Uimhir 5 de 1952.
ACHT IASCAIGH AN FHEABHAIL, 1952.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Reamhraiteach agus Ginearalta.
Gearrtheideal.
1.—Féadfar Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “an Chomhairle Chomhairlitheach” an Chomhairle Chomhairlitheach do Líomatáiste an Fheabhail, a bunaítear faoi alt 22;
tá leis an abairt “duine údaraithe” an bhrí a bheirtear di le halt 54;
ciallaíonn “an Coimisiún” Coimisiún Iascaigh an Fheabhail, a bunaítear le halt 11;
ciallaíonn “Breitheamh Dúiche” breitheamh den Chúirt Dúiche;
ciallaíonn “an dáta bunuithe” an dáta a ceapfar le hordú faoi alt 10;
ciallaíonn “na hAchta Iascaigh” na hAchta Iascaigh, 1842 go 1949;
ciallaíonn “ráta iascaigh” ráta faoi alt 23;
ciallaíonn “bliain iascaigh” an tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair in aon bhliain;
ciallaíonn “inneall iascaigh” aon inneall, líon nó uirlis ar bith is féidir d'úsáid chun iasc a thógáil;
ciallaíonn “ceadúnas iascaigh” ceadúnas arna eisiúint ag an gCoimisiún faoi rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin Acht seo;
tá leis an abairt “Líomatáiste an Fheabhail” an bhrí a bheirtear di le halt 3;
ciallaíonn “fiosrúchán” fiosrúchán faoi alt 82;
ciallaíonn “an Cumann Éireannach” an comhlucht dar teideal the Society of the Governor and Assistants, London, of the New Plantation of Ulster within the Realm of Ireland;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;
ciallaíonn “an Aireacht” Aireacht Tráchtála Thuaisceart Éireann;
ciallaíonn “Líomatáiste Mhagh Bhile” an líomatáiste a ceapadh le hOrdú Cheantar Iascaigh Mhagh Bhile, 1926, mar Cheantar Mhagh Bhile;
ciallaíonn “Bord Mhagh Bhile” an bord coimeádaithe do Cheantar Mhagh Bhile;
ciallaíonn an briathar “ordú” ordú le rialacháin arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoin Acht seo;
folaíonn “abha” loch agus inbhear;
folaíonn “bradáin” bric farraige, gach iasc de chineál an bhradáin agus a n-eochrais agus a mblátháin;
folaíonn “bric” gach iasc de chineál an bhric dhoinn agus a n-eochrais agus a mblátháin ach ní fholaíonn sé bric farraige.
(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'iasc d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chuid d'iasc.
(3) San Acht seo aon tagairt a déantar do réir uimhreach do Chuid nó d'alt is tagairt í don Chuid nó don alt den Acht seo ar a bhfuil an uimhir sin mura léirítear gur tagairt d'Acht éigin eile í.
(4) Mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán d'fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.
Líomatáiste an Fheabhail.
3.—(1) San Acht seo ciallaíonn “Líomatáiste an Fheabhail” an líomatáiste is ionann agus an ceantar iascaigh a ceapadh agus a míníodh i gcéadóir faoin ainm an Londonderry District le hordú a rinne na Coimisinéirí Iascaigh an 9ú lá d'Iúil, 1855.
(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar thórainneacha Líomatáiste an Fheabhail.
Srian leis na hAchta Iascaigh.
4.—Ar an dáta bunuithe agus uaidh sin amach scoirfidh na forála, dá dtagartar sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, de na hachtacháin dá dtagartar sa dara colún d'fheidhm a bheith acu maidir le Líomatáiste Mhagh Bhile.
Cuntais agus tuarascála a leagadh faoi bhráid an Oireachtais.
5.—Cuirfidh an tAire faoi ndear go leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas cóip de chuntais an Choimisiúin do gach bliain arna n-iniúchadh do réir míre 17 den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus cóip de thuarascáil na n-iniúchóirí ar na cuntais sin, agus cóip den tuarascáil bhliantúil a thug an Coimisiún dó.
Cóipeanna d'orduithe agus rialacháin a thaisceadh.
6.—Taiscfear cóip de gach ordú nó rialachán a déanfar faoin Acht seo—
(a) leis an gcláraitheoir contae do chontae Dhún na nGall,
(b) leis an gCléireach Cúirte Dúiche do gach Dúthaigh Chúirte atá, nó a bhfuil cuid di, i Líomatáiste Mhagh Bhile, agus
(c) i ngach stáisiún Gharda Síochána i Líomatáiste Mhagh Bhile.
Caiteachais.
7.—Na caiteachais uile faoina raghaidh an tAire ag cur an Achta seo in éifeacht, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
CUID II.
Cearta Iascaigh an Fheabhail a Thogaint.
Cumhachta chun cearta iascaigh a thógaint, etc.
8.—(1) Údaraítear leis seo don Aire comhaontú (dá ngairmtear an comhaontú dílsithe san Acht seo) a dhéanamh leis an Aireacht agus leis an gCumann Éireannach do réir téarmaí an dréachta atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.
(2) Ar dháta forghníomhuithe an chomhaontuithe dhílsithe oibreoidh an fo-alt seo chun teideal iomlán dochloíte a dhílsiú san Aire agus san Aireacht chun an feo simplí seilbhe ar gach ceart iascaigh sna coda taoidmheara de Loch agus Abha an Fheabhail agus dá shuainmheachán, Abha an Fhachain, saortha agus urscaoilte ó gach eastát, teideal, leas, eire, ceart, saoirse agus pribhléid d'aon tsórt, pé duine ag a bhfuil teachtadh, úsáid feidhmiú nó sealúchas an chéanna, lasmuigh de na cíos-mhuirir dá dtagartar sa chomhaontú dílsithe ach faoi shlánaíocht ina n-aghaidh sin mar foráltar sa chomhaontú sin.
(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) den alt seo le ceart a bhí dílsithe, díreach roimh dháta forghníomhuithe an chomhaontuithe dhílsithe, in aon duine, seachas an Cumann Éireannach, chun inneall seasamhach d'úsáid faoi dheimhniú a deonadh faoi alt 6 den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.
(4) Ar dháta forghníomhuithe an chomhaontuithe dhílsithe oibreoidh an fo-alt seo chun eastát, ceart, teideal agus leas uile an Chumainn Éireannaigh sna coda taoidmheara de Loch agus Abha an Fheabhail agus dá shuainmheachán, Abha an Fhachain, agus i ngrian, grinneall agus urthrá na gcoda taoidmheara sin, agus chucu sin uile, a mhúchadh.
(5) Oibreoidh an comhaontú dílsithe, gan a thuilleadh forcinntithe, chun an mhaoin uile a gcomhaontaítear leis í a dhíol, seachas cearta iascaigh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, a thíolacadh, a shannadh agus d'aistriú ar dháta déanta an chomhaontuithe sin chun an Aire agus chun na hAireachta.
(6) Beidh cumhacht ag an gCumann Éireannach, d'ainneoin aon tórainneacha lena chumhachta, chun an comhaontú dílsithe a dhéanamh gan toiliú duine ar bith.
(7) Beidh de dhualgas ar an Aire agus ar an gCumann Éireannach, agus cumhachtaítear do gach páirtí dhíobh leis seo, an comhaontú dílsithe a chomhlíonadh a mhéid atá a fhorála le comhlíonadh ag an bpáirtí sin.
(8) Má chruthaíonn duine ar bith, seachas an Cumann Éireannach, gur baineadh aon leas i gceart eisiach iascaigh de le fo-alt (2) den alt seo, beidh sé i dteideal cúiteamh sa chailliúint leasa sin a ghnóthú ón gCoimisiún, agus mura gcomhaontaítear ar aon cheist i dtaobh cúiteamh a bheith iníoctha faoin bhfo-alt seo nó i dtaobh a mhéide cinnfear í faoi réim agus do réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, ag eadránaí a ceapfar faoin Acht sin.
(9) Nuair a bheas sé ag measúnú cúitimh faoi fho-alt (8) den alt seo, bhéarfaidh an t-eadránaí aird ar a mhéid a feidhmíodh an ceart áirithe i rith na ndeich mbliana dar críoch an dáta a forghníomhaíodh an chomhaontú dílsithe.
Díolúine ó dhleachta stampa.
9.—(1) Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal go seachadfar do na Coimisinéirí Ioncaim cóip den Acht seo ná go n-íocfar dleacht stampa faoin alt sin ar aon chóip den Acht seo.
(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar an gcomhaontú dílsithe ná ar aon ionstraim a forghníomhófar dá bhun.
CUID III.
Coimisiun Iascaigh an Fheabhail.
Tosach feidhme na Coda seo.
10.—Tiocfaidh na forála ina dhiaidh seo den Chuid seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aireacht.
Cóiriú agus Feidhmeanna.
Bunú Coimisiúin Iascaigh an Fheabhail.
11.—(1) Bunaítear leis seo comhlucht dá ngairmfear Coimisiún Iascaigh an Fheabhail.
(2) Is iad feidhmeanna an Choimisiúin—
(a) an mhaoin a dílseofar san Aire agus san Aireacht faoi alt 8 a bhainistí;
(b) iascaigh Líomatáiste an Fheabhail a chaomhaint, a chosaint agus d'fheabhsú i gcoitinne.
(3) Beidh feidhm maidir leis an gCoimisiún ag forála an Tríú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo.
Díolúine rátaí agus cánacha.
12.—(1) Ní dhlífidh an Coimisiún cáin ar bith d'íoc i leith na dílseánachta in aon tailte, tíonóntáin agus oidhreachtáin ná i leith a n-áitithe ná i leith aon choda dá ioncam.
(2) Ní bheidh an Coimisiún faoi dhliteanas maidir le ráta is intobhaigh ag aon údarás áitiúil i leith úsáid nó áitiú aon oidhreachtáin nó tionóntáin ag an gCoimisiún, agus aon oidhreachtán nó tionóntán a bheas á úsáid nó á áitiú amhlaidh measfar, chun críche ailt 2 den Valuation (Ireland) Act, 1854, gur de chineál poiblí é agus gur chun na seirbhíse poiblí a háitítear é.
(3) I ngach bliain airgeadais áitiúil íocfar le húdarás áitiúil i Líomatáiste Mhagh Bhile as airgead a sholáthrós an tOireachtas pé suim a mbeadh an t-údarás sin i dteideal, do réir dlí, í d'fháil i leith rátaí mura mbeadh an díolúine a bheirtear le fo-alt (2) den alt seo.
Rialacháin.
13.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, le haontú an Aire agus na hAireachta, pé rialacháin a dhéanamh a chífear don Choimisiún a bheith fóirstineach chun iascaigh Líomatáiste an Fheabhail a bhainistí, a chaomhaint, a chosaint agus d'fheabhsú agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh rialacháin a dhéanamh maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas —
(a) iascach a rialú agus dea-ord a choimeád i measc lucht iascaigh,
(b) na trátha agus na saosúir le haghaidh iasc nó aon chineál éisc a thógáil nó le haghaidh aon mhodha tógála éisc nó aon chinéil éisc agus na coinníollacha faoina bhféadfar iasc nó aon chineál éisc a thógáil,
(c) aon mhodh tógála nó díthithe éisc nó aon chinéil éisc a thoirmeasc,
(d) na trátha agus na háiteanna nó an modh ina bhféadfar aon inneall iascaigh d'úsáid,
(e) an saghas agus an deilbh líonta a húsáidfear agus toise mhogall na líonta sin,
(f) úsáid aon innill iascaigh a thoirmeasc, go hiomlán nó ar shlí seachas faoi réim agus do réir ceadúnais arna eisiúint ag an gCoimisiún,
(g) ceadúnais d'iarraidh, d'eisiúint, d'athrú, d'athnuachaint agus a chúlghairm, i gcoitinne nó i gcásanna áirithe,
(h) uiscí a chosaint ar nimhiú agus truailliú ag aon ábhar docharach nó nimhiúil nó ó aon éisc nó ainmhithe oirgneacha,
(i) cleachtas ar bith a thoirmeasc is dóigh leis an gCoimisiún a raghadh chun bac a chur le hiasc a ghabháil go dleathach nó a bheadh in aon tslí docharach do na hiascaigh,
(j) míniú a thabhairt, do réir léarscáile nó eile, ar bhéal aon abhann i Líomatáiste an Fheabhail, ar bhéal aon fho-abhann mar a dtéann sí isteach in aon abhainn eile ann, ar an tórainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn ann, ar an bpointe nó na pointí chun a mbeidh nó óna mbeidh faideanna slí le tomhas faoin Acht seo, nó ar an spás a dtoirmisctear leis an Acht seo nó le rialacháin faoin alt seo modhanna áirithe iascaigh d'úsáid nó a chleachtadh laistigh de,
(k) aon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe,
(l) aon ní a bhaineas in aon tslí le bainistí agus cosaint na n-iascach.
