Uimhir 15 de 1986
AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. | |
6. |
Iompras Bhaile Átha Cliath
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. | |
20. | |
21. | |
22. |
Pleanáil
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. |
Seirbhísí do Phaisinéirí
28. | |
29. | |
30. | |
31. |
Bainistí Tráchta
32. | |
33. | |
34. | Feithiclí atá loctha go neamhdhleathach a dhéanamh doghluaiste, a aistriú as, etc. |
35. | |
36. | |
37. | |
38. | |
39. | |
40. | |
41. | |
42. | |
43. | Íocaíochtaí ón Údarás le haghaidh bearta bainistí tráchta agus na bearta sin a athbhreithniú. |
Forálacha Ilghnéitheacha
44. | |
45. | |
46. | |
47. | |
48. | |
49. | |
50. | |
51. | |
52. | |
53. | |
54. |
Iompras Bhaile Átha Cliath
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Na hAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1972 | |
Na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1983 | |
Na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983 | |
Na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972 | |
Public Offices Fees Act, 1879 | 42 agus 43 Vict., c. 58 |
Na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984 | |
Roads Act, 1920 | 1920, c. 72 |
Uimhir 15 de 1986
AN tACHT UM IOMPRAS BHAILE ÁTHA CLIATH, 1986
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1932;
ciallaíonn “Acht 1961” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;
ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968;
ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht Rialtais Áitiúil (Bóithre agus Mótarbhealaí), 1974;
ciallaíonn “an tÚdarás” Iompras Bhaile Átha Cliath;
tá le “limistéar feidhme an Údaráis” an bhrí a shanntar dó le halt 10;
tá le “príomhfheidhmeannach” an bhrí a shanntar dó le halt 13;
tá le “plean forbartha” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1983;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar le hordú faoi alt 4 chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo;
ciallaíonn “údarás áitiúil” (ach amháin in alt 36) comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile;
tá le “feithicil inneallghluaiste” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Cumarsáide;
tá le “seirbhís bóthair do phaisinéirí” an bhrí chéanna atá le “bótharsheirbhís do phaisinéirí” in Acht 1932;
tá le “rothar cos” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;
ciallaíonn “údarás pleanála”
(a) i gcás contae, gan aon bhuirg ná ceantar uirbeach ann a áireamh, comhairle an chontae,
(b) i gcás contaebhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus
(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair;
ciallaíonn “bóthar poiblí” aon bhóthar, sráid, bóithrín, cosán, cearnóg, cúirt, caolsráid nó scabhat, agus aon chuid den chéanna, ar údarás bóithre atá freagrach ina gcothabháil, agus folóidh sé aon droichead, tarbhealach, íosbhealach, fobhealach, tollán, tardhroichead, uasród, píopa, stua, lintéir, cosán, carrbhealaí (singil nó iolrach), pábhaille, ráille, fál, balla, bacainn, ráille cosanta, colbha, leataobh, crua-ghrua, rian rothar, oileán, místráice, láriomaire, conaireoir, compal, cuaille, mullard, sreang, cábla, sín, comhartha nó soilsiú is cuid den bhóthar nó déanmhas eile dá shamhail is cuid den bhóthar a bhfuil gá leis ar mhaithe le sábháilteacht, áisiúlacht nó taitneamhacht do lucht úsáidte bóithre;
tá le “feithicil seirbhíse poiblí” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;
ciallaíonn “údarás bóithre” comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, nó comhairle cheantair uirbigh;
tá le “feithicil sráidseirbhíse” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;
ciallaíonn “athfhoirmiú”, i ndáil le plean forbartha, athfhoirmiú faoi Chuid III den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963.
(2) San Acht seo aon tagairt do Chuid nó d'alt, nó don Sceideal, is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó don Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
(4) San Acht seo déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi.
Tosach feidhme.
3.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le haon ordú nó orduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.
An lá bunaithe.
4.—Déanfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
5.—(1) Gach ordú a dhéanfar faoi alt 3 leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(2) Déanfar an t-ordú a dhéanfar faoi alt 4 agus gach ordú a dhéanfar faoi alt 9 nó 10 a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.
Caiteachais.
6.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Iompras Bhaile Átha Cliath
An tÚdarás a bhunú.
7.—Bunófar, de bhua an ailt seo, ar an lá bunaithe, comhlacht ar a dtabharfar Iompras Bhaile Átha Cliath nó, sa Bhéarla, the Dublin Transport Authority (dá ngairtear “an tÚdarás” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi a chomhlíonadh.
Dualgais agus feidhmeanna ginearálta an Údaráis.
8.—(1) Comhlíonfaidh an tÚdarás na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo nó faoi d'fhonn a áirithiú, a mhéid is féidir é, go ndéanfar iompar de bhóthar agus d'iarnród ina limistéar feidhme a phleanáil agus a oibriú go cuí agus go héifeachtach.
(2) Déanfaidh an tÚdarás, má iarrtar air é, comhairle a thabhairt don Aire nó don Aire Comhshaoil i dtaobh ní ar bith a bhaineann le feidhmeanna an Údaráis nó a bhaineann le hiompar de bhóthar agus d'iarnród ina limistéar feidhme a phleanáil agus a oibriú go cuí agus go héifeachtach.
(3) Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle leis na húdaráis áitiúla ina limistéar feidhme i ndáil le haon bhearta atá i gceist aige a dhéanamh faoin Acht seo.
(4) I gcomhlíonadh a fheidhmeanna dó, féadfaidh an tÚdarás—
(a) cláir oideachais phoiblí i ndáil le hiompar de bhóthar agus d'iarnród i limistéar feidhme an Údaráis a chur chun cinn agus gabháil dóibh agus páirt a ghlacadh iontu, agus
(b) taighde i ndáil le hiompar de bhóthar agus d'iarnród i limistéar feidhme an Údaráis a chur chun cinn agus gabháil dó agus páirt a ghlacadh ann,
(c) úsáid níos mó den chóras iompair phoiblí laistigh de limistéar feidhme an Údaráis a chur chun cinn.
Feidhmeanna breise a shannadh don Údarás.
9.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, agus, i gcás nithe atá faoi chúram an Aire Comhshaoil a bheith i gceist, le toiliú an Aire sin freisin, cibé feidhmeanna breise a thabhairt don Údarás, i ndáil le pleanáil, acmhainní nó oibríochtaí iompair de bhóthar agus d'iarnród ina limistéar feidhme is dóigh leis an Aire is cuí agus a shonróidh sé san ordú.
(2) Féadfar socrú a dhéanamh in ordú faoin alt seo maidir le comhlíonadh na bhfeidhmeanna breise faoi réir coinníollacha a bheidh sonraithe san ordú, agus féadfaidh cibé forálacha foghabhálacha agus forlíontacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach d'fhonn lán-éifeacht a thabhairt don ordú.
(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo an limistéar feidhme ina gcomhlíonfar na feidhmeanna breise a thugtar leis an ordú a shonrú agus féadfaidh cibé oiriúnuithe nó modhnuithe ar achtacháin eile a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá.
(4) Féadfaidh an tAire le hordú, leis an toiliú sin a dúradh, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(5) Má bheartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Limistéar feidhme an Údaráis.
10.—(1) Faoi réir fho-alt (2), comhlíonfaidh an tÚdarás a fheidhmeanna i ndáil leis an limistéar (dá ngairtear “limistéar feidhme an Údaráis” san Acht seo) arb é atá ann contaebhuirg Bhaile Átha Cliath agus contae riaracháin Bhaile Átha Cliath.
(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham a dhearbhú le hordú go gcomhlíonfaidh an tÚdarás cibé ceann dá fheidhmeanna a bheidh sonraithe san ordú i ndáil le cibé limistéar tadhlach nó limistéir thadhlacha eile (i dteannta an limistéir dá dtagraítear i bhfo-alt (1)), nó i ndáil le cibé cuid de limistéar feidhme an Údaráis a bheidh sonraithe san ordú agus fad a bheidh ordú den sórt sin i bhfeidhm forléireofar fo-alt (1) dá réir sin.
(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(4) Má bheartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Feidhm an Sceidil.
11.—Beidh feidhm ag an Sceideal i ndáil leis an Údarás.
Treoracha don Údarás.
12.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú aon Aire eile lena mbaineann, cibé treoracha ginearálta is dóigh leis is iomchuí a thabhairt i scríbhinn don Údarás i dtaobh chuspóirí bainistí tráchta an Údaráis, nó i dtaobh riaradh an Údaráis.
(2) Déanfaidh an tÚdarás de réir aon treorach faoin alt seo.
Príomhfheidhmeannach.
13.—(1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham duine a cheapadh i gcáil lánaimseartha le bheith ina phríomhoifigeach ar an Údarás agus “an príomhfheidhmeannach” a ghairtear den oifigeach sin san Acht seo.
(2) Ní shealbhóidh an príomhfheidhmeannach aon oifig ná post eile gan toiliú an Údaráis.
Oifigigh agus seirbhísigh.
14.—(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis ó am go ham faoi réir cheadú an Aire, a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh (i dteannta an phríomhfheidhmeannaigh) agus ina seirbhísigh dó.
(2) Déanfaidh oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhíseach don Údarás a oifig nó a fhostaíocht a shealbhú ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(3) Íocfaidh an tÚdarás lena oifigigh (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham faoi réir cheadú an Aire, arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(4) Féadfaidh an tÚdarás, tráth ar bith ar chúiseanna sonraithe, aon oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhíseach don Údarás a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach dó.
Maoir thráchta.
15.—(1) Le héifeacht ó thráth thosach feidhme an ailt seo, cibé daoine a ainmneoidh Coimisinéir an Gharda Síochána, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás, ar daoine údaraithe iad a bheidh ceaptha aige de réir alt 103 d'Acht 1961 agus a bhí fostaithe i limistéar feidhme an Údaráis díreach roimh an tráth thosach feidhme sin, measfar iad a bheith i bhfostaíocht an Údaráis.
(2) (a) Ach amháin i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann arna chaibidil le haon cheardchumann aitheanta lena mbaineann, aon duine a mheastar a bheith i bhfostaíocht an Údaráis de réir fho-alt (1) ní lú an scála pá a gheobhaidh sé ná ní lú tairbhe dó na coinníollacha seirbhíse a fhorchuirfear air, fad a bheidh sé i bhfostaíocht amhlaidh, ná an scála pá a raibh teideal aige chuige agus na coinníollacha seirbhíse a raibh sé faoina réir díreach roimh thráth thosach feidhme an ailt seo.
(b) Go dtí go ndéanfaidh an tÚdarás, tar éis dó dul i gcomhairle le ceardchumann aitheanta, athrú ar scálaí pá agus coinníollacha seirbhíse daoine a mheastar a bheith i bhfostaíocht an Údaráis de réir fho-alt (1), leanfaidh na scálaí pá a raibh teideal ag na daoine sin chucu agus coinníollacha seirbhíse na ndaoine sin sular aistríodh iad faoin bhfo-alt sin d'fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine sin.
