifit, go mbeadh sé, de dhruim é do dhéanamh rogha fé Riail 5 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal B, ionchurtha fé cháin fé Sceideal D in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin agus í áirmhithe do réir mhéid na proifite sin;

[EN]

bainfidh an t-alt so leis an scéal i slí is go dtabharfa sé faoiseamh i dtaobh na cailliúna san sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna is dá mba chailliúint do thárlódh i gcéird í:

[EN]

Ach má dintar, in aghaidh aon bhliana tar éis na bliana ina dtárlóidh an chailliúint, an duine dar thárla an chailliúint do cháinmheas fé Sceideal B i dtaobh bheith i seilbh na dtailte a bheidh i gceist ní déanfar i dtaobh na cailliúna san aon laigheadú ná cur-i-gcoinnibh den tsórt san roimhráite do lomháil in aghaidh na bliana san ná in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin.

[EN]

(5) Raghaidh forálacha an ailt seo chó fada san go mbainfid le cailliúint a thárla sa bhliain dar críoch an 5adh lá d'Abran, 1930, no, más rud é gurb é an nós cuntaisí na céirde, na gairme no na slí beatha do dhéanamh suas, sa bhliain go dtuigfí ina taobh, fén gcéad alt eile ina dhiaidh seo den Acht so, gurb í an bhliain roimh an mbliain dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1931, í.

[EN]

Tréimhse chun proifití agus sochair d'áireamh.

15.—(1) Más rud é, i gcás aon chéirde, gairme no slí beatha no i gcás sealbhaíochta aon talmhan a sealbhuítear ar fad no nách mór ar fad i gcóir feirmeoireachta no i gcás sealbhaíochta aon choillte, gurb é an nós cuntaisí do dhéanamh suas:—

[EN]

(a) marar dineadh ach aon chuntas amháin suas go dtí dáta laistigh den bhliain roimh bhliain an cháinmheasa, agus gur cuntas in aghaidh tréimhse bliana é sin, tuigfar, i dtaobh proifit no sochar na bliana dar críoch an dáta san, gurb iad proifití no sochair na bliana roimh bhliain an cháinmheasa iad;

[EN]

(b) marar dineadh aon chuntas in aghaidh tréimhse bliana suas go dtí dáta laistigh den bhliain roimh bhliain an cháinmheasa, no má dineadh níos mó ná aon chuntas amháin suas go dtí dátaí laistigh den bhliain sin, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncuim cadé an tréimhse de dhá mhí dhéag go dtuigfar gurb í an bhliain í go dtuigfar i dtaobh a proifit no a sochar gurb iad proifití no sochair na bliana roimh bhliain an cháinmheasa iad.

[EN]

(2) I gcás na Coimisinéirí Ioncuim do bheith tar éis breith do thabhairt fé mhír (b) den fho-alt san roimhe seo den alt so agus go bhfeicfar dóibh gur cheart, dá druim, an cháin in aghaidh na bliana cáinmheasa deiridh roimhe sin (nár bhliain roimh an mbliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930) ar na proifití no ar na sochair as an mbun gcéanna d'áireamh do réir phroifit no sochar tréimhse có-réire, féadfid orduithe sa chéill sin do thabhairt agus déanfar cáinmheas no cáinmheas breise no aisíoc cánach dá réir sin.

[EN]

(3) Luighfidh athchomharc i gcoinnibh aon cháinmheasa no cáinmheasa bhreise no maidir le haon aisíoc cánach fé fho-alt (2) den alt so, agus is chun na gCoimisinéirí Speisialta a déanfar aon athchomharc den tsórt san agus breithneoidh siad-san gach taobh den scéal agus deonfid pé faoiseamh, más ann do, is ceart, agus beidh a mbreith ina mbreith dheiridh gan aon dul tháirsi mara n-éilighidh an duine do cáinmheasadh go n-ath-éistfí a athchomharc fé alt 196 den Income Tax Act, 1918, no mara n-éileofar fén Acht san cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil air.

[EN]

(4) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh sé, fé fhorálacha an ailt seo, chun bheith ionchurtha fé cháin ioncuim in aghaidh aon bhliana, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadúirí no ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as.

[EN]

Proifití do chionroinnt.

16.—(1) Más rud é, i gcás aon phroifit no sochar is ionchurtha fé cháin fé Chás I., Cás II., Riail 4 de Chás III., no Cás VI. de Sceideal D, gur gá, chun a fháil amach cadiad na proifití no na sochair no cadiad na cailliúintí do bhí ann in aon bhliain cháinmheasa no tréimhse eile, proifití no sochair no cailliúintí aon tréimhse dar dineadh suas cuntaisí do roinnt o chéile agus do chionroinnt ar thréimhsí áirithe no aon phroifití no sochair no cailliúintí den tsórt san no aon choda cionroinnte acu do chó-shuimiú, beidh sé dleathach a leithéid sin de roinnt agus de chionroinnt no a leithéid sin de chó-shuimiú do dhéanamh.

[EN]

(2) Ní léireofar éinní san alt so mar ní a chuireann teora le comhacht na gCoimisinéirí Speisialta maidir le coigeartú cáinmheasa fé Riail 9 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D.

[EN]

(3) Is do réir an méid mí no codán de mhíosa sna tréimhsí fé seach a déanfar aon chionroinnt fén alt so.

[EN]

Atharú ar an mbása cáinmheasa do Sceideal E.

17.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo déanfar Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E do léiriú fé is dá gcuirtí na focail “and shall be computed on the amount of all such salaries, fees, wages, perquisites or profits whatsoever therefrom for the year preceding the year of assessment” in ionad na bhfocal “for the year of assessment.”

[EN]

(2) Ní dhéanfidh éinní san alt so deifir don bhása cháinmheasa i gcás aon oifige no fostaíochta a bheidh ar seilbh no á feidhmiú foth-uair no o am go ham i Saorstát Éireann ag duine ná beidh buan-chomhnaí air ann.

[EN]

(3) Aon laigheadú ar shochar oifige a lomhálfar fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim chun cáinmheas chun cánach ioncuim fé Sceideal E d'áireamh déanfar é tré fhéachaint don méid do híocadh no do fuilingeadh in aghaidh na bliana no na coda den bhliain ar an sochar oifige gur ina thaobh a mbeidh an t-áireamh á dhéanamh.