(2) Féadfaidh rialacháin a dhéanfas an Coimisiún faoin alt seo a fhoráil go n-éileofar i leith aon cheadúnais nó doiciméid eile, a eiseos nó a athrós an Coimisiún, pé táillí, is iníoctha pé tráth agus i pé slí, a hordófar.
(3) Gach rialachán a dhéanfas an Coimisiún faoin alt seo, foilseofar é, a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, san Iris Oifigiúil agus i nuachtán nó i nuachtáin a léitear i Líomatáiste an Fheabhail.
(4) Aon ionstraim a rinneadh faoi na hAchta Iascaigh agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe agus a bhainfeas leis an gceantar iascaigh dá ngairmtear Ceantar Mhagh Bhile leanfaidh sé i bhfeidhm dá éis sin agus measfar gur faoin alt seo a rinneadh í agus féadfar í a chúlghairm le rialacháin faoin alt seo
(5) Cuirfidh an tAire faoi ndear go leagfar gach rialachán a déanfar faoin Acht seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(6) Má sháraíonn duine ar bith (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon rialacháin faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Srian leis an méid ceadúnas.
14.—(1) Ní bheidh an méid ceadúnas le haghaidh iascaigh le hinnill iascaigh d'aon tsórt (seachas slat agus ruaim), in uiscí taoide Líomatáiste an Fheabhail, a fhéadfas an Coimisiún d'eisiúint in aon bhliain, níos mó ná pé méid a bheas ordaithe de thuras na huaire.
(2) Má bhíonn an méid iarratas a déanfar go cuí ar cheadúnais in aon bhliain níos mó ná an méid uasta a forálfar faoin alt seo, dáilfear na ceadúnais i pé slí a bheas ordaithe.
Forála Airgeadais.
Meastachán bliantúil.
15.—Bhéarfaidh an Coimisiún don Aire an 30ú lá de Shamhain, nó roimhe sin, gach bliain iascaigh, meastachán ar a ioncam agus a chaiteachas don bhliain sin.
Deontais.
16.—(1) Féadfar deontas nó deontais de pé méid a cheadós an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, d'íoc leis an gCoimisiún, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, i leith caiteachas an Choimisiúin in aon bhliain iascaigh áirithe.
(2) Nuair a bheas sé ag cinneadh méid an deontais faoin alt seo do bhliain iascaigh áirithe, bhéarfaidh an tAire aird ar mhéid aon deontais a bheas íoctha nó le n-íoc ag an Aireacht leis an gCoimisiún don bhliain sin.
Airleacain
17.—(1) Chun a chumasú don Choimisiún a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, airleachain a thabhairt ó am go ham don Choimisiún as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
(2) Aon tsuim a hairleacfar faoin alt seo, beidh sí inaisíoctha ar pé téarmaí ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Coimisiún, le comhthoiliú an Aire Airgeadais.
Cumhacht an Choimisiúin chun iasachta sealadacha d'fháil.
18.—Féadfaidh an Coimisiún, trí chomhshocraíocht le bancaeirí, pé suimeanna a theastós uaidh ó am go ham d'fháil ar iasacht go sealadach, suas go dtí méid nach mó ná mar bheas ceadaithe ó am go ham ag an Aire agus ag an Aireacht.
Bord Mhagh Bhile a Dhíscaoileadh.
Bord Coimeádaithe Mhagh Bhile a dhíscaoileadh.
19.—(1) Déantar leis seo Bord Mhagh Bhile a dhíscaoileadh.
(2) Aistrítear leis seo chun an Choimisiúin maoin, cearta agus dliteanais uile Bhord Mhagh Bhile.
Imeachta dlíthiúla ar feitheamh a leanúint.
20.—Ar an dáta bunaithe tiocfaidh an Coimisiún chun bheith, agus beidh sé, ina pháirtí i ngach imeacht dlíthiúil ar feitheamh a bhfuil Bord Mhagh Bhile ina pháirtí inti, in ionad an Bhoird sin, agus leanfar de na himeachta dá réir sin agus ní thitfid ar lár ná ní scoirfear díobh ná ní déanfar dochar dóibh toisc an Bord sin a dhíscaoileadh.
Ceadúnais a leanúint i bhfeidhm.
21.—(1) Aon cheadúnas áitiúil speisialta—
(a) d'eisigh Bord Mhagh Bhile faoin Acht Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934 (Uimh. 24 de 1934), le haghaidh na n-uiscí taoide d'Abhainn an Fheabhail ar a dtugtar an “Branch Stream” agus ar dearbhaíodh le hordú ón Aire feidhm a bheith ag an Acht sin ina leith, agus
(b) a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe,
leanfaidh sé, d'ainneoin ailt 4, de bheith i bhfeidhm do réir a théarmaí, faoi réir forál an Achta Iascaigh (Uiscí Taoide), 1934, agus ailt 54 den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939), agus orduithe agus rialachán an Aire fúthu sin, agus déanfar na forála, na horduithe agus na rialacháin sin d'fhorléiriú maidir leis na ceadúnais sin amhail is dá mba thagairtí don Choimisiún na tagairtí do Bhord Mhagh Bhile.
(2) Aon cheadúnas (seachas ceadúnas áitiúil speisialta) d'eisigh Bord Mhagh Bhile agus a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, leanfaidh sé i bhfeidhm do réir a théarmaí agus measfar gur ceadúnas iascaigh chun críocha an Achta seo é.
An Chomhairle Chomhairlitheach do Líomatáiste an Fheabhail.
Bunú agus feidhmeanna na Comhairle Comhairlithí.
22.—(1) Beidh Comhairle Chomhairlitheach ann do Líomatáiste an Fheabhail.
(2) Is iad feidhmeanna na Comhairle Comhairlithí féachaint i ndiaidh leasa sealbhóirí ceadúnas iascaigh agus áititheoirí iascach i Líomatáiste an Fheabhail, pé molta agus uiríolla is cuí léi a chur faoi bhráid an Choimisiúin maidir le haon fheidhm de chuid an Choimisiúin, agus an Coimisiún a chomhairliú i dtaobh aon ní a chuirfeas an Coimisiún faoina bráid.
(3) Beidh feidhm maidir leis an gComhairle Chomhairlitheach ag forála an Cheathrú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo.
CUID IV.
Ratai ar Iascaigh.
Rátaí ar iascaigh.
23.—(1) Sa bhliain iascaigh dár tosach an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus gach bliain iascaigh ina dhiaidh sin, gearrfaidh an Coimisiún, an 31ú lá de Nollaig, nó roimhe sin, ráta is ionann agus fiche scilling sa phunt ar gach iascach (seachas iascach arb é an Coimisiún a áititheoir) i Líomatáiste Mhagh Bhile ar an luacháil ina leith a bheas sa Liosta Luachála athscrúdaithe a ceangailtear faoi na hAchta Luachála ar an gCoimisinéir Luachála d'eisiúint tráth nach déanaí ná an 1ú lá de Mhárta roimhe sin.
(2) Gach ráta a gearrfar faoin alt seo, déanfaidh na daoine ar leithligh ag a mbeidh sé le n-íoc é d'íoc ina dhá leath ar an 1ú lá d'Aibreán agus ar an 1ú lá de Mheán Fómhair sa bhliain iascaigh dá mbeidh an ráta iníoctha agus íocfar é amhlaidh de bhreis agus de bharr ar gach táille cheadúnais nó aon táille cheadúnais a íocfas na daoine sin faoin Acht seo don bhliain iascaigh sin nó d'aon bhliain iascaigh eile.
(3) Duine ar bith a dlífear a rátú faoin Acht seo i leith iascaigh, beidh sé, i leith an iascaigh sin, díolmhaithe ó dhliteanas i leith aon ráta is intobhaigh ag údarás áitiúil.
(4) Beidh feidhm ag fo-alt (7) d'alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), maidir le Líomatáiste Mhagh Bhile agus, chun críche na feidhme sin, measfar an díolúine a bheirtear le fo-alt (3) den alt seo a bheith tugtha leis an alt sin 13.
Dliteanas áititheora i leith ráta iascaigh.
24.—Dlífidh áititheoir iascaigh an ráta iascaigh d'íoc i leith an iascaigh.
Ráta iascaigh a bhailiú.
25.—Déanfaidh pé daoine a cheapfas an Coimisiún ó am go ham ráta iascaigh a bhailiú, agus tógfaidh an Coimisiún leor-urrús ó na daoine a ceapfar amhlaidh go dtabharfar cuntas cuí sa ráta a baileofar, agus beidh costas bailithe an ráta ina chuid de chaiteachais an Choimisiúin.
Ráta iascaigh a ghnóthú.
26.—(1) Féadfar ráta iascaigh a ghnóthú ar agra an Choimisiúin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(2) Má bhíonn aon tsuim a bheas dlite i leith ráta iascaigh gan íoc laistigh de mhí tar éis an dáta ar a gceangailtear le fo-alt (2) d'alt 23 é d'íoc, féadfar an tsuim sin a ghnóthú (de roghain an duine atá i dteideal do réir dlí í a bhailiú agus a ghnóthú) ón áititheoir nó ó aon duine eile a bhí, an tráth a gearradh an ráta iascaigh sin nó aon tráth ina dhiaidh sin ag teachtadh, ag úsáid nó ag áitiú an iascaigh sin nó aon choda dhe agus, más tionónta ag an áititheoir an duine deiridh sin, féadfaidh sé, mura bhforálann an conradh tionóntachta gurb é an tionónta a íocfas an ráta iascaigh, méid aon ráta iascaigh a gnóthófar uaidh amhlaidh a bhaint as aon chíos is iníoctha leis an áititheoir.
Rátaí iascaigh a ghearr Bord Mhagh Bhile.
27.—Beidh feidhm ag ailt 24, 25 agus 26 maidir le gach ráta iascaigh a ghearr Bord Mhagh Bhile agus a daingníodh faoi alt 13 den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), agus nach mbeidh lán-íoctha roimh an dáta bunuithe.
CUID V.
Tratha Iascaigh agus Forala Fo-ghabhalacha.
Saosúir choiscthe agus tráth coiscthe.
28.—(1) Is é an saosúr coiscthe bliantúil i Líomatáiste an Fheabhail an tréimhse a hordófar chun na críche sin nó, mura n-ordaítear aon tréimhse, an tréimhse dár tosach an lú lá de Mheán Fómhair agus dár críoch an 14ú lá d'Aibreán díreach ina dhiaidh sin.
(2) Is é an saosúr coiscthe bliantúil le haghaidh duánachta i Líomatáiste an Fheabhail an tréimhse a hordófar chun na críche sin nó, mura n-ordaítear aon tréimhse, an tréimhse dár tosach an 13ú lá de Dheireadh Fómhair agus dár críoch an 31ú lá d'Eanáir díreach ina dhiaidh sin.
(3) Is é an tráth coiscthe seachtainiúil i Líomatáiste an Fheabhail an tréimhse a hordófar chun na críche sin nó, mura n-ordaítear aon tréimhse, an tréimhse dár tosach an 6 a chlog a.m. ar an Satharn agus dár críoch an 6 a chlog a.m. ar an Luan ina dhiaidh sin.
(4) Féadfar tréimhsí éagsúla d'ordú faoin alt seo i leith coda éagsúla de Líomatáiste an Fheabhail agus, i gcás tréimhse a bheith ordaithe amhlaidh do chuid áirithe den líomatáiste sin, déanfar tagairtí san Acht seo don tsaosúr coiscthe bliantúil, don tsaosúr coiscthe bliantúil le haghaidh duánachta, nó don tráth coiscthe seachtainiúil, d'fhorléiriú maidir leis an gcuid sin mar thagairtí don tréimhse a bheas ordaithe amhlaidh, do réir mar is gá sa chás.
Iascach le linn saosúirí coiscthe.
29.—Duine ar bith—
(a) a dhéanfas bradáin nó bric d'iascach, a thógáil nó a mharú nó a dhéanfas iarracht ar iad a thógáil nó a mharú (ach amháin le slat agus ruaim), le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil, nó
(b) a dhéanfas bradáin nó bric d'iascach, a thógáil nó a mharú nó a dhéanfas iarracht ar iad a thógáil nó a mharú le slat agus ruaim le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil le haghaidh duánachta, nó
(c) a chabhrós nó a chuideos le haon ghníomh nó iarracht den tsórt sin,
beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Iascach le linn trátha choiscthe.