(c) San fho-alt seo ciallaíonn “ceardchumann aitheanta” ceardchumann atá aitheanta ag an Údarás chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó coinníollacha fostaíochta, nó le coinníollacha oibre, na ndaoine a mheastar a bheith i bhfostaíocht an Údaráis de réir fho-alt (1).
(3) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) d'alt 2 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975.
“(1) (a) Féadfaidh Iompras Bhaile Átha Cliath tar éis dó dul i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána, comhshocraíochtaí a dhéanamh le go ndéanfaidh daoine a bheidh fostaithe ag an Údarás na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i limistéar feidhme an Údaráis.
(b) Aon údarás áitiúil nach i limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána, comhshocraíochtaí a dhéanamh le go ndéanfaidh daoine a bheidh fostaithe ag an údarás na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo a fheidhmiú i limistéar feidhme an údaráis nó i cibé cuid de limistéar feidhme an údaráis nach i limistéar feidhme an Údaráis dó.
(2) Is iad na feidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—
(a) feidhmeanna i leith cionta faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a bhaineann le toirmeasc nó srian ar fheithiclí inneallghluaiste a stad nó a locadh,
(b) feidhmeanna a bhaineann le cion faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Roads Act, 1920, arb é an cion é gan ceadúnas i leith na feithicle arna eisiúint faoin Acht sin a ghreamú den fheithicil agus a bheith ar iompar uirthi mar a fhorordaítear leis na rialacháin sin,
(c) cibé feidhmeanna eile a dhearbhóidh an tAire le rialacháin arna ndéanamh le toiliú an Aire Dlí agus Cirt, agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin bhfo-alt seo i ndáil le limistéir éagsúla.”.
(4) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975:
“(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta díobh seo a leanas a ndearbhóidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, gur cionta iad lena mbaineann an t-alt seo, eadhon, aon chion faoi rialacháin arna ndéanamh faoi alt 2 (c) (arna chur isteach leis an Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986) den Acht seo agus aon chion faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1984, nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a bhaineann le toirmeasc nó srianadh ar fheithiclí inneallghluaiste a stad nó a locadh agus cion faoi rialacháin arna ndéanamh faoin Roads Act, 1920, arb é an cion é gan ceadúnas i leith na feithicle arna eisiúint faoin Acht sin a ghreamú den fheithicil agus a bheith ar iompar uirthi mar a fhorordaítear leis na rialacháin sin.”
(5) Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) go (4) d'alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975:
“(2) I gcás cúis réasúnach a bheith ag maor tráchta lena chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta ag duine, féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a sheachadadh ar an duine á rá—
(a) go líomhnaítear go ndearna an duine an cion,
(b) go bhféadfaidh an duine, i rith na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe, a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil nó le hIompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh sonraithe san fhógra),
(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.
(3) I gcás cúis réasúnach a bheith ag maor tráchta lena chreidiúint go bhfuil cion lena mbaineann an t-alt seo á dhéanamh nó déanta, ar cion é lena mbaineann úsáid feithicle inneallghluaiste, féadfaidh sé fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil á rá—
(a) go líomhnaítear go ndearnadh an cion,
(b) go bhféadfaidh duine a dhlífear a ionchúiseamh i leith an chiona, i rith na tréimhse 21 lá dar tosach dáta an fhógra, suim fhorordaithe, a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil nó le hIompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh sonraithe san fhógra),
(c) nach dtionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomh naithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, nach dtionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.
(4) I gcás ina ndéanfar fógra a sheachadadh faoi fho-alt (2) nó a ghreamú faoi fho-alt (3) den alt seo—
(a) féadfaidh duine lena mbainfidh an fógra, i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra, agus a mbeidh an fógra ina teannta, a íoc leis an údarás áitiúil nó le hIompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh sonraithe san fhógra),
(b) féadfaidh an t-údarás áitiúil nó Iompras Bhaile Átha Cliath (de réir mar a bheidh) an íocaíocht a ghlacadh, admháil uirthi a eisiúint agus an t-airgead a íocadh amhlaidh a choinneáil lena dhiúscairt de réir an Achta seo, agus ní bheidh aon íocaíocht a ghlacfar amhlaidh inghnóthaithe in aon chúinsí ag an duine a d'íoc í,
(c) ní thionscnófar ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, agus, má dhéantar an íocaíocht a bheidh sonraithe san fhógra i rith na tréimhse sin, ní thionscnófar aon ionchúiseamh i leith an chiona líomhnaithe.”.
(6) Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 5 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975:
“5. Féadfaidh údarás áitiúil nó, i gcás ina líomhnaítear gur i limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath a rinneadh an cion, féadfaidh an tÚdarás, ionchúiseamh a thionscnamh i leith ciona lena mbaineann alt 3 den Acht seo, i leith ciona faoi alt 3 (5) den Acht seo nó i leith ciona faoi alt 4 den Acht seo.”.
(7) Déanfar an t-airgead go léir a íocfar leis an údarás i leith cionta lena mbaineann alt 3 den Acht um Údaráis Áitiúla (Maoir Thráchta), 1975, a íoc isteach sa Státchiste de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.
Comhaltas de Theach den Oireachtas, etc.
16.—(1) Más rud é i gcás aon oifigigh (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhísigh don Údarás—
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó
(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, nó
(d) go dtoghfar é chun údaráis áitiúil, nó go gcomhthoghfar é ar údarás áitiúil, ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de,
beidh sé, air sin, ar iasacht ó fhostaíocht an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais—
(i) i gcás ina n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ina measfar amhlaidh é a bheith tofa chun an Tionóil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é a bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de Sheanad Éireann nó den Tionól sin,
(ii) i gcás ina dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin nó den údarás áitiúil sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a thofa amhlaidh agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó den Tionól sin nó den údarás áitiúil sin, de réir mar a bheidh,
(iii) i gcás ina gcomhthoghfar é ar údarás áitiúil ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a chomhthofa agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil sin.
(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta d'údarás áitiúil nó den Tionól beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Údarás.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thoirmisceann, inter alia, tréimhse a luaitear i mír (i), (ii) nó (iii) den fho-alt sin a áireamh mar sheirbhís leis an Údarás chun críocha aon phinsean, aiscí, nó liúntas eile is iníoctha tráth scoir nó báis.
Faisnéis a sholáthar don Údarás.
17.—Ní foláir díobh seo a leanas cibé faisnéis is gá a sholáthar don Údarás chun a chumasú dó a fheidhmeanna faoin Acht seo a chomhall:
(a) Córas Iompair Éireann,
(b) duine ag a bhfuil ceadúnas faoi Acht 1932 nó faoi alt 31 nó 36, agus duine atá ag déanamh iarratais le haghaidh ceadúnais faoi aon cheann de na hachtacháin sin,
(c) údarás áitiúil (lena n-áirítear údarás bóithre nó údarás pleanála) ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de.
Toirmeasc ar fhaisnéis faoi rún a nochtadh.
18.—(1) Ní nochtfaidh aon duine faisnéis a fuair sé faoi rún agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Údarás, mar oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó mar sheirbhíseach don Údarás, mar chomhalta de choiste nó de chomhlacht comhairleach arna bhunú ag an Údarás nó mar chomhairleoir nó sainchomhairleoir atá fostaithe ag an Údarás, mura mbeidh sé údaraithe go cuí sin a dhéanamh.
(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé ciontach i gcion.
(3) San alt seo—
ciallaíonn “faoi rún” ní a deirtear a bheith faoi rún ó thaobh faisnéise áirithe nó ó thaobh faisnéise d'aicme nó de thuairisc áirithe;
ciallaíonn “údaraithe go cuí” údaraithe ag an Údarás nó ag duine éigin a bheidh údaraithe chuige sin go cuí ag an Údarás.
Leasanna áirithe a nochtadh.
19.—(1) I gcás leas airgeadais nó leas tairbhiúil eile a bheith ag comhalta den Údarás nó ag oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó seirbhíseach don Údarás, ar leas é in aon ábhar, nó ar leas é atá ábhartha d'aon ábhar, atá, go bhfios dó, le cinneadh ag an Údarás nó thar a cheann, déanfaidh sé de réir na gceanglas seo a leanas:
(a) nochtfaidh sé don Údarás, sula ndéanfar aon chinneadh iomchuí faoin bhfo-alt seo, cén cineál leasa atá aige;
(b) ní imreoidh sé aon tionchar ná ní fhéachfaidh sé le haon tionchar a imirt ar chinneadh a bheidh le déanamh ag an Údarás nó thar a cheann, i ndáil leis an ábhar;
(c) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon bhreithniú ar an ábhar;
(d) más comhalta den Údarás é, ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an tÚdarás ar an ábhar ná ní vótálfaidh sé, ná ní ghníomhóidh sé thairis sin mar chomhalta den Údarás, i ndáil leis an ábhar.
(2) Chun críocha an ailt seo, ach gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), measfar leas tairbhiúil a bheith ag duine más rud é—
(a) go bhfuil sé féin nó a chéile, nó aon ainmnitheach dá chuid nó dá chéile, ina chomhalta de chuideachta nó d'aon chomhlacht eile ag a bhfuil leas tairbhiúil in aon ábhar, nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'aon ábhar, dá dtagraítear san fho-alt sin,
(b) go bhfuil sé féin nó a chéile i gcomhpháirt le nó i bhfostaíocht ag, duine ag a bhfuil leas tairbhiúil in ábhar den sórt sin nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'ábhar den sórt sin,
(c) gur páirtí é féin nó a chéile in aon chomhshocraíocht nó comhaontú (bíodh nó ná bíodh sé infheidhmithe) maidir le talamh lena mbaineann ábhar den sórt sin,
(d) go bhfuil leas tairbhiúil in ábhar den sórt sin, nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'ábhar den sórt sin, ag a chéile.
(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar leas tairbhiúil in aon ábhar nó leas tairbhiúil atá ábhartha d'aon ábhar a bheith ag duine de bhíthin amháin go bhfuil leas aige nó ag aon chuideachta nó ag aon chomhlacht nó duine eile a luaitear i bhfo-alt (2) ar leas chomh cianda nó chomh neamhthábhachtach é nach féidir le réasún a mheas gur dóigh dó dul i gcion ar dhuine le linn dó aon cheist i ndáil leis an ábhar a bhreithniú nó a phlé, nó le linn dó bheith ag vótáil uirthi, nó le linn dó aon fheidhm i ndáil leis an ábhar sin a chomhlíonadh.
(4) Más rud é, ag cruinniú den Údarás, go ndéanfar nochtadh faoin alt seo, taifeadfar sonraí faoin nochtadh i miontuairiscí an chruinnithe.
(5) Aon duine a sháróidh go feasach ceanglas den alt seo nó a mhainneoidh go feasach déanamh dá réir, beidh sé ciontach i gcion.
An tÚdarás d'fháil iasachtaí.
20.—Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh a fháil ar iasacht go sealadach, cibé acu trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.
Moltaí faoi thús áite i gcúrsaí caiteachais.
