Uimhir 23 de 1974
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1974
[An tiontú oifigiúil]
1.—(1) Déantar leis seo alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur i ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Talmhaíochta (Leasú), 1971):
“(1) Déanfaidh comhairle contae, an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1975, agus gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, ranníoc faoin bhfo-alt seo le coiste talmhaíochta an chontae nach lú ná an fáltas ó ráta pingin nua sa phunt an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin sa limistéar arb é an contae é gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) a áireamh agus nach mó ná daichead oiread an fháltais sin.”.
(2) Na gníomhartha agus na nithe go léir a rinne comhairle contae roimh an lú lá d'Eanáir, 1975, maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin beidh siad chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
2.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1974, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1974, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1971, agus den Acht seo le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1975