Uimhir 3 de 1970
An tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1970
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 2 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958.
1.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1958, arna leasú le halt (1) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1964, trí “1970” agus “seacht n-oiread is fiche” a chur in ionad “1965” agus “oiread is fiche” faoi seach.
(2) Na gníomhartha agus na nithe go léir a rinne comhairle contae roimh an lú lá d'Aibreán, 1970, maidir le haon ráta a ghearradh don bhliain airgeadais áitiúil dar tosach an lá sin beidh siad chomh bailí éifeachtach agus dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh na gníomhartha nó na nithe sin.
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.
2.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1970, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1970, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1967, agus den Acht seo le chéile.
(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1970.