Uimhir 27 de 1924.
ACHT AIRGID, 1924.
CUID I.
CAIN IONCUIM.
Cáin ioncuim agus barra-cháin i gcóir 1924-25.
1.—(1) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, éileofar cáin ioncuim do réir cúig scillinge fén bpunt, agus éileofar barra-cháin i gcóir na bliana san do réir na rátaí seo a leanas:—
Ar scór an chéad dhá-mhíle-punt den ioncum ... ... ... ... | Dada. |
Ar scór na breise os cionn dhá mhíle punt, | |
In aghaidh gach púint den chéad chúig-céad-punt den bhreis ... | Scilling agus reul. |
In aghaidh gach púint den chéad chúig-céad-punt eile den bhreis ... | Dhá scilling. |
In aghaidh gach púint den chéad mhíle-punt eile den bhreis ... | Dhá scilling agus reul. |
In aghaidh gach púint den chéad mhíle-punt eile den bhreis ... | Trí scillinge. |
In aghaidh gach púint den chéad mhíle punt eile den bhreis ... | Trí scillinge agus reul. |
In aghaidh gach púint den chéad mhíle-punt eile den bhreis ... | Ceithre scillinge. |
In aghaidh gach púint den chuid eile den bhreis ... ... ... | Ceithre scillinge agus reul. |
(2) Na forálacha reachtúla iomdha agus na forálacha iomdha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1923, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh, i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924.
Us d'íoc ar urúsanna Saorstátacha gan cáin do bhaint as.
2.—(1) Féadfidh an tAire Airgid a ordú maidir le haon urúsanna a tugadh amach roimhe seo no a tabharfar amach ina dhiaidh seo fé n-a údarás go dtuigfar iad do bheith tugtha amach no go dtabharfar iad amach fén gcoiníoll go n-íocfar an t-ús ortha gan cáin do bhaint as.
(2) An t-ús ar gach urús a tugadh amach, no a tuigfar a tugadh amach, fén gcoiníoll roimhráite, íocfar é gan cáin do bhaint as, ach beidh gach ús den tsórt san ionmhuirir fé Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, agus, i gcás aon chistí fé chúram aon chúirte no aon roinne puiblí do bheith súncálta in aon urúsanna den tsórt san, isé an duine 'na bhfuil na hurúsanna súncálta ina ainm an té a bheidh ionmhuirir amhlaidh ar scór an úis a bheidh ortha.
(3) I gcás ús ar aon urús d'íoc fén alt so gan cáin do bhaint as, soláthróidh gach duine le n-a n-íocfar an t-ús san, agus gach duine a gheobhaidh an t-ús san thar ceann duine atá ina shealbhóir chláruithe no inscríbhte ar an urús, agus fós gach duine a ghníomhuigh mar eadarghabhálaí i gceannach an urúis, soláthróid do sna Coimisinéirí Ioncuim nuair a iarrfid sin ortha é—
(a) ainm agus seola an té le n-ar híocadh an t-ús san, no 'na bhfuaradh an t-ús san thar a cheann, agus fios méid an úis a híocadh no a fuaradh amhlaidh, no (fé mar is gá sa chás)
(b) an té gur ceannuíodh an t-urús san thar a cheann agus fios méid an urúis sin.
(4) Cuirfar le Rial I. de Chás III. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, an clás so a leanas, sé sin le rá:—
(g) ús ar aon urúsanna a tugadh amach fé údarás an Aire Airgid i gcásanna ina n-íocfar an t-ús san gan cáin do bhaint as.
Saoirse o cháin ar Ioncum Déarcaisí sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.
3.—Deonfar saoirse—
(a) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, fé Sceideal A den Income Tax Act, 1918, ar chíosanna agus profidí aon tailte, tionóntachán, ionoighreachtaí, no oighreachtaí is le haon ospidéal, scoil phuiblí, no tigh déirce sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, no atá dílsithe in iontaobhaithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann chun crícheanna déirciúla sa mhéid go gcuirtar an céanna chun crícheanna déirciúla amháin:
Ach in ainneoin aon tsaoirse den tsórt san do lomháil, ní déanfar glana amach ná atharú ar aon cháinmheas ar na maointe fé seach ach beidh sé i bhfeidhm agus tógfar é;
(b) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, ar aon ús, blianachtaí, dividenda no scaranna de bhlianachtaí, agus o cháin i gcóir na bliana céanna fé Sceideal D den Acht san ar aon ús bliantiúil no íocaíocht bhliantúil eile atá ina chuid d'ioncum aon chólucht daoine no iontaobhacht sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann chun crícheanna déirciúla amháin no nách féidir a chur ach chun crícheanna déirciúla amháin do réir na rialacha no na rialachán a bunuíodh le hAcht Páirliminte, cairt, aithne, dintiúir iontaobhachta no uacht sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, agus sa mhéid go gcuirtar an céanna chun crícheanna déirciúla amháin;
(c) o cháin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, fé Sceideal C den Income Tax Act, 1918, ar aon ús, blianachtaí, dividenda no scaranna de bhlianachtaí atá in ainm iontaobhaithe sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, agus nách féidir a chur ach chun deisiú do dhéanamh ar árd-eaglais, coláiste, eaglais no séipeul, no ar fhoirgneamh ná húsáidtear ach chun Dia d'adhra ann, agus sa mhéid go gcuirtar an céanna chun na gcrícheanna san:
Ach ní bhainfidh an t-alt so ach le cás gur leis an ospideul, scoil phuiblí no tigh déirce sin na tailte, na tionóntacháin, na hionoighreachtaí no na hoighreachtaí roimhráite, no go rabhdar dílsithe sna hiontaobhaithe sin, ar an 5adh lá d'Abrán, 1923, no le cás ina dtáinig an t-ús, na blianachtaí, na dividenda, na scaranna de bhliantachtaí, an t-ús bliantúil no na híocaíochta bliantúla eile as súncála no maoin eile a bhí ar seilbh ag an gcólucht daoine no ag an iontaobhacht no ag na hiontaobhaithe sin, no a bhí fé réir na rialacha no na rialachán san, ar an 5adh lá d'Abrán, 1923.
Conas an cháin do chur ar bhónus chostas maireachtana.
4.—Chun crícheanna aon mheasa cánach ioncuim i gcóir aon bhliana, a déanfar an 13adh lá de Mheitheamh, 1924, no ina dhiaidh sin, no nár dhin de, roimhe sin, ní ná beadh dul thairis, no chun crícheanna aon luíodú mar gheall ar cháin ioncuim i gcóir aon bhliana, féadfar aon mhéadú no aon bhreis ar aon tuarastal, luach saothair, pinsean, blianacht, no dualgas, i bhfuirm bónus cogaidh, agus aon mhéadú no breis shealadach eile dá shaghas a deonadh i gcoinnibh an mhéaduithe ar an gcostas maireachtana, féadfar agus tuigfar gurbh fhéidir riamh é chur fé cháin mar thuarastal, luach saothair, pinsean, blianacht, no dualgas, pe'ca aca é, agus ní mar fhor-liúntaisí.
Faoiseamh maidir le stuic, scaranna agus cíosanna áirithe.