21.—Déanfaidh an tÚdarás, ag féachaint do bheartais agus cinntí Rialtais i ndáil leis an airgead a bheidh ar fáil (cibé acu sa Stát nó i limistéar feidhme an Údaráis) lena chaitheamh ar iompar de bhóthar agus d'iarnród, moltaí a dhéanamh don Aire agus don Aire Comhshaoil i dtaobh an chaiteachais a dtabharfar tús áite dó i ndáil le saoráidí agus seirbhísí iompair de bhóthar agus d'iarnród a sholáthar, a oibriú agus a bhainistí agus i ndáil le bainistí tráchta i limistéar feidhme an Údaráis.
Deontais don Údarás.
22.—Féadfaidh an tAire, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, deontais a thabhairt ó am go ham don Údarás ar deontais iad de cibé méideanna a mheasfaidh sé, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, is gá chun a chumasú don Údarás a chostais riaracháin agus a chostais ghinearálta a íoc.
CUID III
Pleanáil
Moltaí don Airc.
23.—Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith moltaí a thabhairt don Aire faoi na saoráidí i ndáil le hiompar poiblí is dóigh leis is cóir a sholáthar i limistéar feidhme an Údaráis.
Moltaí d'údaráis phleanála.
24.—(1) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith moltaí a thabhairt i scríbhinn d'údarás pleanála, ar laistigh de limistéar feidhme an Údar áis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, i dtaobh a bhfuil i bplean forbartha an údaráis sin i ndáil le cuid de limistéar feidhme an Údaráis nó i ndáil leis uile, agus déanfaidh an t-údarás pleanála aon mholtaí den sórt sin a bhreithniú agus freagra a thabhairt don Údarás i ndáil leis na moltaí laistigh de thrí mhí ó dháta na moltaí a fháil.
(2) Déanfaidh an tÚdarás, an tráth céanna a dtabharfaidh sé moladh d'údarás pleanála faoi fho-alt (1), cóip den mholadh sin a chur chuig an Aire Comhshaoil lena bhreithniú aige.
Iarratais agus achomhairc phleanála.
25.—(1) I ndáil le hiarratas chuig údarás pleanála ar chead nó ceadú faoi alt 26 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, a bhaineann le limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus a bhfuil, i dtuairim an Údaráis, impleachtaí suntasacha leis maidir le bainistí tráchta nó soláthar seirbhísí iompair, féadfaidh an tÚdarás tuairimí ar an iarratas sin a thabhairt don údarás pleanála sin, agus beidh aird ag an údarás pleanála sin ar aon tuairimí den sórt sin sula ndéanfaidh sé cinneadh ar an ábhar faoin alt sin.
(2) I ndáil le hachomharc faoi alt 26 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, a bhaineann le limistéar atá laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus a bhfuil, i dtuairim an Údaráis, impleachtaí suntasacha leis maidir le bainistí tráchta nó soláthar seirbhísí iompair, féadfaidh an tÚdarás tuairimí ar an achomharc sin a thabhairt don Bhord Pleanála, agus beidh aird ag an mBord Pleanála ar aon tuairimí den sórt sin sula ndéanfaidh sé cinneadh ar an ábhar faoin alt sin.
Moltaí d'údaráis bhóithre.
26.—Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith moltaí a thabhairt i scríbhinn d'údarás bóithre, ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de, nó don Aire Comhshaoil, i ndáil le cothabháil agus feabhsú bóithre poiblí i limistéar feidhme an Údaráis agus beidh aird ag an údarás bóithre nó ag an Aire sin ar na moltaí sin.
Busbhealaí a sholáthar.
27.—(1) Leasaítear leis seo alt 1 d'Acht 1974 tríd an méid seo a leanas a chur isteach roimh “folaíonn ‘feidhmeanna”’:
“ciallaíonn ‘busbhealach’ bóthar poiblí nó bóthar poiblí beartaithe a ndearbhaítear le hordú faoi alt 2 den Acht seo gur busbhealach é;”.
(2) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1974 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú gur busbhealach aon bhóthar poiblí láithreach nó aon chuid de nó aon bhóthar poiblí beartaithe.
(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.”.
(3) Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1974 trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):
“(3) (a) Ní cead ach do na feithiclí seo a leanas busbealach a úsáid:
(i) feithiclí inneallghluaiste ag gabháil do sholáthar seirbhísí bóthair do phaisinéirí,
(ii) feithiclí sráidseirbhíse,
(iii) otharcharranna, feithiclí briogáide dóiteáin agus feithiclí a úsáideann comhaltaí den Gharda Síochána ag comhlíonadh a ndualgas dóibh mar chomhaltaí den sórt sin, agus
(iv) cibé feithiclí nó aicmí feithiclí eile a fhorordóidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, i ndáil le busbhealaí i gcoitinne, le busbhealaí éagsúla nó le codanna éagsúla de bhusbhealach.
(b) I bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoi fhomhír (iv) den fho-alt seo féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, coinníollacha a fhorordú maidir le húsáid busbhealaigh ag feithiclí nó ag aicmí feithiclí, lena n-áirítear na tréimhsí a gceadaítear d'fheithiclí den sórt sin busbhealach a úsáid.
(4) (a) Ní cead do na daoine seo a leanas busbhealach a úsáid:
(i) coisithe (seachas chun rochtain a fháil chuig feithiclí a gceadaítear dóibh faoi fho-alt (3) busbhealach a úsáid),
(ii) rothaithe cos, agus
(iii) daoine a bheidh ag tiomáint feithiclí inneallghluaiste nó aicmí feithiclí inneallghluaiste seachas na feithiclí nó na haicmí feithiclí sin a shonraítear i bhfo-alt (3) nó a fhorordaítear dá bhun.
(b) Daoine a mbeidh ainmhithe faoina gcúram nó faoina n-urláimh, ní ligfidh siad do na hainmhithe sin bheith ar bhusbhealach.
(5) Aon duine a sháróidh fo-ailt (2) nó (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £150 a chur air.”.
(4) Beidh feidhm ag ailt 1, 3, 4, 5, 6, 8, 10, 11, 12, 13, 14 agus 16 d'Acht 1974 i ndáil le busbhealaí agus aon tagairtí do mhótarbhealach measfar go bhfolaíonn siad busbhealach.
CUID IV
Seirbhísí do Phaisinéirí
Riachtanais, etc., do sheirbhísí iompair phoiblí áirithe.
28.—(1) Déanfaidh an tÚdarás ó am go ham, ag féachaint do na riachtanais iompair i limistéar feidhme an Údaráis, na riachtanais ar chóir do Chóras Iompair Éireann féachaint le freastal orthu ina sheirbhísí poiblí bus agus iarnróid fho-bhailtigh a shonrú faoi theorainn aon fhóirdheontais Státchiste a chinnfear a thabhairt do Chóras Iompair Éireann.
(2) Déanfaidh Córas Iompair Éireann aon tograí chun athrú a dhéanamh ar a tháillí le haghaidh seirbhísí poiblí bus agus iarnróid fho-bhailtigh laistigh de limistéar feidhme an Údaráis a chur chuig an Údarás le cinneadh a dhéanamh orthu agus is le toiliú an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a thabharfar cinneadh an Údaráis ar na tograí sin.
Seirbhísí bóthair do phaisinéirí a cheadúnú.
29.—(1) (a) Ní sheolfaidh duine seirbhís bóthair do phaisinéirí go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis ach amháin faoi réir agus de réir ceadúnais arna dheonú ag an Údarás faoi Acht 1932 agus tabharfar aird, i dtéarmaí aon cheadúnais den sórt sin, ar na táillí reatha le haghaidh na seirbhísí poiblí bus agus iarnróid fho-bhailtigh a chuireann Córas Iompair Éireann ar fáil laistigh de limistéar feidhme an Údaráis.
(b) Ní bhaineann mír (a) le Córas Iompair Éireann.
(2) Le linn bheith ag cinneadh cé acu an ndeonófar ceadúnas den sórt sin nó nach ndeonófar, beidh aird ag an Údarás ar leas an phobail maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a chur ar fáil i limistéar feidhme an Údaráis.
(3) Déantar, i bhfeidhmiú Acht 1932 maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a oibrítear go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis, an tAcht sin a mhodhnú leis seo sna bealaí seo a leanas:
(a) ní bheidh feidhm ag ailt 4 agus 5;
(b) i gCuid II, déanfar tagairtí don Aire Cumarsáide a fhorléiriú mar thagairtí don Údarás;
(c) in alt 20 (1), déanfar an tagairt don Aire Airgeadais a fhorléiriú mar thagairt don Aire;
(d) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (3) d'alt 20:—
“(3) Déanfar gach táille is iníoctha faoin alt seo a bhailiú agus tabharfar cuntas uirthi i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.”;
(e) in ailt 22 agus 23 déanfar tagairtí do rialacháin a fhorléiriú mar thagairtí d'fhodhlíthe.
(4) Chun críche fheidhmiú Acht 1932 maidir le limistéar feidhme an Údaráis, féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, fodhlíthe a dhéanamh chun na gcríoch seo a leanas go léir nó chun aon chríche acu—
(a) aon ní dá dtagraítear san Acht sin a fhorordú mar ní atá le forordú,
(b) aon ní a fhorordú a n-údaraítear leis an Acht sin (arna mhodhnú leis an alt seo) don Údarás é a fhorordú.
(5) Aon rialacháin faoi Acht 1932 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus atá i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo beidh éifeacht leo, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, ón tráth thosach feidhme sin ionann is dá mba fhorálacha fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo.
(6) Faoi réir alt 71 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (arna oiriúnú le fo-alt (7) den alt seo), aon cheadúnais a deonaíodh faoi Acht 1932 i ndáil le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a oibrítear go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo, leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm ionann is dá mba é an tÚdarás a dheonaigh iad.
(7) Déanfar, i bhfeidhmiú Chuid VII den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933, maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a oibrítear go hiomlán laistigh de limistéar feidhme an Údaráis, an Chuid sin a fhorléiriú ionann is dá mba thagairtí don Údarás na tagairtí don Aire Cumarsáide in ailt 70 go 73.
(8) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 5 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1978 (Orduithe ón Aire i ndáil le comhaontuithe idirnáisiúnta, etc.):
“(1) I gcás go gceanglaítear amhlaidh le comhaontú idirnáisiúnta i ndáil le hiompar idirnáisiúnta de bhóthar ar páirtí ann an Rialtas nó an Stát, nó le comhaontú, comhshocraíocht nó rún i ndáil le hiompar den sórt sin ar páirtí ann an tAire, féadfaidh an tAire le hordú aon aicme shonraithe feithicle nó aon aicme shonraithe iompair den sórt sin a dhíolmhú ó fhorálacha alt 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932, ailt 9 agus 34 den Phríomh-Acht (arna leasú nó arna leathnú), ailt 6 agus 7 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 (arna leasú nó arna leathnú) agus alt 29 den Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, nó ó aon cheann de na forálacha sin.”.
(9) I gcás go ndéanfar iarratas chun an Aire ar cheadúnas faoi Acht 1932 i ndáil le bealaí a théann thar limistéar feidhme an Údaráis, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás sula ndéanfaidh sé cinneadh i dtaobh an ábhair.
