[EN]

Uimhir 14 de 1971


[EN]

AN tACHT IOMPAIR (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1971

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHCHOISTE IARNRÓD CHONTAE DHÚN NA nGALL AGUS CUIDEACHTA IARNRÓD AN tSRATHA BHÁIN AGUS LEITIR CEANNAINN A DHÍSCAOILEADH AGUS CHUN SÓCMHAINNÍ AGUS DLITEANAIS NA nGNÓTHAS SIN A AISTRIÚ GO CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOMPAR. [10 Iúil, 1971.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

[EN]

(2) San Acht seo is tagairt do Chuid nó d'alt den Acht seo aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(3) Aon tagairt atá san Acht seo d'fho-alt nó do roinn eile is tagairt í don fho-alt nó don roinn ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil eile atá beartaithe.

[EN]

Caiteachais.

3.—Déaanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Aisghairm.

4.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú a mhéid a shonraítear sa tríú colún.

CUID II

Comhchoiste Iarnród Chontae Dhún na nGall agus Cuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn a Dhíscaoileadh

[EN]

Mínithe do Chuid II.

1903, c. cclx.

1904, c. cci.

1906, c. clxxxiii.

5.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1903” an Strabane Raphoe and Convoy Railway Act, 1903;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1904” an Strabane Raphoe and Convoy Railway (Extension to Letterkenny) Act, 1904;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1906” an Great Northern (Ireland) and Midland Railways Act, 1906;

[EN]

ciallaíonn “an Comhchoiste” Comhchoiste Iarnród Chontae Dhún na Gall;

[EN]

ciallaíonn “Cuideachta an tSratha Bháin” Cuideachta Iarnróid an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn;

[EN]

ciallaíonn “an dáta aistrithe” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoi alt 6.

[EN]

An dáta aistrithe a cheapadh.

6.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh mar dháta aistrithe chun críocha na Coda seo.

[EN]

Comhaontú 1967 idir Bord na nIarnród Breataineach agus an Bord a dhaingniú.

7.—(1) Daingnítear leis seo Comhaontú 1967.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “Comhaontú 1967” an Comhaontú a rinneadh an 31ú lá de Bhealtaine 1967, idir Bord na nIarnród Breataineach agus an Bord agus a bhfuil cóip de leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

[EN]

Sócmhainní an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin a aistriú chun an Bhoird.

8.—(1) Beidh, ar an dáta aistrithe, sócmhainní an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin, lena n-áirítear na tailte agus an mhaoin eile go léir agus na cumhachtaí, na cearta, na ceadúnais agus na pribhléidí go léir a shealbhaítear nó a theachtar i ndáil leis an gComhchoiste agus le Cuideachta an tSratha Bháin nó a bhaineann dóibh, beidh siad, de bhua an ailt seo, arna n-aistriú chun an Bhoird agus arna ndílsiú don Bhord.

[EN]

(2) Ar an mBord á iarraidh sin, forghníomhóidh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin na hionstraimí sin go léir, agus déanfaidh siad na gníomhartha sin go léir, is gá chun a chumasú don Bhord a thabhairt go n-aistreofar go héifeachtúil chun ainm an Bhoird aon sócmhainní a dhílsítear don Bhord leis an alt seo nó aon sócmhainní lasmuigh den Stát de chuid an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin.

[EN]

Dliteanais agus conarthaí de chuid an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin.

9.—(1) Faoi réir na Coda seo—

[EN]

(i) beidh an Bord, agus scoirfidh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin (de réir mar a bheidh) de bheith, faoi réir na ndliteanas go léir a raibh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin faoi seach faoina réir díreach roimh an dáta aistrithe;

[EN]

(ii) na conarthaí, na gníomhais, na bannaí, na comhaontuithe agus na hionstraimí uile agus na comhshocraíochtaí oibre uile a bheidh ann roimh an dáta aistrithe agus a bhainfidh leis an gComhchoiste nó le Cuideachta an tSratha Bháin, beidh feidhm agus éifeacht chomh hiomlán acu i gcoinne nó i bhfabhar an Bhoird agus féadfar iad a chur i bhfeidhm chomh hiomlán éifeachtúil agus dá mbeadh an Bord na pháirtí iontu in ionad an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin (de réir mar a bheidh).

[EN]

(2) Faoi réir ailt 13 agus 14, aon imeacht (ar a n-áirítear eadráin) nó cúis caingne a bheidh ar feitheamh nó a bheidh ann díreach roimh an dáta aistrithe ag an gComhchoiste nó ag Cuideachta an tSratha Bháin nó i gcoinne ceachtar acu ní laghdóidh an céanna ná ní scoirfear de ná ní dhéanfar dochar dó ar aon slí de dhroim aon ní sa Chuid seo, ach féadfaidh an Bord leanúint de agus é a chur i bhfeidhm nó féadfar sin a dhéanamh i gcoinne an Bhoird mar a d'fhéadfaí sin a dhéanamh i gcoinne an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin (cibé acu é) dá mba nár ritheadh an Chuid seo, ach ní fhéadfar thairis sin ná in aon slí eile.

[EN]

An Bord a bheith díolmhaithe ó oibleagáidí áirithe.

10.—D'ainneoin aon fhoráil eile den Chuid seo, ní bheidh an Bord faoi aon oibleagáid a bhaineann le seirbhís iompair de bhóthar a sholáthar a fhorchuirtear le reacht ar an gComhchoiste agus beidh deireadh leis an oibleagáid sin ar an dáta aistrithe.

[EN]

Oifigigh agus seirbhísigh an Chomhchoiste a aistriú.

1967, Uimh. 21.

11.—(1) Faoi réir fho-alt (2), gach duine a bhí, díreach roimh an dáta aistrithe, ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhchoiste tiocfaidh sé, ar an dáta sin, chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí agus ar na coinníollacha seirbhíse céanna.

[EN]

(2) (a) Aon oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin a bheidh, díreach roimh an dáta aistrithe, ina chomhalta de Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, leanfaidh sé de bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chomhchoiste agus beidh sé, ar an dáta sin agus ón dáta sin, ar iasacht le haghaidh dualgais faoin mBord.

[EN]

(b) Leanfaidh oibleagáidí an Chomhchoiste faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnróid i gcás gach oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin, cibé acu oibleagáidí dlí nó oibléagáidí gnáis iad, de bheith ina gceangal ar an gComhchoiste agus, tar éis an Comhchoiste a dhíscaoileadh, beidh na hoibleagáidí sin, nó cibé oibleagáidí ar comhréir leo a éireoidh faoi aon chiste aoisliúntais a bhunófar in ionad Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród chun tairbhe oifigeach nó seirbhíseach den sórt sin, ina gceangal ar an mBord.

[EN]

(c) Íocfaidh an Bord leis an gComhchoiste, ar é dá éileamh, an t-airgead go léir a theastóidh ón gComhchoiste chun a oibleagáidí i leith aon oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin a ghlanadh.

