Uimhir 15 de 1927.
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1927.
CUID I.
Roimhra.
Mínithe agus cur i mbaint.
1.—(1) San Acht so (lasmuich de Chuid V. de)—cialluíonn an focal “dálach” aon lá nách Domhnach, agus nách é Aoine an Chéasta, Lá Nodlag, ná Lá Fhéile Pádraig é;
cialluíonn an focal “gnáth-dhálach” aon dálach nách Satharn;
ní fholuíonn an focal “Satharn” Satharn gurb é Lá Nodlag no Lá Fhéile Pádraig é;
ní fholuíonn an focal “Lá Fhéile Pádraig” Lá Fhéile Pádraig a bheidh ar an Domhnach;
ní fholuíonn an focal “Domhnach” Domhnach ar a mbeidh Lá Nodlag;
cialluíonn an focal “tréimhse ama shamhraidh” tréimhse do ceapadh leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925) no fén Acht san chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh;
cialluíonn agus foluíonn an focal “baile” aon bhaile ar a bhfuil Coimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854;
cialluíonn an focal “tigh ósta” áitreabh ceadúnuithe atá ceaptha ina dhéanamh chun é d'úsáid agus a húsáidtear bona fide mar thigh ósta no mar thigh ósta agus tigh bidh agus ina bhfuil deich seomraí ar a laighead a cimeádtar ar leithligh mar áiteanna codlata do lucht taistil agus ná húsáidtear ach sa tslí sin;
cialluíonn an focal “tigh bidh” áitreabh ceadúnuithe a bheidh deimhnithe fén Acht so do bheith ina thigh bhidh chun crícheanna an Achta so;
cialluíonn an focal “amharclann” amharclann no áit shiamsa phuiblí atá ceadúnuithe fé alt 7 den Excise Act, 1835, chun deocha meisciúla do dhíol inti;
cialluíonn an focal “ceadúnas amharclainne” ceadúnas díolta deocha meisciúla a deonadh fe alt 7 den Excise Act, 1835, i dtaobh amharclainne;
cialluíonn an focal “líomatáiste ceadúcháin” líomatáiste cúirte dúithche atá orduithe do réir dlí chun na gcrícheanna bhaineann le gnó ceadúcháin do dhéanamh, agus nuair a husáidtear é i dtaobh áitreibh cheadúnuithe cialluíonn sé an líomatáiste cúirte dúithche mar atá sé orduithe amhlaidh agus ina bhfuil an t-áitreabh ceadúnuithe suidhte;
nuair a húsáidtear an focal “Breitheamh den Chúirt Dúithche” i dtaobh áitreibh cheadúnuithe cialluíonn sé an Breitheamh den Chúirt Dúithche atá ag feidhmiú údaráis de thurus na huaire sa líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh ceadúnuithe suidhte;
cialluíonn an focal “cúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil” an suidhe a bheidh ag an gCúirt Dúithche do reir rialacha cúirte i líomatáiste ceadúcháin chun iarrataisí ar dheimhnithe ar athnuachaintí ceadúnaisí díolta deocha meisciúla d'éisteacht;
cialluíonn an focal “áitreabh ceadúnuithe” (lasmuich de Chuid IV. den Acht so) áitreabh gur deonadh agus go bhfuil i bhfeidhm ina thaobh ceadúnas miondíolta deocha meisciúla;
cialluíonn an focal “ceadúnas iomlán” ceadúnas chun deocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta san áitreabh no lasmuich den áitreabh;
cialluíonn an focal “ceadúnas teoranta” ceadúnas chun deocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta lasmuich den áitreabh; agus
cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt.
(2) Chun na gcrícheanna bhaineann leis an Acht so (lasmuich de Chuid V. de) do chur i mbaint le líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath tuigfar gur contae-bhuirg an líomatáiste sin agus, dá réir sin, na forálacha den Acht so a bhaineann le contae-bhuirgí bainfid le hiomlán líomatáiste Cathrach Bhaile Atha Cliath agus na forálacha den Acht so a bhaineann le bailecheanntair chontae ní bhainfid le haon chuid den líomatáiste sin.
CUID II.
Trathanna Coiscthe.
Tráthanna coiscthe go generálta.
2.—(1) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh sé dleathach d'éinne in aon chontae-bhuirg aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadún uithe—
(a) aon ghnáth-dhálach, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná
(b) aon tSatharn, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche ná (fé réir na n-eisceacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) idir leathuair tar eis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna, ná
(c) aon Domhnach, roimh a dó a chlog tráthnóna ná tar éis a cúig a chlog tráthnóna, ná
(d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.
Isiad eisceachtaí dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) den fho alt so ná:—
(i) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna aon dálach, go bhféadfidh sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg orduithe (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlaca san áitreabh san tríd an bpost, tré thelegraf, no tré thelefon ach ní har aon tslí eile, ar dhigh mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachada ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh amhlaidh í no ag stáisiún bóthair iarainn ach ní hag aon áit eile agus go bhféadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachada amhlaidh ach, an té ordóidh an deoch mheisciúil sin amhlaidh, nách foláir gan é bheith, chun crícheanna aon ailt eile den Acht so, ina dhuine 'na bhféadfar go dleathach deoch mheisciúil do dhíol leis no do thabhairt do san áitreabh san idir na huaire sin ar na laetheanta san, agus
(ii) idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar eis a trí a chlog tráthnóna aon dálach, go bhféadfidh sealbhóir ar cheadúnas theoranta a ghabhann le háitreabh atá suidhte i gcontaebhuirg orduithe o bhéal no ar aon tslí eile (i dteanta no d'éamais íocaíochta) do ghlaca san áitreabh san ar dhigh mheisciúil le hól lasmuich den áitreabh agus le seachada ag an sealbhóir sin ag áit chomhnaithe an té ordóidh í no ag stáisiún bóthair iarainn ach ní hag aon áit eile agus go bhéadfa sé an deoch mheisciúil a hordófar amhlaidh do sheachada amhlaidh agus go bhféadfa sé an t-áitreabh san d'oscailt agus do chimeád ar oscailt chun orduithe den tsórt san do ghlaca agus go bhféadfa sé deocha meisciúla do thaisbeáint san áitreabh san chun a ndíolta ar orduithe den tsórt san.
(2) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh sé dleathach d'éinne in aon bhailecheanntar contae, ná baile, gur mó ná cúig mhíle líon a lucht áitreibh do réir an mhóráirimh is móráireamh deiridh de thurus na huaire, aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadúnuithe—
(a) aon ghnáth-dhálach, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar eis a deich a chlog istoíche, na
(b) aon tSatharn, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istóiche, ná
(c) aon uair aon Domhnach ná Lá Nodlag, Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.
(3) Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so, ní bheidh sé dleathach d'éinne in aon áit nách contae-bhuirg ná nách bailecheanntar contae ná baile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun a díolta ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol ná a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadúnuithe—
(a) aon ghnáth-dhálach—
(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná
(ii) i rith aon aimsire nách tréimhse ama shamraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(b) aon tSatharn—
(i) i rith tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(ii) i rith aon aimsire nách tréimhse ama shamhraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(c) aon uair aon Domhnach ná Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, ná Lá Fhéile Pádraig.
(4) Gach éinne a dhéanfidh aon deoch mheisciúil do dhíol no do thaisbeáint chun a díolta no aon áitreabh d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deoch mheisciúil do dhíol no a cheadú go n-ólfar aon deoch mheisciúil in áitreabh ceadúnuithe contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air má sé an chéad chionta aige é no fíneáil ná raghaidh thar dachad punt má sé an dara cionta é no aon chionta ina dhiaidh sin
(5) Gach tagairt atá san Acht so do sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe léireofar í agus beidh éifeacht aici mar thagairt d'fhorálacha an ailt seo, agus gach tagairt atá san Acht so do thráthanna coiscthe no d'amannta no do thráthanna ina gcoiscthear leis an Acht so deoch mheisciúil do dhíol léireofar í mar thagairt do sna tráthanna go gcoiscthear leis an alt so deoch mheisciúil do dhíol le n-a linn.
Trádáil mheaschta.
3.—(1) I gcás aon ghnó nách díol deocha meisciúla (dá ngairmtear gnó nea-cheadúnuithe san alt so) do bheith ar siúl in aon áitreabh le n-a ngabhann ceadúnas iomlán agus gan an chuid den áitreabh san ina bhfuil an gnó nea-cheadúnuithe sin ar siúl do bheith deighlte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh san, tuigfar, chun crícheanna an Achta so, gurb ionann an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun an gnó nea-cheadúnuithe sin do bheith ar siúl agus an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol, ach amháin idir a naoi a chlog agus a deich a chlog ar maidin dálach.
(2) I gcás aon ghnó nea-cheadúnuithe do bheith ar siúl in aon áitreabh le n-a ngabhann ceadúnas teoranta agus gan an chuid den áitreabh san ina mbeidh an gnó nea-cheadúnuithe sin ar siúl do bheith deighlte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh san, tuigfar, chun crícheanna an Achta so, gurb ionann an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun an gnó neacheadúnuithe sin do bheith ar siúl agus an t-áitreabh san d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol ach amháin i gcontae-bhuirg ar dhálacha idir a naoi a chlog agus a deich a chlog ar maidin agus idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna.
(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tigh ósta, tigh bidh, amharclainn, ná seomra úrúcháin bóthair iarainn ná le haon áitreabh a bheidh ceaptha ina dhéanamh chun léiriú drámaí, cuirmeacha ceoil, leictiúirí, rincí, taisbeántaisí cinematograife, no siamsaí puiblí eile do bheith ar siúl ann agus a bheidh á úsáid bona fide chun gach siamsa no aon tsiamsa den tsórt san do bheith ar siúl ann agus ní chun aon chríche eile ach amháin mar thigh bhidh.
Orduithe saoirse generálta.
4.—(1) Féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche, ar a chur ina luighe air gur gá no gur mhaith an rud é dhéanamh mar áis d'aon roinnt mhór daoine a bhíonn ar aon mharga no aonach puiblí no a leanann aon cheárd no slí bheatha dhleathach agus tar éis do an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, féadfa sé ordú (dá ngairmtear ordú saoirse generálta san Acht so) do dheona (más oiriúnach leis é) d'aon tsealbhóir ar cheadúnas iomlán i dtaobh áitreibh atá suidhte i gcomhursanacht an mhargaidh no an aonaigh sin no na háite ina leanann na daoine sin an cheárd no an tslí bheatha dhleathach san, ag saora an tsealbhóra san o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe maidir leis an áitreabh san ar pé laetheanta agus ar feadh pé amannta (ach amháin idir a haon agus a dó a chlog ar maidin) agus ar pé téarmaí a luadhfar san ordú san.
(2) Beidh i ngach ordú saoirse generálta, mar cheann dá théarmaí, cioníoll go ndéanfidh a shealbhóir i rith gach tréimhse saoirse bia agus deocha nea-meisciúla ar phraghsanna réasúnta do thabhairt, san aitreabh le n-a mbaineann an t-ordú, d'éinne iarrfidh iad.
(3) Má dhineann agus faid a dhéanfaidh sealbhóir ordú saoirse generálta téarmaí an orduithe sin do chólíona beidh sé saor ar feadh gach tréimhse saoirse a aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh, maidir leis an áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú, ar na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht so ná fé aon Acht eile.
(4) Ar feadh gach tréimhse saoirse déanfidh sealbhóir ordú saoirse generálta fógra, i pé fuirm le n-a n-aontóidh Breitheamh na Cúirte Dúithche agus ag luadh na dtréimhsí saoirse uile agus fé seach a luaidhtear san ordú san, do chimeád greamuithe in áit sho-fheicse ar an taobh amuich den áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú san, agus gach sealbhóir ordú saoirse generálta ná cólíonfidh forálacha an fho-ailt seo beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(5) Gach éinne a ghreamóidh no a chimeádfidh greamuithe ar a áitreabh aon fhógra á chur in úil go bréagach gur sealbhóir ordú saoirse generálta é no ag tabhairt cuntais bhréagaigh ar na tréimhsí saoirse fé ordú saoirse generálta ar ar sealbhóir é, beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fineáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(6) Féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche aon uair (más oiriúnach leis é) aon ordú saoirse generálta do tharrac siar no é d'atharú tré n-a leathnú no ar aon tslí eile fé mar is dó leis is gá no is oiriúnach, ach ní har shlí go ndlighfar aon fhineáil do chur ar éinne mar gheall ar éinní a dineadh fén ordú san sarar cuireadh an tarrac-siar no an t-atharú san in úil do shealbhóir an orduithe sin.
(7) Ní deonfar aon ordú saoirse generálta d'aon am aon Domhnach ná Lá Fhéile Pádraig, Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta.
(8) Ní deonfar ordú saoirse generálta mara mbeidh an té bheidh á iarraidh tar éis fógra do sheirbheáil, seachtain ar a laighead roimh dhéanamh an iarratais, ar an oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin á rá go bhfuil sé chun an t-ordú d'iarraidh agus ag luadh a ainme agus a sheola agus na háite, na hócáide agus an ama dá mbeidh sé ag lorg an orduithe.
(9) San alt so nuair a húsáidtear an focal “sealbhóir” i dtaobh ordú saoirse generálta cialluíonn sé an té dar deonadh an t-ordú san fén alt so, agus cialluíonn an focal “tréimhse shaoirse” am ina mbeidh sealbhóir ordú saoirse generálta saor do réir an orduithe sin o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe.
Orduithe saoirse speisialta.
5.—(1) Má dhineann sealbhóir ar cheadúnas iomlán d'áitreabh is tigh ósta no is tigh bidh agus atá suidhte i gcontae-bhuirg ordú (dá ngairmtear ordú saoirse speisialta san Acht so), á shaora ar aon ócáid speisialta o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe maidir leis an áitreabh san, d'iarraidh ar Bhreitheamh na Cúirte Dúithche féadfidh an Breitheamh san, más oiriúnach leis é tar éis an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, ordú do dheona don iarratasóir, ar pé cioníollacha is dó leis is ceart, á shaora amhlaidh ar feadh na dtráth agus ar an ócáid speisialta a luadhfar san ordú san.
(2) Má dhineann agus faid a dhéanfidh éinne dar deonadh ordú saoirse speisialta na coiníollacha ar an deonadh é do chólíona, beidh sé saor ar feadh an ama le n-a mbaineann an t-ordú san o aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh, maidir leis an áitreabh le n-a mbaineann an t-ordú, ar na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht so ná fé aon Acht eile.
(3) Ní deonfar aon ordú saoirse speisialta d'aon am ar an Domhnach.
(4) Ní deonfar ordú saoirse speisialta mara mbeidh an té bheidh á iarraidh tar éis fógra do sheirbheáil, ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dhéanamh an iarratais, ar an oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin á rá go bhfuil sé chun an t-ordú d'iarraidh agus ag luadh a ainme agus a sheola agus na háite, na hócáide agus an ama dá mbeidh sé ag lorg an orduithe.
Ceadúnaisí ocáideacha.
