Uimhir 33 de 1968
AN tACHT AIRGEADAIS, 1968
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Cáin Ioncaim
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1968-69.
1.—(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.
(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus is de réir na rátaí seo a leanas a mhuirearófar amhlaidh í, is é sin le rá:
I leith an chéad dhá mhíle cúig chéad punt den | |||||||
ioncam | ... | ... | ... | ... | ... | ... | Neamhní |
I leith na breise ar dhá mhíle cúig chéad punt, ar | |||||||
gach punt den chéad dhá mhíle punt den | |||||||
bhreis | ... | ... | ... | ... | ... | trí scilling | |
ar gach punt den chéad dhá mhíle ina | |||||||
dhiaidh sin den bhreis | ... | ... | ... | sé scilling | |||
ar gach punt d'fhuílleach na breise | ... | naoi scilling. |
Liúntas le haghaidh fios feasa.
2.—(1) San alt seo ciallaíonn “fios feasa” eolas agus teicníochtaí tionscail ar dhóigh dóibh gur chabhair iad le hearraí nó ábhair a mhonarú nó a phróisiú nó le haon oibríochtaí talmhaíochta, foraoiseachta, iascaireachta nó mianadóireachta nó aon oibríochtaí eastóscaidh eile a sheoladh.
(2) (a) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, go dtabhóidh duine caiteachas le fios feasa chun é a úsáid i dtrádáil a sheolann sé nó a dhéanfaidh, agus caiteachas tabhaithe aige le fios feasa, trádáil ina n-úsáidtear é a bhunú agus a thúsú, lamhálfar, faoi réir forálacha an ailt seo, go n-asbhainfear mar chaiteachais, le linn áireamh a bheith á dhéanamh chun críocha Chás I den Sceideal D ar bhrabúis nó gnóchain na trádála, an méid sin den chaiteachas a lamhálfaí a asbhaint mura mbeadh an t-alt seo.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, aon duine a thabhaigh caiteachas le fios feasa sular bunaíodh agus a túsaíodh an trádáil ina n-úsáidtear é, measfar gurb é tráth an bhunaithe agus an túsaithe sin a thabhaigh sé é.
(3) I gcás ina bhfaighidh duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, trádáil nó cuid de thrádáil agus ina theannta sin, fios feasa a úsáidtear inti, ní lamhálfar aon mhéid a asbhaint faoin alt seo i leith caiteachas a tabhaíodh leis an bhfios feasa a fháil.
(4) (a) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ar aon fhios feasa a dhíol más comhlacht daoine atá faoi rialú an díoltóra an ceannaitheoir nó más comhlacht daoine atá faoi rialú an cheannaitheora an díoltóir nó más comhlachtaí daoine atá faoi rialú duine éigin eile an díoltóir agus an ceannaitheoir.
(b) San fho-alt seo—
(i) tá le “rialú” an bhrí chéanna atá leis in alt 299 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus
(ii) folaíonn tagairtí do chomhlacht daoine tagairtí do chomhpháirtíocht.
Faoiseamh do shuimeanna áirithe is inmhuirir faoi Sceideal E.
3.—(1) (a) Faoi réir mhír (b), baineann an t-alt seo le haon íocaíocht is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E agus a thabharfar do shealbhóir oifige nó fostaíochta de chúiteamh—
(i) i leith laghdú a theacht, nó laghdú a d'fhéadfadh a theacht, ar luach saothair san am le teacht de bharr atheagrú ar ghnó an fhostóra faoina sealbhaítear an oifig nó an fhostaíocht nó athrú ar an nós imeachta oibre, ar mhodhanna oibre, ar dhualgais nó rátaí luach saothair na hoifige nó na fostaíochta sin, nó
(ii) i leith athrú ar an áit a gcomhlíontar dualgais na hoifige nó na fostaíochta.
(b) Ní bhaineann an t-alt seo—
(i) le híocaíocht lena mbaineann alt 114 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná
(ii) le híocaíocht le haon duine dá sonraítear i míreanna (i) go (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 228 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó le haon duine is fostaí páirtaimsire de dhroim gan é a bheith air iomlán a ama go substainteach a chaitheamh le seirbhís a fhostóra.
(2) I gcás pearsa aonair a bheith tar éis íocaíocht lena mbaineann an t-alt seo a fháil, beidh sé i dteideal, ar éileamh chuige sin a dhéanamh agus ar na fíorais iomchuí a chruthú chun sástacht an chigire, go ndéanfar an méid iomlán cánach ioncaim agus forchánach is iníoctha aige in aghaidh na bliana measúnachta arb inmhuirir an íocaíocht ina haghaidh a laghdú go dtí iomlán an dá mhéid seo a leanas:
(a) comhshuim na méideanna cánach ioncaim agus forchánach ab iníoctha aige in aghaidh na bliana sin dá mba nach bhfuair sé an íocaíocht sin, agus
(b) cáin ioncaim agus forcháin ar iomlán na híocaíochta de réir rátaí arna ndéanamh amach faoi seach sa tslí a shonraítear i bhfo-alt (3).
(3) Déanfar amach na méideanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, le cois agus os cionn na méideanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a), ab iníoctha ag sealbhóir na hoifige nó na fostaíochta dá bhfolódh a ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta dá dtagraítear i bhfo-alt (2) trian, agus sin an méid, den íocaíocht agus déanfar na rátaí cánach ioncaim agus forchánach faoi seach chun críocha fho-alt 2 (b) amach ansin trí na méideanna breise cánach ioncaim agus forchánach faoi seach, arna ríomh de réir an fho-ailt seo, a roinnt ar mhéid ar cóimhéid le trian na híocaíochta.
(4) (a) Is ar mhodh aisíoca a thabharfar, i ngach cás, faoiseamh ó cháin faoin alt seo.
(b) Ní bheidh éilitheoir i dteideal faoisimh faoin alt seo i leith aon ioncam a bhfuil sé i dteideal an cháin air a mhuirearú i gcoinne aon duine eile, nó a asbhaint, a choimeád siar, nó a shásamh as aon íocaíocht a dhlífidh sé a dhéanamh le haon duine eile.
Méid luach laghdaithe innealra agus gléasra mar gheall ar chaitheamh agus cumailt.
4.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar feadh bóthair nó chun feithiclí eile a tharraingt ar feadh bóthair) a sholáthrófar, an lú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, le húsáid chun críocha trádála, gairme, fostaíochta nó oifige agus a bheidh, tráth a sholáthraithe amhlaidh, gan bheith úsáidte ná réchaite, agus folaíonn sé aon innealra nó gléasra den sórt sin d'ainneoin aon díol a rinneadh air nó aon athrú imthosca eile, ach ní fholaíonn sé longa agus innealra nó gléasra a bhfuil rogha déanta ina leith faoin gcéad fhoráil a ghabhann le halt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
tá le “luach innealra nó gléasra i dtosach na bliana measúnachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 241 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(2) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, i gcás ina mbeidh asbhaint le lamháil faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe mar gheall ar chaitheamh agus cumailt aon innealra nó gléasra cháilithigh ansin an méid a measfaidh na Coimisinéirí Achomhairc gurb é an méid cóir réasúnach é faoin alt sin is ionann, mar gheall ar chaitheamh agus cumailt in imeacht na bliana, agus luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin—
(a) más méid é nach mó ná 8¾ faoin gcéad den mhéid arbh é, i dtosach na bliana measúnachta, luach an innealra nó an ghléasra sin é, glacfar gur 10 faoin gcéad den luach sin é;
(b) más méid é is mó ná 8¾ faoin gcéad ach is lú ná 15 faoin gcéad den mhéid arbh é, i dtosach na bliana measúnachta, luach an innealra nó an ghléasra sin é, measfar gur 12½ faoin gcéad den luach sin é;
(c) más méid é is 15 faoin gcéad nó níos mó den mhéid arbh é, i dtosach na bliana measúnachta, luach an innealra nó an ghléasra sin é, measfar gur 25 faoin gcéad den luach sin é.
(3) Leasaítear leis seo alt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le hinnealra nó gléasra cáilitheach, trí “suim comhionann leis an méid” a chur in ionad “suim comhionann le cúig cheathrú den mhéid”.
(4) Maidir le cás ina bhfuil fo-alt (2) tar éis éifeacht a bheith aige, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim d'asbhaint a lamháiltear faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don asbhaint sin arna chinneadh de bhun an ailt sin, arna leasú leis an alt seo, agus de bhun fho-alt (2).
Uinéireacht nó áitiú tailte.
5.—Maidir le haon bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, nó aon lá dá éis sin, agus d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim—
(a) ní dhéanfar aon mheasúnachtaí faoi Sceideal A ná faoi Sceideal B den Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(b) ní chuirfear an t-ioncam ó úinéireacht nó áitiú tailte, tionóntán nó oidhreachtán i gcuntas chun ioncam iomlán a mheas chun críocha cánach go feadh an mhéid a tomhaiseadh an t-ioncam sin ar bhonn an mhéid a measadh, de réir na bhforálacha is inchurtha chun feidhme maidir le Sceideal A, gurb é luach bliantúil, nó an mhéid a measadh, de réir na bhforálacha is inchurtha chun feidhme maidir le Sceideal B, gurb é luach inmheasúnaithe na dtailte, na dtionóntán nó na n-oidhreachtán é.
Oibleagáid taifid áirithe a choimeád.
1963. Uimh. 33.
6.—(1) San alt seo folaíonn “taifid” leabhair chuntais a bhaineann—
(a) leis na suimeanna airgid go léir a fhaightear agus a chaitear i gcúrsa trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile a sheoladh nó a fheidhmiú agus na hábhair arb ina leith a tharlaíonn an fháil agus an caitheamh, agus
(b) le gach díolachán agus ceannach earraí agus seirbhísí i gcás ina ngabhann ceannach nó díolachán earraí nó seirbhísí le trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile a sheoladh nó a fheidhmiú.
(2) (a) Gach duine a sheolann nó a fheidhmíonn ar a shon féin nó thar ceann aon duine eile, aon trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile arb inmhuirir faoi Sceideal D na brabúis nó na gnóchain uaithi coimeádfaidh sé cibé taifid is gá le go bhféadfar tuairisceáin fhíora a thabhairt, chun críocha cánach ioncaim agus forchánach, ar na brabúis nó na gnóchain sin.