[EN]

(d) Na cearta agus na hoibleagáidí go léir a bhronntar nó a fhorchuirtear ar an gComhchoiste leis an gconradh seirbhíse nó le dlí i leith oifigeach nó seirbhíseach a bheidh ar iasacht amhlaidh, beidh siad, ach amháin mar a fhoráiltear le mír (b), ina gcearta agus ina n-oibleagáidí de chuid an Bhoird.

[EN]

(e) Gach oifigeach nó seirbhíseach a bheidh ar iasacht nó i seirbhís an Chomhchoiste tráth a dhíscaoilte tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord ar na téarmaí agus ar na coinníollacha céanna seirbhíse.

[EN]

(3) (a) Maidir le hoibleagáidí an Chomhchoiste faoi Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, leanfaidh siad, i gcás gach duine a bheidh i dteideal, díreach roimh an dáta aistrithe, chun sochair faoin gCiste sin, de bheith ina gceangal ar an gComhchoiste agus, tar éis an Comhchoiste a dhíscaoileadh, beidh na hoibleagáidí sin, nó cibé oibleagáidí ar comhréir leo a éireoidh faoi aon chiste aoisliúntais a bhunófar in ionad Chiste Aoisliúntais Chóras Imréitigh na nIarnród chun tairbhe daoine den sórt sin, ina gceangal ar an mBord.

[EN]

(b) Íocfaidh an Bord leis an gComhchoiste, ar é dá éileamh, an t-airgead go léir a theastóidh ón gComhchoiste chun a oibleagáidí i leith aon oifigigh nó seirbhísigh den sórt sin a ghlanadh.

[EN]

(4) I gcás ina dtarlóidh de bhua an ailt seo go dtiocfaidh oifigeach nó seirbhíseach don Chomhchoiste chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord nó é dul ar iasacht le haghaidh dualgais faoin mBord, measfar, d'ainneoin aon ní san Acht um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967, nár briseadh mar gheall ar iomarcaíocht de réir brí an Achta sin é.

[EN]

An Comhchoiste a dhíscaoileadh.

12.—(1) Nuair a bheidh an Comhchoiste tar éis aon iarratas a chomhlíonadh a chuir an Bord chuige chun a áirithiú go ndéanfar úinéireacht aon mhaoine nó sócmhainní nó aon cheart a aistriú go héifeachtúil chun an Bhoird agus tar éis a fháil amach nach mian leis an mBord aon iarratas eile a dhéanamh, tabharfaidh an Comhchoiste fógra don Aire.

[EN]

(2) Más deimhin leis an Aire (cibé acu a tugadh aon fógra den sórt sin dó ná nár tugadh) gur comhlíonadh aon iarratas a rinneadh amhlaidh agus nach bhfuil aon cheanglais eile le comhlíonadh, déanfaidh sé ordú nach bhfuil aon chús ann go mairfeadh an Comhchoiste agus cuirfidh sé faoi deara an t-ordú a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus ar an ordú a fhoilsiú beidh an Comhchoiste arna dhíscaoileadh agus scoirfidh alt 28 d'Acht 1906, trínar corpraíodh an Comhchoiste, d'éifeacht a bheith aige.

[EN]

(3) I gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta aistrithe agus dar críoch dáta an Chomhchoiste a dhíscaoileadh, fanfaidh na forálacha reachtúla agus na hionstraimí eile a bhaineann leis i bhfeidhm ionann is nár ritheadh an Chuid seo, a mhéid a bheidh na cumhachtaí a thugtar leo ag teastáil le haghaidh a mbeidh fágtha de chríocha an Chomhchoiste.

[EN]

(4) Íocfaidh an Bord na caiteachais go léir (lena n-áirítear luach saothair a chomhaltaí) a thabhóidh an Comhchoiste le réasún agus go cuí tar éis an dáta aistrithe chun a ghnóthaí a fhoirceannadh, agus soláthróidh an Bord don Chomhchoiste cibé saoráidí a theastóidh le réasún ón gComhchoiste chun scrúdú a dhéanamh ar leabhair, cuntais agus doiciméid a tugadh suas don Bhord agus chun sleachta a thógáil astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh.

[EN]

Cuideachta an tSratha Bháin a dhíscaoileadh.

13.—(1) Beidh Cuideachta an tSratha Bháin arna dhíscaoileadh, de bhua an ailt seo, ar an dáta aistrithe agus scoirfidh alt 5 d'Acht 1903, trínar corpraíodh í, d'éifeacht a bheith aige.

[EN]

(2) Ní bheidh an Bord faoi réir aon dliteanais i leith aon stoic nó scaireanna de chuid Chuideachta an tSratha Bháin ná i leith ús nó díbhinní a íoc ar na stoic nó ar na scaireanna sin agus ní bheidh aon ábhair caingne ann i gcoinne an Bhoird i leith, ná i leith íoc, stoc nó scaireanna den sórt sin.

[EN]

Cúiteamh do shealbhóirí scaireanna áirithe i gCuideachta an tSratha Bháin.

14.—(1) Íocfaidh an Bord, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta aistrithe, le haon duine a bhí díreach roimh an dáta sin ina shealbhóir cláraithe ar scaireanna ráthaithe i gCuideachta an tSratha Bháin, suim ar cóimhéid lena gcomhiomlán seo a leanas—

[EN]

(a) cibé méid a bhéarfadh go bliantúil, dá n-infheisteofaí é ar an dáta eisiúna san urrús Rialtais is déanaí a eisíodh roimh an dáta aistrithe lena shuibscríobh sa Stát agus é infhuascailte 12 bhliain ar a laghad tar éis an dáta eisiúna, suim úis iomláin ar cóimhéid le £4 in aghaidh gach £100 de scaireanna ráthaithe i gCuideachta an tSratha Bháin i seilbh an duine sin agus dá réir sin i gcás méideanna de scaireanna ráthaithe den sórt sin is lú nó is mó ná £100, agus

[EN]

(b) méid arna ríomh ar an méid de na scaireanna ráthaithe sin i seilbh an duine sin de réir 4 faoin gcéad san bhliain in aghaidh na tréimhse ón lú lá d'Eanáir, 1961, go dtí an dáta aistrithe.

[EN]

(2) Íocfaidh an tAire Airgeadais leis an mBord an t-airgead a theastóidh ón mBord chun críocha fho-alt (1).

[EN]

(3) Aon íocaíocht a dhéanfar faoin alt seo le sealbhóir scaireanna ráthaithe i gCuideachta an tSratha Báin is lán-socrú a bheidh inti ar aon éileamh ón duine sin maidir le príomhshuim nó díbhinní nó maidir le príomhshuim agus díbhinní.

[EN]

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear san alt seo, ní bheidh cúiteamh iníoctha le duine ar bith mar gheall ar Chuideachta an tSratha Bháin a dhíscaoileadh le halt 13 (1).

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn “ráthaithe” ráthaithe faoi alt 41 d'Acht 1903 nó faoi alt 38 d'Acht 1904.

[EN]

Forálacha iarmartacha maidir le cúiteamh faoi alt 14.

1893, c. 53.

1845, c. 18.

