[EN]

Uimhir 19 de 1978


[EN]

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (LEASÚ), 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961 GO 1973.

[5 Iúil, 1978]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Léiriú.

2.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1968” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961.

[EN]

(2) San Acht seo aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(3) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt is tagairt í d'fho-alt den alt ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'alt éigin eile atá beartaithe.

[EN]

Comhlua agus forléiriú.

3.—Féadfar na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1978, a ghairm den Phríomh-Acht, d'Acht 1968 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar i dteannta a chéile iad mar aon Acht amháin.

[EN]

Tosach feidhme.

4.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla den Acht seo.

CUID II

Aisghairm agus Leasú

[EN]

Aisghairm.

5.—(1) Aisghairtear Cuid V d'Acht 1968, seachas alt 27 (ina bhfuil mínithe don Chuid sin), ailt 37 go 42 (a dhéanann socrú chun an Biúró a bhunú agus Stiúrthóir an Bhiúró a cheapadh) agus ailt 48 go 52 (a bhaineann le cionta tiomána ilghnéitheacha).

[EN]

(2) Aisghairtear an tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1973.

[EN]

Mínithe do Chuid V d'Acht 1968.

6.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 27 d'Acht 1968:

[EN]

“27. Sa Chuid seo—

[EN]

tá le ‘Biúró’ an bhrí a shanntar dó le halt 37 (1);

[EN]

tá le ‘Stiúrthóir’ an bhrí a shanntar dó le halt 39 (1);

[EN]

tá le ‘ordú bunaithe’ an bhrí a shanntar dó le halt 37 (1).”.

[EN]

Feidhmeanna agus dualgais an Bhiúró.

7.—(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad ailt 38 (1) agus 38 (2) d'Acht 1968:

[EN]

“(1) Comhlíonfaidh an Biúró na feidhmeanna a bheidh sannta dó leis an Acht seo nó faoi nó leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, nó faoi.

[EN]

(2) Go háirithe, agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), déanfaidh an Biúró, faoi réir an ordaithe bunaithe agus aon rialacháin faoin gCuid seo nó faoi Chuid III den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, socrú le haghaidh na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) samplaí fola agus fuail a chuirfear go dtí an Biúró faoi Chuid III den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú). 1978, a ghlacadh agus a anailísiú agus tuarascálacha ar anailísí den sórt sin a eisiúint.

[EN]

(b) cinneadh a dhéanamh maidir leis na samplaí sin ar an gcion alcóil san fhuil nó san fhual agus ar dhrugaí a bheith nó gan bheith san fhual,

[EN]

(c) deimhnithe a eisiúint a cheanglaítear faoi Chuid III den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, go n-eiseoidh an Biúró iad,

[EN]

(d) trealamh a sholáthar leis na samplaí sin a thógáil,

[EN]

(e) gaireas a léireoidh an cion alcóil san anáil nó san fhuil a cheadú.”.

[EN]

(2) Leasaítear alt 38 (4) (a) d'Acht 1968 trí “faoi Chuid III den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978” a chur in ionad “faoin gCuid seo”.

[EN]

Feidhmeanna an Stiúrthóra.

8.—Cuirtear an méid seo a leanas in ionad alt 39 (2) d'Acht 1968:

[EN]

“(2) Déanfaidh an Stiúrthóir, faoi réir na Coda seo, agus faoi réir an ordaithe bunaithe agus faoi réir aon rialacháin faoi Chuid III den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, bainistí ó lá go lá ar ghnó an Bhiúro agus feidhmeoidh sé maoirseacht ghinearálta i ndáil le samplaí a gheobhaidh an Biúró faoi Chuid III den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, agus i ndáil le deimhnithe a cheanglaítear faoin gCuid sin den Acht sin go n-eiseoidh an Biúró iad.”.

CUID III

Cionta Tiomána

[EN]

Léiriú Chuid III.