30.—Duine ar bith a dhéanfas bradáin nó bric d'iascach, a thógáil nó a mharú nó a dhéanfas iarracht ar iad a thógáil nó a mharú (ach amháin le slat agus ruaim) le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, nó a chabhrós nó a chuideos le haon ghníomh nó iarracht den tsórt sin, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Bradáin agus bric a bhacainniú.
31.—(1) Duine ar bith a chuirfeas aon bhacainn, a úsáidfeas aon tsás nó a dhéanfas aon ghníomh chun gluaiseacht bhradán nó breac a bhacainniú i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúil, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo,
(2) Ní bheidh feidhm ag aon ní san alt seo maidir le hiascach dleathach le slat agus ruaim.
Innill sheasamhacha d'aistriú le linn an tsaosúir choiscthe agus an trátha choiscthe.
32.—(1) Cuirfidh áititheoir aon innill sheasamhaigh chun bradáin nó bric a thógáil faoi ndear, díreach tar éis tosach an tsaosúir choiscthe bhliantúil agus go dtí deireadh an tsaosúir sin, agus fós le linn an trátha choiscthe sheachtainiúil, go n-aistreofar an t-inneall seasamhach nó go gcuirfear é ó chumas bradáin agus bric a thógáil nó a ngluaiseacht a bhacainniú.
(2) Duine ar bith nach ndéanfaidh do réir an ailt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(3) San alt seo ciallaíonn “inneall seasamhach” aon líon, acra, inneall nó feiste, a greamaítear sa talamh nó a daingnítear le hancairí nó a coinnítear leis an láimh nó a déantar fosaidh in aon tslí eile agus a húsáidtear d'aon-toisc chun iasc a thógáil nó mar chabhair chun iasc a thógáil.
Líonta d'aistriú ó bhruacha abhann le linn an tsaosúir choiscthe.
33.—Má mhainníonn nó má fhaillíonn duine ar bith a bheas ag gabháil d'iascach bradán nó breac le líonta d'aon tsaghas nó d'aon chineál na líonta sin d'aistriú agus a thabhairt chun siúil ó aon trá nó ó bhruacha aon abhann nó ó na gaobhair le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil, beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Usáid líonta le linn an tsaosúir choiscthe nó an trátha choiscthe.
34.—Duine ar bith a dhéanfas aon ní acu seo a leanas le linn an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúl—
(a) a chuirfeas, a ghreamós nó a cheanglós aon líon ar aon chuaille, droichead, sliús nó bual-ghlasa canálach nó ar aon tógála seasamhacha eile den tsórt sin, nó
(b) a leagfas nó a tharraingeos líon ar bith nó a dhéanfas iascach le líon ar bith,
beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Toirmeasc ar bhradáin agus bric a gabhadh go neamhdhleathach a dhíol, etc.
35.—(1) Duine ar bith a cheannós, a dhíolfas, a thaispeánfas chun a dhíolta nó a mbeidh ina sheilbh aige aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air, maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric a cheannós sé, a dhíolfas sé, a thaispeánfas sé chun a dhíolta nó a gheofar ina sheilbh amhlaidh.
(2) In aon imeachta faoin alt seo, is ar an gcosantóir a bheas sé de dhualgas a chruthú gur gabhadh go dleathach an bradán nó an breac is ábhar do na himeachta.
(3) I gcás duine, is carraera coiteann, a chúiseamh i gcion faoi aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach a bheith ina sheilbh aige, is cosaint mhaith in aghaidh an chúisimh é dá chruthú—
(a) gur mar charraera coiteann agus nach in aon tslí eile a bhí an bradán nó an breac ina sheilbh aige, agus
(b) an tráth a ghlac sé an bradán nó an breac chun é d'iompar, gur sheachaid an coinsíneoir dó deimhniú i scríbhinn arna shíniú ag an gcoinsíneoir á chur i gcéill gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac.
(4) Más rud é—
(a) go gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo maidir le bradán nó breac, agus
(b) go gcruthóidh sé gnr gabhadh an t-iasc le slat agus ruaim in áit áirithe i rith tréimhse seachas an tréimhse choiscthe bhliantúil le haghaidh duánachta san áit sin, agus
(c) i gcás é a bheith toirmiscthe an t-iasc a ghabháil ach amháin do réir cheadúnais, go gcruthóidh sé gur sealbhóir ceadúnais den tsórt sin a ghabh an t-iasc.
díbhfear an cúiseamh ina choinne.
Srianta le bradáin agus bric a dhíol agus d'onnmhuiriú chun a ndíolta.
36.—(1) Beidh éifeacht ag na forála lena mbaineann an t-alt seo maidir le Líomatáiste Mhagh Bhile ach—
(a) tagairtí don Choimisiún a chur in ionad tagairtí do bhord coimeádaithe,
(b) tagairtí do Líomatáiste Mhagh Bhile a chur in ionad tagairtí d'aon cheantar, agus
(c) tagairtí d'oifigeach don Choimisiún a chur in ionad tagairtí do chléireach bhord coimeádaithe.
(2) Déantar leis seo an Coimisiún a dhíolmhadh ó chomhlíonadh na bhforál lena mbaineann an t-alt seo.
(3) Is iad seo a leanas na forála lena mbaineann an t-alt seo—
(a) Cuid III den Acht Iascaigh, 1925 (Uimh. 32 de 1925), arna leasú, agus
(b) Ailt 42 agus 44 den Acht Iascaigh, 1939 (Uimh. 17 de 1939).
CUID VI.
Iascaigh a Chosaint.
Rialacháin maidir le Líonta.
Srianta le húsáid íonta.
37.—Duine ar bith—
(a) a úsáidfeas aon líon, nó a dhéanfas iascach le haon líon, a mbeidh tón bhréige ann (ach amháin líonta chun easconna a thógáil), nó
(b) a chuirfeas dhá líon nó níos mó ceann i ndiaidh an chinn eile, nó
(c) a úsáidfeas aon líonta a bheas clúdaithe le canfás, seithe nó substaint eile chun éisc bheaga a thógáil, nó
(d) a ghreamós nó a choinneos líonta leanúnacha sínte trasna aon abhann,
beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Mogall líonta chun bradáin a thógáil sa bhfarraige agus i dtaoidebhealaigh.
38.—(1) Más rud é, ar aon chuid den chósta nó laistigh d'aon bhá, inbhear nó taoide-bhealach dhe, go n-úsáidfidh duine ar bith aon líon lena mbaineann an t-alt seo a mbeidh a mhogall níos lú ná orlach agus trí cheathrú ó shnaidhm go snaidhm, ag tomhas feadh taobh na cearnóige, nó níos lú ná seacht n-orlach, ag tomhas mórthimpeall gach mogaill faoi leith den tsórt sin, an mogall arna thomhas glan agus an líon fliuch, ansin, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(2) Féadfaidh an Coimisiún, le rialachán faoi alt 13, a cheadú go n-úsáidfí líonta lena mbaineann an t-alt seo a mbeidh tuise a mogall níos lú ná mar a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,
(3) San alt seo ciallaíonn an abairt “líon lena mbaineann an t-alt seo” aon líon nó inneall eile nach bhfuil déanta d'ábhar dolúbtha agus a húsáidtear chun bradáin a thógáil.
Usáid líonta bradán i bhfoisceacht do bhéal abhann.
39.—(1) Má dhéanann duine ar bith (seachas únaer iascaigh eisiaigh laistigh de thórainneacha an iascaigh sin) aon líon a theilgean, a tharraingt nó d'úsáid chun bradáin a thógáil ag béal aon abhann nó i bhfoisceacht leathmhíle, do leith na farraige nó don leith istigh nó feadh an chósta, do bhéal aon abhann, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(2) Má dhéanann duine ar bith aon líon a theilgean, a tharraingt nó a shíneadh go hiomlán trasna béil abhann nó trasna aon choda eile d'abhainn, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(3) Má thugann rialacháin faoin Acht seo míniú ar bhéal aon fho-abhann, déanfar tagairtí san alt seo do bhéal aon abhann d'fhorléiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do bhéal na fo-abhann sin.
Srian le líon neamhdhleathach a shealbhú, etc.
40.—(1) Ní bheidh ina sheilbh ná faoina urláimh ag duine ar bith in aon abhainn ná ar bhruacha, ná i bhfoisceacht do bhruacha aon abhann, aon líon ná uirlis eile ná aon mhealladh ná baoite nach dleathach d'úsáid chun bradáin, bric nó iasc eile a thógáil.
(2) Duine ar bith a mbeidh aon líon nó uirlis eile nó aon mhealladh nó baoite ina sheilbh nó faoina urláimh aige contrártha don alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(3) Más rud é—
(a) go bhfaighfear aon líon ina seilbh nó faoina urláimh ag duine i ngaobhar don tórainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn, agus
(b) go gcúiseofar an duine sin, dá bhithin sin, i gcion faoin alt seo,
is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin an duine sin dá chruthú gur sealbhóir é ar cheadúnas chun an líon sin d'úsáid agus go bhfuil beartaithe é d'úsáid sa chuid taoidmhear sin.
Toirmeasc ar Mhodhanna Airithe chun Bradáin agus Iasc eile d'Iascach agus ar Chleachtais d'fhéadfadh iad a Dhíthiú.
Pléascáin d'úsáid nó a shealbhú.
41.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “pléascán” dionaimít nó substaint phléascach eile;
ciallaíonn “uiscí” aon abha nó aon chuid de chósta na farraige.
(2) Má úsáideann duine ar bith in aon uiscí aon phléascán chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(3) Duine ar bith a bheas ar bhruach, nó i bhfoisceacht, aon uiscí agus a mbeidh ina sheilbh aige aon phléascán le hintinn é d'úsáid chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(4) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (2) nó (3) den alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Abhar docharach nó nimhiúil d'úsáid nó a shealbhú.
42.—(1) Má úsáideann duine ar bith in aon abhainn aon ábhar docharach nó nimhiúil chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(2) Duine ar bith a bheas ar bhruach, nó i bhfoisceacht, aon abhann agus a mbeidh ina sheilbh aige aon ábhar docharach nó nimhiúil le hintinn é d'úsáid chun iasc a ghabháil nó a dhíthiú, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Pionós mar gheall ar fheistí áirithe d'úsáid, etc. chun iasc a thógáil.
43.—(1) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige in aon abhainn, nó ar bhruacha, nó i bhfoisceacht do bhruacha, aon abhann, aon tsolas nó tine d'aon tsórt, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(2) Más rud é, chun aon iasc a thógáil, go n-úsáidfidh duine ar bith nó go mbeidh ina sheilbh nó faoina urláimh aige in aon abhainn, nó ar bhruacha, nó i bhfoisceacht do bhruacha, aon abhann, aon otar, sleá, strócáil, ga nó uirlis eile dá samhail sin, beidh sé, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo maidir le húsáid, seilbh nó urlámh aon ní acu seo a leanas—
(a) ga nach n-úsáidtear nó nach bhfuil le húsáid ach mar chabhair chun duánacht dleathach a dhéanamh idir éirí gréine agus uair a chloig i ndiaidh luí gréine, nó
(b) ga a húsáidtear nó atá le húsáid ag sealbhóir ceadúnais iascaigh i leith aon bhosca i gcora iascaigh nó i muileann-damba iascaigh chun iasc a thógaint as go dleathach agus chuige sin amháin, nó
(c) sleá easconn a húsáidtear chun easconna a thógáil.
(4) Gach duine a bheas ciontach i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Bradáin nó bric d'iascach in abhainn le cros-línte.
44.—Má dhéanann duine ar bith aon bhradáin nó bric a thógáil, a ghabháil nó d'iascach le cros-línte in aon abhainn, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Abha nó rás muilinn a dhambáil, etc., chun bradáin nó bric a thógáil.
45.—Má dhéanann duine ar bith aon abha nó sruthchúrsa a dhambáil, a thaomadh nó d'fholmhú chun aon bhradáin nó bric a thógáil nó a dhíthiú, beidh an duine sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Iasc a maraíodh go neamhdhleathach nó a fuarthas marbh a thógáil.
46.—(1) Gach duine a aistreos nó a chuirfeas faoi ndear go n-aistreofar, in aon tslí, as aon abhainn—
(a) aon bhradáin nó bric a maraíodh ar shlí seachas le modhanna dleathacha, nó
(b) aon bhradáin nó bric a fuair an duine sin agus iad marbh ó chúis ar bith,
beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le haon duine acu seo a leanas—
(a) aon duine ag gníomhú faoi údarás an Aire, nó
(b) aon chomhalta nó oifigeach den Choimisiún, nó
(c) aon únaer iascaigh nó a ghníomhaire agus é ag gníomhú faoi údarás scríofa an Choimisiúin, nó
(d) chomh fada is bhaineas le haon bhradáin nó bric ghalraithe, nó le haon bhradáin nó bric a gheofar marbh ó aon chúis, d'aistriú nó a chur faoi ndear iad d'aistriú, aon chomhalta den Gharda Síochána nó aon Oifigeach Sláintíochta.