6.—(1) San alt so cialluíonn an focal “ceadúnas ócáideach” ceadúnas ócáideach a deonadh fé alt 13 den Revenue Act, 1862, agus fé sna hachtacháin uile agus fé seach le n-a leasuítear an t-achtachán san, agus cialluíonn an focal “líomatáiste ceadúcháin” an líomatáiste ceadúcháin ina bhfuil an áit sin suidhte darb áil an ceadúnas ócáideach d'fháil.
(2) Ní bheidh gá leis an toiliú a héilítear leis na hachtacháin sin chun ceadúnas ócáideach do dheona ach, ina ionad san, ní deonfar aon cheadúnas ócáideach gan toiliú roimh ré o Bhreitheamh na Cúirte Dúithche agus ní thabharfidh an Breitheamh san an toiliú san ach i gcúirt oscailte agus san tar éis an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht.
(3) Ní tabharfar an toiliú san Bhreitheamh na Cúirte Dúithche a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo mara mbeidh an té bheidh á iarraidh tar éis fógra i scríbhinn do sheirbheáil, ocht n-uaire is dachad a' chluig ar a laighead roimh dhéanamh an iarratais, ar an oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin á rá go bhfuil sé chun an toiliú san d'iarraidh agus ag luadh a ainme agus a sheola agus na háite, na hócáide, agus an ama darb áil leis an ceadúnas ócáideach is abhar don toiliú san d'fháil.
(4) Oibreoidh ceadúnas ócáideach chun an té dá ndeonfar é do shaora (má dhineann agus faid a dhéanfa sé na coiníollacha ar a ndeonfar é do chólíona) san áit agus ar feadh an ama dá ndeonfar an ceadúnas, o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe.
(5) Na forálacha den Acht so no d'aon Acht eile, le n-a n-éilítear cionta do chur ina chúl-scríbhinn ar cheadúnas, ní bhainfid le cionta a dineadh maidir le ceadúnas ócáideach.
Orduithe saoirse, etc., do thaisbeáint.
7.—(1) Bainfidh alt 64 den Licensing Act, 1872, (alt i dtaobh ceadúnaisí do thaisbeáint agus i dtaobh pionóisí mar gheall ar gan iad do thaisbeáint) le gach ordú saoirse generálta, ordú saoirse speisialta, agus ceadúnas ócáideach.
(2) Bainfidh alt 33 den Licensing Act (Ireland), 1874, (alt i dtaobh ceadúnaisí do thaisbeáint agus i dtaobh pionóisí mar gheall ar gan iad do thaisbeáint) le gach ordú saoirse generálta, ordú saoirse speisialta, agus ceadúnas ócáideach.
Ceadúnaisí sé lá.
8.—(1) San Acht so cialluíonn an focal “coiníoll i dtaobh dúna ar an Domhnach” coiníoll den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so agus cialluíonn an focal “ceadúnas sé lá” ceadúnas iomlán ina bhfuil cioníoll i dtaobh dúna ar an Domhnach pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a deonadh an ceadúnas san agus pe'ca fén Acht so no fé achtachán a hathghairmtear leis an Acht so a cuireadh an coiníoll san isteach sa cheadúnas san.
(2) Más rud é, ar ócáid iarratais ar dheimhniú ar cheadúnas iomlán nua no ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais iomláin, go ndéanfidh an t-iarratasóir, le linn a iarratais, a iarraidh ar an gCúirt coiníoll do chur isteach ina dheimhniú go ndéanfa sé an t-áitreabh dar deonadh an ceadúnas san no dá mbeidh sé le deona do chimeád dúnta ar feadh an Domhnaigh go léir, cuirfidh an Chúirt fé ndeár an coiníoll san do chur isteach sa deimhniú san agus pé uair a cuirfar an coiníoll san isteach i ndeimhniú den tsórt san amhlaidh cuirfar an coiníoll san isteach, leis, sa cheadúnas a deonfar, a haistreofar, no a hathnuafar do réir an deimhnithe sin.
(3) Cuirfar isteach i ngach deimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais sé lá agus i ngach ceadúnas a deonfar do réir an deimhnithe sin coiníoll, i dtaobh dúna ar an Domhnach, den tsort a bheidh sa cheadúnas a haistreofar no a hathnuafar amhlaidh.
(4) Déanfidh sealbhóir ceadúnais sé lá an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san do chimeád dúnta ar feadh an Domhnaigh go léir, agus más i gcontae-bhuirg a bheidh an t-áitreabh san suidhte, ansan, na forálacha den Acht so i dtaobh tráthanna coiscthe, bainfid, sa mhéid go mbainid leis an Domhnach, leis an áitreabh san fé is nárbh i gcontae-bhuirg a bheadh sé suidhte.
(5) I gcás ceadúnais sé lá, beidh sa bhfógra is gá do dhuine cheadúnuithe a chimeád péinteálta no greamuithe ar a áitreabh do réir alt 11 den Licensing Act, 1872, pé focail a ordóidh an Chúirt chun fógra do thabhairt don phuiblíocht gur deonadh ceadúnas sé lá maidir leis an áitreabh.
Ceadúnaisí luath-dhúna.
9.—(1) San Acht so cialluíonn an focal “cioníoll luath-dhúna” coiníoll den tsórt a luaidhtear i bhfo-alt (2) den alt so agus cialluíonn an focal “ceadúnas luath-dhúna” ceadúnas iomlán ina bhfuil coiníoll luath-dhúna, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a deonadh an ceadúnas san agus pe'ca fén Acht so no fé achtachán a hathghairmtear leis an Acht so a cuireadh an coiníoll san isteach sa cheadúnas san.
(2) Más rud é, ar ócáid aon iarratais ar dheimhniú ar cheadúnas iomlán nua no ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais iomláin, go n-iarrfidh an t-iarratasóir ar an gCúirt coiníoll do chur isteach ina dheimhniú go ndéanfa sé an t-áitreabh dar deonadh an ceadúnas san no dá mbeidh sé le deona do dhúna uair a' chluig níos luatha istoíche ná an uair a caithfí an t-áitreabh san do dhúna mara mbeadh san, cuirfidh an Chúirt fé ndeár an coiníoll san do chur isteach sa deimhniú san agus, pé uair a cuirfar an coiníoll san isteach i ndeimhniú den tsórt san amhlaidh, cuirfar an coiníoll san isteach, leis, sa cheadúnas a deonfar, a haistreofar, no a hathnuafar do réir an deimhnithe sin.
(3) Cuirfar isteach i ngach deimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais luath-dhúna agus i ngach ceadúnas a deonfar do réir an deimhnithe sin coiníoll luath-dhúna den tsórt a bheidh sa cheadúnas a haistreofar no a hathnuafar amhlaidh.
(4) Déanfidh sealbhóir ceadúnais luath-dhúna an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas san do dhúna uair a' chluig níos luatha istoíche ná an ghnáth-uair a dúnfí an t-áitreabh san fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe agus bainfidh na forálacha san leis an áitreabh san fé is dá mba uair a' chluig níos luatha fé seach ná an uair a luaidhtear sna forálacha san a bheadh na tráthanna uile agus fé seach is déanaí go gcoiscthear leis na forálacha san deocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun a ndíolta ina ndiaidh.
(5) I gcás ceadúnais luath-dhúna, beidh sa bhfógra is gá do dhuine cheadúnuithe a chimeád péinteálta no greamuithe ar a áitreabh do réir alt 11 den Licensing Act, 1872, pé focail a ordóidh an Chúirt chun fógra do thabhairt don phuiblíocht gur deonadh ceadúnas luath-dhúna maidir leis an áitreabh.
Diúité do mhaitheamh i gcásanna áirithe.
10.—Duine thógfidh amach ceadúnas ina bhfuil coiníoll a dhineann ceadúnas sé lá den cheadúnas san no coiníoll a dhineann ceadúnas luath-dhúna den cheadúnas san beidh sé i dteideal maithimh i seachtú den diúité do bheadh iníoctha aige ar cheadúnas den tsórt chéanna ná beadh a leithéid sin de choiníoll ann, agus duine thógfidh amach ceadúnas ina bhfuil coiníollacha a dhineann ceadúnas sé lá agus fós ceadúnas luathdhúna den cheadúnas san beidh sé i dteideal maithimh i dhá seachtú den diúité do bheadh iníoctha aige ar cheadúnas den tsórt chéanna ná beadh a leithéidí sin de choiníollacha ann.
Ceadúnas seacht lá d'aistriú chun áitreibh cheadúnais sé lá.
11.—(1) Duine is sealbhóir ar cheadúnas sé lá agus is sealbhóir san am gcéanna ar cheadúnas iomlán nách ceadúnas sé lá (agus dá ngairmtear ceadúnas seacht lá san alt so) más san aon líomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an ceadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil, chun an áitreibh le n-a ngabhann an ceadúnas sé lá, ach san ar an gcoiníoll ná hathnuafar an ceadúnas sé lá ar bheith déanta don aistriú san agus go dtuigfar, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, nár ceadúnuíodh riamh an t-áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas seacht lá roimh an aistriú san.
(2) Duine is sealbhóir ar cheadúnas luath-dhúna agus is sealbhóir san am gcéanna ar cheadúnas iomlán nách ceadúnas sé lá ná ceadúnas luath-dhúna (agus dá ngairmtear gnáth-cheadúnas seacht lá sa bhfo-alt so), más san aon líomatáiste ceadúcháin amháin a bheidh na háitreabhacha le n-a ngabhann na ceadúnaisí sin fé seach suidhte, beidh sé i dteideal an gnáth-cheadúnas seacht lá d'aistriú dho, sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil, chun an áitreibh le n-a ngabhann an ceadúnas luath-dhúna, ach san ar an gcoiníoll ná hathnuafar an ceadúnas luath-dhúna ar bheith déanta don aistriú san agus go dtuigfar, chun crícheanna an Licensing (Ireland) Act, 1902, nár ceadúnuíodh riamh an t-áitreabh le n-ar ghaibh an gnáth-cheadúnas seacht lá roimh an aistriú san.
Deimhniú tighe bhidh.
12.—(1) Más rud é, ar ócáid aon iarratais ar dheimhniú ar cheadúnas iomlán nua no ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint ceadúnais iomláin, go n-iarrfidh an t-iarratasóir ar an gCúirt a dheimhniú gur tigh bidh, chun crícheanna an Achta so, an t-áitreabh dá mbeidh an deimhniú á iarraidh, deonfidh an Chúirt don iarratasóir sin deimhniú (dá ngairmtear deimhniú tighe bhidh san alt so) á dheimhniú gur tigh bidh an t-áitreabh san chun crícheanna an Achta so, más deimhin leis an gcúirt, tar éis an t-oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, go bhfuil an t-áitreabh san ceaptha ina dhéanamh chun é d'úsáid agus go n-úsáidtear bona fide é agus nách mór ar fad mar thigh bhidh, mar thigh úrúcháin no mar áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht.
(2) Ní thabharfidh an Chúirt aon áird ar iarratas ar dheimhniú thighe bhidh maran deimhin léi ná go dtí gur deimhin léi gur tugadh don oifigeach i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin, deich lá ar a laighead roimh an lá a bheidh beartuithe chun an t-iarratas do dhéanamh, fógra i scríbhinn go rabhthas chun an t-iarratas do dhéanamh.
(3) Fanfidh gach deimhniú tighe bhidh i bhfeidhm go dtí an chéad chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil eile don líomatáiste cheadúcháin mara gceiliúrtar roimhe sin fén alt so é.
(4) Féadfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche deimhniú tighe bhidh do cheiliúra aon uair ar iarratas an oifigh i gceannas Ghárda Síochána an líomatáiste cheadúcháin más deimhin leis, tar éis an t-oifigeach san agus sealbhóir an deimhnithe sin d'éisteacht, go bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an deimhniú san tar éis scur de bheith oiriúnach ina dhéanamh chun é d'úsáid no de bheith á úsáid bona fide no nách mór ar fad mar thigh bhidh, mar thigh úrúcháin no mar áit eile chun béilí substainteacha do thabhairt don phuiblíocht.
(5) Déanfidh gach éinne is sealbhóir ar dheimhniú thighe bhidh a chur fé ndeár an deimhniú san do chur ar taisbeáint go so-fheicse san áitreabh le n-a mbaineann an deimhniú san.
Saoirsí áirithe do thithe ósta agus do thithe bidh.
13.—(1) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a thoirmeasc ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh is tigh ósta no is tigh bidh de thurus na huaire deoch mheisciúil do thabhairt d'éinne san áitreabh san aon Lá Fhéile Pádraig ná (maran ceadúnas sé lá a cheadúnas) aon Domhnach idir a haon a chlog agus a trí a chlog tráthnóna no idir a sé a chlog agus a naoi a chlog istoíche, más rud é maidir leis an digh mheisciúil sin—
(a) gur le linn don duine sin béile substainteach d'ordú a ordóidh an duine sin í, agus
(b) gur le linn agus i dteanta an bhéile sin a hólfar í, agus
(c) gur sa chuid den áitreabh san a cimeádtar ar leithligh do ghnáth chun béilí do thabhairt a tabharfar agus a hólfar í, agus
(d) gur le linn íoc as an mbéile sin a híocfar aiste.
(2) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a thoirmeasc ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh a bheidh suidhte i gcontae-bhuirg agus is tigh ósta no is tigh bidh de thurus na huaire a cheadú go n-ólfar deoch mheisciúil san áitreabh san aon dálach idir leathuair tar éis a dó a chlog agus leathuair tar éis a trí a chlog tráthnóna más rud é maidir leis an digh mheisciúil sin—
(a) gur roimh leathuair tar éis a dó a chlog tráthnóna a tabharfar don duine sin í, agus
(b) gur le linn agus i dteanta béile shubstaintigh ar a dtosnófar roimh an leathuair sin tar éis a dó a chlog a hólfar í, agus
(c) gur sa chuid den áitreabh san a cimeádtar ar leithligh do ghnáth chun béilí do thabhairt a tabharfar agus a hólfar í.
Saorisí eile o thráthanna coiscthe.
14.—Ní tuigfar go ndintar toirmeasc ná sriana le héinní san Acht so—
(a) ar dheocha meisciúla do dhíol aon uair ag stáisiún bóthair iarainn, ar theacht no ar imeacht do thraenacha, le paisnéirí do dhin no ag a mbeidh ticéadaí a thugann teideal dóibh faid nách lú ná deich míle do thaisteal chun an staisiúin sin no ón stáisiún san ar na traenacha san, ná
(b) ar dheocha meisciúla do thabhairt aon uair in áitreabh ceadúnuithe d'aon cháirde príobháideacha do shealbhóir an cheadúnais dá mbeidh sé ag tabhairt aoidheachta bona fide ar a chostas féin in aon chuid den áitreabh cheadúnuithe sin seachas an chuid de ina ndíoltar deocha meisciúla do ghnáth, ná
(c) ar dheocha meisciúla do dhíol ar bord árthaí paisneura do réir na nAcht a bhaineann leis sin, ná
(d) ar dheocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta ar charr bhidh thraenach do réir na nAcht a bhaineann leis sin, ná
(e) ar dhíol dighe meisciúla ag sealbhóir ceadúnais iomláin aon uair, in áitreabh ceadúnuithe, le duine a bheidh ar lóistín san áitreabh san an uair sin, ach ní féadfar, Lá Nodlag, Aoine an Chéasta, ná Lá Fhéile Pádraig, aon deoch mheisciúl do dhíol amhlaidh le héinne den tsórt san ach amháin le linn agus chun a hólta i dteanta béile a chaithfidh an duine sin san áitreabh san.
