[EN]

Uimhir 13 de 1977


[EN]

ACHT AN ÚDARÁIS NÁISIÚNTA UM CHOMHAIRLE, OIDEACHAS AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA, 1977

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE AGUS FEABHSAITHE LE hAGHAIDH COMHAIRLE, OIDEACHAS, OILIÚINT AGUS TAIGHDE TALMHAÍOCHTA AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO BHUNÚ COMHLACHT AR A dTABHARFAR AN tÚDARÁS NÁISIÚNTA TALMHAÍOCHTA AGUS DO SHAINIÚ A CHUMHACHTAÍ AGUS A DHUALGAS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [24 Bealtaine, 1977] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfar Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire go ginearálta nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna Talmhaíochta” na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1931” an tAcht Talmhaíochta, 1931;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1944” an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1944;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958;

[EN]

folaíonn “talmhaíocht”—

[EN]

(a) gairneoireacht, déiríocht, pórú capall, beithíoch, muc agus beostoic eile, coimeád éanlaithe clóis agus beachaireacht,

[EN]

(b) saothrú, táirgeadh agus sábháil barraí, lena n-áirítear féar,

[EN]

(c) leasuithe agus leasacháin a úsáid agus a oibriú,

[EN]

(d) táirgeadh agus próiseáil feola agus táirgí beostoic eile, bainne agus táirgí déiríochta eile, uibheacha agus táirgí éanlaithe clóis eile, meala agus táirgí beach eile, torthaí agus táirgí gairneoireachta eile, agus

[EN]

(e) cothú ainmhithe, bainistí feirme, bainistí tí feirme, eacnamaíocht talmhaíochta, margaíocht agus gníomhaíochtaí agus eolaíochtaí eile a bhaineann le talmhaíocht nó a bhfuil de bhrí iontu talmhaíocht a fheabhsú nó a fhorbairt,

[EN]

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “an tUdarás” an tUdarás Náisiúnta Talmhaíochta a bhunófar faoi alt 9;

[EN]

folaíonn “buntaighde tréidliachta” taighde i ndáil le galair ainmhithe agus éanlaithe clóis, ach ní fholaíonn sé—

[EN]

(a) fáithmheas, thar ceann an Aire, táin-úinéirí, tréad-úinéirí nó cleachtóirí tréidliachta, ar ghalair in ainmhithe nó in éanlaith chlóis trí scrúdú clinice nó saotharlainne ar ainmhithe nó éin aonair, beo nó marbh, nó ar a n-ablaigh, nó ar shamplaí a baineadh astu, nó

[EN]

(b) imscrúduithe, tástálacha, fiosrúcháin nó trialacha a éiríonn as feachtais scriosta galar agus rialaithe sláinteachais a oibríonn an tAire;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Bord an Údaráis is Bord a bhunófar faoi alt 25;

[EN]

ciallaíonn “an cathaoirleach” cathaoirleach an Bhoird;

[EN]

ciallaíonn “coiste talmhaíochta” coiste arna bhunú faoi alt 13 d'Acht 1931;

[EN]

ciallaíonn “contae” contae riaracháin agus ní fholaíonn sé contaebhuirg;

[EN]

ciallaíonn “an Stiúrthóir” Stiúrthóir an Údaráis;

[EN]

folaíonn “oideachas” oiliúint agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

ciallaíonn “bliain airgeadais” bliain dar tosach an lú lá d'Eanáir agus tá an bhrí chéanna le “bliain airgeadais áitiúil” i ndáil le coiste talmhaíochta;

[EN]

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

[EN]

ciallaíonn “ard-oideachas” oideachas i bhforas ard-oideachais mar a mhínítear in Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971;

[EN]

tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, ach folaíonn sé coiste talmhaíochta;

[EN]

ciallaíonn “an Foras” an Foras Talúntais a bunaíodh leis an Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

[EN]

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le hordú ón Aire;

[EN]

folaíonn “taighde” taighde i ndáil le foraoiseacht agus pórú plandaí, agus imscrúdú, tástáil, turgnamh, anailísiú agus staidéar, ach ní fholaíonn sé, ach amháin i gcás a mbeidh a cheadú tugtha i scríbhinn ag an Aire nó a n-iarrfaidh sé é—

[EN]

(a) tástáil—

[EN]

(i) ar bheostoc i leith nó i dteannta feachtas póraithe náisiúnta a oibríonn an tAire, nó

[EN]

(ii) ar shíolta féir, gránach, fréamhacha nó glasraí, prátaí nó plandaí i leith nó i dteannta scéimeanna deimhniúcháin a oibríonn an tAire, nó maidir leis an Aire d'ullmhú liostaí de chineálacha inghlactha nó molta de na síolta, de na prátaí nó de na plandaí sin (chun aon treoir ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa nó eile a chur i bhfeidhm) nó chun cearta dílseánaigh a dheonú do phóróirí cineálacha nua de shíolta, de phrátaí nó de phlandaí den sórt sin, nó

[EN]

(iii) ar shamplaí de shíolta a tógadh de réir alt 13 den Acht Síolta Talmhaíochta, 1936, nó

[EN]

(b) tástail nó anailísiú thar ceann an phobail, monaróirí nó próiseálaithe, nó d'eile de bhun ceanglais reachtúla, ar shamplaí de leasacháin, d'ábhair bheatha, de mhíolnimheanna, de mheascáin mhianrúla nó de tháirgí talmhaíochta.

[EN]

(2) Tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(3) Tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(4) Déanfar tagairt san Acht seo d'achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

Orduithe.

3.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon ordú a rinneadh faoin Acht seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Orduithe a leagan.

4.—Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

[EN]

Caiteachais.

5.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Airgead a dhiúscairt.

6.—Déanfar airgead a gheobhaidh an tAire faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

Aisghairm.

7.—(1) Faoi réir fho-alt (2), déantar leis seo gach achtachán atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

(2) Go dtí go dtiocfaidh aon fhoráil áirithe den Acht seo i bhfeidhm, fanfaidh an fhoráil chomhréire den achtachán aisghairthe i bhfeidhm.

[EN]

(3) Déanfar aon doiciméad a thagraíonn d'aon achtachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo nó don fhoráil chomhréire den Acht seo.

[EN]

Orduithe agus rialacháin do leanúint i bhfeidhm.

8.—Gach ordú agus rialachán a rinneadh faoi achtachán aisghairthe agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo (nó, de réir mar a bheidh, roimh thosach feidhme na forála iomchuí den Acht seo) leanfaidh siad i bhfeidhm agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm ionann is dá mba faoin Acht seo a rinneadh iad.

CUID II

An tÚdarás Náisiúnta Talmhaíochta

[EN]

Bunú an Údaráis.

9.—(1) Bunófar comhlacht dá ngairfear an tUdarás Náisiúnta Talmhaíochta chun na feidhmeanna a thugtar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha an Chéad Sceidil leis an Údarás.

[EN]

Díscaoileadh an Fhorais.

10.—Díscaoiltear an Foras leis seo.

[EN]

Feidhmeanna ginearálta an Údaráis.

11.—Beidh, faoi réir forálacha an Achta seo, d'fheidhmeanna ginearálta ag an Údarás, seirbhísí oideachais, comhairle agus taighde talmhaíochta a sholáthar, nó a chur faoi deara na seirbhísí sin a sholáthar, agus an fios eolaíochta agus an fios praiticiúil is gá sa tionscal talmhaíochta a chur ar fáil.

[EN]

Feidhmeanna oideachais.

12.—(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 11 agus faoi réir fho-alt (2), beidh ag an Údarás na feidhmeanna i ndáil le hoideachas talmhaíochta (seachas ard-oideachas) a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh, nó infheidhmithe nó inchomhlíonta, ag an Aire nó ag coistí talmhaíochta, agus féadfaidh an tUdarás, go háirithe—

[EN]

(a) cúrsaí lánaimsire nó páirtaimsire, cónaitheach nó neamhchónaitheach, sa talmhaíocht a chur ar fáil agus a eagrú;

[EN]

(b) léachtaí agus ranganna sa talmhaíocht a chur ar fáil agus a eagrú;

[EN]

(c) seimineáir agus comhchomhairlí i ndáil le hoideachas talmhaíochta agus le fadhbanna agus feachtais shonracha i ndáil leis an gcéanna a chur ar fáil agus a eagrú;

[EN]

(d) deontais a thabhairt d'institiúidí a chuireann cúrsaí staidéir sa talmhaíocht ar fáil;

[EN]

(e) scoláireachtaí a chur ar fáil do mhic léinn talmhaíochta in institiúidí ard-oideachais, nó i cibé institiúidí eile a cheadóidh an tAire; agus

[EN]

(f) a shocrú agus a áirithiú go ndéanfaidh mic léinn, de réir mar a mheasfar is inmhianaithe, freastal ar chúrsaí sa talmhaíocht nó in ábhair ghaolmhara a chuireann institiúidí oideachais eile ar fáil.

[EN]

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear le halt 17, ní dhéanfaidh an tUdarás, ach amháin le ceadú roimh ré ón Aire, cúrsaí in ard-oideachas ná cúrsaí a mheasfaidh an tAire a bheith ar comhchaighdeán leo a chur ar fáil ná deontais a thabhairt d'institiúidí a chuireann cúrsaí den sórt sin ar fáil.

[EN]

Comhoibriú le hinstitiúidí oideachais eile.

13.—(1) Déanfaidh an tUdarás—

[EN]

(a) dlúth-chaidreamh a choimeád leis an Aire Oideachais agus le hinstitiúidí oideachais eile, agus

[EN]

(b) é féin a choimeád ar an eolas maidir leis na cúrsaí atá ar fáil ag mic léinn san eolaíocht talmhaíochta agus in eolaíochtaí gaolmhara a chuir an tAire Oideachais agus institiúidí oideachais eile ar fáil agus féadfaidh sé, ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, a shocrú go ndéanfaidh mic léinn freastal ar na cúrsaí sin (nó ar ranganna áirithe is cuid de na cúrsaí sin), is mic léinn atá ar na rollaí do chúrsaí a chuir an tUdarás ar fáil.

[EN]

(2) Féadfaidh an tUdarás freisin, ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar, comhshocraíochtaí comhréire a dhéanamh le go ndéanfaidh mic léinn atá ar rolla do chúrsaí a chuir an tAire Oideachais agus institiúidí oideachais eile ar fáil freastal ar ranganna nó ar chúrsaí a sheolann an tUdarás.

[EN]

Treoracha ó CEE a fheidhmiú.

14.—Déanfaidh an tUdarás, nuair a iarrfaidh an tAire air é, cúrsaí sa talmhaíocht a chur ar fáil chun treoracha ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa a fheidhmiú.

[EN]

Feidhmeanna comhairlitheacha.