Eisc Oga agus Eisc Síolrúcháin a chosaint.
Eochrais, gealóga nó blátháin bhradán nó bhreac a thógáil, etc.
47.—Duine ar bith—
(a) a thógfas, a dhíolfas, a cheannós nó a mbeidh ina sheilbh aige, go toiliúil, eochrais, gealóga nó blátháin bhradán nó bhreac, nó
(b) a bhacainneos go toiliúil gluaiseacht ghealóg nó bhláthán bradán nó breac, nó
(c) a dhéanfas díobháil nó corraí ar eochrais nó blátháin bhradán nó bhreac, nó
(d) a dhéanfas díobháil nó corraí ar aon leaba sceite, port nó tanalach a bhféadfadh eochrais nó blátháin bhradán nó bhreac a bheith ann,
beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Eisc a chorraí ar leapacha sceite.
48.—Má chorraíonn duine ar bith éisc ar na leapacha sceite nó má dhéanann iarracht (ach amháin trí dhuánacht dleathach le slat agus ruaim) ar éisc a ghabháil orthu, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric neamhshaosúracha a thógáil, a cheannach, etc.
49.—(1) Gach duine a thógfas, a mharós, a dhítheos, a cheannós, a dhíolfas, a thaispeánfas chun a dhíolta nó a mbeidh ina choimeád nó ina sheilbh aige tráth ar bith, go toiliúil, aon bhradán nó breac neamhghlan nó neamhshaosúrach, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí dhéag nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
(2) Má cúisítear duine faoi bhradán nó breac a thógáil contrártha don alt seo, is cosaint mhaith a chruthú gur go tionóisceach a tógadh an bradán nó an breac sin agus gur cuireadh ar ais san uisce é, gan é a dhíobháil, díreach tar éis é a thógáil.
Ciontaí Ilghnéitheacha.
Daoine a bheas ag iascach go dleathach a chosc.
50.—Má choisceann duine ar bith aon duine a bheas go dleathach ag gabháil d'iascach nó ag dul, nó ag filleadh ó bheith, ag iascach go dleathach, beidh an duine céad-luaite sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Inneall iascaigh a shuíomh le hintinn iasc a chosc ar dhul isteach i líonta a bheas curtha go dleathach.
51.—Má dhéanann duine ar bith go toiliúil agus go mailíseach aon inneall iascaigh a shuíomh le hintinn iasc a chosc ar dhul isteach i líonta a bheas curtha agus suite go dleathach ag aon duine eile, beidh an duine céad-luaite sin ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Rabhadh a thabhairt do dhaoine a bheas ag iascach go neamhdhleathach.
52.—Má dhéanann duine ar bith, nó má chuireann faoi ndear go ndéanfar, aon chomhartha nó rabhadh a thabhairt, nó má chabhraíonn nó má chuidíonn lena thabhairt, d'aon duine a bheas ag iascach go neamhdhleathach á chur in iúl go bhfuil aon chomhalta nó oifigeach den Choimisiún, comhalta den Gharda Síochána, nó faireoir abhann a ceapadh faoi alt 56, ag teacht, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Gníomhairí d'Unaeraí Iascaigh.
Ceapadh.
53.—(1) Féadfaidh aon únaer iascaigh, trí chumhacht aturnae faoina láimh, gníomhaire a cheapadh chun gníomhú dhó chun críocha an Achta seo.
(2) Gach ní a dtreoraítear leis an Acht seo gur duine áirithe a dhéanfas é nó gur maidir leis a déanfar é, is dleathach a dhéanamh ag, nó maidir le, gníomhaire a cheapfas sé faoin alt seo agus féadfar déileáil i ngach slí leis an ngníomhaire mar d'fhéadfaí déileáil leis an duine sin féin faoin Acht seo.
(3) Beidh ag gach gníomhaire a ceapfar faoin alt seo lán-chumhacht, in ainm agus thar ceann a phríomhaí, páirt a ghlacadh in aon fhiosrúchán nó gníomhú ar aon fhiosrúchán nó aon ghearán, achomharc, caingean, eascaire, agra nó imeacht eile a thabhairt ar aghaidh, nó cur ina choinne, nó é a chosaint nó freastal ar aon chruinniú agus vótáil agus páirt a ghlacadh ann nó aon ghníomh eile a dhéanamh nó d'fhulang chun críocha an Achta seo.
(4) Gach duine a cheapfas gníomhaire faoin alt seo, beidh sé faoi cheangal ag gníomhartha an ghníomhaire, do réir an údaráis a tugadh dó, chomh hiomlán agus dá mba é an duine sin féin a rinne na gníomhartha sin.
(5) Déanfar gach cumhacht aturnae faoin alt seo a thabhairt ar aird, d'iniúchadh nó a chlárú, agus déanfar cóipeanna dhe agus bainfear sleachta as, pé trátha agus i pé áiteanna agus i pé slí a ordós an Coimisiún.
(6) Féadfaidh cumhacht aturnae faoin alt seo bheith sa bhfoirm seo a leanas —
“ Déanaimse, A. B. as______________________________
C. D. as_______________________________a cheapadh leis
seo ina aturnae dleathach agam chun gníomhú dhom ar gach slí amhail is dá mbeinn féin i láthair agus ag gníomhú, agus déanaim an ceapachán seo faoi Acht Iascaigh an Fheabhail, 1952.
Arna dhátú an_________________________seo de, 19_____.
(Sínithe) A. B.”
(7) Má ciontaítear duine i gcion i gcoinne an Achta seo, beidh sé dá éis sin dícháilithe chun a cheaptha ina ghníomhaire faoin alt seo go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta a chiontuithe.
CUID VII.
Cumhachta Daoine Udaraithe.
Mínithe.
54.—Sa Chuid seo—
ciallaíonn “duine údaraithe” (mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt) comhalta den Gharda Síochána, comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó faireoir abhann príobháideach;
ciallaíonn “oifigeach don Choimisiún” cigire nó faireoir abhann arna cheapadh faoi alt 55;
ciallaíonn “faireoir abhann príobháideach” faireoir abhann arna cheapadh faoi alt 56.
Cigirí agus faireoirí abhann a cheapadh.
55.—(1) Féadfaidh an Coimisiún, le hionstraim faoina ghnáthshéala, duine a cheapadh chun bheith—
(a) ina chigire, nó
(b) ina fhaireoir abhann,
agus féadfaidh an ionstraim sin a chúlghairm.
(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar ionstraim faoin alt seo.
Daoine ag a bhfuil suim in iascaigh do cheapadh faireoirí abhann.
56.—(1) Gach duine acu seo a leanas—
(a) aon duine ag a bhfuil suim i gcaomhaint éisc aon abhann i Líomatáiste Mhagh Bhile,
(b) aon daoine atá gaite i gcumann le chéile chun aon iascach in aon abhainn den tsórt sin a chaomhaint,
(c) únaer aon iascaigh in aon abhainn den tsórt sin,
(d) únaer aon iascaigh bhradán ar chósta na farraige,
féadfaidh sé ó am go ham, le hionstraim i scríbhinn sa bhfoirm atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, duine ar bith a cheapadh ina fhaireoir abhann chun na hiascaigh ar an gcuid sin de chósta na farraige nó in aon abhainn den tsórt sin nó i suainmheacháin na habhann sin a chosaint.
(2) Aon duine a ceapfar ina fhaireoir abhann faoin alt seo, ní ghníomhóidh sé sa cháil sin go dtí go mbeidh a cheapachán daingnithe (tríd an ionstraim cheapacháin d'fhormhuiniú) ag aon Bhreitheamh Dúiche a mbeidh an faireoir abhann ceaptha chun gníomhú laistigh dá dhúthaigh.
(3) Féadfaidh Breitheamh Dúiche, ar ghearán a dhéanamh leis, ceapachán duine, a bheas ceaptha faoin alt seo, chun gníomhú laistigh dá dhúthaigh, a chúlghairm, agus leis sin beidh deireadh leis an gceapachán.
(4) Má ghníomhaíonn duine ar bith mar fhaireoir abhann príobháideach gan a cheapachán a bheith daingnithe faoi fho-alt (2) den alt seo nó tar éis a cheapachán a bheith culghairmthe faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpuint a chur air.
Tórainn le feidhmiú cumhacht.
57.—(1) Ní feidhmeofar na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo d'fhaireoir abhann príobháideach ach amháin chun na hiascaigh a chosaint a bheas sonraithe ina ionstraim cheapacháin.
(2) Ní feidhmeofar na cumhachta a bheirtear leis an gCuid seo do chomhalta nó d'oifigeach don Choimisiún ach amháin chun na hiascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a chosaint.
Barántas chun cumhachta d'fheidhmiú.
58.—Is leor-bharántas d'oifigeach don Choimisiún nó d'fhaireoir abhann príobháideach chun na cumhachta a bheirtear dó leis an gCuid seo d'fheidhmiú é do thabhairt a ionstraime ceapacháin faoin gCuid seo ar aird, ach ní gá dhó, chun na cumhachta sin d'fheidhmiú, an ionstraim sin a thabhairt ar aird murar hiarradh air í a thabhairt ar aird.
Cumhachta ginearálta.
59.—(1) Féadfaidh duine údaraithe, chun na hiascaigh a chosaint, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—
(a) dul isteach ar bhruacha nó imill aon aibhneacha a thaithíos bradáin nó bric, nó ar bhruacha nó imill a suainmheachán, agus gabháil tríothu nó ar a bhfeadh,
(b) dul isteach ar aon aibhneacha den tsórt sin le báid nó ar shlí eile,
(c) dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar gach cora, sliús, muileann-damba, rás muilinn agus sruthchúrsa a cheanglas leis na haibhneacha sin,
(d) dul isteach in aon bhád a bhí nó atá ag gabháil d'iascach nó atá ar tí gabháil d'iascach,
(e) gach líon ar seasamh nó ar snámh agus gach uile líon eile d'iniúchadh,
(f) aon inneall iascaigh neamhdhleathach, nó aon inneall iascaigh dleathach atá á úsáid go neamhdhleathach, d'urghabháil,
(g) gach gníomh agus ní eile a dhéanamh a húdaraítear dó a dhéanamh leis an Acht seo nó faoi.
(2) Ní forléireofar aon ní san alt seo mar ní a údaraíos d'aon duine dul isteach in aon gharraí fálta ná in aon tigh cónaithe ná ina mhaighean ach amháin mar a dtéann an gnáth-bhóthar nó an gnáth-bhealach go dtí aon chora, damba nó díog trasna an gharraí nó na maighne sin.
Cumhacht Feadhmannaigh Síochána chun barántas a thabhairt chun dul isteach in áiteanna áirithe.
60.—(1) Má chítear d'aon Fheadhmannach Síochána, ar fhaisnéis faoi mhionn, go bhfuil cúis réasúnach chun a chreidiúint go ndearnadh sárú ar fhorála an Achta seo nó aon ionstraime faoin Acht seo laistigh d'aon gharraí fálta nó d'aon tigh cónaithe nó dá mhaighean, féadfaidh sé, le barántas faoina láimh, a chumhasú do dhuine údaraithe dul isteach sa gharraí sin nó sa tigh
cónaithe sin nó ina mhaighean, pé trátha de ló nó d'oíche a luafar sa bharántas.
(2) Ní leanfaidh barántas faoin alt seo i bhfeidhm níos sia ná seacht lá ón dáta a bheas air.
Dul ar bord arthaí iascaigh agus iad a scrúdú.
61.—(1) Féadfaidh comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó comhalta den Gharda Síochána, faoi réir aon treoruithe agus rialachán a bhéarfas nó a dhéanfas an Coimisiún, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le haon árthach a húsáidtear chun iascaigh—
(a) dul ar bord an árthaigh sin,
(b) deimhniú cláraitheachta agus innill iascaigh an árthaigh sin a scrúdú, agus féachaint ar comhlíonadh forála an Achta seo nó na nAcht Iascaigh agus an bhfuil an máistir nó na daoine eile ar bord ag iascach ar an modh a cheanglas an tAcht seo,
(c) aon inneall iascaigh neamhdhleathach, nó aon inneall iascaigh dleathach a húsáidtear go neamhdhleathach, d'urghabháil.
(2) Má dhiúltaíonn máistir aon árthaigh iascaigh deimhniú cláraitheachta an árthaigh sin a thabhairt ar aird nuair a iarrfas comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó comhalta don Gharda Síochána air é, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
Ciontóirí a ghabháil.