[EN]

(4) Einne do cáinmheasadh agus do cuireadh fé cháin fé Sceideal E in aghaidh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1929, i dtaobh aon oifige no fostaíochta no aon bhlianachta, pinsin, no dualgais, agus gur do réir mhéid shochar oifige na bliana san do cáinmheasadh agus do cuireadh fé cháin amhlaidh é, beidh teideal aige, ar fhógra i scríbhinn do thabhairt don chigire chánach ar dháta nách déanaí ná an 30adh lá de Mheitheamh, 1931, a éileamh go ndéanfaí aon cháinmheas fé Sceideal E in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1930, i dtaobh na hoifige no na fostaíochta san no na blianachta, an phinsin, no an dualgais sin do laigheadú go dtí méid sochar oifige na bliana deiridh sin a luaidhtear más lú an méid sin ná méid sochar oifige na bliana roimhe sin agus leis sin laigheadófar an cáinmheas amhlaidh agus aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh.

[EN]

(5) I gcás cánach ioncuim is ionmhuirir fé Sceideal E i dtaobh aon oifige no fostaíochta a bheidh ag éinne no i dtaobh aon bhlianachta, pinsin, no dualgais chun a mbeidh teideal ag éinne, déanfar, fé réir a bhforáltar anso ina dhiaidh seo, cáin d'áireamh—

[EN]

(a) maidir leis an gcéad-bhliain cháinmheasa ina mbeidh an duine i seilbh na hoifige no na fostaíochta no ina dtiocfa sé i dteideal na blianachta, an phinsin, no an dualgais, do réir mhéid a shochar oifige an bhliain sin;

[EN]

(b) maidir le blianta cáinmheasa ina dhiaidh sin, do réir mhéid iomlán shochar oifige na bliana roimh an mbliain cháinmheasa, ach má's sa bhliain roimh an mbliain cháinmheasa a bhí an duine i seilbh na hoifige no na fostaíochta no a tháinig sé i dteideal na blianachta, an phinsin, no an dualgais mar an gcéad uair, is do réir mhéid shochar oifige na bliana cáinmheasa a déanfar an t-áireamh.

[EN]

(6) Más rud é, in aon bhliain cháinmheasa, go scuirfidh duine de bheith i seilbh oifige no fostaíochta no de bheith i dteideal blianachta, pinsin no dualgais is ionchurtha fé cháin fé Sceideal E, is do réir mhéid a shochair oifige sa tréimhse dar thosach an 6adh lá d'Abrán na bliana san agus dar chríoch dáta an scuir a cuirfar fé cháin é in aghaidh na bliana san agus, má cuireadh fé cháin é ar shlí eile seachas do réir na forála so, aisíocfar aon cháin sa bhreis do híocadh, no féadfar cáinmheas breise do dhéanamh, fé mar is gá sa chás.

[EN]

(7) Má gheibheann duine bás agus, mara mbeadh a bhás, go dtiocfadh cáin chun bheith ionchurtha air in aghaidh aon bhliana fé réir forálacha an chéad fho-ailt roimhe seo den alt so, déanfar an cháin a bheadh ionchurtha air amhlaidh do cháinmheas agus do chur ar a sheiceadúirí no ar a riarthóirí agus beidh sí ina fiacha a bheidh dlite o n-a estát agus iníoctha as.

[EN]

(8) Má scuireann éinne de bheith i seilbh oifige no fostaíochta fé chuideachtain bhóthair iarainn no de bheith i dteideal aon phinsin a íocann cuideachta bhóthair iarainn, déanfar pé cuid d'aon cháin do cáinmheasadh agus do cuireadh ar an gcuideachtain fé Riail 7 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E i dtaobh na hoifige, na fostaíochta, no an phinsin sin agus nách féidir a bhaint as sochar oifige, do bhailiú agus do thógaint ón duine sin, no o n-a sheiceadúirí no o n-a riarthóirí, do réir mar bheidh, fé is dá mbeadh seisean no iad-san ionchurtha fén gcáin sin agus go gcuirfí air-sean no ortha-san í.

[EN]

(9) Bainfidh alt 8 den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924), (alt le n-a socruítear i dtaobh faoisimh ar scór earráide no dul amú) le cáin do héilíodh fé cháinmheas chun cánach ioncuim do dineadh fé Sceideal E fé mar a bhaineann sé le cáin do héilíodh fé cháinmheas chun cánach ioncuim do dineadh fé Sceideal D.

[EN]

(10) Scuirfidh Rialacha 2, 3 agus 5 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal E d'éifeacht do bheith acu maidir le cáinmheasa fén Sceideal san 'na ndéanfidh an t-alt so deifir don bhása cháinmheasa a bhaineann leo.

[EN]

(11) San alt so cialluíonn an abairt “sochar oifige” gach aon tuarastal, táille, págh, for-liúntas no proifit no sochar a thagann as oifig no as fostaíocht, no suim aon bhlianachta, pinsin, no dualgais do réir mar bheidh.

[EN]

Atharuithe i dtaobh faoisimh o chánachas dúbalta.

18.—Sa mhéid go mbaineann na hAchtanna Cánach Ioncuim (ar a n-áirítear Cuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926) le daoine ina gcomhnaí i Saorstát Éireann, pe'ca ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann ina theanta san dóibh no nách ea, agus le héilithe o dhaoine ina gcomhnaí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, beidh éifeacht acu, fé réir na n-atharuithe atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so, in aghaidh aon bhliana dá mbeidh feidhm ag an gCó-aontú atá leagtha amach i gCuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926), mar a leasuítear é le halt 8 den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928).

[EN]

Leasuithe iarmartacha agus mionleasuithe ar na hAchtanna Cánach Ioncuim.

19.—Na leasuithe a luaidhtear sa dara colún den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, leasuithe atá iarmartach no a bhaineann le mion-nithe, déanfar iad ar na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a luaidhtear sa chéad cholún den Sceideal san.

[EN]

Léiriú agus tosach feidhme Chuid II. agus athghairmeanna.

