Uimhir 12 de 2000
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 2000
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Alt | |
1. | Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960. |
2. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1997 | |
An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 | |
An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1997 | 1997, Uimh. 19 |
Uimhir 12 de 2000
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 2000
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960.
1.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (n) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1997) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980):
“(n) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £20,000,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh sócmhainní breise airgeadais,
(o) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 2000, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 2000, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1997, agus den Acht seo le chéile.