15.—(1) Aon duine a gheobhaidh suim faoi alt 14 sealbhóidh sé an tsuim sa cheart céanna agus ar na hiontaobhais chéanna agus faoi réir na gcumhachtaí, na bpribhléidí, na muirear agus na ndliteanas céanna leis na cinn arb iontu, orthu nó faoina réir a shealbhaigh sé na scaireanna agus, i gcás inar de bhun aon fhorála i ngníomhas, uacht, diúscairt nó iontraim eile a sealbhaíodh na scaireanna, beidh an éifeacht chéanna ag an ionstraim sin ionann is dá n-údaraíodh sé go sainráite an tsuim a fuarthas amhlaidh a infheistiú in aon infheistíocht a údaraítear faoi alt 1 den Trustee Act, 1893.

[EN]

(2) Má bhíonn an Bord éagumasach ar aon chúis aon tsuim áirithe a íoc faoi alt 14 leis an duine a bheidh ina teideal, féadfar an tsuim sin a íoc isteach san Ard-Chúirt (nó, mura mó ná cúig mhíle punt an tsuim sin, isteach sa Chuirt Chuarda) agus cuirfear chun críche í agus déileálfar léi, de réir forálacha an Lands Clauses Consolidation Act, 1845, maidir le hairgead ceannaigh nó cúiteamh a thagann chun páirtithe ag a bhfuil leasanna teoranta i dtalamh a fhaightear go héigeanta nó atá coiscthe ó ghnóthaíocht a dhéanamh nó teideal chuige a shuíomh, agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha sin; agus beidh an dlínse go léir is infheidhmithe ag an Ard-Chúirt faoin Acht sin ag an gCúirt Chuarda chun críche an ailt seo.

[EN]

(3) Má bhíonn aon airgead iníoctha ag an mBord faoi alt 14 le duine is mionaoiseach nó duine mímheabhrach is urscaoileadh dóthanach don Bhord admháil óna chaomhnóir nó ó chúramaí a eastáit.

[EN]

Airgead a íoc as an bPríomh-Chiste.

16.—Íocfar amach as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead a theastóidh ón Aire Airgeadais faoi chomhair na n-íocaíochtaí nach mór dó a dhéanamh faoi alt 14.

[EN]

Fógraí áirithe do. leanúint i bhfeidhm.

17.—Gach fógra a bheidh arna sheirbhéail ar nó ag an gComhchoiste nó ar nó ag Cuideachta an tSratha Bháin roimh an dáta aistrithe agus nach mbeidh a éifeacht nó a théarma tar éis foirceannadh nó éag leanfaidh sé d'fheidhm agus d'éifeacht a bheith aige ina dhiaidh sin ionann is dá mba fógra é a sheirbheáil an Bord nó a seirbheáladh ar an mBord ar an dáta a seirbheáladh é iarbhír agus dá mbeadh na feidhmeanna nó an mhaoin lena mbaineann an fógra sin dílsithe cheana féin don Bhord ar an dáta sin.

[EN]

Forálacha maidir le cáin ioncaim.

18.—(1) Leanfaidh an Comhchoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin, ar an dáta aistrithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí a ullmhú agus a sheachadadh is gá chun críocha na nAchtanna sin d'aon bhliain mheasúnachta dar críoch an 5ú lá, nó aon lá roimh an 5ú lá, d'Aibreán díreach i ndiaidh an dáta sin.

[EN]

(2) Féadfar measúnacht i leith cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta dar críoch an 5ú lá, nó aon lá roimh an 5ú lá, d'Aibreán díreach i ndiaidh an dáta aistrithe a dhéanamh ar an gComhchoiste agus ar Chuideachta an tSratha Bháin ar an dáta sin nó dá éis, agus aon cháin ioncaim i leith aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanfar amhlaidh agus a bheidh tagtha chun bheith críochnaitheach dochloíte measfar, nuair a thiocfaidh sí chun bheith dlite agus iníoctha, í a theacht chun bheith dlite agus iníoctha roimh an dáta sin.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é rúnaí (nó an t-oifigeach eile a dhéanann dualgais rúnaí) an Bhoird rúnaí (nó an t-oifigeach eile a dhéanann dualgais rúnaí) an Chomhchoiste nó Chuideachta an tSratha Bháin.

[EN]

(4) Beidh ag an mBord, agus tugtar leis seo don Bhord, cumhacht aon cháin ioncaim a muirearaíodh ar an gComhchoiste nó ar Chuideachta an tSratha Bháin i leith aon oifig nó fostaíocht a bhí ag aon duine faoin gComhchoiste nó faoi Chuideachta an tSratha Bháin a bhaint as díolaíochtaí aon duine den sórt sin ag a bhfuil oifig nó fostaíocht sochair faoin mBord.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo, ach ní chun aon chríche eile ná ar aon slí eile, measfar an Comhcoiste agus Cuideachta an tSratha Bháin do leanúint ar marthain ar na dátaí díscaoilte, agus tar éis na ndátaí díscaoilte faoi seach faoin gCuid seo.

[EN]

Díolúine ó dhleacht stampa.

1895, c. 16.

19.—Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an mBord cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa faoin alt sin a íoc ar aon chóip den sórt sin.

[EN]

Fodhlíthe, rialacha agus rialacháin láithreacha.

1950, Uimh. 12.

20.—(1) Na fodhlíthe go léir a rinne nó a mheastar a rinne an Comhchoiste agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe leanfaidh siad ar an dáta sin agus dá éis de bheith i bhfeidhm maidir leis an ngnóthas a dhílsítear don Bhord leis an gCuid seo agus measfar gur faoi alt 22 den Acht Iompair, 1950, a rinneadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodlíthe faoin alt sin.

[EN]

(2) Na rialacha agus na rialacháin go léir a rinne an Comhchoiste agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta aistrithe leanfaidh siad, ar an dáta sin agus dá éis, de bheith i bhfeidhm go dtí go ndéanfar iad a chúlghairm nó a athrú nó dlí a chur ina n-ionad.

CUID III

Forálacha Ilghnéitheacha

[EN]

Mínithe do Chuid III.

1924, Uimh. 29.

1950, Uimh. 12.

1958, Uimh. 19.

1961, Uimh. 24.

21.—Sa Chuid seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na mBóthar Iarainn, 1924;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1958” an tAcht Iompair, 1958;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” Aerlód Teoranta;

[EN]

ciallaíonn “Cuideachta Fishguard” an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company;

[EN]

tá le “bóthar poiblí” an bhrí a shantar dó le halt 3 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;

[EN]

folaíonn “líne iarnróid” rannóg de líne iarnróid;

[EN]

ciallaíonn “údárás bóthar” comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh.

[EN]

Orduithe maidir le crosairí comhréidh.

1845, c. 20.

1863, c. 92.

22.—(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón mBord nó ón údarás bóthar iomchuí, agus tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, a fhoráil le hordú, nach mbainfidh aon oibleagáidí de chuid an Bhoird nó Chuideachta Fishguard geataí nó oibreacha sonraithe eile a sholáthar, a dhéanamh nó a chothabháil agus crosaire comhréidh sonraithe (seachas crosaire lena mbaineann forálacha alt 47 den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, alt 6 den Railways Clauses Act, 1863, nó aon achtachán ina bhfuil ceanglais dá gcomhéifeacht), más bóthar poiblí an bóthar ar thaobh amháin nó ar an dá thaobh den chrosaire, nach mbainfidh siad leis an gcrosaire comhréidh sin.