15.—Gan dochar do ghinearáltacht alt 11, beidh ag an Údarás, i ndáil le comhairle agus teagasc sa talmhaíocht, cibé feidhmeanna a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh nó infheidhmithe nó inchomhlíonta ag coistí talmhaíochta nó ag an Aire, agus féadfaidh an tUdarás, go háirithe—

[EN]

(a) seirbhís chomhairlitheach a chur ar fáil i ngach contae a bheidh ceaptha chun cabhrú le teaghlaigh feirme agus le daoine eile atá ag gabháil don talmhaíocht leis an úsáid is fearr a bhaint as a n-acmhainní agus chun iad a spreagadh, trí chleachtais níos fearr agus bainistí fheabhsaithe, chun táirgeadh agus ioncam a mhéadú agus a gcaighdeán maireachtála i gcoitinne a ardú;

[EN]

(b) bearta a dhéanamh do spreagadh, trí chomhiarracht agus eile, dálaí eacnamaíochta agus sóisialta lucht talmhaíochta gach contae a fheabhsú;

[EN]

(c) socrú a dhéanamh chun comhairle agus teagasc sa talmhaíocht a leathadh trí chuairteanna ar fheirmeacha agus ar dhóigheanna eile;

[EN]

(d) socrú a dhéanamh chun comhairle a thabhairt i ndáil le bainistí feirme;

[EN]

(e) a shocrú go seolfar turgnaimh agus taispeántais ghoirt agus bheostoic;

[EN]

(f) bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear, de réir mar is iomchuí, na torthaí ó thaighde talmhaíochta i bhfios chomh tapaidh agus chomh forleathan agus is féidir do lucht talmhaíochta;

[EN]

(g) bearta a ghlacadh chun a áirithiú go dtabharfar do lucht talmhaíochta—

[EN]

(i) eolas iomlán a luaithe is féidir i dtaobh scéimeanna agus saoráidí chun talmhaíocht a fhorbairt a oibríonn an tAire agus gníomhaireachtaí eile, agus

[EN]

(ii) ugach chun leas a bhaint as na scéimeanna agus na saoráidí sin;

[EN]

(h) seimineáir, comhchomhairlí agus léachtaí a chur ar fáil agus a eagrú i ndáil le comhairle talmhaíochta agus i dtaobh sainfhadhbanna agus feachtais i ndáil leis an gcéanna.

[EN]

Caidreamh leis an Aire agus le gníomhaireachtaí eile.

16.—Déanfaidh an tUdarás—

[EN]

(a) dlúth-chaidreamh agus comhar a chothú, de réir mar is gá, leis an Aire agus le gníomhaireachtaí eile ag oibriú cibé scéimeanna agus saoráidí le haghaidh forbairt na talmhaíochta a bheidh á riaradh acu, agus

[EN]

(b) cibé saoráidí agus cúnamh a chur ar fáil a theastóidh ón Aire chun treoracha ó Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa i ndáil le forbairt na talmhaíochta a fheidhmiú.

[EN]

Feidhmeanna taighde.

17.—(1) Gan dochar do ghinearáltacht alt 11 agus faoi réir fho-alt (4), is feidhm de chuid an Údaráis taighde talmhaíochta agus buntaighde tréidliachta a athbhreithniú, a éascú, a chomhoirdniú, a chur chun cinn agus a ghabháil de láimh agus gríosú agus cabhrú leis an gcéanna, agus beidh ag an Údarás freisin i ndáil le taighde den sórt sin, na feidhmeanna sin a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh nó infheidhmithe nó inchomhlíonta ag an Aire.

[EN]

(2) I ndáil le taighde talmhaíochta agus buntaighde tréidliachta, féadfaidh an tUdarás, go háirithe—

[EN]

(a) deontais a thabhairt, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, do dhaoine a bheidh ag gabháil do thaighde den sórt sin lena saoráidí chun an taighde a dhéanamh a mhéadú agus a fhorbairt,

[EN]

(b) cibé nua-shaoráidí a mheasfaidh sé is inmhianaithe a chur ar fáil chun taighde den sórt sin a dhéanamh agus socrú a dhéanamh i ndáil lena n-úsáid, lena rialú agus lena riaradh ag an Údarás nó thar a cheann nó ar shlí eile,

[EN]

(c) socrú a dhéanamh i ndáil leis an Údarás d'úsáid, do rialú agus do riaradh cibé saoráidí a aistreofar chuige chun taighde den sórt sin a dhéanamh,

[EN]

(d) dul i gcomhairle le daoine a bheidh ag gabháil do thaighde den sórt sin, agus comhairle a thabhairt dóibh, i dtaobh a gclár taighde,

[EN]

(e) ánrachtaí a dhámhadh, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, do dhaoine a bhfuil saothar suntasach déanta acu i ndáil le taighde den sórt sin,

[EN]

(f) cúrsaí staidéir a chur ar fáil agus a eagrú do mhic léinn ard-chúrsa i dtaighde den sórt sin agus in ábhair ghaolmhara,

[EN]

(g) seimineáir, comhchomhairlí, léachtaí agus taispeántais i ndáil le taighde den sórt sin agus le hábhair ghaolmhara agus le fadhbanna sonracha agus cláir ina leith a chur ar fáil agus a eagrú,

[EN]

(h) toradh taighde den sórt sin a leathadh, nó a chur faoi deara go leathfar é, go dtí daoine leasmhara, lena n-áirítear, go sonrach, daoine a sholáthraíonn seirbhísí comhairlitheacha i ndáil leis an gcéanna,

[EN]

(i) toradh taighde den sórt sin a fhoilsiú nó a chur faoi deara go bhfoilseofar é,

[EN]

(j) deontais a thabhairt, faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis a fhorchur, chun cabhrú le cláir shonracha taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta, nó le taighde sonrach talmhaíochta nó le buntaighde sonrach tréidliachta, agus

[EN]

(k) scoláireachtaí agus dámhachtaintí eile a chur ar fáil le haghaidh taighde iarchéime talmhaíochta nó buntaighde iarchéime tréidliachta.

[EN]

(3) I gcás amhras i dtaobh an gníomhaíocht chuí nó nach ea maidir leis an Údarás aon ghníomhaíocht i ndáil le taighde tréidliachta, is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire.

[EN]

(4) Ní bheidh ar áireamh feidhmeanna an Údaráis aon fheidhm a shanntar don Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán leis an Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Ní bheidh ar áireamh feidhmeanna na hInstitiúide aon fheidhm a shanntar don Údarás Náisiúnta Talmhaíochta le hAcht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle, Oideachas agus Taighde Talmhaíochta, 1977.”

[EN]

(6) Má bhíonn easaontas ann i dtaobh an gníomhaíocht chuí nó nach ea maidir leis an Údarás nó leis an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán aon ghníomhaíocht i ndáil le taighde, cinnfidh an tAire agus an tAire Tionscail agus Tráchtála an t-ábhar.

[EN]

Dualgas sonrach an Údaráis i ndáil le taighde.

18.—Coimeádfaidh an tUdarás dlúth-chaidreamh leis na hOllscoileanna, le forais ard-oideachais eile agus le comhlachtaí eile a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí taighde chun é féin a choimeád ar an eolas i dtaobh gníomhaíochtaí na bhforas agus na gcomhlachtaí sin i ndáil le taighde talmhaíochta agus tréidliachta agus d'fhonn dúbailt saothair a sheachaint agus, chun na críche sin, féadfaidh an tUdarás, faoi réir cheadú an Bhoird, uamadh leis na forais agus na comhlachtaí sin ag gabháil do thaighde.

[EN]

Gníomhaíochtaí sonracha a shannadh.

19.—(1) Féadfaidh an tUdarás, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, socrú a dhéanamh le go ndéanfaidh an tAire nó gníomhaireacht eile aon ghníomhaíocht i ndáil le haon fheidhm de chuid an Údaráis.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, liosta a ullmhú de na gníomhaíochtaí sin de chuid an Údaráis a fhéadfaidh an tAire nó gníomhaireacht eile a dhéanamh, ar iarratas ón Údarás, agus féadfar aon ghníomhaíocht den sórt sin a dhéanamh, d'ainneoin fho-alt (1), gan toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí an athuair.

[EN]

Tuilleadh feidhmeanna a shannadh.

20.—Féadfaidh an tAire le hordú, faoi réir toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh sé, cibé feidhmeanna dá chuid is oiriúnach leis i ndáil le Treoir Uimh. 72/159/CEE ón gComhairle dar dáta an 17ú lá d'Aibreán, 1972, i dtaobh nuachóiriú feirmeacha a shannadh don Údarás.

[EN]

Comhairle don Aire.

21.—Tabharfaidh an tUdarás comhairle don Aire i dtaobh aon ábhar i ndáil le hoideachas, comhairle nó taighde talmhaíochta nó le buntaighde tréidliachta a n-iarrfaidh an tAire tuairimí an Údaráis ina thaobh.

[EN]

Táillí.

22.—(1) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tUdarás taillí a mhuirearú, a ghlacadh agus a ghnóthú as taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta a dhéanamh thar ceann aon duine, gnólacht, foras nó gníomhaireacht agus as seirbhísí, cúrsaí, seimineáir, léachtaí agus taispeántais a chuirfidh ar tUdarás ar fáil nó a eagróidh sé.

[EN]

(2) Ní fhéadfar, áfach, aon táille a mhuirearú—

[EN]

(a) maidir le haon chomhairle a thabharfaidh an tUdarás de dhroim iarratais ón Aire faoi alt 21, ná

[EN]

(b) maidir le haon saoráidí, cúnamh nó cúrsaí teagaisc a chuirfidh an tUdarás ar fáil faoi alt 14 nó 16 (b),

[EN]

ach an costas a bhainfidh don Údarás ag cur na seirbhísí dá dtagraítear san fho-alt seo ar fáil is caiteachas é de chuid an Údaráis agus cuirfear i gcuntas é nuair a bheidh méid an deontais bhliantúil dá dtagraítear in alt 48 (1) (b) á chinneadh.

[EN]

Tabhartais.

23.—(1) Féadfaidh an tUdarás—

[EN]

(a) bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir, agus

[EN]

(b) ranníocaí a ghlacadh ó eagraíochtaí feirme, ó chomharchumainn agus ó chomhlachtaí eile daoine i leith na gcostas a thabhóidh an tUdarás ag feidhmiú aon fheidhme dá chuid ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh an tUdarás agus an ranníocóir.

[EN]

(2) Ní ghlacfaidh an tUdarás aon bhronntanas ná ranníoc má bhíonn aon choinníollacha a chuirfidh an deontóir nó an ranníocóir lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.

[EN]

Oifigí agus áitribh.

24.—(1) Féadfaidh an tUdarás cibé oifigí agus áitribh is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a sholáthar dó féin.

[EN]

(2) Chun críche fho-alt (1), féadfaidh an tUdarás, faoi réir fho-alt (3)—

[EN]

(a) aon talamh, oifigí nó áitribh a cheannach nó a thógáil ar léas,

[EN]

(b) oifigí agus áitribh a fhoirgniú, a threalmhú agus a chothabháil,

[EN]

(c) aon talamh, oifigí nó áitribh a bheidh ar teachtadh aige agus nach mbeidh ag teastáil uaidh a thuilleadh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a dhíol nó a léasú, agus

[EN]

(d) a mhéid a údaróidh an tAire, uamadh le comhlachtaí eile chun talamh, oifigí nó áitribh a léasú nó a fháil ar dhóigh eile agus chun oifigí nó áitribh a fhoirgniú.

[EN]

(3) Ní fhéadfaidh an tUdarás aon talamh, oifigí ná áitreabh a dhíol ná a cheannach ach amháin le cead i scríbhinn ón Aire.

CUID III

Rialú agus Riaradh an Údaráis

Bord an Údaráis

[EN]

An Bord a bhunú.

25.—(1) Beidh Bord ann ar a dtabharfar Bord an Údaráis Náisiúnta Talmhaíochta chun rialú ginearálta an Údaráis agus riaradh ginearálta gnóthaí an Údaráis a chur i gcrích.

[EN]

(2) Bainfidh forálacha an Dara Sceideal leis an mBord.

[EN]

Comhdhéanamh an Bhoird.