Taistealaithe bona fide.
15.—(1) Ní oibreoidh éinní san Acht so chun a thoirmeasc—
(a) ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg deocha meisciúla, le n'ól san áitreabh ceadúnuithe sin, do dhíol le taistealaithe bona fide aon uair aon dálach, ná
(b) ar an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh ná fuil suidhte i gcontae-bhuirg deocha meisciúla, le n'ól san áitreabh ceadúnuithe sin, do dhíol le taistealaithe bona fide—
(i) aon uair aon dálach, no
(ii) más rud é nách ceadúnas sé lá a cheadúnas, aon Domhnach i rith tréimhse ama shamhraidh idir a haon a chlog agus a hocht a chlog tráthnona no aon Domhnach eile idir a haon a chlog agus a seacht a chlog tráthnóna.
(2) Ar iarratas ón té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a bhaineann le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin agus tar éis an príomh-oifigeach don Ghárda Síochána sa líomatáiste cheadúcháin d'éisteacht, féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche, más rogha leis é, a dó a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna do chur in ionad a haon a chlog agus a hocht a chlog a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo maidir le Domhntaí i rith tréimhse ama shamhraidh, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san amhlaidh beidh éifeacht ag an bhfo-alt san roimhe seo, ar feadh a mbeidh gan caitheamh den tréimhse ama shamhraidh a bheidh ann ar dháta an orduithe no, marab i rith tréimhse ama shamhraidh a déanfar an t-ordú san, i rith na céad thréimhse ama shamhraidh a thosnóidh tar éis dáta an orduithe, fé is dá mba a dó a chlog agus a naoi a chlog tráthnóna na tráthanna do bheadh luaidhte ann maidir le Domhntaí i rith tréimhse ama shamhraidh.
(3) Gach éinne a dhéanfidh, tré n-a chur in úil go bréagach gur taistealaí bona fide é aon deoch mheisciúil do cheannach no d'fháil in aon áitreabh ceadúnuithe i rith tréimhse ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san, no a thabharfidh fén méid sin do dhéanamh amhlaidh tré n-a leithéid sin de chur-in-úil bhréagach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(4) Beidh sé ina chosaint mhaith ar aon chúiseamh i ndeoch mheisciúil do dhíol contrárdha do sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe an duine a cúiseofar amhlaidh do chruthú chun sástachta na Cúirte gur chun a hólta san áitreabh in ar díoladh í do díoladh an deoch mheisciúil sin agus gur in áitreabh agus in am i ná fuil sé nea-dhleathach fén Acht so deocha meisciúla do dhíol amhlaidh le taistealaithe bona fide do díoladh amhlaidh í agus, an té le n-ar díoladh an deoch mheisciúil sin amhlaidh, gur chuir sé in úil le linn an díola san gur thaistealaí bona fide é agus, an té bheidh á chúiseamh amhlaidh, ná raibh aon chúis réasúnta aige chun gan an ní sin do cuireadh in úil do chreidiúint.
(5) Chun crícheanna an ailt seo ní bheidh duine ina thaistealaí bona fide mara mbeidh an áit ina raibh sé ag fuireach aréir roimhe sin suidhte i gcontae-bhuirg agus cúig mhíle ar a laighead (má tomhaistear do réir na slí puiblí is giorra) ón áit ina n-iarrfa sé deoch mheisciúil do thabhairt do, no mara mbeidh an áit ina raibh sé ag fuireach aréir roimhe sin suidhte in áit eile seachas i gcontae-bhuirg agus trí mhíle ar a laighead (má tomhaistear sa tslí chéanna) ón áit ina n-iarrfa sé deoch mheisciúil do thabhairt do.
Orduithe saoirse líomatáiste.
16.—(1) Ar a chur fé bhráid Bhreitheamh na Cúirte Dúithche don oifigeach i gceannas Gárda Síochána líomatáiste cheadúcháin (nách contae-bhuirg ná cuid de chontae-bhuirg) go mbeidh deacracht mhí-réasúnta ann do shealbhóirí ceadúnaisí iomlána a ghabhann le háitreabhacha sa líomatáiste cheadúcháin sin no in aon chuid áirithe dhe na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe d'fhorchimeád aon Domhnach áirithe agus don Ghárda Síochána na forálacha san do chur i bhfeidhm an lá san mar gheall ar choinne do bheith le líon mhór daoine do theacht isteach sa líomatáiste cheadúcháin sin an lá san i gcóir ócáide speisialta, féadfidh an Breitheamh san, más oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear ordú saoirse líomatáiste san Acht so) do dheona, maidir leis an líomatáiste ceadúcháin sin no le haon chuid áirithe dhe (dá ngairmtear an líomatáiste saortha san alt so), chun na daoine uile is sealbhóirí ar cheadúnaisí iomlána a ghabhann le háitreabhacha sa líomatáiste shaortha do shaora, ar an Domhnach san, o sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, maidir leis na háitreabhacha san, ar feadh pé tréimhse no tréimhsí nách sia ar fad ná trí huaire a' chluig a luadhfar san ordú san.
(2) Pé uair a deonfar ordú saoirse líomatáiste déanfidh an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste shaortha le n-a mbaineann an t-ordú san déanfa sé, má bhaineann sé buntáiste as an ordú san, i rith na tréimhse no na dtréimhsí ar an Domhnach a bheidh luaidhte san ordú san bia agus deoch nea-mheisciúil do thabhairt ina áitreabh, ar phraghsanna réasúnta d'éinne iarrfidh iad.
(3) Pé uair a deonfar ordú saoirse líomatáiste, ansan, má dhineann agus faid a dhéanfidh an té is sealbhóir ar cheadúnas iomlán a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste shaortha le n-a mbaineann an t-ordú san forálacha an fho-ailt seo roimhe seo do chólíona beidh sé saor, ar feadh na tréimhse agus ar an Domhnach a bheidh luaidhte san ordú san, o aon phionós mar gheall ar shárú do dhéanamh, maidir leis an áitreabh san, ar na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe, ach ní bheidh sé saor o aon phionós eile fén Acht so ná fé aon Acht eile.
Daoine in áitreabh ceadúnuithe i dtráthanna coiscthe.
17.—(1) Fé réir na heisceachta a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, gach éinne a gheobhfar in aon áitreabh ceadúnuithe i rith aon ama ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san, maran rud é—
(a) gurb é sealbhóir an cheadúnais no únaer an áitreibh é, no
(b) go mbeidh comhnaí buan no diombuan air san áitreabh, no
(c) gur duine é gur féidir go dleathach deocha meisciúla do dhíol leis no do thabhairt do san áitreabh an t-am san, no
(d) go mbeidh sé ar fostú ag sealbhóir an cheadúnais no ag únaer an áitreibh agus gur i ngnáth-chúrsa na fostaíochta san a bheidh sé san áitreabh, no
(e) gurb oifigeach custum agus máil é agus é i mbun a dhualgais mar oifigeach den tsórt san,
beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(2) I gcás aon ghnó nách díol deocha meisciúla (dá ngairmtear gnó nea-cheadúnuithe sa bhfo-alt so) do bheith ar siúl in aon áitreabh ceadúnuithe agus gan an chuid den áitreabh san ina bhfuil an gnó nea-cheadúnuithe sin ar siúl do bheith deighilte ina déanamh ón gcuid eile den áitreabh san, ní bhainfidh an t-alt so leis an áitreabh san i rith aon ama ina mbeidh an t-áitreabh san ar oscailt go dleathach chun an gnó nea-cheadúnuithe sin do bheith ar siúl ann.
Duine á leigint air gur lóistéir é.
18.—Gach éinne a dhéanfidh, tré n-a chur in úil go bréagach go bhfuil sé ar lóistín in aon áitreabh ceadúnuithe, aon deoch mheisciúil do cheannach no d'fháil san áitreabh ceadúnuithe sin i rith tréimhse ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san, no a thabharfidh fén méid sin do dhéanamh amhlaidh tré n-a leithéid sin de chur-in-úil bhréagach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Dúna le hordú Breithimh.
19.—(1) Pé uair is deimhin le Breitheamh na Cúirte Dúithche, ar iarratas i scríbhinn d'fháil do o Cheannphort no o Chigire don Ghárda Síochána, go bhfuil sé oiriúnach, ar mhaithe le síocháin agus ordú puiblí, go scuirfí láithreach de dheocha meisciúla do dhíol in aon bhaile no sráid-bhaile áirithe sa líomatáiste cheadúcháin, féadfidh an Breitheamh san a ordú go ndúnfar láithreach ar feadh na coda eile den lá san, no ar feadh pé tréimhse is giorra ná san agus is leor dar leis, gach áitreabh a bheidh ceadúnuithe sa bhaile no sa tsráid-bhaile sin chun deocha meisciúla do dhíol ann.
(2) Pé uair a déanfar ordú fén alt so déanfidh gach sealbhóir ceadúnais sa bhaile no sa tsráid-bhaile le n-a mbaineann an t-ordú san, nuair a chuirfidh ball den Ghárda Síochána in úil do é de bhréithre béil, a áitreabh ceadúnuithe do dhúna láithreach agus é do chimeád dúnta ar feadh an ama a bheidh luaidhte san ordú san, agus éinne ná déanfidh no a eiteoidh téarmaí aon ordú den tsórt san do chólíona, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
(3) Pé uair a déanfar ordú fén alt so agus ná déanfidh no go n-eiteoidh sealbhóir ceadúnais an t-ordú san do chólíona féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána pé neart is gá do chur i bhfeidhm chun a chur in áirithe go gcólíonfar an t-ordú san.
Daoine do leigint isteach in amharclanna.
20.—(1) Ní leigfar éinne isteach in aon amharclainn tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche maran rud é—
(a) gur dhin sé roimh ré suíochán san amharclainn sin do chur in áirithe no íoc as i gcóir léiriú no siamsa a bheidh ar siúl no ar trí tosnú an uair sin, no
(b) go mbeidh sé ar fostú san amharclainn sin no go mbeidh gnó aige le duine bheidh ar fostú amhlaidh.
(2) Má leigtar éinne isteach in aon amharclainn contrárdha don alt so, beidh sealbhóir an cheadúnais amharclainne a bhaineann leis an amharclainn sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Deocha meisciúla do dhíol in amharclanna.
21.—(1) Na forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe ní bhainfid le hamharclainn.
(2) San alt so cialluíonn an focal “am ceaduithe” tréimhse a thosnóidh leathuair a' chluig roimh thosach léirithe san amhar clainn go n-úsáidtear an focal ina taobh agus a chríochnóidh leathuair a' chluig tar éis deire an léirithe sin.
(3) Ní bheidh sé dleathach aon deocha meisciúla do mhiondíol ná do thaisbeáint chun a miondíolta in aon amharclainn—
(a) aon uair ach i rith ama cheaduithe, ná
(b) le héinne seachas daoine
(i) a bheidh ar fostú san amharclainn an uair sin, no
(ii) do chur suíocháin san amharclainn in áirithe no d'íoc asta i gcóir an léirithe a bheidh no a bhí ar siúl i rith an ama cheaduithe no i rith ceachtar de sna hamanta ceaduithe a bheidh ann an uair sin, ná
(c) in aon pháirt den amharclainn go mbeidh cead dul isteach ann an uair sin ag daoine eile seachas na daoine sin le n-a bhféadfar deocha meisciúla do dhíol san amharclainn sin an uair sin.
(4) Gach éinne a dhéanfidh aon deoch mheisciúil do mhiondíol no do thaisbeáint chun a miondíolta in amharclainn contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí más rogha leis an gCúirt é agus fós, i gcás an dara cionta san no an chionta san ina dhiaidh sin, geallbhruidhe an cheadúnais amharclainne más rogha leis an gCúirt é.
Comhachta an Ghárda Síochána.
22.—(1) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána ainm agus seola aon duine a gheobhfar in aon áitreabh ceadúnuithe i rith aon ama ina dtoirmiscthear leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol san áitreabh san d'éileamh ar an duine sin agus má bhíonn cúis aige chun a mheas go bhfuil ainm no seola a thug an duine sin uaidh mar fhreagra ar an éileamh san bréagach no míthreorach féadfa sé fianaise neartathach ar an ainm no ar an seola san d'éileamh ar an duine sin, agus mara ndinidh no má eitíonn aon duine den tsort san a ainm agus a sheola no ceachtar acu no an fhianaise neartathach san do thabhairt uaidh ar a éileamh san air amhlaidh no má thugann sé uaidh ainm no seola no fianaise neartatach a bheidh bréagach no mí-threorach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
(2) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána, gan barántas, éinne do ghabháil ná déanfidh no a eiteoidh a ainm agus a sheola no ceachtar acu no fianaise neartathach den tsórt san roimhráite do thabhairt uaidh ar éileamh na hainme agus an tseola san no na fianaise sin air go dleathach fén alt so.
(3) Sa Licensing Act, 1872, agus sa Licensing Act (Ireland), 1874, folóidh an focal “constable” aon bhall den Ghárda Síochána agus léireofar na hAchtanna san agus beidh éifeacht acu dá réir sin.
(4) In alt 23 den Licensing Act (Ireland), 1874, folóidh an focal “provisions of the principal Act or this Act” forálacha an Achta láithrigh seo, agus léireofar an t-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Rudaí ná bainfidh an Chuid seo den Acht so leo.
23.—Ní bhainfidh an Chuid seo den Acht so—
(a) le haon chlub a bheidh cláruithe de thurus na huaire fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ná
(b) le haon cheantín a bheidh ar bun fé údáras an Aire Cosanta, ná
(c) le mórdhíol deocha meisciúla in aon áitreabh nách áitreabh ceadúnuithe, ná
(d) le díol biotaille cóguisithe no metilithe no biotáille déanta suas i gcóguisí agus á díol ag dochtúirí leighis cláruithe no ag daoine is ceimiceoirí agus drugairí, no ag ceimiceoirí cóguisíochta no ag drugairí cláruithe.
CUID III.
Cul-scribhinn do chur ar Cheadunaisi.
Léiriú.
24.—Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn agus foluíonn an focal “cionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so” aon chionta i gcoinnibh aon achtacháin dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no i gcoinnibh aon achtacháin atá i bhfeidhm de thurus na huaire agus a bhaineann le truailliú dighe no aon chionta fé sna forálacha den Acht so a bhaineann le tráthanna coiscthe.
Ciontuithe do bhreaca ar cheadúnaisí.
