[EN]

Uimhir 15 de 1958.


[EN]

AN tACHT IASCAIGH (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT IASCAIGH, 1842 GO 1956, I LEITH NITHE ÁIRITHE, LENA nÁIRÍTEAR CEART VÓTÁLA I dTOGHCHÁIN CHOIMEÁDAITHE DO THOGHRANNA, CEADÚNAIS IASCAIREACHTA (LENA nÁIRÍTEAR CEADÚNAIS CHUN OISRÍ A THÓGÁIL AS IASCAIGH OISRÍ) AGUS NA DLEACHTA CEADÚNAIS IS INÍOCTHA ORTHU, DO DHÉANAMH ATH-ACHTUITHE, LE MODHNUITHE, AR AN ACHT UM CHISTE CAOMHAONTA BRADÁN, 1954, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [1 Iúil, 1958.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

1.—(1) Féadfar an tAcht Iascaigh (Leasú), 1958, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Iascaigh, 1842 go 1958, a ghairm de na hAchta Iascaigh, 1842 go 1956, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—(1) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin ailt 4, 6, 9 go 18, 23, 24, 28 go 30 agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal) i ngníomh láithreach ar é a bheith rite.

[EN]

(2) Tiocfaidh na forála seo a leanas den Acht seo, eadhon, ailt 4, 6, 9 go 18 agus an Chéad Sceideal agus an Dara Sceideal i ngníomh an 1ú lá de Nollaig, 1958.

[EN]

(3) Tiocfaidh na forála seo a leanas den Acht seo, eadhon, ailt 23, 24 agus 28 go 30 i ngníomh pé lá nó laethanta a socrófar chuige sin le hordú ón Aire i gcoitinne nó maidir le haon fhoráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh i gcóir forál éagsúla den tsórt sin.

[EN]

Léiriú i gcoitinne.

3.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “na hAchta”na hAchta Iascaigh, 1842 go 1956;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1848”an Fisheries (Ireland) Act, 1848;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1850”an Fisheries (Ireland) Act, 1850;

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1925”an tAcht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925);

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1934”an tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934);

[EN]

ciallaíonn an abairt “Acht 1939”an tAcht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939):

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tAire”an tAire Tailte;

[EN]

ciallaíonn an abairt “bliain thoghcháin”an bhliain 1958 agus gach tríú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas iascaireachta”ceadúnas iascaireachta arna eisiúint faoi Chaibidil I de Chuid V den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn an abairt “dleacht ghnáth-cheadúnais”an dleacht is iníoctha faoi Chaibidil I de Chuid V den Acht seo ar ghnáthcheadúnas iascaireachta;

[EN]

ciallaíonn an abairt “ceadúnas iascaireachta oisrí”ceadúnas iascaireachta arna eisiúint faoi Chuid IX den Acht seo;

[EN]

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán”ceadúnas chun bradáin d'iascach le slait agus ruaim;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas slaite bradán”gnáthcheadúnas iascaireachta chun bradáin d'iascach le slait agus ruaim;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán” gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse bliana agus a bheidh ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantair) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse bliana agus a bheidh ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

[EN]

ciallaíonn an abairt “ceadúnas slaite bradán (Límistéar an Fheabhail)”ceadúnas slaite bradán arna eisiúint de bhun rialachán faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952 (Uimh. 5 de 1952), agus a bheidh bailí go ceann bliana;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil lena úsáid i ngach ceantar iascaigh;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán” gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse seacht lá;

[EN]

ciallaíonn an abairt “gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán”gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheidh bailí go ceann tréimhse lae agus fiche;

[EN]

ciallaíonn an abairt “inneall sceidealta”inneall den tsórt a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

[EN]

tá leis an abairt “ceadúnas áitiúil speisialta”an bhrí a bheirtear dó le hAcht 1934;

[EN]

ciallaíonn an abairt “uiscí taoide speisialta”aon uiscí taoide a bhfuil ordú, arna dhéanamh faoi alt 2 d'Acht 1934, i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire.

[EN]

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchta mar aon ní amháin.

[EN]

(3) San Acht seo, forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

Athghairm.

4.—Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

CUID II.

Cumhachtaí Ilghnéitheacha leis an Aire.

[EN]

Cumhacht an Aire chun ceadúnais ghoir éisc a dheonadh.

5.—(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, údarás a thabhairt le ceadúnas (dá ngairmtear ceadúnas goir éisc san alt seo), faoi réir pé coinníollacha is oiriúnach leis agus a shonrós sé sa cheadúnas, do dhuine ainmnithe pé oibríochtaí a dhéanamh in áit shonraithe, maidir le gor éisc de chineál sonraithe, a sonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchta nó san Acht seo nó in aon ionstraim faoin gcéanna, féadfaidh duine dá ndeonfar ceadúnas goir éisc agus aon duine a bheas ag gníomhú faoi threoracha an duine chéadluaite sin aon ní dá mbeidh údaraithe leis an gceadúnas a dhéanamh, faoi réir na gcoinníollacha a sonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, ceadúnas goir éisc a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonadh an ceadúnas.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas goir éisc a chúlghairm—

[EN]

(a) má ciontaítear an ceadúnaí i gcion faoi na hAchta nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna, nó

[EN]

(b) más deimhin leis go ndearnadh sárú ar aon choinníoll dá mbeidh sonraithe sa cheadúnas.

[EN]

(5) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le ceadúnas goir éisc a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh an tAire an ceadúnas a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn tugtha aige, leis an bpost, don cheadúnaí á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an cheadúnais, do réir mar bheas, á bhreithniú ag an Aire,

[EN]

(b) luafar sa bhfógra freisin—

[EN]

(i) má deirtear ann go bhfuil leasú an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

[EN]

(ii) má deirtear ann go bhfuil cúlghairm an cheadúnais á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

[EN]

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, do réir mar bheas, a dhéanfaidh an ceadúnaí sin chuige roimh éag don fhógra.