26.—(1) Cathaoirleach agus líon nach mó ná trí ghnáth-chomhalta is fiche a bheidh ar an mBord.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3), is é an tAire a cheapfaidh comhaltaí an Bhoird, lena n-áirítear an cathaoirleach.

[EN]

(3) (a) Ceapfar comhalta amháin den Bhord ar ainmniú an Aire Oideachais, comhalta amháin ar a laghad ar ainmniú an Aire agus comhalta amháin ar a laghad ar ainmniú na Comhairle Ginearálta dá dtagraítear in alt 43. Déanfar an chuid eile de na comhaltaí, is comhaltaí a bheidh ionadaitheach d'eagraíochtaí talmhaíochta agus tuaithe, d'fhoireann an Údaráis, de na hOllscoileanna, d'fhorais a chuireann cúrsaí staidéir sa talmhaíocht a luaitear in alt 12 (1) (d) ar fáil agus do cibé leasanna talmhaíochta eile a fhorordófar, a roghnú le hainmniú de réir forálacha ordú a bheidh déanta chun na críche sin ag an Aire agus inseoidh aon ordú den sórt sin an nós imeachta chun corrfholúntais i gcomhaltas an Bhoird a líonadh.

[EN]

(b) San ordú dá dtagraítear i mír (a), féadfaidh an tAire, i ndáil leis an mBord a bhunófar ar thosach feidhme alt 25, socrú a dhéanamh, maidir leis an gcomhalta nó leis na comhaltaí a bheidh ionadaitheach d'fhoireann an Údaráis, go ndéanfar, ar dháta sonraithe nó roimhe, ionadaí nó ionadaithe don fhoireann sin a roghnú le hainmniú agus, d'ainneoin nach mbeidh, sa tréimhse idir dáta an Bhoird sin a bhunú agus dáta an ionadaí nó na n-ionadaithe sin a cheapadh chun an Bhoird, aon chomhaltaí ann a bheidh ionadaitheach don fhoireann sin, ní bheidh aon ní a dhéanfaidh an Bord nó an tUdarás nó a dhéanfar thar a gceann neamhbhailí dá bhíthin sin amháin.

[EN]

(c) Chun críocha mhír 1 den Dara Sceideal, measfar maidir le haon chomhalta a cheapfar chun an Bhoird de bhua mhír (b) den fho-alt seo gur ar dháta an Bhoird a bhunú a ceapadh é.

[EN]

Cathaoirleach.

27.—Sealbhóidh an cathaoirleach oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire ó am go ham. Beidh ráta luach saothair an chathaoirligh faoi réir toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

Caiteachais comhaltaí.

28.—Féadfar cibé caiteachais taistil agus cothabhála a mheasfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheith réasúnach, a íoc as ioncam an Údaráis le comhaltaí den Bhord.

[EN]

Coistí.

29.—(1) Féadfaidh an Bord coistí a cheapadh chun cúnamh agus comhairle a thabhairt dó i ndáil le haon fheidhm dá chuid.

[EN]

(2) Féadfaidh daoine nach comhaltaí den Bhord a bheith ar choiste.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord duine a cheapadh ina chathaoirleach ar choiste a cheapfar faoin alt seo.

[EN]

(4) Féadfar cibé caiteachais taistil agus cothabhála a mheasfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a bheith réasúnach a íoc, as ioncam an Údaráis, le comhaltaí de choiste a ceapadh go cuí faoi fho-alt (1).

[EN]

Cumhachtaí agus dualgais.

30.—(1) Beidh ar an mBord—

[EN]

(a) maoirseacht ghinearálta a dhéanamh ar obair an Údaráis agus bheith freagrach as cuspóirí an Údaráis a bhaint amach agus as cibé cláir oideachais, comhairle agus taighde a chomhlánú agus a fheidhmiú lena nglacfar, de réir alt 32, le ceadú an Aire,

[EN]

(b) a chinntiú go ndéanfar feidhmeanna an Údaráis a chur i gcrích go héifeachtach agus a fheidhmiú le héifeacht chuí,

[EN]

(c) a chinntiú, i gcomhar leis na coistí talmhaíochta, go mbeidh an éifeacht is mó is féidir ag na seirbhísí a chuirfidh an tUdarás ar fáil ar tháirgíocht talmhaíochta go háitiúil agus, chun na críche sin—

[EN]

(i) socróidh sé, faoi réir alt 33, de réir mar is gá nó is riachtanach, go suífear in ionaid iomchuí saineolaithe sna brainsí éagsúla talmhaíochta agus oideachais talmhaíochta chun sainchúnamh agus saintreoir a thabhairt dá chomhairleoirí talmhaíochta áitiúla agus do lucht talmhaíochta, agus

[EN]

(ii) cuirfidh sé ar fáil i ngach contae cibé cóiríocht oifige agus cóiríocht eile is gá nó is riachtanach chun gurb éifeachtaí a chomhlíonfaidh a fhoireann chomhairlitheach talmhaíochta áitiúil a ndualgais,

[EN]

(d) córas comhoirdnithe eolais a chur ar fáil i ngach contae do lucht talmhaíochta i dtaobh na seirbhísí go léir atá ar fáil chun an talmhaíocht a fhorbairt, ag an Aire, ag an Údarás nó ar dhóigh eile, agus tabharfaidh sé cúnamh agus spreagadh do lucht talmhaíochta leas a bhaint as na seirbhísí sin,

[EN]

(e) cibé faisnéis a thabhairt don Aire a iarrfaidh sé ó am go ham i dtaobh gníomhaíochtaí an Údaráis agus an dul chun cinn atá déanta in a leith, agus

[EN]

(f) cead isteach a thabhairt gach tráth réasúnach ina thailte agus ina áitreabh d'aon oifigeach cuí-údaraithe de chuid an Aire, cibé faisnéis a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún chun a dhualgais a chomhlíonadh go sásúil i ndáil le hairgeadas an Údaráis agus ligean dó scrúdú a dhéanamh ar cibé doiciméid agus taifid a mheasfaidh sé le réasún is gá chun na críche sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord dul i gcomhairle leis an Aire i dtaobh na n-ábhar go léir a bhaineann le beartas oideachais, comhairle agus taighde agus féadfaidh sé tograí a chur faoi bhráid an Aire i dtaobh na n-ábhar sin.

[EN]

Stiúrthóir agus Foireann an Údaráis

[EN]

Stiúrthóir.

31.—(1) Beidh Stiúrthóir ar an Údarás.

[EN]

(2) Is é an Stiúrthóir príomh-oifigeach an Údaráis agus, faoi réir treoracha an Bhoird agus an Achta seo, déanfaidh sé gníomhaíochtaí agus foireann an Údaráis a rialú agus a stiúradh.

[EN]

(3) Is é an tAire a cheapfaidh an chéad Stiúrthóir agus, faoi réir fho-alt (10), sealbhóidh an Stiúrthóir sin oifig go ceann cibé tréimhse agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí luach saothair) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, socrú a dhéanamh le hordú le go n-íocfar, i cibé slí agus faoi réir cibé coinníollacha agus teorainneacha a shonrófar san ordú, aoisliúntais i bhfoirm pinsin, cnapshuime nó aisce leis an gcéad Stiúrthóir nó ina leith.

[EN]

(5) Ní dheonóidh an Bord aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht ar bith eile, ná ní dhéanfaidh an Bord aon chomhshocraíocht chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile den sórt sin a chur ar fáil, ar an gcéad Stiúrthóir d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir ordú faoi fho-alt (4).

[EN]

(6) Is é an Bord, faoi réir thoiliú an Aire, a cheapfaidh gach Stiúrthóir seachas an chéad Stiúrthóir.

[EN]

(7) Caithfidh an Stiúrthóir a chuid ama go léir lena dhualgais mar Stiúrthóir agus ní shealbhóidh sé aon oifig ná post eile gan toiliú an Bhoird.

[EN]

(8) Féadfaidh an Stiúrthóir tograí a chur faoi bhráid an Bhoird i dtaobh aon ní a bhaineann le gníomhaíochtaí an Údaráis.

[EN]

(9) Ní bheidh an Stiúrthóir ína chomhalta den Bhord ná d'aon choiste a cheapfaidh an Bord faoi alt 29.

[EN]

(10) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Rialtais, an Stiúrthóir a chur as oifig tráth ar bith.

[EN]

Clár bliantúil gníomhaíochtaí.

32.—(1) Ullmhóidh an Bord, i leith gach bliana airgeadais, clár, i cibé foirm a iarrfaidh an tAire, a inseoidh na gníomhaíochtaí a bheidh leagtha amach ag an Údarás don bhliain sin.

[EN]

(2) Tabharfar aird sa chlár—

[EN]

(a) ar na cláir bhliantúla um chomhairle agus oideachas talmhaíochta a bheidh ullmhaithe ag gach ceann de na coistí talmhaíochta dá dtagraítear in alt 36, agus

[EN]

(b) ar na cláir bhliantúla oideachais a bheidh curtha isteach ag institiúidí a fhaigheann deontais ón Údarás agus a chuireann cúrsaí staidéir sa talmhaíocht ar fáil mar a luaitear in alt 12 (1) (d).

[EN]

(3) Cuirfear an clár mar a bheidh glactha leis ag an mBord faoi bhráid an Aire lena cheadú. Féadfaidh an tAire, agus an cead sin á thabhairt aige, cibé leasuithe eile a chur in iúl a mheasfaidh sé is gá a dhéanamh ar an gclár. Féadfaidh an Bord, áfach, le ceadú an Aire, cibé athrú a dhéanamh ar an gclár a mheasfaidh an Bord ina dhiaidh sin is gá.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire dáta a shocrú nach foláir, ar an dáta sin nó roimhe, an clár i leith na bliana dá éis sin a chur faoina bhráid.

[EN]

Foireann.

33.—(1) Faoi réir fho-alt (4), féadfaidh an tUdarás cibé foireann a fhostú is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Acht amháin mar a fhoráiltear in alt 31 (6) agus faoi réir fho-alt (3), is é an Bord a cheapfaidh, nó is faoi údarás an Bhoird a cheapfar, comhaltaí fhoireann an Údaráis.

[EN]

(3) (a) Sula gceapfaidh an Bord duine chun poist ar fhoireann an Údaráis, is post ar ceann de na cáilíochtaí íosta dó céim ó ollscoil aitheanta nó cibé cáilíocht eile is comhcháilíocht i dtuairim an Aire, ceapfaidh an Bord painéal ar a mbeidh duine a ainmneoidh Coimisinéirí na Státseirbhíse faoi mhír (b) agus daoine a mheasfaidh an Bord a bheith oiriúnach agus inniúil chuige sin chun na hiarratais a scrúdú agus duine a mholadh le ceapadh, agus breithneoidh an Bord moladh an phainéil,

[EN]

(b) Déanfaidh Coimisinéirí na Státseirbhíse, aon uair a iarrfaidh an Bord orthu é, duine a ainmniú chun críocha mhír (a).

[EN]

(4) Faoi réir ailt 34 agus 65, cinnfidh an Bord ó am go ham cáilíochtaí, líon, gráid, seilbh oifige agus coinníollacha seirbhíse comhaltaí fhoireann an Údaráis ach amháin an chéad Stiúrthóir.

[EN]

(5) Faoi réir ailt 34 agus 65, íocfar le foireann an Údaráis (ach amháin an chéad Stiúrthóir) cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord le comhthoiliú an Aire agus Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

Scéimeanna foirne.