62.—(1) Má gheibhtear, laistigh de Líomatáiste an Fheabhail, aon duine (dá ngairmtear an ciontóir san alt seo) ag ciontú i gcoinne forál na nAcht Iascaigh nó an Achta seo nó i gcoinne dlí chomhréire Thuaisceart Éireann, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) féadfaidh duine údaraithe a cheangal ar an gciontóir aon ní nó an dá ní acu seo a leanas a dhéanamh—
(i) scor den chion sin;
(ii) a ainm agus a sheoladh a thabhairt;
(b) más rud é, tar éis an ceangal sin a chur air, go leanfaidh an ciontóir go toiliúil den chion sin nó go mainneoidh nó go ndiúltóidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt, féadfaidh an duine údaraithe agus aon daoine a bheas ag gníomhú ar threoruithe uaidh an ciontóir a ghabháil;
(c) i gcás an ciontóir a ghabháil faoin alt seo ag duine údaraithe nach comhalta den Gharda Síochána, déanfaidh an duine sin, faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, an ciontóir a thabhairt láithreach i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána chun go ndéanfar leis do réir an dlí.
(2) Má bhíonn cúis ag an duine údaraithe a ghabh an ciontóir, nó ag comhalta den Gharda Síochána ar tugadh an ciontóir ina choimeád, chun a chreidiúint—
(a) gur i dTuaisceart Éireann a chónaíos an ciontóir, agus
(b) gur cion faoi dhlí comhréire Thuaisceart Éireann adúradh an cion,
féadfaidh sé an ciontóir a thabhairt láithreach i gcoimeád chomhalta d'fhórsaí póilíneachta Thuaisceart Éireann chun go ndéanfar leis do réir an dlí sin.
(3) Nuair a tabharfar duine i gcoimeád chomhalta den Gharda Síochána i gcomhlíonadh airbheartach forála de dhlí Thuaisceart Éireann atá ar comhréir leis an alt seo, tógfaidh an comhalta ina choimeád é chun go ndéanfar leis do réir an dlí.
Cumhachta maidir le hinnill iascaigh, etc.
63.—Má gheibheann duine údaraithe—
(a) i rith an tsaosúir choiscthe bhliantúil nó an trátha choiscthe sheachtainiúil—
(i) aon bhealach dúnta nó bacainnithe in aon inneall iascaigh nó in aon tsás, nó
(ii) aon inneall iascaigh nó aon tsás eile d'aon tsórt suite nó á úsáid contrártha don Acht seo nó d'aon ionstraim arna déanamh faoin Acht seo, nó
(b) tráth ar bith, aon bhacainn i mbealach éisc, nó
(c) tráth ar bith, aon bhacainn sa scéith-gheata a ghabhas le haon mhuileann nó monarcha nuair is gá do réir dlí an scéith-gheata sin a bheith ar oscailt,
féadfaidh sé na bealaigh sin d'oscailt agus na bacainní sin d'aistriú, gan aon damáiste neamhriachtanach a dhéanamh, agus gach ní a gheobhaidh amhlaidh nó a bheas á úsáid amhlaidh contrártha d'fhorála na nAcht Iascaigh nó an Achta seo nó aon ionstraime arna déanamh faoin gcéanna d'urghabháil agus d'aistriú.
Cumhachta iniúchta, scrúduithe agus coinneála.
64.—(1) Údaraítear leis seo do gach duine (dá ngairmtear oifigeach údaraithe san alt seo) is comhalta nó oifigeach don Choimisiún nó comhalta den Gharda Síochána gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—
(a) aon duine a stopadh agus a chuardach atá, nó a bhfuiltear in amhras é a bheith, ag iompar éisc d'aon tsaghas nó aon uirlise, nimhe nó pléascáin a húsáidtear nó atá ceaptha chun iasc a mharú nó a thógáil go neamhdhleathach agus aon iasc, uirlis nó substaint a gheofar ar iompar ag an duine sin d'iniúchadh agus, chuige sin, aon fheithicil nó pacáiste d'oscailt agus a chuardach a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, aon iasc, uirlis nó substaint á iompar ann;
(b) gach tráth réasúnach, dul isteach, agus saor-chead a bheith aige istigh—
(i) in aon áitreabh a ndéantar, nó a gcreidtear go go ndéantar, iasc a dhíol, nó a choimeád, a thaispeáint nó a stóráil chun a dhíolta ann, nó
(ii) in aon áitreabh a gcoimeádtar, nó a gcreidtear go gcoimeádtar, ann aon uirlis nó substaint chun iasc a dhíthiú, nó
(iii) in áitreabh aon duine a bhfuil gnó ar siúl aige ag iompar earraí ar luaíocht, nó
(iv) in aon aeradróm, piara, cé, caladh, lamairne nó duga nó in aon áitreabh ar an gcéanna, nó
(v) in aon loing, bád, aerárthach, bhaigín iarnróid, mótar-loraí, cairt, nó árthach nó feithicil eile a húsáidtear chun earraí d'iompar;
(c) an t-iasc go léir a scrúdú a gheofar in aon áit a n-údaraítear dó leis an alt seo dul isteach ann agus chuige sin aon phacáiste d'oscailt a gheofar san áit sin agus a mbeidh iasc ann nó a mbeifear in amhras iasc a bheith ann;
(d) aon bhád a stopadh agus dul isteach inti agus í a chuardach, ar aon abhainn nó ar bhruacha aon abhann nó in aon chuid den fharraige nó de bhruacha na farraige, a húsáidtear, nó a bhfuiltear in amhras í a bheith á húsáid, le haghaidh iascaigh, nó a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, iasc inti a gabhadh go neamhdhleathach agus an t-iasc go léir agus na hinnill iascaigh go léir a scrúdú a gheofar inti agus chuige sin aon phacáiste d'oscailt a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, aon iasc nó inneall iascaigh ann;
(e) aon iasc a thógáil, d'aistriú agus a choinneáil faoina choimeád (i dteannta nó d'éagmais aon phacáiste ina mbeidh sé) a gheofar le linn aon chumhacht a bheirtear leis an alt seo d'fheidhmiú agus a bhfuil, nó a bhfuiltear in amhras go bhfuil, cion faoin Acht seo á dhéanamh ina leith nó a gabhadh, nó a bhfuiltear in amhras gur gabhadh é, go neamhdhleathach;
(f) aon inneall iascaigh nó aon earra a thógáil, d'aistriú agus a choinneáil faoina choimeád a dlitear, nó a gcreidtear go ndlitear, é d'fhorghéilleadh faoi na hAchta Iascaigh nó faoin Acht seo;
(g) ainm agus seoladh an duine d'éileamh agus a thógaint a bhfuil faoina choimeád aon iasc nó earra eile a húdaraítear faoin alt seo don oifigeach údaraithe a scrúdú agus fós ainm agus seoladh únaer an éisc nó na hearra eile sin d'éileamh agus a thógaint ón duine sin.
(2) Má choinníonn oifigeach údaraithe aon iasc nó earra eile faoina choimeád faoi údarás an ailt seo, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, pé bearta is cuí chun go ndéanfar do réir an dlí leis an duine atá ciontach, nó a bhfuiltear in amhras é a bheith ciontach, sa chion a rinneadh, nó a bhfuiltear in amhras go ndearnadh é, maidir leis an iasc nó an earra eile sin.
(3) Má choinníonn oifigeach údaraithe aon iasc faoina choimeád faoi údarás an ailt seo agus gur dóigh don iasc sin éirí neamhoiriúnach chun duine dá ithe sara bhféadfadh aon Chúirt déileáil go caothúil leis an gcúis, bhéarfaidh sé an t-iasc sin ar aird d'Fheadhmannach Síochána agus, má údaraíonn an Feadhmannach Síochána sin dó é, déanfaidh an t-iasc sin a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile.
(4) Aon Fheadhmannach Síochána a dtabharfar aon iasc ar aird dó de bhun an ailt seo, bhéarfaidh sé don duine a bhéarfas an t-iasc ar aird, más dóigh leis gur ceart sna himthosca áirithe an t-iasc a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile, deimhniú i scríbhinn ina dtuairisceoidh an t-iasc agus aon mharcanna, sainiúlachta nó sonraí eile maidir leis a chuirfeas an duine sin in iúl do, agus ina n-údaróidh don duine sin an t-iasc sin a dhíthiú nó a dhiúscairt ar shlí eile, agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise dochlóite ar gach pointe fíorais den tsórt adúradh a bheas luaite ann.
(5) Gach duine a dhiúltós a ainm agus a sheoladh féin nó ainm agus seoladh aon duine eile (chomh fada agus is eol dó é) a thabhairt nuair a héileofar sin air go dleathach faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo.
An nós imeachta i gcás innill iascaigh neamh dhleathacha, agus innill iascaigh dleathacha a húsáidtear go neamhdhleathach, d'urghabháil.
65.—Má dhéanann duine ar bith, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó leis an gCuid seo, aon inneall iascaigh d'urghabháil sa Stát, bhéarfaidh sé é, a luaithe is féidir, i láthair an Bhreithimh Dúiche ar ina dhúthaigh a hurghabhadh é, agus, air sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(a) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh é a dtoirmisctear leis an dlí é d'úsáid, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh agus a dhíthiú,
(b) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh agus go rabhthas tar éis é d'úsáid, á úsáid nó ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach in aon chuid de Líomatáiste an Fheabhail, ordóidh sé é d'fhorghéilleadh,
(c) má chinneann an Breitheamh Dúiche gur inneall iascaigh dleathach an t-inneall iascaigh agus nach rabhthas, tráth a urghabhála, tar éis é d'úsáid, á úsáid ná ar tí é d'úsáid go neamhdhleathach mar adúradh, ordóidh sé é a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é.
Cosaint do dhaoine údaraithe.
66.—Ní bheidh aon duine údaraithe faoi dhliteanas mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste de dhroim, nó i gcúrsa, aon chumhachta dá dtugtar dó leis an gCuid seo d'fheidhmiú mura go faolrasach nó go mailíseach a tharraing sé an caillteanas nó an damáiste sin.
Pionós mar gheall ar dhaoine údaraithe d'ionsaí nó a chosc.
67.—Má ionsaíonn, má choisceann nó má bhacann duine ar bith aon duine a bheas ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an gCuid seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air nó príosúnacht ar feadh aon téarma nach sia ná dhá mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
CUID VIII.
Imeachta Dlithiula.
Feidhm forál pionósacha Achta.
68.—Baineann forála an Achta seo i dtaobh cionta—
(a) le gníomhartha agus neamhghníomhartha i Líomatáiste an Fheabhail ag aon duine, agus
(b) le gníomhartha agus neamhghníomhartha in aon chuid de Líomatáiste an Fheabhail ag aon duine a chónaíos sa Stát.
Pionóis mar gheall ar chionta.
69.—(1) Aon duine a dhéanfas cion i gcoinne an Achta seo nach bhforáltar pionós dó le haon fhoráil eile den Acht seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfas sé den chion tar éis a chiontuithe.
(2) Féadfaidh an Coimisiún pionóis airgid d'ordú i leith sáruithe ar rialachán áirithe a bheas níos lú ná na pionóis a foráltar faoi fho-alt (1) den alt seo agus in aon chás den tsórt sin forléireofar an fo-alt sin amhail is dá gcuirtí na pionóis ísle sin in ionad na bpionós a foráltar amhlaidh.
Cosaint do ghníomhartha a déanfar i gcóir síolruithe shaorga chun críocha eolaíochta nó chun iascaigh d'fheabhsú.
70.—Ní thoirmiscfidh aon ní san Acht seo aon rud a dhéanfas an Coimisiún, nó aon duine a bheas údaraithe chuige sin roimh ré i scríbhinn ag an gCoimisiún, chun iasc a shíolrú go saorga, chun críche eolaíochta éigin nó chun aon iascach d'fheabhsú.
Cónaí comhluchta chorpraithe.
71.—Chun críocha na Coda seo, measfar comhlucht corpraithe a bheith ina chónaí sa Stát m bhíonn sé corpraithe faoi dhlithe an Stáit.
Cionta ag comhluchta corpraithe.
72.—I gcás ina ndearna comhlucht corpraithe cion i gcoinne an Achta seo agus ina gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le haontú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh de dheasca faillí, aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile don chomhlucht corpraithe, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion agus féadfar imeachta a thionscnamh ina choinne agus é a phionósúdá réir.
Triail chiontaí.
73.—D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh an Chúirt Dúiche cion i gcoinne an Achta seo d'éisteacht agus a chinneadh, ar ghearán, de bhriartha béil nó eile, ón gCoimisiún nó ó oifigeach don Choimisiún nó ó chomhalta den Gharda Síochána, ach ní ó aon duine eile ach amháin le toiliú an Choimisiúin.