(b) I gcás ina seoltar i gcomhpháirtíocht aon trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile den sórt sin, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an comhpháirtí tosaíochta, de réir bhrí alt 69 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an duine a sheolann trádáil, an ghairm nó an ghníomhaíocht eile sin.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (2)—
(a) i gcás trádáil, gairm nó gníomhaíocht eile a thúsófar tar éis tosach feidhme an Achta seo, ar agus ó dháta an túsaithe sin, agus
(b) in aon chás eile, ar an agus ón 1ú lá de Mheán Fómhair, 1968.
(4) Aon taifid a choimeádfar de bhun na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo déanfaidh an duine ar a mbeidh de cheangal na taifid a choimeád iad a choinneáil go ceann sé bliana tar éis na hidirbhearta, na gníomhartha nó na hoibríochtaí lena mbaineann siad a bheith críochnaithe:
Ar choinníoll nach gceanglóidh an fo-alt seo taifid a choinneáil a gcuirfidh an cigire in iúl don duine a bheidh faoi cheangal iad a choinneáil nach gá iad a chionneáil, agus nach mbainfidh sé le leabhair agus páipéir cuideachta a bheidh diúscartha de réir alt 305 (1) d'Acht na gCuideachtaí, 1963.
(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) i ndáil le haon taifead maidir le tuarisceán d'aon bhliain mheasúnachta nó a sháróidh fo-alt (4) maidir leis na taifid sin dlífidh sé pionós £100 a chur air:
Ar choinníoll nach bhforchuirfear pionós faoin bhfo-alt seo má chruthaítear nach bhfuil aon duine inmhuirir i leith cánach i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain sin don bhliain mheasúnachta sin.
(6) Leasaítear leis seo alt 508 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1968”, a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “240 nó 296”.
Cáin a bheidh dlite in aghaidh míonna cánach ioncaim a mheas.
7.—(1) I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a chreidiúint go raibh sé dlite de dhuine faoi na rialacháin cáin a chur ar aghaidh i leith aon mhíosa cánach ioncaim áirithe, agus nár chuir an duine aon cháin ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim sin, féadfaidh siad an méid cánach a mheas ba cheart don duine sin a bheith curtha ar aghaidh aige laistigh den tréimhse a shonraítear sna rialacháin chun an cháin sin a íoc agus fógra i dtaobh an méid a measadh a sheirbheáil air.
(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ar dhuine, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—
(a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé nach ndlíonn sé aon cháin a chur ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim lena mbainfidh an fógra, trí fhógra scríofa a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag ó dháta an fógra a sheirbheáil, a iarraidh go dtarchuirfear an t-éileamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc le breith a thabhairt air agus is breith chríochnaitheach dhochloíte a bheidh i mbreith na gCoimisinéirí Achomhairc,
(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura n-iarrfar aon éileamh den sórt a tharchur amhlaidh, nó má iarrtar an t-éileamh sin a tharchur, ar chinneadh críochnaitheach a dhéanamh ag na Coimisinéirí Achomhairc i gcoinne an éilimh, beidh an cháin mheasta a shonrófar san fhógra inghnóthaithe sa tslí chéanna agus leis na himeachtaí céanna agus dá mba fhostóir an duine agus gurbh é an méid a shonrófar san fhógra an méid cánach a dhligh sé faoi na rialacháin a bhaint as díolaíochtaí a d'íoc sé in imeacht na míosa cánach ioncaim a shonrófar san fhógra lúide aon mhéideanna a dhligh sé faoi na rialacháin a aisíoc in imeacht na míosa cánach ioncaim sin,
(c) má tharlaíonn, aon tráth tar éis an fógra a sheirbheáil, go dtabharfaidh an duine dearbhú uaidh ar an méid a dhlíonn sé faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim a shonrófar san fhógra agus go n-íocfaidh sé an cháin de réir an dearbhaithe mar aon le haon ús agus costais a bheidh tabhaithe i ndáil leis an mainneachtain, beidh an fógra, faoi réir mhír (d) arna urscaoileadh agus aisíocfar aon bharrachas cánach a íocadh.
(d) i gcás ina mbeifear tar éis caingean a bhunú chun cáin a shonrófar i bhfógra faoi fho-alt (1) a ghnóthú, is caingean ar mhodh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 485 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ní bheidh feidhm, mura n-ordóidh na Coimisinéiri Ioncaim a mhalairt, ag mír (c) maidir leis an bhfógra sin go dtí go gcríochnófar an chaingean sin.
(3) I gcás nach gcuirfear chuig na Coimisinéirí Ioncaim cuid de leabhar stampaí a cheanglaíonn na rialacháin a chur, agus na stampaí iomchuí greamaithe ann, chucu i rith tréimhse áirithe, measfar chun críocha fho-alt (1) gur cáin a dhligh an duine a chur ar aghaidh faoi threoir na míosa nó na míonna iomchuí cánach ioncaim lena mbaineann an chuid sin den leabhar stampaí an cháin arb é meán a híoctha stampaí a bheadh greamaithe den chuid sin den leabhar stampaí.
(4) Féadfaidh fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1) baint a bheith aige le dhá mhí chomhleanúnacha cánach ioncaim nó níos mó.
(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach nó oifigigh dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo nó alt 8 a dhéanamh nó a chomhlíonadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.
(6) San alt seo ciallaíonn “díolaíochtaí” aon ní is inmheasúnaithe i leith cánach ioncaim faoi Sceideal E agus folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí díolaíochtaí tagairtí d'íocaíochtaí ar cuntas díolaíochtaí.
(7) San alt seo agus in alt 8 ciallaíonn “fostóir” aon duine a íocann díolaíochtaí.
(8) San alt seo agus in ailt 8 agus 9—
ciallaíonn “mí cánach ioncaim” mí dar tosach an 6ú lá d'aon mhí de na míonna Aibreán go Márta aon bhliain mheasúnachta cibé acu roimh thosach feidhme na Coda seo nó dá éis sin dó;
ciallaíonn “na rialacháin” aon rialacháin faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
Cáin atá dlite in aghaidh bliana a mheas.
8.—(1) I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim a chreidiúint gur mhó an méid iomlán cánach a dhligh fostóir faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míonna cánach ioncaim faoi seach in aon bhliain mheasúnachta áirithe ná an méid cánach (má b'ann) a d'íoc an fostóir in aghaidh na míonna sin ansin, gan dochar d'aon bheart eile is féidir a dhéanamh, féadfaidh siad meas a thabhairt i suim amháin ar an méid iomlán cánach ba cheart, dar leo, a bheith íoctha in aghaidh na míonna cánach ioncaim sa bhliain sin agus féadfaidh siad fógra a sheirbheáil ar an bhfostóir a shonróidh—
(a) an méid iomlán cánach a measadh amhlaidh,
(b) an méid iomlán cánach (má b'ann) a chúir an fostóir ar aghaidh maidir leis na míonna cánach ioncaim sa bhliain sin, agus
(c) an iarmhéid cánach atá gan íoc.
(2) I gcás ina seirbheálfar fógra ar fhostóir faoi fho-alt (1)—
(a) féadfaidh an fostóir, má éilíonn sé go bhfuil an méid iomlán cánach nó an iarmhéid cánach atá gan íoc iomarcach, ar fhógra scríofa a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag ó dáta an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc,
(b) ar an tréimhse sin a bheith caite, mura bhfaighfear fógra achomhairc nó, má fhaightear fógra achomhairc ar an achomhairc a chinneadh trí comhaontú nó ar shlí eile, tiocfaidh an iarmhéid cánach a bheidh gan íoc mar a shonrófar san fhógra nó an cháin leasaithe mar a chinnfear i ndáil leis an achomharc chun bheith dlite agus beidh sé inghnóthaithe sa tslí chéanna agus leis na himeachtaí céanna agus dá mbeadh an iarmhéid cánach sin nó an cháin leasaithe sin muirearaithe ar an bhfostóir faoi Sceideal E.
(3) Bainfidh forálacha an ailt seo le fostóir a bheidh údaraithe faoi na rialacháin íoc cánach a dhéanamh trí mheán stampaí ionann agus dá mba cháin a dhligh sé a chur ar aghaidh chuig na Coimisínéirí Ioncaim an cháin arb é meán a híoctha stampaí a bheadh greamaithe de leabhar agus dá mba cháin a d'íoc sé leis na Coimisinéirí Ioncaim an luach stampaí (más ann) a ghreamaigh sé de leabhair.
(4) Féadfaidh fógra ó na Coimisinéirí Ioncaim faoi fho-alt (1) baint a bheith aige le dhá bhliain mheasúnachta nó níos mó.
Us ar cháin is inghnóthaithe faoi alt 7 nó 8.
9.—Bainfidh forálacha alt 129 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 7 ionann agus agus dá mba éard an cháin cáin a dhligh an duine faoi na rialacháin a íoc in aghaidh na míosa nó na míonna cánach ioncaim faoi seach a bhí ar áireamh san fhógra:
Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás ina mbaineann an fógra le cáin arb é meán a híoctha stampaí a bheadh greamaithe de chuid de leabhar stampaí a cheanglaíonn na rialacháin a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim i rith tréimhse áirithe, an t-ús a ríomh amhail ó dháta na tréimhse sin d'éag, agus
(b) le cáin is inghnóthaithe de bhua fógra faoi alt 8 ionann agus dá mba éard an cháin cáin a dhligh an duine faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míosa cánach ioncaim ar éag lena linn an tréimhse cheithre lá dhéag ón dáta a seirbheáladh an fógra nó a cinneadh an t-achomharc trí chomhaontú nó ar shlí eile, cibé mí acu is déanaí.
Achomhairc faoi alt 7 nó 8.
10.—Na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc bainfidh siad, agus aon mhodhnuithe orthu is gá, le héilimh agus achomhairc faoi alt 7 (2) agus alt 8 (2) ionann is dá mba achomhairc i gcoinne measúnachtaí i leith cánach ioncaim na héilimh nó na hachomhairc sin, ach, maidir le héilimh faoi alt 7 (2), amháin a mhéid a bhaineann na forálacha sin le hachomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc.