34.—(1) A luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Bord, faoi réir alt 65 agus tar éis comhairle a ghlacadh leis na comhlachais foirne aitheanta agus leis na ceardchumainn lena mbaineann scéim foirne nó scéimeanna foirne a ullmhú agus a chur isteach chun foireann an Údaráis a rialáil, a rialú agus a bhainistí agus cuirfidh sé in iúl maidir leis na gráid éagsúla foirne (i gcoitinne nó go leithleach, de réir mar is iomchuí) an luach saothair, an tseilbh oifige, na cáilíochtaí agus na coinníollacha seirbhíse is iomchuí.

[EN]

(2) Déanfaidh an tUdarás scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith, le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú.

[EN]

Aoisliúntas.

35.—(1) A luaithe is caothúil tar éis tosach feidhme an ailt seo, déanfaidh an Bord, faoi réir alt 66, scéim nó scéimeanna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire chun aoisliúntais i bhfoirm pinsin, cnapshuime nó aisce a dheonú do chomhaltaí iomchuí d'fhoireann an Údaráis nó ina leith.

[EN]

(2) Déanfaidh an tUdarás scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo, má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, a chur i gcrích de réir a téarmaí.

[EN]

(3) Féadfaidh an Bord tráth ar bith le ceadú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim faoin alt seo a leasú.

[EN]

(4) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine uile a mbeidh liúntais iníoctha leo faoin scéim, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

[EN]

(5) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon liúntas, nó i dtaobh méid aon liúntais, is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh, ach sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

(6) Ní dheonóidh an Bord aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile ná ní dhéanfaidh an Bord aon chomhshocraíochtaí eile chun pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile den sórt sin a chur ar fáil, ar chomhalta d'fhoireann an Údaráis (ach amháin an chéad Stiúrthóir) d'éirí as, do scor nó d'fháil bháis, ach amháin de réir scéime faoin alt seo.

[EN]

(7) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

CUID IV

Coistí Talmhaíochta

[EN]

Feidhmeanna coistí talmhaíochta.

36.—(1) Ullmhóidh gach coiste talmhaíochta, le cabhair ón bPríomh-Oifigeach Talmhaíochta, clár bliantúil um chomhairle agus oideachas talmhaíochta dá chontae agus cuirfidh sé an clár faoi bhráid an Údaráis chun go mbreithneoidh an Bord é i ndáil leis an gclár bliantúil dá dtagraítear in alt 32 agus féadfaidh sé—

[EN]

(a) athmheas a dhéanamh ar oibriú an chláir sin agus na scéimeanna a oibríonn an tAire sa chontae agus moltaí a dhéanamh ina thaobh sin, de réir mar is iomchuí, chun an Aire agus an Bhoird;

[EN]

(b) tuarascálacha a iarraidh ó am go ham ar an bPríomh-Oifigeach Talmhaíochta faoin dul chun cinn atá á dhéanamh ag an gclár comhairle agus oideachais don chontae;

[EN]

(c) tuarascálacha a iarraidh ó am go ham ar oifigigh chuí an Aire i dtaobh na scéimeanna a oibríonn sé sa chontae agus a iarraidh ar na hoifigigh sin bheith i láthair ag cruinnithe den choiste ag a bpléitear nithe a bhaineann leis na scéimeanna sin; agus

[EN]

(d) moltaí a dhéanamh chun an Aire, tríd an gComhairle Ghinearálta dá dtagraítear in alt 43, maidir le beartas agus forbairt talmhaíochta.

[EN]

(2) (a) Beidh ag gach coiste talmhaíochta, i dteannta na gcumhachtaí agus na bhfeidhmeanna a luaitear i bhfo-alt (1), na feidhmeanna a d'fheidhmigh nó a chomhlíon sé nó ab infheidhmithe nó ab inchomhlíonta aige, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, ach amháin na feidhmeanna a aistrítear chun an Údaráis faoi ailt 12 agus 15.

[EN]

(b) Déanfar an míniú in alt 2 d'Acht 1931 ar an abairt “crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha” a fhorléiriú faoi réir an ailt seo.

[EN]

(3) Chun críche an Achta seo ciallaíonn “Príomh-Oifigeach Talmhaíochta”, i ndáil le contae, an t-oifigeach don Údarás ar sannadh freagracht chuige chun na feidhmeanna sin de chuid coiste talmhaíochta a aistrítear chun an Údaráis faoi ailt 12 agus 15 a fheidhmiú sa chontae.

[EN]

Leasuithe ar Acht 1931.

37.—(1) Leasaítear leis seo Acht 1931 tríd an méid seo a leanas a scriosadh—

[EN]

(a) “foraoiseacht” mar a bhfuil sé i míniú na habairte “crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha” in alt 2 agus “agus teagasc do thabhairt ann” sa mhíniú sin; agus

[EN]

(b) “nó scéimeanna foraoiseachta” in alt 39;

[EN]

agus tá an míniú sin agus an t-alt sin 39, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i dTábla I a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo agus aisghairm ailt 35, 36 (2) agus 38 (2) d'Acht 1931 agus alt 2 (2) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, leis an Acht seo, féadfaidh coiste talmhaíochta crainn foraoise a dháileadh le haghaidh criosanna fothaine agus críocha eile de réir scéim a mbeidh glactha ag an gcoiste léi agus a bheidh ceadaithe ag an Aire.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo míreanna (e) agus (f) d'alt 30 (2) d'Acht 1931 trí “cúig chéad púnt” a chur in ionad “chéad púnt” agus tá na míreanna sin arna leasú amhlaidh leagtha amach i dTábla II a ghabhann leis an alt seo.

TABLA I

foluíonn an abairt “crícheanna talmhaíochta agus tionnscal eile tuatha” cabhrú le gach tionnscal no aon tionnscal acu so leanas, agus é d'fheabhsú agus do shaothrú, sé sin le rá, talmhaíocht, garradóireacht, déiríocht, síolrú capall, bó agus eallaigh eile stuic agus éanlaithe clóis, beachaireacht, saothrú agus ullamhú lín, agus aon fho-thionnscal a bhaineann go dlúth le haon tionscal acu san agus foluíonn an abairt sin, leis, cabhrú le riachtanaisí agus tora talmhaíochta d'iompar agus do roinnt nó san do chur in usacht;

39. Cuirfear ar chur an Aire agus cuirfidh seisean chun crícheanna scéimeanna talmhaíochta no chun aon chríocha dleathacha eile de chuid coistí talmhaíochta pé airgead a sholáthróidh an tOireachtas ó am go ham chun na crícheanna san.

TABLA II

(e) sara ndéanfaidh coiste talmhaíochta aon chonnra tré n-a mbeadh ar an gcoiste sin suim cúig chéad púnt no aon tsuim is mó ná san d'íoc cuirfidh an coiste sin fé ndeár fógra puiblí deich lá ar a laighead do thabhairt tré fhógraíocht no ar aon tslí eile á rá cadé an saghas agus cad chuige an connra san agus ag iarraidh tairisgintí chun a chólíonta;

(f) ar dhéanamh connartha tré n-a mbeidh ar choiste talmhaíochta suim cúig chéad púnt no aon tsuim is mó ná san d'íoc, éileoidh agus tógfaidh an coiste sin ón té 'na mbeidh an connra san le cólíona aige leor-urrús go gcomhlíonfar an connra san go cuibhe;

[EN]

Comhoibriú le comhlachtaí eile.

38.—Féadfaidh coiste talmhaíochta, faoi réir cheadú an Aire agus de réir cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire, uamadh le comhlacht nó comhlachtaí eile chun áitribh a fhoirgniú agus chun talamh agus foirgnimh a léasú, a cheannach nó a fháil ar dhóigh eile chun comhúsáide an choiste agus an chomhlachta nó na gcomhlachtaí eile sin ag feidhmiú a gcumhachtaí agus a bhfeidhmeanna faoi seach dóibh.

[EN]

Scéimeanna talmhaíochta.

39.—(1) Déanfaidh gach coiste talmhaíochta, maidir lena fheidhmeanna faoin Acht seo, an scéim talmhaíochta lena mbaineann alt 33 d'Acht 1931 a chur faoi bhráid an Aire, cibé lá a shonróidh sé nó roimh an lá sin.

[EN]

(2) Nuair a bheidh an scéim breithnithe ag an Aire eiseoidh sé deimhniú san fhoirm fhorordaithe chuig an gcoiste a d'ullmhaigh an scéim á údarú don choiste ranníoc (dá ngairtear an ranníoc áitiúil bliantúil san Acht seo) a éileamh ar chomhairle an chontae ina bhfuil limistéar feidhmiúcháin an choiste maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil lena mbaineann an scéim talmhaíochta, ina mbeidh cibé méid is cuí leis an Aire a shonrú sa deimhniú sin ag féachaint—

[EN]

(a) do mheastachán na gcaiteachas agus na bhfáltas sa scéim talmhaíochta, agus

[EN]

(b) do mheastachán na gcaiteachas agus na bhfáltas a thug an Bord don Aire faoi alt 44 maidir le seirbhísí um chomhairle agus oideachas talmhaíochta a chur ar fáil sa chontae.

[EN]

(3) Sonróidh gach deimhniú faoin alt seo na codanna faoi seach den ranníoc áitiúil bliantúil a bhaineann leis na meastacháin leithleacha caiteachas agus fáltas a luaitear i bhfo-alt (2).

[EN]

(4) Déanfaidh gach coiste talmhaíochta, ar dheimhniú faoin alt seo a fháil ón Aire, éileamh san fhoirm fhorordaithe a chur láithreach chuig comhairle an chontae lena mbaineann ag éileamh an ranníoca iomláin a bheidh sonraithe sa deimhniú maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil lena mbaineann sé.

[EN]

(5) Déanfaidh gach comhairle contae ar a ndéanfaidh coiste talmhaíochta éileamh faoin alt seo méid an éilimh, gan asbhaint de chineál ar bith, a íoc leis an gcoiste sin cibé tráth nó tráthanna a shonróidh an tAire agus ar cibé modh a luafaidh sé.

[EN]

(6) Íocfaidh gach coiste talmhaíochta, as an ranníoc áitiúil bliantúil, leis an Údarás gach bliain, gan asbhaint, cibé tráth nó tráthanna agus ar cibé modh a shonróidh an tAire, an méid a bheidh luaite sa deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus a bhaineann leis na caiteachais agus na fáltais a luaitear i mír (b) den fho-alt sin.

[EN]

(7) Ní bheidh an ranníoc áitiúil bliantúil, aon bhliain airgeadais áitiúil, níos mó ná níos lú ná na teorainneacha faoi seach a shonraítear in alt 1 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1974.

[EN]

(8) Déanfaidh comhairle contae, gach bliain airgeadais áitiúil, méid an ranníoca áitiúil bhliantúil a mhuirearú sa limistéar arb é an contae é, gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) a áireamh.

[EN]

Leasú ar Acht 1944.

40.—Leasaítear leis seo alt 5 (1) d'Acht 1944 trí “no aon cheanglas sonrach d'aon reacht a bhaineann leis an gcoiste sin” a chur isteach i ndiaidh “ar bith” i mír (c) agus tá an mhír sin arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(c) coiste talmhaíochta do chontae áirithe d'fhágaint aon bhreithe, orduithe nó aithne de chúirt ar bith nó aon cheanglas sonrach d'aon reacht a bhaineann leis an gcoiste sin gan cólíonadh, no

[EN]

“bliain toghcháin”.