9.—(1) Sa Chuid seo—

[EN]

folaíonn “anailís” aon oibríocht a úsáidtear chun an cion alcóil i sampla anála, fola nó fuail a fhionnadh, agus aon oibríocht a úsáidtear chun a fhionnadh an bhfuil druga i sampla fuail nó chun an cion de dhruga i sampla fuail a chinneadh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

[EN]

tá le “Biúró” an bhrí a shanntar dó le halt 37 (1) d'Acht 1968:

[EN]

ciallaíonn “ainmnithe” ainmnithe ag comhalta den Gharda Síochána;

[EN]

ciallaíonn “lia-chleachtóir cláraithe” duine atá cláraithe sa chlár a bunaíodh faoi Acht na nDochtúirí Leighis, 1927.

[EN]

(2) Faoi réir alt 14 (4) (b), aon tagairt sa Chuid seo (seachas ailt 10 agus 11) d'alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht is tagairt í don alt a chuirtear isteach leis an gCuid seo.

[EN]

Toirmeasc ar dhuine faoi bhrí meiscigh feithicil a thiomáint.

10.—Cuirtear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad alt 49 den Acht sin:

[EN]

“49.—(1) (a) Ní dhéanfaidh duine feithicil inneallghluaiste a thiomáint, ná ní thabharfaidh iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí agus é an oiread sin faoi bhrí meiscigh nach féidir leis an fheithicil a rialú i gceart.

[EN]

(b) San fho-alt seo folaíonn ‘meisceach’ alcól agus drugaí agus aon teaglaim de dhrugaí nó de dhrugaí agus alcól.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh duine feithicil inneallghluaiste a thiomáint, ná ní thabharfaidh iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí fad a bheidh ina cholainn an oiread sin alcóil gur mó, laistigh de thrí huaire a chloig tar éis dó tiomáint, nó iarracht a thabhairt ar thiomáint, amhlaidh, an cion alcóil ina chuid fola ná 100 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh duine feithicil inneallghluaiste a thiomáint, ná ní thabharfaidh iarracht ar fheithicil inneallghluaiste a thiomáint, in áit phoiblí fad a bheidh ina cholainn an oiread sin alcóil gur mó, laistigh de thrí huaire a chloig tar éis dó tiomáint, nó iarracht a thabhairt ar thiomáint, amhlaidh, an cion alcóil ina chuid fuail ná 135 mhilleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fuail.

[EN]

(4) (a) Duine a sháróidh fo-alt (1), (2) nó (3) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(b) Duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo féadfar é a chiontú i gcion faoi alt 50 den Acht seo.

[EN]

(5) Ní bhainfidh alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907, le cion faoin alt seo.

[EN]

(6) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas arb é tuairim an chomhalta go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta aige.”.

[EN]

Toirmeasc ar dhuine faoi bhrí meiscigh bheith i bhfeighil feithicle.

11.—Cuirtear an t-alt seo a leanas sa Phríomh-Acht in ionad alt 50 den Acht sin:

[EN]

“50.—(1) (a) Beidh duine ciontach i gcion a bheidh i bhfeighil feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí le hintinn an fheithicil a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint (ach gan é ag tiomáint na feithicle ná ag tabhairt iarracht ar í a thiomáint) agus é an oiread sin faoi bhrí meiscigh nach féidir leis an fheithicil a rialú i gceart.

[EN]

(b) San fho-alt seo folaíonn ‘meisceach’ alcól agus drugaí agus aon teaglaim de dhrugaí nó de dhrugaí agus alcól.

[EN]

(2) Beidh duine ciontach i gcion a bheidh i bhfeighil feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí le hintinn an fheithicil a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint (ach gan é ag tiomáint na feithicle ná ag tabhairt iarracht ar í a thiomáint) agus a mbeidh ina cholainn an oiread sin alcóil gur mó, laistigh de thrí huaire a chloig tar éis dó bheith i bhfeighil na feithicle amhlaidh, an cion alcóil ina chuid fola ná 100 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola.

[EN]

(3) Beidh duine ciontach i gcion a bheidh i bhfeighil feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí le hintinn an fheithicil a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint (ach gan é ag tiomáint na feithicle ná ag tabhairt iarracht ar í a thiomáint) agus a mbeidh ina cholainn an oiread sin alcóil gur mó, laistigh de thrí huaire a chloig tar éis dó bheith i bhfeighil na feithicle amhlaidh, an cion alcóil ina chuid fuail ná 135 mhilleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fuail.