[EN]

(2) Féadfaidh an t-ordú a cheangal ar an mBord cibé bacainní, soilse, feistí agus fearais uathoibreacha agus feistí agus fearais eile a sholáthar agus a chothabháil, agus cibé coinníollacha agus ceanglais eile a chomhlíonadh, le haghaidh cosanta, sábháilteachta agus áise an phobail, is oiriúnach leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú.

[EN]

(3) Ní mór dréacht den ordú beartaithe a bheith ag gabháil le hiarratas chun an Aire ar ordú faoin alt seo agus is i cibé foirm a ordóidh an tAire a bheidh an dréacht.

[EN]

(4) Sula ndéanfar iarratas chun an Aire ar ordú faoin alt seo, tabharfaidh an duine a bheartóidh an t-iarratas sin a dhéanamh fógra faoin mbeartú, mar aon le cóip de dhréacht den ordú beartaithe, do na daoine seo a leanas (seachas an duine a bheartóidh an t-iarratas sin a dhéanamh), is é sin, an Bord, an t-údarás bóthar iomchuí agus Coimisinéir an Gharda Síochána.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, le hordú ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

Costas oibreacha is gá faoi orduithe faoi alt 22.

23.—(1) Faoi réir fho-alt (4), i gcás ordú a bheith déanta faoi alt 22 maidir le haon chrosaire comhréidh, cúiteoidh an t-údarás bóthar iomchuí leis an mBord caoga faoin gcéad den chostas a thabhaigh an Bord ag soláthar agus ag cothabháil aon oibreacha a d'ordaigh an t-ordú a dhéanamh ag an gcrosaire comhréidh.

[EN]

(2) Tabharfaidh an Bord don údarás bóthar iomchuí i cibé foirm a ordóidh an tAire agus a luaithe is feidir é, tar éis aon oibreacha a sholáthar a d'ordaigh ordú faoi alt 22, sonraí chostas na n-oibreacha sin a sholáthar.

[EN]

(3) Tabharfaidh an Bord, a luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais, don údarás bóthar iomchuí, i cibé foirm a ordóidh an tAire, sonraí, a bheidh deimhnithe ag iniúchóirí an Bhoird, ag sonrú an chostais a bhain le haon oibreacha a sholáthar agus a chothabháil an bhliain sin a d'ordaigh ordú faoi alt 22.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar ordú faoi alt 22 agus gur deimhin leis an Aire (agus a ndearbhóidh sé sin san ordú) gurb é go díreach is cúis leis an ordú scéim feabhsaithe bóthar nó ród-déantóireachta nua a chuir údarás bóthar i gcrích, íocfaidh an t-údarás bóthar costas aon oibreacha a sholáthar agus a chothabháil a d'ordaigh an t-ordú.

[EN]

(5) San alt seo folaíonn “oibreacha” gach ní a ordaíonn ordú faoi alt 22 a sholáthar.

[EN]

Leasú ar alt 9 (1) d'Acht 1958.

24.—Leasaítear leis seo alt 9 (1) d'Acht 1958 trí “(lena n-áirítear crosaire comhréidh ar líne iarnróid leis an Fishguard and Rosslare Railways and Harbour Company)” a chur isteach i ndiadh “an ghnóthais”.

[EN]

Pionós mar gheall ar gheataí a fhágáil gan dúnadh ag crosairí comhréidh áirithe.

25.—I gcás ina mainneoidh duine an geata ag ceachtar taobh de chrosaire comhréidh nó slí lena mbaineann a t-alt seo a dhúnadh agus a dhaingniú a luaithe a bheidh sé féin agus aon fheithicil nó ainmhí a bheidh faoina chúram tar éis dul thar an gcrosaire comhréidh nó an tslí sin, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £25 a chur air i leith gach ciona den sórt sin.

[EN]

(2) Cuirfidh an Bord fógra suas ag gach crosaire comhréidh nó slí lena mbaineann an t-alt seo ag tabhairt rabhaidh d'úsáidirí go ndlífear duine a ionchúiseamh nach ndúnfaidh agus nach ndaingneoidh ceachtar geata den sórt sin tar éis an crosaire comhréidh sin nó an tslí sin a úsáid.

[EN]

(3) Baineann an t-alt seo le crosaire comhréidh nó slí thar líne iarnróid de chuid an Bhoird nó Chuideachta Fishguard seachas crosaire comhréidh nó slí a soláthraíonn an Bord freastal aige chun na geataí ag an gcrosaire nó ag an tslí a oscailt agus a dhúnadh do dhaoine a úsáideann an céanna.

[EN]

(4) Féadfaidh an Bord cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

[EN]

Deireadh le dliteanas an Bhoird nó Chuideachta Fishguard foréadan bóthar áirithe a chothabháil.

26.—(1) I gcás ina dtéann bóthar poiblí trasna droichid thar líne iarnróid leis an mBord nó le Cuideachta Fishguard agus go ndlíonn an Bord nó Cuideachta Fishguard foréadan bóthair an droichid sin a chothabháil, féadfaidh an Bord dáta (dá ngairtear an dáta ceaptha san alt seo) a cheapadh i leith an fhoréadain bóthair sin agus beidh deireadh ar an dáta ceaptha le haon dliteanas a bheith ar an mBord nó ar Chuideachta Fishguard foréadan bóthair an droichid a chothabháil.

[EN]

(2) (a) Faoi réir mhír (b), beidh an t-údarás bóthar ar a mbeidh de chúram an bóthar poiblí a chothabháil faoi dhliteanas ar an dáta ceaptha agus ón dáta ceaptha foréadan bóthair an droichid a chothabháil.

[EN]

(b) Ní fholóidh an dliteanas a fhorchuirtear ar údarás bóthar leis an bhfo-alt seo dliteanas aon deisiú a dhéanamh ar an mbóthar is riachtanach a dhéanamh de bharr claífort, bunsraith nó taca cliseadh nó aon chuid de dhéanmhas an droichid cliseadh.

[EN]

(c) Íocfaidh an Bord cúiteamh leis an údáras bóthar in aon chaiteachas a thabhóidh an t-údárás bóthar mar gheall ar an dliteanas a fhorchuirtear air leis an bhfo-alt seo.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

folaíonn “droichead” bealach chun droichid;

[EN]

folaíonn “foréadan bóthair” foréadanú, claiseanna uisce agus silteáin, ach ní fholaíonn sé déanmhas droichid.

[EN]

Dliteanas áirithe de chuid an Bhoird a aistriú chun Comhairle Contae na hIarmhí.

27.—(1) Ar dháta (dá ngairtear an dáta ceaptha san alt seo) a cheapfaidh an Bord agus ón dáta sin amach—

[EN]

(a) beidh deireadh le dliteanas an Bhoird an droichead thar an Eithne ar a dtugtar Float Bridge agus atá i mbarúntachtaí Mhaigh Uais agus Fhobhar Fhéichín i gContae na hIarmhí;

[EN]

(b) beidh de dhliteanas ar chomhairle chontae na hIarmhí an droichead sin a chothabháil.