25.—(1) Pé uair a déanfar sealbhóir aon cheadúnais miondíolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ansan, i gcás gan an té a ciontófar amhlaidh do bheith ina shealbhóir ach ar aon cheadúnas amháin den tsórt san, breacfar an ciontú ar an gceadúnas san no, más sealbhóir an duine sin ar dhá cheadúnas no níos mó den tsórt san a bhaineann leis an aon áitreabh amháin, breacfar ar gach ceadúnas acu é no, más sealbhóir é ar dhá cheadúnas no níos mó den tsórt san agus ná bainid uile leis an aon áitreabh amháin breacfar é ar pé ceann no cinn de sna ceadúnaisí sin a bhaineann leis an áitreabh gur dineadh an cionta ina thaobh.
(2) Pé uair a breacfar ciontú sealbhóra cheadúnais ar an gceadúnas san fén alt so leanfidh an ciontú san breactha amhlaidh ar feadh tréimhse cúig mblian o dháta an chiontuithe i gcás an chéad chiontuithe a breacfar amhlaidh ar an gceadúnas san tar éis rithte an Achta so agus leanfa sé breactha amhlaidh ar feadh tréimhse seacht mblian o dháta an chiontuithe i gcás an dara ciontuithe a breacfar amhlaidh ar an gceadúnas san tar éis rithte an Achta so agus leanfa sé breactha amhlaidh ar feadh tréimhse deich mblian o dháta an chiontuithe i gcás an tríú ciontuithe agus gach ciontuithe ina dhiaidh sin a breacfar amhlaidh ar an gceadúnas san tar éis rithte an Achta so.
(3) Gach ciontú a breacfar ar cheadúnas fén alt so scuirfe sé chun gach críche de bheith breactha ar bheith caithte don tréimhse ina mbeidh sé, fén bhfo-alt san roimhe seo, le leanúint breactha amhlaidh.
Ordú speisialta i gcoinnibh ciontú do bhreaca.
26.—(1) Pé uair a dhéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche sealbhóir ceadúnais díolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, ansan, má bhíonn an Breitheamh san sásta, toise a shuaraighe atá an cionta, nách ceart an ciontú san do bhreaca ar an gceadúnas san, féadfa sé ordú do dhéanamh ag innsint na nithe a dhineann an cionta bheith suarach agus á fhaisnéis ná breacfar an ciontú san, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san amhlaidh ní breacfar an ciontú san amhlaidh.
(2) Pé uair a dhéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche ordú fén bhfo-alt san roimhe seo ar chúiseamh ar agra bhall den Ghárda Síochána luighfidh athchomharc ar agra an chúisitheora san chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá chuaird a bheidh dúthaigh no cuid de dhúthaigh an Bhreithimh Chúirte Dúithche sin suidhte i gcoinnibh an orduithe sin ach ní hi gcoinnibh an chiontuithe gur dineadh an t-ordú san ina thaobh, agus má caithtear amach an t-athchomharc san féadfidh an Breitheamh Cúirte Cuarda san a ordú go n-íocfidh an cúisitheoir sin costaisí an athchomhairc.
Féadfidh an Chúirt Chuarda a ordú gan ciontú do bhreaca.
27.—Pé uair a dhéanfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche sealbhóir aon cheadúnais díolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so luighfidh athchomharc i gcoinnibh an chiontuithe sin chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda gur laistigh dá chuaird a bheidh dúthaigh no cuid de dhúthaigh an Bhreithimh Chúirte Dúithche sin suidhte agus beidh breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda san ina breith dheiridh agus ina breith nách féidir athchomharc ina coinnibh agus ar éisteacht an athchomhairc sin, bíodh is go ndaingneodh sé an ciontú san, féadfidh an Breitheamh Cúirte Cuarda san, má bhíonn sé sásta ar réasúin leathscéalachta (a luadhfar in ordú na Cúirte) nách ceart an ciontú san do bhreaca ar an gceadúnas san, ordú do dhéanamh á fhaisnéis ná breacfar an ciontú san, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san amhlaidh ní breacfar an ciontú san amhlaidh agus tuigfar chun gach críche nár breacadh amhlaidh riamh é agus dá réir sin tuigfar aon gheallbhruide a tháinig as breaca an chiontuithe sin do bheith curtha ar nea-mbrí.
Geallbhruide ceadúnaisí.
28.—(1) Pé uair a déanfar sealbhóir ceadúnais miondíolta deocha meisciúla do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, agus a breacfar an ciontú san ar an gceadúnas san de bhua na Coda so den Acht so, agus a bheidh dhá chiontú (a dineadh tar éis dáta rithte an Achta so) breachtha ar an gceadúnas san de bhua na Coda so den Acht so am an bhreactha san, leis sin geallbhruidfar an ceadúnas san.
(2) I gcás ceadúnas do gheallbhruide fén alt so ní deonfar aon cheadúnas nua aon uair ina dhiaidh sin maidir leis an áitreabh ná le haon chuid den áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san.
Dhá chionta no níos mó ar an aon lá amháin.
29.—Pé uair a déanfar sealbhóir ceadúnais miondíolta deocha meisciúla do chiontú i dhá gcionta no níos mó le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus gur ar an aon lá amháin a dineadh na ciontaí sin, féadfidh an Chúirt a chiontóidh an sealbhóir sin amhlaidh no an Chúirt a dhaingneoidh an ciontú san ar athchomharc (pe'ca aca é), féadfa sí, más oiriúnach léi é, a ordú go ndéanfar pé ciontú no ciontuithe acu san is oiriúnach leis an gCúirt sin, ach ní hiad go léir, d'fhágaint gan a mbreaca ar an gceadúnas san, agus pé uair a déanfar ordú den tsórt san déanfar d'ainneoin forálacha an Achta so, an ciontú no na ciontuithe gur ina dtaobh a dineadh an t-ordú d'fhágaint gan breaca ar an gceadúnas san agus, i gcás ordú a dineadh ar athchomharc, tuigfar chun gach críche nár breacadh amhlaidh riamh an ciontú no na ciontuithe sin.
Faoiseamh do cheannathóirí bona fide.
30.—(1) I gcás iarratais ar dheimhniú ar aistriú ceadúnais miondíolta deocha meisciúla, pé uair a dhéanfidh an t-iarratasóir, le linn an iarratais sin, a chur ina luighe ar an gCúirt gur chun éifeacht do thabhairt do dhíol bona fide an cheadúnais sin agus an áitreibh le n-a ngabhann sé ar airgead no ar luach airgid a theastuíonn an t-aistriú, ansan, má dheonann an Chúirt an deimhniú san, ordóidh sí sa deimhniú san agus leis an deimhniú san gach cionta (más ann do) a bheidh breactha, fén gCuid seo den Acht so, ar an gceadúnas san an uair sin do scur, le linn an aistrithe sin, de bheith breactha amhlaidh, agus pé uair a tabharfar an t-ordú san amhlaidh scuirfidh gach cionta den tsórt san de bheith breactha ar an gceadúnas san le linn aistrithe an cheadúnais sin do réir an deimhnithe sin agus déanfar an ceadúnas san d'aistriú amhlaidh saor agus glan o bhreactha na gciontaí sin agus as san amach beidh éifeacht aige chun gach críche fé is dá mba ná breacfí na ciontaí sin riamh air.
(2) Pé uair a déanfar ceadúnas (dá ngairmtear an chéad cheadúnas anso ina dhiaidh seo) d'aistriú saor agus glan, fén bhfo-alt san roimhe seo, o bhreaca cionta, agus a dhéanfidh an té ba shealbhóir ar an gceadúnas san díreach roimh an aistriú san (dá ngairmtear an chéad aistriú anso ina dhiaidh seo) deimhniú d'iarraidh (pe'ca sa líomatáiste cheadúcháin chéanna no i líomatáiste eile ceadúcháin é), laistigh de chúig bliana tar éis an aistrithe sin, ar aistriú (dá ngairmtear an dara haistriú anso ina dhiaidh seo) chuige féin ar an gceadúnas gcéanna no ar cheadúnas eile (dá ngairmtear an dara ceadúnas anso ina dhiaidh seo), ansan, má dheonann an Chúirt an deimhniú san, ordóidh sí sa deimhniú san agus leis an deimhniú san gach cionta a bhí breactha, fén gCuid seo den Acht so, ar an gcéad cheadúnas díreach roimh an gcéad aistriú do bhreaca ar an dara ceadúnas ar dhéanamh an dara haistrithe, agus pé uair a tabharfar an t-ordú san amhlaidh breacfar gach cionta den tsórt san ar an dara ceadúnas ar dhéanamh an dara haistrithe, agus o am an dara haistrithe amach beidh éifeacht ag an mbreaca san fé is dá mb'ar an dara ceadúnas a déanfí é nuair a dineadh ar an gcéad cheadúnas é ach amháin go leigfar ar lár an tréimhse idir an chéad aistriú agus an dara haistriú chun an fhaid a mhairfidh an breaca san fén Acht so do thomhas.
(3) Beidh sé de dhualgas ar gach éinne a iarrfidh deimhniú ar aistriú le n-a mbainfadh an fo-alt san roimhe seo na dátáin gur mar gheall ortha a bhaineann an fo-alt san leis an aistriú san amhlaidh do nochta don Chúirt le linn an iarratais sin, agus gach éinne den tsórt san ná déanfidh an nochta san no a dhéanfidh faillí ar a dhéanamh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air agus fós, más rud é, ar dháta an chiontuithe sin, gurb é an duine sin is sealbhóir ar an gceadúnas is abhar don deimhniú san, tuigfar gach cionta a breacfí fén bhfo-alt san roimhe seo ar an gceadúnas san dá ndintí an nochta san go cuibhe do bheith breactha amhlaidh go cuibhe do réir an fho-ailt sin.
(4) I ngach iontráil a déanfar i gclár de cheadúnaisí ar dheimhniú ar aistriú ina dtabharfar agus le n-a dtabharfar ordú fén alt so beidh mion-innste an orduithe sin.
Ciontú d'fhágaint gan a bhreaca ar cheadúnas.
31.—Má fágtar gan a bhreaca ar cheadúnas ciontú a héilítear leis an Acht so do bhreaca air ní dhéanfidh san dochar ná deifir do dhleathacht ná d'éifeacht an chiontuithe sin ná (maran le hordú o Chúirt fén Acht so a fágfar gan breaca é) ní shaorfa sé an duine ciontuithe o éinní a thiocfadh de dheascaibh an chiontuithe sin dá mbreactí amhlaidh é.
Forálacha generálta i dtaobh ciontuithe do bhreaca.
32.—(1) Pé uair a déanfar sealbhóir ceadúnais mhiondíolta deocha meisciúla do chúiseamh i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so déarfar sa ghairm no sa scríbhinn eile le n-a dtabharfar an duine sin i láthair Cúirte chun é thriail sa chúis sin go n-éileofar ar an sealbhóir sin an ceadúnas san do thaisbeáint don Chúirt ag an triail sin, agus ag an triail sin éileoidh an Chúirt ar an sealbhóir sin an ceadúnas san do thaisbeáint agus é do sheachada don chlárathóir, don chléireach no do phríomh-oifigeach eile don Chúirt.
(2) Pé uair a dhéanfidh aon Chúirt no a déanfar ina láthair sealbhóir aon cheadúnais den tsórt san roimhráite do chiontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so beidh éifeacht ag na forálacha so a leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfidh an clárathóir, an cléireach, no príomh-oifigeach eile don Chúirt dáta an chiontuithe sin agus pé mioninnste eile air is gá sa chás do chur mar chúl-scríbhinn ar an gceadúnas san láithreach;
(b) marab é an príomh-oifigeach san an cléireach cúirte dúithche a chimeádann an clár de cheadúnaisí ina bhfuil an ceadúnas san cláruithe, déanfidh an príomhoifigeach san fógra i dtaobh an chiontuithe sin maraon le gach mion-innsint tháchtach do chur chun an chléirigh chúirte dúithche sin;
(c) má thagann de dheascaibh an chiontuithe sin an ceadúnas san do gheallbhruide, coinneoidh an príomhoifigeach san an ceadúnas san agus, marab é siúd an cléireach cúirte dúithche roimhráite, cuirfe sé an ceadúnas san chun an chléirigh chúirte dúithche sin;
(d) déanfidh an cléireach cúirte dúithche sin dáta an chiontuithe sin agus pé mion-innste eile air is gá sa chás d'iontráil sa chlár do cheadúnaisí ina bhfuil an ceadúnas san cláruithe;
(e) má thagann de dheascaibh an chiontuithe sin an ceadúnas san do gheallbhruide, cuirfidh an cléireach cúirte dúithche sin fógra i dtaobh an gheallbhruidthe sin go dtí an t-oifigeach ceart do sna Coimisinéirí Ioncuim.
(3) Pé uair a dhéanfidh an Chúirt Chuarda ordú ar athchomharc i gcoinnibh ciontú i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so, déanfidh an clárathóir contae fógra i dtaobh an orduithe sin maraon leis na mionn-innste táchtacha air do chur láithreach chun an chléirigh chúirte dúithche a chimeádann an clár de cheadúnaisí ina bhfuil an ceadúnas san cláruithe, agus ar fháil an fhógra san do, iontrálfidh an cléireach cúirte dúithche sin sa chlár san pé mion-innste is gá sa chás ar an ordú san agus, pé uair a dhéanfidh an t-ordú san an ceadúnas san do gheallbhruide no deifir in aon tslí dá gheallbhruide, cuirfe sé fógra i dtaobh an orduithe sin go dtí an t-oifigeach ceart do sna Coimisinéirí Ioncuim.
Cláracha agus cúl-scríbhinní do ghlaca mar fhianaise.
33.—(1) Glacfar gach clár de cheadúnaisí in aon Chúirt mar fhianaise ar gach a mbeidh iontrálta ann do réir an Achta so agus go sonnrách ar gach ciontú, breaca ciontú, agus geallbhruide ceadúnais a bheidh iontrálta amhlaidh ann.
(2) Gach cúl-scríbhinn ar cheadúnas ag luadh ní a héilítear leis an Acht so a chur i gcúl-scríbhinn amhlaidh, má tugtar le tuisgint leis an gcúl-scríbhinn sin gurb é an t-oifigeach ar a n-éilítear leis an Acht so í dhéanamh do dhin agus do shighnigh í, beidh sí ina fianaise ar na nithe adeirtar sa chúl-scríbhinn sin gan cruthúnas ar shighniú ná ar údarás an oifigigh sin.
(3) Gach cóip d'iontráil a bheidh déanta i gclár de cheadúnaisí do réir an Achta so, má tugtar le tuisgint leis an gcóip sin gurb é an cléireach cúirte dúithche a chimeádann an clár san do shighnigh í agus do dheimhnigh gur cóip dhílis í, glacfar í in aon Chúirt (gan cruthúnas ar shighniú ná ar údarás an té do shighnigh agus do dheimhnigh í) mar chóip dhílis den iontráil sin agus mar fhianaise ar éinní ar a mbeadh an iontráil sin ina fianaise.
Pionós mar gheall ar bhreaca chiontú ar cheadúnas d'agha-lot.
34.—Má dhineann éinne aon bhreaca ciontú ar a cheadúnas d'agha-lot no do scrios amach no tabhairt fé beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Baint an Probation of Offenders Act, 1907.