20.—(1) Sa mhéid go mbainid le nithe le n-a ndeighleáltar sa Chuid seo den Acht so beidh éifeacht ag na hAchtanna Cánach Ioncuim fé réir forálacha na Coda so den Acht so, agus, sa mhéid go bhfuilid buiniscionn leis na forálacha san, scuirfid d'éifeacht do bheith acu, agus, fé réir an mhéide sin roimhráite, léireofar an Chuid seo den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cánach Ioncuim.

[EN]

(2) Tiocfidh an Chuid seo den Acht so i ngníomh an 6adh lá d'Abrán, 1930, ach amháin sa mhéid go bhforáltar a mhalairt go soiléir ach ní bhainfe sí le haon diúitéthe cánach ioncuim do héilíodh roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so, ná le haon achtachán ná cúrsa a bhaineann le haon diúitéthe den tsórt san do héilíodh amhlaidh, agus gach achtachán, i dtaobh cánach ioncuim, a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda so den Acht so leanfa sé d'éifeacht do bheith aige, i dtaobh aon diúitéthe den tsórt san do héilíodh amhlaidh, fé is ná rithfí an Chuid seo den Acht so agus san d'ainneoin na hachtacháin sin do bheith buiniscionn le forálacha na Coda so den Acht so no d'ainneoin go n-athghairmtear go soiléir leis an gCuid seo den Acht so iad.

[EN]

(3) Fé réir forálacha an Achta so beidh na hachtacháin atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmthe ar an 6adh lá d'Abrán, 1930, agus ón lá san amach sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

CUID III.

Custuim agus Mal.

[EN]

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

21.—(1) Na diúitéthe nua iomportála do céad-fhorchuireadh le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh (fé réir an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil agus an diúité ar scannáin fholmha gan pictiúirí ortha agus an diúité ar ghluaisteáin (ar a n-áirítear mótarrothair agus mótar-rothair thréanacha) agus ar chabhartha dhóibh agus ar fhíor-choda dhíobh nách buinn d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1929, le halt 18 den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1929, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1930, fé réir na n-eisceacht roimhráite.

[EN]

(2) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diúitéthe a buanuítear leis an alt so.

[EN]

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

[EN]

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

22.—(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, do céadfhorchuireadh le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1929, le halt 19 den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928), leanfar d'iad d'éileamh, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1929, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1930.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so ach go mbeidh an abairt “Saorstát Éireann” in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

[EN]

Saoirsí ón diúité ar earraí fighte d'olainn no d'olainn snáth-dhúbalta.

23.—(1) Sa mhéid go mbaineann sé le hearraí fighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá de Bhealtaine, 1929, no laistigh de dhá bhliain ina dhiaidh sin, léireofar fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 (Uimh. 5 de 1929) agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí na focail “dhá scilling agus reul” isteach ann in ionad na bhfocal “scilling agus reul” atá anois ann.

[EN]

(2) Pé uair a cuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earra fighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá de Bhealtaine, 1929, no dá éis sin, agus is ionchurtha fén diúité a forchuirtar le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929, gur dineadh i Saorstát Éireann agus gur heasportáladh as í agus gur húcadh í o am na heasportála san ach nár dineadh aon tsaghas eile oibriúcháin uirthi, bainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, leis an earra fhighte sin in ainneoin gur húcadh í amhlaidh lasmuich de Shaorstát Éireann.

[EN]

(3) Pé uair is deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim aon earra fhighte a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 23adh lá de Bhealtaine, 1929, no dá éis sin agus do bheadh, mara mbeadh an fo-alt so, ionchurtha fén diúité a forchuirtar le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929, do bheith ceaptha chun a húsáidthe i ngréasa troscáin no feithiclí agus chuige sin amháin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfí an earra fhighte sin gan an diúité sin d'íoc, no aon diúité den tsórt san do híocadh ar a hiomportáil d'aisíoc.

[EN]

Alt 17 den Acht Airgid, 1928, do leasú.

24.—Léireofar alt 17 den Acht Airgid, 1928 (Uimh. 11 de 1928), agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an focal “gloine” isteach ann díreach i ndiaidh an fhocail “buideul” agus fós díreach i ndiaidh an fhocail “crúsca” san áit ina bhfuil na focail sin fé seach san alt san.

[EN]

Méadú ar na diúitéthe ar fheithiclí áirithe inneall ghluaiste.

25.—(1) Na diúitéthe máil is inéilithe fé alt 13 den Finance Act, 1920, ar na feithiclí inneall-ghluaiste a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, éileofar, gearrfar, agus íocfar iad an ladh lá d'Iúl, 1929, agus ón lá san amach do réir na rátaí a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal san in ionad do réir na rátaí a luaidhtear i mír 3 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926).

[EN]

(2) Ar an 1adh lá d'Iúl, 1929, agus ón lá san amach beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (5) d'alt 20 den Acht Airgid, 1926, fé is dá mba rátaí diúité do bheadh luaidhte sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san na rátaí diúité a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(3) Gach ceadúnas a tógadh amach fé alt 13 den Finance Act, 1920, i dtaobh feithicle inneall-ghluaiste de shaghas a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bheidh i bhfeidhm an 30adh lá de Mheitheamh, 1929, agus ná raghadh in éag go dtí tar éis an lae sin mara mbeadh an fo-alt so, ragha sé in éag um meán oíche an 30adh lá san de Mheitheamh, 1929, agus pé cion den diúité do híocadh fén alt san 13, ar scór na feithicle sin ar thógaint amach an cheadúnais sin, is cothrom leis an tréimhse do leanfadh an ceadúnas san i bhfeidhm tar éis an 30adh lá san de Mheitheamh, 1929, mara mbeadh an fo-alt so, lomhálfar é mar chreidiúint in aghaidh diúité dob iníoctha agus do híocadh ar scór na feithicle sin fén alt san 13 do réir an ráta a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht so in aghaidh na tréimhse no aon choda no codacha den tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Iúl, 1929, agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1929, ach ní thabharfidh éinní sa bhfo-alt so teideal d'éinne chun aisíoca an chéad diúité sin a luaidhtear ná aon choda dhe.