CUID III.

Boird Choimeádaithe.

[EN]

Dleachta ceadúnais áirithe a eisceadh nuair a bheas an scála vótaí á ríomh i dtoghcháin choimeádaithe.

6.—(1) San alt seo ciallaíonn an abairt “ceadúnas eiscithe” aon cheadúnas—

[EN]

(a) ar ceadúnas iascaireachta é a heisíodh i mbliain thoghcháin, ach sin tar éis an 31ú lá d'Iúil an bhliain sin, nó

[EN]

(b) ceadúnas slaite bradán a bheas bailí go ceann tréimhse nach giorra ná bliain, nó

[EN]

(c) gnáth-cheadúnas slaite bradán a bheas bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Límistéar an Fheabhail) a bheas bailí i leith na bliana sin, nó

[EN]

(d) ceadúnas slaite bradán ar iníoctha ráta laghdaithe dleachta ceadúnais ina leith faoi fho-alt (5) d'alt 4 d'Acht 1934, nó

[EN]

(e) ceadúnas slaite breac.

[EN]

(2) Nuair a beifear, chun críocha an scála atá i bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1925, ag ríomh na dleachta ceadúnais d'íoc duine ar bith, ní cuirfear san áireamh an dleacht cheadúnais a híocadh i leith ceadúnais eiscithe.

[EN]

Ceart a bheith ag sealbhóirí ceadúnas iascaireachta oisrí chun vótáil i dtoghchán coimeádaithe agus an scála vótaí.

7.—(1) Gach duine is sealbhóir ar cheadúnas nó ar cheadúnais iascaireachta oisrí is ceadúnas nó ceadúnais atá bailí i leith bliana toghcháin áirithe agus a heisíodh i dtoghroinn áirithe, beidh teideal aige vóta a chaitheamh go pearsanta sa toghchán coimeádaithe a bheas ar siúl an bhliain sin don toghroinn sin agus beidh vóta nó vótaí aige ann do réir an scála atá leagtha amach i bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1925.

[EN]

(2) Duine a mbeidh teideal aige de bhua fo-ailt (1) den alt seo vóta a chaitheamh in aon toghchán coimeádaithe do thoghroinn a bheas ar siúl i mbliain thoghcháin áirithe—

[EN]

(a) measfar, chun cathaoirleach a roghnú le bheith i gceannas ar an gcruinniú don toghchán sin, gur duine é ag á bhfuil dleacht cheadúnais in aghaidh na bliana sin íoctha aige sa toghroinn sin, agus

[EN]

(b) beidh sé i dteideal a roghnaithe mar chathaoirleach ar an gcruinniú sin.

[EN]

An Ciste Caomhanta Bradán.

8.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1954”an tAcht um Chiste Caomhanta Bradán, 1954 (Uimh. 4 de 1954) (a hathghairmtear leis an Acht seo);

[EN]

ciallaíonn “an Ciste”an Ciste Caomhanta Bradán a bunaíodh le halt 5 d'Acht 1954;

[EN]

ciallaíonn an briathar “forordú”forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire;

[EN]

ní fholaíonn “bradáin”bradáin leasaithe atá i stáin, i mbuidéil, i searróga nó i gcoimeádáin dá samhail sin agus gan iontu ach coda d'iasc nó táirgí éisc.

[EN]

(2) Leanfaidh an tAire den Chiste a chothabháil.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú a fhoráil nach n-onnmhuireoidh duine ar bith bradáin mura dtugtar ar aird le linn an onnmhuirithe fianaise, i pé foirm a forordófar, gur híocadh tobhach do réir an ráta fhorordaithe ar na bradáin sin.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ordú faoi mhír (a) den fho-alt seo a chúlghairm.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, an ráta tobhaigh a híocfar ar bhradáin atá le honnmhuiriú, agus modh a íoctha, d'fhorordú le rialacháin.

[EN]

(b) Féadfar rátaí éagsúla tobhaigh d'fhorordú do thréimhsí éagsúla.

[EN]

(c) Faoi réir míre (d) den fho-alt seo ní bheidh an ráta tobhaigh níos mó ná dhá phingin an punt meáchain.

[EN]

(d) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, a fhoráil go bhféadfar a fhorordú gur ráta sonraithe is mó ná dhá phingin an punt meáchain ráta an tobhaigh, ach ní bheidh éifeacht ag aon ordú den tsórt sin mura ndaingnítear agus go dtí go ndaingneofar é le rún ó gach Teach den Oireachtas.

[EN]

(5) Déanfaidh gach bord coimeádaithe agus gach duine eile a bhaileos tobhaigh faoin alt seo na suimeanna uile a baileofar amhlaidh d'íoc leis an Aire a luaithe is féidir.

[EN]

(6) (a) Aon uair a tharlóidh de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná dhá phunt an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán a bheas bailí i leith bliana áirithe, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na bliana sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin.

[EN]

(b) Aon uair a tharlóidh de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná punt an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán a bheas bailí i leith tréimhse áirithe seacht lá, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na tréimhse sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

[EN]

(c) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná punt agus deich scillinge an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha maidir le gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán a bheas bailí i leith tréimhse áirithe lae agus fiche, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na tréimhse sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

[EN]

(d) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordaithe faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná punt agus deich scillinge an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáthcheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán a bheas bailí i leith tréimhse áirithe sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil, déanfaidh gach bord coimeádaithe, maidir le gach ceadúnas den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheidh bailí i leith na tréimhse sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana ina mbeidh an tréimhse sin.