35.—Ní bhainfidh forálacha fo-alt (1) d'alt 1 den Probation of Offenders Act, 1907, le cás ina gcúiseofar éinne i láthair Breithimh den Chúirt Dúithche i gcionta le n-a mbaineann an Chuid seo den Acht so agus ina measfidh an Chúirt go bhfuil an chúis cruthuithe.
CUID IV.
Lion na gCeadunaisi do Laigheadu.
Léiriú.
36.—(1) Sa Chuid seo den Acht so léireofar gach tagairt do líomatáiste cheadúcháin maidir le háitreabh mar thagairt don líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh san suidhte agus léireofar gach tagairt do líomatáiste cheadúcháin maidir le ceadúnas no le sealbhóir ceadúnais mar thagairt don líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas san suidhte.
(2) Sa Chuid seo den Acht so léireofar gach tagairt d'údarás chúitimh maidir le líomatáiste ceadúcháin mar thagairt d'údarás chúitimh an líomatáiste cheadúcháin sin agus léireofar gach tagairt d'údarás chúitimh maidir le ceadúnas mar thagairt d'údarás chúitimh an líomatáiste cheadúcháin ina bhfuil an t-áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas san suidhte.
(3) Sa Chuid seo den Acht so—cialluíonn an focal “ceadúnas” ceadúnas chun deocha meisciúla do mhiondíol chun a n-ólta san áitreabh ach ní fholuíonn sé ceadúnas a ghabhann—
(i) le tigh ósta no le tigh bidh ná fuil aon bheár ann chun deocha meisciúla do dhíol, no
(ii) le hamharclainn, no
(iii) le seomra úrúcháin bóthair iarainn, no
(iv) le ceantín atá ar bun fé údarás an Aire Cosanta, agus
cialluíonn an focal “áitreabh ceadúnuithe” (ach amháin nuair adeirtar a mhalairt go soiléir) áitreabh gur deonadh ceadúnas agus go bhfuil sé i bhfeidhm maidir leis.
Údaráis Chúitimh.
37.—(1) Beidh údarás cúitimh ann do gach líomatáiste ceadúcháin agus isé bheidh ina údarás cúitimh den tsórt san ná an Breitheamh no an Breitheamh ionaid no conganta den Chúirt Chuarda a bheidh ag feidhmiú údaráis de thurus na huaire sa chontae no sa chontae-bhuirg ina bhfuil an tigh cúirte suidhte inar gnáth suidheanna na Cúirte Dúithche do bheith de thurus na huaire chun gnó ceadúcháin do dhéanamh don líomatáiste cheadúcháin.
(2) An clárathóir contae gur laistigh dá líomatáiste údaráis atá an tigh cúirte sin d'aon líomatáiste ceadúcháin suidhte isé a ghníomhóidh mar chlárathóir d'údarás chúitimh an líomatáiste cheadúcháin sin.
(3) Beidh ag gabháil le gach údarás cúitimh meastóir a thabharfidh don údarás chúitimh le n-a ngabhann sé comhairle i dtaobh éinní a bhaineann le cúiteamh do mheas fén Acht so agus a chuirfidh an t-údarás cúitimh sin fé n-a bhráid.
(4) Isé an tAire a cheapfidh gach meastóir d'údarás chúitimh agus ní foláir an meastóir sin do bheith ina cheainteálaí, ina shuirbhéir, ina luachálaí no ina dhuine eile go mbeidh taithí aige ar áitreabhacha ceadúnuithe do dhíol no do luacháil agus beidh sé i seilbh oifige ar feadh cúig mblian o dháta a cheaptha agus an fhaid sin amháin mara bhfagha sé bás no mara n-eirighe sé as oifig roimhe sin, ach beidh sé ion-athcheaptha.
(5) Féadfidh an tAire gach meastóir d'údarás chúitimh do chur as oifig aon uair le haontú an údaráis chúitimh mar gheall ar mhí-iompar no ar mhí-ábaltacht.
(6) Íocfar le gach meastóir d'údarás chúitimh, amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, pé luach saothair, pe'ca i bhfuirm tuarastail no i bhfuirm táillí é, a ordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.
(7) Féadfar an t-éinne amháin do cheapa chun bheith ina mheastóir do dhá údarás chúitimh no níos mó.
(8) Ní ceapfar chun bheith ina mheastóir d'údarás chúitimh éinne a bheidh ag gabháil do dheocha meisciúla do dhéanamh no do dhíol no 'na mbeidh baint aige leis sin.
Cistí cúitimh.
38.—(1) Bunófar do gach líomatáiste ceadúcháin ciste dá ngairmfar ciste cúitimh an líomatáiste cheadúcháin.
(2) Isé príomh-oifigeach na Roinne Dlí agus Cirt no pé oifigeach eile don Aire a ordóidh an tAire o am go ham a bheidh ina chisteoir do gach ciste cúitimh a bunófar fén alt so agus sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “an cisteoir” an t-oifigeach san a bheidh ina chisteoir den tsórt san de thurus na huaire.
(3) Féadfidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, rialacha do dhéanamh chun cistí cúitimh a bunófar fén Acht so do bhainistí agus chun cuntaisí na gcistí sin do chimeád agus d'iniúcha.
An scór ar a bhféadfar deire do chur le ceadúnaisí.
39.—(1) Féadfar deire do chur le ceadúnas fén gCuid seo den Acht so ar an scór so a leanas agus ní har aon scór eile, sé sin le rá, go bhfuil an iomad áitreabhacha ceadúnuithe sa líomatáiste cheadúcháin agus gur cheart deire do chur leis an gceadúnas san seachas aon cheadúnas eile a ghabhann le háitreabh sa líomatáiste cheadúcháin.
(2) Le linn bheith ag féachaint ce'ca tá an iomad áitreabhacha ceadúnuithe i líomatáiste ceadúcháin no ná fuil tabharfidh an Chúirt Dúithche no an t-údarás cúitimh (pe'ca aca é) fé ndeara cadé an saghas (ce'ca áit chomnathóireachta, áit thalmhaíochta, áit déantóireachta, no saghas eile) an líomatáiste ceadúcháin, an méid áitreabhacha ceadúnuithe atá sa líomatáiste i gcomórtas leis an méid daoine atá ann, an méid gnótha a dhineann áitreabhacha ceadúnuithe sa líomatáiste, an méid meisce a bhíonn sa líomatáiste, agus éinní eile is dó leis an gCúirt Dúithche no leis an údarás cúitimh (pe'ca aca é) a bhaineann leis an scéal.
(3) Le linn bheith ag féachaint ce'ca ba cheart no nár cheart deire do chur le ceadúnas seachas ceadúnaisí eile áireoidh an Chúirt Dúithche no an t-údarás cúitimh (pe'ca aca é) na nithe seo a leanas mar réasúin chun deire do chur leis an gceadúnas seachas ceadúnaisí eile, sé sin le rá:—
(a) gur beag é an méid gnótha a dintar san áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas,
(b) go bhfuil déanamh agus staid deisiúcháin an áitreibh sin go holc,
(c) go bhfuil an chóiríocht atá san áitreabh san do chustuiméirí nea-shásúil maidir le n-a saghas no le n-a méid,
(d) ná fuil an gnó atá ar siúl san áitreabh san á stiúrú sa cheart,
(e) go bhfuil suidheamh an áitreibh sin de shaghas gur deacair do sna gárdaí an t-áitreabh d'fhaire.
Orduithe curtha ceiste.
40.—(1) Féadfidh aon oifigeach den Ghárda Síochána a iarraidh ar an gCúirt Dúithche sa chúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil do líomatáiste cheadúcháin go gcuirfí fé bhráid an údaráis chúitimh an cheist i dtaobh ce'ca ba cheart deire do chur le ceadúnas áirithe a ghabhann le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin sin no nár cheart.
(2) Ní thabharfidh an Chúirt Dúithche aon áird ar iarratas fén alt so maran deimhin léi ná go dtí gur deimhin léi gur dineadh fógra i scríbhinn, go rabhthas chun an t-iarratas do dhéanamh, do thabhairt do shealbhóir an cheadúnais le n-a mbaineann an t-iarratas agus don chléireach chúirte dúithche deich lá ar a laighead roimh lá na cúirte dúithche ceadúcháin bhliantúla ina bhfuiltar chun an t-iarratas do dhéanamh.
(3) Ar éisteacht iarratais fén alt so dhi déanfidh an Chúirt, más deimhin léi gur cruthuíodh cás prima facie chun deire do chur leis an gceadúnas le n-a mbaineann an t-iarratas, ordú (da ngairmtear ordú curtha ceiste sa Chuid seo den Acht so) ag cur na ceiste, i dtaobh deire chur leis an gceadúnas san, fé bhráid údaráis chúitimh an líomatáiste cheadúcháin, agus maran deimhin léi an ní sin caithfe sí amach an t-iarratas gan dochar d'iarratas nua do dhéanamh i dtaobh an cheadúnais chéanna i gcúirt dúithche cheadúcháin bhliantúil a bheidh ann ina dhiaidh sin.
(4) Pé uair a déanfar ordú curtha ceiste cuirfidh an cléireach cúirte dúithche cóip den ordú chun clárathóra an údaráis chúitimh láithreach.
(5) Ar éisteacht iarratais fén alt so beidh an t-oifigeach den Ghárda Síochána a bheidh ag déanamh an iarratais agus sealbhóir an cheadúnais le n-a mbaineann an t-iarratas beidh siad-san, agus ní bheidh aon pháirtí eile, i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair.
(6) Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh ordú a dhéanfidh an Chúirt Dúithche ar iarratas fén alt so agus ní molfar le haon ordú den tsórt san ceachtar de sna páirtithe d'íoc aon chostaisí leis an bpáirtí eile.
(7) Má dintar ordú curtha ceiste i dtaobh ceadúnais ní dhéanfidh san dochar ná deifir don cheadúnas san d'athnuachaint ná do dheimhniú ar an athnuachaint sin do dheona.
Orduithe scriosa.
41.—(1) Chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis ordú curtha ceiste do bheith déanta agus in aon chás ar dháta nách déanaí ná an 31adh lá den chéad Mhí na Nodlag ina dhiaidh sin éistfidh agus socróidh an t-údarás cúitimh a bheidh ainmnithe san ordú curtha ceiste an cheist i dtaobh ce'ca ba cheart deire do chur leis an gceadúnas is abhar don ordú curtha ceiste sin no nár cheart, agus ar dhéanamh na héisteachta san má shocruíonn an t-údarás cúitimh gur cheart deire do chur leis an gceadúnas san déanfidh an t-údarás cúitimh ordú (dá ngairmtear ordú scriosa sa Chuid seo den Acht so) ag cur deire leis an gceadúnas san um meán oíche ar an 30adh lá den chéad Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin.
(2) Más rud é, ar dhéanamh aon éisteachta den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo, go socróidh an t-údarás cúitimh nár cheart deire do chur leis an gceadúnas is abhar don éisteacht déanfidh an t-údarás cúitimh ordú gan deire do chur leis an gceadúnas san an uair sin, ach beidh gach ordú den tsórt san gan dochar d'imeachta nua do bhunú aon bhliain ina dhiaidh sin chun deire do chur leis an gceadúnas san.
(3) Oibreoidh gach ordú scriosa chun deire do chur leis an gceadúnas is abhar don ordú um meán oíche agus o mheán oíche ar an 30adh lá den chéad Mheán Fhomhair tar éis dáta an orduithe, agus ní hathnuafar an ceadúnas san i gcóir aon tréimhse tar éis an dáta san ná ní deonfar aon cheadúnas nua aon uair tar éis dáta an orduithe scriosa san don áitreabh ná d'aon chuid den áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san.
(4) Le linn éisteacht do dhéanamh d'údarás chúitimh fén alt so beidh oifigeach den Ghárda Síochána agus sealbhóir an cheadúnais le n-a mbaineann an éisteacht, agus ní bheidh aon pháirtí eile, i dteideal éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair.
(5) I ngach ordú scriosa agus leis ceapfidh an t-údarás cúitimh dáta caothúil nách déanaí ná an 30adh lá den chéad Abrán ina dhiaidh sin don tsuidhe chun socrú ar mhéid an chúitimh i ndeire do chur leis an gceadúnas le n-a mbaineann an t-ordú.
(6) Pé uair a déanfar ordú scriosa déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san fógra d'fhoillsiú láithreach san Iris Oifigiúil gur dineadh an t-ordú san, fógra ina mbeidh pé mion-innste a ordóidh an tAire Dlí agus Cirt.
Cúiteamh ar dheire do chur le ceadúnas.
42.—(1) Pé uair a déanfar ordú scriosa íocfar cúiteamh do réir forálacha na Coda so den Acht so i ndeire do chur leis an gceadúnas le n-a mbaineann an t-ordú.
(2) Ar an dáta a ceapfar chuige sin san ordú scriosa no an chéad uair a gheobhfar caoi air ina dhiaidh sin, ach ní níos déanaí in aon chás ná an 30adh lá den chéad Abrán tar éis dáta an orduithe scriosa, déanfidh an t-údarás cúitimh le hordú (dá ngairmtear ordú cúitimh sa Chuid seo den Acht so) méid an chúitimh is iníoctha fén alt so de bharr an orduithe scriosa san do shocrú agus ag an suidhe chun méid an chúitimh sin do shocrú féadfidh na páirtithe seo a leanas agus ní fhéadfidh aon pháirtí eile éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair, sé sin le rá:—
(a) éinne adéarfidh go bhfuil teideal aige chun an cúiteamh no cuid de d'fháil, agus
(b) éinne i seilbh cheadúnais a bhaineann le háitreabh sa líomatáiste cheadúcháin, agus
(c) Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann.
(3) Isé cúiteamh is iníoctha fén alt so ná—
(a) an chailliúint luacha, a gheobhfar amach sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, maidir leis an leas sealbhaireachta de dheascaibh deire do chur leis an gceadúnas, agus ina teanta san
(b) má sé tuairim an údaráis chúitimh go raibh cailliúint luacha ann maidir le leas an ghar-léasóra de dheascaibh deire do chur leis an gceadúnas, an chailliúint luacha san, a gheobhfar amach sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, agus ina teanta san
(c) in aon chás, pé suim bhreise is dó leis an údarás cúitimh do bheith réasúnta ag cuimhneamh do go mbeidh ar na páirtithe a gheobhaidh an cúiteamh a gcostaisí féin d'íoc maidir le gach imeacht i dtaobh an chúitimh agus, i gcás sealbhóra an cheadúnais, maidir leis an ordú curtha ceiste agus leis an ordú scriosa.