5.—(1) Einne gur cuireadh cáinmheas agus cáinmhuirear air i gcóir aon bhliain de sna blianta dar críoch an 5adh lá d'Abrán, 1924, an 5adh lá d'Abrán, 1925, agus an 5adh lá d'Abrán, 1926, fé seach, ar scór ioncuim as stuic, scaranna, no cíosanna sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann fé sna rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, mar a leasuíodh é le halt 12 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), agus má deir sé agus go gcuirfe sé ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, ar an gcuma a foráltar leis an alt so, iomlán an ioncuim a bhí aige as na stuic, na scaranna no na cíosanna san an bhlian sin do bheith breis agus fiche per cent. níos lú ná an meán-ioncum gur dineadh, no gur cheart go ndéanfí, cáinmheas agus cáinmhuirear do chur air dá réir ar scór na stoc, na scaranna, no na gcíosanna san, beidh teideal aige chun aisíoc oircad den cháin d'íoc sé agus is có-ionann leis an difríocht idir méid na cánach a híocadh amhlaidh agus an méid a híocfí amhlaidh dá mba do réir iomlán an ioncuim a bhí aige as na stuic, na scaranna, no na cíosanna san an bhliain sin a cuirfí cáinmheas agus cáinmhuirear air.
(2) Isé cuma ina ndéanfar gach éileamh fén alt so ná tré fhógra i scríbhinn do thabhairt do chigire na gcánach agus mioninnste ann ar iomlán an ioncuim a tháinig as na stuic, na scaranna no na cíosanna san i gcóir bliain an cháinmheasa agus i gcóir gach bliain de sna trí bliana roimh bhliain sin an cháinmheasa, agus beidh teideal ag na Coimisinéirí Ioncuim chun glaoch ar pé fianaise is dó leo is gá chun a chur ar a gcumas a fháil amach a bhfuil na mion-innste sin fíor.
(3) Déanfar gach éileamh fén alt so laistigh den aimsir a bheidh ceaptha chun athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an cháinmheasa go mbeidh an t-éileamh á dhéanamh ina thaobh no laistigh de dhá mhí dhéag o dheire na bliana le n-a mbaineann an cáinmheas, pe'ca aca is déanaí.
(4) Einne a dhéanfidh éileamh fén alt so agus a bheidh míshásta le breith na gCoimisinéirí Ioncuim air beidh ceart aige chun athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta agus ní bheidh dul thar a mbreith sin ar an athchomharc san.
Luach saothair do dhaoine go bhfuil sé de chúram ortha ús, etc., d'íoc.
6.—(1) Má tá sé de chúram ar dhuine aon ús, dividenda, no íocaíochtaí bliantúla eile d'íoc is iníoctha amach as aon ioncum puiblí seachas ioncum Shaorstáit Éireann no ar scór stocanna, cistí, scaranna, no urúsanna aon chuideachtan, cumainn, fionntair no gnótha choigríche, agus go gco-líonfa sé na coiníollacha atá orduithe ag na Coimisinéirí Ioncuim fé fho-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), beidh teideal ag an duine sin chun pé luach saothair gur socruíodh ina chóir le Riail 5 de sna Rialacha a bhaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, maidir le hús, etc., 'na bhfuil sé de chúram ar dhaoine eile seachas Banc Shasana, Banc na hÉireann, agus Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta iad d'íoc.
(2) Déanfar Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do léigheamh i gcomhnaí ina dhiaidh seo fé mar a hachtófaí an fo-alt san roimhe seo an uair a hachtuíodh an Riail sin 7.
(3) In ainneoin éinní contrárdha dho in aon achtachán, tuigfar Banc na hÉireann do bheith ina dhuine go bhfuil sé de chúram air dividenda d'íoc do réir brí na Rialacha a bhaineann le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, maidir le hús, etc., 'na bhfuil sé de chúram ar dhaoine eile seachas Banc Shasana, Banc na hÉireann, agus Coimisinéirí na bhFiacha Náisiúnta iad d'íoc, agus má dhineann Banc na hÉireann gach ní go n-éilítear leis na Rialacha san go ndéanfí é ag duine go mbeadh sé de chúram air dividenda d'íoc beidh luach saothair iníoctha le Banc na hÉireann do réir forálacha Riail 5 de sna Rialacha san.
(4) Má dhineann Banc na hÉireann gach saghas ní is gá chun go bhféadfar an cháin do mheas agus d'íoc ar scór Stocanna de chuid an Rialtais Bhriotáinigh agus stocanna de chuid na hIndia atá inscríbhte ina leabhair i mBaile Atha Cliath, gheobhaidh an Banc mar luach saothair liúntas a háireofar do réir an méid dividenda a híocadh ar scór na stoc san gur baineadh an cháin asta agus a shocróidh an tAire Airgid.
(5) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm i dtosach feidhm an Achta Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), agus éifeacht do bheith aige o shin i leith.
Cuirfar Rialacha an Chéad Sceidil le Sceideal C den Income Tax Act, 1918.
7.—(1) Déanfar na Rialacha atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur le Sceideal C den Income Tax Act, 1918, i ndeire na “Rules applicable to Schedule C,” agus léireofar iad agus beidh éifeacht acu mar chuid de sna Rialacha san.
(2) Tuigfar an t-alt so do theacht i bhfeidhm i dtosach feidhm an Achta Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), agus éifeacht do bheith aige o shin i leith.
Faoiseamh ar scór earráide no dul amú.
8.—(1) Einne d'íoc cáin a héilíodh fé mheas cánach ioncuim a dineadh i gcóir aon bhliana áirithe fé Sceideal D, no do réir na Rialacha a bhaineann leis an Sceideal san, má deir sé go raibh an meas ró-árd de dheascaibh earráide no dul amú éigin sa chuntas no sa ráiteas a dhin sé i gcóir an cháinmheasa, féadfa sé faoiseamh d'iarraidh i scríbhinn ar na Coimisinéirí Ioncuim aon uair nách déanaí ná trí bliana tar éis déire na bliana cáinmheasa gur dineadh an cháinmheas ina cóir.
(2) Ar fháil aon iarratais den tsórt san do sna Coimisinéirí Ioncuim féachfid isteach sa scéal agus, fé réir forálacha an ailt seo, tabharfid mar aisíoc pé faoiseamh (maraon le haon fhaoiseamh dá bharr san o bharra-cháin) is ceart agus is réasúnta ar scór na hearráide no an dul amú:
Ach ní tabharfar aon fhaoiseamh fén alt so ar scór earráide ná dul-amú maidir leis an mbun ar ar cheart fiachas an iarratasóra do chomhreamh más rud é gur dineadh an cuntas no an ráiteas ar an mbun no do réir an chleachta ba ghnáth nuair a dineadh an cuntas no an ráiteas.
(3) Ag tabhairt breithe ar aon iarratas fén alt so do sna Coimisinéirí Ioncuim, tabharfid aire do gach ní a bhaineann leis an gcás, agus go sonnrách breithneoid ce'ca thiocfadh as an bhfaoiseamh do dheona, no ná tiocfadh, go saorfí aon chuid de phrofid no d'ioncum an iarratasóra o mhuirear cánach ioncuim no barra-chánach, agus chuige sin féadfidh na Coimisinéirí fiachas an iarratasóra agus cáinmheasa a dineadh air i gcóir blianta eile do chur san áireamh.
(4) Einne ar a ngoillfidh an bhreith a thabharfidh na Coimisinéirí Ioncuim ar iarratas uaidh fén alt so, féadfa sé athchomharc do dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta, tar éis fógra thabhairt i scríbhinn do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de lá is fiche tar éis dóibh-sean a mbreith do chur in úil do.