41.—Chun críocha na nAchtanna Talmhaíochta agus an Achta seo ciallaíonn “bliain toghcháin” aon bhliain ina ndéantar toghcháin le haghaidh comhaltaí d'údaráis áitiúla de bhun na nAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974.

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1931.

42.—(1) Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann le Acht 1931 tríd an Riail seo a leanas a chur in ionad Riail 2:

[EN]

“2. Beidh gach coiste talmhaíochta comhdhéanta de dhaoine is comhaltaí agus de dhaoine nach comhaltaí den chomhairle agus is é líon na gcomhaltaí de gach coiste den sórt sin ar comhaltaí den chomhairle iad—

[EN]

(a) i gcás ar iolrú ar chúig líon comhaltaí an choiste, trí chúigiú den líon sin, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, an líon arb é an chéad slánuimhir eile é os cionn trí chúigiú de líon na gcomhaltaí.”

[EN]

(2) Gach duine, seachas comhalta de chomhairle contae, a cheapfar ina chomhalta de choiste talmhaíochta ceapfar é ar é a ainmniú ag cibé eagraíochtaí tuaithe saorálacha atá gníomhach sa chontae agus a shonróidh an tAire le hordú (go ginearálta nó i ndáil le gach contae nó grúpa contaetha) agus, faoi réir forálacha na nAchtanna Talmhaíochta agus an Achta seo, is é an líon a ainmneoidh gach eagraíocht den sórt sin cibé líon a chinnfidh an tAire le hordú.

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le coiste talmhaíochta tráth a thosóidh an chéad chruinniú bliantúil den Chomhairle Contae a cheapfaidh comhaltaí an choiste is túisce a thionólfar tar éis comhaltaí na comhairle a thoghadh den chéad uair tar éis dáta an Achta seo a rith.

[EN]

Comhairle Ghinearálta Coistí Talmhaíochta.

43.—Féadfaidh coiste talmhaíochta, faoi réir cibé teorainneacha a shocróidh an tAire ó am go ham, ranníocaí bliantúla a thabhairt—

[EN]

(a) do chomhlachas na gcoistí talmhaíochta ar a dtugtar Comhairle Ghinearálta na gCoistí Talmhaíochta a bunaíodh le haghaidh comhairle i dtaobh a leasanna comhchoiteanna agus chun nithe a bhaineann le talmhaíocht a phlé, nó

[EN]

(b) i gcás an Chomhairle sin do dhul as, d'aon chomhlachas nó comhlacht a bhunófar dá éis sin agus a mbeidh, i dtuairim an Aire, cuspóirí agus feidhmeanna den sórt céanna aige.

CUID V

Airgeadas an Údaráis

[EN]

Meastacháin bhliantúla ar chaiteachais agus ar fháltais.

44.—(1) Ullmhóidh an Bord, maidir le gach bliain airgeadais, meastachán i cibé foirm a cheanglóidh an tAire—

[EN]

(a) ar an airgead is gá chun íoc as caiteachais an Údaráis ag feidhmiú a fheidhmeanna agus a dhualgais dó an bhliain sin, agus

[EN]

(b) ar na fáltais a fhaibhreoidh chun an Údaráis ó gach bunadh an bhliain sin.

[EN]

(2) Tabharfar aird sa mheastachán ar fhorálacha an chláir bhliantúil gníomhaíochtaí dá dtagraítear in alt 32.

[EN]

(3) Déanfar an meastachán, ar bheith glactha leis ag an mBord, a chur faoi bhráid an Aire lena cheadú.

[EN]

(4) Cuirfidh an tAire in iúl, nuair a bheidh a cheadú á thabhairt aige, na leasuithe (más ann) sa mheastachán a mheasfaidh sé is gá. Féadfaidh an Bord, áfach, le toiliú an Aire, caiteachas a thabhú—

[EN]

(a) nach mbeidh soláthar dó sa mheastachán mar a cheadaigh an tAire i dtosach é ach a measfar ina dhiaidh sin gur gá é, nó

[EN]

(b) ar mó é ná an caiteachas glan iomlán a cheadaigh an tAire i dtosach, má mheastar ina dhiaidh sin gur gá an bhreis sin.

[EN]

Cláir bhliantúla um chomhairle agus oideachas.

45.—Nuair a bheidh meastachán á ullmhú faoi alt 44, tabharfaidh an Bord aird ar na cláir bhliantúla um chomhairle agus oideachas a bheidh ullmhaithe ag gach coiste talmhaíochta faoi alt 36 (1) agus ar cibé cláir bhliantúla oideachais a chuirfidh institiúidí a chuireann cúrsaí staidéir ar fáil sa talmhaíocht faoi bhráid an Aire mar a luaitear in alt 12 (1) (d).

[EN]

An dáta chun meastachán a chur faoi bhráid an Aire.

46.—Féadfaidh an tAire dáta a shocrú ar air nó roimhe a chuirfear faoina bhráid an meastachán i leith na bliana airgeadais ina dhiaidh sin.

[EN]

Ioncam coistí talmhaíochta ó ranníocaí áitiúla bliantúla.

47.—Déanfaidh an tUdarás an t-ioncam a fhaibhreoidh chuige as na ranníocaí áitiúila bliantúla ó choistí talmhaíochta faoi alt 39 (6) a úsáid go heisiatach leis na feidhmeanna sin a chomhlíonadh i ndáil le hoideachas agus comhairle talmhaíochta a aistrítear chuige faoi ailt 12 agus 15 agus a bhí, roimh thosach feidhme na n-alt sin, á bhfeidhmiú nó á gcomhlíonadh, nó infheidhmithe nó inchomhlíonta, ag coiste talmhaíochta.

[EN]

Dearlaic Stáit don Údarás.

48.—(1) D'fhonn cabhrú leis an Údarás a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh go héifeachtúil, íocfar leis an Údarás gach bliain airgeadais, de réir mar is gá, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas—

[EN]

(a) deontas i leith caiteachais an Údaráis ag ceannach talún agus áitreabh, ag foirgniú oifigí agus foirgneamh agus ag ceannach innealra, feithiclí agus trealaimh de chineál caipitiúil, agus

[EN]

(b) deontas i leith caiteachais eile an Údaráis.

[EN]

(2) Déanfaidh an tAire, faoi réir fho-ailt (3) agus (4), méid gach deontais díobh sin a chinneadh, le ceadú an Aire Airgeadais, tar éis aon fhaisnéis a bheidh tugtha faoi fho-alt (5) a bhreithniú go cuí.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bheidh an deontas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) níos lú, i ndearbhthéarmaí, ná an méid iomlán a sholáthraigh an tOireachtas an bhliain airgeadais díreach roimh dháta bunaithe an Údaráis i leith gníomhaíochtaí an Údaráis an bhliain airgeadais lena mbaineann an deontas.

[EN]

(4) Chun críche fho-alt (3) ciallaíonn “i ndearbhthéarmaí” go gcuirfear i gcuntas go hiomlán aon athrú a tháinig ar luach airgid sa tréimhse idir dáta bunaithe an Údaráis agus tosach na bliana airgeadais lena mbaineann an deontas.

[EN]

(5) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé faisnéis maidir le hioncam agus caiteachas an Bhoird a iarrfaidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(6) Má bhíonn amhras ann i dtaobh ar de chineál caipitiúil nó nach ea aon mhír caiteachais dá luaitear i bhfo-alt (1), is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Aire ar an ábhar.

[EN]

Caiteachais an Údaráis.

49.—Faoi réir ailt 47 agus 48, úsáidfear ioncam an Údaráis ag íoc caiteachais an Údaráis, lena n-áirítear, go sonrach:

[EN]

(a) na heisíocaíochtaí agus na caiteachais bhliantúla i leith oifigí, áitribh agus trealamh an Údaráis,

[EN]

(b) luach saothair agus caiteachais chathaoirleach, chéad Stiúrthóir agus fhoireann an Údaráis, caiteachais comhaltaí an Bhoird agus comhaltaí na gcoistí a bheidh ceaptha faoi alt 29 agus aoisliúntais chéad Stiúrthóir agus fhoireann an Údaráis,

[EN]

(c) an costas a bhaineann le haon chláir thaighde, oideachais nó comhairle talmhaíochta a sheolann an tUdarás nó a sheoltar thar a cheann,

[EN]

(d) an costas a bhaineann le deontais chun íoc as costas cláir shonracha taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta, taighde sonrach talmhaíochta nó buntaighde sonrach tréidliachta agus deontais d'institiúidí oideachais,

[EN]

(e) an costas a bhaineann le cláir áitiúla comhairle agus oideachais,

[EN]

(f) an costas a bhaineann le scoláireachtaí agus dámhachtaintí eile a chur ar fáil chun taighde iarchéime talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta a dhéanamh agus le haghaidh ard-oideachais,

[EN]

(g) an costas a bhaineann le cúrsaí staidéir, seimineáir, comhchomhairlí, léachtaí agus taispeántais is iomchuí d'fheidhmeanna an Údaráis a chur ar fáil agus a eagrú,

[EN]

(h) an costas a bhaineann le torthaí taighde talmhaíochta nó buntaighde tréidliachta agus le foilseacháin i ndáil le hoideachas talmhaíochta agus comhairle talmhaíochta a fhoilsiú agus a leathadh, agus

[EN]

(i) an costas a bhaineann le cibé gníomhaíochtaí eile de chuid an Údaráis ar comhréir lena fheidhmeanna (lena n-áirítear aon fheidhmeanna a sannadh faoi alt 20), a bheidh ceadaithe ag an mBord agus ag an Aire ó am go ham.

[EN]

Cumhacht airgead a fháil ar iasacht.

50.—(1) Féadfaidh an tUdarás, le toiliú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais agus faoi réir aon choinníollacha a fhorchuirfidh an tAire, airgead a fháil ar iasacht trí rótharraingt bainc, nó ar dhóigh eile, chun a fheidhmeanna a riaradh agus a oibriú.

[EN]

(2) I gcás a mbeidh an t-airgead a gheofar ar iasacht faoin alt seo le haisíoc thar théarma áirithe blianta, féadfaidh an tUdarás an t-airgead a fháil ar iasacht ar urrús thalamh agus mhaoin (seachas an t-eastát ar a dtugtar Caisleán agus Díméad Bhaile Sheonach agus dá dtagraítear in Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, agus in Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959) an Údaráis nó ar cibé urrús eile is inghlactha ag an iasachtóir agus féadfaidh sé íoc na príomhshuime a gheofar ar iasacht amhlaidh agus an úis ar an gcéanna a mhuirearú ar ioncam an Údaráis.

[EN]

Cuntais agus iniúchadh.

51.—(1) Coimeádfaidh an tUdarás, i cibé foirm a bheidh ceadaithe ag an Aire le toiliú an Aire Airgeadais, gach cuntas is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a fuair nó a chaith an tUdarás, lena n-áirítear cuntas ioncaim agus caiteachais, clár comhardaithe agus, go háirithe, na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire ó am go ham uaidh féin nó ar iarratas ón Aire Airgeadais.

[EN]

(2) Déanfaidh an tUdarás na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gach bliain lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta, déanfar cóip den chuntas ioncaim agus caiteachais, den chlár comhardaithe agus d'aon chuntais eile a choimeádfar de bhun ordú ón Aire, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na cuntais, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara go leagfar cóipeanna díobh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

Tuarascálacha bliantúla agus tuarascálacha eile.