Fianaise i dtaobh béal aibhneacha, tórainneacha idir na coda taoidmheara agus na coda fíoruisce d'aibhneacha, na pointí i mbéal aibhneacha chun a ndéanfar nó óna ndéanfar faideanna slí a thomhas.
74.—(1) Má mínítear le haon rialacháin—
(a) béal abhann, nó
(b) béal aon fho-abhann, nó
(c) an tórainn idir an chuid taoidmhear agus an chuid fíoruisce d'aon abhainn, nó
(d) an pointe nó na pointí chun a ndéanfar nó óna ndéanfar faideanna slí a thomhas faoin Acht seo,
is mar mínítear amhlaidh a bheas an béal, an tórainn, an pointe nó na pointí sin chun críocha aon imeacht faoin Acht seo.
(2) Má mínítear le haon rialacháin an spás a dtoirmisctear leis an Acht seo, nó faoi, innill iascaigh áirithe d'úsáid laistigh de, measfar, chun críocha aon imeacht faoin Acht seo gurb é an spás a mínítear amhlaidh an líomatáiste a dtoirmisctear na hinnill iascaigh sin d'úsáid laistigh de.
Ceadúnais d'fhorghéilleadh.
75.—(1) (a) Má déantar an duine is sealbhóir ar cheadúnas d'eisigh an Coimisiún a chiontú i gcion lena mbaineann an fo-alt seo, féadfaidh an Chúirt a threorú an ceadúnas d'fhorghéilleadh agus a dhearbhú an duine sin a bheith dícháilithe chun ceadúnas ón gCoimisiún a shealbhú go ceann pé tréimhse, nach sia ná bliain, a threorós an Chúirt.
(b) Baineann an fo-alt seo—
(i) le cion faoi aon alt den Acht seo,
(ii) le cion faoi aon alt de na hAchta Iascaigh.
(2) I gcás duine is sealbhóir ar cheadúnas d'eisigh an Coimisiún a chiontú ag cúirt bhreithiúnais i dTuaisceart Éireann i gcion faoin dlí de chuid Tuaisceart Éireann a bhaineas le hiascaigh agus, de dhroim an chiontuithe sin, go ndearbhófar an ceadúnas a bheith forghéillte agus go ndearbhófar an duine sin a bheith dícháilithe go ceann tréimhse áirithe chun ceadúnas ón gCoimisiún a shealbhú, treoróidh an Coimisiún an ceadúnas d'fhorghéilleadh agus beidh an duine sin dícháilithe chun ceadúnas a shealbhú go ceann na tréimhse sin.
(3) I gcás ina dtreorófar ceadúnas d'fhorghéilleadh faoin alt seo, scoirfidh an ceadúnas, air sin, de bheith i bhfeidhm.
(4) I gcás duine a chiontú ag Cúirt i gcion i gcoinne an Achta seo nó faoi aon fhoráil de na hAchta Iascaigh, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na Cúirte cóip den chiontú, arna dheimhniú do réir na rialacha Cúirte, chun an Choimisiúin a luaithe is féidir.
(5) Aon doiciméad a airbheartós gur cóip í de chiontú nó d'ordú a rinne cúirt bhreithiúnais i dTuaisceart Éireann agus a bheith deimhnithe do réir dlí Thuaisceart Éireann, beidh sé, chun críocha an ailt seo, ina fhianaise ar an gciontú nó ar an ordú sin gan a thuilleadh cruthúnais, mura gcruthaítear a mhalairt.
Innill iascaigh etc. d'fhorghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.
76.—I gcás duine a chiontú i gcion i gcoinne an Achta seo, beidh aon iasc a bheas go neamhdhleathach tógtha nó ina sheilbh aige tráth an chiona, agus fós aon inneall iascaigh nó aon rud ar leis nó ina leith a rinneadh an cion, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe.
Gan a bheith d'oblagáid ar an gCúirt forghéilleadh d'fhógairt ná a thaifeadadh.
77.—I gcás rud áirithe a bheith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil dedhroim ciontuithe faoin Acht seo, ansin, d'ainneoin aon rialach dlí, ní gá don Chúirt—
(a) an forghéilleadh sin d'fhógairt tráth an bhreithnithe, ná
(b) an forghéilleadh sin a thaifeadadh i Leabhar Miontuairisce na Cúirte Dúiche ná san ordú ciontuithe.
Diúscairt fíneála.
78.—(1) Baineann an t-alt seo le gach fíneáil a forchuirfear i leith ciona faoi aon alt den Acht seo.
(2) Ní bhainfidh alt 51 den Acht Oifigigh Cúirte, 1926 (Uimh. 27 de 1926), le fíneáil lena mbaineann an t-alt seo.
(3) Déanfar gach fíneáil lena mbaineann an t-alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.
(4) I gcás fíneáil lena mbaineann an t-alt seo a loghadh go hiomlán nó go páirteach tar éis í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfar an fhíneáil sin nó an chuid di a loghadh amhlaidh (pé acu é) d'aisíoc as an Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.
Iocaíochta leis an gCoimisiún agus le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána maidir le fíneála.
79.—(1) Baineann an t-alt seo—
(a) le cion faoi aon alt den Acht seo, agus
(b) le cion, faoi aon fhoráil lena mbaineann alt 10 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949), a rinneadh i Líomatáiste an Fheabhail.
(2) I gcás fíneáil, a forchuireadh i leith ciona lena mbaineann an t-alt seo, d'íoc nó a thobhach, ansin, mura rud é gur loghadh an fhíneáil go hiomlán, beidh feidhm ag na forála seo a leanas—
(a) má chítear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána faoi ndear an duine a rinne an cion a thabhairt faoi réim an cheartais, déanfar—
(i) suim is comhionann le dhá dtrian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le dhá dtrian an mhéid di nár loghadh, d'íoc leis an gCoimisiún, agus
(ii) suim is comhionann le trian na fíneála nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, le trian an mhéid di nár loghadh, d'íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána;
(b) in aon chás eile, íocfar leis an gCoimisiún suim is comhionann leis an bhfíneáil nó, má loghadh an fhíneáil go páirteach, leis an méid di nár loghadh.
(3) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (2) den alt seo, íocfaidh an tAire é, pé trátha is oiriúnach leis, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Diúscairt nithe d'forghéillfear agus íocaíochta leis an gCoimisiún agus é Ciste Luaíochta an Gharda Síochána.
80.—(1) I gcás aon ní d'fhorghéilleadh faoin Acht seo, féadfaidh an tAire a threorú é a dhíol nó é a dhiúscairt ar chuma eile i pé slí is oiriúnach leis nó é a thabhairt ar ais don duine ar dóigh leis gurb é a únaer é.
(2) Déanfar glan-fháltas aon díola faoi fho-alt (1) den alt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a threorós an tAire Airgeadais.
(3) (a) Má chítear don Aire gur comhalta den Gharda Síochána d'urghabh ní áirithe a forghéilleadh faoi alt 76 nó faoi aon fhoráil lena mbaineann alt 15 den Acht Iascaigh (Leasú), 1949 (Uimh. 18 de 1949), mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontuithe i leith ciona a rinneadh i Líomatáiste an Fheabhail, nó gurb é faoi ndear an duine a thabhairt faoi réim an cheartais a ciontaíodh sa chion dá dtáinig an forghéilleadh, ansin, déanfar suim is comhionann le dhá dtrian an ghlanfháltais dá dtagartar i bhfo-alt (2) den alt seo d'íoc leis an gCoimisiún agus suim is comhionann le trian d'íoc le Ciste Luaíochta an Gharda Síochána.
(b) In aon chás eile déanfar suim is comhionann leis an nglanfháltas d'íoc leis an gCoimisiún.
(4) An t-airgead go léir is iníoctha faoi fho-alt (3) den alt seo, íocfaidh an tAire é, pé trátha is oiriúnach leis, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.
Cruthú ar rialacháin, fo-dhlithe, etc.
81.—(1) Aon doiciméad a airbheartós gur cóip é d'aon ionstraim i scríbhinn arna déanamh nó arna heisiúint (pé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é) faoi na hAchta Iascaigh nó faoin Acht seo i leith Líomatáiste an Fheabhail nó aon choda dhe, beidh sé, má bhíonn deimhnithe faoi ghnáthshéala an Choimisiúin é a bheith ina chóip dhílis, ina fhianaise prima facie, in aon imeachta, ar an ionstraim.
(2) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 (Uimh. 24 de 1925), le rialacháin a dhéanfas an Coimisiún faoin Acht seo.
Fiosrúcháin.
82.—(1) Féadfaidh an Coimisiún ó am go ham fiosrúchán a dhéanamh i dtaobh na n-iascach i Líomatáiste an Fheabhail nó i dtaobh aon cheann acu agus i dtaobh na meán is fearr a ghlacadh chun an céanna a bhainistí, a chaomhaint, a chosaint nó d'fheabhsú.
(2) Féadfaidh an Coimisiún féin nó duine a cheapfas an Coimisiún chuige sin fiosrúchán a stiúrú.
Cumhachta maidir le fiosrúchán.
83.—(1) Féadfaidh an Coimisiún nó an duine a bheas ag déanamh fiosrúcháin—
(a) finnéithe a thoghairm chun teacht i láthair ag an bhfiosrúchán,
(b) aon fhinnéithe a bheas i láthair ag an bhfiosrúchán a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo d'aon chomhalta den Choimisiún nó don duine sin, do réir mar bheas, daoine a chur faoi mhionn),
(c) a cheangal ar aon fhinné aon doiciméid a thabhairt ar aird a bheas faoina chumhacht nó faoina urláimh agus a mheasfas an Coimisiún nó an duine sin, do réir mar bheas, a bheith riachtanach chun críocha an fhiosrúcháin.
(2) Beidh teideal ag finné ag fiosrúchán chun na saoirsí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné i láthair na hArd-Chúirte é.
(3) Duine ar bith—
(a) a mhainneos teacht i láthair ar é a thoghairm go cuí chun teacht i láthair mar fhinné ag fiosrúchán, nó
(b) a dhiúltós, ar é a bheith i láthair, mionn a thabhairt a ceanglófar air go dleathach a thabhairt, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheas faoina chumhacht nó faoina urláimh agus a ceanglófar air go dleathach a thabhairt ar aird nó aon cheist a fhreagairt a ceanglófar air go dleathach a fhreagairt,
beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.
AN CHÉAD SCEIDEAL.
Achtachain nach mbeidh i bhfeidhm i Liomataiste Mhagh Bhile.
Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Na forála nach mbeidh i bhfeidhm |
(1) | (2) | (3) |
5 & 6 Vic., c. 106. | An Fisheries (Ireland) Act, 1842. | Ailt 20, 28, 33 (a mhéid a bhaineas le bradáin agus bric), 35 (a mhéid a bhaineas le bradáin agus bric), 40, 66 (ach amháin a mhéid a bhaineas le hiascach eisiach), 70, 73, 78, 82 go 91, 111, 112 agus an Sceideal. |
8 & 9 Vic., c. 108. | An Fisheries (Ireland) Act, 1845. | Ailt 10 go 14. |
11 & 12 Vic., c. 92. | An Fisheries (Ireland) Act, 1848. | Ailt 4 go 9, 11 go 19, 21 go 24, 26 go 34, 36, 38 agus an Sceideal (a mhéid a bhaineas le bradáin agus bric). |
13 & 14 Vic., c. 88. | An Fisheries (Ireland) Act, 1850. | Ailt 4, 7 go 9, 12, 13, 34, 36 agus 46. |
26 &27 Vic., c. 114. | An Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863. | Ailt 18, 20 go 23, 25, 26, 29 agus 31. |
32 & 33 Vic., c. 92. | An Fisheries (Ireland) Act, 1869. | Ailt 15 agus 17. |
9 Edw. VII. c. 25. | An Fisheries (Ireland) Act, 1909. | An tAcht iomlán (a mhéid a bhaineas le bradáin agus bric). |
An tAcht iomlán. | ||
Ailt 5 go 14, 24, 25, 27, 28, 30, 33, 34 agus an Chéad Sceideal (a mhéid a bhaineas le bradáin agus bric). | ||
An tAcht iomlán. | ||
Ailt 6 go 24, 27, 28, 35 go 37, 39, 48, 52 go 96. | ||
Alt 2. | ||
Ailt 5 go 15 agus an Dara Sceideal. | ||
An tAcht Iascaigh (Athscrúdú ar an Dlí Reachtúil), 1949. | Ailt 7 go 13, 24 go 26, 28, 31 go 33, 35 go 39. | |
AN DARA SCEIDEAL.
DREACHT-THEARMAI COMHAONTUITHE ATA LE DEANAMH IDIR AN CUMANN ÉIREANNACH MAR DHIOLTOIR AGUS AN tAIRE AGUS AN AIREACHT MAR CHEANNAITHEOIRI.