Achomharc chun an Aire.
30.—(1) (a) I gcás go ndiúltóidh an tÚdarás ceadúnas faoi Acht 1932 a dheonú nó a athnuachan nó go gcuirfidh sé ceadúnas den sórt sin ar ceal nó ar fionraí, nó i gcás go mbeidh duine dár dheonaigh nó dár athnuaigh an tÚdarás ceadúnas den sórt sin míshásta le téarma nó coinníoll a bheidh ag gabháil leis an gceadúnas sin nó a bheidh fágtha as, féadfaidh an t-iarratasóir nó an ceadúnaí achomharc a dhéanamh chun an Aire.
(b) I gcás gur dóigh le sealbhóir (dá ngairtear “an sealbhóir sin” sa mhír seo) ar cheadúnas faoi Acht 1932, nó gur dóigh le Córas Iompair Éireann, go ndéanfadh deonú nó athnuachan ceadúnais faoin Acht sin do dhuine eile (nó go ndéanfadh téarma nó coinníoll a ghabhann leis an gceadúnas sin nó a fhágtar as) difear ábhartha d'aon seirbhís bóthair do phaisinéirí a oibríonn an sealbhóir sin nó Córas Iompair Éireann, féadfaidh an sealbhóir sin nó Córas Iompair Éireann achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an deonaithe nó na hathnuachana sin (nó i gcoinne an téarma nó an choinníll iomchuí nó i gcoinne an téarma nó an coinníoll iomchuí a bheith fágtha as).
(2) Déanfaidh an tAire tar éis dó breithniú a dhéanamh ar cibé uiríll a thabharfaidh an t-achomharcóir ar aird nó a thabharfar ar aird thar a cheann agus a thabharfaidh an tÚdarás ar aird agus tar éis dó breithniú a dhéanamh ar leas an phobail maidir le seirbhísí bóthair do phaisinéirí a chur ar fáil i limistéar feidhme an Údaráis, an t-achomharc a dheonú nó an cinneadh iomchuí ón Údarás a dhaingniú nó a mhodhnú, más cuí leis.
(3) Aon chinneadh ón Aire ar achomharc faoin alt seo, is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe san achomharc.
Feithiclí seirbhíse poiblí.
31.—(1) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le rialáil, rialú agus oibriú feithiclí seirbhíse poiblí laistigh de limistéar feidhme an Údaráis agus féadfaidh sé go háirithe le fodhlíthe den sórt sin socrú a dhéanamh maidir le ceadúnú na bhfeithiclí sin agus a dtiománaithe agus a stiúrthóirí ag Coimisinéir an Gharda Síochána nó ag an Údarás.
(2) Féadfaidh fodhlíthe faoin alt seo baint a bheith acu go háirithe leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní acu:
(a) téarmaí nó coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnais den sórt sin, agus na téarmaí nó na coinníollacha a bheith sonraithe sna ceadúnais,
(b) tréimhsí bailíochta ceadúnas den sórt sin agus a n-athnuachan nó a gcur ar ceal,
(c) na táillí is iníoctha as deonú ceadúnas den sórt sin,
(d) an fhaisnéis a bheidh ag teastáil i ndáil le hiarratais ar na ceadúnais sin (lena n-áirítear faisnéis i ndáil le carachtar an iarratasóra nó a thaithí roimhe sin nó a threoir-uimhir cánach ioncaim agus sonraí faoi aon sochar nó cúnamh atá á íoc leis an iarratasóir, tráth an iarratais, faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh,
(e) an t-uasmhéid ceadúnas den sórt sin a fhéadfar a eisiúint i leith feithiclí sráidseirbhíse,
(f) gan ceadúnais den sórt sin d'fheithiclí sráidseirbhíse a dheonú ach amháin i leith feithiclí ag a bhfuil íos-toisí a shonrófar sna fodhlíthe agus a bheidh de réir rialachán faoi alt 11 d'Acht 1961,
(g) ceadú ón Údarás do na huastáillí a fhéadfar a ghearradh maidir le seirbhísí a chuireann feithiclí sráidseirbhíse ar fáil,
(h) iompar agus dualgais tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí agus a bhfostóirí agus paisinéirí nó daoine ar mian leo a bheith ina bpaisinéirí sna feithiclí sin.
(3) Féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—
(a) d'aicmí éagsúla feithiclí seirbhíse poiblí,
(b) d'imthosca éagsúla (lena n-áirítear oibriú feithiclí seirbhíse poiblí le linn tráthanna éagsúla den lá).
(4) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith eisithe de bhun fodhlíthe faoin alt seo agus a deir go raibh, ar lá sonraithe, táille shonraithe ina huastáille shocraithe d'fheithiclí sráidseirbhíse i limistéar feidhme an Údaráis nó in aon chuid shonraithe den limistéar sin beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartóidh gurbh é a shínigh é nó gurbh eisean an duine cuí lena eisiúint, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, ar na nithe a bheidh deimhnithe ann.
(5) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith eisithe de bhun fodhlíthe faoin alt seo agus a deir go raibh, ar lá sonraithe, duine sonraithe ina shealbhóir ar cheadúnas faoi na fodhlíthe nó go raibh, ar lá sonraithe, ceadúnas den sórt sin i bhfeidhm i leith feithicle seirbhíse poiblí sonraithe beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartóidh gurbh é a shínigh é nó gurbh eisean an duine cuí lena eisiúint, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, ar na nithe a bheidh deimhnithe ann.
(6) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo inar fianaise ábhartha ceadúnas faoi fhodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh, an tráth ábhartha, ceadúnas den sórt sin, a raibh éifeacht leis an tráth sin, á shealbhú.
(7) I gcás ina n-úsáidfear feithicil inneallghluaiste chun ochtar duine nó níos mó, nach bhfuil fostaithe ag úinéir na feithicle, a iompar, measfar iad a bheith á n-iompar san fheithicil ar luaíocht, go dtí go suífear a mhalairt.
(8) (a) I gcás go ndiúltóidh duine aon suim is iníoctha ag an duine sin le húinéir, le tiománaí nó le stiúrthóir feithicle seirbhíse poiblí as an bhfeithicil sin a fhruiliú, nó an táille i leith iompar an duine sin san fheithicil sin, a íoc, nó go bhfágfaidh siad an céanna gan íoc, leis an úinéir sin, leis an tiománaí sin nó leis an stiúrthóir sin, tabharfaidh an duine sin a ainm agus a sheoladh don úinéir sin, don tiománaí sin nó don stiúrthóir sin, ar é á iarraidh.
(b) I gcás go ndiúltóidh nó go mainneoidh duine den sórt sin déanamh de réir iarraidh faoi mhír (a) nó go dtabharfaidh sé ainm agus seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an úinéir, ag an tiománaí nó ag an stiúrthóir lena chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, féadfaidh an t-úinéir, an tiománaí nó an stiúrthóir an duine sin a choinneáil go dtí go dtiocfaidh comhalta den Gharda Síochána.
(c) I gcás go ndiúltóidh nó go mainneoidh duine den sórt sin, nuair a éileofar sin, a ainm agus a sheoladh a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána, nó go dtabharfaidh sé ainm agus seoladh a bhfuil cúis réasúnach ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil siad bréagach nó míthreorach, beidh an duine sin ciontach i gcion agus féadfaidh an comhalta an duine sin a ghabháil gan bharántas.
(9) Aon duine a sháraíonn fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, in aon chás den sórt sin a bhaineann le feithicil, de réir mar a fhorordófar i bhfodhlí faoin alt seo nó mar a fhorordófar i rialacháin lena mbaineann fo-alt (12), i gcás nach é úinéir na feithicle sin é an duine sin, beidh an t-úinéir ciontach i gcion freisin.
(10) Leasaítear leis seo alt 56 d'Acht 1968 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Aon duine a dhéanfaidh go toiliúil nó go mailíseach aon damáiste nó díobháil d'fheithicil seirbhíse poiblí beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair, i dteannta aon phionóis a fhéadfar a fhorchur faoi alt 102 den Phríomh-Acht nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, féadfaidh an chúirt a chiontóidh amhlaidh é a ordú dó cibé suim (is suim nach bhfágann, nuair a chuirtear é leis an bpionós a luaitear anseo roimhe seo, suim chomhlán is mó ná £1,000) a íoc le húinéir na feithicle a shocróidh an chúirt mar chúiteamh sa damáiste nó sa díobháil agus i leith chailliúint ama úinéir agus thiománaí agus stiúrthóir na feithicle nó aon duine acu sin (de réir mar is gá sa chás) mar gheall ar fhreastal ar an gcúirt:
Ar choinníoll nach dtoirmiscfidh aon ní san alt seo duine ó imeachtaí sibhialta a thionscamh chun damáistí de bhreis ar an tsuim £1,000 thuasluaite a ghnóthú.”.
(11) Scoirfidh alt 82 d'Acht 1961 d'fheidhm a bheith aige i ndáil le limistéar feidhme an Údaráis ó thosach feidhme an ailt seo.
(12) D'ainneoin fho-alt (11), aon rialacháin faoi alt 82 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo.
CUID V
Bainistí Tráchta
Rialú tráchta agus coisithe.
32.—(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 89 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.
(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoi alt 89 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.
(3) (a) San fho-alt seo—
ciallaíonn “mullard” cuaille, post nó feiste eile dá samhail atá curtha isteach i ndromchla róid nó cosáin nó feistithe air agus é ceartingearrach nó chóir a bheith ceartingearrach;
tá le “cosán” agus “ród” na bríonna céanna, faoi seach, atá leo in Acht 1961;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;
ciallaíonn “rampa bóthair” dronn shaorga i ród nó ar dhromchla róid atá ceaptha chun luas feithiclí a ríalú.
(b) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire, a ordú d'údarás bóithre ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis do chuid dá limistéar feidhme nó dó uile, ar mhaithe le sábháilteacht úsáidirí bóthair, na nithe seo a leanas a chur ar fáil go ceann tréimhse sonraithe nó gan aon teorainn maidir le ham, eadhon—
(i) mullaird ar ród nó cosán chun úsáid bóthair phoiblí ag feithiclí inneallghluaiste a shrianadh go hiomlán nó go páirteach;
(ii) rampaí bóthair ar ród chun luas feithiclí inneallghluaiste a shrianadh.
(c) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith, le ceadú an Aire, a ordú don údarás bóithre lena mbaineann, mullaird nó rampaí bóthair a cuireadh ar fáil de réir ordú faoi mhír (b) a aistriú as.
(d) Seolfaidh an tÚdarás cóip d'ordú chuig an údarás bóithre lena mbaineann agus foilseoidh sé, i slí a bheidh sonraithe i rialacháin ón Aire, fógra i dtaobh ordú a thabhairt agus, má dhéantar agóid i gcoinne an ordaithe agus mura dtarraingeofar siar an agóid, cuirfidh an tAire faoi deara go seolfar éisteacht ó bhéal agus tabharfaidh sé don duine a bheidh ag déanamh na hagóide deis chun éisteacht a fháil.