[EN]

(4) (a) Duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear ar é a chiontú go hachomair—

[EN]

(i) i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná £100 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí, nó iad araon, a chur air, agus

[EN]

(ii) i gcás an dara cion nó aon chion dá éis sin, fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(b) Duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo féadfar é a chiontú i gcion faoi alt 49 den Acht seo.

[EN]

(5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo toimhdeofar go raibh ar intinn ag an gcosantóir an fheithicil a thiomáint nó iarracht a thabhairt ar í a thiomáint go dtí go suífidh sé a mhalairt.

[EN]

(6) Duine a ndlífear é a chúiseamh i gcion faoin alt seo ní dhlífear, faoi threoir an teagmhais chéanna, é a chúiseamh faoi alt 12 den Licensing Act, 1872, i gcion a bheith ar meisce agus é i bhfeighil carráiste ar bhóthar mór nó in áit phoiblí eile.

[EN]

(7) I gcás duine a chiontófar i gcion faoin alt seo a bheith ciontaithe roimhe sin i gcion faoi alt 49 den Acht seo (arna leasú leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968), faoi alt 49 den Acht seo (arna leasú leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978), nó faoi alt 30 (3) nó (33) (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968, déileálfar leis chun críocha an ailt seo mar dhuine a ciontaíodh roimhe sin i gcion faoin alt seo.

[EN]

(8) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas arb é tuairim an chomhalta go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta aige.”.

[EN]

Oibleagáid réamhshampla anála a chur ar fáil.

12.—(1) Aon uair is dóigh le comhalta den Gharda Síochána go bhfuil deoch mheisciúil ólta ag duine atá i bhfeighil feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí, féadfaidh sé a cheangal ar an duine sampla dá anáil a chur ar fáil trí easanálú isteach i ngaireas a thaispeánfaidh an bhfuil alcól san anáil, agus féadfaidh sé an modh leis an gceanglas a chomhlíonadh a chur in iúl.

[EN]

(2) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh láithreach, nó ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh láithreach ar mhodh a bheidh léirithe ag comhalta den Gharda Síochána, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas arb é tuairim an chomhalta go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta aige.

[EN]

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo toimhdeofar, nó go suífear a mhalairt, gur gaireas chun alcól san anáil a thaispeáint gaireas a chuir comhalta den Gharda Síochána ar fáil chun a chumasú do dhuine sampla dá anáil a chur ar fáil.

[EN]

Oibleagáid sampla a chur ar fáil ag stáisiún Garda (alt 49).

13.—(1) I gcás duine a gabhadh faoi alt 49 (6) den Phríomh-Acht nó faoi alt 12 (3) a bheith tugtha go dtí stáisiún Garda, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, dá rogha féin, ceachtar den dá ní seo a leanas nó iad araon a dhéanamh—

[EN]

(a) a cheangal ar an duine sampla dá anáil a chur ar fáil trí easanálú isteach i ngaireas a thaispeánfaidh an cion alcóil san anáil nó san fhuil,

[EN]

(b) a cheangal ar an duine a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an duine a thógáil uaidh nó, de rogha an duine, sampla d'fhual an duine a chur ar fáil don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

[EN]

(2) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas faoi fho-alt (1) (a) a chomhlíonadh láithreach beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(3) Duine a mbeidh ceanglas curtha air faoi fho-alt (1) (b) agus—

[EN]

(a) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh an ceanglas sin a chomhlíonadh, nó

[EN]

(b) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas ó lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe a chomhlíonadh i ndáil le sampla fola a thógáil faoin alt seo nó sampla fuail a chur ar fáil faoin alt seo,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo toimhdeofar, nó go suífear a mhalairt, gur gaireas chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint gaireas a chuir comhalta den Gharda Síochána ar fáil chun a chumasú do dhuine sampla dá anáil a chur ar fáil.

[EN]

(5) Ní bhaineann alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907, le cion faoin alt seo.

[EN]

Oibleagáid sampla a chur ar fáil ag stáisiún Garda (alt 50).