[EN]

(2) Íocfaidh an Bord cúiteamh leis an gcomhairle sin in aon chaiteachais a thabhóidh an chomhairle mar gheall ar an dliteanas a fhorchuirtear uirthi faoin alt seo.

[EN]

Eadráin maidir le haon chúiteamh faoi alt 26 nó 27.

28.—(1) I gcás inarb iníoctha cúiteamh ag an mBord faoi alt 26 nó 27—

[EN]

(a) déanfaidh eadránaí a cheapfaidh an tAire méid an chúitimh a chinneadh mura gcomhaontófar ar a mhéid;

[EN]

(b) socróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, luach saothair an eadránaí agus íocfaidh an Bord an luach saothair.

[EN]

(2) Féadfaidh eadránaí a cheapfar chun an cúiteamh a chinneadh is iníoctha ag an mBord faoi alt 26 nó 27, féadfaidh sé, agus aird aige i measc ábhar eile ar aon tairiscint neamhchoinníollach cúitimh a rinne an Bord agus nár glacadh léi nó d'aon tairiscint neamhchoinníollach glacadh le suim áirithe mar chúiteamh agus nár ghlac an Bord léi, lena dhámhachtain agus mar is rogha leis—

[EN]

(a) a ordú don Bhord suim (a thomhasfaidh an t-eadránaí) faoi chomhair costais agus caiteachais an údaráis bóthar lena mbainfidh nó chomhairle contae na hIarmhí (de réir mar is iomchuí),

[EN]

(b) a ordú don údaras bóthar nó don chomhairle sin suim (a thomhasfaidh an t-eadránaí) a íoc faoi chomhair costais agus caiteachais an Bhoird, nó

[EN]

(c) a ordú don Bhord agus don údarás bóthar sin nó (de réir mar a bheidh) don Bhord agus don chomhairle sin a gcostais agus a gcaiteachais féin a íoc.

[EN]

Scrúduithe dochtúra faoi chomhair gluaisinnill a thiomáint.

29.—(1) Cuirfear tiománaithe gluaisinneall agus daoine is mian leis an mBord a oiliúint mar thiománaithe gluaisineall faoi scrúdú dochtúra ó am go ham de réir rialacháin a bheidh an tAire tar éis a dhéanamh ar iarratas ón mBord agus tar éis dul i gcomhairle leis na ceardchumainn a ionadaíonn tiománaithe agus daoine den sórt sin.

[EN]

(2) (a) Ní oilfear duine chun gluaisinneall a thiomáint ná ní choimeádfar duine i bhfostaíocht faoin mBord mar thiománaí gluaisinnill más é tuairim an Phríomh-Dhochtúra Oifigiúil go léiríonn scrúdú dochtúra a rinneadh de bhun rialacháin a rinne an t-Aire faoin alt seo go bhfuil sláinte nó amharc an duine faoi bhun an chaighdeáin a mheasfaidh an Príomh-Dhochtúir Oifigiúil a bheidh riachtanach i gcás tiomanaí gluaisinnill.

[EN]

(b) Féadfar na caighdeáin radhairc dá dtagraítear i mír (a) a leagan amach i rialacháin faoi fho-alt (1).

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “an Príomh-Dhóchtúir Oifigiúil” an duine arb Príomh-Dhochtúir Oifigiúil an Bhoird é de thuras na huaire agus folaíonn sé aon dochtúir liachta eile a bheidh de thuras na huaire nó ó am go ham ag gníomhú in áit nó in ionad an Phríomh-Dhochtúra Oifigiúil.

[EN]

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le daoine—

[EN]

(a) a bhí ar fostú mar thiománaithe gluaisinneall ag an mBord roimh an 4ú lá Dheireadh Fómhair, 1968, nó

[EN]

(b) a bhí á n-oiliúint ag an mBord roimh an dáta sin chun gluaisinnill a thiomáint.

[EN]

Díospóidí áirithe a tharchur chun na Cúirte Cuarda.

1966, Uimh. 26.

1926, Uimh. 25.

30.—(1) Aon díospóid, aighneas nó achomharc a d'fhéadfaí, mura mbeadh an t-alt seo, a tharchur nó a dhéanamh chun an bhuaneadránaí ní tharchuirfear ná ní dhéanfar amhlaidh é tar éis an Chuid seo a rith ach éistfidh agus breithneoidh an Chúirt Chuarda é má dhéanann páirtí a bheidh i dteideal é a tharchur nó é a dhéanamh chun an eadránaí sin iarratas chun na Cúirte sin trí fhoriarratas iar bhfógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna 21 lá ar a laghad roimh an lá a bheartaítear an t-iarratas a dhéanamh agus, faoi réir forálacha an ailt seo, forléireofar dá réir sin na forálacha a luaitear i bhfo-alt (6), agus beidh éifeacht acu dá réir sin maidir le haon iarratas den sórt sin.

[EN]

(2) I gcás díospóid, aighneas nó achomharc a rinneadh chun an bhuan-eadránaí nó a cuireadh faoina bhráid faoi aon fhoráil dá luaitear i bhfo-alt (6) ó ritheadh an tAcht Iompair, 1966, agus nár tugadh breith ina leith sular ritheadh an Chuid seo agus nach dtabharfar breith ina leith i rith na dtrí mhí díreach tar éis an rite sin éistfidh an Chúirt Chuarda an díospóid, an t-aighneas nó an t-achomharc agus tabharfaidh sí breith ar an gcéanna in ionad an buan-eadránaí do thabhairt breithe ar an gcéanna má dhéanann páirtí so chéanna iarratas tar éis éag don tréimhse chun na Cúirte sin trí fhógra foriarratais a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna agus ar an mbuan-eadránaí 21 lá ar a laghad roimh an lá a bheartaítear an t-iarratas a dhéanamh agus, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar na forálacha a luaitear i bhfo-alt (6) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht acu, dá réir sin maidir le haon iarratas den sórt sin.

[EN]

(3) I gcás iarratais chun na Cúirte Cuarda faoin alt seo déanfar é, mar is rogha leis an duine a dhéanfaidh an t-iarratas, chun breithimh de Chuaird Bhaile Atha Cliath nó chun breithimh na cuarda ina gcónaíonn an duine sin nó ina bhfuil a phríomh-áit ghnó aige.

[EN]

(4) D'ainneoin aon ní sa Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1924 nó in alt 41 nó 42 d'Acht 1950, féadfar achomharc chun na hArd-Chúirte (agus is breith chríochnaitheach a breith) ar cheist dlí a dhéanamh in aghaidh breith na Cúirte Cuarda faoin alt seo, ach ní fhéadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe den sórt sin ar cheist fíorais.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 8 den Acht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926, ná ag alt 43 d'Acht 1950 maidir le díospóidí, aighnis ná achomhairc a bheidh le héisteacht ag an gCúirt Chuarda faoin alt seo.