(e) Féadfaidh an tAire más cuí leis ordú a cheadú fara nó d'éagmais modhnuithe nó diúltú é a cheadú agus i gcás go gceadóidh sé an t-ordú fara nó d'éagmais modhnuithe, forléireofar an t-ordú, agus beidh éifeacht leis, de réir an cheadaithe.
(f) (i) I gcás go mbeidh ordú ceadaithe ag an Aire, déanfaidh an t-údarás bóithre de réir an ordaithe sin láithreach agus, le linn dó bheith ag déanamh amhlaidh, déanfaidh sé de réir aon cheanglais a bheidh sonraithe ag an Aire.
(ii) I gcás gur do thréimhse shonraithe d'ordú faoi mhír (b), déanfaidh an t-údarás bóithre lena mbaineann, ar an tréimhse sin a bheith caite, na mullaird nó na rampaí bóthair go léir a cuireadh ar fáil de réir an ordaithe sin a aistriú as.
(g) (i) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo.
(ii) Féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt seo, socrú a dhéanamh go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas go léir nó maidir le haon cheann acu—
(I) an modh a shonrú ina bhfoilseoidh an tÚdarás fógra i dtaobh ordú a thabhairt nó fógra i dtaobh cinnidh ón Aire faoi mhír (e),
(II) ceangal a chur ar an Údarás fógra a thabhairt do chomhlachtaí nó do dhaoine sonraithe,
(III) teorainneacha ama a shonrú maidir le hagóidí a dhéanamh,
(IV) an nós imeachta a bheidh le leanúint ag éisteachtaí ó bhéal a shonrú,
(V) ceanglais a shonrú i ndáil le mullaird agus rampaí bóthair a chur ar fáil, lena n-áirítear caighdeáin tógála agus soláthar comharthaí rabhaidh.
(iii) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(h) (i) Aon mhullard nó rampa bóthair a chuirfear ar fáil faoi réim agus de réir an ailt seo, measfar gur déanmhas é is gá ar mhaithe le sábháilteacht úsáidirí bóthair agus gur cuid é den bhóthar poiblí.
(ii) Ní chuirfidh údarás bóithre mullard ná rampa bóthair ar fáil ach amháin faoi réim agus de réir an ailt seo.
Feithiclí a locadh ar bhóithre poiblí.
33.—(1) Déantar leis seo na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 90 d'Acht 1961 a aistriú chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.
(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoi alt 90 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.
Feithiclí atá loctha go neamhdhleathach a dhéanamh doghluaiste, a aistriú as, etc.
34.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “duine údaraithe” duine nó ball d'aicme daoine atá forordaithe, chun críocha an ailt seo, mar dhuine údaraithe;
ciallaíonn “feiste doghluaisteachta” aon fheiste nó fearas atá deartha nó oiriúnaithe lena dhaingniú d'fheithicil ionas nach féidir í a thiomáint nó a chur ag gluaiseacht ar shlí eile;
tá le “úinéir” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;
tá le “locadh” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1961;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi fho-alt (9).
(2) I gcás go dtagann duine údaraithe nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir ar fheithicil ar bhóthar poiblí i limistéar feidhme an Údaráis agus í loctha ann de shárú ar aon toirmeasc nó srianadh a bheidh forchurtha le haon achtachán nó faoi, féadfaidh sé—
(i) feiste doghluaisteachta a dhaingniú den fheithicil fad a bheidh sí san áit a bhfuair sé í, nó
(ii) í a aistriú as an áit a bhfuair sé í go dtí áit éigin eile agus feiste doghluaisteachta a dhaingniú di san áit eile sin.
(3) I gcás go ndaingneofar feiste doghluaisteachta d'fheithicil de réir an ailt seo déanfaidh duine údaraithe, nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir, fógra san fhoirm fhorordaithe a ghreamú den fheithicil freisin—
(i) ina gcuirfear in iúl go bhfuil feiste den sórt sin daingnithe den fheithicil agus ina dtabharfar foláireamh nach cóir aon iarracht a dhéanamh í a thiomáint nó a chur ag gluaiseacht ar shlí eile go dtí go mbeidh an feiste sin bainte den fheithicil;
(ii) ina sonrófar na bearta a bheidh le déanamh le go scaoilfear í; agus
(iii) ina dtabharfar cibé faisnéis eile a bheidh forordaithe.
(4) Faoi réir fho-alt (5) ní dhéanfaidh aon duine ach amháin duine údaraithe nó duine faoina threoir feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil de réir an ailt seo a bhaint di.
(5) (a) Ach amháin chun críche aistriú faoi alt 97 d'Acht 1961 nó faoi fho-alt (2), ní dhéanfar feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil de réir an ailt seo a bhaint den fheithicil sin ach amháin má thugann an duine a bheidh á iarraidh sin fianaise shásúil ar aird gurb é úinéir na feithicle é nó go bhfuil údarás aige ón úinéir chun an fheithicil a úsáid, agus má íocann sé an muirear forordaithe.
(b) I gcás go ndéanfaidh úinéir feithicle dá mbeidh feiste doghluaisteachta daingnithe de réir an ailt seo a shuíomh, chun sástachta duine údaraithe nó duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir, gur locadh an fheithicil de shárú ar thoirmeasc nó srianadh le linn di bheith á húsáid ag duine seachas an t-úinéir agus nach raibh an úsáid sin údaraithe ag an úinéir, déanfaidh an duine údaraithe sin nó an duine a bheidh ag gníomhú faoina threoir an muirear forordaithe a tharscaoileadh agus an feiste doghluaisteachta a bhaint den fheithicil.
(c) Déanfar feiste doghluaisteachta a bheidh daingnithe d'fheithicil faoin alt seo a bhaint di a luaithe is féidir sin le réasún tar éis an muirear forordaithe a bheith íoctha nó tar éis an muirear sin a bheith tarscaoilte, de réir mar a bheidh.
(6) Ní dhéanfaidh duine seachas an duine lena mbaineann aon fhógra a bheidh greamaithe d'fheithicil faoin alt seo an fógra sin a bhaint di ná ní bhainfidh sé leis agus aon duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion.
(7) Aon duine—
(a) a chuirfidh bac nó cosc le feiste doghluaisteachta a dhaingniú d'fheithicil, nó
(b) a dhéanfaidh, gan údarás a bheith aige sin a dhéanamh faoin alt seo, feiste doghluaisteachta den sórt sin a bhaint den fheithicil nó tabhairt faoina bhaint di,
beidh sé contach i gcion.
(8) (a) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a cheadaíonn feiste doghluaisteachta a dhaingniú d'otharcharr, d'fheithicil briogáide dóiteán ná d'aon fheithicil a bheidh á húsáid ag comhalta den Gharda Síochána ag comhlíonadh dualgas dó mar chomhalta den sórt sin.
(b) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le feithicil inneallghluaiste ar duine míchumasaithe, a bhfuil cead reatha le haghaidh tiománaí mhíchumasaithe faoi fhodhlíthe nó rialacha sealadacha arna ndéanamh faoi alt 90 d'Acht 1961 aige, úinéir agus tiománaí na feithicle sin.
(9) (a) Féadfaidh an tAire Comhshaoil rialacháin a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt d'fho-ailt (1) go (8) agus féadfaidh sé go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, socrú a dhéanamh le rialacháin i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon ní acu:
(i) an cineál feiste doghluaisteachta a bheidh le húsáid;
(ii) foirm an fhógra faoi fho-alt (3);
(iii) an muirear a bheidh le híoc faoi fho-alt (5) agus an modh ina n-íocfar an muirear sin agus cé leis a n-íocfar é.
(b) Sula ndéanfaidh sé rialacháin faoin bhfo-alt seo rachaidh an tAire Comhshaoil i gcomhairle leis an Údarás agus le Coimisinéir an Gharda Síochána.
(c) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(10) (a) Forléireofar alt 97 d'Acht 1961, a mhéid a bhaineann sé le limistéar feidhme an Údaráis,
(i) mar alt a chumhachtaíonn don Údarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh ag déanamh socrú maidir le feithiclí atá loctha go neamhdhleathach ina limistéar feidhme a aistriú as, a stóráil agus a dhiúscairt, agus
(ii) ionann is dá mba thagairt d'alt 36 an tagairt san alt sin 97 d'alt 101 d'Acht 1961.
(b) D'ainneoin mhír (a), aon rialacháin faoi alt 97 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.
An tÚdarás do rialú síneacha tráchta.
35.—(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 95 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin d'oifigeach den Gharda Síochána a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach don Údarás.
(2) Ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó faoi alt 95 d'Acht 1961 beidh aird ag an Údarás ar an ngá atá le córas ceart síneacha tráchta ina limistéar feidhme.
(3) D'ainneoin fho-alt (1)—
(a) aon sín tráchta a bhí curtha ar fáil faoi alt 95 d'Acht 1961 i limistéar feidhme an Údaráis roimh thráth thosach feidhme an ailt seo measfar í a bheith curtha ar fáil de bhun iarraidh ón Údarás nó le toiliú uaidh, agus
(b) aon iarraidh a dhéanfar nó toiliú a thabharfar faoi alt 95 d'Acht 1961 i ndáil le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.
Carrchlóis phoiblí.
36.—(1) Ní cead d'údarás áitiúil ná d'aon duine eile i limistéar feidhme an Údaráis carrchlós a chur ar fáil ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais faoin alt seo arna dheonú ag an Údarás agus féadfaidh an tÚdarás téarmaí agus coinníollacha a chur ag gabháil le ceadúnas den sórt sin.
(2) Féadfaidh údarás áitiúil, faoi réim agus de réir téarmaí agus coinníollacha ceadúnais faoin alt seo, cibé carrchlós nó carrchlóis (mar aon le bealach rochtana chuige nó chucu) is dóigh leo is inmhianaithe a chur ar fáil.
(3) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire Comhshaoil, cabhrú le haon duine a bheidh ag cur carrchlóis ar fáil de réir fho-alt (1) agus is é a bheidh sa chabhair sin airgead a thabhairt, oibreacha a dhéanamh nó talamh a dheonú nó a léasú nó breis agus modh amháin díobh sin le chéile.
(4) Forléireofar fo-alt (2) mar fho-alt a thugann na cumhachtaí seo a leanas d'údarás áitiúil, eadhon—
(a) cumhacht chun foirgneamh a thógáil lena úsáid go hiomlán nó go formhór chun feithiclí inneallghluaiste nó aicmí áirithe d'fheithiclí den sórt sin a locadh,
(b) cumhacht chun seomraí feithimh, seomraí cótaí, stáisiúin peitril, siopaí agus aon saoráidí i dtaca le haon charrchlós a bheidh á chur ar fáil acu, a thógáil,
(c) cumhacht chun talamh a chur in oiriúint lena úsáid mar charrchlós.