52.—Déanfaidh an Bord—

[EN]

(a) a luaithe is caothúil tar éis deireadh gach bliana airgeadais, tuarascáil ar obair an Údaráis an bhliain airgeadais sin a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire agus leagfar cóip de gach tuarascáil den sórt sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus

[EN]

(b) cibé faisnéis a thabhairt don Aire a iarrfaidh sé ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis.

[EN]

CUID VI

Iarmhartach agus Eatramhach

[EN]

Maoin a aistriú.

53.—(1) Ar thosach feidhme an ailt seo déanfar, faoi réir ailt 54 agus 55, an mhaoin seo a leanas (lena n-áirítear gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin) a aistriú chun an Údaráis:

[EN]

(a) aon mhaoin, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, dílsithe don Fhoras nó do choiste talmhaíochta nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó;

[EN]

(b) maoin an Aire ar a dtugtar de ghnáth—

[EN]

(i) Coláiste Talmhaíochta Uí Mhaoilíosa, Baile Átha an Rí, Contae na Gaillimhe,

[EN]

(ii) Coláiste Talmhaíochta Chloich na Coillte, Cloich na Coillte, Contae Chorcaí,

[EN]

(iii) Coláiste Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis, Béal Átha hÉis, Contae an Chabháin, agus

[EN]

(iv) Coláiste Talmhaíochta agus Gairneoireachta Chill an Dátúnaigh, Cill an Dátúnaigh, Baile an Phoill, Contae Chill Chainnigh,

[EN]

agus a thuairiscítear sa Tríú Sceideal, lena n-áirítear na tailte, na foirgnimh, na hoifigí, na fo-thithe, na barraí, an beostoc, an t-innealra feirme, an trealamh feirme agus oifige agus an mhaoin shochorraithe eile a bhí ar an maoin sin díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, agus

[EN]

(c) leas an Aire sna tailte agus sa mhaoin dá ngairtear an Stáisiún Gránach, Baile na Cora, Mainistir na Corann, Contae Chorcaí, agus a thuairiscítear sa Tríú Sceideal lena n-áirítear leas an Aire sna tailte, sna foirgnimh, sna hoifigí, sna fo-thithe, sa trealamh oifige, sna barraí, sa bheostoc, san innealra agus sa trealamh feirme agus sa mhaoin shochorraithe eile ar an gcéanna díreach roimh thosach feidhme an ailt seo.

[EN]

(2) Déanfar an mhaoin dá dtagraítear san alt seo a aistriú gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir a haistrithe, i gcás ar gá sin, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta agus tiocfaidh sí chun bheith ina maoin de chuid an Údaráis nó beidh sí ar teachtadh ar iontaobhas agus dílsithe (de réir mar a dhlífidh an cás) dó ar feadh an eastáit, an téarma nó an leasa uile ar a raibh an céanna ar teachtadh díreach roimh thosach feidhme an ailt seo ach sin faoi réir na n-iontaobhas, na gcothromas agus na gceanglas reachtúil go léir a dhéanann difear don mhaoin agus a bhí ann agus infheidhmithe an tráth sin.

[EN]

(3) Aon mhaoin a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt, i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta, nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm an Fhorais, coiste talmhaíochta nó an Aire, déanfaidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta sin, ar an Údarás á iarraidh sin aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, í a aistriú sna leabhair sin chun ainm an Údaráis.

[EN]

(4) Tar éis tosach feidhme an ailt seo, gach ábhar i gcaingean a bheidh aistrithe de réir an ailt seo chun an Údaráis, féadfaidh an tUdarás agairt ina leith nó é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin agus ní gá don Údarás fógra a thabhairt i dtaobh an aistrithe don duine a bhfuil an t-ábhar i gcaingean ina cheangal air.

[EN]

An Ciste Aistrithe.

54.—(1) Déanfar an t-airgead a bheidh i gCiste Dearlaice an Fhorais agus aon iarmhéid a bheidh gan chaitheamh i gCiste Caipitil an Fhorais (dá dtagraítear in ailt 10 agus 11 d'Acht 1958) ar thosach feidhme alt 53 a thaisceadh i gciste speisialta de chuid an Údaráis ar a dtabharfar an Ciste Aistrithe.

[EN]

(2) Úsáidfidh an tUdarás an Ciste Aistrithe go heisiatach le haghaidh cibé críocha caipitiúla agus a mhéid a cheadóidh an tAire ó am go ham, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Coimeádfaidh an tUdarás aon iarmhéid den Chiste Aistrithe a bheidh gan chaitheamh infheistithe i cibé urrúis a cheadóidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

[EN]

(4) Faibhreoidh an t-ús ar an gCiste Aistrithe chun an Údaráis mar ioncam.

[EN]

Eisceacht i bhfabhar coiste talmhaíochta.

55.—Ní bhainfidh alt 53 le cóiríocht oifige a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt sin, léasaithe ag coiste talmhaíochta lena húsáid mar cheann-oifig ná le trealamh agus troscán oifige inti.

[EN]

Dliteanais a aistriú.

56.—Ar thosach feidhme alt 53, gach fiach agus dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe) a bhí, díreach roimhe thosach feidhme an ailt sin, dlite den Fhoras nó de choiste talmhaíochta nó, de réir mar a bheidh, den Aire, agus gan íoc, agus a bheidh tabhaithe agus gan ghlanadh ag an bhForas, ag coiste talmhaíochta nó, de réir mar a bheidh, ag an Aire, i ndáil leis na feidhmeanna agus leis an maoin a aistrítear chun an Údaráis faoin Acht seo, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar thosach feidhme an ailt sin, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an Údarás agus déanfaidh an tUdarás é a íoc nó a ghlanadh agus féadfar é a ghnóthú ón Údarás nó a fhorfheidhmiú in aghaidh an Údaráis, dá réir sin.

[EN]

Cóiríocht oifige do choistí talmhaíochta.

57.—I gcás a gcuimsíonn maoin coiste talmhaíochta a aistrítear chun an Údaráis faoi alt 53 cóiríocht oifige a úsáidtear mar oifig cheanncheathrún agus troscán agus trealamh oifige inti, cuirfidh an tUdarás, ar thosach feidhme an ailt sin agus dá éis, ar fáil don choiste sin cibé cóiríocht oifige (lena húsáid mar oifig cheanncheathrún), trealamh agus troscán ar a gcomhaontóidh an coiste agus an tUdarás maidir le dóthanacht, ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh siad nó, cheal comhaontaithe, i dtaobh dóthanachta nó eile, a chinnfidh an tAire.

[EN]

Fardal maoine agus ráiteas dliteanas.

58.—A luaithe is féidir tar éis tosach feidhme alt 53, ullmhóidh gach coiste talmhaíochta agus cuirfidh chun an Bhoird agus chun an Aire—

[EN]

(a) fardal (mír ar mhír de réir mar is iomchuí) ar an maoin agus ar na sócmhainní eile a aistríodh uaidh chun an Údaráis faoin alt sin, ag taispeáint luach reatha na maoine agus na sócmhainní eile a aistríodh amhlaidh,

[EN]

(b) ráiteas (mír ar mhír de réir mar is iomchuí) ar fhiacha agus ar dhliteanais an choiste a bhí gan íoc díreach roimh an tosach feidhme sin agus idirdhealú ann idir an chuid neamhghlanta d'aon iasachtaí a chaibidil an coiste faoi alt 5 (2) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, agus fiacha agus dliteanais eile, agus

[EN]

(c) ráiteas ar an bpríomhshuim agus ar an ús a d'íoc an coiste anall go dtí dáta an tosach feidhme sin i leith gach iasacht dá dtagraítear i mír (b) den alt seo.

[EN]

Comaoin do choistí talmhaíochta i leith maoin a aistríodh.

59.—(1) Íocfaidh an tUdarás le gach coiste talmhaíochta, thar cibé tréimhse agus cibé tráthanna agus ar cibé dóigh a ordóidh an tAire, cibé cion de leath ghlanluach sócmhainní an choiste a aistríodh chun an Údaráis faoi alt 53 is ionann agus an coibhneas idir glanchaiteachas an choiste áirithe an bhliain airgeadais díreach roimh thosach feidhme an ailt sin, i ndáil leis na feidhmeanna a choimeád sé chuige féin faoin Acht seo, agus glanchaiteachas iomlán an choiste an bhliain airgeadais sin.

[EN]

(2) Taifeadfaidh an tUdarás, i ndáil le hiarmhéid leath ghlanluach sócmhainní aistrithe an choiste, mar chaiteachas sa chuid den mheastachán bliantúil dá dtagraítear in alt 44 a bhaineann le caiteachas ar oideachas agus ar sheirbhísí comhairle sa chontae áirithe, cibé cion a ordóidh an tAire, agus beidh aird ag an Aire ar an taifead sin nuair a bheidh méid an ranníoca áitiúil bhliantúil sa deimhniú dá dtagraítear in alt 39 á shonrú aige.

[EN]

(3) Chun críche an ailt seo—

[EN]

(a) ciallaíonn “glanluach sócmhainní aistrithe” suim a n-iomlán seo a leanas—

[EN]

(i) na luachálacha a thaispeántar san fhardal dá dtagraítear i mír (a) d'alt 58, agus a bhaineann le maoin seachas maoin ar chruinnigh an coiste iasacht lena fáil, agus

[EN]

(ii) na méideanna a shonraítear i mír (c) den alt sin, lúide cibé cuid d'iomlán na bhfiacha agus na ndliteanas eile (seachas na codanna neamhghlanta d'aon iasachtaí a chruinnigh an coiste chun an mhaoin a fháil) dá dtagraítear i mír (b) den alt sin agus a bhaineann leis na feidhmeanna sin de chuid an choiste áirithe a aistríodh chun an Údaráis faoi ailt 12 agus 15, agus

[EN]

(b) ciallaíonn “glanchaiteachas” an difríocht idir caiteachas iomlán (seachas caiteachas i ndáil le gníomhaíochtaí arna maoiniú ó iasachtaí a caibidlíodh faoi alt 5 (2) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958) an choiste áirithe agus iomlán na bhfáltas a d'fhaibhrigh chun an choiste an bhliain airgeadais áirithe sin ó gach bunadh, seachas—

[EN]

(i) fáltais i ndáil le gníomhaíochtaí arna maoiniú ó iasachtaí a caibidlíodh faoin alt sin 5 (2), agus

[EN]

(ii) fáltais i modh deontas chun an choiste ón Aire agus i modh ranníocaí ó chomhairle an chontae áirithe.

[EN]

(4) Is é a bheidh i luachálacha maoine dá dtagraítear san alt seo agus in alt 58 cibé luachálacha ar a gcomhaontófar idir an coiste agus an tUdarás nó, cheal comhaontaithe, cibé luachálacha a chinnfidh an tAire.

[EN]

An tAire do choimeád maoine.

60.—(1) D'ainneoin alt 53, na tailte agus na foirgnimh (nó aon chuid de na tailte agus de na foirgnimh) mar aon le haon bharraí, beostoc, trealamh agus maoin shochorraithe eile ar an maoin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin, a bhí, roimh thosach feidhme an ailt sin, á n-úsáid ag an Aire chun críocha seachas comhlíonadh feidhmeanna a aistríodh chun an Údaráis faoin Acht seo, fanfaidh sí ina maoin de chuid an Aire, agus tabharfaidh an tUdarás cead isteach, gach tráth réasúnach, chun na maoine coimeádta sin don Aire, dá oifigigh agus dá sheirbhísigh ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna dóibh agus do cibé innealra agus feithiclí is gá chun na feidhmeanna sin a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon tailte, foirgnimh nó maoin eile dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó aon tailte, foirgnimh nó maoin eile ina sheilbh a aistriú, dá rogha féin, chun an Údaráis agus, i gcás a ndéanfar ordú den sórt sin, bainfidh na forálacha iomchuí d'ailt 53 agus 56 leis an aistriú.