(4) Chun críche an fho-ailt sin roimhe seo isé is cailliúint luacha ann ná an deifríocht idir na luachanna so a leanas, sé sin le rá:—
(a) an méid do b'fhiú an leas sealbhaireachta no leas an gharléasóra (pe'ca aca é) ar an marga oscailte an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndintí, i gcás an leasa shealbhaireachta, an leas san do dhíol maraon leis an gceadúnas do ghaibh leis agus maraon le gach feisteas trádála san áitreabh ceadúnuithe an lá san agus maraon le seilbh ghlan don cheannathóir no, i gcás leas an ghar-léasóra, an leas san do dhíol ar an mbása go raibh an ceadúnas ar bith agus maraon le tairbhe na gceart (dá mb'ann dóibh) do bheadh ag an ngar-léasóir maidir leis an gceadúnas, agus
(b) an méid do b'fhiú an leas san ar an marga oscailte an lá san, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndintí, i gcás an leasa shealbhaireachta, é dhíol gan an ceadúnas san agus gan na feistisí sin ach maraon le seilbh ghlan don cheannathóir no, i gcás leas an ghar-léasóra, é dhíol ar an mbása ná fuil an ceadúnas ar bith.
(5) Nuair a bheidh an t-údarás cúitimh ag socrú méid an chúitimh socróidh sé leis an ordú gcéanna, leis, ce'ca tá aon chuid agus, má tá aon chuid, cá mhéid den chúiteamh is iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra.
(6) Má shocruíonn an t-údarás cúitimh aon chuid den chúiteamh do bheith iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra tuigfar an chuid eile den chúiteamh do bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta, agus má shocruíonn an t-údarás cúitimh gan aon chuid den chúiteamh do bheith iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra tuigfar iomlán an chúitimh do bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta.
(7) Ní bhainfidh fo-ailt (3) (4) (5), agus (6) den alt so le cás ina mbeidh an leas sealbhaireachta fé réir chumhnaint, chó-aontú, no choiníll ná díolfidh únaer an leasa san ach deocha meisciúla do ceannuíodh ón ngar-léasóir no thríd (pe'ca le gach saghas no le saghas no saghsanna áirithe amháin dighe meisciúla a bhaineann an cumhnant, an có-aontú, no an coiníoll san), agus in ionad na bhfo-alt san bainfidh na forálacha so a leanas leis an gcás, sé sin le rá:—
(a) isé cúiteamh is iníoctha fén alt so ná an chailliúint luacha, a gheobhfar amach sa tslí a luaidhtear anso ina dhiaidh seo, maidir le leas an ghar-léasóra de dheascaibh deire do chur leis an gceadúnas, maraon le pé suim bhreise is dó leis an údarás cúitimh do bheith réasúnta ag cuimhneamh do go mbeidh ar na páirtithe a gheobhaidh an cúiteamh (maraon le sealbhóir an cheadúnais) a gcostaisí féin d'íoc maidir le gach imeacht i dtaobh an chúitimh agus, i gcás sealbhóra an cheadúnais, maidir leis an ordú curtha ceiste agus leis an ordú scriosa;
(b) isé rud an chailliúint luacha san ná an deifríocht idir na luachanna so a leanas, sé sin le rá:—
(i) an méid do b'fhiú leas an ghar-léasóra ar an marga oscailte an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndíoltí é maraon le gach feisteas trádála ba leis an ngar-léasóir agus a bhí san áitreabh ceadúnuithe an lá san agus ar an mbása go raibh deire leis an leas sealbhaireachta agus go raibh an ceadúnas ag gabháil le leas an ghar-léasóra agus go dtabharfí seilbh ghlan an áitreibh cheadúnuithe don cheannathóir, agus
(ii) an méid do b'fhiú leas an ghar-léasóra ar an marga oscailte an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, dar leis an údarás cúitimh tar éis do dul i gcomhairle leis an meastóir, dá ndíoltí é gan na feistisí sin agus ar an mbása go raibh deire leis an leas sealbhaireachta, ná raibh aon cheadúnas ag gabháil leis an áitreabh ceadúnuithe, agus go dtabharfí seilbh ghlan don cheannathóir;
(c) nuair a bheidh an t-údarás cúitimh ag socrú méid an chúitimh socróidh sé leis an ordú gcéanna, leis, cá mhéid den chúiteamh is iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta agus ag déanamh an tsocruithe sin do cuimhneoidh sé ar chineál an leasa shealbhaireachta, ar iompar a únaera, ar an méid aimsire bhí sé sin agus an mhuintir do chuaidh roimhe ina n-únaerí ar an leas san, agus ar an gcuma ina bhfuair sé an leas san agus cuimhneoidh sé, leis, go mbeidh ar únaer an leasa shealbhaireachta a chostaisí féin d'íoc maidir leis an ordú curtha ceiste, leis an ordú scriosa, agus leis na himeachta i dtaobh an chúitimh;
(d) gach cumhnant, coiníoll, agus có-aontú (pé uair a dineadh iad) tré n-a mbeadh sé ceangailte ar únaer an leasa shealbhaireachta an pháirt no aon chuid den pháirt den chúiteamh a socrófí bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta d'íoc leis an ngarléasóir no do chimeád ar iontaoibh do beid gan brí gan éifeacht; agus
(e) pé méid den chúiteamh ná socróidh an t-údarás cúitimh a bheith iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta tuigfar é bheith iníoctha ar scór an ghar-léasóra.
(8) Pé uair a déanfar ordú cúitimh déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san cóip den ordú san do chur chun an chisteora láithreach.
(9) San alt so agus sa chéad alt ina dhiaidh—
cialluíonn an focal “an t-áitreabh ceadúnuithe” an t-áitreabh le n-a mbaineann an ceadúnas maraon le pé áitreabh eile (más ann do) a bhí ar an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste ar gnáthsheilbh in éineacht leis an áitreabh a céad-luaidhtear agus nárbh fhéidir go héasáideach agus ná déanfí go réasúnta an t-áitreabh san a céad-luaidhtear do thairisgint chun a dhíolta dá éamais,
cialluíonn an focal “an leas sealbhaireachta” an t-estát no an tionóntacht ba lú no dob ísle dá raibh san áitreabh ceadúnuithe an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste, agus
cialluíonn an focal “leas an ghar-léasóra” an t-estát no an tionóntacht do bhí san áitreabh ceadúnuithe an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste agus do bhí ar an lá san ar an gcéad cheann a bhí níos mó no níos aoirde ná an leas sealbhaireachta.
Leithroinneachán an chúitimh.
43.—(1) Is leis an duine no le héinne amháin no níos mó de sna daoine ag á raibh leas sa leas sealbhaireachta an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste no le hoighrí, le seiceadúirí, le riarthóirí, no le sannaithe an duine no na ndaoine sin a híocfar an cúiteamh no an chuid den chúiteamh (pe'ca aca é) is iníoctha ar scór an leasa shealbhaireachta agus is leis an duine no le héinne amháin no níos mó de sna daoine ag á raibh leas i leas an gharléasóra an lá roimh dháta an orduithe curtha ceiste no le hoighrí, le seiceadúirí, le riarthóirí, no le sannaithe an duine no na ndaoine sin a híocfar an chuid den chúiteamh (más ann di) is iníoctha ar scór leas an ghar-léasóra.
(2) Chó luath agus bheidh caoí ann chuige sin tar éis do ordú cúitimh do dhéanamh socróidh an t-údarás cúitimh le hordú (dá ngairmtear ordú leith-roinneacháin sa Chuid seo den Acht so) cé hiad na daoine le n-a bhfuil agus cadiad na cionúireachtaí ina bhfuil an cúiteamh iníoctha ag cuimhneamh do ar gach estát, iontaobhas, muirear, agus ualach atá sa leas sealbhaireachta no i leas an ghar-léasóra (pe'ca aca é) no a dhineann deifir do agus féadfa sé aon cheist no abhar imreasáin a eireoidh le linn a shocrú cé hiad na daoine sin no cadiad na cionúireachtaí sin do chur fé bhráid a chlárathóra chun é shocrú ach gach socrú den tsórt san a dhéanfidh an clárathóir sin beidh sé fé réir athchomhairc chun an údaráis chúitimh.
(3) Féadfidh an t-údarás cúitimh ordú leith-roinneacháin do leasú ar pé slí is gá do réir chirt (pe'ca mar gheall ar nithe thárlóidh tar éis dáta an orduithe é no mar gheall ar nithe eile) aon uair sara n-íoctar an chuid den chúiteamh le n-a mbaineann an leasú.
(4) Pé uair a déanfar no a leasófar ordú leith-roinneacháin, déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san cóip den ordú san no mion-innste an leasuithe sin (pe'ca aca é) do chur chun an chisteora láithreach.
Ioc an chúitimh.
44.—(1) Díreach tar éis cóip d'ordú chúitimh d'fháil do o chlárathóir údaráis chúitimh, cuirfidh an cisteoir chun an Aire Airgid éileamh i scríbhinn á iarraidh air méid an chúitimh a socruíodh leis an ordú san do roimh-íoc agus d'íoc isteach sa chiste chúitimh cheart, agus ar dháta nách déanaí ná an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair ina dhiaidh sin déanfidh an tAire sin do réir an éilimh sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Laistigh de dheich lá tar éis pé lá acu so a leanas is déanaí, sé sin le rá:—
(a) an chéad 30adh lá de Mheán Fhomhair tar éis dáta orduithe chúitimh, no
(b) an lá gheobhaidh an cisteoir cóip den ordú leith-roinneacháin a bhaineann leis an ordú cúitimh sin,
déanfidh an cisteoir méid an chúitimh a socruíodh leis an ordú cúitimh sin d'íoc amach as an gciste cúitimh leis na daoine bheidh ainmnithe san ordú leith-roinneacháin sin agus san sna cionúireachtaí bheidh luaidhte san ordú san.
Súncáil an airgid chúitimh.
45.—(1) Le rialacha a déanfar fén Acht so chun cistí cúitimh do bhainistí féadfar socrú do dhéanamh chun aon airgead cúitimh do shúncáil a bheidh ar láimh an chisteora de thurus na huaire agus nách féidir, toisc gan ordú leith-roinneacháin do bheith ann no ar aon réasún eile, é d'íoc láithreach leis an té bheidh ina theideal.
(2) Pé uair a súncálfar airgead cúitimh fé rialacha a beidh déanta de bhua an ailt seo, is leis an té agus íocfar leis an té le n-a mbeidh an t-airgead cúitimh sin iníoctha sa deire gach ioncum a tuillfar leis an súncáil sin agus gach méadú caipitail fhásfidh as an súncáil sin agus is ar an duine sin a bheidh gach costas agus laigheadú luacha caipitail fé n-a raghfar ag déanamh na súncála san no tríthi.
Aiscí d'fhostaithe áirithe sealbhóirí na gceadúnas gur cuireadh deire leo.
46.—(1) Pé uair a cuirfar deire le ceadúnas de bhua ordú scriosa féadfar, le hordú ón údarás cúitimh do dhin an t-ordú scriosa san, aisce (dá ngairmtear aisce dhíomhaointis san alt so) do dheona, fén alt so agus dá réir, d'éinne—
(a) do bhí ar fostú ag sealbhóir an cheadúnais sin ar feadh cúig mblian ar a laighead roimh an dáta ar ar cuireadh deire leis an gceadúnas san, agus
(b) gur go hiomlán no nách mór ar fad in obair a bhain leis an ngnó ceadúnuithe a bhí ar siúl san áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san do bhí sé ar fostú ag an sealbhóir sin, agus
(c) gur mar ghar-thora dhíreach ar dheire do chur leis an gceadúnas san do scaoil an sealbhóir sin uaidh é, agus
(d) do bhí díomhaoin ar feadh ráithe tar éis a scaoile amhlaidh d'ainneoin iarrachtaí réasúnta uaidh féin ar obair d'fháil.
(2) Ní raghaidh méid aon aisce díomhaointis thar suim is cóionann le cion ráithe de phágh an té dá ndeonfar í agus pé suim eile is dó leis an údarás cúitimh do bheith réasúnta ag cuimhneamh do go mbeidh ar an duine sin a chostaisí féin d'íoc maidir le gach imeacht i dtaobh an aisce díomhaointis sin.
(3) Déanfar gach iarratas chun an údaráis chúitimh ar aisce dhíomhaointis ar dháta nách déanaí ná an chéad 30adh lá de Mhárta tar éis an dáta ar ar cuireadh deire le ceadúnas an té ag a raibh an t-iarratasóir sin ar fostú, agus éistfidh agus breithiúnóidh an t-údarás cúitimh gach iarratas den tsórt san ar dháta nách déanaí ná an chéad 1adh lá de Mheitheamh tar éis an 30adh lá san de Mhárta.
(4) Nuair a bheidh iarratas á éisteacht fén bhfo-alt san roimhe seo féadfidh na páirtithe seo a leanas agus ní fhéadfidh aon pháirtí eile, éisteacht d'fháil agus fianaise do thabhairt i láthair, sé sin le rá:—
(a) an t-iarratasóir, agus
(b) éinne i seilbh cheadúnais a bhaineann le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin, agus
(c) Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann.
(5) Pé uair a déanfar ordú (dá ngairmtear ordú um aisce dhíomhaointis san alt so) ag mola aisce díomhaointis d'éinne déanfidh clárathóir an údaráis chúitimh do dhin an t-ordú san cóip den ordú san do chur chun an chisteora láithreach.
(6) Ar fháil chóipe d'ordú um aisce dhíomhaointis do, cuirfidh an cisteoir chun an Aire Airgid láithreach éileamh i scríbhinn á iarraidh air méid na haisce a socruíodh leis an ordú san do roimhíoc agus d'íoc isteach sa chiste chúitimh cheart, agus chó luath agus is féidir é tar éis an t-éileamh san d'fháil do déanfidh an tAire sin do réir an éilimh sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas agus leis sin íocfidh an cisteoir leis an té bheidh ainmnithe san ordú um aisce dhíomhaointis an méid a bheidh luaidhte san ordú san.
(7) Gach suim a roimh-íocfidh agus a íocfidh an tAire Airgid le ciste cúitimh do réir éilimh ón gcisteoir fén alt so chun tairbhe d'ex-fhostaí no d'ex-fhostaithe sealbhóra aon cheadúnais áirithe dob abhar d'ordú chúitimh déanfar chun crícheanna an chéad ailt ina dhiaidh seo í do chur leis an airgead cúitimh (dá ngairmtear an t-airgead bun-chúitimh anso ina dhiaidh seo) do socruíodh leis an ordú cúitimh sin go hachtúil agus tuigfar gur cuid de í, agus tuigfar gurb amhlaidh do roimh-íoc agus d'íoc an tAire Airgid leis an gciste cúitimh sin í do réir an éilimh chéanna gur dá réir do roimh-íoc agus d'íoc an tAire Airgid an t-airgead bun-chúitimh leis an gciste cúitimh sin agus gur san am gcéanna inar roimh-íoc agus in ar íoc an tAire Airgid an t-airgead bun-chúitimh leis an gciste cúitimh sin do roimh-íocadh agus do híocadh amhlaidh í.
Blianachtaí cúitimh.