(5) Leis sin déanfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-athchomharc d'éisteacht agus breith do thabhairt air do réir na bprínsiobal is inleanta ag na Coimisinéirí Ioncuim agus iad ag tabhairt breithe ar na hiarrataisí fén alt so agus fé réir na bprínsiobal san, agus déanfid san fé mar a déanfí é i gcás athchomhairc a déanfí chúcha i gcoinnibh cáinmheasa fé Sceideal D agus na forálacha de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann le n-a leithéid d'athchomharc (áirítear ortha san na forálacha a bhaineann le cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil ar phonc dlí ach ní háirítear ortha forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918) bainfid leis an gcás dá réir sin ach pé atharuithe is gá do dhéanamh ortha:
Ach ní bheidh ceart ag an athchomharcach ná ag na Coimisinéirí Ioncuim chun a éileamh go ndéanfí cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil ach ar phonc dlí a eireoidh maidir le profid no ioncum do chomhreamh.
Leasú ar alt 8 den Acht Airgid, 1923.
9.—Léireofar alt 8 den Acht Airgid, 1923, agus beidh éifeacht aige, agus tuigfar gur léiríodh riamh é agus go raibh éifeacht riamh aige, fé is dá gcuirtí na focail “tax upon” ann roimh an bhfocal “such” sa dara háit ina bhfuil an focal san san alt san.
Leathanú ar bhaint alt 149 den Income Tax Act, 1918.
10.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo, bainfidh alt 149 den Income Tax Act, 1918, le breith o bhreacthóir no o bhreitheamh cúirte contae do réir alt 196 den Acht san fé mar a bhaineann sé le breith o sna coimisinéirí generálta no o sna coimisinéirí speisialta.
(2) I ngach cás ina n-éileoidh éinne ar bhreacthóir no ar bhreitheamh cúirte contae fé údarás an ailt seo cás d'aithris agus do shighniú chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil air, cuirfidh an duine sin chun clárathóir an bhreacthóra no an bhreithimh chúirte contae an fógra i scríbhinn nách foláir a chur chun cléireach na gcoimisinéirí fé mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 149 den Income Tax Act, 1918.
(3) In aon chás den tsórt san roimhráite íocfar le clárathóir an bhreacthóra no an bhreithimh chúirte contae an táille nách foláir a íoc le cléireach na gcoimisinéirí fe mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 149 den Income Tax Act, 1918.
(4) Léireofar fo-alt (4) den alt san 149 agus beidh éifeacht aige fé mar a cuirfí isteach sa bhfo-alt san—
(a) na focail “or the determination of the recorder or county court judge” tar éis an fhocail “commissioners,” agus
(b) na focail “or has” tar éis an fhocail “have.”
(5) Na focail “and his determination thereon shall be final and conclusive” atá i bhfo-alt (2) d'alt 196 den Income Tax Act, 1918, scuirfid d'éifeacht do bheith aca chó fada is táid buniscionn leis an alt so ach ní níos sia ná san ná ar aon tslí eile.
Comhacht don bhailitheoir chun dlí do chur mar gheall ar cháin ioncuim i gcásanna áirithe.
11.—(1) Sa chás nách mó ná £300 an tsuim atá dlite ar scór cánach a cáinmheasadh go cuibhe fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim, féadfidh bailitheoir na gCoimisinéirí Ioncuim, no oifigeach eile dhóibh dar húdaruíodh go cuibhe an cháin sin do bhailiú, féadfa sé dlí do chur ina aimn féin sa Chúirt Chuarda, ar theacht agus tar éis teacht i ngníomh do Chuid II. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), chun an tsuim sin atá dlite amhlaidh d'fháil mar fhiacha atá dlite don Aire Airgid.
(2) Sa chás nách mó ná £25 an tsuim atá dlite ar scór cánach a cáinmheasadh go cuibhe fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim féadfidh bailitheóir na gCoimisinéirí Ioncuim, no oifigeach eile dhóibh dar hudaruíodh go cuibhe an cháin sin do bhailiú, féadfa sé dlí do chur ina ainm féin sa Chúirt Dúithche, ar theacht agus tar éis teacht i ngníomh do Chuid III. den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (Uimh. 10 de 1924), chun an tsuim sin atá dlite amhlaidh d'fháil mar fhiacha atá dlite don Aire Airgid.
(3) In aon imeacht a bhunóidh bailitheoir no oifigeach eile fén alt so, má tugtar i láthair dúbláid an bhailitheora den cháinmheas no cóip den dúbláid sin atá in ainm bheith deimhnithe mar fhíor-chóip ag oifigeach do sna Coimisinéirí Ioncuim beidh san ina fhianaise dhochlaoite ar an gcáin do bheith cáinmheasta go cuibhe.
(4) Beidh costaisí aon imeachta den tsórt san roimhráite fé réir na dlí agus an chleachta a bhaineann le costaisí a leithéid eile sin d'imeacht chun gnáthfhiacha síbhialta den mhéid chéanna do bhaint amach sa Chúirt chéanna.
CUID II.
CUSTUIM AGUS MAL.
Diúité ar thé.
12.—(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar cáin chustum do réir cúig pingne an punt ar an té go léir a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no ina dhiaidh sin, agus roimh an 1adh lá de Lúnasa, 1925, in ionad na cánach custum do réir ocht bpingne an punt is inéilithe anois.
(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a luaidhtear san alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad na bhfocal “Great Britain and Ireland.”
Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.
13.—(1) Na diúitéthe nua iomportála (lasmuich den diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile ath-sheinnte ceoil) a forchuireadh ar dtúis le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1924, le halt 14 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1924, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1925.
(2) An diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil, a forchuireadh ar dtúis leis an alt san 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1924, leis an alt san 14 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), leanfar d'é d'éileamh, do ghearra, agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1924, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1924.
(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear fén alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”
Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.
14.—(1) Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe a forchuireadh ar dtúis le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1924, le halt 14 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1924, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1925.
(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear fén alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”
Diúité ar mhilseoga siuicre.
15.—(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir trí pingne agus trí chúigiú de phingin an punt ar na milseoga siúicre go léir a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, maraon le haon diúité is ionmhuirir ar scór aon bhiotáille sna milseoga siúicre sin agus in ionad aon diúité a féadfí ar aon tslí eile a chur mar mhuirear ar éinní eile sna milseoga siúicre sin.
(2) I gcás torthaí (nách féidir a chur fé dhiúité mar thorthaí) i sioróip, ná fuil thar tríocha a trí agus trian per cent. d'abhar chun milsithe ionta agus a tabharfar isteach i gcannaí stáin séaluithe muirearófar agus gearrfar an diúité fén alt so do réir an ráta luíoduithe, pingin agus cúigiú de phingin an punt, in ionad an lán-ráta trí pingne agus trí chúigiú de phingin.
(3) San alt so cialluíonn an focal “milseoga siúicre” milseoga a dineadh de shiúicre no d'abhar eile chun milsithe no ina bhfuil an céanna, agus ná fuil cócó ná sacairín ionta, agus foluíonn sé aráin, brioscaí, cácaí, meascáin cháca, putóga agus púdair (nách púdair leighis) a milsíodh le siúicre no le habhar eile chun milsithe seachas sacairín, agus ná fuil cócó ionta, agus fós milseáin, caramel, subhanna, marmaláidí, agus geiléthe, ná fuil cócó ná sacairín ionta, agus fós croicne agus torthaí atá crústaithe, criostalaithe no leasuithe ar aon tslí eile le siúicre no le haon abhar eile chun milsithe seachas sacairín, agus ná fuil cócó ionta.