(5) Féadfaidh an tÚdarás, le ceadú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh i ndáil le haon charrchlós a chuirfear ar fáil faoin alt seo agus go háirithe, i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon cheann díobh—
(a) na haicmí feithiclí a cheadaítear a ligean isteach sa charrchlós a shrianadh,
(b) na tréimhsí a shonrú dá gceadaítear feithiclí a fhágáil sa charrchlós,
(c) coinníollacha a shonrú ar faoina réir a cheadaítear d'fheithiclí an carrchlós a úsáid,
(d) caighdeán na bhfálta agus an dromhchla do charrchlóis den sórt sin a shonrú.
(6) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó fodhlí faoi fho-alt (5) nó a fhorchuirfidh muirir nach mbeidh ceadaithe faoi fho-alt (11), beidh sé ciontach i gcion.
(7) Aon údarás áitiúil, a mbeidh carrchlós curtha ar fáil aige faoin alt seo, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Comhshaoil agus an Údaráis, an carrchlós nó aon chuid de nó aon saoráidí a bheidh curtha ar fáil don charrchlós faoi fho-alt (4) a dhíol nó a léasú le haon duine, faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leis is cuí.
(8) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, le toiliú an Aire Airgeadais, deontas a thabhairt faoi chomhair na gcostas a bheidh tabhaithe ag údarás áitiúil faoin alt seo, agus féadfar na deontais sin a thabhairt as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(9) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, le toiliú an Aire Airgeadais agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha maidir le haisíoc is dóigh leis an Aire sin is cuí, iasachtaí a thabhairt faoi chomhair na gcostas a bheidh tabhaithe ag údarás áitiúil faoin alt seo, agus féadfar na hiasachtaí sin a thabhairt as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(10) Measfar nach gnó de réir bhrí na nAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 go 1983, oibriú carrchlóis (lena n-áirítear oibriú saoráidí a chuirtear ar fáil dó) ar mhaoin, nó i maoin, a bheidh léasaithe ag údarás áitiúil.
(11) (a) Ní fhorchuirfear aon mhuirir, tar éis tráth thosach feidhme an ailt seo, i leith saoráidí carrloctha i gcarrchlóis a bheidh curtha ar fáil faoin alt seo mura mbeidh na muirir sin ceadaithe ag an Údarás.
(b) Féadfaidh an tÚdarás na muirir a shonrú a bheidh le gearradh as úsáid carrchlóis.
(c) Le linn dó ceadú a thabhairt faoi mhír (a) nó muirir a shonrú faoi mhír (b) beidh aird ag an Údarás ar an ngá atá le brabach réasúnta a dhéanamh ar an infheistíocht a bhaineann leis an gcarrchlós lena mbaineann aon mhuirir den sórt sin a chur ar fáil.
(12) (a) Scoirfidh alt 101 d'Acht 1961 d'fheidhm a bheith aige maidir le limistéar feidhme an Údaráis ó thráth thosach feidhme an ailt seo.
(b) D'ainneoin mhír (a), fodhlíthe faoi alt 101 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfar iad a leasú nó a chúlghairm le fodhlíthe faoi fho-alt (5).
(13) I gcás ina dtiocfaidh údarás áitiúil ar an tuairim gur chóir an talamh atá á úsáid le haghaidh carrchlóis a chuir siad ar fáil faoin alt seo a úsáid chun críche eile dar féidir leo go dleathach talamh a úsáid, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Údaráis, úsáid na talún le haghaidh carrchlóis a fhoirceannadh.
(14) (a) Féadfaidh duine achomharc a dhéanamh chun an Aire—
(i) i gcás go ndiúltóidh an tÚdarás ceadúnas a dheonú nó muirir a cheadú le haghaidh saoráidí carrloctha faoin alt seo, nó
(ii) i gcás go mbeidh duine a bheidh ag cur saoráidí carrloctha ar fáil míshásta le téarmaí ceadúnais a deonaíodh nó le ceadú nó sonrú muirear ag an Údarás.
(b) Déanfaidh an tAire tar éis dó breithniú a dhéanamh ar cibé uiríll a thabharfaidh an t-achomharcóir ar aird nó a thabharfar ar aird thar a cheann agus a thabharfaidh an tÚdarás ar aird agus tar éis dó breithniú a dhéanamh ar leas an phobail maidir le carrchlóis a chur ar fáil i limistéar feidhme an Údaráis, an t-achomharc a dheonú nó an cinneadh iomchuí ón Údarás a dhaingniú nó a mhodhnú, más cuí leis.
(c) Aon chinneadh ón Aire ar achomharc faoin alt seo is cinneadh críochnaitheach a bheidh ann agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe san achomharc.
(15) San alt seo—
ciallaíonn “carrchlós” áit (nach cuid de bhóthar poiblí ná áit ag Aerfort Bhaile Átha Cliath) inar féidir leis an bpobal feithiclí inneallghluaiste nó rothair cos a locadh ach muirear sonraithe a íoc;
ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle chontae, bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle cheantair uirbigh;
folaíonn “cur ar fáil” oibriú agus is dá réir sin a fhorléireofar focail ghaolmhara.
Áiteanna stad agus seasaimh do bhusanna.
37.—(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 85 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin d'oifigeach den Gharda Síochána a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigeach don Údarás.
(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon ordú faoi alt 85 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann sé leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás é a chúlghairm.
Áiteanna seasaimh do thacsaithe.
38.—(1) Déantar na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 84 d'Acht 1961 a aistriú leis seo chuig an Údarás a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.
(2) D'ainneoin fho-alt (1), aon fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoi alt 84 d'Acht 1961 a bhaineann le limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh i bhfeidhm tráth thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm agus, a mhéid a bhaineann siad leis an limistéar sin, féadfaidh an tÚdarás iad a leasú nó a chúlghairm.
Droichid a chosaint.
39.—(1) (a) Ní mór d'údarás bóithre, do Chóras Iompair Éireann nó d'aon duine eile a dhlíonn droichead a bhfuil bóthar poiblí air a chothabháil, sula ndéanfaidh sé cumhacht a thugtar le halt 158 (1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933, nó le halt 93 (1) d'Acht 1961, a fheidhmiú i limistéar feidhme an Údaráis, fógra dá réir sin a thabhairt don Údarás agus ní fheidhmeoidh sé cumhacht den sórt sin sa limistéar sin gan toiliú an Údaráis a fháil i scríbhinn roimh ré.
(b) Na cumhachtaí a thugtar do Choimisinéir an Gharda Síochána le halt 93 (9) d'Acht 1961, déantar leis seo iad a aistriú chuig an Údarás, a mhéid a bhaineann siad le limistéar feidhme an Údaráis.
(2) Maidir le haon ní san alt seo—
(i) ní choiscfidh sé toirmeasc ná srianadh a dhéanamh tráth éigeandála ar úsáid droichid a bhfuil bóthar poiblí air d'fhonn dainséar nó priacal do dhaoine nó do mhaoin a dhíchur nó a laghdú, nó
(ii) ní dhéanfaidh sé difear d'aon chumhacht a thugtar don Aire Comhshaoil le halt 158 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933, ná le halt 93 (3) d'Acht 1961.
Oibreacha bóthair.
40.—(1) D'ainneoin aon achtacháin eile, féadfaidh an tÚdarás na tréimhsí agus an modh inar féidir, agus na hamanna ag ar féidir, oibreacha bóthair a dhéanamh, a ordú maidir le haon bhóthar poiblí i limistéar feidhme an Údaráis.
(2) Le linn dó na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú, beidh aird ag an Údarás—
(a) ar an ngá atá le comhordú i ndáil le déanamh oibreacha bóthair;
(b) ar a riachtanaí atá sé a laghad cur isteach is féidir a dhéanamh ar an trácht;
(c) ar an bpráinn atá le hoibreacha bóthair áirithe; agus
(d) ar aon chostas is dóigh a thiocfaidh as ordú faoin alt seo.
(3) Ní choiscfidh aon ní san alt seo oibreacha bóthair éigeandála a dhéanamh, is é sin le rá, oibreacha bóthair nach foláir a dhéanamh d'fhonn dainséar nó priacal do dhaoine nó do mhaoin a dhíchur nó a laghdú.
(4) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh d'fhonn éifeacht a thabhairt don alt seo agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfar forálacha a bheith sna fodhlíthe sin i ndáil leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon cheann acu—
(a) á cheangal réamhfhógra a thabhairt i dtaobh oibreacha bóthair beartaithe;
(b) á cheangal faisnéis shonraithe a thabhairt maidir le hoibreacha bóthair beartaithe;
(c) scéala ón Údarás, laistigh de theorainneacha ama sonraithe, i dtaobh cinntí faoi oibreacha bóthair beartaithe.
(5) Aon duine a sháróidh ordú nó fodhlíthe faoin alt seo, beidh sé ciontach i gcion.
(6) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo an tÚdarás faoi dhliteanas maidir le haon chaillteanas nó díobháil de thoradh oibreacha bóthair lena mbaineann an t-alt seo nó maidir le haon chostas a thagann as ordú faoin alt seo.
(7) San alt seo ciallaíonn “oibreacha bóthair” deisiúcháin, cothabháil nó aon oibreacha eile a dhéanamh ar bhóthar poiblí nó os a chionn nó faoi, ach ní fholaíonn sé bóthar nua a dhéanamh.
Feithiclí a fhreastalaíonn ar láithreáin fhoirgníochta.
41.—(1) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire Comhshaoil, fodhlíthe a dhéanamh, i gcoitinne nó i ndáil le cásanna áirithe, maidir le rialáil agus rialú ar fheithiclí nó aicmí áirithe feithiclí do dhul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta laistigh dá limistéar feidhme agus do theacht amach astu.
(2) Féadfaidh fodhlíthe faoin alt seo baint a bheith acu go háirithe leis na nithe seo a leanas go léir nó le haon cheann acu:
(a) rialáil a dhéanamh ar na hamanna nó na laethanta a bhféadfar a cheadú d'fheithiclí, nó d'aicmí áirithe feithiclí, dul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta agus teacht amach astu,
(b) an méid feithiclí a bhféadfar a cheadú dóibh dul isteach go dtí láithreáin fhoirgníochta agus teacht amach astu aon tráth áirithe, nó
(c) na ceanglais chun a áirithiú go nglanfar feithiclí nó aon aicme áirithe feithiclí sula bhfágfaidh siad aon láithreán foirgníochta.
(3) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.
(4) Ní bhainfidh an t-alt seo le deisiúcháin, cothabháil nó aon oibreacha eile a dhéanamh ar bhóthar poiblí nó os a chionn nó faoi, ná le bóthar nua a dhéanamh.
Leithroinntí Státchiste i ndáil le bearta bainistí tráchta
42.—Íocfar leis an Údarás, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, cibé méideanna i ndáil le bearta bainistí tráchta i limistéar feidhme an Údaráis a cheadóidh an tAire, nó an tAire Comhshaoil, le toiliú an Aire Airgeadais.
Íocaíochtaí ón Údarás le haghaidh bearta bainistí tráchta agus na bearta sin a athbhreithniú.