47.—(1) Gach suim a roimh-íocfidh agus a íocfidh an tAire Airgid le ciste cúitimh do réir éilimh ón gcisteoir fén gCuid seo den Acht so aisíocfar leis an Stát-Chiste í tré bhlianacht ionstadtha (dá ngairmtear blianacht chúitimh sa Chuid seo den Acht so) a háireofar do réir seacht bpúint agus deich scillinge in aghaidh gach céad punt den tsuim do roimh-íocadh agus do híocadh amhlaidh agus mar sin do réir an chothruim sin in aghaidh aon tsuime is lú ná san, agus a bheidh iníoctha amach as an líomatáiste ceadúcháin le n-a mbaineann an ciste cúitimh sin ag na daoine, sna tráthanna, agus sa tslí a ceaptar leis an gCuid seo den Acht so.
(2) Beidh gach blianacht chúitimh iníoctha go bliantúil an 1adh lá de Dheire Fomhair gach bliain ar feadh fiche bliain, ag tosnú an 1adh lá de Dheire Fomhair an chéad bhliain tar éis na bliana inar roimh-íocadh agus inar híocadh leis an gciste cúitimh an tsuim a bheidh le n'aisíoc.
(3) Sa mhéid gur féidir é ní raghaidh an méid iomlán is iníoctha ar scór blianachtaí cúitimh in aon líomatáiste ceadúcháin aon 1adh lá de Dheire Fomhair thar suim iomlán na ndiúitéthe máil d'íoc sealbhóirí ceadúnaisí a bhaineann le háitreabhacha atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin sin in aghaidh na bliana dar thosach an 1adh lá de Dheire Fomhair roimhe sin, agus cuimhneoidh an t-údarás cúitimh ar fhorálacha an fho-ailt seo agus é á bhreithniú ce'ca dhéanfa sé ordú scriosa no ná déanfidh.
Blianachtaí cúitimh do chionroinnt.
48.—(1) Ar an 15adh lá d'Iúl no roimhe sin gach bliain déanfidh an tAire, maidir le gach blianacht chúitimh is iníoctha an bhliain sin, dreacht-ordú (dá ngairmtear ordú cion-roinneacháin sa Chuid seo den Acht so) ag cion-roinnt na blianachta cúitimh sin sa tslí seo a leanas ar na daoine uile ba shealbhóirí an 1adh lá d'Iúl an bhliain sin ar cheadúnaisí do bhí i bhfeidhm an uair sin maidir le háitreabhacha atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin, sé sin le rá, tré shuim do chion-roinnt ar gach duine den tsórt san 'na mbeidh idir í agus an diúité máil do híocadh no do bhí iníoctha ag an duine sin no ag an té ba shealbhóir ar an gceadúnas roimhe in aghaidh na bliana ceadúcháin do bhí ann an uair sin ar an gceadúnas do bhí ar seilbh aige an uair sin an cothrom céanna atá idir suim na blianachta cúitimh sin agus suim iomlán na ndiúitéthe máil go léir do híocadh ag na daoine sin uile no ag na daoine ba shealbhóirí ar na ceadúnaisí rompa in aghaidh na bliana ceadúcháin sin ar na ceadúnaisí a bhí ar seilbh acu fé seach an uair sin.
(2) Ar an 15adh lá d'Iúl gach bliain no laistigh de sheachtain ina dhiaidh sin déanfidh an tAire cóip de gach dreacht-ordú cionroinneacháin do hullamhuíodh an bhliain sin do lóisteáil in áit éigin chaothúil sa líomatáiste cheadúcháin agus foillseoidh sé i dhá bpáipeur nuachta no níos mó a léightear sa líomatáiste cheadúcháin fógra á rá go bhfuiltar éis an dreacht-ordú cionroinneacháin sin do dhéanamh agus é do lóisteáil amhlaidh agus cadiad na tráthanna a féadfar é do scrúdú.
(3) Gach dreacht-ordú cion-roinneacháin a lóisteálfar fén bhfo-alt san roimhe seo leanfa sé lóisteálta amhlaidh ar feadh mí, agus i rith an mhí sin féadfidh aon oifigeach custum agus máil agus éinne ar a gcion-roinntar aon tsuim leis an dreacht-ordú cionroinneacháin sin agus éinne is sealbhóir ar cheadúnas a bheidh i bhfeidhm an uair sin maidir le háitreabh atá suidhte sa líomatáiste cheadúcháin, féadfid é do scrúdú i rith cúig uaire a' chluig ar a laighead aon lá nách Satharn ná Domhnach ná lá saoire puiblí.
(4) Einne ar a gcion-roinnfar aon tsuim le dreacht-ordú cionroinneacháin féadfa sé, aon uair idir dáta lóisteálta an dreachtorduithe chion-roinneacháin sin fén alt so agus an chéad 20adh lá de Lúnasa ina dhiaidh sin, agóid do dhéanamh, tré leitir no fógra i scríbhinn chun an Aire, i gcoinnibh an dreacht-orduithe chion-rionneacháin sin ar aon scór no scóranna aca so a leanas, sé sin le rá:—
(a) an méid do cion-roinneadh air féin no ar éinne eile leis an dreacht-ordú cion-roinneacháin sin go bhfuil sé mí-cheart,
(b) nár cheart é áireamh sa dreacht-ordú chion-roinneacháin sin,
(c) gur cheart éinne ná fuil áirmhithe sa dreacht-ordú chionroinneacháin sin d'áireamh ann.
(5) Breithneoidh an tAire gach agóid den tsórt san a cuirfar chuige amhlaidh agus ar an 15adh lá de Mheán Fhomhair no roimhe sin déanfa sé ar an dreacht-ordú cion-roinneacháin le n-a mbaineann an agóid pé leasuithe (más aon cheann é) is dó leis is gá ar an mbreithniú san do dhéanamh do.
(6) Ar an 15adh lá de Mheán Fhomhair gach bliain déanfidh, de gach dreacht-ordú cion-roinneacháin do hullamhuíodh an bhliain sin, ordú deiridh sa bhfuirm inar leasuíodh é, má leasuíodh fén bhfo-alt san roimhe seo é, no, más rud é nár leasuíodh amhlaidh é, sa bhfuirm ina raibh sé nuair a lóisteáladh fén alt so é.
(7) San alt so cialluíonn an focal “an líomatáiste ceadúcháin” an líomatáiste ceadúcháin as a mbeidh an bhlianacht chúitimh le n-a mbaineann an dreacht-ordú cion-roinneacháin iníoctha fén Acht so.
Blianachtaí cúitimh do bhaint amach.
49.—(1) An tsuim a cion-roinnfar ar éinne le hordú cionroinneacháin beidh sí iníoctha ag an duine sin le hoifigeach custum agus máil ar dháta nách déanaí ná an chéad 1adh lá de Dheire Fomhair tar éis an lá a dhéanfidh ordú deiridh den ordú chionroinneacháin sin fén Acht so agus, má dhineann an duine sin no aistrí chun ar haistríodh an ceadúnas uaidh sin deimhiú ar athnuachaint no aistriú ar an gceadúnas d'fháil tré fhéachaint chun an diúité ar ar cion-roinneadh an tsuim sin, íocfar í san am gcéanna ina mbeidh agus leis an oifigeach gcéanna custum agus máil le n-a mbeidh na diúitéthe máil ar an gceadúnas san iníoctha in aghaidh na bliana dar tosach an 1adh lá san de Dheire Fomhair, agus ní dheonfidh aon oifigeach den tsórt san aon athnuachaint ná aistriú den tsórt san ar an gceadúnas san go dtí go mbeidh an tsuim sin íoctha amhlaidh.
(2) An tsuim a cion-roinnfar ar éinne le hordú cion-roinneacháin beidh sí ina fiacha a bheidh dlite ag an Aire Airgid ar an duine sin agus iníoctha ag an duine sin leis an chéad 1adh lá de Dheire Fomhair tar éis an lá a dhéanfidh ordú deiridh den ordú chion-roinneacháin sin fén Acht so agus beidh sí ionbhainte ag an Aire sin den duine sin agus dá sheiceadúirí no dá riarthóirí mar fhiacha síbhialta in aon chúirt údaráis inniúla.
(3) An tsuim a cionn-roinnfar ar éinne le hordú cion-roinneacháin beidh sí ina muirear, i bhfabhar don Aire Airgid, ar an estát no ar an tionóntacht a luaidhtear anso ina dhiaidh seo san áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas tré fhéachaint chun an diúité ar ar cion-roinneadh an tsuim sin, agus tuigfar an muirear san do bheith iníoctha an chéad 1adh lá de Dheire Fomhair tar éis an lá a dhéanfidh ordú deiridh den ordú chion-roinneacháin fén Acht so agus beidh tosach ag an muirear san ar gach estát, leas, agus ualach do bhí ann an 1adh lá san de Dheire Fomhair no d'eirigh no do cruthnuíodh ina dhiaidh sin (lasmuich díobh san dá ndintar eisceachtaí anso ina dhiaidh seo) agus féadfidh an tAire sin é do chruinniú dá réir sin.
(4) Ní bheidh tosach ag muirear a cruthnófar de bhua an fho-ailt sin roimhe seo ar aon tsaor-chíos ná muirear eile a bhaineann le sealbhaíocht ná ar aon chíos-mhuirear in ionad deachaithe ná ar aon mhuirear do cruthnuíodh fé aon Acht do ritheadh roimh an Acht so ag údarú roimh-íocanna as airgead puiblí no cruthnú muirear mar gheall ar fheabhsuithe.
(5) I gcás gan an t-estát no an tionóntacht is ísle no is lú dá mbeidh ann ar an dáta ar a gcruthnófar muirear de bhua an ailt seo do bheith níos lú ná téarma de bhlianta 'na mbeidh cúig bliana ar a laighead de gan bheith caithte ar an dáta san, isé estát no tionóntacht ar a muirearófar an muirear san ná an t-estát no an tionóntacht san is ísle no is lú, ach i gcás an t-estát no an tionóntacht san is ísle no is lú do bheith ar an dáta san níos lú ná a leithéid sin de théarma de bhlianta, muirearófar an muirear san, ansan, ar an estát no ar an tionóntacht san is ísle no is lú agus fós ar an estát no ar an tionóntacht a bheidh ann ar an dáta san agus a bheidh an uair sin ar an gcéad estát no ar an gcéad thionóntacht a bheidh níos mó no níos aoirde ná an t-estát no an tionóntacht san is ísle no is lú.
(6) Beidh éifeacht ag alt 47 den Local Registration of Title (Ireland) Act, 1891, fé is dá ndintí muirear a cruthnófí de bhua an ailt seo do chur leis na heirí a luaidhtear o mhíreanna (a) go (i) den alt san agus d'áireamh mar cheann acu.
(7) In aon imeachta a bhunóidh an tAire Airgid fén alt so chun an tsuim do cion-roinneadh ar éinne le hordú cion-roinneacháin do bhaint d'éinne no chun í chruinniú as aon áitreabh, beidh deimhniú fé shéala an Aire sin ar an suim sin do bheith dlite agus gan íoc ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar an suim sin do bheith dlite agus gan íoc.
(8) Déanfidh an cisteoir an tsuim a cion-roinnfar ar éinne le hordú cion-roinneacháin do bhaint as aon airgead is iníoctha leis an duine sin fé aon ordú leith-roinneacháin agus nuair a bheidh sí bainte as an airgead san amhlaidh íocfidh an cisteoir sin í le hoifigeach custum agus máil an líomatáiste cheadúcháin.
(9) Ciméadfidh na Coimisinéirí Ioncuim cuntaisí fé leith do gach líomatáiste ceadúcháin ar gach airgead a híocfar le hoifigigh chustum agus mháil fén alt so sa líomatáiste cheadúcháin sin.
Athcomhairc agus costaisí.
50.—Ní luighfidh aon athchomharc i gcoinnibh aon ordú o údarás chúitimh agus ní molfar le haon ordú den tsórt san aon pháirtí d'íoc aon chostaisí le haon pháirtí eile.
Léasanna do thabhairt suas.
51.—(1) I gcás ina mbeidh aon áitreabh ar seilbh fé léas agus ina ndéanfar, fén gCuid seo den Acht so, deire do chur leis an gceadúnas a ghabhann leis an áitreabh san, féadfidh tionónta an áitreibh sin an t-áitreabh san do thabhairt suas, agus ar a thairisgint do é do thabhairt suas agus ar íoc gach cíosa a bheidh dlite an uair sin (agus cuid chion-roinnte den ghála a bheidh ag fás an uair sin d'áireamh) beidh an tionónta san saor láithreach o gach oblagáid an cíos d'íoc no na cumhnantaí agus na coiníollacha sa léas san do chólíona as san amach.
(2) San alt so isiad bríonna atá leis na focail “léas” agus “tionónta” ná na bríonna a ceaptar dóibh fé seach leis an Landlord and Tenant Law Amendment Act (Ireland), 1860.
Baint an Achta um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923.
52.—Pé uair a déanfar le hordú scriosa deire do chur le ceadúnas agus gur fé chonnra thionóntachta a bhí an t-áitreabh le n-ar ghaibh an ceadúnas san ar seilbh agus go raibh sé fé réir chumhnaint, chó-aontú no choiníll ná díolfadh tionónta an áitreibh sin ach deocha meisciúla do ceannófí óna thiarna talmhan no thríd (pe'ca le gach saghas no le saghas no saghsanna áirithe amháin dighe meisciúla do bhain an cumhnant, an có-aontú, no an coiníoll san), ansan, ar agus tar éis an dáta ar a gcuirfar deire leis an gceadúnas san, is dó réir forálacha mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht um Méadú Cíosa agus Uis Mhorgáiste (Coscanna), 1923 (Uimh. 19 de 1923) a socrófar riail-chíos an áitreibh sin, d'ainneoin go bhféadfadh an cás teacht laistigh d'fhorálacha mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 2.
Rialacha i dtaobh údarásanna cúitimh.
53.—Feadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, rialacha do dhéanamh ag rialáil nós-imeachta údarásanna cúitimh fén gCuid seo den Acht so.
Costaisí.
54.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an gCuid seo den Acht so do chur in éifeacht.
CUID V.
Clubanna.
Léiriú.
55.—(1) Na focail a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so agus a húsáidtear leis sa Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, isé brí atá leo sa Chuid seo den Acht so ná an brí céanna atá leo fé seach san Acht san.
(2) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “club spóirt” club dar príomh-chuspóir aon chaitheamh aimsire, spórt, cluiche, no súgra amuich do chur ar aghaidh imeasc a bhall.
Tráthanna coiscthe i gclubanna.
56.—(1) Chun club atá suidhte i gcontae-bhuirg no in aon pháirt de líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath do bheith ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ní foláir é bheith forálta le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub—
(a) aon lá (nách Satharn ná Domhnach ná nach é Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná
(b) aon tSatharn (nách é Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná idir a trí a chlog agus a cúig a chlog tráthnóna ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(c) aon Domhnach roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a sé a chlog tráthnóna ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.
(2) Chun club atá suidhte lasmuich de líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath, ach i mbailecheanntar contae no i mbaile ar a mbeidh Coimisinéirí fén Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, ceanntar no baile gur mó ná cúig mhíle líon a lucht áitreibh do réir an mhóráirimh is móráireamh deiridh de thurus na huaire, chun é sin do bheith ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ní foláir é bheith forálta le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub—
(a) aon lá (nách Satharn ná Domhnach ná nách é Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná
(b) aon tSatharn (nách é Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é) roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(c) aon Domhnach roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a sé a chlog tráthnóna ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.