(4) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a luaidhtear san alt so ach cuirfar an focal “Saorstát Éireann” ann in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland” agus beidh sé fé is dá ndintí milseoga siúicre mar a mínítear san alt so iad do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtar cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.
Diúité ar mheascáin chócó.
16.—(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir reul an punt ar gach meascán a dineadh de chócó no ina bhfuil éinní i bhfuirm cócó agus a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 26adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, maraon le haon diúité is ionmhuirir ar scór aon bhiotáille no sacairín in aon mheascán den tsórt san agus in ionad aon diúité a féadfí ar aon tslí eile a chur mar mhuirear ar éinní eile in aon mheascán den tsórt san.
(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an diúité a luaidhtear san alt so, ach cuirfar an focal “Saorsát Éireann” ann in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland” agus beidh sé fé is dá ndintí meascáin a dineadh de chócó no ina bhfuil éinní i bhfuirm cócó do chur sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht san, sa liost d'earraí go gcuirtar cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.
Méadú ar dhiúité custum ar uiscí búird áirithe.
17.—An diúité custum is ionmhuirir anois, fé alt 7 den Finance Act, 1916, do réir ceithre pingne an galún ar uiscí búird áirithe a háirítear agus a mínítear san alt san, muirearófar, gearrfar, agus íocfar é do réir an ráta mhéaduithe, ocht bpingne an galún, an 26adh lá d'Abrán, 1924, agus ina dhiaidh sin.
Diúité ar choinnle.
18.—Déanfar diúité custum is có-ionann le deich per cent. de luach an earra do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar na coinnle go léir maraon le soillseáin agus soillse oíche a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin.
Diúité ar bhróga, ar bhróga ísle, etc.
19.—(1) Déanfar diúité custum is có-ionann le cúig déag per cent. de luach an earra do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar na bróga, na bróga ísle, na slipéidí, na golaisí, na hasa agus na paitíní go léir a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 5adh lá de Bhealtaine, 1924, no ina dhiaidh sin, agus, lasmuich de sna saighseanna a háirítear ina dhiaidh seo anso, ar na buinn chumtha agus na sála cumtha go léir (iomlán no ina gcoda) agus ar na huachtair chumtha go léir a tabharfar isteach amhlaidh.
(2) Ní déanfar an diúité a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra ar aon bhuinn chumtha rubair ná sála cumtha rubair, ná ar choda de bhuinn ná de shála den tsórt san ná fuil ceaptha agus nách féidir a úsáid ach mar rud ceangailte de bhuinn no de shála bróga no bróga ísle atá iomlán.
Diúité ar bhuidéil fholmha.
20.—(1) Déanfar diúité custum is có-ionann le tríocha a trí agus trian per cent. de luach an earra (ach amháin i gcás na n-eiscíocht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar na buidéil ghloine folamha go léir, de shaghas is gnáth a úsáid i gcóir beorach, fíona no biotáille, agus a tabharfar isteach i Saorstát Éireann, an 12adh lá de Bhealtaine, 1924, no ina dhiaidh sin.
(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so ní muirearófar ná ní gearrfar é ar aon bhuidéil déanta de ghloine ghlé no gheal, ná ar aon bhuidéil de shaghas is gnáth a úsáid i gcóir liqueurí, biotáille cumhartha no biotáille leighis agus ná fuil oiriúnach i gcóir biotáillí eile ná i gcóir beorach ná fíona.
Diúitéthe ar ghallúnaigh.
21.—Déanfar diúité custum is có-ionann le deich per cent. de luach an earra do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc ar gach saghas gallúnaí, malartán galúnaí, agus púdar gallúnaí a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin, maraon le haon diúité is ionmhuirir ortha ar scór aon bhiotáille a bheidh ionta.
Diúité stampa ar iontrála custum.
22.—(1) Ar gach fuirm iontrála custum (nách dúbláid d'aon fhuirm den tsórt san) is gá do réir dlí a theacht o iomportálaí no o ghníomhaire iomportálaí a thabharfidh earraí isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá de Mheán Fhómhair, 1924, no ina dhiaidh sin, beidh stampa greamathach dar luach reul in aghaidh gach consighneacht earraí a bheidh luaidhte sa bhfuirm iontrála, agus déanfidh an t-iomportálaí no a ghníomhaire an stampa san do ghreamú den bhfuirm iontrála sara dtabharfar an fhuirm iontrála don Oifigeach ceart Custum agus Máil.
(2) Chun crícheanna an ailt seo agus chun gach críche eile tuigfar gur diúité custum an diúité stampa a forchuirtar le fo-alt (1) den alt so ar fhuirmeacha iontrála custum.
(3) Ní bheidh aon iontráil dleathach chun crícheanna na nAchtanna Custum mara mbeidh sé stampuithe fé mar a hiarrtar le fo-alt (1) den alt so.
(4) Chun crícheanna an ailt seo, cialluíonn an focal “consighneacht” aon earraí is gá a iontráil agus nách foláir tuairisc fé leith do thabhairt ortha ar an iontráil sin do réir an Liosta Oifigiúla d'Iomportálacha.
(5) Na forálacha (ar a n-áirítear na forálacha pionóis) atá sa Stamp Duties Management Act, 1891, mar a leasuíodh é le haon Acht ina dhiaidh sin, agus in alt 65 den Post Office Act, 1908, bainfid leis na stampaí a húsáidfar chun crícheanna an ailt seo.
(6) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun deimhin do dhéanamh de go n-íocfar an diúité stampa a forchuirtar leis an alt so agus i gcoitinne, chun forálacha an ailt seo do chur in éifeacht.
(7) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le hiontrála i dtaobh earraí a hiomportáladh tré Phost na mBeart.
Mótair agus cabhaile mótair áirithe ná bainfidh fo-alt (4) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915, leo.
23.—(1) Le linn agus tar éis am rithte an Achta so, ní bhainfidh fo-alt (4) (le n-a dtugtar do mhótair áirithe agus do choda áirithe a théigheann chun mótair do dhéanamh saoirse o sna diúitéthe iomportála nua a luaidhtear ann) d'alt 13 den Finance (No. 2) Act, 1915—
(a) le haon mhótair atá déanta agus oiriúnuithe chun iad d'úsáid agus ná fuiltar chun iad d'úsáid ach mar omnibusanna mótair no chun earraí no ualaí d'iompar i gcúrsaí trádála no feirmeoireachta, agus
(b) le haon chabhaile i gcóir aon mhótar den tsórt san, a tabharfar isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin.
(2) Má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim aon mhótar a tugadh isteach i Saorstát Éireann an 1adh lá san d'Iúl, 1924, no ina dhiaidh sin, agus ar ar híocadh diúité custum go cuibhe, do bheith déanta agus oiriúnuithe chun é úsáid agus ná fuiltear chun é úsáid ach mar omnibus mótair no chun earraí no ualaí d'iompar i gcúrsaí trádála no feirmeoireachta, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coiníollacha (más ann dóibh) is dó leo is ceart d'fhorchur, an diúité custum a híocadh amhlaidh ar an mótar san d'aisíoc, pé cion de a shocróid a bheith íoctha ar scór chassis agus mionpháirteanna (más ann dóibh) an mhótair sin.