Tosaíocht i bhféimheacht, etc., ag suimeanna is inghnóthaithe faoi alt 7 nó 8.
11.—Chun críocha alt 132 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 measfar go bhfolaíonn na suimeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin 132 agus i bhfo-alt (2) (a) (iii) den alt sin 285 suimeanna is inghnóthaithe faoi alt 7 nó alt 8 a bhaineann le tréimhse nó tréimhsí a bhí go hiomlán nó go páirteach laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag sin agus, i gcás aon suim is inghnóthaithe in aghaidh tréimhse a raibh cuid di laistigh agus cuid di lasmuigh den tréimhse dhá mhí dhéag sin, is dleathach méid iomlán na suime a chionroinnt de réir fadanna faoi seach na dtréimhsí a bhí laistigh den tréimhse sin agus lasmuigh den tréimhse sin le teacht ar an méid cánach a bhaineann leis an tréimhse sin.
Leasú ar alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
12.—Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1):
“Ar choinníoll, i gcás ina mbeadh an t-éilitheoir, mura mbeadh an coinníoll seo, i dteideal asbhainte £394 faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, go mbeidh sé, má chruthaíonn sé gurb í an bhliain mheasúnachta a phós sé, i dteideal asbhainte £494 in ionad asbhainte £394.”.
Leasú ar alt 175 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
13.—Beidh éifeacht ag mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 175 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i gcás inarb éard an tuairisceán tuairisceán ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh i rith na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó aon lá dá éis sin, ionann is dá mba thagairt do £70 an tagairt do £50.
Leasú ar alt 244 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
14.—Leasaítear leis seo alt 244 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2)—
“(2A) Má tharlaíonn, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, do dhuine a sheolann trádáil—
(a) go dtabhóidh sé caiteachas neamhchaipitiúil le taighde eolaíochta nó go n-íocfaidh sé aon suim le comhlacht nó ollscoil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) ionas go bhféadfaidh an comhlacht nó an ollscoil taighde eolaíochta a ghabháil de láimh, agus
(b) nach inbhainte mar chostas faoi fho-alt (2) an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó an tsuim a íocfar amhlaidh mar gheall ar nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine,
ansin, déanfar an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó na suimeanna a íocfar amhlaidh a asbhaint mar chostas le linn brabúis nó gnóchain thrádáil an duine a bheith á ríomh.”,
agus
(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (3)—
“Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás ina dtarlóidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, go dtabhóidh duine a sheolann trádáil caiteachas caipitiúil le taighde eolaíochta nach inlamháilte mar asbhaint faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo mar gheall ar nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine sin, suim ar cóimhéid leis an gcaiteachas a lamháil mar asbhaint le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádáil an duine sin don bhliain mheasúnachta a tabhaíodh an caiteachas.”.
Leasú ar alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
15.—Leasaítear leis seo alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):
“(8A) I gcás—
(a) nach dtiocfaidh duine, a thug fógra achomhairc, i láthair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san áit a bheidh ceaptha chun an t-achomharc a éisteacht,
(b) ina ndéanfaidh an duine a thiocfaidh i láthair na gCoimisinéirí Achomhairc thar ceann an achomharcóra an tráth agus san áit réamhráite iarratas ar an éisteacht a chur siar, agus
(c) go ndiúltóidh na Coimisinéirí Achomhairc don iarratas,
ní bheidh éifeacht ag fo-alt (6) agus air sin rachaidh na Coimisinéirí sin i mbun an t-achomharc a chinneadh.”.
Leasú ar alt 421 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
16.—Leasaítear leis seo alt 421 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “cinnfidh na Coimisinéirí an t-achomharc trína ordú go seasfaidh an mheasúnacht” a chur in ionad “seasfaidh an mheasúnacht”.
Leasú ar alt 523 den Acht Cánach Ioncaim, 1967. 1967, Uimh. 17.
17.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) (b) d'alt 523 (a cuireadh isteach le halt 10 den Acht Airgeadais, 1967) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “£2,000” a chur in ionad “£1,250” sa dá áit ina bhfuil sé.
CUID II
Custaim agus Mál
Beoir.
18.—(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 13 (1) den Acht Airgeadais, 1967, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 24ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis sin, dleacht máil de réir punt agus fiche agus aon phingin déag ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle, caoga is cúig ghrád.
(2) In ionad an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 13 (2) den Acht Airgeadais, 1967, déanfar, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt a allmhaireofar isteach sa Stát de réir punt agus fiche, scilling agus cúig phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.
(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar, mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras, beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir fiche a haon punt, scilling agus dhá phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle, caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.
(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo, nach míle, caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go coibhneasach.
(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933, maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.
Biotáille.
1920, c. 18.
I.R., Uimh. 132 de 1966.
1919, c. 32.
19.—(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, tríd an ábhar atá i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin den Chéad Sceideal sin le halt 9 den Acht Airgeadais, 1966, agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 3 (1) den Finance Act, 1920, a dúradh.
(2) Leanfar den dleacht custam ar bhiotáille lena mbaineann alt 9 (2) den Acht Airgeadais, 1966, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir aon phunt déag, cúig scilling déag agus aon phingin déag an galún (arna ríomh de réir phrofa) a fhorchuirtear leis an bhfo-alt sin in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.
(3) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille, seachas biotáille a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh í agus gurb as sin a coinsíníodh í agus gur monaraíodh ansin í as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.08 nó faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 22.09 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.
(b) Leanfar de na dleachtanna custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.
(c) Ní bhainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo.
(d) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “Ríocht Aontaithe” An Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.
(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise i leith bhiotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926, ná chun dochar ná difear a dhéanamh do na dleachtanna sin.
Olaí hiodracarbóin.
I.R. Uimh. 219 de 1959.
20.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935;
ciallaíonn “Acht 1966” an tAcht Airgeadais, 1966.
(2) Maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931, déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, i leith ola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, de réir 3s. 11.9d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 10 (2) (b) d'Acht 1966.
(3) Maidir leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935, déanfar, i leith ola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra an 24ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, nó a úsáidfeadh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 10.9d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 10 (3) (b) d'Acht 1966.
(4) An dleacht custam a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, i leith ola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, de réir 3s. 4.65d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 10 (4) (b) d'Acht 1966.
(5) Amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi alt 21 (2) d'Acht 1935—
(a) i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo de réir 3s. 4.65d. an galún, 3s. 4.65d. an galún, agus
(b) i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, de réir 3s. 3.65d. an galún, 3s. 3.65d. an galún,
in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 24ú lá d'Aibreán, 1968, de bhua alt 10 (5) (b) d'Acht 1966.
(6) An dleacht máil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, déanfar, i leith ola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin agus a chuirfear amach, ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile, ó áitreabh a monaróra an 24ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 3.65d. an galún in ionad an ráta a shonraítear in alt 10 (6) (b) d'Acht 1966.
(7) Amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi alt 21 (4) d'Acht 1935, i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo de réir 3s. 3.65d. an galún, 3s. 3.65d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 24ú lá d'Aibreán, 1968, de bhua alt 10 (7) (b) d'Acht 1966.
(8) Amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, is é ráta aon aisíocaíochta a lamhálfar faoi alt 10 (8) den Acht Airgeadais, 1957, i leith ola hiodracarbóin ar arb inlamháilte an aisíocaíocht sin agus ar a ndearnadh—
(a) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 3s. 3.65d. an galún, nó
(b) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc de réir 3s. 3.65d. an galún nó 3s. 4.65d. an galún,
scilling agus ocht bpingin an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 24ú lá d'Aibreán, 1968.
Tobac.
21.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I, II agus III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1967.
(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919 leis an dleacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo—
(a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus
(b) ionann is dá mbeadh na cineálacha tobac monaraithe a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ar áireamh sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin i ndiaidh na habairte “manufactured tobacco” agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a luaitear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de in ionad an ráta a luaitear sa dara colún sin os coinne lua an tobac mhonaraithe sa chéad cholún sin.
(3) (a) Baineann an fo-alt seo le tobac monaraithe a monaraíodh sa Ríocht Aontaithe agus a coinsíníodh as agus a monaraíodh ann as ábhair seachas ábhair a thagann faoin gCeannteideal sa Cháinliosta darb uimhir 24.02 sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966.
(b) Déanfar an dleacht custam ar thobac a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, agus roimh an lú lá d'Iúil, 1968, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Sceideal sin, agus déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Iúil, 1968, ar thobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCodanna I agus II den Sceideal sin.
(c) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachtanna a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo—
(i) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland” agus ionann agus nár fholaigh an abairt “manufactured tobacco” sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo,
(ii) ionann is dá mbeadh tobac monaraithe lena mbaineann an fo-alt seo, mar aon le tuairiscí an tobac mhonaraithe sin i gCuid II nó III (de réir mar is iomchuí) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo luaite ar leithligh sa chéad cholún sin agus dá mbeadh na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin luaite sa dara colún den Dara Sceideal sin os coinne lua na n-earraí sin sa chéad cholún de, agus
(iii) faoi réir neamhshuim a dhéanamh den mhír dheiridh (dar tosach “Goods shall not be deemed”) d'fho-alt (1) den alt sin 8.
(d) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.
(e) Tá leis an abairt “tobac cruafháiscthe” a luaitear i gCodanna II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus sa chéad mhír eile den fho-alt seo an bhrí chéanna atá léi in alt 17 den Acht Airgeadais, 1940.
(f) Ciallaíonn an abairt “tobac píopa eile” a luaitear i gCodanna II agus III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo tobac monaraithe de na cineálacha is gnáth a bheith beartaithe a úsáid i bpíopaí agus nach tobac cruafháiscthe.
(4) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid IV den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1967.
Tobac (dleacht máil ar stoic áirithe).
22.—(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) den alt seo, déanfar dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na stoic tobac go léir de gach tuairisc a bheidh, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 23ú lá d'Aibreán, 1968, ar úinéireacht nó ina sheilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas bannastóras, agus beidh an dleacht máil sin iníoctha ag an monaróir, de réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá:
(a) a mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de na stoic, agus
(b) a mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois) seachas tobac neamhmhonaraithe na stoic, trí scilling agus cúig phingin ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe ónar tháinig na stoic i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim.