[EN]

Seiceanna an Fhorais a dhéanamh bailí.

61.—Ní chuirfidh díscaoileadh an Fhorais le halt 10 ó bhail aon ordú íocaíochta nó seic a d'eisigh an Foras ach nár tíolacadh lena íoc roimh thosach feidhme an ailt sin ná aon údarás ón bhForas go n-íocfaí méid aon ordaithe íocaíochta nó seic ná ní dhéanfaidh sé difear don chéanna agus déanfaidh an tUdarás socrú le go n-íocfar méid gach ordaithe nó seic den sórt sin ar é a thíolacadh go cuí laistigh d'am réasúnach tar éis an tosach feidhme sin.

[EN]

Conarthaí leanúnacha a bhuanú.

62.—Aon bhanna, ráthaíocht nó urrús eile de ghné leanúnach a rinne nó a thug—

[EN]

(a) an Foras, nó

[EN]

(b) coiste talmhaíochta, nó

[EN]

(c) an tAire,

[EN]

i leith maoin agus feidhmeanna a aistríodh chun an Údaráis faoin Acht seo chun duine eile, nó a rinne nó a thug aon duine don Fhoras nó do choiste talmhaíochta nó don Aire i leith na maoine agus na bhfeidhmeanna sin, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 53 agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn idir an Foras, coiste talmhaíochta nó an tAire i leith na maoine nó na bhfeidhmeanna sin agus duine eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an tosach feidhme sin, leanfaidh sé, d'ainneoin an aistrithe maoine a dhéantar leis an Acht seo, de bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin, agus forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Údaráis ann in ionad ainm an Fhorais nó an choiste talmhaíochta nó an Aire, cibé acu é, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an Údarás nó ina aghaidh.

[EN]

Imeachtaí dli a bheidh ar feitheamh do leanúint i bhfeidhm.

63.—In aon chaingean, agra, ionchúiseamh nó imeacht eile a bhí ar feitheamh díreach roimh thosach feidhme alt 53 in aon chúirt nó binse agus ar pháirtí ann an Foras, tiocfaidh an tUdarás chun bheith agus beidh sé, ar an tosach feidhme sin, ina pháirtí in ionad an Fhorais, agus leanfar de na himeachtaí sin idir an tUdarás agus na páirtithe eile ann dá réir sin, agus ní rachaidh aon imeachtaí den sórt sin ar ceal ná ní scoirfear díobh de bhíthin an Foras a dhíscaoileadh ná ní dochar dóibh é a dhíscaoileadh.

[EN]

Conartha seirbhíse a bhuanú.

64.—Aon chonradh seirbhíse (sainráite nó intuigthe) a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme alt 53 idir—

[EN]

(a) an Foras, nó

[EN]

(b) coiste talmhaíochta, nó

[EN]

(c) an tAire,

[EN]

i ndáil leis an maoin agus leis na feidhmeanna a aistríodh chun an Údaráis faoin Acht seo agus aon duine, nach oifigeach nó seirbhíseach don Fhoras nó don Aire nó do choiste talmhaíochta, leanfaidh sé i bhfeidhm ar an tosach feidhme sin nó dá éis ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí ainm an Údaráis ann in ionad ainm an Fhorais, an choiste talmhaíochta nó an Aire, cibé acu é, agus beidh gach conradh den sórt sin infheidhmithe dá réir sin ag an Údarás nó ina aghaidh nó, de réir mar a bheidh, ag an duine áirithe nó ina aghaidh.

[EN]

Foireann a aistriú chun an Údaráis.

65.—(1) Gach duine a bhí, díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, i seirbhís an Fhorais nó coiste talmhaíochta, ansin, ar an tosach feidhme sin, beidh sé arna aistriú chun an Údaráis agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar a bheidh, don Údarás, agus na daoine go léir a aistreofar amhlaidh beidh siad ina gcomhaltaí d'fhoireann aistrithe an Údaráis agus an fhoireann aistrithe a ghairtear díobh san Acht seo.

[EN]

(2) Aon duine i seirbhís an Aire a ainmneoidh an tAire lena aistriú chun an Údaráis, ansin, ar dháta an ainmnithe sin, beidh sé arna aistriú chun an Údaráis agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach, de réir mar a bheidh, don Údarás, agus beidh na daoine go léir a aistreofar amhlaidh ina gcomhaltaí den fhoireann aistrithe agus an fhoireann aistrithe a ghairtear díobh san Acht seo.

[EN]

(3) (a) Faoi réir fho-alt (4), fad a bheidh comhalta den fhoireann aistrithe i seirbhís an Údaráis, ní lú an luach saothair a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a mbeidh sé faoina réir ná an luach saothair a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir sa tseirbhís ónar aistríodh é.

[EN]

(b) Go dtí go dtiocfaidh scéim foirne i ngníomh a bhainfidh le comhalta áirithe den fhoireann aistrithe agus a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 34, leanfaidh na coinníollacha seirbhíse, na sriantachtaí, na ceanglais agus na hoibleagáidí a raibh an comhalta faoina réir sular aistríodh chun seirbhís an Údaráis é do bhaint leis agus féadfaidh an Bord nó an Stiúrthóir, de réir mar a bheidh, iad a fheidhmiú nó a fhorchur fad a bheidh sé i seirbhís an Údaráis.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord, faoi réir alt 34 agus tar éis comhairle a ghlacadh leis na comhlachais foirne agus na ceardchumainn aitheanta lena mbaineann, athriaradh nó atheagrú a dhéanamh ar na dualgais a bheidh le comhlíonadh ag na comhaltaí den fhoireann aistrithe de réir mar is cuí dá ngrád nó dá bhfostaíocht agus beidh de cheangal ar gach comhalta den sórt sin na dualgais a cheapfar dó in aon athriaradh nó atheagrú den sórt sin a chomhlíonadh, agus ní mheasfar gurb ionann aon athriaradh nó atheagrú den sórt agus duine a chur as oifig nó oifig a chur ar ceal chun críche aon scéim nó achtachán a bhaineann le haoisliúntas nó cúiteamh mar gheall ar chailleadh oifige.

[EN]

Aoisliúntas foirne aistrithe.

66.—(1) Ní bheidh comhalta den fhoireann aistrithe, fad a bheidh sé i seirbhís an Údaráis, faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le haoisliúntais (i modh cnapshuime, pinsin, aisce nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) a dheonú ná na coinníollacha a bhain leis díreach sular aistríodh chun seirbhís an Údaráis é.

[EN]

(2) (a) Gach comhalta den fhoireann aistrithe a bhí, díreach roimh thosach feidhme alt 65, i seirbhís coiste talmhaíochta agus a raibh de cheangal air ranníocaí a íoc leis an gcoiste chun críche Acht 1956, íocfaidh sé leis an Údarás, go dtí go dtiocfaidh scéim aoisliúntas i ngníomh a bhainfidh leis agus a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 35, na ranníocaí iomchuí faoi ailt 23 agus 43 d'Acht 1956 a dhlífeadh sé a íoc dá leanfadh sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don choiste sin.

[EN]

(b) Is de réír mar a cheanglaítear le hailt 23 (2) agus 43 (2) d'Acht 1956 a bheidh na comhshocraíochtaí chun ranníocaí a íoc leis an Údarás faoin alt seo agus chun críche an ailt seo cuirfear tagairtí don Údarás in ionad tagairtí d'údarás áitiúil sna hailt sin 23 (2) agus 43 (2),

[EN]

(c) Beidh le halt 24 (2) (3) (4) (5) (6) (7) (a bhaineann le húdarás áitiúil do thabhairt ranníocaí ar ais d'oifigigh inphinsin) agus le halt 44 (2) (3) (4) (5) (6) (7) (8) (a bhaineann le ranníocaí den sórt sin a thabhairt ar ais do sheirbhísigh inphinsin) d'Acht 1956 éifeacht i ndáil le ranníocaí a íocfar leis an Údarás faoin alt seo ionann is dá mba dhliteanais de chuid an Údaráis na dliteanais a fhorchuirtear leis na hailt sin ar údarás áitiúil.

[EN]

(d) I gcás a dtabharfar ranníocaí ar ais, de bhua mhír (c), do chomhalta den fhoireann aistrithe a d'íoc, sular aistríodh chun an Údaráis é, ranníocaí le haghaidh aoisliúntais le húdarás áitiúil nó le haon chomhlacht eile faoi alt 24 (1) nó 44 (1) d'Acht 1956, tabharfaidh an tUdarás ar ais dó freisin nó, de réir mar a bheidh, dá ionadaí pearsanta dlíthiúil, méid iomlán na ranníocaí sin, agus déanfaidh an t-údarás áitiúil agus an comhlacht eile (más ann) lena mbaineann cibé suim a bheidh ina seilbh acu i leith na ranníocaí a d'íoc an comhalta a chúiteamh leis an Údarás.

[EN]

(e) Féadfar ranníocaí a thabharfar ar ais do chomhalta den fhoireann aistrithe faoi mhíreanna (c) agus (d) a aisíoc leis an Údarás de réir cibé orduithe agus faoi réir cibé coinníollacha a shonróidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

[EN]

(3) I gcás a mbeidh liúntas lena mbaineann fo-alt (1) dlite le híoc le comhalta den fhoireann aistrithe nó ina leith sa tréimhse idir tosach feidhme alt 65 agus teacht i ngníomh do scéim a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 35, ríomhfaidh agus íocfaidh an tUdarás an liúntas de réir na scéime aoisliúntas sin nó de réir cibé achtachán i ndáil le haoisliúntais a bhain leis an gcomhalta sin díreach sular aistríodh chun seirbhís an Údaráis é agus, chun na críche sin, cuirfear a sheirbhís inphinsin faoin Údarás leis an tseirbhís inphinsin a bhí aige roimhe sin.

[EN]

Aoisliúntais agus liúntais eile a aisíoc.

67.—(1) I gcás a ndéanfar liúntas lena mbaineann alt 66 a íoc faoin Acht seo le haon duine nó i leith aon duine agus go ndearnadh, le linn méid an liúntais sin a bheith á chinneadh, aon tréimhse seirbhíse nár sheirbhís leis an Údarás a áireamh, ansin, faoi réir alt 68, déanfar aisíoc mar a leanas leis an Údarás i leith na seirbhíse sin—

[EN]

(a) i gcás ar sheirbhís sa státseirbhís í (mar a mhínítear in Acht 1956), aisíocfaidh Aire na Seirbhíse Poiblí cibé méid a chinnfidh sé, agus

[EN]

(b) i gcás ar sheirbhís faoi choiste talmhaíochta í, aisíocfaidh comhairle an chontae a cheap an coiste sin cibé méid a chinnfidh Aire na Seirbhíse Poiblí tar éis comhairle a ghlacadh leis an Údarás agus leis an gcomhairle sin.

[EN]

(2) Is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a dhéanfar íocaíochtaí a íocfaidh Aire na Seirbhíse Poiblí faoin alt seo.

[EN]

Fad a chur le seirbhís inphinsin oifigeach aistrithe.