[EN]

(e) Aon uair a tharlóidh, de bhua ordaithe faoi mhír (c) d'fho-alt (2) d'alt 15 den Acht seo, gur mó ná deich scillinge an tobhach gnáth-cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire maidir le gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán (is ceadúnas a bheas bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Límistéar an Fheabhail) agus a bheas bailí i leith na bliana sin), déanfaidh gach bord coimeádaithe, i leith gach ceadúnais den tsórt sin d'eisigh sé agus a bheas bailí i leith na bliana sin, méid na breise sin d'íoc leis an Aire roimh dheireadh na bliana sin.

[EN]

(7) Déanfar aon airgead a gheobhas an tAire faoi fho-alt (5) nó (6) den alt seo d'íoc isteach sa Chiste.

[EN]

(8) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, pé suimeanna is gá chun go bhféadfar íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (a) d'fho-alt (9) den alt seo d'íoc isteach sa Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(b) Féadfar íocaíochtaí isteach sa Chiste faoin bhfo-alt seo a dhéanamh ar mhodh deontais nó airleacan is inaisíoctha do réir pé téarmaí a bheas ceadaithe ag an Aire Airgeadais.

[EN]

(9) (a) Féadfaidh an tAire na suimeanna seo a leanas d'íoc as an gCiste—

[EN]

(i) pé suimeanna a mheasfas sé is cuí mar chabhair d'ioncam aon bhoird choimeádaithe ar dóigh leis nach leor a ioncam in aon bhliain áirithe faoi chomhair caiteachas an bhoird choimeádaithe sin chun a dhualgais a chomhlíonadh,

[EN]

(ii) pé suimeanna i leith na gcaiteachas faoina rachfar maidir le haon scéim is cuí leis an Aire chun iascaireacht intíre d'fheabhsú.

[EN]

(b) Déanfaidh an tAire costais riartha an Chiste d'íoc as an gCiste.

[EN]

(c) Íocfaidh an tAire as an gCiste na híocaíochtaí uile a bheas dlite i leith airleacan chun an Chiste faoi fho-alt (8) den alt seo.

[EN]

(10) Ullmhófar cuntas ar an gCiste in aghaidh gach bliana airgeadais i bhfoirm a cheadós an tAire Airgeadais agus iniúchfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an cuntas agus leagfar an cuntas, maraon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste air, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

[EN]

(11) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh á cheangal go mbeidh daoine ag ar iníoctha tobhach faoin alt seo nó aon aicme daoine den tsórt sin, cláraithe sa tslí fhorordaithe, go gcoimeádfaid pé taifid agus go dtabharfaid pé saoráidí lena n-iniúchadh agus go dtabharfaid pé tuairiscáin a forordófar.

[EN]

(b) Aon duine a shárós, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán a déanfar faoin bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

[EN]

(12) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ábhar nó ní a luaitear san alt seo mar ábhar nó ní atá forordaithe.

[EN]

(13) Na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo agus nach bhfuil soláthar dóibh in aon áit eile déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

[EN]

(14) Aon ordú nó rialachán a rinneadh faoi Acht 1954 agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh dháta an Achta seo a rith, leanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh é.

[EN]

(15) Athghairmtear leis seo Acht 1954.

[EN]

Séala boird choimeádaithe.

9.—Soláthróidh an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh séala dó féin.

CUID IV.

Rátaí ar Iascaigh.

[EN]

Alt 23 d'Acht 1848. a leasú.

10.—Déanfar na tagairtí in alt 23 (a bhaineann le rátaí ar iascaigh) d'Acht 1848, arna leasú le fo-alt (8) d'alt 13 d'Acht 1925, do na dleachta ceadúnais a foráltar le hAcht 1848 d'fhorléiriú mar thagairtí do na dleachta ceadúnais a foráltar le halt 15 den Acht seo.

CUID V.

Ceadúnais chun Bradáin, Bric agus Eascanna d'Iascach.

Caibidil I.

Gnáth-Cheadúnais Iascaireachta.

[EN]

Gan feidhm a bheith ag an gCaibidil seo i gcás uiscí taoide speisialta.

11.—Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás inneall iascaireachta d'úsáid in aon uiscí taoide speisialta le bradáin nó bric a ghabháil.

[EN]

Pionós mar gheall ar inneall sceidealta neamhcheadúnaithe, seachas slat agus ruaim, d'úsáid.

12.—(1) Má dhéanann duine ar bith aon inneall sceidealta d'úsáid nó a chur suas in aon cheantar iascaigh chun bradáin, bric nó eascanna a ghabháil, agus gan gnáth-cheadúnas iascaireachta a bheith i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú an t-inneall sin d'úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta chun an t-inneall sin d'úsáid.

[EN]

(2) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall ar ina leith a rinneadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

[EN]

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le slait agus ruaim d'úsáid.

[EN]

Pionós mar gheall ar bhradáin d'iascach nó a ghabháil le slait agus ruaim ag duine neamhcheadúnaithe.

13.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go ndéanfaidh duine ar bith bradáin d'iascach nó a ghabháil nó a mharú le slait agus ruaim i gceantar iascaigh, agus

[EN]

(b) nach mbeidh an duine sin ina shealbhóir ar ghnáthcheadúnas slaite bradán a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire agus a bheas ar fáil le haghaidh úsáide sa cheantar iascaigh sin,

[EN]

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán, seachas gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 15 den Acht seo.

[EN]

(2) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo beidh an tslat agus an ruaim ar ina leith a rinneadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

[EN]

Forála maidir le gnáth-cheadúnais iascaireachta.

14.—(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, do réir forál na nAcht agus na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, ceadúnais iascaireachta (dá ngairmtear gnáth-cheadúnais iascaireachta san Acht seo) a eisiúint i leith inneall sceidealta.