[EN]

(6) San alt seo ciallaíonn “an buan-eadránaí” an buan-eadránaí a ceapadh chun críocha an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1924 nó alt 41 nó 42 d'Acht 1950.

[EN]

Leathnú, modhnú agus leasú ar an Waterford and Limerick Railway (Deviations) Act, 1851.

1851, c. cx.

31.—(1) D'ainneoin aon ní in Acht 1851, féadfaidh an Bord méadú ar na dolaí a chumasaítear dó le halt 16 den Acht sin a éileamh agus a ghlacadh i leith trácht a úsáideann an droichead a luaitear in alt 14 den Acht sin, agus measfar gur muirir de réir brí ailt 8 d'Acht 1958 agus gur muirir a fhéadfaidh an Bord a shocrú, a éileamh, a ghlacadh agus a ghnóthú faoin alt sin na dolaí sin.

[EN]

(2) Bainfidh ailt 16 agus 26 d'Acht 1851 le feithicil inneallghluaiste de réir brí ailt 4 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.

[EN]

(3) Beidh cion faoi alt 26 d'Acht 1851 inphionósaithe, ar chiontú go hachomair, le fíneáil nach mó ná an méid a shonraítear san alt sin.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 28 d'Acht 1851 trí “of Timber,” a scriosadh.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn “Acht 1851” an Waterford and Limerick Railway (Deviations) Act, 1851.

[EN]

Buanú sochar aoisliúntas do dhaoine a aistríodh nó a aistreofar ón mBord chun an Cuideachta.

32.—I gcás fostaíocht duine faoin mBord agus an duine sin ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord (lena n-áirítear oifigeach nó seirbhíseach a aistríodh nó a tugadh ar iasacht don Bhord faoi alt 14 d'Acht Mhór-Iarnród an Tuaiscirt, 1958, nó faoi alt 11 den Acht seo) a fhoirceannadh chun a chumasú don duine sin dul i bhfostaíocht faoin gCuideachta agus an duine sin dul i bhfostaíocht faoin gCuideachta ar an bhfoirceannadh sin—

[EN]

(i) beidh ag an duine, agus ag aon duine a bheidh ag éileamh tríd, an ceart céanna chun bheith ina chomhalta d'aon scéim aoisliúntais, agus chun sochair faoi scéim den sórt sin, d'oifigigh nó do sheirbhísigh don Bhord (seachas scéim leasa an Bhoird don fhoireann rialta pá) a bheadh aige dá mba fhostaíocht faoin mBord a fhostaíocht faoin gCuideachta,

[EN]

(ii) ach amháin mar a gcomhaontófar ar a mhalairt idir an Bord agus an Chuideachta, na hoibleagáidí (cibé acu dlí nó gnás is bonn dóibh) i leith aon scéime den sórt sin agus i leith a comhaltaí a bhí ar an mBord roimh an bhfoirceannadh sin rachaidh siad, ar an duine sin dul i bhfostaíocht amhlaidh, chun bheith ina n-oibleagáidí ar an gCuideachta,

[EN]

(iii) aon eatramh (más ann) a bheidh idir dáta an fhoirceannta réamhráite agus dáta tosaithe na fostaíochta faoin gCuideachta measfar, chun críocha aon scéime den sórt sin, nach briseadh é ar fhostaíocht an duine sin, agus

[EN]

(iv) féadfaidh an Bord forálacha do thabhairt éifeachta don alt seo a chur in aon scéim nó scéimeanna do leasú aon scéime den sórt sin agus, i gcás ina bhfuil cumhacht tugtha don Aire scéim nó scéimeanna den sórt sin a dhaingniú, féadfar an chumhacht sin a fheidhmiú d'ainneoin forálacha den sórt sin a bheith curtha isteach agus féadar an daingniú sin a dhéanamh gan na forálacha a mhodhnú nó ar iad a mhodhnú (trí ábhar a chur leo nó a leagan astu nó iad a athrú) mar is cuí leis an Aire.

[EN]

Ailt 16 agus 34 d'Acht 1950 a chur chun feidhme maidir leis an gCuideachta.

33.—Beidh feidhm agus éifeacht maidir leis an gCuideachta mar atá feidhm agus éifeacht acu maidir leis an mBord ag ailt 16 agus 34 d'Acht 1950 (a bhaineann faoi seach leis an mBord do thabhairt eolais don Aire agus le cuntais an Bhoird agus le hiniúchadh na gcuntas sin).

[EN]

Srian le hathrú ar mheabhrán agus ar airteagail chomhlachais na Cuideachta.

1963, Uimh. 33.

34.—D'ainneoin aon ní in Acht na gCuideachtaí, 1963, nó i meabhrán nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta ní bheidh aon athrú ar mheabhrán ná ar airteagail chomhlachais na Cuideachta bailí ná éifeachtach mura mbeidh ceadaithe roimh ré ag an Aire é a dhéanamh.

[EN]

Forálacha a bhaineann le C.I.E. Tours International Incorporated.

35.—(1) Áiritheoidh an Bord go dtabharfaidh an Chuideachta Mheiriceánach don Aire cibé eolas a bheidh ag teastáil uaidh ó am go ham maidir le hábhair a bhaineann le gníomhaíochtaí na Cuideachta Meiriceánaí, seachas riarachán ó lá ó lá, agus a mheasfaidh sé a bhaineann le leas an phobail.

[EN]

(2) Áiritheoidh an Bord go gcomhlíonfaidh an Chuideachta Mheiriceánach alt 34 d'Acht 1950 ionann is dá mbaineadh an t-alt sin leis an gCuideachta Mheiriceánach ach amháin a mhéid a bheidh an t-alt sin ar neamhréir le dlíthe Stát Nua Eabhrac a bhaineann le cuideachtaí agus corparáidí.

[EN]

(3) Áiritheoidh an Bord nach ndéanfar aon athrú ar Dheimhniú Corpraithe ná ar Fhodhlíthe na Cuideachta Meiriceánaí gan ceadú roimh ré ón Aire.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “an Chuideachta Mheiriceánach” an chuideachta a corpraíodh faoi dhlíthe Stát Nua Eabhrac, ar a dtugtar C.I.E. Tours International Incorporated agus a fuair an Bord faoin Ordú um an Acht Iompair (Cumachtaí Breise), 1969 (I.R. Uimh. 265 de 1969).

[EN]

Leasú ar alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868.

1868, c. 119.

36.—Leasaítear leis seo alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868, trí “twenty-five pounds” a chur in ionad “Five Pounds”.

AN CHEAD SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 4.

Seisiún agus Caibidil nó Bliain agus Uimhir

Gearrtheideal nó ábhar

Méid na haisghairme

8 Vict., c.20.

Railways Clauses Consolidation Act, 1845.

In alt 48, ó “all Trains on” go dtí “an Hour; and”.

Alt 75.

14 & 15 Vict., c.cx.

Waterford and Limreick Railway (Deviations) Act, 1851.

Ailt 20 go 22.

3 Edw. 7, c.cclx.

Strabane Rephoe and Convoy Railway Act, 1903.

Ailt 41 agus 42.

4 Edw. 7, c.cci.

Strabane Raphoe and Convoy Railway (Extension to Letterkenny) Act, 1904.