68.—(1) I gcás a mbeidh, laistigh den tréimhse idir tosach feidhme alt 65 agus teacht i ngníomh do scéim a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 35 agus a bhainfidh leis an oifigeach áirithe, liúntas lena mbaineann alt 66 dlite le híoc le hoifigeach aistrithe a bhí, sular aistríodh é, ina oifigeach inphinsin do choiste talmhaíochta agus a mbaineann alt 13 d'Acht 1956 leis, féadfaidh an Bord a chinneadh tréimhse blianta a chur le seirbhís inphinsin an oifigigh ionann is dá mba údarás áitiúil an tUdarás agus, sa chás sin, déanfaidh an tUdarás an liúntas a ríomh agus a íoc i ndáil le seirbhís inphinsin iomlán an oifigigh, lena n-áirítear aon bhreis a cinneadh faoin bhfo-alt seo a chur léi.

[EN]

(2) I gcás a mbeidh tréimhse blianta curtha, faoi fho-alt (1), le seirbhís inphinsin oifigigh aistrithe agus go n-íocfaidh an tUdarás liúntas lena mbaineann alt 66 leis an oifigeach, ansin, d'ainneoin alt 67, aisíocfaidh comhairle an chontae a cheap an coiste leis an Údarás an cion sin den liúntas is inchurtha i leith na tréimhse blianta a cuireadh amhlaidh leis an tseirbhís inphinsin is ionann agus an coibhneas idir seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh agus a sheirbhís inphinsin iomlán (gan aon tréimhse a áireamh a cuireadh leis an tseirbhís sin faoin alt seo).

[EN]

Gearáin i dtaobh coinníollacha seirbhíse, etc.

69.—Más rud é, i gcás comhalta den fhoireann aistrithe nach mbeidh scéim a bheidh ceadaithe ag an Aire faoi alt 34 nó 35 curtha i mbaint leis, go ndéanfaidh an comhalta, ionadaí pearsanta dlíthiúil an chomhalta nó comhlachas foirne aitheanta nó cearchumann ag gníomhú thar ceann an chomhalta gearán leis an Aire gur lú tairbhe a choinníollacha seirbhíse nó gur lú fabhar na coinníollacha i ndáil le haoisliúntas (i modh pinsin, cnapshuime, aisce nó cúiteamh i leith cailleadh oifige) a dheonú dó ná na coinníollacha a bhain leis díreach sular aistríodh chun seirbhís an Údaráis é, déanfaidh an tAire socrú go n-éistfidh duine an gearán sin is duine a bheidh ceaptha aige chuige sin agus ar a mbeidh comhaontaithe ag an gcomhalta, ag an ionadaí pearsanta dlíthiúil, ag an gcomhlachas foirne nó ag an gceardchumann, de réir mar a bheidh, a rinne an gearán. Tabharfaidh an duine a bheidh ceaptha amhlaidh, ar cibé uiríolla a éisteacht a dhéanfaidh an gearánaí nó a dhéanfar thar a cheann agus aon uiríolla a dhéanfar thar ocann an Bhoird a éisteacht, tuarascáil i dtaobh an ábhair don Aire agus tabharfaidh seisean, ar an tuarascáil a bheith breithnithe aige, a chinneadh ar an ngearán.

CUID VII

Ilghnéitheach

[EN]

Foireann a sholáthar do choistí talmhaíochta.

70.—(1) Cuirfidh an tUdarás ar fáil do gach coiste talmhaíochta—

[EN]

(a) seirbhísí Príomh-Oifigigh Thalmhaíochta (mar a mhínítear in alt 36 (3) chun críocha an Achta seo) chun gníomhú mar rúnaí agus mar chuntasóir don choiste sin agus chun cibé dualgais eile a chomhlíonadh ar dhualgais iad de chuid an oifigigh a shealbhaigh an post mar Phríomh-Oifigeach Talmhaíochta don choiste sin díreach roimh thosach feidhme ailt 12 agus 15, agus

[EN]

(b) seirbhísí cibé foireann chléireachais a bheidh oiriúnach agus riachtanach chun an obair chléireachais a dhéanamh a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo ag an gcoiste sin.

[EN]

(2) Íocfaidh gach coiste talmhaíochta, gach bliain airgeadais, leis an Údarás i leith na seirbhísí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cibé suim ar a gcomhaontófar idir an coiste agus an tUdarás nó, cheal comhaontaithe, a chinnfidh an tAire.

[EN]

Cuntais coistí talmhaíochta a iniúchadh.

71.—Chun críche cheanglais na nAchtanna Rialtais Áitiúil i ndáil le hiniúchadh cuntas údarás áitiúil, measfar gur oifigeach don choiste talmhaíochta áirithe an Príomh-Oifigeach Talmhaíochta agus is oifigeach don choiste sin é.

[EN]

Dualgais, etc. faoi Achtanna Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945 agus 1959.

72.—Gach dualgas, oibleagáid agus srian a cuireadh ar an bhForas le hAcht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, agus le hAcht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an Údarás a bhunú, ina dhualgas, ina oibleagáid nó ina shrian, de réir mar a bheidh, ar an Údarás.

AN CHEAD SCEIDEAL

Forálacha a bhaineann leis an Údarás

Alt 9.

Séala an Údaráis.

1. Beidh an tUdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain agus gnáthshéala aige agus beidh cumhacht aige agairt agus bheith inagartha ina ainm corpraithe agus talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Fianú an tséala.

2. (1) Déanfar gnáthshéala an Údaráis, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú comhalta den Bhord agus le síniú an Stiúrthóra nó le síniú comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.

(2) Tabharfaidh gach cúirt bhreithiúnais aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Údaráis agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tUdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo, déanfar, mura suífear a mhalairt, é a ghlacadh i bhfianaise agus a mheas gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais.

Conarthaí nó ionstraimí nach mbeidh faoi shéala.

3. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa aonair a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é, féadfar é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Údaráis ag aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta chuige sin ag an mBord.

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha a bhaineann leis an mBord

Alt 25.

Téarma oifige comhaltaí.

1. (1) Déanfar ocht gcomhalta den Bhord a bhunófar ar thosach feidhme alt 25 a cheapadh go ceann tréimhse trí bliana, ocht gcomhalta eile a cheapadh go ceann tréimhse ceithre bliana agus na comhaltaí eile a cheapadh go ceann tréimhse cúig bliana.

(2) Cinnfear trí chrannchur na comhaltaí a bheidh le ceapadh go ceann na dtréimhsí ar leithligh trí bliana, ceithre bliana agus cúig bliana.

(3) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfomhír (1), is téarma cúig bliana a bheidh, faoi réir mhíreanna 5 agus 6, i dtéarma oifige comhalta den Bhord.

Comhaltaí a rachaidh as oifig a bheith cáilithe.

2. Féadfar comhalta den Bhord a athcheapadh ar a théarma oifige do dhul in éag le himeacht aimsire.

Eirí as oifig.

3. Féadfaidh comhalta den Bhoird éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a sheolfar leis an bpost chun an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht ar an dáta a bheidh mí tar éis dáta na litreach a fháil, mura mbeidh an t-éirí-as tarraingthe siar i scríbhinn roimhe sin.

Cur as oifig.

4. Féadfaidh an tAire tráth ar bith comhalta den Bhord a chur as oifig.

Dícháiliú.

5. (1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord ar é do ghlacadh le hainmniúchán mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú don toghchán sin (de réir mar a bheidh).

(2) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.

(3) Beidh comhalta den Bhord dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla príosúnacht nó pianseirbhís air nó má scoireann sé de bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Corrfholúntais.

6. (1) Líonfar corrfholúntas a tharlóidh i measc comhaltaí an Bhoird tríd an Aire do cheapadh duine de réir ordú faoi alt 26.

(2) Duine a cheapfar faoin mír seo sealbhóidh sé oifig go ceann a mbeidh fágtha den téarma dar ceapadh a réamhtheachtaí.

Cruinnithe.

7. (1) Tionólfaidh an Bord trí chruinniú ar a laghad gach bliain a thosóidh tar éis tosach feidhme alt 25.

(2) Tionólfaidh an Bord cruinnithe speisialta aon tráth ar iarratas ón gcathaoirleach nó ó ocht gcomhalta eile den Bhord.

Nós imeachta.

8. (1) Ochtar an córam do chruinniú den Bhord.

(2) Ag cruinniú den Bhord—

(a) is é an cathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) mura mbeidh agus fad nach mbeidh an cathaoirleach i láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Cinnfear gach ceist ag cruinniú den Bhord le tromlach vótal na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.

(4) Féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a chomhaltaí.

(5) Faoi réir forálacha an Achta seo, rialóidh an Bord, le buanordaithe nó ar shlí eile, nós imeachta agus gnó an Bhoird agus na gcoistí a cheapfar faoi alt 29.

AN TRíú SCEIDEAL

MAOIN A AISTRíTEAR CHUN AN ÚDARÁIS

Alt 53.

Maoin

Baile Fearainn

Contae

Achar

Tionacht

A. C. P.

Coláiste Talmhaíochta Uí

Baile an Gharráin Thiar

Gaillimh

200.3.21

Feo simplí

Mhaoilíosa, Baile Átha an Rí

Baile an Gharráin Theas

,,

195.3.35

An tAth Nua

,,

213.3.3

Gort na hAbhann

,,

59.2.8

An Pháirc

,,

5.1.13

Coláiste Talmhaíochta Chloich na Coillte

Dairbhre

Corcaigh

345.3.28

Feo simplí

Coláiste

Talmhaíochta Bhéal Átha hÉis

Eanach Dubh

An Cabhán

87.1.4

Feo simplí

An Charraig Mhór

,,       ,,

6.3.30

Droim an Ráith

,,       ,,

141.3.26

Droim Gró

,,       ,,

98.1.19

Droim Thuama

,,       ,,

74.0.35

Ailtín

,,       ,,

101.3.2  

Lios Mhic Gabhann

,,       ,,

38.0.5

Droim Mullaigh

,,       ,,

74.0.18

Ráth Thaidhg

,,       ,,

72.0.9

Corr na Coinne

,,       ,,

49.3.10

Coláiste Talmhaíochta agus Gairneoireachta Chill an Dátúnaigh

Chill an Dátúnaigh

Cill Chainnigh

364.3.33

Feo simplí

An Stáisiún Gránach, Baile na Cora

Baile na Cora Thoir

Baile na Cora

Corcaigh

,,

129.3.1  

24.3.5  

Léas 5 bliana, ag tosú 30 Meán Fómhair 1969, agus ar léas ó bhliain go blian dá éis sin.

AN CEATHRú SCEIDEAL

ACHTACHáIN A AISGHAIRTEAR

Alt 7.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 8 de 1931

An tAcht Talmhaíochta, 1931

Ailt 22, 23, 27, 28, 35, 36(2), 38(2) (3) agus Riail 2 sa Dara Sceideal.

Uimh. 3 de 1944

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1944

Ailt 7, 8, 9, 10 agus 11.

Uimh. 24 de 1948

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1948

Alt 4.

Uimh. 1 de 1958

An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958

An tAcht iomlán.

Uimh. 17 de 1958

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1958

Ailt 2(2) agus 6.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Síolta Talmhaíochta, 1936

1936, Uimh. 14

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1944

1944, Uimh. 3

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1958

1958, Uimh. 17

An tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1974

1974, Uimh. 23

An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958

1958, Uimh. 1

Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971

1971, Uimh. 22

An tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961

1961, Uimh. 20

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945

1945, Uimh. 33

Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959

1959, Uimh. 30

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956

1956, Uimh. 10