[EN]

(2) (a) Ní dhéanfaidh bord coimeádaithe gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán a eisiúint mura mbeidh ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú don bhord coimeádaithe sin ceadúnais den aicme sin d'eisiúint.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire le hordú (uaidh féin nó ar iarratas ó bhord coimeádaithe) a údarú do bhord coimeádaithe gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán d'eisiúint.

[EN]

(c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a chúlghairm.

[EN]

(3) (a) Is iad na tréimhsí a mbeidh gnáth-cheadúnais iascaireachta le heisiúint ina leith—

[EN]

(i) i gcás gnáth-cheadúnas slaite bradán—seacht lá, lá agus fiche, bliain, agus tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil,

[EN]

(ii) i gcás gnáth-cheadúnas iascaireachta eile—bliain.

[EN]

(b) Gnáth-cheadúnais (seacht lá) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith seacht lá, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo.

[EN]

(c) Gnáth-cheadúnais (lá agus fiche) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith lae agus fiche, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo.

[EN]

(d) Gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith bliana agus a bheas ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo.

[EN]

(e) Gnáth-cheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith bliana agus a bheas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo.

[EN]

(f) Gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheas ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo.

[EN]

(g) Gnáth-cheadúnais (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán a tabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe i leith tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a gairmtear díobh san Acht seo.

[EN]

(4) (a) Beidh gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán bailí agus i bhfeidhm go ceann na tréimhse seacht lá dar tosach an dáta a sonrófar chuige sin sa cheadúnas.

[EN]

(b) Beidh gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán bailí agus i bhfeidhm go ceann na tréimhse lae agus fiche dar tosach an lá a sonrófar chuige sin sa cheadúnas.

[EN]

(c) Beidh gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán bailí agus i bhfeidhm go ceann na tréimhse sé mhí dar tosach an dáta (ar chéad lá d'Iúil é) a sonrófar chuige sin sa cheadúnas.

[EN]

(d) Beidh gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáthcheadúnas (seacht lá) slaite bradán, gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán, gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) bailí agus i bhfeidhm i leith na bliana a sonrófar chuige sin sa cheadúnas.

[EN]

(5) Eiseofar gnáth-cheadúnas iascaireachta ar leithligh i leith gach innill iascaireachta ar leithligh.

[EN]

(6) I gcás gach gnáth-cheadúnais iascaireachta a eiseos an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh—

[EN]

(a) is i pé foirm a ordós an tAire ó am go ham a bheas sé,

[EN]

(b) luafar ann—

[EN]

(i) an tréimhse ar ina leith a bheas sé bailí agus i bhfeidhm,

[EN]

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

[EN]

(iii) muran gnáth-cheadúnas (seacht lá) slaite bradán é, nó gnáth-cheadúnas (lá agus fiche) slaite bradán, nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) slaite bradán, nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán nó gnáthcheadúnas (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 15 den Acht seo nó gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (3) den alt sin 15—ainm na toghroinne (ar toghroinn í den cheantar iascaigh sin) inar heisíodh é,

[EN]

(iv) an sórt innill iascaireachta lena mbaineann sé.

[EN]

(7) Beidh gach gnáth-cheadúnas iascaireachta séalaithe le séala an bhoird choimeádaithe d'eisigh é.

[EN]

(8) Beidh gach ceann de na gnáth-cheadúnais iascaireachta seo a leanas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin—

[EN]

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán),

[EN]

(b) gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán,

[EN]

(c) gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán.

[EN]

(9) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáthcheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán ná gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh.

[EN]

(10) Inseofar i ngach gnáth-cheadúnas slaite bradán ainm agus seoladh an duine chun ar heisíodh é agus ní bheidh an ceadúnas sin ar fáil le húsáid ag aon duine ach amháin ag an duine a bheas ainmnithe ann ná ní haistreofar é go dtí aon duine eile.

[EN]

(11) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán) chun údarás a thabhairt inneall iascaireachta den tsórt a sonrófar ann d'úsáid i gcaitheamh na tréimhse a sonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a sonrófar ann, ach sin faoi réir forál na nAcht agus an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna.

[EN]

(12) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán ná gnáthcheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) chun a údarú don duine a hainmneofar ann, agus dó-san amháin, slat bhradán d'úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a sonrófar ann agus i ngach ceantar iascaigh, ach sin faoi reir forál na nAcht agus an Acht seo agus aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna.

[EN]

(13) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (is gnáthcheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán nó gnáth-cheadúnas (séasúr déanach) (ceantar) slaite bradán) chun a údarú don duine a hainmneofar ann, agus dó-san amháin, slat bhradán d'úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a sonrófar ann agus i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é, ach sin faoi réir forál na nAcht agus an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna.

[EN]

Dleachta ar ghnáthcheadúnais iascaireachta.

15.—(1) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnais slaite bradán den aicme a sonraítear i gcolún (2), (3), (4), (5), (6) nó (7) de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo an tsuim atá leagtha amach i pé colún acu sin a bhaineas le gnáth-cheadúnas slaite bradán den aicme sin.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán d'aicme áirithe a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith an cheadúnais sin chun go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a socraítear ina leith le mír (a) den fho-alt seo.

[EN]

(c) Ní bhaineann an fo-alt seo leis an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha maidir le—

[EN]

(i) gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, nó

[EN]

(ii) gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo.

[EN]

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas (bliantúil) slaite bradán atá bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas (Límistéar an Fheabhail) slaite bradán atá bailí i leith na bliana sin.

[EN]

(b) Faoi réir míre (c) den fho-alt seo, deich scillinge an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo.

[EN]

(c) Aon uair a dhéanfas an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáthcheadúnais i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán, féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú.