Ailt 38 agus 39.

6 Edw. 7, c.clxxxiii.

Great Northern (Ireland) and Midland Railways Act, 1906.

Ailt 33, 35 agus 36.

Uimh. 29 de 1924.

Acht na mBóthar Iarainn, 1924.

Alt 55 (2).

Uimh. 21 de 1944.

An tAcht Iompair, 1944.

Alt 135.

AN DARA SCEIDEAL

Comhaontú idir an British Railways Board agus Córas Iompair éireann

Alt 7.

TA AN COMHAONTU SEO arna dhéanamh an t-aonú lá is tríocha de Bhealtaine Míle Naoi gCéad agus Seacht is Seasca IDIR an BRITISH RAILWAYS BOARD (dá ngairtear “an Bord” anseo ina dhiaidh seo) de pháirt agus CóRAS IOMPAIR éIREANN (dá ngairtear “C.I.E.” anseo ina dhiaidh seo) den pháirt eile

Mínithe.

SA Chomhaontú seo tá leis na habairtí seo a leanas na bríonna faoi seach a shanntar dóibh:—

ciallaíonn “Acht 1906” an Great Northern (Ireland) and Midland Railways Act, 1906;

ciallaíonn “Cuideachta Dhún na nGall” Cuideachta Iarnród Dhún na nGall;

tá an bhrí céanna le “Cuid Dhún na nGall” atá le “the Donegal Section” in A. 3 d'Acht 1906;

ciallaíonn “an Comhchoiste” Comhchoiste Chuideachta Iarnród Dhún na nGall;

ciallaíonn “Cuideachta an Tuaiscirt” Cuideachta Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (Éire);

ciallaíonn “an Chuideachta Mheán-Tíre” an Midland Railway Company;

ciallaíonn “Cuideachta an tSratha Bháin” Cuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn;

ciallaíonn “U.I.U.” Údarás Iompair Uladh;

ciallaíonn “Acht 1903” an Strabane Raphoe and Convoy Railway Act, 1903;

ciallaíonn “Acht 1904” an Strabane Raphoe and Convoy Railway (Extension to Letterkenny) Act, 1904.

Réamhrá.

(1) Rinneadh le A.4 d'Acht 1906 Cuid Dhún na nGall de ghnóthas Chuideachta Dhún na nGall a aistriú chun an Chomhchoiste, agus a dhílsiú don Chomhchoiste, a bunaíodh le hAcht 1906

(2) Forálann A.28 d'Acht 1906 go gceapfadh Cuideachta an Tuaiscirt triúr daoine agus go gceapfadh an Chuideachta Mheán-Tíre triúr daoine chun a gCuideachtaí faoi seach a ionadú agus gurb iad an seisear daoine a cheapfaí amhlaidh an Comhchoiste

(3) Rinneadh le Comhaontú dar dáta an Cúigiú lá d'Aibreán Míle naoi gcéad agus a ceathair idir Cuideachta an Tuaiscirt agus Cuideachta an tSratha Bháin (ar a dtugtaí Cuideachta Iarnród an tSratha Bháin Ráth Bhoth agus Chomhaigh) socrú chun Cuideachta an Tuaiscirt d'oibriú gnóthais Chuideachta an tSratha Bháin agus rinneadh faoi réir agus faoi réim A.23 d'Acht 1906 leas uile Chuideachta an Tuaiscirt faoin gComhaontú sin a aistriú chun an Chomhchoiste agus a dhílsiú don Chomhchoiste

(4) Forálann A.33 d'Acht 1906 go bhfuil Cuideachta an Tuaiscirt agus an Chuideachta Mheán-Tire araon faoi cheangal leath na gcistí a sholáthar is gá chun críocha an Chomhchoiste

(5) Forálann A.35 d'Acht 1906 go mbeidh má bhíonn easnamh ar chuntas ioncaim nó fuílleach i gcuntas ioncaim an Chomhchoiste Cuideachta an Tuaiscirt agus an Chuideachta Mheán-Tíre araon freagrach i leath an easnaimh sin nó (de réir mar a bheidh) i dteideal leath an fhuílligh sin

(6) Forálann A.36 d'Acht 1906 go ndéanfar aon airgead ó thalamh a dhíol ag an gComhchoiste agus aon airgead eile ar mhodh caipitil a bheidh ar láimh acu de thuras na huaire agus nach mbeidh ag teastáil chun críocha an Chomhchoiste a roinnt agus a íoc le Cuideachta an Tuaiscirt agus leis an gCuideachta Mheán-Tíre ina scaireanna comhionanna

(7) De dhroim éifeacht chomhleanúnach an Railways Act 1921 agus Scéime a rinneadh faoi agus na Transport Acts 1947 and 1962 de chuid Pharlaimint Westminster is leis an mBord anois maoin cearta cumhachtaí agus oibleagáidí uile na Cuideachta Meán-Tíre

(8) I míle naoi gcéad agus caoga a trí tháinig gnóthas Chuideachta an Tuaiscirt chun bheith dílsithe do Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt agus an Chéad lá de Dheireadh Fómhair Míle naoi gcéad agus caoga a hocht rinneadh le hAchtanna ón Oireachtas agus ó Pharlaimint Thuaisceart Éireann faoi seach an chuid sin de ghnóthas Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt i bPoblacht na hÉireann seachas a sócmhainní i leith an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin a aistriú chun C.I.E. agus a dhílsiú do C.I.E. agus faoi réir eisceacht a samhail rinneadh an chuid sin den ghnóthas i dTuaisceart Éireann a aistriú chun U.I.U. agus a dhílsiú do U.I.U.

(9) Is i bPoblacht na hÉireann a bhí formhór an chórais iarnróid a d'oibrigh an Comhchoiste agus foráladh le Comhaontú a cuireadh mar Sceideal leis na hAchtanna réamhráite ón Oireachtas agus ó Pharlaimint Thuaisceart Éireann go ndéanfaí sócmhainní agus dliteanais Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt i leith an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin a aistriú chuig an Aire Tionscail agus Tráchtála do Phoblacht na hÉireann agus a dhiúscairt aige agus chuig an Aireacht Tionscail do Thuaisceart Éireann agus a dhiúscairt ag an Aireacht sin i cibé slí ar a gcomhaontóidís agus cearta agus oibleagáidí an Aire sin agus na hAireachta sin a fheidhmiú agus a chomhlíonadh ag C.I.E. agus ag U.I.U. faoi seach ach níl aon chomhaontú déanta fós chun na sócmhainní agus na dliteanais sin a aistriú agus a dhiúscairt agus níor díscaoileadh Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt

(10) Tá an Comhchoiste comhdhéanta anois de thriúr comhaltaí a cheap an Bord agus triúr comhaltaí a cheap Bord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt

(11) I míle naoi gcéad agus seasca chuir an Comhchoiste faoi fhorálacha Acht na mBóthar Iarainn 1933 agus an Achta Iompair 1944 ón Oireachtas agus an Transport Act 1948 ó Pharlaimint Thuaisceart Éireann deireadh le seirbhísí iarnróid ar a n-iarnród agus ar iarnród Chuideachta an tSratha Bháin agus thréigeadar a ngnóthais iarnróid agus oibríonn siad seirbhísí iompair bóthar ina n-ionad anois