(2) Ní bheidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois seachas dríodsnaois) a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim ina thaobh go raibh sé ar a cúig a chlog san iarnóin, an 23ú lá d'Aibreán, 1968, lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic agus—
(i) nár tháirge aon oibríochta é de chuid aon mhonaróra a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige an tráth sin; nó
(ii) go raibh sé an tráth sin ar coimeád mar stoc mionreaca in áitreabh a úsáidtear chun tobac a dhíol ar mionreic; nó
(iii) go raibh sé an tráth sin ar bealach ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin:
Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe lena dhíol ar mionreic má bhí sé, de réir gnáth-chúrsa gnó an duine a raibh sé ar úinéireacht nó ina sheilbh aige nó an duine a raibh sé ar bealach chuige, le cur fós faoi phróis éigin eile (seachas pacáil) sula ndíolfadh sé é.
(3) Cuirfidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, lá nach déanaí ná an 30ú lá d'Aibreán, 1968, tuairisceán chuig na Coimisinéirí Ioncaim i bhfoirm a bheidh ceadaithe acu agus ina dtabharfaidh sé cibé eolas a iarrfaidh siad leis an bhfoirm agus go háirithe, ina n-inseoidh sé na meáchain tobac de gach tuairisc a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige, ar a cúig a chlog, san iarnóin, an 23ú lá d'Aibreán, 1968, in aon áit sa Stát seachas bannastóras.
(4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac mar a leanas—
(a) tabharfaidh sé ar aird, má cheanglaítear sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil na leabhair thrádála agus gach uile chuntas agus doiciméad de chuid nó i seilbh an mhonaróra sin is gá chun an tuairisceán a thabharfar de bhun fho-alt (3) den alt seo a fhíorú, agus
(b) tabharfaidh sé gach cúnamh réasúnach don oifigeach sin ag tógáil cuntais dó ar an tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog san iarnóin an 23ú lá d'Aibreán, 1968.
(5) Díreach tar éis an tuairisceán a thabhairt a cheanglaítear le fo-alt (3) den alt seo nó an 30ú lá d'Aibreán, 1968, cibé acu is luaithe, íocfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac leis na Coimisinéirí Ioncaim méid iomlán na dleachta a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo ar aon tobac a bhí ar úinéireacht nó ina sheilbh aige ar a cúig a chlog san iarnóin an 23ú lá d'Aibreán, 1968, agus ar arbh inmhuirir an dleacht sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an lú lá de Shamhain, 1968, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin.
(6) Gach monaróir a gceanglaíonn fo-alt (3) den alt seo air tuairisceán den sórt a luaitear san fho-alt sin a thabhairt agus a mhainneoidh an tuairisceán sin a thabhairt nó a thabharfaidh tuairisceán a bheidh neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneoidh nó a dhiúltóidh aon ní a dhéanamh a cheanglaíonn fo-alt (4) den alt seo air a dhéanamh beidh sé ciontach i gcion faoi na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus tabhóidh sé pionós máil caoga punt in aghaidh gach ciona den sórt sin, agus forghéillfear an tobac go léir ar maidir leis a rinneadh an cion sin.
(7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha maidir le tobac ar ar íocadh an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt máil a bheidh inti go feadh na dleachta a íocadh de bhun an fho-alt sin (1) arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Fíon.
I.R. Uimh. 156 de 1967.
23.—(1) Faoi réir fho-alt (2) agus (3) den alt seo, déanfar, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, dleacht custam a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an bhfíon go léir a allmhaireofar isteach sa Stát, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí a shonraítear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1948, in alt 14 den Acht Airgeadais, 1949, in alt 16 den Acht Airgeadais, 1965, agus i mír 23 (2) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 159) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta Custam), 1966, arna leasú le mír 4 (vii) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 164) (Dleachtanna Custam agus Foirm an Cháinliosta), 1967.
(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo—
(a) ach “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad “Great Britain and Ireland”, agus
(b) ionann is dá ndéanfaí na tagairtí d'fhíon, d'fhíon drithleach sa bhuidéal agus d'fhíon neamhdhrithleach sa bhuidéal atá sa chéad cholún den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin mar aon leis na rátaí comhréire atá sa dara colún a scrios agus dá gcuirfí ina n-ionad, faoi seach, na cineálacha fíona a luaitear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus na rátaí tosaíochta iomchuí a shonraítear sa Chuid sin.
(3) (a) Baineann an fo-alt seo le fíon neamhdhrithleach sa bhuidéal a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim arna onnmhairiú gur sa Ríocht Aontaithe a monaraíodh é agus gur coinsíníodh as sin é.
(b) Déanfar an dleacht custam ar fhíon a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1968, ar fhíon lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo, agus déanfar an dleacht a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1968, ar fhíon lena mbaineann an fo-alt seo de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gcolún (3) de Cuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gcolún (2) den Chuid sin II.
(c) San fho-alt seo ciallaíonn an abairt “Ríocht Aontaithe” an Bhreatain Mhór, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht.
(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo ag alt 24 den Acht Airgid, 1933.
Fíon Éireannach.
I.R. Uimh. 155 de 1967.
24.—Déanfar an dleacht máil ar fhíon Éireannach a fhorchuirtear le halt 15 den Acht Airgeadais, 1966, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 24ú lá d'Aibreán, 1968, agus roimh an 1ú lá d'Iúil, 1968, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i mír 3 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 163) (Dleacht ar Fhíon), 1967, agus déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1968, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I de.
CUID III
Dleachtanna Báis
Laghdú ar dhleacht eastáit.
25.—(1) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgeadais, 1965, trí—
(a) “£1,000” a chur in ionad “£350” agus “£500” a chur in ionad “£250” gach áit a bhfuil siad faoi seach i bhfo-ailt (2), (3) agus (4) (fo-ailt a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1966), agus
(b) “£100,000” a chur in ionad “£25,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1966) i bhfo-alt (6).
(2) Leasaítear leis seo alt 19 den Acht Airgeadais, 1966, trí “£100,000” a chur in ionad “£25,000” i bhfo-alt (1) (c).
(3) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin maidir le sochair (de réir bhrí an ailt sin 29) a fhaibhreoidh an 1ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis.
Leasú ar alt 10 den Finance Act,1894.
1894, c. 30.
26.—Leasaítear leis seo alt 10 den Finance Act, 1894, trí “fifty thousand” a chur in ionad “ten thousand” i bhfo-alt (5).
CUID IV
Cáin Bhrabús Corparáide
Cuideachtaí iontaobhais infheistíochta.
27.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht chorpraithe;
ciallaíonn “cáin chorporáide” an cháin ar a dtugtar cáin chorparáide i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór;
ciallaíonn “cuideachta iontaobhais infheistíochta” cuideachta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
(a) tá sí corpraithe agus cónaíonn sí sa Stát,
(b) tá cuid nach 1ú ná ochtó faoin gcéad de réir luach ainmniúil dá scaireanna lena ngabhann cearta vótála, cibé acu cearta iad atá ann faoi láthair nó cearta a éireoidh in imthosca áirithe sa todhchaí, eisithe aici lena suibscríobh ag an bpobal,
(c) déanamh infheistíochtaí formhór a gnó;
(d) toirmisceann meabhrán nó airteagail chomhlachais na cuideachta barrachais ó réadú infheistíochtaí a dháileadh mar dhíbhinn;
ciallaíonn “urrúis Éireannacha” urrúis de chuid an Rialtais, urrúis atá ráthaithe ag an Aire Airgeadais agus aon stoic, scaireanna, bintiúir, bannaí nó oibleagáidí de chuid aon bhardais chathrach sa Stát, nó de chuid aon chuideachta nó chomhlachta chorpraithe eile atá corpraithe sa Stát;
folaíonn “urrúis” stoic, scaireanna, bannaí agus oibleagáidí de chuid aon Rialtais, bhardais chathrach nó chuideachta nó chomhlachta chorpraithe eile.
(2) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1967, ní fholóidh brabúis chuideachta iontaobhais infheistíochta, chun críocha cháin bhrabús corparáide, díbhinní agus dáileachtaí eile ó chuideachta atá faoi dhliteanas maidir le cáin chorparáide sa mhéid gur íocadh na díbhinní agus dáileachtaí sin as brabúis a d'iompair an cháin sin:
Ar choiníoll—
(a) go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas i gcaitheamh na tréimhse cuntasaíochta;
(i) nár lú ná cúig déag faoin gcéad de luach na n-urrús a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta luach na n-urrús Éireannach a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta,
(ii) maidir leis na hurrúis (cibé acu d'aicme amháin nó d'aicmí iad) a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta in aon chuideachta áirithe, seachas cuideachta iontaobhais infheistíochta, nár mhó iad ná cúig déag faoin gcéad de réir luacha d'urrúis na cuideachta iontaobhais infheistíochta céadluaite,
(iii) nár 1ú ná caoga uimhir na scairshealbhóirí agus nárbh úinéir tairbhiúil ar níos mó ná daichead a naoi faoin gcéad de scaireanna na cuideachta iontaobhais infheistíochta aon scairshealbhóir áirithe,
(iv) nár lú ná ochtó cúig faoin gcéad de luach na n-urrús a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta luach na n-urrús a luaití ar stocmhargadh aitheanta agus a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta,
agus
(b) nár choimeád an chuideachta intaobhais infheistíochta, i leith aon tréimhse chuntasaíochta dar chríoch dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin, cuid ba mhó ná cúig déag faoin gcéad dá brabúis iarbhír sa tréimhse chuntasaíochta sin.
(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, an faoiseamh a fhoráiltear leis an alt seo a údarú maidir le haon tréimhse chuntasaíochta d'ainneoin aon cheann nó níos mó ná ceann amháin de na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (2) (a) a bheith gan chomhlíonadh agus déanfar fógra i dtaobh aon údarás faoin fho-alt seo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis an t-údarás sin a thabhairt.
Asbhaintí i leith luach saothair stiúrthóirí.
1920, c. 18.
28.—Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1967, forléireofar coinníoll (c) a ghabhann le alt 53 (2) den Finance Act, 1920 agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí “four thousand pounds” ann in ionad “two thousand five hundred pounds” agus forléireofar alt 36 (4) den Acht Airgeadais, 1941, agus beidh éifeacht aige ionann is dá gcuirfí “ceithre mhíle punt” ann in ionad “dhá mhíle cúig chéad punt”.
Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint i bhfeidhm.
29.—Na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear in alt 33 (1) den Acht Airgid, 1929, tabharfar iad in aghaidh na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1968, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1970.
Leasú ar alt 69 den Acht Airgeadais, 1959.
30.—(1) Déanfar aon tagairt, in alt 69 den Acht Airgeadais, 1959, d'asbhaint a lamhálfar faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don asbhaint sin arna cinneadh de bhun an ailt sin agus de bhun alt 4 (2).
(2) Leasaítear leis seo alt 69 den Acht Airgeadais, 1959, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (2):
“Ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag an bhfo-alt seo, maidir le liúntas a thabharfar de bhua an choinníll a ghabhann le halt 244 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann agus dá gcuirtí an mhír seo a leanas i ndiaidh mhír (a)—
‘(aa) go dtabharfar é nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchan trádala arb i an gnó sin í nó ar cuid den ghnó sin í,’”.
CUID V
Cáin Láimhdeachais
Leasú ar ailt 50 agus 58 den Acht Airgeadais, 1963.
31.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 50 den Acht Airgeadais, 1963, trí “i scríbhinn an tráth, nó roimh an trath, a dhíolfar earraí leis nó a fhruileofar earraí chuige nó a sholáthrófar seirbhísí dó” a chur leis.
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 58 den Acht Airgeadais, 1963, trí “i scríbhinn an tráth, nó roimh an tráth, a thabharfar na hearraí dó nó a sholáthrófar na seirbhísí dó” a chur isteach i ndiaidh “don díoltóir nó don soláthróir”.
CUID VI
Cáin Mhórdhíola
32.—Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1966, trí “má thug sé (agus amháin má thug sé), de réir na rialachán, ráiteas i scríbhinn ag insint a uimhir chláraitheachta maidir le cáin mhórdhíola don duine a dhíol na hearraí amhlaidh” a chur leis.
CUID VII
Ilghnéitheach
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
33.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1967” alt 24 den Acht Airgeadais, 1967;
ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1967 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche chomhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1969, ach “£2,000,850” a chuir in ionad “£1,880,083”.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1967 ach “£1,269,345” a chur in ionad “£1,216,320”.
(4) Déanfar suim £2,453,220 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1969.
(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,586,900 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Faoiseamh ar sheirbhísí innealtóireachta i leith oibreacha lasmuigh den Stát.
34.—(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhísí innealtóireachta” seirbhísí dearaidh agus pleanála ar sa Stát a sheoltar an obair á ndéanamh i ndáil le hoibreacha innealtóireachta ceimicigh, shibhialta, leictreachais nó meicniúil a dhéantar lasmuigh den Stát.
(2) I gcás comhlacht corpaithe a sheolann trádáil arb éard í nó cuid di seirbhísí innealtóireachta a dhéanamh do dhuine eile beidh, má ghlacann an comhlacht corpraithe de rogha é, feidhm chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus chun críocha faoisimh ó cháin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, ag na forálacha seo a leanas:
(a) measfar gur cuideachta an comhlacht corpraithe i ngach cás nach measfaí gur comhlacht corpraithe é mura mbeadh sin;
(b) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh agus measfar gur méid is infhaighte i leith earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ina leith, agus
(c) i gcás na seirbhísí sin a dhéanamh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát, measfar gur onnmhairigh an comhlacht corpraithe earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte aige ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte aige as na seirbhísí.
(3) Aon rogha a ghlacfar faoi fho-alt (2) glacfar í trí fhógra i scribhinn a sheachadfar don chigire agus beidh éifeacht aici maidir le gach bliain éilimh nach bliain níos luaithe ná an bhliain mheasúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus gach tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1968, a mbeidh faoiseamh faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, á eileamh ag an gcomhlacht corpraithe a ghlacfaidh an rogha sin.
(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chomhlacht corpraithe a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (2) den alt seo, cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht ag alt 404 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ag alt 13 (1) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, ionann is dá mbeadh an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn na hailt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.
(5) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus, i gcás cáin bhrabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, cibé cionroinnt is dóigh leo is iomchuí a dhéanamh i gcás cuid de thréimhse chuntasaíochta a theacht roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus cuid di a theacht an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis:
Ar choinníoll, i gcás ina ndearna comhlacht corpraithe, sular ghlac sé rogha faoin alt seo, díbhinn a íoc agus breis a bheith ag an méid cánach ioncaim a bhí sé i dteideal a bhaint as an díbhinn ar an méid a bheadh sé i dteideal faoi alt 410 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a asbhaint dá nglacfaí an rogha sular íocadh an díbhinn, go ndéanfar aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim ab inlamháilte mura mbeadh sin a laghdú méid na breise.
(6) I gcás inarb é ioncam nó cuid d'ioncam aon duine d'aon bhliain mheasúnachta díbhinn a raibh éifeacht maidir léi ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (5), beidh teideal ag an duine sin a éileamh go n-aisíocfar leis an méid sin, más aon mhéid é, cánach ioncaim agus forchánach a laghdóidh a dhliteanais iomlána i leith na gcánacha sin go dtí an méid arbh é a dhliteanais é dá n-asbhaintí cáin ioncaim as an díbhinn de réir an ráta ar dá réir ab inasbhainte í dá mba rud é go raibh éifeacht ag fo-alt (2) maidir leis an gcomhlacht corpraithe an tráth a íocadh an díbhinn.
Faoiseamh do chuideachtaí áirithe faoi dhliteanas cánach coigríche.
35.—(1) San alt seo—
folaíonn “tréimhse chuntasaíochta” cuid de thréimhse chuntasaíochta;
ciallaíonn “cáin eachtrach” cáin is inmhuirir agus is iníoctha faoi dhlí na críche ina gcónaíonn an chuideachta is íocóir, is críoch lena mbaineann an t-alt seo, agus a fhreagraíonn do cháin Éireannach:
Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-alt seo go bhfreagraíonn cáin is iníoctha faoi dhlí cúige, stáit, nó chuid eile de thír, nó a dhéanann aon bhardas nó comhlacht áitiúil eile a thobhach nó a dhéantar a thobhach thar ceann aon bhardais nó comhlachta áitiúil eile, do cháin Éireannach:
ciallaíonn “ioncam”, maidir le cáin bhrabús corparáide, brabúis;
ciallaíonn “cáin Éireannach” cáin ioncaim nó cáin bhrabús corparáide Éireannach nó an dá cháin sin de réir cúinsí an cháis.
(2) Baineann an t-alt seo le gach críoch seachas—
(a) Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór,
(b) Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus
(c) críoch a bhfuil comhshocraíochtaí i bhfeidhm de thuras na huaire lena rialtas de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(3) I gcás cuideachta (dá ngairtear an chuideachta infheistíochta san alt seo) a bheith tar éis cáin Éireannach a íoc, trí asbhaint nó ar shlí eile, nó a bheith faoi dhliteanas cáin Éireannach a íoc, faoi theoir aon choda dá hioncam a d'éirigh i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo, don bhliain mheasúnachta nó d'aon tréimhse chuntasaíochta agus go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—
(a) gurb éard an chuid sin d'ioncam na cuideachta infheistíochta díbhinn nó ús a d'íoc cuideachta léi a chónaíonn sa chríoch (dá ngairtear an chuideachta is íocóir san alt seo) a bhfuil cuid nach lú ná leath na cumhachta vótála inti faoi rialú, díreach nó neamhdhíreach, na cuideachta infheistíochta,
(b) gur éirigh an díbhinn nó an t-ús sin as infheistiú a rinne an chuideachta infheistíochta sa chuideachta is íocóir, cibé acu trí iasacht nó ar shlí ele, ar shuim nó suimeanna in ionannas—
(i) brabúis a bhfuil an cháin Éireannach is inchurtha ina leith laghdaithe go neamhní faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, nó
(ii) an coibhneas sin brabús a bhfuil an cháin Éireannach is inchurtha ina leith laghdaithe ar shlí seachas go neamhní faoi na forálacha sin is coibhneas ar cóimhéid leis an gcoibhneas ar dá réir atá an cháin Éireannach sin laghdaithe amhlaidh,
agus
(c) go bhfuil cáin eachtrach íoctha ag an gcuideachta infheistíochta sa chríoch a dúradh i leith na coda sin dá hioncam,
féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh is cóir, d'fhonn faoiseamh a thabhairt i leith cánachais dúbailte ar an gcuid sin d'ioncam cuideachta infheistíochta, a dheonú don chuideachta infheistíochta in aghaidh na bliana measúnachta sin nó na tréimhse cuntasaíochta sin, cibé acu é, ach gan é a bheith níos mó ná cibé ceann acu seo a leanas is lú, is é sin le rá, leath iomlán na cánach Éireannaí a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, iníoctha ag an gcuideachta infheistíochta i leith na coda sin dá hioncam nó an méid den cháin eachtrach a íocadh nó is iníoctha sa chríoch sin i leith na coda sin dá hioncam tar éis aon fhaoiseamh, a mbeidh an chuideachta ina theideal sa chríoch sin a asbhaint.
(4) (a) Cuirfear cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta is íocóir i leith a brabús i gcuntas le linn breithniú a bheith á dhéanamh an lamhálfar aon fhaoiseamh, agus, má lamháiltear, cén faoiseamh é, i leith díbhinn a d'íoc an chuideachta is íocóir leis an gcuideachta infheistíochta, agus chun críocha an ailt seo, seachas an fo-alt seo, measfar gur cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta infheistíochta an cháin sin nó an chuid is iomchuí di.
(b) Beidh feidhm ag forálacha mhír 9 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, chun méid na cánach eachtraí a dhéanamh amach a d'íoc an chuideachta is íocóir agus a bheidh le cur i gcuntas maidir le haon díbhinn a d'íoc an chuideachta is íocóir leis an gcuideachta infheistíochta mar atá feidhm acu maidir le ríomh cánach coigcríche a bheidh le cur i gcuntas chun críocha na míre sin 9.