Ní bhainfidh alt 8 den Finance Act, 1919, le tobac nealeasuithe.
24.—(1) Sa mhéid go mbaineann alt 8 den Finance Act, 1919, le tobac nea-leasuithe, scuirfidh an t-alt san, ón 26adh lá d'Abrán, 1924, de bhaint a bheith aige leis an tobac san, agus, ar an dáta roimhráite agus ina dhiaidh sin, muirearófar an diúité custum ar thobac nea-leasuithe, i ngach cás, do réir an lán-ráta diúité a bhaineann leis.
(2) Chun crícheanna an ailt seo cuirfar an focal “manufactured tobacco” in ionad an fhocail “tobacco” sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919, sa liost d'earraí go gcuirtar cúig shéú den lán-ráta i mbaint leo mar ráta tosaíochta.
Muirear minimum diúité chustum.
25.—(1) Sa chás go mba lú ná dhá scilling agus reul, ar an 1adh lá de Mheitheamh, 1924, no ina dhiaidh sin, an diúité custum a bheadh ar aon tsaghas earraí fé leith ar ar bh'fhéidir diúité custum do chur agus a bheadh in aon chonsighneacht no beart amháin, sé sin, nuair a háireofí é do réir na ndlithe bheadh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh diúitéthe custum, muirearófar na diúitéthe custum san (ach amháin i gcás den tsórt a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) ar na hearraí sin do réir suim mhinimum shocruithe dhá scilling agus reul.
(2) Ní bhainfidh an t-alt so—
(a) le somplaí trádála bona fide a consighneadh chun trádálaithe admhuithe; ná
(b) le haon earraí a hiomportáladh de bhóthar agus an t-iomportálaí á dtionlacan, má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim nár hiomportáladh iad ach chun úsáide mar sholáthar tighe don iomportálaí, no dá líntighe, no (más seirbhíseach tighe no feirme an t-iomportálaí) dá fhostathóir; ná
(c) le haon earraí a tabharfar isteach i Saorstát Éireann mar bhagáiste, ag aon phaisinéir no ag éinne ar fostú ar aon ghléas iompair atá á úsáid chun earraí d'iomportáil de mhuir, de bhóthar iarainn, de bhóthar, no d'aer, no atá féin á iomportáil.
Athghairm ar dhiúité máil ar chártaí imeartha agus ar cheadúnas i gcóir a leithéidí.
26.—O am rithte an Achta so agus dá éis, beidh stop agus deire leis na diúitéthe máil a forchuirtar i gcóir no ar scór gach paca cártaí imeartha a dintar oiriúnach chun a ndíolta no a n-úsáidthe i Saorstát Éireann, agus i gcóir gach ceadúnais no ar gach ceadúnas atá le tógaint amach gach bliain ag éinne a dhéanfidh agus a dhíolfidh cártaí imeartha i Saorstát Éireann.
Athghairm ar dhiúitéthe cus tum ar earraí áirithe a dintar le biotáille no ina bhfuil biotáille.
27.—Na diúitéthe custum is ionmhuirir fé fho-alt (2) d'alt 81 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus fé Chuid II. den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht san, ar earraí áirithe a luaidhtear agus ina bhfuil biotáille no go n-úsáidtear biotáille chun a ndéanta, scuirfid de bheith ionmhuirir ón 1adh lá de Bhealtaine, 1924.
Athghairm ar dhiúitéthe a forchuirtar leis an Safeguarding of Industries Act, 1921.
28.—Na diúitéthe custum is ionmhuirir fé Chuid I. den Safeguarding of Industries Act, 1921, no de bhua aon orduithe a dineadh fé Chuid II. den Acht san scuirfid de bheith ionmhuirir ón 12adh lá de Bhealtaine, 1924.
Déanfar earraí áirithe athiomportálta do leigint isteach saor o dhiúité.
29.—(1) Ní bhainfidh Alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí is féidir a chur fe aon diúité díobh san a forchuirtar le hailt 16, 17, agus 19 go 23 den Acht so fé seach sé sin, sa mhéid gur féidir na hearraí sin do chur fé aon cheann de sna diúitéthe sin.
(2) Gach earra den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a easportála amach as, beidh sé saor o aon cheann de sna diúitéthe dá dtagartar sa bhfo-alt san má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—
(a) nár iomportáladh an earra sarar easportáladh é; no
(b) gur roimh an dáta ar ar dhin diúité ionmhuirir ar dtúis de pé diúité de sna diúitéthe roimhráite is ionmhuirir ar an earra gurb ea a hiomportáladh an earra san ar dtúis; no
(c) gur ar an dáta roimhráite no ina dhiaidh sin a hiomportáladh an earra ar dtúis agus gur híocadh an diúité roimhráite air go cuibhe.
(3) Aon earra a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis í iomportáil isteach i Saorstát Éireann agus í easportáil amach as mar earra ar turas fé bhanna ní tuigfar í bheith á hath-iomportáil isteach i Saorstát Éireann do réir brí an ailt seo.
Conus a socrófar cad is luach d'earraí indiúité.
30.—Aireofar mar luach ar aon earra chun crícheanna na Coda so den Acht so an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna san áit iomportála agus an luach fartha agus an t-árachas uirthe íoctha, agus íocfar diúité ar an luach san mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é.
CUID III.
DIUITETHE BAIS.
Rátaí diúité estáit.
31.—I gcás daoine a gheobhaidh bás an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, déanfar an scála de rátaí diúité estáit atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do chur in ionad an scála atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1919.
Leasú ar alt 2 den Finance Act, 1894.
32.—(1) I gcás duine a gheobhaidh bás an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, léighfar fo-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, fé mar a bheadh an mír seo a leanas i ndiaidh mír (d) dhe—
“(e) Any personal or moveable property situate out of Saorstát Éireann taken as a donatio mortis causâ made by any person dying domiciled in Saorstát Éireann, or taken under a disposition made by any person dying domiciled in Saorstát Éireann and purporting to operate as an immediate gift inter vivos whether by way of transfer, delivery, declaration of trust, or otherwise which shall not have been bona fide made at least three years before the death of the deceased, and any personal or moveable property situate out of Saorstát Éireann taken under any gift, whenever made, by any person dying domiciled in Saorstát Éireann of which bona fide possession and enjoyment shall not have been assumed by the donee immediately upon the gift and thenceforward retained to the entire exclusion of the donor or of any benefit to him by contract or otherwise.”
(2) I gcás maoine a bheidh ag tuitim tar éis bháis duine éagfidh an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, léighfar fo-alt (2) d'alt 2 den Finance Act, 1894, fé mar a bheadh na focail “(other than the property referred to in paragraph (e) of sub-section (1) of this section)” curtha isteach ann díreach tar éis an fhocail “property” agus fé mar a bheadh na focail “or but for the provisions of section 38 of the Stamp Duties (Ireland) Act, 1842, or of section 18 of the Succession Duty Act, 1853,” curtha leis díreach tar éis an fhocail “passes.”