1. (1) Díolann an Cumann Éireannach agus ceannaíonn na ceannaitheoirí ar an gcomaoin a luaitear anseo ina dhiaidh seo eastát ceart teideal agus leas uile an Chumainn Éireannaigh chucu seo a leanas agus iontu—
(a) an feo simplí seilbhe saor ó eirí ar iascach eisiach sna coda taoidmheara de Loch agus Abha an Fheabhail agus dá shuainmheachán Abha an Fhachain (mar taispeántar faoi dhath buí ar an léarscáil a hullmhaíodh i dtripleacáid agus ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú) lasmuigh de na cearta sin i ngrian agus i ngrinneall an chéanna a gcomhaontaítear i mír 2 de seo iad a mhúchadh agus faoi réir a luaitear i míreanna 3 agus 4 de seo;
(b) na tailte a theachtas an Cumann Éireannach chun críocha nó i leith an iascaigh eisiagh sin agus a tuairiscítear níos cruinne san iarscríbhinn a ghabhas leis an gComhaontú seo saor ó eirí ach amháin mar luaitear i mír 3 de seo do réir na n-eastát agus na dteideal ar leithligh chun a bhfuilid agus faoina bhfuilid faoi seach ar teachtadh agus ar sealúchas;
(c) na líonta seasamhacha nó na hinnill seasamhacha eile go léir d'aon tsaghas is leis an gCumann Éireannach agus atá sna huiscí taoide sin; agus
(d) na héasúintí, na seach-éasúintí, na cóiríochta agus na cearta eile go léir atá ar únaeracht ar úsáid nó ar sealúchas ag an gCumann Éireannach chun críocha nó i leith an iascaigh eisiaigh sin thar trasna nó ar aon tailte seachas na tailte a luaitear go sainráiteach sa Chomhaontú seo.
(2) Is é comaoin an díola sin na Ceannaitheoirí d'íoc suime £106,885 leis an gCumann Éireannach (maille le hús ar £102,485 cuid den tsuim sin, arna ríomh do réir trí faoin gcéad sa bhliain ón gcéad lá de Mhárta, 1951, go dtí dáta an Chomhaontuithe seo) (suim agus ús a n-admhaíonn an Cumann Éireannach leis seo a bhfáil).
2. I gcomaoin na suime adúradh d'íoc leis toilíonn agus comhaontaíonn an Cumann Éireannach tríd seo eastát ceart teideal agus leas uile an Chumainn Éireannaigh chun agus i leith grian agus grinneall agus urthrá na coda taoidmhire de Loch agus Abha an Fheabhail adúradh agus na coda taoidmhire d'Abhainn an Fhachain (coda taoidmheara a taispeántar faoi dhath buí ar an léarscáil sin) a mhúchadh trí reachtaíocht agus scaoileann agus urscaoileann tríd seo na ceannaitheoirí agus gach uile dhuine eile in aghaidh agus i gcoinne gach caingin agra agus éilimh ag an gCumann Éireannach (pé acu le haghaidh cúitimh nó eile é) i leith nó de dhroim an mhúchta sin nó an dídhílsithe ar aon eastát ceart teideal nó leas eile leis an gCumann Éireannach chun na gcoda taoidmheara sin nó iontu nó tharstu de bhuaidh oibriú aon reachtaíochta den tsórt sin.
3. Raghaidh an Cumann Éireannach ar a chostas féin nuair a iarrfas na ceannaitheoirí é faoi chúnant a bheas ina cheangal ar an gCumann Éireannach agus ar a chomharbaí i dteideal leis na ceannaitheoirí agus le gach duine acu lena gcomharbaí i dteideal agus le gach duine acu go ndéanfar an cíos-mhuirear de £250 sa bhliain a socraíodh ar Thiarna-Easpag Dhoire agus a chomharbaí go deo le Reacht 3 agus 4 Anne Caibidil I agus an cíos-mhuirear de £12 a socraíodh ar an Easpag sin de bhuaidh Gníomhais Aonpháirtí dar dáta an 11ú Bealtaine, 1705, a mhuirearú ar an gcuid sin de mhaoin an Chumainn Éireannaigh a roghnós na ceannaitheoirí agus d'intinn go ndéanfaidh an Cumann Éireannach agus a chomharbaí i dteideal na cíosmhuirir sin d'íoc ag dímhuirearú na gCeannaitheoirí agus a gcomharbaí i dteideal go hiomlán agus ag slánú na dtailte agus na maoine a díoltar tríd seo agus na n-eastát na gceart an teidil agus na leas a comhaontaítear i mír 2 de seo a mhúchadh trí reachtaíocht agus na gCeannaitheoirí agus gach duine acu agus a gcomharbaí i dteideal agus gach duine acu in aghaidh agus i gcoinne íoca an chéanna nó aon choda dhe agus i gcoinne gach imeachta costais damáiste éilimh agus dliteanais de dheasca an céanna nó aon chuid de a bheith gan íoc.
4. Ní dhéanfaidh aon ní sa chomhaontú seo dochar ná difir d'aon cheart a bhí dílsithe díreach roimh an gcomhaontú seo d'fhorghníomhú in aon duine seachas an Cumann Éireannach chun inneall seasamhach d'úsáid faoi dheimhniú arna dheonadh faoi Alt a sé den Salmon Fishery (Ireland) Act, 1863.
5. Oibreoidh an Comhaontú seo amhail is dá mbeadh cúnaint ann ón gCumann Éireannach:—
(a) maidir leis an iascach eisiach a tuairiscítear i mír 1 (a) de seo, nár fhorghníomhaigh ná nach ndearna an Cumann Éireannach ná nár fhulaing go feasach aon ghníomhas ná rud, ná nach raibh ina pháirtí ná inpháirteach in aon ghníomhas ná rud, trína bhfuiltear nó trína bhféadfadh sé go mbeifí ag táinseamh, ag muirearú nó ag eiriú an iascaigh eisiaigh sin nó aon choda dhe nó ag déanamh difir dó i leith teidil eastáit nó eile nó trína mbactar in aon tslí ar an gCumann Éireannach an t-iascach eisiach sin nó aon chuid de a dhíol agus a thíolacadh mar déantar leis an gcomhaontú seo,
(b) maidir leis na tailte a tuairiscítear i mír 1 (b) de seo, i dtéarmaí mar is intuigthe i gcás tíolacais ar chomaoin luachmhar nach morgáiste (lena n-áirítear maidir le maoin léasach an cúnant breise i leith a sannta) ó dhuine atá ag tíolacadh agus a sainráitear é bheith ag tíolacadh mar únaer tairbhiúil.
IARSCRIBHINN.
1. IAD SEO UILE an dá dháileacht talún maraon leis na foirgintí orthu atá tadhlach le Dún an Chúil Mhóir i mBaile Fearainn an Chúil Mhóir Paróiste an Teampaill Mhóir Barúntacht Saorthas Thiar Thuaidh Dhoire agus Contae Dhoire atá léirithe níos cruinne ar an léarscáil díobh ar a bhfuil Uimhir I marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus atá faoi dhath dearg ar an léarscáil sin.
2. É SIN UILE an dáileacht talún maraon leis na foirgintí uirthi atá tadhlach leis an mbóthar go Pointe an Chúil Mhóir bóthar a ghabhas idir an dáileacht agus Abha an Fheabhail mar atá an dáileacht sin léirithe níos cruinne ar an léarscáil di ar a bhfuil Uimhir 2 marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus ar a bhfuil an dáileacht faoi dhath dearg agus gorm áitreabh atá i mBaile Fearainn an Chúil Mhóir Paróiste an Teampaill Mhóir Barúntacht Saorthas Thiar Thuaidh Dhoire agus Contae Dhoire.
3. É SIN UILE an dáileacht talún maraon leis na foirgintí uirthi ar a dtugtar “Shell Rock Hut” in aice Cuan na Rosa i mBaile Fearainn Chadha, Paróiste Chluain Diarmada, Barúntacht Thír Chaorthainn agus Contae Dhoire, atá léirithe níos cruinne ar an léarscáil di ar a bhfuil Uimhir 3 marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus atá faoi dhath dearg ar an léarscáil sin.
4. É SIN UILE an dáileacht talún ina bhfuil 8 n-acraí agus 15 péirsí nó mar sin tomhas reachtúil atá i mBaile Fearainn na Cloiche Buí, Barúntacht na Tráighe Báine Iochtair agus Contae Thír Eoghain, ábhar fóile 5349 de Chlár Chontae Thír Eoghain maraon leis na foirgintí agus na tógála go léir uirthi agus na comhghabhálais a bhaineas nó a ghabhas léi in aon tslí dáileacht atá léirithe níos cruinne ar an léarscáil di ar a bhfuil Uimhir 4 marcáilte a hullmhaíodh i dtripleacáid agus ar ar ghreamaigh na páirtithe sa Chomhaontú seo a séalaí chun a haithinte díreach roimh an gComhaontú seo d'fhorghníomhú agus atá faoi dhath gorm ar an léarscáil sin.
AN TRIU SCEIDEAL.
Coimisiun Iascaigh an Fheabhail.
1. Beidh an Coimisiún ina chomhlucht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus cumhacht agartha agus chun bheith inagartha agus cumhacht chun talamh a thógaint agus a theachtadh gan ceadúnas faoi mhortláimh.
2. I dteannta aon chumhacht agus gan dochar d'aon chumhachta a bheirtear dó faoi aon fhoráil eile den Acht seo, beidh cumhacht ag an gCoimisiún aon ní acu seo a leanas a dhéanamh—
(a) imeachta dlíthiúla a thionscnamh chun aon fhoráil san Acht seo, nó in aon rialacháin a déanfar faoin Acht seo, a chur i bhfeidhm;
(b) aon iascach nó aon bhunachas chun bradáin, bric nó iasc fíoruisce eile a shíolrú nó d'oiliúint go saorga a cheannach nó a ghlacadh ar léas agus aon iascach agus aon bhunhachas den tsórt sin d'oibriú;
(c) an t-airgead go léir a híocfar leis an gCoimisiún d'úsáid agus a chaiteamh, faoi réir forál an Achta seo, i pé slí is cuí leis an gCoimisiún chun na hiascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a rialú, a bhainistí, a chothabháil nó d'fheabhsú;
(d) pé oibreacha agus nithe a dhéanamh is dóigh leis an gCoimisiún is oiriúnach chun críocha a fheidhmeanna.
3. (1) D'ainneoin aon ní san Acht seo féadfaidh an Coimisiún dá roghain féin, i rith na tréimhse idirlinne, an t-iascach sa chuid sin d'uiscí taoide Líomatáiste an Fheabhail a dílsítear san Aire agus san Aireacht agus atá idir líne dhíreach a tarraingeofaí trasna Abha an Fheabhail idir na pointí ina dteagmhaíonn an tórainn is sia ó dheas de Chontae Dhoire leis an abhainn ar an dá thaobh agus béal na habhann, mar mínítear sin, a rialú agus a bhainistí agus déileáil leis.
(2) Is é an tréimhse idirlinne chun críche na míre seo an tréimhse trí bliana dár tosach an dáta bunuithe nó pé tréimhse is sia ná sin a shocrós an tAire agus an Aireacht ó am go ham trí chomhaontú.
4. Déanfaidh an Coimisiún aon airgead barrachais a bheas ar láimh aige de thuras na huaire a dhiúscairt i pé slí a threorós an tAire agus an Aireacht ó am go ham i gcomhar le chéile.
5. Beidh an Coimisiún comhdhéanta de cheathrar comhaltaí ar comhaltaí sinsearacha beirt acu agus ar comhaltaí sóisearacha beirt acu.
6. (1) Ceapfaidh an tAire comhalta sinsearach amháin agus comhalta sóisearach amháin agus ceapfaidh an Aireacht an comhalta sinsearach agus an comhalta sóisearach eile.
(2) Déanfar gach comhalta, ach amháin comhalta a ceapfar chun corrfholúntas a líonadh, a cheapadh go ceann tréimhse cúig bliana.
(3) Má tharlaíonn corrfholúntas i measc na gcomhaltaí déanfaidh an t-údarás a cheap an comhalta a chuaigh as oifig duine a cheapadh chun an folúntas a líonadh.
(4) Beidh an duine a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh na coda eile den tréimhse a bheadh a réamhtheachtaí i seilbh oifige dá leanadh sé de bheith ina chomhalta.
(5) Féadfar comhalta a bheas ag dul as oifig d'athcheapadh.
7. (1) Is é an chéad chathaoirleach a bheas ar an gCoimisiún an comhalta sinsearach sin a thoghfas na comhaltaí. Má bhíonn an bheirt ar cothrom toghfar é trí chrannchur.
