Uimhir 14 de 1967
AN tACHT TALMHAÍOCHTA (LEASÚ), 1967
[An tiontú oifigiúil.]
Alt 2 (1) (a) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1964, a aisghairm.
1.—Aisghairtear leis seo alt 2 (1) (a) den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1964.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (Leasú), 1967, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1967, a ghairm de na hAchtanna Talmhaíochta, 1931 go 1964, agus den Acht seo le chéile.