[EN]

Uimhir 32 de 1971


[EN]

AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ALT 2 DEN ACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1958. [8 Nollaig, 1971] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS : [EN]

Leasú ar alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958.

1958, Uimh. 17.

1964, Uimh. 19.

1970, Uimh. 3.

1.—(1) Déantar leis seo alt 2 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, arna leasú le halt 1 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1964, agus le halt 1 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1970, a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Déanfaidh comhairle contae, an bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1972, agus gach bliain airgeadais áitiúil ina dhiaidh sin, ranníoc faoin bhfo-alt seo le coiste talmhaíochta an chontae nach lú ná an fáltas ó ráta pingin nua sa phunt an bhliain airgeadais áitiúil roimhe sin sa limistéar arb é an contae é gan aon cheantar uirbeach ann (más ann) a áireamh agus nach mó ná cúig oiread déag an fháltais sin.”.

[EN]

(2) Na gníomhartha agus na nithe go léir a rinne comhairle contae roimh an lú lá d'Aibreán, 1972, maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin beidh siad chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1971, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1971, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1970, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1972.