(2) Beidh an chéad chathaoirleach i seilbh oifige go dtí deireadh an chéad bhliain dá théarma oifige mar chomhalta.
(3) Ag deireadh na bliana sin, beidh an comhalta sinsearach eile ina chathaoirleach go ceann tréimhse bliana, agus as san amach beidh seilbh na hoifige, go ceann bliana, ag gach re duine de na comhaltaí sinsearacha.
(4) Má scoireann duine de bheith ina chomhalta i rith a théarma oifige mar chathaoirleach, beidh an duine a ceapfar mar chomhalta ina ionad i seilbh oifige mar chathaoirleach go ceann na coda eile den téarma sin.
8. (1) Beidh rúnaí ag an gCoimisiún.
(2) Is é a bheas ina rúnaí an comhalta sóisearach a ceapadh chun an Choimisiúin ag an údarás nár cheap an comhalta sinsearach is cathaoirleach de thuras na huaire.
9. Féadfaidh an t-údarás a cheap comhalta an comhalta sin a chur as oifig, agus féadfaidh comhalta éirí as oifig trí litir a seolfar chun an údaráis a cheap é.
10. Beidh oifig sa Stát agus oifig i dTuaisceart Éireann ag an gCoimisiún.
11. (1) Déanfar gnáthshéala an Choimisiúin, nuair a cuirfear ar dhoiciméad é, d'fhianú le síniú comhalta amháin a cheap an tAire agus comhalta amháin a cheap an Aireacht.
(2) Bhéarfar aird bhreithiúnach ar ghnáthshéala an Choimisiúin agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartós a bheith ina ionstraim arna déanamh ag an gCoimisiún agus a bheith séalaithe le gnáthshéala an Choimisiúin agus a bheith fianaithe do réir na míre seo, agus measfar, gan a thuilleadh cruthúnais, gurb í an ionstraim sin í, mura gcruthaítear a mhalairt.
12. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa a dhéanfadh nó d'fhorghníomhódh é, féadfaidh aon duine a bheas údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an gCoimisiún chuige sin é a dhéanamh nó d'fhorghníomhú thar ceann an Choimisiúin.
13. (1) Beirt is córam do chruinniú den Choimisiún, duine acu ina chomhalta a cheap an tAire agus an duine eile ina chomhalta a cheap an Aireacht.
(2) Déanfar gach ceist a éireos ag cruinniú a chinneadh le vótaí thromlach na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas.
(3) I gcás comhionannas vótaí ag cruinniú ag a mbeidh na comhaltaí go léir i láthair agus ag a vótálfaid, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag an gcathaoirleach.
(4) Faoi réir fo-mhíre (1), féadfaidh an Coimisiún gníomhú d'ainneoin folúntas ina chomhaltas.
(5) Faoi réir forál an Sceidil seo, féadfaidh an Coimisiún, le buan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a ghnó a rialú.
14. Coimeádfaidh an rúnaí miontuairiscí ar imeachta an Choimisiúin agus beidh de cheart ag gach comhalta den Choimisiún na miontuairiscí d'iniúchadh agus sleachta a thógaint astu.
15. Féadfaidh an Coimisiún aon talamh a cheannach agus a thógaint ar léas, agus aon áitreabh a dhéanamh, a threalmhú agus a chothabháil, is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus féadfaidh aon talamh nó áitreabh den tsórt sin nach mbeidh ag teastáil uaidh a thuilleadh chun na críche sin a dhíol nó a léasú.
16. (1) Féadfaidh an Coimisiún pé foireann d'fhostú is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.
(2) Is mar chinnfeas an Coímisiún, le haontú an Aire agus na hAireachta, a bheas líon, gráid agus luach saothair agus coinníollacha fostaíochta comhaltaí na foirne.
(3) Ar an dáta bunuithe, beidh na daoine a bhí, díreach roimh an dáta sin, ar fostú ag Bord Mhagh Bhile nó ag an mbord coimeádaithe do Cheantar Dhoire ina gcomhaltaí d'fhoireann an Choimisiúin ar na coinníollacha céanna ar a rabhadar ar fostú amhlaidh.
17. (1) Déanfar suas cuntais an Choimisiúin go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair gach bliain.
(2) Déanfar na cuntais do gach bliain d'iniúchadh ag iniúchóir a cheapfas an tAire agus iniúchóir a cheapfas an Aireacht.
(3) Íocfaidh an Coimisiún táillí na n-iniúchóirí agus costais an iniúchta.
(4) Déanfaidh na hiniúchóirí cóipeanna de na cuntais iniúchta agus de thuarascáil na n-iniúchóirí orthu a chur, díreach tar éis an iniúchta, go dtí an tAire agus an Aireacht.
18. Bhéarfaidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain don Aire agus don Aireacht ar a chuid oibre ar feadh na bliana roimhe sin.
19. Íocfaidh an Coimisiún le gach duine dá chomhaltaí na caiteachais taistil agus chothuithe agus na fo-chaiteachais faoina raghaidh sé agus a cheadós an t-údarás a cheap é.
AN CEATHRU SCEIDEAL.
An Chomhairle Chomhairlitheach do Liomataiste an Fheabhail.
1. Is iad a bheas ar an gComhairle Chomhairlitheach—
(a) comhaltaí tofa, agus
(b) comhaltaí ex-officio.
2. Beidh an bhliain 1952 agus gach tríú bliain as a chéile ina dhiaidh sin ina bliain toghcháin chun críche na bhforál ina dhiaidh seo den Sceideal seo.
3. (1) I ngach bliain toghcháin cuirfidh an Coimisiún toghchán ar siúl chun daoine a thoghadh ina gcomhaltaí tofa den Chomhairle Chomhairlitheach.
(2) Beidh teideal ag gach duine is sealbhóir ar cheadúnas iascaigh chun vótáil i dtoghchán agus beidh aige an méid vótaí is iomchuí do réir scála ordaithe a bheas bunaithe ar mhéid na dtáillí a híocadh i leith na gceadúnas iascaigh a bheas aige de thuras na huaire.
(3) Gach duine is áititheoir rátaithe iascaigh nó iascach i Líomatáiste an Fheabhail ar lú ná caoga punt, ach nach lú ná punt, iomlán a luachála inrátuithe, beidh sé freisin i dteideal vótáil i dtoghchán, agus beidh aige an méid vótaí is iomchuí do réir scála ordaithe a bheas bunaithe ar mhéid an ráta iascaigh a híocadh i leith an iascaigh nó na n-iascach don bhliain iascaigh díreach roimh an mbliain toghcháin.
(4) Ní bheidh duine cáilithe le haghaidh oifig chomhalta thofa den Chomhairle Chomhairlitheach mura gcónaíonn sé nó mura bhfuil maoin réadach aige i Líomatáiste an Fheabhail.
(5) Raghaidh na comhaltaí tofa a bheas in oifig de thuras na huaire as oifig ar thoghadh a gcomharbaí a bheith críochnaithe.
4. Chun críocha toghchán féadfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas d'ordú—
(a) na toghranna ina roinnfear Líomatáiste an Fheabhail,
(b) an méid daoine (nach mó ná naonúr agus nach lú ná triúr) a toghfar do gach toghroinn,
(c) pé forála eile is cuí leis.
5. (1) Gach duine (seachas an Coimisiún) is áititheoir rátaithe iascaigh nó iascach i Líomatáiste an Fheabhail, ar caoga punt nó níos mó iomlán a luachála inrátuithe, beidh sé, faoi réir forál na míre seo, ina chomhalta ex-officio den Chomhairle Chomhairlitheach.
(2) Ní bheidh aon duine ina chomhalta ex-officio faid a bheas aon tsuim a bheas dlite uaidh don Choimisiún i leith ráta iascaigh gan íoc tar éis ceithre lá dhéag ón dáta a tháinig sí chun bheith iníoctha.
6. Aon duine a ciontófar i gcion faoi na hAchta Iascaigh nó i gcoinne an Achta seo, beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Chomhairle Chomhairlitheach go ceann tréimhse seacht mbliana ó dháta a chiontuithe.
7. (1) Déanfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, ag a céadchruinniú tar éis gach toghcháin agus do réir mar theastós, duine dá comhaltaí a thoghadh ina chathaoirleach agus duine eile dá comhaltaí a thoghadh ina leas-chathaoirleach.
(2) Faoi réir fo-mhíre (5), beidh an duine a toghfar ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach i seilbh oifige go dtí go dtoghfar a chomharba, mura dtarlaí roimhe sin é d'éag nó d'éirí as nó a theacht faoi dhícháilíocht.
(3) Féadfar an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach d'atoghadh.
(4) Féadfaidh an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach éirí as oifig tráth ar bith.
(5) Má scoireann an cathaoirleach nó an leas-chathaoirleach de bheith ina chomhalta den Chomhairle Chomhairlitheach, scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach.
(6) Má bhíonn comhoiread vótaí ann do bheirt nó níos mó ag toghchán cathaoirligh nó leas-chathaoirligh, toghfar duine de na daoine sin trí chrannchur.
8. Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach, ó am go ham do réir mar theastós, duine a cheapadh ina rúnaí don chomhairle agus féadfaidh tráth ar bith, an ceapadh sin d'fhorceannadh.
9. (1) Aon uair a tharlós corrfholúntas i measc na gcomhaltaí tofa, féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach duine is sealbhóir ar cheadúnas iascaigh nó áititheoir rátaithe iascaigh i Líomatáiste an Fheabhail a chomhthoghadh chun an folúntas a líonadh go dtí an chéad toghchán eile.
(2) Féadfaidh an Chomhairle Chomhairlitheach gníomhú d'ainneoin folúntas ina comhaltas.
10. (1) Ag cruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach—
(a) is é an cathaoirleach, nuair a bheas sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú;
(b) nuair a bheas an cathaoirleach as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh folamh, is é an leas-chathaoirleach, má bhíonn sé i láthair, a bheas ina chathaoirleach ar an gcruinniú;
(c) nuair a bheas an cathaoirleach agus an leas-chathaoirleach as láthair nó má bhíonn oifig an chathaoirligh agus oifig an leas-chathaoirligh folamh, déanfaidh na comhaltaí den Chomhairle Chomhairlitheach a bheas i láthair duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
(2) Gach ceist a éireos ag cruinniú cinnfear í le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair is é toghadh chathaoirleach na Comhairle Comhairlithí a bheas i gceist.
(3) Is é is córam do chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach pé líon a shocrós an Chomhairle ó am go ham nó, mura mbeidh aon chóram socraithe amhlaidh de thuras na huaire, trian den chomhaltas ar dháta an chéad chruinnithe tar éis an toghcháin roimhe sin, gan aon chodán d'áireamh.
(4) Comórfaidh an Coimisiún a luaithe is féidir an chéad chruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach tar éis gach toghcháin.
(5) Féadfaidh an Coimisiún tráth ar bith cruinniú den Chomhairle Chomhairlitheach a chomóradh.
(6) Beidh comhaltaí an Choimisiúin i dteideal bheith i láthair ag cruinnithe den Chomhairle Chomhairlitheach agus páirt a ghlacadh iontu ach ní bheid i dteideal vótáil.
(7) Faoi réir forál an Sceidil seo, rialóidh an Chomhairle Chomhairlitheach, le buan-orduithe nó ar shlí eile, a nós imeachta agus a gnó.
11. Soláthróidh an Coimisiún cóiríocht chun cruinnithe den Chomhairle Chomhairlitheach a thionól agus pé páipéarachas agus trealamh oifige a theastós le réasún on gComhairle chun a gnóthaí a sheoladh, agus cuirfidh seirbhísí comhaltaí d'fhoirinn an Choimisiúin ar fáil chun an obair chléireachais go léir is gá a dhéanamh don Chomhairle.
AN CUIGIU SCEIDEAL.
Foirm Cheapachain Faireora Abhann faoi Alt 56.
Ceapaimse, A. B. (nó ceapaimidne, A. B. agus C. D., do réir mar bheas) as
(luaigh an áit chónaithe nó na háiteanna cónaithe),
leis seo E. F., as
(luaigh a áit chónaithe),
na fhaireoir abhann chun iascach
(luaigh an t-iascach, an abha, nó an cósta farraige, pé acu é),
a chosaint de bhun Achta Iascaigh an Fheabhail, 1952; agus údaraítear leis seo don E. F. sin as
(luaigh a áit chónaithe),
gach gníomh dleathach a dhéanamh mar fhaireoir abhann den tsórt sin do réir forál an Achta sin.
(Sínithe)
Do gach n-aon lena mbaineann.
Déanaimse, an Breitheamh Cúirte Dúiche a bhfuil a shíniú thíos, an ceapachán sin thuas a cheadú leis seo.