Diúité estáit ar mhaoin shocruithe a luíonn lasmuich de Shaorstát Éireann
33.—I gcás daoine a fuair bás an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, má dineadh maoin a luíonn lasmuich de Shaorstát Éireann d'fhágaint, le huacht no le socrú, ag roinnt daoine i ndiaidh a chéile agus má híocadh diúité leagáide no diúité comharbais uirthi roimh thosach feidhme an Achta so no ina dhiaidh sin, tuigfar chun crícheanna fo-alt (2) d'alt 2 den Finance Act, 1894 (le n-a bhforáltar go dtuigfar gan maoin a luíonn lasmuich de Shaorstát Éireann do bheith ina cuid de mhaoin a thuit tar éis bháis duine ach amháin sa chás ina bhfuil diúité leagáide no comharbais iníoctha uirthi no ina mbeadh sé iníoctha mara mbeadh gaolmhaireacht an té gur thuit an mhaoin chuige) go bhfuil an diúité sin iníoctha ar an maoin tar éis bháis do gach duine fé leith de sna daoine sin i ndiaidh a chéile bíodh gur híocadh suim iomlán an diúité sin tar éis bháis d'éinne amháin fé mar a déanfí i gcás leagáide a fágfí ag éinne amháin.
Athghairm ar na hachtacháin a luaidhtear sa Tríú Sceideal.
34.—Na hachtacháin iomdha a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so (achtacháin a bhaineann leis na diúitéthe báis ar mhaoin a bheadh ag tuitim tar éis bháis máirnéalach agus saighdiúirí áirithe Briotáineacha agus géilliúnach mBriotáineach eile), beid, sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san, gan baint le maoin a bheidh ag tuitim tar éis bháis éinne a éagfidh an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin, agus athghairmtear leis seo iad.
CUID IV.
CAIN PHROFID CORPORAIDE.
Faoiseamh o cháin dúbalta ar phrofid corporáide.
35.—(1) Má dhineann aon chuideachta, a hionchorporuíodh do réir na dlí no fén dlí a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann agus a dhin no atá fé oblagáid cáin phrofid corporáide d'íoc i Saorstát Éireann, a chur ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim go bhfuil sé d'oblagáid ar an gcuideachtain sin, agus gur dhineadar, cáin phrofid corporáide d'íoc sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann, lomhálfidh na Coimisinéirí Ioncuim faoiseamh do réir an ailt seo o cháin phrofid corporáide ar pé méid de phrofid na cuideachtan (agus é luíoduithe do réir mír (a) den phrovísó a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920) is inchurtha fé cháin phrofid corporáide i Saorstát Éireann agus ina theanta san sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.
(2) An faoiseamh o cháin phrofid corporáide a lomhálfar fén alt so is do réir pé ráta de sna rátaí seo a leanas is ísle a lomhálfar é, sé sin le rá:—
(a) an ráta a déanfar amach tré mhéid na cánach profid corporáide is iníoctha i Saorstát Éireann do roinnt, sara ndeonfar aon fhaoiseamh fén alt so, ar mhéid iomlán profid na cuideachtan a cáinmheasadh i Saorstát Éireann mar a luíoduíodh é do réir mír (a) den phrovísó a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 52 den Finance Act, 1920; agus
(b) an ráta a déanfar amach tré mhéid na cánach profid corporáide is iníoctha sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann do roinnt ar mhéid an phrofid a muirearuíodh sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann mar a luíoduíodh é ar an gcuma roimhráite.
(3) Más rud é ná déanfidh cuideachta atá i dteideal chun faoisimh fén alt so ar scór aon tréimhse chuntasaíochta a n-eileamh chun an fhaoisimh sin do chruthú roimh an dáta ar a mbeidh an diúité i gcóir na tréimhse cuntasaíochta san dlite, deonfar an faoiseamh mar aisíoc.
(4) Tabharfar don chigire cánach fógra i scríbhinn i dtaobh aon éilimh faoisimh fén alt so maraon le mion-innste ar an éileamh—
(a) laistigh de dhá mhí tar éis íoc ná cánach profid corporáide sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éirinn i gcóir na tréimhse cuntasaíochta le n-a mbaineann an t-éileamh; no
(b) an 31adh lá de Mhárta, 1925, no roimhe sin, más le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1924, no dáta roimhe sin, a bhaineann an t-éileamh; no
(c) laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deire na tréimhse cuntasaíochta le n-a mbaineann an t-éileamh más le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon dáta tar éis an 31adh de Mhárta, 1924, a bhaineann an t-éileamh.
(5) Má bhíonn cuideachta mi-shásta le breith na gCoimisinéirí Ioncuim ar aon éileamh faoisimh fén alt so, no má chuireann an cigire cánach agóid i gcoinnibh aon éilimh den tsórt san, cuirfar an t-éileamh chun na gcoimisinéirí agus éistfid é agus tabharfid breith air chun crícheanna speisialta na nAchtanna Cánach Ioncuim, agus chuige sin beidh acu comhacht chun fínnithe do ghairm agus do scrúdú fé mhionn más oiriúnach leo é agus comhacht, leis, chun socrú i dtaobh an ráta ar a dtabharfar faoiseamh, i dtaobh an méid faoisimh a tabharfar agus i dtaobh gach ní eile a bhaineann leis an éileamh.
(6) Bainfidh alt 149 (a bhaineann le cás d'aithris i gcóir na hArd-Chúirte) agus alt 196 (a bhaineann le hathchomhairc i gcoinnibh breitheanna o sna coimisinéirí speisialta) den Income Tax Act, 1918, mar a leasuítear leis an Acht so iad, bainfid le breitheanna o sna coimisinéirí speisialta ar éilithe a cuirfar fé n-a mbráid fén alt so agus san ar an gcuma 'na mbaineann na hailt sin, agus iad leasuithe amhlaidh fé seach, leis na breitheanna a luaidhtear ionta.
(7) Ní bhainfidh an t-alt so ach le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 1adh lá d'Abrán, 1923, no dáta ina dhiaidh sin, agus i gcás cuid de thréimhse chuntasaíochta do bheith roimh an 1adh lá d'Abrán, 1923, agus cuid di ina dhiaidh sin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, chun críche an ailt seo, profid iomlán na cuideachtan i gcóir na tréimhse cuntasaíochta san do roinnt ar an gcuid den tréimhse chuntasaíochta san dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1923, agus an chuid di dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1923, do réir faideanna fé seach na gcoda san, agus tuigfar gur tréimhse chuntasaíochta gach cuid de sna coda san den tréimhse chuntasaíochta san chun crícheanna an ailt seo.
Ní déanfar luíodú mar gheall ar íoc cánach sa Bhreatain Mhóir ná i dTuaisceart Éireann.
36.—Nuair a beifar ag meas profid aon chuideachtan chun crícheanna cáin phrofid corporáide ní déanfar aon luíodú mar gheall ar cháin phrofid corporáide d'íoc sa Bhreatain Mhóir ná i dTuaisceart Éireann ná ar oblagáid í íoc.
CUID V.
ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.
Cánacha ar urúsanna rialtais Briotáineacha áirithe agus ar urúsanna cathrachtúla Briotáineacha áirithe.
37.—(1) Ní oibreoidh alt 47 den Finance (No. 2) Act, 1915 (a bhaineann le saoirse o cháin d'urúsanna rialtais Briotáineacha áirithe) chun capital ná ús aon urúis díobh súd dá dtagartar ann do shaora o aon cháin fé n-a bhféadfí é chur mara mbeadh an t-alt san mar atá sé oiriúnuithe, sé sin, faid a bheidh na hurúsanna san dá gcuid féin, chun tairfe dhóibh féin, ag daoine go bhfuil buan-chomhnaí no gnáth-chomhnaí ortha sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.