[EN]

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas (bliantúil) (ceantar) slaite bradán atá bailí i leith bliana áirithe agus a heisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas (Límistéar an Fheabhail) slaite bradán atá bailí i leith na bliana sin.

[EN]

(b) Faoi réir míre (c) den fho-alt seo, deich scillinge an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáthcheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo.

[EN]

(c) Aon uair a dhéanfas an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt(1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáthcheadúnais i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán, féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnais (bliantúil) (ceantar) slaite bradán lena mbaineann an fo-alt seo d'athrú.

[EN]

(4) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáthcheadúnais i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta a údaraíos inneall iascaireachta d'úsáid den tsórt a sonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha an tsuim atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais d'athrú i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta a údaraíos inneall iascaireachta d'úsáid den tsórt a sonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais sin chun go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a sonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

[EN]

(5) I gcás ina mbeidh an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais chun inneall (nach inneall sceidealta) d'úsáid socair faoi alt 21 d'Acht 1848, arna leasú le halt 9 d'Acht 1850, maidir le ceantar iascaigh áirithe, ansin, maidir leis an gceantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

[EN]

(a) chun críocha an Achta seo tiocfaidh an t-inneall sin chun bheith agus beidh sé ina inneall sceidealta,

[EN]

(b) faoi réir míre (c) den fho-alt seo, is í an ghnáth-dhleacht cheadúnais is iníoctha i leith ceadúnais chun an t-inneall sin d'úsáid í sin a socraítear faoin alt sin 21, arna leasú amhlaidh,

[EN]

(c) féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, athrú a dhéanamh ar an ngnáth-dhleacht cheadúnais i leith ceadúnais chun an t-inneall sin d'úsáid, ach sin i slí nach n-athrófar an ghnáth-dhleacht cheadúnais i leith ceadúnais den tsórt sin chun go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a socraítear ina leith faoin alt sin 21, arna leasú amhlaidh.

[EN]

(6) Má hathraítear an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta faoi aon cheann de na forála seo a leanas den alt seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (1), mír (c) d'fho-alt (2), mír (c) d'fho-alt (3), mír (b) d'fho-alt (4) agus mír (c) d'fho-alt (5), beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon ghnáth-cheadúnais iascaireachta den tsórt sin is bailí i leith tréimhse a thosnós an lú lá nó tar éis an lú lá den chéad Eanáir eile tar éis déanamh an ordaithe a rinne an t-athrú.

[EN]

Alt 21 d'Acht 1848 agus alt 9 d'Acht 1850 a leasú.

16.—(1) In alt 21 (a bhaineas le hinnill nach n-áirítear sa Sceideal) d'Acht 1848, forléireofar na tagairtí don Sceideal a ghabhas leis an Acht sin mar thagairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(2) In alt 9 (a bhaineas le hachomhairc i gcoinne dleachta ceadúnais a socraíodh faoi alt 21 d'Acht 1848) d'Acht 1850, forléireofar an tagairt don Sceideal a ghabhas le hAcht 1848 mar thagairt do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Caibidil II.

Ceadúnais le haghaidh Iascaireachta in Uiscí Taoide Speisialta.

[EN]

Leasuithe ar Acht 1934.

17.—(1) I bhfo-alt (4) d'alt 4 (a bhaineas le ceadúnais áitiúla speisialta agus dleachta orthu) d'Acht 1934, déanfar an tagairt don dleacht cheadúnais is iníoctha faoi na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, i leith gnáth-cheadúnais d'fhorléiriú mar thagairt don dleacht cheadúnais is iníoctha faoin Acht seo i leith gnáthcheadúnais iascaireachta.

[EN]

(2) I bhfo-alt (5) d'alt 4 d'Acht 1934, cuirfear na focail “pé suim a sonrófar san ordú le toiliú an Aire Airgeadais”in ionad na bhfocal “tríocha scilling”.

[EN]

(3) I bhfo-alt (3) d'alt 5 (a bhaineas le foirm agus éifeacht cheadúnas áitiúla speisialta) d'Acht 1934, forléireofar an tagairt do na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt do na hAchta agus don Acht seo.

[EN]

(4) I bhfo-alt (1) d'alt 11 (a bhaineas le forghéilleadh ceadúnas áitiúla speisialta) d'Acht 1934, forléireofar an tagairt do na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt do na hAchta agus don Acht seo.

[EN]

(5) I bhfo-alt (1) d'alt 13 (a bhaineas le híocaíochtaí leis an Aire ag boird choimeádaithe) d'Acht 1934,—

[EN]

(a) forléireofar an tagairt do na hAchta Iascaigh, 1842 go 1925, mar thagairt don Acht seo, agus

[EN]

(b) forléireofar an tagairt do ghnáth-cheadúnas mar thagairt do ghnáth-cheadúnas iascaireachta.

Caibidil III.

Sriantachtaí ar Cheadúnais Iascaireachta d'Eisiúint.

[EN]

Toirmeasc ar ghnáthcheadúnais iascaireachta d'eisiúint i leith uiscí taoide speisialta.

18.—Ní heiseofar aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta i leith aon uiscí taoide speisialta.

CUID VI.

Rialacháin maidir le Líonta.

[EN]

Alt 35 d'Acht 1939 a leasú.

19.—I mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 35 (a chuireas srian le líonta d'úsáid i bhfíoruisce) d'Acht 1939, scriosfar na focail “agus gur in iascach leithleach a húsáidfear é”.

CUID VII.

Coraí Iascaireachta, Dambaí Muilinn Iascaireachta agus Innill Sheasta.

[EN]

Alt 33 d'Acht 1939 a leasú.