[EN]

(4) Aireofar agus beidh ar na crícheanna chun a bhféadfar rialacháin do dhéanamh fe alt 12 den Roads Act, 1920, na crícheanna so a leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) a ordú conus a déanfar amach chun crícheanna an ailt seo agus an Chúigiú Sceidil a ghabhann leis an Acht so cadé an méid slí suidhte atá i ngach ceann no aon cheann de sna saghsanna feithiclí inneall-ghluaiste a luaidhtear sa Chúigiú Sceideal san, agus

[EN]

(b) socrú do dhéanamh i gcóir gach ní no éinní a eireoidh de dhruim na n-atharuithe a dintar leis an alt so ar na rátaí diúité do theacht in éifeacht le linn bliana ceadúnais.

[EN]

Diúité ar cheadúnaisí deighleálaí i ngéim.

26.—(1) Gach éinne a dhéanfidh, fé aon Acht do ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1929, ceadúnas deighleála i ngéim do thógaint amach do d'athnuachaint, éileofar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar na hócáidí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, diúité máil de thrí púint ar gach ceadúnas a tógfar amach no a hathnuadhfar amhlaidh.

[EN]

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so ar aon cheadúnas den tsórt san roimhráite éileofar, gearrfar, agus íocfar é nuair a tógfar amach an ceadúnas san agus fós ar dhéanamh gach athnuachainte ar an gceadúnas san agus íocfar agus baileofar é tré stampaí a thaisbeánfidh méid an diúité sin do mhúnlú ar na ceadúnaisí agus ar na hathnuachaintí sin, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diúité agus leis na stampaí sin.

[EN]

(3) Léireofar alt 58 den Local Government (Ireland) Act, 1898, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san agus beidh éifeacht acu fé is dá ndintí an diúité a forchuirtar leis an alt so do chur le líon agus ar líon na ndiúitéthe a luaidhtear sa Tríú Sceideal san a ghabhann leis an Acht san.

[EN]

(4) Ní bheidh sé dleathach ceadúnas deighleála i ngéim is ionchurtha fén diúité a forchuirtar leis an alt so ná aon athnuachaint ar aon cheadúnas den tsórt san do thabhairt amach mara mbeidh ná go dtí go mbeidh an ceadúnas no an athnuachaint sin stampálta go cuibhe fén alt so in aghaidh an diúité sin agus gach éinne a thabharfidh amach aon cheadúnas no athnuachaint den tsórt san contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig púint do chur air.

[EN]

Alt 102 den Spirits Act, 1880, do leasú.

27.—Léireofar alt 102 den Spirits Act, 1880, agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí na focail “of the same denomination” atá i bhfo-alt (1) de anois do leigint ar lár ann.

[EN]

Fíonta coigríche do chur i mbuidéil chun a n-ólta cois baile.

28.—In ainneoin éinní atá in aon achtachán a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta so, féadfar fíon coigríche, a cuirfar i mbuidéil cháirt no phiúint reachtúla no i mbuidéil adeirtar is buidéil cháirt no phiúint in aon stóras custum no máil do réir rialachán na gCoimisinéirí Ioncuim agus a pacálfar do réir na rialachán san sa stóras san i gcásanna ina mbeidh dosaen no dosaein bhuideul cáirt den tsórt san no dhá cheann no níos mó de dhosaein de bhuidéil phiúint den tsórt san, d'iontráil agus do thógaint amach chun a ólta cois baile.

[EN]

Innill díolta earraí áirithe d'iniúcha.

29.—(1) Féadfidh aon oifigeach custum agus máil aon uair réasúnta dul isteach in aon áitreabh ina ndintar earraí 'nar gá ceadúnas máil chun a ndíolta do dhíol tré inneall fhéinoibritheach no tré ghléas mheceaniciúil eile no ina gcreideann sé no ina bhfuil amhrus aige aon earraí den tsórt san do bheith á ndíol amhlaidh agus féadfa sé cuardach ann don inneall no don ghléas san agus aon inneall no gléas den tsórt san a gheobha sé san áitreabh san d'iniúcha agus d'oibriú.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar shealbhaire aon áitreibh ina mbeidh aon inneall féin-oibritheach no gléas meceaniciúil den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo pé eolas réasúnta a éileoidh aon oifigeach custum agus máil air i dtaobh an innill no an ghléis sin do thabhairt don oifigeach san agus go sonnrách ainm agus seola an té gur leis an t-inneall no an gléas san no do sholáthruigh é agus fós ainm agus seola an té do sholáthruigh na hearraí atá san inneall no sa ghléas san no a díoltar tríd do thabhairt don oifigeach san ar a éileamh san air.

[EN]

(3) Einne—

[EN]

(a) a chuirfidh i gcoinnibh oifigigh chustum agus máil no a chuirfidh bac leis agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an oifigeach san leis an alt so, no

[EN]

(b) 'na dteipfidh air aon eolas a bheidh ar seilbh no ar fáil aige agus a éileoidh oifigeach custum agus máil air fén alt so do thabhairt don oifigeach san, no a dhiúltóidh d'é do thabhairt do, no

[EN]

(c) a dhéanfidh, ar eolas d'éileamh air d'oifigeach chustum agus máil fén alt so, aon eolas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phuínte táchtach do thabhairt don oifigeach san,

[EN]

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chaoga punt do chur air.

[EN]

Léiriú ar ailt 25 agus 26 den Acht Airgid, 1926.

30.—Chun deire do chur le hamhruis dearbhuítear agus achtuítear leis seo, i dtaobh na comhachta a bronntar le halt 26 den Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926) ar oifigigh chustum agus máil na scríbhinní a luaidhtear san alt san d'iniúcha agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do bhaint asta, go bhfoluíonn sí agus gur fholuigh sí riamh comhacht chun gach scríbhinn no aon scríbhinn den tsórt san do bhreith chun siúil as an áitreabh ina bhfuighfar na scríbhinní sin agus, i dtaobh na comhachta a bronntar le halt 25 den Acht san ar na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh á údarú d'oifigigh chustum agus máil aon scríbhinn den tsórt a luaidhtear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt san do scrúdú agus cóipeanna do dhéanamh di no sleachta do bhaint aisti, go bhfoluíonn sí agus gur fholuigh sí riamh comhacht chun rialacháin do dhéanamh á údarú d'oifigigh chustum agus máil aon scríbhinn den tsórt san do bhreith chun siúil.

