[EN]

Uimhir 13 de 1936.


[EN]

ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA) (LEASÚ), 1936.


ACHT CHUN ACHTA NA dTITHE (FORÁLACHA AIRGID AGUS FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1932, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ. [3adh Abrán, 1936.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932);

[EN]

tá leis an abairt “an tAire” agus leis an bhfocal “duine” na bríonna atá leo fé seach i gCuid II den Phríomh-Acht.

[EN]

Saoirse o rátaí do leasú.

2.—Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht go n-éifeacht an 1adh lá de Mhárta, 1936, agus ón lá san amach agus ina ionad san achtuítear leis seo, go n-éifeacht an lá san agus ón lá san amach, i gcás deontas do dheonadh fé mhír (h) d'fho-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht alos tighe d'athdhéanamh, ná déanfar luacháil na hionoighreachta no an tionóntacháin gurb é an tigh sin é no gur cuid de an tigh sin do mhéadú, de dhruim aon mhéaduithe i luach na hionoighreachta no an tionóntacháin sin a thiocfaidh as an athdhéanamh san, ar aon luacháil no athscrúdú luachála ar an ionoighreacht no ar an tionóntachán san a thiocfaidh i bhfeidhm laistigh de sheacht mbliana tar éis an t-athdhéanamh san do chríochnú.

[EN]

Méid iomlán na ndeontas fén bPríomh-Acht do mhéadú.

3.—Athghairmtear leis seo alt 3 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934 (Uimh. 30 de 1934), agus ina ionad san achtuítear leis seo ná raghaidh méid iomlán na ndeontas a dheonfaidh an tAire fé alt 5 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san le hAcht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1934, adubhradh, thar suim dhá mhilleon agus céad míle púnt.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—(1) Féadfar Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha) (Leasú), 1936, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1936, do ghairm d'Achtanna na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 agus 1934, agus den Acht so le chéile.