20.—(1) Féadfaidh an tAire más oiriúnach leis, le hordú, a údarú do dhuine ainmnithe cineál sonraithe innill iascaireachta (ar cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) chun breith ar eascanna a thógáil, do réir pleananna a bheas ceadaithe ag an Aire, in áit shonraithe i gcuid an fhíoruisce d'abhainn nó de loch sonraithe.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní in alt 33 d'Acht 1939 maidir le duine a n-údarófar dó le hordú faoi fho-alt (1) den alt seo cineál sonraithe innill iascaireachta (ar cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) a thógail chun breith ar eascanna do thógáil an chineáil sin innill iascaireachta faoin ordú sin agus dá réir.

[EN]

Alt 34 d'Acht 1939 a leasú.

21.—(1) (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, údarás (dá ngairmtear údarás iascaigh eascanna) a dheonadh d'áititheoir innill iascaireachta (ar cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) chun breith ar eascanna á údarú dó an t-inneall iascaireachta sin d'úsáid chun breith ar eascanna.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha (lena n-áirítear coinníoll ag teorannú na tréimhse a bheas an t-údarás i bhfeidhm) is oiriúnach leis a chur ag gabháil le húdarás iascaigh eascanna.

[EN]

(c) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, údarás iascaigh eascanna a leasú laistigh de dheich mbliana ón dáta a deonadh an t-údarás.

[EN]

(d) Féadfaidh an tAire údarás iascaigh eascanna a chúlghairm—

[EN]

(i) má ciontaítear a shealbhóir i gcion faoi na hAchta nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim faoin gcéanna, nó

[EN]

(ii) más deimhin leis go ndearnadh sárú ar aon choinníoll a ghabhas leis an údarás.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le húdarás iascaigh eascanna a leasú nó a chúlghairm faoin alt seo—

[EN]

(a) ní dhéanfaidh an tAire an t-údarás a leasú ná a chúlghairm mura mbeidh sé agus go dtí go mbeidh sé tar éis fógra coicise ar a laghad i scríbhinn, á rá go bhfuil leasú nó cúlghairm an údaráis, do réir mar bheas, á bhreithniú ag an Aire, a thabhairt, leis an bpost, do shealbhóir an údaráis sín,

[EN]

(b) luafar sa bhfógra freisin—

[EN]

(i) má deir sé gurb é leasú an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—an leasú sonrach atá á bhreithniú agus na forais ar a bhfuil sé á bhreithniú amhlaidh, nó

[EN]

(ii) má deir sé gurb é cúlghairm an údaráis atá á bhreithniú ag an Aire—na forais ar a bhfuil an chúlghairm sin á breithniú amhlaidh,

[EN]

(c) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an leasú nó an chúlghairm sin, do réir mar bheas, a dhéanfas sealbhóir an údaráis leis sara mbeidh an fógra caite.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag aon ní in alt 34 d'Acht 1939 maidir le húsáid innill iascaireachta (ar cora iascaireachta, damba muilinn iascaireachta nó inneall seasta é) a mbeidh údarás iascaigh eascanna i bhfeidhm de thuras na huaire ina leith, an fhad a húsáidfear do réir an údaráis sin é.

[EN]

Coraí iascaireachta eascanna d'oibriú gan saor-bhearna.

22.—(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a údarú le hordú cora iascaireachta eascanna sonraithe d'oibriú gan saorbhearna, faoi réir pé coinníollacha (más ann) is cuí leis an Aire agus a shonrós sé san ordú.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, cúlghairm a dhéanamh ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna d'oibriú, faoi réir coinníollacha, gan saor-bhearna, más rud é—

[EN]

(i) go gciontófar áititheoir na cora sin i gcion faoi na hAchta nó faoin Acht seo nó faoi aon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna, nó

[EN]

(ii) go mainneoidh áititheoir na cora sin déanamh do réir na gcoinníollacha sin.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le cúlghairm faoi mhír (a) den fho-alt seo ar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna d'oibriú gan saor-bhearna—

[EN]

(i) ní chúlghairmfidh an tAire an t-ordú mura mbeidh agus go dtí go mbeidh fógra coicíse ar a laghad curtha aige leis an bpost chun áititheora na cora sin á rá go bhfuil cúlghairm an orduithe á breithniú ag an Aire agus ag insint na bhforas ar a bhfuil an chúlghairm á breithniú amhlaidh,

[EN]

(ii) breithneoidh an tAire aon uiríolla maidir leis an gcúlghairm sin a dhéanfas an t-áititheoir leis sara mbeidh an fógra sin caite.

[EN]

(3) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á údarú cora iascaireachta eascanna d'oibriú gan saor-bhearna, ansin, a fhad a leanfas an t-ordú i bhfeidhm, ní bheidh feidhm ag aon cheann d'fhorála na nAcht, a bhaineas le saor-bhearnaí i gcoraí iascaireachta, i gcás na cora sin sa mhéid gur chun eascanna a ghabháil agus chuige sin amháin a húsáidtear í.

CUID VIII.

Sriantachtaí ar Bhradáin agus Bric a Dhíol agus d'Onnmhuiriú le Díol.

[EN]

An bhrí atá le “breac”i bhforála áirithe de na hAchta.

23.—I gCuid III d'Acht 1925 agus in ailt 42 agus 44 d'Acht 1939, folaíonn an focal “breac”iasc ar a dtugtar nó ar a nglaotar de ghnáth breac bogha sín.

CUID IX.

Ceadúnais le hAghaidh Iascaireachta Oisrí.

[EN]

Sriantachtaí ar oisrí a thógaint.

24.—(1) Má thógann duine ar bith i gceantar iascaigh aon oisrí as iascach oisrí ar shlí seachas le hinneall iascaireachta oisrí a bhfuil ceadúnas iascaireachta oisrí i bhfeidhm ina leith de thuras na huaire á údarú an t-inneall iascaireachta oisrí sin d'úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na dleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith ceadúnais iascaireachta oisrí.