[EN]

Scríbhinní do bhreith chun siúil agus do choinneáil.

31.—(1) Pé uair a bheidh sé údaruithe d'oifigeach chustum agus máil, le haon achtachán a bhaineann le diúité custum no le diúité máil agus a bheidh i Reacht Briotáineach no in aon Acht do rith an tOireachtas roimh an Acht so no dá éis no le haon rialachán do dineadh roimhe seo no a déanfar ina dhiaidh seo fé aon achtachán den tsórt san, a éileamh go dtaisbeánfí aon leabhar, cuntas, leitir, cruthúnacht no scríbhinn eile, no é d'iniúcha no do scrúdú, beidh an t-oifigeach san i dteideal, leis, an scríbhinn sin do bhreith chun siúil agus do choinneáil má bhíonn cúis réasúnta aige le hamhrus gur dineadh calaois maidir le haon iontráil no leigint-ar-lár sa scríbhinn sin no maidir le haon eadarghnó le n-a mbaineann an scríbhinn sin.

[EN]

(2) Pé uair a bhéarfidh oifigeach custum agus máil scríbhinn chun siúil fén alt so déanfa sé, ar a éileamh san don té ó n-a bhfuair sé an scríbhinn sin aon uair le linn an scríbhinn sin do bheith á coinneáil fén alt so, cóip den scríbhinn sin do thabhairt don duine sin no a leigint don duine sin an scríbhinn sin d'iniúcha agus cóip do dhéanamh di (pe'ca ní acu san is rogha leis an oifigeach san).

[EN]

(3) Einne a chuirfidh i gcoinnibh oifigigh chustum agus máil no a chuirfidh bac leis agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar air leis an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil chaoga punt do chur air agus beidh an fhíneáil sin ina fíneáil chustum más chun crícheanna na nAchtanna Custum do bhí na comhachta san á bhfeidhmiú ag an oifigeach gur ina thaobh a dineadh an cionta agus beidh sí ina fíneáil mháil más chun crícheanna aon Reachta Bhriotáinigh no Achta den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin do bhí na comhachta san á bhfeidhmiú ag an oifigeach san.

[EN]

Cuntaisí bréagacha i dtaobh an diúité ar ghill.

32.—Einne a dhéanfidh, i gcuntas a thabharfa sé do sna Coimisinéirí Ioncuim i dtaobh no chun crícheanna an diúité a forchuirtar ar ghill le halt 24 den Acht Airgid, 1926 (Uimh. 35 de 1926), aon ráiteas no aithris chúise is eol do bheith bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.

CUID IV.

Cain Phroifit Chorparaide.

[EN]

Buanú ar shaoirsí áirithe o cháin phroifit chorparáide.

33.—(1) I rith na tréimhse dar tosach an 1adh lá d'Eanair, 1929, agus dar críoch an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1931, ní bhainfidh Cuid V. den Finance Act, 1920, mar a leasuítear no a hoiriúnuítear í le haon reachtúchán ina dhiaidh sin no fé—

[EN]

(a) i gcás cuideachtan maitheasa puiblí a dúntar amach le haon Acht no dá bhua, maidir le hiomlán na trádála no an ghnótha a dhineann sí o aon phraghas níos aoirde d'éileamh no o aon ráta dividendum níos aoirde do roinnt amach ná mar a húdaruítear leis an Acht san no dá bhua, le haon chuid de phroifití na cuideachtan san, ná

[EN]

(b) i gcás cuideachtan maitheasa puiblí a dúntar amach le haon Acht no dá bhua, maidir le cuid agus le cuid amháin den trádáil no den ghnó a dhineann sí, o aon phraghas níos aoirde d'éileamh no o aon ráta dividendum níos aoirde do roinnt amach ná mar a húdaruítear leis an Acht san no dá bhua, le pé méid de phroifití na cuideachtan san a thagann as an bpáirt dá trádáil no dá gnó le n-a mbaineann an dúna-amach san, ná

[EN]

(c) i gcás cuideachtan gur léi smacht-leas in aon chuideachtain mhaitheasa puiblí agus a stiúruíonn bainistí na cuideachtan san no atá i dteideal an stiúra san do dhéanamh, leis na proifití a thagann chun na céad chuideachtan san a luaidhtear as an gcuideachtain mhaitheasa puiblí sin, ná

[EN]

(d) i gcás cuideachtan a dhineann gnó mar chumann tógála no an gnó san i dteanta aon ghnótha eile, le pé méid de phrofití na cuideachtan san a thagann as an trádáil no as an ngnó a dhineann sí mar chumann tógála.

[EN]

(2) San alt so cialluíonn an abairt “cuideachta mhaitheasa puiblí” cuideachta den tsórt a luaidhtear i mír (i) den phrovísó atá le fo-alt (2) d'alt 52 den Finance Act, 1920.

CUID V.

Ilghneitheach agus Generalta.

[EN]

Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir).

34.—(1) Tabharfar amach agus íocfar o am go ham as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis, le ciste ar a dtabharfar mar ainm agus dá ngairmtear anso ina dhiaidh seo Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir), pé suimeanna a chinnfidh an tAire Airgid o am go ham a bheith riachtanach chun no mar chabhair chun glanta an fhiachais san ús d'fhás go dtí so agus a fhásfidh ina dhiaidh seo ar airgead do fuair an tAire sin ar iasacht agus a bheidh gan íoc de thurus na huaire ar urrús cairteacha coigiltis.

[EN]

(2) Beidh Ciste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Usmhuirir) fé rialú an Aire Airgid, agus na hiarmhéidí a bheidh o am go ham i gcreidiúint don Chiste sin agus ná teastóidh chun aon íocaíocht a húdaruítear leis an alt so d'íoc amach as cimeádfar súncálta iad, i pé slí a ordóidh an tAire sin, i gceann no i gcinn éigin de sna súncála so leanas, sé sin le rá, stuic, cistí, agus urrúis a luaidhtear i míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Acht um Oiriúnú Achtanna, 1922 (Uimh. 2 de 1922), agus urrúis a bheidh urruithe ag Rialtas Shaorstáit Éireann maidir le colainn agus le hús.