(5) (a) Ní údaróidh aon ní san alt seo an oiread sin faoisimh a dheonú faoin alt seo d'aon chuideachta in aghaidh aon bhliana measúnachta nó aon tréimhse cuntasaíochta go laghdófaí méid iomlán (arna ríomh tar éis aon fhaoiseamh a mbeidh an chuideachta ina theideal sa chríoch sin a asbhaint) na cánach Éireannaí agus na cánach eachtraí is iníoctha ag an gcuideachta sin i leith aon choda dá hioncam den chineál a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (a) a d'éirigh i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo níos lú ná méid na Cánach Éireannaí ab iníoctha ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'éirigh an chuid sin dá hioncam agus go mbeadh an chuid sin inchurtha, i lámha na cuideachta infheistíochta, faoi cháin ioncaim agus faoi cháin bhrabús corparáide.
(b) Le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha mhír (a) an méid cánach Éireannaí ab iníoctha amhlaidh ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'éirigh an chuid sin—
(i) ní dhéanfar aon asbhaint i leith cánach eachtraí as an gcuid sin dá hioncam, agus
(ii) i gcás ina measfar de bhun fho-alt (4) gur cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta infheistíochta cáin eachtrach a d'íoc an chuideachta is íocóir, deileálfar leis an gcuid sin d'ioncam na cuideachta infheistíochta ionann is dá mbeadh sí arna méadú méid na cánach eachtraí a measfar amhlaidh ina taobh.
(6) Beidh éifeacht ag ailt 363 agus 364 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá bhfolódh tagairtí iontu d'fhaoiseamh ó cháin dúbailte tagairtí d'fhaoiseamh a dheonaítear faoin alt seo.
(7) Tabharfar faoiseamh faoin alt seo mar chreidmheas i leith aon chánach Éireannaí is inmhuirir faoi threoir na coda sin d'ioncam na cuideachta infheistíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a) agus cuirfear an creidmheas sin chun feidhme, i dtosach, do laghdú méid aon cháin bhrabús corparáide is inmhuirir amhlaidh agus, a mhéid nach féidir é a chur chun feidhme amhlaidh, cuirfear é chun feidhme do laghdú na cánach ioncaim is inmhuirir amhlaidh.
(8) (a) Déanfar aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo a chur i scríbhinn chuig an gcigire tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnachta nó na tréimhse cuntasaíochta lena mbainfidh sé.
(b) Beidh ábhar acomhairc chun na gCoimisinéirí Acomhairc in aon cheist a éireoidh faoin alt seo díreach mar a bheadh ábhar acomhairc ann i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc.
(c) Má bhíonn socrú déanta faoin dlí a bheidh i bhfeidhm in aon chríoch lena mbaineann an t-alt seo chun faoiseamh ó cháin is iníoctha faoin dlí sin a lamháil maidir le cáin Éireannach a íoc, ní chuirfidh an oibleagáid rúndachta a fhorchuireann aon achtachán de chosc na fíorais sin is gá chun an faoiseamh cóir faoi dhlí na críche sin a thabhairt a nochtadh d'oifigeach údaraithe de chuid rialtas na críche sin.
(9) Leasaítear leis seo mír 5 (3) de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “nó alt 35 den Acht Airgeadais, 1968” a chur isteach i ndiaidh “alt 365”.
(10) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus in aghaidh na mblianta measúnachta dá éis sin agus maidir le cáin bhrabús corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó aon lá dá éis sin, agus in aghaidh na coda gan chaitheamh d'aon tréimhse chuntasaíochta a bhí ag rith ar an dáta sin.
Faoiseamh i leith idirbhearta idir cuideachtaí i gcomhlachas le chéile.
36.—(1) San alt seo—
tá an bhrí chéanna le “an t-aerfort” atá le “an t-aerphort” san Acht Aerphort Neamhchustam, 1947;
tá an bhrí chéanna le “cuideachta”, chun críocha cánach ioncaim, atá leis in alt 398 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus tá an bhrí chéanna leis chun críocha cánach brabús corparáide atá leis in alt 10 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheachta), 1956;
tá an bhrí chéanna le “rialú” atá leis in alt 299 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “oibríocht trádála díolmhaithe” oibríocht trádála, a bhfuil deimhniú a tugadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967, faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, nó ar an dáta sin, nó dá éis, faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus faoin alt 3 (2) réamhráite i bhfeidhm ina leith;
tá an bhrí chéanna le “earraí”, gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (3), chun críocha cánach ioncaim, atá leis i gCaibidil IV de Chuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ta an bhrí chéanna chun críocha cánach brabús corparáide atá leis i gCuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956;
ciallaíonn “oibríocht trádála eile”, oibríocht trádála a dhéantar go hiomlán san aerfort seachas oibríocht trádála díolmhaithe;
tá an bhrí chéanna le “cuideachta cháilithe” chun críocha cánach ioncaim atá leis in alt 374 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus tá an bhrí chéanna leis chun críocha cánach brabús corparáide atá leis in alt 3 (1) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958.
(2) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta cáilithe (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a dhéanann trádáil arb oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus arb oibríochtaí trádála eile cuid eile di, earraí a dhíol, i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála eile, le cuideachta (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort agus—
(a) gurbh oibríochtaí trádála eile na hoibríochtaí trádála díolmhaithe dá n-onnmhaireodh an díoltóir na hearraí as an Stát, agus
(b) go bhfuil an ceannaitheoir faoi rialú an díoltóra nó go bhfuil an díoltóir faoi rialú an cheannaitheora nó go bhfuil an díoltóir agus an ceannaitheoir faoi rialú duine éigin eile, agus
(c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus
(d) go bhfuil na hearraí curtha faoi phróis mhonaraíochta sa Stát ag an gceannaitheoir, agus
(e) gur deimhin leis an gcigire go bhfuil an ceannaitheoir tar éis na hearraí a onnmhairiú, nó go n-onnmhaireoidh sé iad, as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar shlí eile, agus
(f) gur éard iad na hoibríochtaí trádála eile go hiomlán na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir agus gur leis an díoltóir a dhíolann an ceannaitheoir aon earraí eile a dhíolann sé i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairítear as an Stát),
ansin na brabúis nó na gnóchain nó na caillteanais de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile measfar, d'ainneoin alt 374 (6) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 3 (6) (a) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, nó aon deimhniú faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, nó faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus faoi alt 3 (2) a dúradh, gur brabúis nó gnóchain iad de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe agus beidh feidhm dá réir ag Caibidil 1 de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ag Cuid II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958.
(3) I gcás ina ndíolfaidh cuideachta nach cuideachta cháilithe (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) earraí le duine (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) is cuideachta cháilithe a sheolann trádáil arb oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus arb oibríochtaí trádála eile cuid eile di nó is cuideachta a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort, agus—
(a) go mbeadh an díoltóir i dteideal faoiseamh a éileamh faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, i leith an bhrabúis ab inchurtha i leith na n-earraí a dhíol dá n-onnmhaireofaí as an Stát iad, agus
(b) go bhfuil an ceannaitheoir faoi rialú an díoltóra nó go bhfuil an díoltóir faoi rialú an cheannaitheora nó go bhfuil an díoltóir agus an ceannaitheoir faoi rialú duine éigin eile, agus
(c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus
(d) go bhfuil na hearraí curtha faoi phróis mhonaraíochta sa Stát ag an gceannaitheoir, agus
(e) gur deimhin leis an gcigire go bhfuil an ceannaitheoir tar éis na hearraí a onnmhairiú, nó go n-onnmhaireoidh sé iad, as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar shlí eile, agus
(f) gur leis an gceannaitheoir a dhíoltar aon earráí a dhíolann an díoltóir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairítear as an Stát) agus gur leis an díoltóir a dhíoltar aon earraí a dhíolann an ceannaitheoir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairítear as an Stát),
beidh feidhm ag Caibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ag Cuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, ionann is dá mbeadh an díoltóir, tar éis na hearraí a onnmhairiú as an Stát agus aon mhéid is infhaighte ag an díoltóir ó na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir measfar gur méid é is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh amhlaidh.
(4) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus, i gcás cáin bhrabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, cibé cionnroint a dhéanamh is dóigh leo is iomchuí i gcás cuid de thréimhse chuntasaíochta a bheith ann roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1968, agus cuid di ar an lá sin nó dá éis.
Faoiseamh d'íocaíochtaí i leith iomarcaíochta.
37.—(1) San alt seo tá an bhrí chéanna le “cnapshuim” “lacáiste” agus “íocaíocht sheachtainiúil” is atá leo san Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967.
(2) Beidh aon chnapshuim nó íocaíocht sheachtainiúil agus aon íocaíocht a rinneadh le duine fostaithe nó neamhfhostaithe nó thar a cheann de bhun rialachán faoi alt 46 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, díolmhaithe ó cháin ioncaim faoi Sceideal E.
(3) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gabháil do thrádáil nó gairm a sheolann an fostóir, agus í inmhuirir i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide, beidh méid na cnapshuime inlamháilte mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála nó na gairme a bheith á ríomh chun críocha Sceideal D (murar inlamháilte amhlaidh é ar shlí eile), ach más inlamháilte amhlaidh é de bhua an ailt seo déileálfar le méid an lacáiste is ingnóthaithe (murar indéileáilte leis ar shlí eile) mar fháltas atá le cur i gcuntas le linn na brabúis nó ná gnóchain sin a bheith á ríomh; agus más tar éis scor den trádáil nó den ghairm a íocadh an chnapshuim déileálfar leis an méid glan is inasbhainte amhlaidh ionann agus dá mba íocaíocht í a íocadh an lá deiridh a bhí an trádáil nó an ghairm á seoladh.
(4) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gábháil do ghnó a sheolann an fostóir agus costais bhainistí an ghnó a bheith cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh an méid a bheidh de bhreis ag an gcnapshuim ar mhéid an lacáiste is inghnóthaithe (murar inlamháilte ar shlí eile é faoin alt sin) inlamháilte mar chostais bhainistí atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoin alt sin; agus, más tar éis scor den ghnó a íocadh an cnapshuim, déileálfar leis an méid glan is inlamháilte amhlaidh ionann agus dá mba chostais bhainistí é a tabhaíodh an lá deiridh a bhí an gnó á sheoladh.