[EN]

(2) Má ciontaítear duine i gcion faoin alt seo agus gur húsáideadh inneall iascaireachta oisrí ag déanamh an chiona sin, beidh an t-inneall iascaireachta oisrí sin ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

[EN]

Forála maidir le ceadúnais iascaireachta oisrí.

25.—(1) Déanfaidh boird choimeádaithe, do réir an ailt seo, ceadúnais (dá ngairmtear ceadúnais iascaireachta oisrí san Acht seo) d'eisiúint i leith inneall iascaireachta oisrí.

[EN]

(2) Bliain an tréimhse a h-eiseofar ceadúnais iascaireachta oisrí ina leith.

[EN]

(3) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí bailí agus i bhfeidhm i leith na bliana a sonrófar chuige sin sa cheadúnas.

[EN]

(4) Eiseofar ceadúnas iascaireachta oisrí ar leithligh i leith gach innill iascaireachta oisrí ar leithligh.

[EN]

(5) I gcás gach ceadúnais iascaireachta oisrí a eiseos an bord coimeádaithe do cheantar iascaigh—

[EN]

(a) is i pé foirm a ordóidh an tAire a bheas sé,

[EN]

(b) luafar ann—

[EN]

(i) an bhliain ar ina leith a bheas sé bailí agus i bhfeidhm,

[EN]

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

[EN]

(iii) an toghroinn cheantair (ar toghroinn cheantair den cheantar iascaigh sin é) inar heisíodh é,

[EN]

(iv) an t-inneall iascaireachta oisrí lena mbaineann sé,

[EN]

(v) ainm an duine chun ar heisíodh é,

[EN]

(c) beidh sé séalaithe le séala an bhoird choimeádaithe sin.

[EN]

(6) Beidh ceadúnas iascaireachta oisrí ar fáil lena úsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin.

[EN]

(7) Oibreoidh gach ceadúnas iascaireachta oisrí chun údarás a thabhairt an t-inneall iascaireachta oisrí a sonrófar ann d'úsáid i gcaitheamh na bliana a sonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a sonrófar ann, ach sin faoi réir forál na nAcht agus aon ionstraime arna déanamh fúthu.

[EN]

Dleacht cheadúnais ar cheadúnais iascaireachta oisrí.

26.—(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, dhá phunt an dleacht cheanúnais a bheas ar gach ceadúnas iascaireachta oisrí.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais iascaireachta oisrí d'athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht cheadúnais i leith an cheadúnais sin chun go mbeidh sí níos mó ná ceithre phunt.

[EN]

(3) Má hathraítear an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais iascaireachta oisrí faoi fho-alt (2) den alt seo, beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon cheadúnais iascaireachta oisrí den tsórt sin a bheas bailí i leith tréimhse a thosnós an 1ú lá nó tar éis an 1ú lá den chéad Eanáir eile tar éis déanamh an ordaithe a rinne an t-athrú.

[EN]

Ceart chun ceadúnais iascaireachta oisrí.

27.—I gcás ina n-iarrfaidh duine ceadúnas iascaireachta oisrí ar bhord coimeádaithe agus go dtairgfidh sé an dleacht cheadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith an cheadúnais sin eiseoidh an bord sin an ceadúnas sin chun an duine sin.

CUID X.

Cumhachtai Coimeádaithe uisce, Oifigeach agus Seirbhíseach Bhord Coimeádaithe, Garda Shíochána agus Daoine eile chun na hAchta agus an tAcht seo a chur i bhFeidhm.

[EN]

A bheith ar dhaoine a úsáideas innill iascaireachta oisrí an ceadúnas ina leith a thabhairt ar aird nuair a hiarrfar sin.

28.—(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt “duine údaraithe” duine ar bith is—

[EN]

(a) comhalta den Gharda Síochána, nó

[EN]

(b) uisce-choimeádaí príobháideach, nó

[EN]

(c) cigire do bhord coimeádaithe, nó

[EN]

(d) uisce-choimeádaí arna cheapadh ag bord coimeádaithe, nó

[EN]

(e) oifigeach arna cheapadh ag an Aire, nó

[EN]

(f) comhalta de bhord coimeádaithe.

[EN]

(2) Duine ar bith a úsáidfeas nó a mbeidh ina sheilbh aige inneall iascaireachta oisrí in iascach oisrí nó in aice le hiascach oisrí nó ag dul ag iascaireacht nó ag filleadh ó iascaireacht déanfaidh sé, má hiarrtar sin air, an ceadúnas iascaireachta oisrí i leith an innill sin a thabhairt ar aird do dhuine údaraithe ar bith agus, mura ndéana, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná méid na dleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith an cheadúnais sin agus nach mó ná dhá oiread na dleachta ceadúnais sin.

[EN]

(3) Duine ar bith a n-iarrfar go dleathach air faoin alt seo ceadúnas iascaireachta oisrí a thabhairt ar aird agus nach dtabharfaidh an ceadúnas sin ar aird mar nach bhfuil aon cheadúnas den tsórt sin ann measfar gur mhainnigh sé an ceadúnas sin a thabhairt ar aird do réir bhrí an ailt seo.

CUID XI.

Fíneála agus Forghéilleadh.

[EN]

Alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949, a leathnú chun baint a bheith aige le fíneála i leith cionta áirithe faoi na hachtacháin iascaigh oisrí.