(2) Ní oibreoidh alt 63 den Finance Act, 1916 (a bhaineann le saoirse o cháin d'urúsanna cathrachtúla Briotáineacha áirithe) chun capital ná ús aon urúis díobh súd dá dtagartar ann do shaora o aon cháin fé n-a bhféadfí é chur mara mbeadh an t-alt san mar atá sé oiriúnuithe, sé sin faid a bheidh na hurúsanna san dá gcuid féin, chun tairfe dhóibh féin, ag daoine go bhfuil buanchomhnaí no, más géilliúnaigh Briotáineacha iad, gnáth-chomhnaí ortha sa Bhreatain Mhóir no i dTuaisceart Éireann.
(3) Bainfidh an t-alt so—
(a) maidir le diúitéthe báis, le cás ina dtuitfidh maoin tar éis bháis dhuine a éagfidh an 1adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin; agus
(b) maidir le cáin ioncuim agus le barra-cháin, le haon bhliain airgeadais a thosnóidh an 6adh lá d'Abrán, 1924, no ina dhiaidh sin.
Chun airgead a bheidh dlite ar scór cánacha agus diúitéthe do bhaint amach.
38.—(1) Gach suim a bheidh dlite ar scór cánach no diúité atá fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim anois no a cuirtar leis an Acht so, no a cuirfar le haon Acht eile a rithfidh an tOireachtas, fén gcúram agus fén mbainistí roimhráite, agus fós gach fíneáil, pionós, no gheallbhruid fé n-a raghfar mar gheall ar aon cháin no diúité den tsórt san, tuigfar gur fiacha iad atá alite don Aire Airgid chun tairfe don Phrímh-Chiste agus beid iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncuim agus féadfar (gan dochar d'aon mhódh eile chun iad do bhaint amach) dul chun dlí mar gheall ortha agus iad do bhaint amach le haicsean, no le himeacht oiriúnach eile, ar agra an Phríomh-Aturnae in aon chúirt leorúdaráis.
(2) Ag gabháil le hairgead a bheidh dlite don Phrímh-Chiste no iníoctha leis no dlite no iníoctha chun tairfe dho, beidh, agus tuigfar go raibh riamh, gach ceart, príbhléid, agus tosaíocht atá go dtí so ag gabháil le fiacha atá dlite don Choróin.
Oiriúnú ar achtacháin a bhaineann le bannaí.
39.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis, mar chó-líona ar gach foráil, atá in aon Acht le n-a mbaineann an t-alt so agus le n-a n-iarrtar no le n-a n-udaruítear dul fé bhannaí, is leor dul fé bhannaí leis an Aire Airgid, agus gach luadh no tagairt, atá in aon Acht le n-a mbaineann an t-alt so, do bhanna fé n-ar chuathas fén Acht san no dá réir léireofar é agus raghaidh sé in éifeacht mar ní a fholuíonn luadh no tagairt do bhanna den tsórt chéanna fé n-ar chuathas leis an Aire Airgid.
(2) Gach banna fé n-ar chuathas roimhe seo fé aon Acht no do réir aon Achta le n-a mbaineann an t-alt so (maraon le bannaí fé n-ar chuathas leis na Coimisinéirí Ioncuim de bhua alt 18 den Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923) agus gach banna fé n-a raghfar ina dhiaidh seo leis an Aire Airgid de bhua an ailt seo, féadfar iad d'fheidhmiú le himeachta ar agra an Phríomh-Aturnae in aon chúirt leor-údaráis.
(3) Baineann an t-alt so le gach Acht do rith Páirlimint na Ríochta Aontuithe agus a bhí i bhfeidhm i Saorstát Éireann an 31adh lá de Mhárta, 1923, agus a bhain le haon cheann de sna cánacha no de sna diúitéthe a luaidhtear san Acht Airgid, 1923 (Uimh. 21 de 1923), no sa Sceideal a ghabhann leis, no a bhain le bainistí aon chánacha no diúitéthe den tsórt san.
Maolú ar an oblagáid seicréideachta i gcásanna áirithe.
40.—An oblagáid i dtaobh seicréideachta a forchuirtar le haon achtachán i dtaobh cánach le n-a mbaineann ordú a dhin an Seanascal fé Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 (Uimh. 8 de 1923), ní choiscfe sí agus tuigfar nár choisc sí riamh dátáin do nochta d'oifigeach údaruithe do Rialtas Thuaiscirt Éireann, pé cinn is gá a nochta dho chun go bhféadfar faoiseamh do thabhairt do réir na socruithe a daingníodh leis an ordú san.
Cúram agus bainistí cánacha agus diúitéthe.
41.—Gach cáin agus diúité a forchuirtar no a buanuítear leis an Acht so dintar leis seo iad do chur fé chúram agus fé bhainistí na gCoimisinéirí Ioncuim.
Mínithe ar Achtanna Custuim agus ar Achtanna Cánach Ioncuim.
42.—(1) San Acht so agus i ngach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann leis na custuim, ciallóidh agus folóidh an focal “na hAchtanna Custum” gach Reacht Briotáineach a bhaineann leis na custuim, chó maith leis an Acht so agus le gach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann leis na custuim.
(2) San Acht so agus i ngach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann le hioncum dúithche ciallóidh agus folóidh an focal “na hAchtanna Cánach Ioncuim” gach Reacht Briotáineach a bhaineann le cáin ioncuim, chó maith leis an Acht so agus le gach Acht eile de chuid an Oireachtais a bhaineann le hioncum dúithche.
Athghairmeanna.
43.—(1) Dintar leis seo na hachtacháin iomdha a háirítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
(2) Beidh éifeacht ón 12adh lá de Bhealtaine, 1924, ag an athghairm a dintar leis an alt so ar an Safeguarding of Industries Act, 1921, agus na hathghairmeanna eile a dintar leis an alt so beidh éifeacht acu an 6adh lá d'Abrán, 1924, agus as san amach, sa mhéid go mbaineann na hachtacháin athghairmthe le cáin ioncuim no le barra-cháin, agus beidh éifeacht acu an 1adh lá d'Abrán, 1924, agus as san amach, sa mhéid go mbaineann na hachtacháin athghairmthe le haon cháin eile no le haon diúité.
Gearr-theideal, léiriú agus tosach feidhme.
44.—(1) Féadfar an tAcht Airgid, 1924, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar Cuid I. den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Cánach Ioncuim, agus léireofar Cuid II. den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Custum sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe custum, agus sa mhéid go mbaineann sí le diúitéthe máil léireofar í mar éinní amháin leis na Reachta Briotáineacha agus leis na hAchtanna de chuid an Oireachtais a bhaineann le diúitéthe máil agus le bainistí na ndiúitéthe sin.
(3) Tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le cáin ioncuim no le barra-cháin do theacht i bhfeidhm an 6adh lá d'Abrán, 1924, agus beidh éifeacht aige ón lá san amach, agus sa mhéid ná fuil sé bunoscionn leis na téarmaí atá ann tuigfar oiread den Acht so agus bhaineann le haon cháin eile no le haon diúité do theacht i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1924, agus beidh éifeacht aige ón lá san amach.
CEAD SCEIDEAL.
Rialacha a cuirfar leis na Rialacha a bhaineann le Sceideal C.
Rialacha i dtaobh úis, &c., is iníoctha amach as Ioncum Puiblí Shaorstáit Éireann tré Bhanc Náisiúnta na Talmhan.