43.—(1) Aon íocaíocht a dhéanfaidh an tÚdarás as na méideanna a gheobhaidh sé faoi alt 42 is i cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Údarás a dhéanfar í.
(2) Déanfaidh an tÚdarás go tréimhsiúil athbhreithniú a sheoladh agus a fhoilsiú ar éifeachtúlacht na mbeart bainistí tráchta a ndéanann sé íocaíocht ina leith faoin alt seo.
CUID VI
Forálacha Ilghnéitheacha
Leasú ar alt 103 d'Acht 1961.
44.—Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 103 d'Acht 1961 (a chumhachtaíonn do chomhalta den Gharda Síochána nó do dhuine údaraithe fógra a sheachadadh nó a ghreamú i gcás ina líomhnaítear go ndearnadh cionta áirithe):
“(1) Baineann an t-alt seo le cibé cionta faoin Acht seo nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, a ndearbhóidh an tAire le rialacháin gur cionta lena mbaineann an t-alt seo iad.”.
Feidhm alt 107 d'Acht 1961.
45.—Na tagairtí in alt 107 d'Acht 1961 (a cheanglaíonn ar dhuine faisnéis a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána nuair a éileofar sin) do chion faoin Acht sin, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chion faoin Acht seo.
Leasú ar alt 115 d'Acht 1961.
46.—Déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) d'alt 115 d'Acht 1961 (a dhéanann socrú le haghaidh pionós mar gheall ar dhearbhuithe bréagacha, etc.):
“(1) I gcás ina mbeidh de cheanglas ar dhuine faoin Acht seo nó faoin Acht um Iompras Bhaile Átha Cliath, 1986, nó faoi rialacháin nó fodhlíthe arna ndéanamh faoi cheachtar de na hAchtanna sin, sonraí a thabhairt i dtaca le hiarratas ar cheadúnas, pláta nó deimhniú a dheonú nó a eisiúint nó thairis sin i dtaca le ceadúnas, pláta, deimhniú nó feithicil, ní thabharfaidh sé, de bhun an cheanglais, aon sonraí is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.”.
Feidhm alt 121 d'Acht 1961.
47.—Aon rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Comhshaoil faoi alt 121 d'Acht 1961 (a bhaineann leis an gcóiríocht do phaisinéirí i bhfeithiclí áirithe a ríomh) chun críche an Achta sin, beidh feidhm acu freisin chun críocha an Achta seo.
Neamhfheidhm na nAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972.
48.—Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna Praghsanna, 1958 go 1972, i ndáil leis na táillí a ghearrtar i leith seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí laistigh go hiomlán de limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh socraithe faoi ailt 28, 29 nó 31, ná i ndáil leis na táillí nó na muirir is iníoctha as feithiclí a locadh sa limistéar sin agus a bheidh socraithe faoi alt 36 nó faoi alt 90 d'Acht 1961.
Corr-thrádáil.
49.—Leasaítear leis seo alt 7 den Acht Corr-Thrádála, 1980—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b) d'fho-alt (1):
“(c) Ní dhéanfar ainmniú ná cúlghairm faoin bhfo-alt seo i ndáil le talamh atá i limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath gan ceadú a fháil roimh ré ón Údarás sin.”,
agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):
“(9) Ní dhéanfar fodhlíthe faoi fho-alt (8) den alt seo i ndáil le limistéar feidhme Iompras Bhaile Átha Cliath gan ceadú a fháil roimh ré ón Údarás sin.”.
Forálacha forlíontacha i ndáil le fodhlíthe áirithe.
50.—(1) Aon fhodhlí arna dhéanamh ag an Údarás faoi alt 31, 36, 40 nó 41 nó faoi alt 84, 89, 90 nó 97 d'Acht 1961, a cheanglaítear a dhéanamh le toiliú an Aire Comhshaoil, cuirfear é faoi bhráid an Aire sin, i cibé modh a cheanglóidh sé, lena cheadú a fháil.
(2) I gcás go gcuirfear fodhlí faoi bhráid an Aire Comhshaoil faoi fho-alt (1), déanfaidh an tAire sin (de réir mar is cuí leis) diúltú an fodhlí a cheadú, é a cheadú gan mhodhnuithe, nó cibé modhnuithe is cuí leis a dhéanamh air agus an fodhlí, arna mhodhnú amhlaidh, a cheadú.
(3) Aon fhodhlí a bheidh ceadaithe ag an Aire Comhshaoil faoin alt seo, foilseofar é i cibé modh a cheanglóidh an tAire sin ach ní bheidh feidhm ná éifeacht le haon fhodhlí den sórt sin mura mbeidh sé, nó go dtí go mbeidh sé, curtha faoi bhráid an Aire sin agus ceadaithe aige, agus foilsithe de réir an ailt seo.
(4) (a) Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána sula gcuirfidh sé fodhlí arna dhéanamh aige faoi alt 89 nó 90 d'Acht 1961 faoi bhráid an Aire Comhshaoil faoin alt seo agus déanfaidh an Coimisinéir sin aon tuairimí a bheidh aige faoin ábhar sin a chur faoi bhráid an Údaráis laistigh de dhá mhí ón dul-i-gcomhairle.
(b) An tráth a chuirfidh an tÚdarás fodhlí faoi bhráid an Aire Comhshaoil faoin alt seo, tabharfaidh an tÚdarás fógra faoin gcur-faoi-bhráid don Choimisinéir sin agus don údarás áitiúil lena mbaineann agus déanfaidh an tAire sin breithniú ar aon uiríll a dhéanfaidh an Coimisinéir sin nó an t-údarás áitiúil sin chuige maidir leis an bhfodhlí.
(c) Ní cheadóidh an tAire Comhshaoil an fodhlí go dtí go mbeidh mí caite ón tráth ar tugadh fógra don Choimisinéir sin agus don údarás áitiúil sin faoin bhfodhlí a bheith curtha faoina bhráid.
(5) (a) Ní gá don Údarás dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbaineann i ndáil le haon fhodhlí a bheartaíonn an tÚdarás a dhéanamh faoi alt 31, 36 nó 40 nó faoi alt 84, 89, 90 nó 97 d'Acht 1961.
(b) Ní mór don Údarás dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbaineann sula gcuirfear i bhfeidhm aon rialuithe, srianta nó toirmisc dá bhforáiltear i bhfodhlíthe faoi alt 84, 89 nó 90 d'Acht 1961 agus déanfar aon uiríll a theastaíonn ón údarás áitiúil a dhéanamh faoin ábhar a chur faoi bhráid an Údaráis laistigh de dhá mhí ón dul-i-gcomhairle.
(6) Maidir le déanamh uiríoll ag údarás áitiúil de bhun fho-alt (4) nó (5)—
(i) i gcás gur comhairle chontae, bardas buirge seachas contaebhuirg, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile a dhéanann iad, is feidhm fhorchoimeádta a bheidh ann chun críocha na nAchtanna Bainistí Contae, 1940 go 1972, agus
(ii) i gcás gur bardas contaebhuirge a dhéanann iad, is feidhm fhorchoimeádta a bheidh ann chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contaebhuirge.
Rialacha sealadacha.
51.—Rachaidh an tÚdarás i gcomhairle le Coimisinéir an Gharda Síochána sula ndéanfaidh sé rialacha sealadacha faoi alt 89 nó 90 d'Acht 1961 agus déanfaidh an Coimisinéir sin aon tuairimí atá aige faoin ábhar sin a chur faoi bhráid an Údaráis laistigh de mhí ón duli-gcomhairle.
Cruthúnas ar fhodhlíthe agus rialacha sealadacha áirithe.
52.—(1) Beidh feidhm ag alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925, maidir le gach fodhlí faoin Acht seo agus maidir le gach fodhlí agus riail shealadach faoi Acht 1961 a dhéanfaidh an tÚdarás.
(2) Beidh éifeacht le halt 6 (1) den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925, ionann is dá gcuirfí leis na doiciméid oifigiúla a luaitear ann gach fodhlí faoin Acht seo agus gach fodhlí agus riail shealadach faoi Acht 1961 a dhéanfaidh an tÚdarás.
Pionóis, etc.
53.—(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 18, 19 nó 40 dlífear—
(i) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó
(ii) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £50,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.
(2) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 31, 34, 36 nó 41, dlífear, ar é a chiontú go hachomair—
(i) i gcás an chéad chiona faoin alt sin, fíneáil nach mó ná £150 a chur air,
(ii) i gcás an dara cion faoin alt sin, nó i gcás tríú cion nó cion dá éis sin seachas cion dá dtagraítear i mír (iii), fíneáil nach mó ná £350 a chur air,
(iii) i gcás tríú cion nó cion dá éis sin faoin alt sin, arb é an tríú cion den sórt sin nó cion dá éis sin in aon tréimhse dhá mhí dhéag as a chéile é, fíneáil nach mó ná £350 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.
(3) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967, i ndáil le cion lena mbaineann fo-alt (1) ionann is dá ndéanfaí, in ionad na bpionós dá bhforáiltear i bhfo-alt (3) den alt sin, na pionóis dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) (i) den alt seo a shonrú ann, agus déanfar an tagairt i bhfo-alt (2) (a) den alt sin 13 do na pionóis dá bhforáiltear san fho-alt sin (3) a fhorléiriú, agus beidh éifeacht léi, dá réir sin.
(4) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion lena mbaineann alt 36 nó 40 agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine a bhí ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí ar an gcomhlacht sin, beidh an duine sin, nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin.
(5) Féadfaidh an tÚdarás ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh maidir le cion achomair—
(a) faoin Acht seo,
(b) faoi alt 82, 84, 89, 90, 97 nó 101 d'Acht 1961 lena mbaineann alt 31 (12), 32 (1) agus (2), 33 (1) agus (2), 34 (10), 36 (12) agus 38 (1) agus (2), de réir mar a bheidh:
Ar choinníoll nach dtabharfaidh an tÚdarás ionchúiseamh ar aghaidh maidir le cion achomair a líomhnaítear a rinneadh roimh thosach feidhme alt 31, 32, 33, 34, 36 nó 38, de réir mar a bheidh.
(6) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre a thionscnamh maidir le cion lena mbaineann an t-alt seo laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.
Táillí agus fíneálacha a dhiúscairt.
54.—(1) (a) Déanfar na táillí agus na suimeanna eile go léir a gheofar faoin Acht seo nó faoi fhodhlíthe nó rialacha sealadacha faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a dhiúscairt chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.
(b) Ní bhainfidh an Public Offices Fees Act, 1879, le haon táillí dá dtagraítear i mír (a).
(2) Déanfar na fíneálacha go léir i leith cionta faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste de réir cibé orduithe a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.
AN SCEIDEAL
Iompras Bhaile Átha Cliath
1. Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó cearta thar thalamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.
2. (1) (a) Is é a bheidh ar an Údarás dáréag comhalta ar a mhéad a bheidh ceaptha ag an Aire, lena n-áirítear ceathrar duine ar a mhéad a bheidh, de thuras na huaire, ina gcomhaltaí de na húdaráis áitiúla (seachas comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile) i limistéar feidhme an Údaráis agus a bheidh ainmnithe ag an údarás áitiúil i gceist.