14.—(1) I gcás duine a gabhadh faoi alt 50 (8) den Phríomh-Acht nó faoi alt 12 (3) a bheith tugtha go dtí stáisiún Garda, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána, dá rogha féin, ceachtar den dá ní seo a leanas nó iad araon a dhéanamh—

[EN]

(a) a cheangal ar an duine sampla dá anáil a chur ar fáil trí easanálú isteach i ngaireas a thaispeánfaidh an cion alcóil san anáil nó san fhuil,

[EN]

(b) a cheangal ar an duine a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an duine a thógáil uaidh nó, de rogha an duine, sampla d'fhual an duine a chur ar fáil don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

[EN]

(2) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas faoi fho-alt (1) (a) a chomhlíonadh láithreach beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(3) Duine a mbeidh ceanglas curtha air faoi fho-alt (1) (b) agus—

[EN]

(a) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh an ceanglas sin a chomhlíonadh, nó

[EN]

(b) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas ó lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe a chomhlíonadh i ndáil le sampla fola a thógáil faoin alt seo nó sampla fuail a chur ar fáil faoin alt seo,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(4) (a) Duine a chiontófar i gcion faoin alt seo agus a ciontaíodh roimhe sin i gcion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht (arna leasú le hAcht 1968), faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht (a chuirtear isteach leis an Acht seo) nó faoi alt 30 (3) d'Acht 1968, déileálfar leis, chun an tréimhse dhícháiliúcháin faoi ordú dícháiliúcháin iarmhartach a chinneadh, mar dhuine a ciontaíodh roimhe sin i gcion faoin alt seo.

[EN]

(b) Déanfar an tagairt i bhfo-alt (4) (a) d'alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht a fhorléiriú, d'ainneoin alt 9 (2), mar thagairt a fholaíonn tagairt d'alt 49 nó 50 roimh thosach feidhme alt 10 nó 11 (de réir mar is iomchuí).

[EN]

(5) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo toimhdeofar, nó go suífear a mhalairt, gur gaireas chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint gaireas a chuir comhalta den Gharda Síochána ar fáil chun a chumasú do dhuine sampla dá anáil a chur ar fáil.

[EN]

Oibleagáid sampla anála a chur ar fáil.

15.—(1) Aon uair is dóigh le comhalta den Gharda Síochána go bhfuil deoch mheisciúil ólta ag duine atá i bhfeighil feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí, féadfaidh sé a cheangal ar an duine sampla dá anáil a chur ar fáil trí easanálú isteach i ngaireas a thaispeánfaidh an cion alcóil san anáil nó san fhuil agus féadfaidh sé an modh leis an gceanglas a chomhlíonadh agus an áit (lena n-áirítear feithicil) a gcomhlíonfaidh sé é, nó an modh agus an áit, a chur in iúl.

[EN]

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas faoin alt seo a chomhlíonadh láithreach, nó ceanglas den sórt sin a chomhlíonadh láithreach ar an modh nó san áit a bheidh curtha in iúl ag comhalta den Gharda Síochána, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(b) Is cosaint mhaith é in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo a shuíomh gur thairg an cosantóir, a luaithe ab fhéidir tar éis an diúltaithe nó na mainneachtana, a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an chosantóra a thógáil uaidh.

[EN]

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas arb é tuairim an chomhalta go bhfuil cion faoin alt seo á dhéanamh nó déanta aige, agus measfar gur duine a gabhadh faoi alt 16 (4) duine a ghabhfar amhlaidh.

[EN]

(4) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin alt seo toimhdeofar. nó go suífear a mhalairt, gur gaireas chun an cion alcóil san anáil nó san fhuil a thaispeáint gaireas a chuir comhalta den Gharda Síochána ar fáil chun a chumasú do dhuine sampla dá anáil a chur ar fáil.

[EN]

An nós imeachta tar éis sampla a chur ar fáil faoi alt 15.

16.—(1) I gcás a ndéanfaidh duine, de dhroim cheanglas a bheidh curtha air faoi alt 15, sampla dá anáil a chur ar fáil agus go dtaispeánfaidh an gaireas go bhfuil cion faoi alt 49 (2) den Phríomh-Acht déanta aige, tabharfaidh comhalta den Gharda Síochána ráiteas scríofa dó láithreach a inseoidh an cion alcóil i bhfuil an duine.