[EN]

(3) Pé uair agus an fhaid a bheidh suim na súncálanna agus an airgid a bheidh i gcreidiúint do Chiste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) có-ionann leis an bhfiachas no níos mó ná an fiachas a bheidh ann an uair sin do réir mheasa i dtaobh úis a bheidh fásta ansan ar airgead do fuarthas ar iasacht agus a bheidh gan íoc ansan ar urrús cairteacha coigiltis, is amach as an gCiste sin, sa mhéid a ordóidh an tAire Airgid, a híocfar airgead is iníoctha ar scór úis le sealbhóirí cairteacha coigiltis.

[EN]

(4) Má bhíonn agus nuair a bheidh lán-aisíoc déanta i ngach airgead do fuair an tAire Airgid ar iasacht (pe'ca roimh rith an Achta so é no dá éis sin) ar urrús cairteacha coigiltis, críochnófar gnó Chiste na gCairteacha Coigiltis (Có-ionannú Us-mhuirir) agus déanfar an t-iarmhéid (más ann do) a bheidh i gcreidiúint do d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dho i pé slí a ordóidh an tAire sin.

[EN]

(5) San alt so cialluíonn an abairt “cairt choigiltis” urrús a thugann an tAire Airgid amach agus fé n-a dtagann a cheannuithcoir, de bhua suime áirithe d'íoc láithreach, i dteideal tar éis tréimhse áirithe chun suim is mó ná san d'fháil a bhíonn códhéanta den tsuim sin a híoctar ar dtúis amhlaidh agus den ús a fhásann uirthi.

[EN]

Faoiseamh o dhiúité dhúbalta ar dheimhnithe atúrnaethe.

35.—(1) Pé uair a dhéanfidh duine—

[EN]

(a) do bhí, le linn rithte an Achta so, i dteideal cleachta mar atúrnae i dTuaisceart Éireann agus fós i Saorstát Éireann no do bheadh i dteideal cleachta amhlaidh mara mbeadh gur dhin sé connra ina choinnibh sin no nár dhin sé ceann no an dá cheann de sna deimhnithe stampálta d'fháil is gá chuige sin do réir dlí no mara mbeadh an dá chúis sin, agus

[EN]

(b) 'na mbeidh deimhniú aige a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, deimhniú do thug Clárathóir na nAtúrnaethe i dTuaisceart Éireann amach do, no an té bhí ag feidhmiú oifig an Chlárathóra san, tar éis an 5adh lá d'Eanair, 1930, agus é stampálta go cuibhe do réir dlí Thuaiscirt Éireann, agus

[EN]

(c) 'na mbeidh deimhniú nea-stampálta aige do thug Clárathóir Dhlí-Chumann Ionchorparuithe na hÉireann amach do tar éis an 5adh lá d'Eanair, 1930, agus do bheadh i bhfeidhm de thurus na huaire dá mbeadh sé stampálta go cuibhe,

[EN]

a éileamh ar na Coimisinéirí Ioncuim fé alt 12 den Stamp Act, 1891, a mbarúil do thabhairt i dtaobh ce'ca tá an deimhniú neastampálta san ionchurtha fé aon diúité no ná fuil agus i dtaobh méid an diúité sin (más ann do), ansan, ag socrú na barúla san acu dhóibh, áireoidh na Coimisinéirí Ioncuim an deimhniú neastampálta san do bheith stampálta go cuibhe do réir bhrí alt 43 den Stamp Act, 1891, chó fada le méid an diúité a dheabhruíonn a bheith stampálta go cuibhe do réir dlí Thuaiscirt Éireann ar an deimhniú a luaidhtear sa mhír sin (b) roimhe seo.

[EN]

(2) Tiocfidh an t-alt so i bhfeidhm nuair a dheimhneoidh agus chó luath is dheimhneoidh an tAire Airgid do sna Coimisinéirí Ioncuim i scríbhinn go bhfuil Páirlimint Thuaiscirt Éireann tar éis reachtúchán do rith a thugann, maidir leis an diúité ar dheimhnithe do thug Clárathóir na nAtúrnaethe i dTuaisceart Éireann amach no an té bhí ag feidhmiú oifig an Chlárathóra san, faoiseamh ar aon dul leis an bhfaoiseamh a tugtar leis an alt so maidir leis an diúité ar dheimhnithe do thug Clárathóir Dhlí-Chumann Ionchorparuithe na hÉireann amach agus scuirfidh an t-alt so de bheith i bhfeidhm má scuireann agus nuair a scuirfidh an reachtúchán san de bheith i bhfeidhm i dTuaisceart Éireann.

[EN]

Alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929, do leasú.

36.—Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 5 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum agus Stampa), 1929 (Uimh. 5 de 1929) tré sna focail “debentiúir ná” do chur isteach díreach roimh na focail “stoc debentiúra” atá anois ann, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

[EN]

Faoiseamh do dhebentiúirí, etc., de chuid Chorparáid an Cháirde Thalmhaíochta, Teoranta.

37.—(1) Ní dlighfar debentiúirí, stoc debentiúra ná deimhnithe muirir do thug Corporáid an Cháirde Thalmaíochta, Teoranta, amach do chur fé aon chánachas, fé láthair ná san am le teacht, faid a taisbeánfar, sa tslí a ordóidh an tAire Airgid, go bhfuilid dá gcuid féin, chun tairbhe dhóibh féin, ag daoine ná fuil buanchomhnaí ná gnáth-chomhnaí ortha i Saorstát Éireann.

[EN]

(2) San alt so cialluíonn an abairt “deimhniú muirir” an ní céanna a chialluíonn sé san Acht Cáirde Talmhaíochta, 1927 (Uimh. 24 de 1927).

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha.

38.—Cuirtar fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim leis seo gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so (ach amháin na diúitéthe ar fheithiclí inneallghluaiste).

[EN]

Athghairmeanna.

39.—Dintar leis seo na hachtacháin uile agus fé seach a luaidhtear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm agus beid mar a bheidís athghairmthe, ar an 6adh lá d'Abrán, 1929, agus ón lá san amach, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.

40.—(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1929, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar Cuid I. den Acht so i dteanta na nAchtanna Cánach Ioncuim agus léireofar Cuid III. den Acht so sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum i dteanta na nAchtanna Custum agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil, léireofar í i dteanta na Reachtanna Briotáineacha agus na nAchtanna den Oireachtas a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.