1. Maidir le haon ús, blianachtaí, dividenda, no scaireanna de bhlianachtaí, is iníoctha amach as Ioncum Puiblí Shaorstáit Éireann agus a tugadh do Bhanc Náisiúnta na Talmhan le híoc no le roinnt, seachadfidh an Banc san do sna coimisinéirí speisialta, nuair a bheidh aon íoc dlite, cuntaisí fírinneacha i leabhair a soláthrófar i gcóir—
(a) gach úis, blianachta, dividenda, no scair de bhlianacht a tugadh do le n'íoc leis na daoine go bhfuil teideal acu chuige;
(b) suim na cánach is ionmhuirir ar gach ceann de sna rudaí sin do réir an ráta a bheidh i bhfeidhm am an íoctha gan baint aisti ach fé mar a ceaduítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim.
2. Sna cuntaisí sin déanfar cuntas fé leith gach duine d'idirdhealú.
3. Beidh gach comhacht riachtanach ag na coimisinéirí speisialta maidir le scrúdú, iniúcha, seiceáil agus réiteach na leabhar agus na gcuntaisí roimhráite, agus déanfid an t-ús, na blianachtaí, na dividenda agus na scaireanna de bhlianachtaí do cháinmheas agus do mhuirearú do reir an ráta cánach a bheidh i bhfeidhm am an íoctha ach suim na saoirsí a lomhálfid (má lomhálaid iad) de luíodú ortha, agus tabharfid fógra do Bhanc Náisiúnta na Talmhan i dtaobh an mhéid a cáinmheasadh agus a muirearadh amhlaidh.
4. Sara ndinidh Banc Náisiúnta na Talmhan aon íoc cimeádfidh an Banc méid na cánach chun críche na nAchtanna Cánach Ioncuim.
5. Tuigfar cimeád an mhéide sin do bheith ina íoc cánach a dhin na daoine go raibh teideal acu chun an úis, na mblianacht, na ndividenda, no na scaireanna de bhlianachtaí, agus lomhálfa siad-san é nuair a gheobhaid iarsma na nithe sin agus tabharfar adhmáil agus saora do Bhanc Náisiúnta na Talmhan ar shuim is ionann agus an méid a cimeádadh fé is dá n-íoctí an tsuim sin dáiríribh.
6. Íocfar leis an Ard-Chuntasóir Ioncuim aon airgead a cuirfar i leataoibh agus a cimeádfar amhlaidh.
DARA SCEIDEAL.
Scála de Rátaí Diúité Estáit.
I gcás Luach Colna an Estáit do bheith | Beidh Diúité Estáit iníoctha do réir an Ráta so per cent. | |||
| £ |
| £ |
|
Os cionn | 100 | gan bheith os cionn | 500 | 1 |
,, | 500 | ,, ,, | 1,000 | 2 |
,, | 1,000 | ,, ,, | 5,000 | 3 |
,, | 5,000 | ,, ,, | 10,000 | 4 |
,, | 10,000 | ,, ,, | 15,000 | 5 |
,, | 15,000 | ,, ,, | 20,000 | 6 |
,, | 20,000 | ,, ,, | 25,000 | 7 |
,, | 25,000 | ,, ,, | 30,000 | 8 |
,, | 30,000 | ,, ,, | 40,000 | 9 |
,, | 40,000 | ,, ,, | 50,000 | 10 |
,, | 50,000 | ,, ,, | 60,000 | 11 |
,, | 60,000 | ,, ,, | 70,000 | 12 |
,, | 70,000 | ,, ,, | 90,000 | 13 |
,, | 90,000 | ,, ,, | 110,000 | 14 |
,, | 110,000 | ,, ,, | 130,000 | 15 |
,, | 130,000 | ,, ,, | 150,000 | 16 |
,, | 150,000 | ,, ,, | 175,000 | 17 |
,, | 175,000 | ,, ,, | 200,000 | 18 |
,, | 200,000 | ,, ,, | 225,000 | 19 |
,, | 225,000 | ,, ,, | 250,000 | 20 |
,, | 250,000 | ,, ,, | 300,000 | 21 |
,, | 300,000 | ,, ,, | 350,000 | 22 |
,, | 350,000 | ,, ,, | 400,000 | 23 |
,, | 400,000 | ,, ,, | 450,000 | 24 |
,, | 450,000 |
|
| 25 |
TRIU SCEIDEAL.
Achtacháin a hathghairmtear maidir le maoin a bheidh ag tuitim tar éis bháis máirnéalach agus saighdiúirí áirithe Briotáineacha agus géilliúnach áirithe eile Briotáineach.
Siosón agus Caibideal. | Gearr-theideal. | Méid na hAthghairme. |
57 & 58 Vict. c. 30. | Finance Act, 1894. | I bhfo-alt (1) d'alt 8 na focail “and for the exemption of the property of common seamen, marines, or soldiers who are slain or die in the service of Her Majesty.” |
63 & 64 Vict. c. 7. | Finance Act, 1900. | Alt 14. |
4 & 5 Geo. V. c. 76. | Death Duties (Killed in War) Act, 1914. | An tAcht uile. |
5 & 6 Geo. V. c. 89. | Finance (No. 2) Act, 1915. | Alt 46. |
7 & 8 Geo. V. c. 31. | Finance Act, 1917. | Alt 29. |
8 & 9 Geo. V. c. 15. | Finance Act, 1918. | Alt 14 |
9 & 10 Geo. V. c. 32. | Finance Act, 1919. | Alt 31. |
11 & 12 Geo. V. c. 32. | Finance Act, 1921. | Alt 43. |
CEATHRU SCEIDEAL.
Achtacháin a hAthghairmtear.
Siosón agus Caibideal. | Gearr-theideal. | Méid na hAthghairme. |
16 & 17 Vict. c. 107. | Customs Consolidation Act, 1853. | Ailt 114 agus 115. |
25 & 26 Vict. c. 22. | Revenue Act, 1862. | Ailt 27 go 37 agus an méid de Seideal C a bhaineann le cártaí imeartha. |
54 & 55 Vict. c. 38. | Stamp Duties Management Act, 1891. | In alt 26 na focail “or playing cards.” |
8 Edw. VII. c. 16. | Finance Act, 1908. | I bhfo-alt (4) d'alt 4 na focail “and playing cards.” |
10 Edw. VII. & 1 Geo. V. c. 8. | Finance (1909-10) Act, 1910. | Fo-alt (2) d'alt 81 agus Cuid II. den Triú Sceideal. |
8 & 9 Geo. V. c. 40. | Income Tax Act, 1918. | Alt 2 ón bhfocal “except” go deire an ailt; alt 22; fo-alt (3) d'alt 105; alt 131; mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 157 o sna focail “and weekly” go deire na míre; fo-alt (4) d'alt 157; fo-alt (2) d'alt 169; míreanna (b) agus (c) d'alt 236; Riail 2 de sna Rialacha a bhaineann le Cásanna I. agus II. de Sceideal D. |
11 & 12 Geo. V. c. 32. | Finance Act, 1921. | Ailt 13 agus 29; alt 53 thosach an ailt go dtí na focail “Finance Act, 1920, and.” |
11 & 12 Geo. V. c. 47. | Safeguarding of Industries Act, 1921. | An tAcht uile. |
12 & 13 Geo. V. c. 17. | Finance Act, 1922. | Fo-alt (2) d'alt 18 agus an provísó a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 18. |
Ailt 16 agus 18. |