[EN]

(2) Ar an ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fháil admhóidh an duine láithreach i scríbhinn, trína shíniú mar a iarrfaidh an comhalta den Gharda Síochána, go bhfuair sé an ráiteas sin.

[EN]

(3) Duine a dhiúltóidh fo-alt (2) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £100, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(4) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh fo-alt (2) a chomhlíonadh a ghabháil gan bharántas.

[EN]

(5) I gcás duine a gabhadh faoi fho-alt (4) (nó duine a measfar faoi alt 15 (3) gur duine é a gabhadh amhlaidh) a bheith tugtha go dtí stáisiún Garda, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal ar an duine a cheadú do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla d'fhuil an duine a thógáil uaidh nó, de rogha an duine, sampla d'fhual an duine a chur ar fáil don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

[EN]

(6) Duine a mbeidh ceanglas curtha air faoi fho-alt (5) agus—

[EN]

(a) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh an ceanglas sin a chomhlíonadh, nó

[EN]

(b) a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas ó lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe a chomhlíonadh i ndáil le sampla fola a thógáil faoin alt seo nó sampla fuail a chur ar fáil faoin alt seo,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(7) D'ainneoin duine do dhiúltú fo-alt (2) a chomhlíonadh féadfar an ráiteas iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thairiscint mar fhianaise in ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht nó ar chion faoin gCuid seo.

[EN]

Oibleagáid sampla fuail a chur ar fáil ag stáisiún Garda.

17.—(1) Aon uair is dóigh le comhalta den Gharda Síochána go bhfuil duine atá i bhfeighil feithicil inneallghluaiste an oiread sin faoi bhrí druga nó drugaí nach féidir leis an fheithicil a rialú i gceart, féadfaidh sé a cheangal ar an duine dul in éineacht leis go dtí stáisiún Garda.

[EN]

(2) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh ceanglas faoi fho-alt (1) a chomhlíonadh beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chuir air.

[EN]

(3) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas arb é tuairim an chomhalta go bhfuil cion faoi fho-alt (2) á dhéanamh nó déanta aige agus tabharfaidh sé an duine sin láithreach go dtí stáisiún Garda.

[EN]

(4) I gcás duine a bheith i stáisiún Garda de bhun fho-alt (1) nó a bheith gafa faoi fho-alt (3), féadfaidh comhalta den Gharda Síochána a cheangal ar an duine sampla dá fhual a chur ar fáil do lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe.

[EN]

(5) Duine a dhiúltóidh nó a mhainneoidh, ar cheanglas a bheith curtha air faoi fho-alt (4), sampla dá fhual a chur ar fáil do liachleachtóir cláraithe ainmnithe, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

Forálacha maidir le fianaise áirithe in ionchúisimh faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht.

18.—(1) Nuair a bheidh cúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht á éisteacht ní gá a shuíomh nach raibh deoch mheisciúil ólta ag an gcosantóir tar éis an ama a líomhnaítear a rinneadh an cion ach roimh shampla a thógáil faoi alt 13, 14 nó 17.

[EN]

(2) Más rud é, nuair a bheidh cúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht á éisteacht, go dtabharfaidh an cosantóir, nó go dtabharfar thar a cheann, fianaise gur ól sé deoch mheisciúil tar éis an ama a líomhnaítear a rinneadh an cion ach roimh shampla a thógáil faoi alt 13, 14 nó 17, déanfaidh an chúirt neamhshuim den fhianaise mura ndeimnneoidh an cosantóir, nó mura ndeimhneofar thar a cheann, di—

[EN]

(a) nár mhó, mura mbealh an t-ól sin, an cion alcóil i bhfuil an chosantóra (arna shonrú i ndeimhniú faoi alt 22) ná 100 milleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fola, nó

[EN]

(b) nár mhó, mura mbeadh an t-ól sin, an cion alcóil i bhfual an chosantóra (arna shonrú i ndeimhniú faoi alt 22) ná 135 mhilleagram alcóil in aghaidh an 100 millilítear fuail.

[EN]

(3) (a) Ní dhéanfaidh duine aon bheart ná ní thabharfaidh iarracht ar aon bheart a dhéanamh (lena n-áirítear alcól a ól, ach gan áireamh a dhéanamh ar dhiúltú nó mainneachtain sampla dá anáil nó dá fhuil a chur ar fáil) le hintinn ionchúiseamh faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht a bhac.