[EN]

(3) Ach amháin mar a foráltar a mhalairt go soiléir inti tuigfar Cuid I. den Acht so do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1929, agus beidh sí mar a bheadh sí in éifeacht an lá san agus ón lá san amach.

CEAD SCEIDEAL.

Maointe agus Ioncum is Ionchainmheasta fe Sceideal D.

CUID I.

Maoin ar a mbeidh cáin inéilithe.

An Cás de Sceideal D. fé n-a n-éileofar cáin.

Forálacha i dtaobh an mhodha nua éilimh.

Tailte, Tionóntacháin, ionoighreachtaí no oighreachtaí le n-a mbaineann rialacha Uimh. III. de Sceideal A.

Cás I.

Bainfidh Rialacha 4, 5 agus 7 d'Uimh. III. de Sceideal A., agus tuigfar gur rialacha iad de Sceideal D, a bhaineann le Cás I. chó fada is théigheann na tailte, na tionóntacháin, na hionoighreachtaí no na hoighreachtaí sin.

Nuair a beifear ag meas na bproifití ní lomhálfar aon laigheadú ná cur-igcoinnibh (seachas an laigheadú a deontar le fo-alt (2) d'alt 18 den Acht Airgid, 1919) mar gheall ar luach bhliantúil ná tré fhéachaint do luach bhliantúil aon tailte, tionóntachán, ionoighreachtaí, no oighreachtaí a bheidh ar seilbh agus in úsáid mar gheall ar an ngnó agus ná cuirfar fé cháinmheas agus fé cháin ar leithligh fé Uimh. I de Sceideal A. do réir forálacha fo-alt (3) d'alt 8 den Acht so.

CUID II.

Ioncum ar a mbeidh cáin inéilithe

An Cás de Sceideal D fé n-a n-éileofar cáin

Rialacha i dtaobh an mhodha nua éilimh

Ioncum as urrúis in aon áit lasmuich de Shaorstát Eireann ach amháin pé ioncum ar a n-éileofar cáin fé Sceideal C.

Cás III.

(1) Déanfar an cháin ar ioncum as urrúis agus as sealbhachaisí in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann d'áireamh do réir an mhéide iomláin de a eireoidh sa bhliain roimh an mbliain cháinmheasa, pe'ca fuarthas no a gheobhfar an t-ioncum i Saorstát Éireann no a mhalairt agus más ioncum é ná fuarthas i Saorstát Éireann déanfar an t-áireamh san fé réir na laigheaduithe agus na liúntaisí céanna do lomhálfí dá mba mhar sin a gheobhfí é agus fé réir laigheadú, maran féidir a leithéid de laigheadú do dhéanamh fé aon fhoráil eile den Acht so, in aon tsuim do híocadh ar scór cánach ioncuim san áit in ar eirigh an t-ioncum, agus fé réir laigheadú ar scór aon úis bhliantúla no aon bhlianachta no íocaíochta bhliantúla eile is iníoctha amach as an ioncum le duine ná comhnuíonn i Saorstát Éireann agus bainfidh forálacha an Achta so (ar a n-áirítear na cinn i dtaobh ráitisí do sheachada) leis an scéal dá réir sin.

Ioncum as sealbhachaisí in aon áit lasmuich de Shaorstát Éireann.

Cás III.

(2) Ní bhainfidh an riail sin roimhe seo—

(a) le héinne a chuirfidh ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ná fuil buan-chomhnaí air i Saorstát Éireann no, cé gur saoránach de Shaorstát Éireann é, ná fuil gnáth-chomhnaí air i Saorstát Éireann; ná

(b) le hioncum as urrúis den tsórt san roimhráite atá ina gcuid de shúncála ciste saol-árachais coigríche cuideachtan árachais.

In aon chás den tsórt san áireofar an cháin do réir lán-mhéid na suimeanna achtúla do fuarthas i Saorstát Éireann as seoltáin airgid dob iníoctha i Saorstát Éireann, no as maoin do hiomportáladh, no as airgead no as luach do tháinig as maoin nár hiomportáladh, no as airgead no as luach do fuarthas amhlaidh, ar creidiúint no ar cuntas, ar scór aon tseoltán airgid, maoine, airgid no luacha den tsórt san do tugadh isteach i Saorstát Éireann sa bhliain roimh an mbliain cháinmheasa, gan aon laigheadú ná lascaine ach mar a lomháltar i Saorstát Éireann.

(3) Déanfar alt 12 den Acht Airgid, 1925 (Uimh. 28 de 1925) (alt a bhaineann le ceart athchomhairc i dtaobh ceisteanna buan-chomhnaí agus gnáth-chomhnaí) do léigheamh agus do léiriú fé is dá ndintí tagairt do mhír (a) d'Uimh. 2 de sna Rialacha so do chur in ionad na dtagairtí atá ann do mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha a bhaineann le Cás IV. de Sceideal D. agus do mhír (a) de Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D. den Income Tax Act, 1918.

(4) Déanfar tagairtí in alt 17 den Finance Act, 1922 (alt a bhaineann le proifití no ioncum fé Chás III. de Sceideal D. d'áireamh) d'ioncum a ciríonn no d'eirigh do léiriú, i gcásanna ina mbeidh cáin ioncuim le háireamh tré fhéachaint don méid ioncuim do fuarthas i Saorstát Éireann, mar thagairtí d'ioncum a gheobhfar no do fuarthas amhlaidh.

DARA SCEIDEAL.

Atharuithe ar na hAchtanna Canach Ioncuim maidir le Maoin a Bheidh Suidhte agus le Proifiti no le Sochar a Eireoidh sa Bhreatain Mhoir no i dTuaisceart Éireann.

(1) Scuirfidh fo-mhíreanna (1) agus (2) de mhír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926, d'éifeacht do bheith acu.

(2) Beidh éifeacht ag na rialacha a bhaineann le Cás III. de Sceideal D agus atá i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so fé is dá leigtí Riail 2 dhíobh ar lár.