(12) Is mian leis an mBord tarraingt as an gComhchoiste agus as Cuideachta an tSratha Bháin agus scaradh ar fad le gach comhlacht acu agus oibleagáidí uile an Bhoird maidir le gach comhlacht acu a fhoirceannadh

(13) Tá sé beartaithe ceart teideal agus leas an Bhoird chun a scaire, agus ina scair, de shócmhainní an Chomhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin a aistriú chun C.I.E. agus a dhílsiú do C.I.E. mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo

(14) Beidh gá le reachtaíocht chun éifeacht a thabhairt don aistriú sin agus oibleagáidí an Bhoird a fhoirceannadh

COMHAONTAÍTEAR LEIS SEO:—

1. FAOI REIR an reachtaíocht a achtú is gá chun éifeacht a thabhairt don Chomhaontú seo

(a) aistreofar chun C.I.E. agus dílseofar do C.I.E. cearta agus pribhléidí reachtúil nó eile an Bhoird maidir leis an gComhchoiste agus Chuideachta an tSratha Bháin (ar a n-áirítear na cumhachtaí na cearta na ceadúnais nó na pribhléidí uile a shealbhaítear nó a theachtar i ndáil leis nó maidir leis na comhlachtaí sin)

(b) íocfaidh C.I.E. leis an mBord as ceart teideal agus leasa an Bhoird faoi láthair agus san am le teacht agus ar marthain nó teagmhasach chun a scaire agus ina scair de shócmhainní na gcomhlachtaí sin agus a ngnóthas faoi seach suim Caoga a Seacht Míle Seacht gCéad Daichead agus Dhá Phunt (suim is ionann agus cionúireacht chomhaontaithe de luach réadaithe na sócmhainní sin lúide suimeanna in ionannas féichiúnas atá agus a leanfaidh ar marthain agus cúiteamh faoi chomhair caillteanais is dóigh a bheidh ann iad uile arna meas amhail ar an gCéad lá d'Eanáir Míle naoi gCéad agus Seasca a Sé dá ngairtear “glanluach shócmhainní an Bhoird” anseo ina dhiaidh seo)

2. IARRFAIDH C.I.E. ar an Aire Iompair agus Cumhachta an reachtaíocht a thabhairt isteach is gá chun éifeacht a thabhairt don aistriú agus don dílsiú beartaithe agus d'áirithiú forálacha Acht 1906 agus gach achtachán reachtúil eile a aisghairm a mhéid a thugann siad aon leas nó a fhorchuireann siad aon oibleagáid nó dliteanas ar an mBord maidir leis an gComhchoiste nó le Cuideachta an tSratha Bháin

3. NI bheidh an Bord i dteideal aon aisíocaíochtaí caipitil nó cistí a sholáthraigh an Bord nó a réamhtheachtaithe chun críocha an Chomhchoiste nó Cuideachta an tSratha Bháin nó a réamhtheachtaithe agus measfar go bhfolaíonn luach glan shócmhainní an Bhoird gach ceart chun scaire d'fhuílleach ioncaim nó caipitil

4. AMHAIL ar an gCéad lá d'Eanáir Míle Naoi gCéad Seasca a Sé agus ón lá sin amach agus go dtí go n-achtófar an reachtaíocht sin

(1) Ní bheidh an Bord i dteideal aon íocaíochtaí faoi ailt 35 nó 36 d'Acht 1906 nó eile a éileamh i leith aon fhuílleach ioncaim nó caipitil de chuid an Chomhchoiste

(2) Slánóidh C.I.E. an Bord in aghaidh aon éilimh ar íocaíocht faoi ailt 33 nó 35 d'Acht 1906 ar choinníoll ámh nach sroichfidh an slánú sin suim Daichead Míle Sé Chéad agus Cúig Phunt Fhichead a dhlíonn an Bord don Chomhchoiste i leith caiteachais chaipitil faoi alt 33 den Acht sin

(3) Ceapfaidh an Bord mar ionadaithe dóibh ar an gComhchoiste agus ar Chuideachta an tSratha Bháin daoine a ainmneoidh C.I.E. dóibh

5. SLÁNÓIDH an Bord C.I.E. as leath agus in aghaidh leath aon suime i leith damáistí nó costais a d'íoc C.I.E. nó a iarrfar ar C.I.E. a íoc leis an gComhchoiste nó le Cuideachta an tSratha Bháin nó thar ceann ceachtar acu de dhroim aon éilimh nó imeachtaí a rinne nó a dhéanfaidh nó a thionscain nó a thionscnóidh

(a) aon scairshealbhóir barúntacht-rathaithe de chuid Chuideachta an tSratha Bháin in aghaidh Chuideachta an tSratha Bháin nó stiúrthóirí Chuideachta an tSratha Bháin nó

(b) Cuideachta an tSratha Bháin in aghaidh Comhairle Contae Chontae Dhún na nGall agus Comhairle Cheantair Uirbigh Leitir Ceannainn nó in aghaidh ceachtar acu

i leith—

(i) gan Cuideachta an tSratha Bháin do ghnóthú ó na húdaráis áitiúla sin nó ó cheachtar acu nó

(ii) gan na húdaráis áitiúla sin nó ceachtar acu d'íoc leis an gCuideachta

aon íocaíocht (san am a caitheadh san am i láthair nó san am le teacht) lena mbaineann ráthaíochtaí a thug na húdaráis áitiúla sin faoi réim nó de bhua forálacha A. 41 d'Acht 1903 agus A. 38 d'Acht 1904 faoi seach

AR CHOINNÍOLL má dhéantar nó má thionscnaítear mar a dúradh aon éileamh nó imeachtaí den sórt sin go dtabharfaidh C.I.E. fógra láithreach don Bhord agus go rachaidh C.I.E. i gcomhairle láithreach leis an mBord sula dtabhófar aon chaiteachas nó costas ag C.I.E. ar iarratas ó C.I.E. nó i gcomhaontú le C.I.E. chun comhréiteach ar aon éileamh nó imeachtaí den sórt sin nó an céanna a chosaint nó ar aon slí eile maidir leis an gcéanna

I bhFIANAISE air sin rinneadh Gnáthshéala an British Railways Board agus séala Oifigiúil Chóras Iompair Éireann a ghreamú de seo an lá agus an bhliain is túisce atá scríofa anseo

GREAMAíODH GNáTHSHéALA an BRITISH RAILWAYS BOARD de seo i bhfianaise:—

J. RAFTER

Comhalta

/images/ga.act.1971.0014.0001.jpg

R. A. LASCELLES

Duine a d'údaraigh an Bord gníomhú in ionad an Rúnaí.

GREAMAíODH SéALA OIFIGIúIL CHóRAS IOMPAIR éIREANN de seo i bhfianaise:—

E. CASSIDY

Comhalta den Bhord

/images/ga.act.1971.0014.0002.jpg

M. J. HAYES

Rúnaí

Oifigeach Udaraithe.