(b) Má scoireann comhalta den Údarás de bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil i limistéar feidhme an Údaráis scoirfidh sé freisin ansin de bheith ina chomhalta den Údarás.
(2) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú d'ainneoin folúntas a bheith i measc a chomhaltaí.
(3) Is é a bheidh i ngach comhalta den Údarás duine a bhfuil, i dtuairim an Aire, taithí fhorleathan aige ar chúrsaí iompair, tionscail, tráchtála nó airgeadais, ar riarachán nó ar eagrú oibrithe (agus atá tar éis cumas a thaispeáint sna cúrsaí sin).
3. (1) Beidh comhalta den Údarás i seilbh oifige ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana agus faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair, más ann, agus liúntais i leith caiteachais) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, agus féadfaidh an tAire tráth ar bith é a chur as oifig.
(2) Féadfaidh comhalta den Údarás éirí as a oifig mar chomhalta tráth ar bith trí litir a sheolfar chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí-as tráth nach luaithe ná 3 mhí ón dáta a bhfaighfear an litir, nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe inti.
(3) Beidh comhalta den Údarás, a rachaidh a théarma oifige in éag trí imeacht aimsire, in-athcheaptha.
4. (1) Más rud é, i gcás comhalta den Údarás—
(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó
(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó
(c) go measfar, de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977, é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, nó
(d) go dtoghfar é chun údaráis áitiúil nó go gcomhthoghfar é ar údarás áitiúil ar laistigh de limistéar feidhme an Údaráis dá limistéar feidhme uile nó do chuid de,
scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás.
(2) Ní bheidh duine cáilithe le bheith ina chomhalta den Údarás má bhíonn sé, de thuras na huaire, i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó má bhíonn sé, de thuras na huaire, ina ionadaí i dTionól na gComhphobal Eorpach.
5. Beidh comhalta den Údarás dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú mar chomhalta den sórt sin má bhreithnítear ina fhéimheach é, nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht le creidiúnaithe, nó má ghearrann cúirt dlínse inniúla téarma príosúnachta air, nó má scoireann sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát.
6. (1) (a) Ceapfaidh an tAire cathaoirleach ar an Údarás (dá ngairtear “an cathaoirleach” sa Sceideal seo) as measc líon comhaltaí an Údaráis, agus féadfaidh sé an cathaoirleach a chur as oifig tráth ar bith.
(b) Má scoireann an cathaoirleach, le linn a théarma oifige, de bheith ina chomhalta den Údarás scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach.
(2) Beidh an cathaoirleach i seilbh oifige mar chathaoirleach ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair, más ann, agus liúntais i leith caiteachas) a chinnfidh an tAire, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(3) Féadfaidh an cathaoirleach éirí as a oifig mar chathaoirleach tráth ar bith trí litir a bheidh dírithe chuig an Aire, agus beidh éifeacht leis an éirí-as tráth nach luaithe ná trí mhí ón dáta a bhfaighfear an litir, nó ar cibé dáta is déanaí ná sin a bheidh sonraithe inti.
7. Rialálfaidh an tÚdarás a nós imeachta nó a ghnó, le buanorduithe nó ar shlí eile.
8. (1) A luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, soláthróidh an tÚdarás dó féin, agus coinneoidh sé ina sheilbh, séala don Údarás.
(2) Fíordheimhneofar séala an Údaráis le síniú an chathaoirligh nó comhalta den Údarás a bheith údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin mar aon le síniú oifigigh don Údarás a bheidh údaraithe ag an Údarás chun gníomhú chuige sin.
(3) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Údaráis agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an Sceidil seo) an Údaráis agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas mura suífear a mhalairt.
9. (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil ar a imeachtaí faoin Acht seo le linn na bliana roimhe sin, agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Beidh, sa tuarascáil a thabharfar don Aire de bhun fhomhír (1), cibé faisnéis a ordóidh an tAire i dtaobh feidhmeanna an Údaráis faoin Acht seo.
(3) Soláthróidh an tÚdarás don Aire cibé faisnéis a theastóidh uaidh ó am go ham maidir le comhlíonadh feidhmeanna an Údaráis.
10. (1) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh an tÚdarás nó a chaithfidh sé, agus, go háirithe, coimeádfaidh sé san fhoirm sin a dúradh na cuntais speisialta go léir a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham.
(2) Déanfaidh an tÚdarás cuntais a choimeádfar de bhun na míre seo a chur gach bliain faoi bhráid iniúchóra, a bheidh ceaptha ag an Údarás le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, lena n-iniúchadh agus, díreach tar éis an iniúchta sin, déanfar cóip de cibé ceann de na cuntais a choimeádfar de bhun fhomhír (1) a ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus cóip de thuarascáil an iniúchóra ar na cuntais a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
11. Féadfaidh an tÚdarás, trí aon duine dá oifigigh (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Údarás aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh.
12. (1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham cibé coistí agus cibé méid coistí a cheapadh is dóigh leis is cuí.
(2) Féadfaidh an tÚdarás aon fheidhmeanna dá chuid is dóigh leis a fhéadfaidh coiste a chomhlíonadh níos fearr nó níos acraí a tharmligean chuig coiste arna cheapadh faoin mír seo.
(3) Beidh ar choiste arna cheapadh faoin mír seo cibé líon comhaltaí is cuí leis an Údarás, agus féadfaidh gurb é a bheidh air, de rogha an Údaráis, daoine is comhaltaí den Údarás, agus iad sin amháin nó daoine is comhaltaí den Údarás, go páirteach, agus daoine is oifigigh don Údarás, go páirteach, nó daoine is comhaltaí den Údarás nó is oifigigh dó, go páirteach, agus daoine eile, go páirteach.
(4) Féadfaidh an tÚdarás aon chomhalta de choiste arna cheapadh faoin mír seo a chur as oifig tráth ar bith ar chúiseanna sonraithe.
(5) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith coiste arna cheapadh faoin mír seo a dhíscaoileadh.
(6) Féadfaidh an tÚdarás nós imeachta coistí arna gceapadh faoin mír seo a rialáil ach, faoi réir aon rialála den sórt sin, féadfaidh coistí arna mbunú faoin mír seo a nós imeachta féin a rialáil.
13. (1) Féadfaidh an tÚdarás ó am go ham gasra comhairleach amháin nó níos mó a cheapadh chun comhairle a thabhairt don Údarás maidir leis na beartais a bheidh le glacadh ag an Údarás i ndáil le haon fheidhmeanna dá chuid.
(2) Beidh ar ghasra comhairleach arna cheapadh faoin mír seo cibé líon comhaltaí is cuí leis an Údarás agus féadfaidh gurb é a bheidh air, de rogha an Údaráis, daoine is comhaltaí den Údarás, go páirteach, daoine is oifigigh don Údarás, go páirteach, agus daoine eile go páirteach, nó daoine is comhaltaí den Údarás, go páirteach, agus daoine eile, go páirteach, nó daoine is oifigigh don Údarás, go páirteach, agus daoine eile go páirteach.
(3) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith gasra comhairleach arna cheapadh faoin mír seo a dhíscaoileadh.
14. Féadfaidh an tÚdarás cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhostú is dóigh leis is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí.
15. Féadfaidh an tÚdarás bronntanais airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an deontóir, ach ní ghlacfaidh sé bronntanas má bhíonn aon choinníoll den sórt sin ar neamhréir le feidhmeanna an Údaráis.
16. Féadfaidh an tÚdarás táillí de cibé méideanna a chinnfidh sé ó am go ham a ghearradh le haghaidh nó i leith seirbhísí arna dtabhairt aige.
17. (1) A luaithe is féidir tar éis a bhunaithe ullmhóidh an tÚdarás, agus cuirfidh sé faoi bhráid an Aire, scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú do cibé oifigigh dá chuid nó ina leith (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) agus do cibé seirbhísigh dá chuid nó ina leith is cuí leis an Údarás, ar scor dóibh nó ar iad d'fháil bháis.
(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
(3) Féadfaidh an tÚdarás tráth ar bith scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire ag leasú scéime a bheidh curtha faoina bhráid agus ceadaithe cheana féin faoin mír seo.
(4) Déanfaidh an tÚdarás aon scéim nó scéim leasaitheach a bheidh curtha faoi bhráid an Aire faoin mír seo a chur i gcrích de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Comhshaoil agus le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(5) Má bhíonn aon díospóid ann maidir le héileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin mír seo, nó maidir le méid aon phinsin, aisce nó liúntais den sórt sin, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire lena cinneadh aige, agus beidh an cinneadh sin faoi réir chomhaontú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(6) Ní dheonóidh an tÚdarás aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile d'aon duine dá chuid oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó dá chuid seirbhíseach, ná ina leith, ach amháin faoi réim agus de réir scéime faoin mír seo, ná ní dhéanfaidh an tÚdarás, gan ceadú ón Aire arna thabhairt le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, aon chomhaontú chun go gcuirfí ar fáil, ar shlí seachas ag an Údarás, pinsean, aisce, liúntas nó íocaíocht eile ar scor d'aon duine dá chuid oifigeach (lena n-áirítear an príomhfheidhmeannach) nó dá chuid seirbhíseach, nó ar iad d'éirí as nó d'fháil bháis.
(7) Cuirfidh an tAire faoi deara gach scéim a bheidh curtha faoina bhráid agus ceadaithe faoin mír seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a cheadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
(8) Aon duine a bheidh fostaithe ag an Údarás de bhua alt 15 (1) ní bheidh sé faoi réir coinníollacha is lú fabhar i ndáil le deonú pinsean, aiscí agus liúntas eile ag an Údarás, ar scor nó ar bhás, ná na coinníollacha i ndáil leis sin a raibh sé faoina réir díreach sular tháinig sé chun bheith fostaithe ag an Údarás.
(9) I gcás—
(a) go scoirfidh duine lena mbaineann fomhír (8) de bheith fostaithe ag an Údarás tráth nach mbeidh scéim faoin mír seo a bhaineann leis i bhfeidhm, agus
(b) gurbh amhlaidh do na himthosca go mbeadh an duine sin, dá mbeadh sé tar éis scor in imthosca comhréire de bheith ina dhuine arna cheapadh ag Coimisinéir an Gharda Síochána de réir alt 103 d'Acht 1961, i dteideal go ndeonófaí pinsean, aisce nó liúntas eile dó nó ina leith, ar scor dó nó ar é d'fháil bháis, faoi na comhshocraíochtaí i ndáil le nithe den sórt sin a bhain leis díreach sular tháinig sé chun bheith fostaithe ag an Údarás—
beidh sé i dteideal go bhfaighidh sé, agus deonóidh an tÚdarás dó nó ina leith, a shamhail de phinsean, d'aisce nó de liúntas eile agus measfar, chun na críche sin, gur seirbhís inphinsin a sheirbhís leis an Údarás a fhreagraíonn dá sheirbhís inphinsin díreach sular tháinig sé chun bheith fostaithe ag an Údarás.