Uimhir 17 de 1976
ACHT NA nOSPIDÉAL POIBLÍ (LEASÚ), 1976
[An tiontú oifigiúil]
[23 Meitheamh, 1976]
Leasú ar Acht na nOispidéal Puiblí, 1933.
1.—Leasaítear leis seo Acht na nOispidéal Puiblí, 1933, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 12, arna leasú le hAcht na nOispidéal Puiblí (Leasú), 1940:
“12.—(1) Íocfar le Bord Iontaobhais na nOspidéal an t-iarmhéid a bheidh fágtha den airgead a gheofar as ticéid a dhíol i scuabgheall arna sheoladh faoin Acht seo tar éis na duaiseanna a dáileadh sa scuabgheall sin, na costais a tabhaíodh ag seoladh an scuabghill sin, agus aon dleacht nó cáin is inmhuirearaithe i leith an iarmhéid sin a íoc nó soláthar a dhéanamh dóibh.
(2) Beidh feidhm ag na teorainneacha seo a leanas maidir le húsáid an airgid a gheofar as ticéid a dhíol i scuabgheall arna sheoladh faoin Acht seo:
(a) ní mó ná daichead faoin gcéad den airgead sin, nó cibé céatadán faoina bhun sin den airgead sin a chinnfidh an tAire Dlí agus Cirt ar an scéim don scuabgheall sin a cheadú, an méid a úsáidfear as an airgead sin chun na costais a íoc a tabhaíodh ag seoladh an scuabghill sin (seachas ticéid, coimisiún, duaiseanna nó luach saothair eile a tugadh i ndáil le díol ticéad);
(b) i gcás ina dtabharfar íocaíocht do dhuine as an scuabgheall sin a chur chun cinn, measfar chun críocha an Achta seo gur cuid de na costais a bhaineann le seoladh an scuabghill sin an íocaíocht sin;
(c) ní lú ná tríocha faoin gcéad den airgead sin a gheofar as ticéid a dhíol in aon scuabgheall an méid a íocfar de bhun an ailt seo le Bord Iontaobhais na nOspidéal i leith an scuabghill sin, i dteannta méid aon dleachta nó cánach is inmhuirearaithe i leith an airgid nó aon chuid den airgead a fuarthas as ticéid a dhíol sa scuabgheall sin.”.
Gearrtheideal agus comhlua.
2.—(1) Féadfar Acht na nOspidéal Poiblí (Leasú), 1976, a ghairm den Acht seo.
(3) Féadfar Achtanna na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1976, a ghairm d'Achtanna na nOispidéal Puiblí, 1933 go 1940, agus den Acht seo le chéile.