[EN]

(b) Duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú go hachomair príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó, de rogha na cúirte, fíneáil nach mó ná £500, nó iad araon, a chur air.

[EN]

(4) Más rud é, nuair a bheidh cúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht á éisteacht, gur deimhin leis an gcúirt, maidir le haon bheart a rinne an cosantóir (lena n-áirítear alcól a ól ach gan áireamh a dhéanamh ar dhiúltú nó mhainneachtain sampla dá anáil, dá fhuil nó dá fhual a chur ar fáil), gur beart é a rinneadh amhlaidh le hintinn ionchúiseamh faoi na hailt sin a bhac, féadfaidh an chúirt é a chiontú i gcion faoi fho-alt (3).

[EN]

Cosaint ar dhiúltú cead a thabhairt sampla fola a thógáil.

19.—(1) Le linn duine nár fheidhmigh an rogha a thugtar leis an gCuid seo sampla fuail a chur ar fáil bheith á ionchúiseamh mar gheall ar gur dhiúltaigh sé nó gur mhainnigh sé a cheadú do liachleachtóir cláraithe sampla fola a thógáil, is cosaint mhaith don chosantóir a dheimhniú don chúirt go raibh cúis speisialta shubstaintiúil lena dhiúltú nó lena mhainneachtain.

[EN]

(2) D'ainneoin fho-alt (1), féadfar fianaise a thabhairt nuair a bheidh cúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht á éisteacht gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an cosantóir a cheadú sampla dá fhuil a thógáil.

[EN]

Urchosc ar chosaint áirithe in aghaidh cúiseamh faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht.

20.—Ní cosaint mhaith do dhuine a bheidh cúisithe faoi alt 49 (1) nó 50 (1) den Phríomh-Acht a shuíomh, i ndáil leis na fíorais a líomhnaítear gurb iad an cion iad, nach ndearnadh anailísiú ná cinneadh faoin gCuid seo ná nár iarradh air faoin gCuid seo sampla dá anáil a chur ar fáil.

[EN]

An nós imeachta ag stáisiún Garda maidir le samplaí.

21.—(1) Más rud é faoin gCuid seo gur thóg lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe sampla fola ó dhuine nó gur thug an duine sampla dá fhual don lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe, déanfaidh an lia-chleachtóir cláraithe ainmnithe dhá chuid den sampla, ouirfidh sé gach cuid ar leith i gcoimeádán agus séalóidh sé láithreach é, agus comhlánfaidh sé an fhoirm atá forordaithe chun críocha an ailt seo.

[EN]

(2) I gcás dhá chuid a bheith déanta de shampla fola nó fuail mar a ordaítear le fo-alt (1), tairgfidh comhalta den Gharda Síochána ceann de na coimeádáin shéalaithe don duine mar aon le ráiteas i scríbhinn á rá go bhféadfaidh sé ceachtar de na coimeádáin a choimeád.

[EN]

(3) A luaithe is féidir tar éis fo-alt (2) a bheith comhlíonta, cuirfidh comhalta den Gharda Síochána faoi deara an fhoirm chomhlánaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur go dtí an Biúró, mar aon leis an gcoimeádán séalaithe iomchuí nó, i gcás ar dhiúltaigh an duine ceann de na coimeádáin shéalaithe a choimeád, an dá choimeádán shéalaithe iomchuí.

[EN]

(4) In ionchúiseamh faoin gCuid seo toimhdeofar, nó go suífear a mhalairt, gur comhlíonadh fo-ailt (1) go (3).

[EN]

An nós imeachta sa Bhiúró maidir le samplaí.

22.—(1) A luaithe is féidir tar éis don Bhiúró sampla a cuireadh chuige faoi alt 21 a fháil, déanfaidh an Biúró anailísiú ar an sampla agus cinnfidh sé an cion alcóil sa sampla nó (de réir mar is iomchuí) druga nó drugaí a bheith nó gan a bheith sa sampla.