(5) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gabháil, do chothabháil nó bainistí áitribh arb inasbhainte faoi alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, costais a chothabhála nó a bhainistí, déileálfar, chun críocha an ailt sin 81, leis an méid a bheidh de bhreis ag an gcnapshuim ar an méid den lacáiste is inghnóthaithe (marar inlamháilte ar shlí eile é faoin alt sin) mar íocaíocht a rinne an fostóir i leith cothbháil nó bainistí an áitribh; agus, má rinneadh an íocaíocht tar éis an trátha is déanaí a d'fhéadfaí í a chur i gcuntas faoin alt sin 81 mar íocaíocht i leith cothabháil nó bainistí na maoine, déileálfar léi ionann is gurbh é an tráth sin a rinneadh í.
(6) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-ailt (3), (4) agus (5), ná ar aon slí eile, níos mó ná uair amháin i leith aon chnapshuime, agus, má bhí an fostaí ar fostú ag an bhfostóir ar shlí narbh fholáir déileáil ar shlite éagsúla chun críocha cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide le codanna éagsúla de luach saothair an fhostaí, déanfar an méid atá de bhreis ag an gcnapshuim ar mhéid an lacáiste is inghnóthaithe a chionroinnt i leith na bhfeidhmeanas eagsúil ina raibh an fostaí ar fostú agus beidh feidhm ag na fo-ailt sin (3), (4) agus (5) ar leithligh maidir leis an bhfostaíocht sna feidhmeanais agus faoi threoir na coda cionroinnte den méid sin, in ionad faoi threoir méid iomlán na cnapshuime agus méid iomlán an lacáiste.
(7) I gcás an tAire Saothair a bheith tar éis an t-iomlán nó cuid de chnapshuim a íoc faoi alt 32 den Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é an fostóir, a mhéid a chúitigh sé an tAire sin, a d'íoc an céanna.
(8) Chun críocha an ailt seo, tá bunadh ioncaim faoi réim muirearú i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide más inmhuirir an cháin sin ar an ioncam uaidh, nó dá mba inmhuirir amhlaidh í dá mbeadh aon ioncam den sórt sin ann.
(9) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le híocaíochtaí arna ndéanamh an lú lá d'Eanáir, 1968, nó dá éis sin, agus maidir le cáin do bhlianta measúnachta agus do thréimhsí cuntasaíochta atá caite agus féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile.
Leasú ar alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
38.—Cuirtear leis seo an fo-alt seo a leanas in ionad alt 251 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967:
“(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht ag an gCaibidil seo—
(a) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1967, ionann is dá gcuirfí ‘dhá chúigiú’ in ionad ‘an cuigiú’ i bhfo-alt (1),
(b) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1968, ionann is dá gcuirfí ‘leath an chaiteachais’ in ionad ‘an cúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1), agus
(c) maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1971, ionann is dá gcuirfí ‘trí chúigiú’ in ionad ‘an cúigiú’ i bhfo-alt (1).”.
Leasú ar alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
39.—Leasaítear leis seo alt 254 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “an lú lá d'Aibreán, 1971” a chur in ionad “an lú lá d'Aibreán, 1968”.
Dleacht Corparáide a aisghairm. 1885, c. 51.
40.—Ní dhéanfar an dleacht a fhorchuirtear le halt 11 den Customs and Inland Revenue Act, 1885, maidir le maoin chomhlachtaí corpraithe agus neamhchorpraithe áirithe a mhuirearú in aghaidh aon tréimhse bliantúla dar tosach dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1968.
Cuntais infheistíochta i mbainc taisce iontaobhais.
41.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “cuntas infheistíochta” cuntas ina dtaisceann duine airgead le banc taisce iontaobhais agus a d'oscail an banc de bhun toiliú ón Aire faoi alt 3 den Acht um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1965;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.
(2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, is é ráta úis is iníoctha ar thaisce a íocadh isteach i gcuntas infheistíochta i mbanc taisce iontaobhais cibé ráta a chinnfidh an tAire ó am go ham.
(3) Íocfaidh iontaobhaithe gach bainc taisce iontaobhais isteach i gcuntas speisialta in ainm an Aire an t-airgead go léir a gheobhaidh siad i leith taiscí i gcuntais infheistíochta lúide aon airgead a aistarraingeofar as na cuntais sin agus aon airgead a choimeádfaidh siad (de bhun údarás ó am go ham chuige sin ón Aire) faoi chomhair aistarraing oirichill as na cuntais sin.
(4) Féadfaidh an tAire socrú a dhéanamh le haghaidh an chuntais speisialta sin a oscailt ina ainm agus féadfaidh sé rialacháin a dhéanamh chun airgead a íoc isteach sa chuntas speisialta sin de bhun an ailt seo agus chun airgead a tharraingt as agus chun airgead a infheistiú chun creidiúna an chuntais speisialta sin agus, i gcoitinne, le haghaidh bainistí an chuntais speisialta sin.
(5) Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo i ndáil leis an gcuntas speisialta a luaitear san fho-alt sin féadfaidh foráil a bheith iontu go bhféadfar airgead a infheistiú chun creidiúna an chuntais speisialta sin ar mhodh taisce i mBanc Taisce an Phoist agus, má bhíonn foráil den sórt sin sna rialacháin sin, féadfaidh cibé forálacha eile a bheith iontu is gá chun Banc Taisce an Phoist d'íoc úis ar airgead a taiscfear amhlaidh de réir cibé ráta agus thar cibé tréimhsí is gá nó is fóirsteanach i dtuairim an Aire chun forálacha iomchuí an ailt seo agus na rialachán faoin alt seo a riaradh go héifeachtach.
(6) Beidh ag na forálacha a chuirfear faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo den alt seo sna rialacháin a luaitear san fho-alt sin éifeacht d'ainneoin aon ní dá mhalairt nó ar neamhréir leo in aon achtachán a chuireann an tAcht seo chun feidhme maidir le Banc Taisce an Phoist.
(7) Déanfaidh an tAire ús de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire ó am go ham a íoc le hiontaobhaithe bainc thaisce iontaobhais ar airgead a íocfar isteach sa chuntas speisialta a osclófar de bhun an ailt seo.
(8) Forléireofar an tagairt in alt 337 (1) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, don chuntas speisialta a osclaíodh de bhun alt 31 (3) den Acht Airgeadais, 1940, mar tagairt a fholaíonn tagairt don chuntas speisialta a osclófar de bhun an ailt seo.
(9) Forléireofar an tagairt in alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, do thaiscí i mbanc taisce iontaobhais mar thagairt nach bhfolaíonn tagairt do thaisce i gcuntas infheistíochta i mbanc taisce iontaobhais.
Forálacha maidir le scéimeanna le haghaidh ceadúnais teilifíse agus raidió in aisce. 1926, Uimh. 45. 1966, Uimh. 7.
42.—(1) Measfar chun críocha alt 2 den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1966, gur fáltais i leith táillí ceadúnas craolacháin aon íocaíochtaí a gheobhaidh an tAire Poist agus Telegrafa ó Aire Stáit as airgead a sholáthraigh an tOireachtas faoi scéim chun ceadúnais a sholáthar, in aisce, faoi alt 5 den Acht Raidio-Thelegrafaíochta, 1926, i leith gléasanna teilifíse agus raidió.
(2) Má bhíonn ceadúnas faoin alt sin 5 i leith gléas teilifíse nó raidió i bhfeidhm agus go ngéillfidh sealbhóir an cheadúnais é faoi scéim a luaitear anseo roimhe seo, féadfar cibé cuid den táille a íocadh i leith an cheadúnais agus a shonrófar in ordacháin ón Aire Poist agus Telegrafa a aisíoc de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire sin.
(3) Má ritear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1968, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig sé i ngníomh.
Srian leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.
43.—(1) I gcás ina suífidh duine chun sástacht an údaráis cheadúnúcháin go bhfuil sé, go hiomlán nó beagnach go hiomlán, de dhroim díobhála, galair nó ainimh, gan úsáid gach coise leis, ní dhéanfar an dleacht a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, a mhuirearú ná a thobhach ar fheithicil atá déanta go speisialta nó oiriúnaithe lena húsáid ag an duine mar thiománaí agus a úsáideann sé mar thiománaí nó paisinéir.
(2) Ní dhéanfar an dleacht a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh, a mhuirearú ná a thobhach ar fheithiclí (lena n-áirítear aon rothar lena ngabhann ceanglas chun é a thiomáint le cumhacht mheicniúil) nach mó ná sé cmn. a meáchan gan ualach agus atá oiriúnaithe agus a úsáidtear le haghaidh othar.
(3) Má ritear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1968, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig siad i ngníomh.
(4) Déanfar aisíoc mar is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo agus déanfar an t-aisíoc de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.
Leasú ar Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.
44.—(1) Leasaítear leis seo Cuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, tríd an fhomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (3) de mhír 1:
“(3) (a) I gcás feithicil (dá ngairtear san fhomhír seo an fheithicil chéadluaite) a bhfuil feithicil eile, nó ceanglas ar mhodh feithicle (dá ngairtear san fhomhír seo an dara feithicil a luaitear) i gceangal léi agus forshuite go páirteach anuas uirthi, measfar, chun críocha Chuid I den Sceideal seo, gurb aon fheithicil amháin an fheithicil chéadluaite agus an dara feithicil a luaitear agus ní mheasfar gur tarraicire atá ag tarraingt leantóra an fheithicil chéadluaite de thoisc amháin an dara feithicil a luaitear a bheith \ill\ gceangal léi.
(b) Ní bheidh feidhm ag clásal (a) den fhomhir seo in aon chás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas go léir:—
(i) ní mó ná ceithre thonna meáchain gan ualach an fheithicil chéadluaite, agus ní mó ná ceithre thonna meáchain gan ualach an dara feithicil a luaitear,
(ii) níl leor-chrochra folúthach oiriúnach san fheithicil chéadluaite idir gach roth (is roth a dteagmhaíonn a bonn le talamh le linn don fheithicil a bheith ag gluaiseacht) agus fráma nó cabhail na feithicle,
(iii) tá an fheithicil chéadluaite agus an dara feithicil a luaitear deartha go speisialta d'oibríochtaí, agus úsáidtear iad go formhór le hoibríochtaí, a thugann go gcaitear oibriú in áiteanna garbha nó ar chumaraíochtaí bóthair,
(iv) tá aerbhoinn ar rothaí uile (is rothaí a dteagmhaíonn a mboinn le talamh le linn don fheithicil a bheith ag gluaiseacht) na feithicle céadluaite agus an dara feithicil a luaitear, agus
(v) ní ghluaiseann an fheithicil chéadluaite, cibé acu a úsáidtear ina haonar í nó a úsáidtear í agus an dara feithicil a luaitear i gceangal léi, thar fiche míle san uair aon tráth in imeacht tréimhse bailíochta an cheadúnais faoi alt 1 den Acht seo i leith na feithicle céadluaite.”.
