[EN]

Uimhir 20 de 1963.


[EN]

AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1963.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959. [16 Iúil, 1963.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1959, Uimh. 20.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Córas Tráchtála a bunaíodh leis an bPríomh-Acht;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959.

[EN]

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha don Bhord.

2.—Ní mó ná dhá mhilliún cúig chéad míle punt comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an mBord chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 4 den Acht seo a áireamh) agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

[EN]

An Bord d'fháil agus do dhiúscairt áitribh.

3.—(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, áitreabh (sa Stát nó in áit ar bith eile) a fháil nach mbeidh ach cuid de ag teastáil ón mBord chun a chumhachtaí a fheidhmiú agus a fheidhmeanna agus a dhualgais a chomhlíonadh.

[EN]

(2) Féadfaidh an Bord cibé eastát nó cibé leas is oiriúnach leis in aon chuid d'áitreabh a fuair sé faoi fho-alt (1) den alt seo a dhiúscairt.

[EN]

Ráthaíocht ón Aire in aghaidh caillteanais áirithe a bhainfidh don Bhord.

4.—(1) (a) Aon uair a gheobhaidh an Bord leas léasach in aon áitreabh faoi alt 3 den Acht seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, le toiliú an Aire Airgeadais, ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, don Bhord in aghaidh aon chaillteanais de dheasca an Bord do dhiúscairt eastáit nó leasa in aon chuid den áirteabh (ar cuid í nach raibh, an tráth a fuair an Bord an t-áitreabh, ag teastáil ón mBord chun a chumhachtaí a fheidhmiú nó a fheidhmeanna agus a dhualgais a chomhlíonadh) nó de dheasca an Bord do mhainneachtain eastát nó leas i gcuid den sórt sin den áitreabh a dhiúscairt.

[EN]

(b) Ní thabharfar ráthaíocht faoin alt seo maidir le haon áitreabh murar thoiligh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, leis an áitreabh a fháil.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an tAire an chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná cúig chéad míle punt an méid nó an méid comhlomlán a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíocht nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon leis an méid (más aon mhéid é) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

[EN]

(3) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Bord don Aire, má fhoréilíonn an tAire é, cibé urrús a shonrófar san fhoréileamh chun a urrú don Aire go n-aisíocfar aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a d'íoc sé faoin ráthaíocht.

[EN]

(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina dtaispeánfar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i gcaitheamh na bliana sin nó a tugadh aon uair roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

[EN]

(a) sonraí na ráthaíochta,

[EN]

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

[EN]

(c) an méid a bheidh fós faoi ráthaíocht i ndeireadh na bliana sin.

[EN]

(5) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ar an Aire a íoc faoi ráthaíocht faoin alt seo.

[EN]

(6) Déanfaidh an Bord an t-airgead go léir a bheidh an tAire tar éis a íoc faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airleacain.

[EN]

(7) I gcás ina mbeidh an t-iomlán nó aon chuid den airgead a airleacadh faoi fho-alt (5) den alt seo gan aisíoc leis an Aire de réir fo-alt (6) den alt seo, is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a aisíocfar leis an bPríomh-Ciste an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh.

[EN]

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun méid áirithe airgid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, fanfaidh an Bord faoi dhliteanas don Aire i leith an mhéid sin agus déanfaidh an Bord an méid sin (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(9) An t-airgead go léir a aisíocfaidh an Bord leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón mBord faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é.

[EN]

Cíosanna agus íocaiochtaí áirithe eile a gheobhaidh an Bord a dhiúscairt.

5.—(1) Déanfar na cíosanna agus aon íocaíochtaí eile a gheobhaidh an Bord i leith eastát nó leas in áitreabh a bhfuil ráthaíocht faoi alt 4 den Acht seo i bhfeidhm ina leith a dhiúscairt faoi alt 3 den Acht seo a íoc isteach i gcuntas a bheidh ar leithligh ó chuntais eile an Bhoird agus ní úsáidfidh an Bord an t-airgead a bheidh sa chuntas sin ach amháin chun íocaíochtaí a dhéanamh maidir leis an áitreabh (lena n-áirítear íocaíochtaí ag an mBord faoi alt 4 den Acht seo).

[EN]

(2) Aon uair a ordóidh an tAire é, íocfaidh an Bord leis an Aire, as airgead a bheidh sa chuntas a bheidh á choimeád faoin alt seo, cibé suim a shonróidh an tAire agus déanfar aon suim a íocfar amhlaidh leis an Aire a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

[EN]

An tAire Airgeadais d'fháil iasachtaí.

6.—(1) D'fhonn soláthar a dhéanamh i gcóir airleacain as an bPríomh-Chiste faoi alt 4 den Acht seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

[EN]

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

7.—(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1963, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.