29.—Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 10 (a bhaineas le híocaíochtaí ag an Aire maidir le fíneála i leith cionta faoi na hachtacháin iascaigh bhradán) den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949), amhail is dá bhfolódh an tagairt atá ann do chion faoi na hachtacháin iascaigh bhradán tagairt do chion faoi aon achtachán acu seo a leanas—

[EN]

1. Alt 36 (sa mhéid go mbaineann sé le hoisrí agus álmhach oisrí) den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

[EN]

2. Alt 19 den Fisheries (Ireland) Act, 1845.

[EN]

3. Alt 2 den Oyster Beds (Ireland) Act, 1866.

[EN]

4. Alt 13 den Oyster Fishery (Ireland) Amendment Act, 1866.

[EN]

5. Alt 13 den Oyster Cultivation (Ireland) Act, 1884.

[EN]

6. Ailt 24 agus 28 den Acht seo.

[EN]

Alt 15 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949, a leathnú chun baint a bheith aige le fáltais ó fhorghéilleadh faoi achtacháin iascaigh oisrí áirithe.

30.—Beidh éifeacht ag alt 15 (a bhaineas le híocaíochtaí ag an Aire i leith fáltas ó fhorghéilleadh faoi na hachtacháin iascaigh bhradán) den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949), amhail is dá bhfolódh an tagairt atá ann do ní a forghéilleadh faoi na hachtacháin iascaigh bhradán tagairt do ní a forghéilleadh faoi aon achtacháin acu seo a leanas—

[EN]

1. Alt 36 (sa mhéid go mbaineann sé le hoisrí agus álmhach oisrí) den Fisheries (Ireland) Act, 1842.

[EN]

2. Alt 19 den Fisheries (Ireland) Act, 1845.

[EN]

3. Alt 24 den Acht seo.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Achtacháin a hAthghairmtear.

Alt 4.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

(1)

(2)

(3)

11 & 12 Vic. c. 92

The Fisheries (Ireland) Act, 1848.

Alt 8; in alt 13, (a) ó na focail “after the first Board”go dtí na focail “not enumerated in the said Schedule; and”, (b) na focail “licence duty or”, agus (c) na focail “the respective amount of the duty specified in the said Schedule or; in alt 21, (a) ó na focail “Pro- vided always that rods used singly”go dtí na focail “licence duty under this Act”agus (b) ó na focail “Provided also that if any person using a rod”go dtí na focail “recited Acts or this Act; alt 22; alt 28 (ach amháin sa mhéid go mbaineann sé, de bhua fo-ailt (9) d'alt 9 d'Acht 1939, le ceadúnais slaite breac); an Sceideal.

13 & 14 Vic. c. 88

The Fisheries (Ireland) Act, 1850.

Alt 12.

26 & 27 Vic. c. 114

The Salmon Fishery (Ire- land) Act, 1863.

Alt 26.

32 & 33 Vic. c. 92

The Fisheries (Ireland) Act, 1869.

Alt 17 (ach amháin sa mhéid go mbaineann sé, de bhua fo-ailt (9) d'alt 9 d'Acht 1939, le ceadúnais slaite breac).

Uimh. 32 de 1925.

An tAcht Iascaigh, 1925.

Fo-alt (2) d'alt 8; alt 12; i bhfo-alt (4) d'alt 13, na focail “an 28adh lá d'Fheabhra nó roimhe sin sa bhliain iascaigh sin”; an Chéad Sceideal.

Uimh. 24 de 1934.

An tAcht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934.

In alt 3, na tagairtí d'ailt 8 agus 22 den Fisheries (Ireland) Act, 1848.

Uimh. 17 de 1939.

An tAcht Iascaigh, 1939.

Alt 10, fo-alt (1) d'alt 12, ailt 15 agus 55.

Uimh. 27 de 1949.

An tAcht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1949.

Alt 10.

Uimh. 16 de 1953.

An tAcht Iascaigh (Leasú), 1953.

Alt 6.

AN DARA SCEIDEAL.

Scála na nDleacht Gnáth-cheadúnais.

Alt 15.

Cuid I.

Dleachta Ceadúnais i leith Gnáth-Cheadúnais Slaite Bradán.

Na hAicmí Ghnáth-Cheadúnas Slaite Bradán

An Sórt Innill

Gnáth-Cheadúnais (bliantúil) Slaite Bradán

Gnáth-Cheadúnais (bliantúil) (ceantar) Slaite Bradán

Gnáth-Cheadúnais (seacht lá) Slaite Bradán

Gnáth-Cheadúnais (lá agus fiche) Slaite Bradán

Gnáth-Cheadúnais (séasúr déanach) Slaite Bradán

Gnáth-Cheadúnais (séasúr déanach) (ceantar) Slaite Bradán

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

(7)

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

Slat Bhradán

2

0

0

2

0

0

1

0

0

1

10

0

1

10

0

1

0

0

Cuid II.

Dleachta Gnáth-Cheadúnais eile.

Uimh. Thag.

An Sórt Innill

Dleacht Cheadúnais Bhliantúil

(1)

(2)

(3)

£

s.

d.

1.

Líon cuaillí nó líon eite

30

0

0

2.

Líon mála

10

0

0

3.

Ceann-chora

6

0

0

4.

Líon tarrainge

4

0

0

5.

Sruth-líon

3

0

0

6.

Sciob-líon

2

10

0

7.

Líon cleithe

2

0

0

8.

Lúb-líon

10

0

9.

Bosca gabhála brádán i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta

10

0

0

10.

Súil, bearna nó cliabh chun eascanna a ghabháil i gcora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta nó ar an gcéanna

2

0

0

11.

Gaiste eascanna mar húsáidtear faoi cheadúnas i gCeantar Uimh. 171 nó Ceantar Dhroichead Átha agus i gCeantar Uimh. 13 nó Ceantar Bhéal Atha Seanaigh

2

0

0

12.

Dorú fada le haghaidh eascanna

2

0

0