(2) Má ritear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1968, nó roimhe sin, tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá sin agus, más tar éis an lae sin a rithfear é, measfar gurb é an lá sin a tháinig sé i ngníomh.
(3) Déanfar aisíoc mar is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo agus déanfar an t-aisíoc de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.
Aisghairm.
45.—Aisghairtear leis seo fomhíreanna (a) agus (b) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.
Forálacha maidir leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968.
I.R. Uimh. 68 de 1968.
46.—(1) Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 170) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1968.
(2) Déanfar aisíoc mar is iomchuí ag féachaint d'fhóralacha an Ordaithe réamhráite de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.
47.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
1920, c. 18.
48.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1968, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) ailt 34 go 39 agus alt 41 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(4) Déanfar Cuid IV den Acht seo agus (sa mhéid go mbaineann siad le cáin bhrabús corparáide) ailt 34 go 39 den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.
(5) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalaírt iontu, measfar gur tháinig Cuid I agus ailt 34 go 39 den Acht seo i ngníomh, agus beidh éifeacht acu, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1968.
(6) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid go n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
AN CHEAD SCEIDEAL
Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta Custam)
Cuid I
An Cineál Biotáille | Rátaí Tosaíochta | Lán-rátaí | ||||
(1) | (2) | (3) | ||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | |
Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe .. .. | 24 | 15 | 9 | 24 | 19 | 9 |
Ar gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadfar i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil .. .. | 20 | 18 | 3 | 21 | 1 | 7 |
Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille .. | 15 | 9 | 10 | 15 | 12 | 4 |
Cuid II
An Cineál Biotáille | Ráta na Ríochta Aontaithe | ||
£ | s. | d. | |
Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe .. .. .. .. | 21 | 4 | 10 |
Ar gach galún de licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadfar i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil .. .. .. .. .. .. .. .. | 17 | 18 | 5 |
Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon chineál biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille | 13 | 5 | 6 |
AN DARA SCEIDEAL
Dleachtanna ar Thobac
Cuid I
Custaim
£ | s. | d. | ||
Tobac Neamhmhonaraithe: | ||||
Má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe: | an lb. | |||
agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de | ||||
réir meáchain .. .. .. .. .. | 3 | 19 | 8 | |
agus níos lú na 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de | ||||
réir meáchain .. .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 8 | 6 |
Mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe: | ||||
agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de | ||||
réir meáchain .. .. .. .. .. | ,, | 3 | 19 | 7·5 |
agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de | ||||
réir meáchain .. .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 8 | 5·5 |
Lán-rátaí | Rátaí Tosaíochta | ||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | ||
Tobac Monaraithe: | |||||||
todóga .. .. .. .. .. | an lb. | 4 | 18 | 5·6 | 4 | 2 | 7·5 |
toitíní .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 16 | 2 | 4 | 0 | 8·5 |
Cavendish nó Negrohead .. .. | ,, | 4 | 17 | 10·4 | 4 | 2 | 1·5 |
Cavendish nó Negrohead a | |||||||
monaraíodh faoi bhanna .. .. .. | ,, | 4 | 17 | 3·2 | 4 | 1 | 7·5 |
tobac monaraithe eile .. .. .. | ,, | 4 | 15 | 10·4 | 4 | 0 | 5·5 |
snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir | |||||||
meáchain .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 15 | 5·6 | 4 | 0 | 1·5 |
snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú | |||||||
de fhliuchra ann de réir meáchain .. | ,, | 4 | 17 | 10·4 | 4 | 2 | 1·5 |
Cuid II
Custaim
Lán-rátaí | Rátaí Tosaíochta | ||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | ||
Tobac Monaraithe: | |||||||
todóga .. .. .. .. .. | an lb. | 4 | 13 | 8·3 | 4 | 2 | 7·5 |
toitíní .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 11 | 5·3 | 4 | 0 | 8·5 |
Cavendish nó Negrohead .. .. | ,, | 4 | 13 | 1·5 | 4 | 2 | 1·5 |
Cavendish nó Negrohead a | |||||||
monaraíodh faoi bhanna .. .. .. | ,, | 4 | 12 | 6·7 | 4 | 1 | 7·5 |
tobac monaraithe eile: | |||||||
tobac cruafháiscthe .. .. .. | ,, | 4 | 6 | 5·3 | 3 | 15 | 8·5 |
tobac píopa eile .. .. .. .. | ,, | 4 | 10 | 3·5 | 3 | 19 | 6·7 |
tobac monaraithe eile .. .. .. | ,, | 4 | 11 | 2·3 | 4 | 0 | 5·5 |
snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir | |||||||
meáchain .. .. .. .. | ,, | 4 | 10 | 9·5 | 4 | 0 | 1·5 |
snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú | |||||||
de fhliuchra ann de réir meáchain .. | ,, | 4 | 13 | 1·5 | 4 | 2 | 1·5 |
Cuid III
Custaim
Lán-rátaí | Rátaí Tosaíochta | ||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | ||
Tobac Monaraithe: | |||||||
todóga .. .. .. .. .. | an lb. | 4 | 12 | 3·7 | 4 | 2 | 7·5 |
toitiní .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 10 | 1·2 | 4 | 0 | 8·5 |
Cavendish nó Negrohead .. .. | ,, | 4 | 11 | 9 | 4 | 2 | 1·5 |
Cavendish nó Negrohead a | |||||||
monaraíodh faoi bhanna .. .. .. | ,, | 4 | 11 | 2·3 | 4 | 1 | 7·5 |
tobac monaraithe eile: | |||||||
tobac cruafháiscthe .. .. .. | ,, | 4 | 2 | 8·7 | 3 | 13 | 4 |
tobac píopa eile .. .. .. .. | ,, | 4 | 8 | 6 | 3 | 19 | 1·3 |
tobac monaraithe eile .. .. .. | ,, | 4 | 9 | 10·2 | 4 | 0 | 5·5 |
snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir | |||||||
meáchain .. .. .. .. | ,, | 4 | 9 | 5·5 | 4 | 0 | 1·5 |
snaois a bhfuil 13 faoin gcéad nó níos lú | |||||||
de fhliuchra ann de réir meáchain .. | ,, | 4 | 11 | 9 | 4 | 2 | 1·5 |
Cuid IV
Mál
£ | s. | d. | ||
Tobac Neamhmhonaraithe: | ||||
agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de | ||||
réir meáchain .. .. .. .. .. .. | an lb. | 3 | 18 | 6·5 |
agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de | ||||
réir meáchain .. .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 7 | 3 |
Tobac monaraithe: | ||||
Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna .. | ,, | 4 | 0 | 6·5 |
AN TRIU SCEIDEAL
Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon
Cuid I
An Cineál Fíona | Ráta Dleachta | ||||||
Lán-rátaí | Rátaí Tosaíochta | ||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | ||
Fíon Neamhdhrithleach: | |||||||
Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa: | an galún | ||||||
gan a bheith i mbuidéal .. .. | 17 | 8 | 12 | 11·2 | |||
sa bhuidéal ... .. .. .. | 1 | 1 | 8 | 14 | 11·2 | ||
Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de bhiotáille phrofa: | |||||||
Gan a bheith i mbuidéal .. .. | ,, | 1 | 1 | 8 | 15 | 4 | |
Sa bhuidéal .. .. .. .. | ,, | 1 | 9 | 8 | 19 | 4 | |
Is mó ná 30° ach nach mó ná 42° de bhiotáille phrofa: | |||||||
Gan a bheith i mbuidéal .. .. | ,, | 1 | 15 | 8 | 1 | 5 | 8⅔ |
Sa bhuidéal .. .. .. .. | ,, | 2 | 3 | 8 | 1 | 9 | 8⅔ |
Fíon Drithleach .. .. .. .. | ,, | 2 | 10 | 5 | 1 | 15 | 8·5 |
Fíon is mó ná 42° de bhiotáille phrofa: | |||||||
Dleacht bhreise in aghaidh gach gráid nó codáin de ghrád thar 42° de bhiotáille | |||||||
phrofa .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 0 | 1 | 4 |
Cuid II
An Cineál Fíona | Ráta Dleachta | Ráta Dleachta | |||||
(1) | (2) | (3) | |||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | ||
Fíon Neamhdhrithleach sa Bhuidéal: | |||||||
Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa | an galún | 14 | 6·4 | 14 | 4 | ||
Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de | |||||||
bhiotáille phrofa .. .. .. | ,, | 18 | 6·4 | 18 | 1·6 | ||
Is mó ná 30° ach nach mó ná 42° de | |||||||
bhiotáille phrofa .. .. .. | ,, | 1 | 8 | 11 1/15 | 1 | 8 | 6 4/15 |
Is mó ná 42° de bhiotáille phrofa: | |||||||
Dleacht bhreise in aghaidh gach gráid nó codáin de ghrád thar 42° de | |||||||
bhiotáille phrofa .. .. .. | ,, | 1 | 4 | 1 | 4 |
AN CEATHRU SCEIDEAL
Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Éireannach
Cuid I
An Cineál Fíona | Ráta Dleachta | ||
s. | d. | ||
Fíon Éireannach: | |||
Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa .. .. .. | 7 | 3 | an galún |
Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de bhiotáille phrofa | 7 | 10 | ,, ,, |
Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa .. .. .. | 9 | 10 | ,, ,, |
Cuid II
An Cineál Fíona | Ráta Dleachta | ||
s. | d. |
| |
Fíon Éireannach: | |||
Nach mó ná 25° de bhiotáille phrofa .. .. .. | 7 | 11·5 | an galún |
Is mó ná 25° ach nach mó ná 30° de bhiotáille phrofa | 8 | 8·5 | ,, ,, |
Is mó ná 30° de bhiotáille phrofa .. .. .. | 11 | 10 | ,, ,, |