[EN]

(2) I gcás an Biúró d'fháil dhá shampla fola a cuireadh ar aghaidh le chéile i ndáil leis an duine céanna nó dhá shampla fuail a cuireadh ar aghaidh amhlaidh i ndáil leis an duine céanna, is leorchomhlíonadh é ar fho-alt (1) an Biúró do dhéanamh anailísiú agus cinneadh ar cheann amháin den dá shampla fola nó (de réir mar is iomchuí) ar cheann amháin den dá shampla fuail.

[EN]

(3) A luaithe is féidir tar éis fo-alt (1) a bheith comhlíonta, déanfaidh an Biúró deimhniú comhlánaithe san fhoirm a bheidh forordaithe chun críche an ailt seo a chur go dtí an stáisiún Garda ónar cuireadh an sampla a ndearnadh anailísiú air agus cóip den deimhniú comhlánaithe a chur chuig an duine a mbeidh sé ainmnithe san fhoirm iomchuí faoi alt 21 gurb é an duine é ónar tógadh an sampla nó a chuir an sampla ar fail.

[EN]

Forálacha maidir le fianaise áirithe in imeachtaí faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1978.

23.—(1) Beidh foirm a comhlánaíodh go cuí faoi alt 21 ina fianaise leordhóthanach, nó go suífear a mhalairt, in aon imeachtaí faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre, 1961 go 1978, ar na fíorais a bheidh luaite inti gan cruthúnas ar aon síniú a bheidh uirthi ná gurbh é an duine a shínigh í an duine cuí lena síniú agus, go dtí go suífear a mhalairt, is fianaise leordhóthanach í ar an liachleachtóir cláraithe iomchuí do chomhlíonadh na gceanglas go léir atá d'oibleagáid air a chomhlíonadh leis an gCuid seo nó faoin gCuid seo nó faoi Chuid III d'Acht 1968.

[EN]

(2) Deimhniú a déarfaidh é a bheith arna eisiúint faoi alt 22 beidh sé, nó go suífear a mhalairt, ina fhianaise leordhóthanach ar na fíorais a bheidh deimhnithe ann, gan cruthúnas ar aon síniú a bheidh ar an deimhniú ná gurbh é an duine a shínigh é an duine cuí lena shíniú agus, go dtí go suífear a mhalairt, is fianaise leordhóthanach é ar an mBiúró do chomhlíonadh na gceanglas go léir atá d'oibleagáid ar an mBiúró a chomhlíonadh leis an gCuid seo nó faoin gCuid seo nó faoi Chuid III d'Acht 1968.

[EN]

(3) In ionchúiseamh mar gheall ar chion faoi alt 49 nó 50 den Phríomh-Acht, toimhdeofar, nó go suífear a mhalairt, gur liachleachtóir cláraithe gach duine de na daoine seo a leanas—

[EN]

(a) duine a thóg, de bhua cumhacht a thugtar dó leis an gCuid seo, ó dhuine eile, sampla d'fhuil an duine eile sin nó ar chuir duine eile sampla d'fhual an duine eile sin ar fáil dó,

[EN]

(b) duine ar diúltaíodh, tar éis ceanglas a bheith curtha faoi alt 13 (1), 14 (1) nó 16 (5), cead a thabhairt dó sampla fola a thógáil nó ar mainníodh (tar éis ceanglas den sórt sin a bheith curtha) cead den sórt sin a thabhairt dó nó ar diúltaíodh nó ar mainníodh (tar éis ceanglas den sórt sin a bheith curtha) sampla fuail a chur ar fáil dó,

[EN]

(c) duine ar mainníodh nó ar diúltaíodh, tar éis ceanglas a bheith curtha faoi alt 17 (4), sampla fuail a chur ar fáil dó.

[EN]

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

24.—Leasaítear an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht, ina sonraítear cionta lena ngabhann orduithe dícháiliúcháin iarmhartacha faoin Acht sin—

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 4A (a cuireadh isteach le hAcht 1968)—

“Diúltú nó mainniú sampla a chur ar fáil ag stáisiún Garda.

4A. Cion faoi alt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978.”,

[EN]

(b) trí “nó faoi alt 13 nó 14 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978,” a chur isteach i mír 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1968) i ndiaidh “1968,”,

[EN]

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 5A (a cuireadh isteach le hAcht 1968):

“Diúltú nó mainniú sampla a chur ar fáil ag stáisiún Garda (alt 50).