(3) An riail a cuirtar tré fho-alt (3) de mhír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926, in ionad Riail 2 de sna rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, beidh sí ina Riail de Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus léighfar agus léireofar í fé is dá gcuirtí na focail “the year preceding the year of assessment” in ionad na bhfocal “the year of assessment” sa chéad áit ina bhfuil na focail sin inti agus fé is dá leigtí ar lár inti na focail “as amended by section 5 of the Finance Act, 1923 (No. 21 of 1923).”

(4) Déanfar fo-mhír (4) de mhír 1 de Chuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926, do léigheamh agus do léiriú fé is dá gcuirtí na focail “Cás III.” in ionad na bhfocal “Cás V.” atá inti.

(5) I gcás éinne a bheidh i dteideal, in aghaidh aon bhliana, chun faoiseamh o chánachas dúbalta d'éileamh fé Airtiogal 2 de Chuid I. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (Airtiogal a bhaineann le faoiseamh o chánachas dúbalta i gcás duine ina chomhnaí sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann agus fós i Saorstát Éireann) déanfar cáin in aghaidh na bliana san ar ioncum as urrúis, as stuic, as scaireanna no as cíosanna sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann d'áireamh do réir an mhéide iomláin de d'eirigh sa bhliain cháinmheasa:

Ach is do réir na Rialacha a bhaineann le Cás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, a háireofar cáin ar ús as aon urrús a tugadh amach fé sna War Loan Acts, 1914 to 1917, no fé aon Acht do rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe ag leasú na nAcht san má híocadh an t-ús san gan an cháin Bhriotáineach do bhaint as, agus d'ainneoin éinní atá in alt 10 den Acht so féadfar ioncum as aon urrús den tsórt san d'áireamh mar ioncum as bun ar leithligh.

TRIU SCEIDEAL.

Leasuithe Iarmartacha agus Mion-Leasuithe ar na hAchtanna Canach Ioncuim.

Achtacháin atá le leasú

Cineál an Leasuithe

An Income Tax Act, 1918: Alt 19.

Cuirfar na focail “assessable under Schedule A.” isteach i ndiaidh an fhocail “heritages” sa chéad áit ina bhfuil an focal san; cuirfar na focail “assessable under Schedule B.” isteach i ndiaidh an fhocail “heritages” sa dara háit ina bhfuil sé; agus cuirfar na focail “of the last-mentioned lands, tenements, hereditaments and heritages” isteach i ndiaidh an fhocail “occupier.”

An Income Tax Act, 1918: Céad Sceideal.

I mír (2) de Riail 1 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D., cuirfar na focail “year preceding the year of assessment” in ionad “said period of three years” agus leigfar ar lár na focail “the average of.”

I mír (d) de Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D., cuirfar an focal “actually” in ionad an fhocail “usually,” agus leigfar ar lár na focail “according to an average of three years preceding the year of assessment.”

I mír (1) de Riail 5 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D., cuirfar na focail “annual value of” in ionad na bhfocal “profits or gains arising from” agus cuirfar na focail “and separately assessed and charged under Schedule A.” isteach i ndiaidh an fhocail “profession” sa chéad áit ina bhfuil sé, agus leigfar ar lár na focail “provided that.”

I mír (2) den Riail sin 5, cuirfar na focail “lands, tenements, hereditaments and heritages” in ionad an fhocail “premises” sa chéad áit agus sa dara háit ina bhfuil sé.

An Finance Act, 1920: Alt 27.

In ionad na tagartha i bhfo alt (4) do sna Rialacha a bhaineann le Cás IV. no le Cás V. de Sceideal D. cuirfar tagairt don fhoráil chó-réire atá i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An tAcht Airgid, 1923: Alt 5.

I bhfo-alt (2) leigfar ar lár na focail “chun crícheanna Sceidil A.” agus na focail “do réir na rialacha” go deire an fho-ailt.

An tAcht Airgid, 1928: Alt 9.

I bhfo-alt (1) cuirfar an focal “Ioncuim” in ionad an fhocail “Speisialta” agus cuirfar an focal “sin” isteach i ndiaidh na bhfocal “Coimisinéirí Ioncuim” san áit ina bhfuilid anois.

CEATHRU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear on 6adh la d'Abran, 1930.

Siosón agus Caibideal

no

Uimhir agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

8 & 9 Geo. 5.

Income Tax Act, 1918.

Sa Chéad Sceideal— Sa Riail a bhaineann le Cás I. de Sceideal D. na focail “other than a trade relating to lands, tenements, hereditaments or heritages directed to be charged under Schedule A.”

Riail 8 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D.

Riail 3 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D.

11 & 12 Geo. 5. c. 32.

Finance Act, 1921.

Alt 26.

Uimh. 28 de 1925.

Acht Airgid, 1925.

Alt 6.

Uimh. 18 de 1927.

Acht Airgid, 1927.

Alt 5.

CUIGIU SCEIDEAL.

Ratai an Diuite ar Fheithicli Inneall-Ghluaiste Airithe.

Feithiclí inneall-ghluaiste (nách tramanna) atá ina gcarráistí ar tuarastal mar a mínítear san in alt 4 den Customs and Inland Revenue Act, 1888, agus ina bhfuil:—

slí suidhte do bhreis is 6 dhuine ach ní do bhreis is 14 dhuine     ...     ...     ...

£70

slí suidhte do bhreis is 14 dhuine ach ní do bhreis is 20 duine     ...     ...     ...

£100

slí suidhte do bhreis is 20 duine ach ní do bhreis is 26 dhuine...     ...     ...     ...

£130

slí suidhte do bhreis is 26 dhuine ach ní do bhreis is 32 dhuine...     ...     ...     ...

£160

slí suidhte do 33 dhuine no níos mó...     ...

£5

in aghaidh gach duine acu.

Chun crícheanna an Sceidil seo ní háirítear an suidheachán no an spás ar a mbíonn tiománaí na feithicle mar chuid den tslí suidhte sa bhfeithicil.

SEU SCEIDEAL.

Achtachain a hAthghairmtear on 6adh la d'Abran, 1929.

Siosón agus Caibideal no Uimhir agus Bliain

Gearr-Theideal

Méid na hAthghairme

8 & 9 Geo. 5, c. 40.

Income Tax Act, 1918.

Ailt 135, 136, 188, 189 agus 195.

Uimh. 11 de 1928.

Acht Airgid, 1928.

Alt 10.