(3) Chun club atá suidhte in aon áit ná fuil i líomatáiste Chathrach Bhaile Atha Cliath ná i gcontae-bhuirg ná i mbailecheanntar contae ná baile den tsórt a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do bheith ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ní foláir é bheith forálta le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear m alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub—
(a) aon lá (nách Satharn ná Domhnach ná nách é Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é)—
(i) i rith tréimhse bheidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925), no fé chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná
(ii) i rith aon ama ná beidh ceaptha leis an Acht san um Am Samhraidh, 1925, ná fé chun bheith ina thréimhse ama shamhraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(b) aon tSatharn (nách é Lá Nodlag ná Lá Fhéile Pádraig é)—
(i) i rith tréimhse bheidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925, no fé, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh, roimh a deich a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(ii) i rith aon ama ná beidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925, ná fé, chun bheith ina thréimhse ama shamhraidh, roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(c) aon Domhnach roimh a haon a chlog tráthnóna ná idir a trí a chlog agus a sé a chlog tráthnóna ná tar éis a naoi a chlog istoíche, ná
(d) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá Fhéile Pádraig.
(4) Ní bhainfidh an t-alt so le haon chlub atá, le linn rithte an Achta so, cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, go dtí go mbeidh an deimhniú ar chlárú an chlub san, a bheidh i bhfeidhm ar bheith caithte do dhá mhí o am rithte an Achta so, imithe in éag.
Malairt tráthanna coiscthe i gclubanna spóirt.
57.—(1) Beidh club spóirt ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, más rud é, in ionad na forálacha den alt san roimhe seo a bhaineann leis an gcás do chólíona, go mbeidh sé forálta le rialacha an chlub san (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná tabharfar aon deoch ionmháil d'éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) chun í d'ól in áitreabh an chlub ná ná déanfidh éinne (nách ball den chlub ar lóistín in áitreabh an chlub) a leithéid d'ól in áitreabh an chlub—
(a) aon lá (nách é an Domhnach, Aoine an Chéasta, Lá Nodlag, ná Lá Fhéile Pádraig é)—
(i) i rith míonna na Bealtaine, an Mheithimh, agus an Iúil, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog tráthnóna ná tar éis leathuair tar éis a deich a chlog istoíche, ná
(ii) i rith aon mhí seachas míonna na Bealtaine, an Mheithimh, agus an Iúil, roimh leathuair tar éis a dó dhéag a chlog tráthnóna ná tar éis a deich a chlog istoíche, ná
(b) aon Domhnach ná Aoine an Chéasta—
(i) i rith tréimhse bheidh ceaptha leis an Acht um Am Samhraidh, 1925 (Uimh. 8 de 1925), no fé, chun bheith ina tréimhse ama shamhraidh, aon uair ach i rith pé tréimhse no tréimhsí ráite nách sia ar fad ná seacht n-uaire a' chluig agus ná tosnóidh roimh a haon a chlog tráthnóna agus ná críochnóidh tar éis a deich a chlog istoíche, na
(ii) i rith aon ama ná beidh ceaptha chun bheith ina thréimhse ama shamhraidh, roimh a haon a chlog tráthnóna ná tar éis a hocht a chlog istoíche, ná
(c) Lá Fhéile Pádraig roimh a haon a chlog tráthnóna ná tar éis a hocht a chlog istoíche, ná
(d) Lá Nodlag roimh a dó dhéag a chlog meán lae ná tar éis a trí a chlog tráthnóna.
Brise clubrialacha a bhaineann le tráthanna coiscthe.
58.—(1) Má tugtar aon deoch ionmháil le n'ól in áitreabh club atá cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, no má ólann éinne a leithéid in áitreabh aon chlub den tsórt san contrárdha do sna rialacha den chlub san a bhaineann le deocha ionmháil do thabhairt agus d'ól in áitreabh an chlub san, beidh an club san ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air má sé an chéad chionta aige é no fíneáil ná raghaidh thar dachad punt má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin.
(2) Féadfar imeachta fén alt so do bhunú i gcoinnibh club san ainm fé n-a bhfuil sé cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, agus aon ghairm no scríbhinn eile is gá a sheirbheáil ar chlub chun críche no le linn na n-imeacht san féadfar í do sheirbheáil ar rúnaí an chlub, agus aon bharántas chun suim fíneála a forchuirtar ar chlub fén alt so do bhaint amach féadfar é d'fheidhmiú ar earraí agus ar áirnéis an chlub.
Agóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona.
59.—Ar an hagóidí, i gcoinnibh deimhniú do dheona, a fhéadfidh an chúirt a bhreithniú fé alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, beidh agóid a déanfar ar an scór go bhfuil na rialacha den chlub, a bhaineann le baill oinigh no shealadacha do leigint isteach, nea-shásúil no neamh-oiriúnach dar leis an gcúirt.
CUID VI.
Ilghneitheach agus Generalta.
Ceadúnas do leanúint i bhfeidhm go dtí éisteacht athchomhairc chun na Cúirte Cuarda.
60.—(1) Pé uair a dhiúltóidh Breitheamh na Cúirte Dúithche do ghéille d'iarratas ar dheimhniú ar aistriú no athnuachaint aon cheadúnais mhiondíolta deocha meisciúla agus a dhéanfidh an té bheidh ag iarraidh an deimhnithe sin athchomharc go dleathach chun na Cúirte Cuarda i gcoinnibh an diúltuithe sin agus a raghaidh sé ar aghaidh leis an athchomharc san chó dícheallach agus is cuibhe, leanfidh an ceadúnas san, fé réir forálacha an ailt seo, i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht go dtí an chéad uair d'fhéadfadh an Chúirt Chuarda a leithéid d'athchomharc d'éisteacht agus, má orduíonn an Chúirt sin é, ar feadh pé aimsire sa bhreis (mas ann di) a bheidh idir an uair sin agus an uair ina dtabharfar an bhreith dheiridh ar an athchomharc san.
(2) Ní leanfidh ceadúnas i bhfeidhm fén bhfo-alt san roimhe seo tar éis deire an téarma dar deonadh é mara ndinidh an t-athchomharcach, ag deire an téarma san no roimhe sin, suim an diúité mháil is inéilithe ar athnuachaint ar an gceadúnas san do lóisteáil leis an oifigeach ceart custum agus máil.
(3) Má dhaingníonn an Chúirt Chuarda an diúltú is abhar don athchomharc déanfar, ar dhéanamh an daingnithe sin, aon airgead a lóisteáladh le hoifigeach custum agus máil fén bhfo-alt san roimhe seo d'aisíoc leis an athchomharcach do lóisteáil é tar éis pé méid do bhaint as go bhfuil idir é agus iomlán an airgid do lóisteáladh amhlaidh an cothrom céanna atá idir an aimsir a cimeádadh an ceadúnas san i bhfeidhm de bhua fo-alt (1) den alt so agus aon bhliain amháin agus, má chlaochluíonn an Chúirt Chuarda an diúltú san, cuirfar an t-airgead chun no mar chabhair chun na diúitéthe máil is iníoctha ar an gceadúnas san d'íoc.
Ceadúnas teoranta miondíoltóra fhíona.
61.—(1) D'ainneoin éinní atá in aon Acht eile ina choinnibh, ní dhéanfidh na Coimisinéirí Ioncuim ceadúnas teoranta miondíoltóra fhíona do dheona, i gcruth ceadúnais nua ná i gcruth aistriú ná athnuachaint ar cheadúnas a bheidh ann cheana, d'éinne seachas duine go mbeidh gnó ceimiceora agus drugadóra no ceimiceora choguisíochta no drugadóra chláruithe ar siúl aige, no duine is sealbhóir de thurus na huaire ar cheadúnas theoranta mhiondíoltóra bhiotáille no ar cheadúnas theoranta mhiondíoltora bheorach a bheidh i bhfeidhm an uair sin.
(2) San alt so cialluíonn na focail “ceadúnas teoranta miondíoltóra fhíona” agus “ceadúnas teoranta miondíoltóra bhiotáille” agus “ceadúnas teoranta miondíoltóra bheorach” na nithe céanna a chialluíonn focail den tsórt san fé seach sa Finance (1909-10) Act, 1910.
Ceadúnas teoranta nua do dheona in ionad ceadúnais iomláin.
62.—(1) Féadfidh sealbhóir ar cheadúnas iomlán (dá ngairmtear an ceadúnas iomlán san alt so) a bhaineann le áitreabh atá suidhte i gcontae-bhuirg a iarraidh sa chéad Chúirt Dúithche cheadúcháin bhliantúil tar éis rithte an Achta so go ndéanfí deimhniú ar cheadúnas teoranta nua miondíoltóra bhiotáille no deimhniú ar cheadúnas teoranta nua miondíoltóra bheorach no deimhnithe ar an dá shaghas ceadúnas nua san do dheona dho i gcóir an áitreibh sin in ionad deimhniú ar athnuachaint an cheadúnais iomláin.
(2) Nuair a déanfar iarratas fén bhfo-alt san roimhe seo féadfidh Breitheamh na Cúirte Dúithche, más oiriúnach leis é, an deimhniú no na deimhnithe a iarrfidh an t-iarratasóir sin amhlaidh do dheona dho más deimhin leis an mBreitheamh go bhféadfí deimhniú ar athnuachaint an cheadúnais iomláin do dheona agus nách deocha meisciúla do dhíol chun a n-ólta san áitreabh an príomh-ghnó a bhíonn ar siúl san áitreabh le n-a ngabhann an ceadúnas iomlán.
(3) Nuair a géillfar d'iarratas fé fho-alt (1) den alt so, déanfar, d'ainneoin éinní atá in aon Acht eile ina choinnibh, ceadúnas nua no ceadúnaisí nua do dheona don iarratasóir do réir an deimhnithe no na ndeimhnithe a deonadh do do réir an iarratais sin.
(4) Nuair a deonfar ceadúnas no ceadúnaisí nua fén bhfo-alt san roimhe seo ní deonfar aon cheadúnas iomlán nua aon uair ina dhiaidh sin i gcóir áitreibh le n-a ngabhann an ceadúnas no na ceadúnaisí nua san.
(5) Nuair a diúltófar do ghéille d'iarratas fé fho-alt (1) den alt so áireofar an t-iarratas san mar iarratas ar dheimhniú ar athnuachaint an cheadúnais iomláin agus deighleálfar leis dá réir sin.
(6) San alt so cialluíonn na focail “ceadúnas teoranta miondíoltóra bhiotáille” agus “ceadúnas teoranta miondíoltóra bheorach” na nithe céanna a chialluíonn focail den tsórt san fé seach sa Finance (1909-10) Act, 1910.
Athghairmeanna.
63.—Na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal. léiriú agus luadh.
64.—(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1927, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar Codacha I., II., III., IV., agus VI. den Acht so mar éinní amháin leis na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1924, agus féadfar na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1927, do ghairm de sna Codacha so agus de sna hAchtanna san le chéile.
(3) Léireofar Cuid V. den Acht so mar éinní amháin le hAchtanna Clárú na gClub, 1904 agus 1924, agus féadfar Achtanna Clárú na gClub, 1904 go 1927, do ghairm den Chuid seo agus de sna hAchtanna san le chéile.
CEAD SCEIDEAL.
ACHTACHAIN NACH FOLAIR CIONTUITHE A DEANFAR FUTHA DO BHREACA.
Tagairt don Achtachán. | Abhar an Achtacháin. |
The Licensing Act, 1872, alt 13. | Meisce no clampar do lomháil in áitreabh ceadúnuithe agus deocha meisciúla do thabhairt do dhaoine míordúla. |
The Licensing Act, 1872, alt 14. | A lomháil go n-úsáidfí áitreabh ceadúnuithe chun crícheanna mí-ordúla áirithe. |
The Licensing Act, 1872, alt 16. | Dídeanú, breaba, agus gníomhartha áirithe eile ag daoine ceadúnuithe maidir le constáblaí. |
The Licensing Act, 1872, alt 17. | Cearrbhachas do lomháil in áitreabh ceadúnuithe. |
The Licensing Act, (Ireland), 1874, alt 23. | Comhachta do chonstáblaí chun dul isteach in áitreabh ceadúnuithe agus an pionós mar gheall ar a chosc. |
An tAcht Deocha Meisciúla (Generálta) 1924, alt 8. | Cosc ar dheoch mheisciúil do dhíol ar cáirde. |
An tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924, alt 10. | Díol dighe meisciúla le daoine óga chun í ól san áitreabh. |
An tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924, alt 11. | Díol dighe meisciúla le daoine óga chun í ól lasmuich den áitreabh. |
An tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924, alt 12. | Fostú daoine óga chun deocha meisciúla do dhíol. |
DARA SCEIDEAL.
ACHTACHAIN A HATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus Caibideal | Gearr-theideal | Méid na hAthghairme |
23 agus 24 Vic. c. 107 | The Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860. | Ailt 29 agus 43. |
27 agus 28 Vic. c. 35. | The Beer Houses (Ireland) Act, 1864. | Alt 6 sa mhéid go mbaineann sé leis na trácthanna nách ceaduithe tithe do chimeád ar oscailt chun beoir do mhiondíol ná beidh le n'ól sna háitreabhacha. |
35 agus 36 Vic. c. 94. | The Licensing Act, 1872. | Ailt 30, 31, 33, 34, 49, 55, 56, 57, 78, 86 agus 88, agus alt 90 sa mhéid go mbaineann sé le háitreabhacha di-cháilithe. |
37 agus 38 Vic. c. 69. | The Licensing Act, (Ireland), 1874. | Ailt 2, 7, 11, 27, 28 agus 29. |
41 agus 42 Vic. c. 72. | The Sale of Liquors on Sunday (Ireland) Act, 1878. | An tAcht iomlán. |
43 agus 44 Vic. c. 20. | The Inland Revenue Act, 1880. | Alt 44. |
63 agus 64 Vic. c. cclxiv. | The Dublin Corporation Act, 1900 | Alt 61 na focail “or alter the provisions of any Act now in force with respect to the sale of intoxicating liquors on Sunday, or the keeping open of any premises for that purpose.” |
6 Edw. VII. c. 39. | The Intoxicating Liquors (Ireland) Act, 1906. | An tAcht iomlán. |
10 Edw. VII. agus 1 Geo. V. c. 33. | The Hotels and Restaurants (Dublin) Act, 1910. | An tAcht iomlán. |
Ailt 1, 2, 3, 4, 5 agus 6; alt 8 fo-alt (2) o sna focail “agus, in aon chás acu” go deire an fho-ailt; alt 10 o sna focail “agus, in aon chás acu” go deire an ailt; alt 11 fo-alt (3) o sna focail “agus, in aon chás acu” go deire an fho-ailt; alt 12 o sna focail “agus, in aon chás acu “go deire an ailt; ailt 16, 17, 18 agus 20; agus an Chéad Sceideal. |