5A. Cion faoi alt 14 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, arb é an dara cion nó aon chion dá éis sin laistigh d'aon tréimhse 3 bliana é: ar choinníoll, i gcás duine a ciontaíodh cheana i gcion faoi alt 49 nó 50 den Acht seo, nó faoi alt 30 (3) nó 33 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968, nó faoi alt 13 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, a chiontú i gcion faoi alt 14 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, go n-áireofar, chun críocha na míre seo, gur ciontú faoi alt 14 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, an ciontú chéadluaite.”, agus

[EN]

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 5B (a cuireadh isteach le hAcht 1968):—

“Oibleagáid sampla anála a chur ar fáil.

5C. Cion faoi alt 15 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978.

An nós imeachta tar éis sampla a chur ar fáil faoi alt 15 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978.

5D. Cion faoi alt 16 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978.

Oibleagáid sampla fuail a chur ar fáil ag stáisiún Garda.

5E. Cion faoi alt 17 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978.”.

[EN]

Orduithe dícháiliúcháin iarmhartacha.

25.—Leasaítear leis seo alt 26 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) agus (5):

[EN]

“(3) (a)   An tréimhse dhícháiliúcháin a shonrófar in ordú dícháiliúcháin iarmhartach, is tréimhse a bheidh inti, i gcás an duine lena mbainfidh an t-ordú a chiontú—

[EN]

(i) i gcion faoi alt 49 den Acht seo, nó

[EN]

(ii) i gcion faoi alt 53 den Acht seo a raibh an sárú ina chúis bháis nó mórdhíobhála coirp do dhuine eile, nó

[EN]

(iii) i gcion faoi alt 13 (2) nó 13 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978 (tar éis a ghafa faoi alt 49 (6) den Acht seo), nó

[EN]

(iv) i gcion faoi alt 15 (2) den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, nó

[EN]

(v) i gcion faoi alt 16 (6) den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978,

[EN]

nach giorra ná bliain i gcás arb é an chéad chion aige é agus nach giorra ná trí bliana i gcás arb é an dara cion nó aon chion dá éis sin aige é.

[EN]

(b) I gcás duine a ciontaíodh roimhe sin i gcion faoin mír sin roimhe seo , seachas cion faoi fhomhír (ii) di, nó i gcion faoi alt 49 den Acht seo a tharla roimh thosach feidhme alt 10 den Acht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1978, nó i gcion faoi alt 30 (3) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1968, a chiontú i gcion faoin mír sin roimhe seo seachas cion faoi fhomhír (ii) di, áireofar, chun críche na míre sin roimhe seo, gur chéad chion an cion is luaithe agus gur dara cion an cion is déanaí.

[EN]

(5) I gcás duine a chiontú i gcion a n-áireofar, de bhua mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, gur dara cion é, agus go mbeidh tréimhse cheithre bliana nó níos mó caite gan an duine sin a bheith dícháilithe chun ceadúnas tiomána a shealbhú ó ciontaíodh go deireanach roimhe sin é i gcion a d'fhéadfaí a áireamh chun críche na míre sin mar chéad chion, féadfaidh an chúirt, chun críocha an ailt seo, déileáil mar chéad chion leis an gceann is déanaí den dá chion.”.

[EN]

Rialacháin do Chuid III.

26.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chuid seo.

[EN]

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh do cheann amháin den dá ní seo a leanas nó dóibh araon nó ceann amháin díobh nó iad araon a fhorordú—

[EN]

(a) an fhoirm a bheidh le comhlánú faoi alt 21 ag lia-chleachtóir cláraithe ainmithe.

[EN]

(b) an deimhniú a bheidh le heisiúint faoi alt 22 ag an mBiúró.


Na hAchtanna da dTagraítear

Licensing Act, 1872

1872, c. 94

Acht na nDochtúirí Leighis, 1927

1927, Uimh. 25

Probation of Offenders Act, 1907

1907, c. 17

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933

1933, Uimh. 11

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961

1961, Uimh. 24

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1968

1968, Uimh. 25

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre (Leasú), 1973

1973, Uimh. 15