[EN]

Uimhir 20 de 1968


[EN]

ACHT NA nARM TINE (PROMHADH), 1968

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AIRM TINE ÁIRITHE A PHROMHADH AG AN INSTITIÚID TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA nARM TINE, 1925 AGUS 1964, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [3 Iúil, 1968] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1964, Uimh. 1.

1925, Uimh. 17.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1964” Acht na nArm Tine, 1964;

[EN]

tá le “arm tine” an bhrí a shanntar dó le halt 1 (1) den Phríomh-Acht, arna leathnú le halt 2 (1) d'Acht 1964;

[EN]

ciallaíonn “an Institiúid” an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

[EN]

ciallaíonn an briathar “forordú” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nArm Tine, 1925.

[EN]

An Institiúid do sholáthar saoráidí chun airm tine a phromhadh.

2.—A luaithe is féidir é tar éis tosach feidhme an Achta seo, soláthróidh an Institiúid, nó gheobhaidh faoina rialú, cibé saoráidí lena n-aontóidh an tAire chun airm tine a phromhadh chun críocha an Achta seo.

[EN]

Dualgais na hInstitiúide maidir le promhadh arm tine.

3.—Ar an Institiúid do sholáthar nó d'fháil na saoráidí dá dtagraítear in alt 2, déanfaidh sí—

[EN]

(a) promhadh, de réir na modhanna a bheidh forordaithe, ar na hairm tine go léir a thíolacfar di chun na críche sin faoin Acht seo,

[EN]

(b) cibé marc nó marcanna a bheidh forordaithe a chur ar na hairm tine go léir a phromhfaidh sí faoin Acht seo (má fhaightear iad a bheith inphromhaidh),

[EN]

(c) cibé táille a bheidh forordaithe a bhaint den duine a thíolacfaidh airm tine di le promhadh faoin Acht seo.

[EN]

Toirmeasc ar airm tine gan mharcáil a onnmhairiú, a dhíol, a ligean nó a úsáid, agus aitheantas do mharcanna promhaidh coigríche.

4.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú toirmeasc a chur le haon airm tine, nó aon aicme shonraithe arm tine, a onnmhairiú, a dhíol, a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó ar fruilliú, nó a úsáid mura mbeidh marc acu seo a leanas curtha ar na hairm tine sin, is é sin—

[EN]

(a) marc a bheidh forordaithe faoin Acht seo le cur ar airm tine, nó

[EN]

(b) marc a cheanglaítear nó a údaraítear faoi dhlí Stáit eile a chur ar airm tine den sórt sin, is marc a aithníonn an tAire chun críocha an ailt seo.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire in ordú faoin alt seo cibé eisceachtaí ó aon toirmeasc san ordú a dhéanamh i cibé imthosca is oiriúnach leis.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a leasú.

[EN]

(4) Beidh duine a sháróidh ordú faoin alt seo ciontach i gcion.

[EN]

(5) I gcás ina n-aithneoidh an tAire chun críocha an ailt seo marc a cheanglaítear nó a údaraítear le dlí Stáit eile a chur ar airm tine, tabharfaidh sé cibé fógra i dtaobh an aitheanais sin, san “Iris Oifigiúil” agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa Stát, is oiriúnach leis agus déanfaidh sé cóip de gach marc den sórt sin a aithneofar amhlaidh a thaifeadadh i leabhar (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, an clár de mharcanna promhaidh coigríche) a choimeádfaidh an tAire chun na críche sin, agus beidh an clár de mharcanna promhaidh coigríche ar oscailt lena iniúchadh cibé tráthanna a cheapfaidh an tAire.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a chur de theorainn le feidhm aon ordaithe faoin alt seo nach mbainfidh sé ach le hairm tine a bheartaítear a dhíol in aon tír nó tíortha (lena n-áirítear, i gceachtar cás, an Stát) a shonrófar san ordú.

[EN]

An tAire do chlárú marcanna forordaithe.

5.—Féadfaidh an tAire cur chuige go ndéanfar marc a bheidh forordaithe faoin Acht seo a chlárú in aon chlár a bheidh á chothabháil in aon áit lasmuigh den Stát agus a chur chuige go gclárófar é féin mar dhílseánach an mhairc sin.

[EN]

Cionta maidir le marcanna a chur ar airm tine.

6.—(1) Aon duine seachas an Institiúid—

[EN]

(a) ní chuirfidh sé ar aon airm tine marc a bheidh forordaithe faoin Acht seo le cur ar airm tine ná marc chomh gar i gcosúlacht le marc den sórt sin gur chúis mheabhlaithe é,

[EN]

(b) ní dhíolfaidh sé ná ní thaispeánfaidh chun a ndíolta, ná ní bheidh ina sheilbh aige lena ndíol nó chun aon chríche trádála nó monaraíochta, aon airm tine ar a mbeidh aon mharc chomh gar i gcosúlacht le marc a bheidh forordaithe faoin Acht seo le cur ar airm tine curtha gur chúis mheabhlaithe é,

[EN]

(c) ní dhéanfaidh sé, ná ní bheidh ina sheilbh aige, aon dísle, bloc, inneall ná acra eile le marc a chur ar airm tine, is marc a bheidh forordaithe faoin Acht seo le cur ar airm tine nó marc chomh gar i gcosúlacht le marc den sórt sin gur chúis mheabhlaithe é.

[EN]

(2) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion.

[EN]

Ní bhainfidh alt 10 (1) den Phríomh-Acht leis an Institiúid.

7.—Ní bhainfidh alt 10 (1) den Phríomh-Acht leis an Institiúid.

[EN]

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

8.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (h) (a cuireadh isteach le halt 15 d'Acht 1964):

[EN]

“(i) seilbh, úsáid, nó iompar airm tine nó lóin lámhaigh i gcúrsa a dhualgas ag oifigeach don Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán ar a mbeidh sé curtha de chúram saoráidí, chun airm tine a phromhadh, a sholáthraigh nó a fuair an Institiúid faoi Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968, a oibriú.”

[EN]

Leasú ar alt 21 (2) den Phríomh-Acht.

9.—Leasaítear leis seo alt 21 (2) den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh “an Achta so:, “agus féadfaidh sé aon airm tine a thógáil a gheofar in aon áit den sórt sin nach mbeidh marc, is marc a luaitear in alt 4 (1) (a) nó 4 (1) (b) d'Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968, curtha orthu agus a gcreideann sé, nó a bhfuil amhras air, le réasún, go bhfuil sárú ar an ordú tarlaithe ina dtaobh”.

[EN]

Pionóis.

10.—(1) Aon duine a bhreithneofar a bheith ciontach i gcion faoin Acht seo nach mbeidh pionós sainráite foráilte dó, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt nó téarma príosúnachta nach faide ná sé mhí, nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

[EN]

(2) I gcás ina mbeifear tar éis duine a chiontú i gcion faoin Acht seo agus go leanfar tar éis an chiontaithe den sárú arb ina leith a ciontaíodh amhlaidh é, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú.

[EN]

(3) I gcás cion faoin Acht seo a dhéanamh ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó é a bheith inchurtha i leith aon fhaillí ar thaobh, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí nó oifigigh eile den sórt sin de chuid an chomhlachta chorpraithe nó aon duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon fheidhmeannas den sórt sin measfar é féin agus an comhlacht corpraithe a bheith ciontach sa chion.

[EN]

Cionta a ionchúiseamh.

11.—Féadfaidh an tAire cion faoin alt seo a ionchúiseamh.

[EN]

Forálacha ginearálta maidir le horduithe agus rialacháin.

12.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

[EN]

(2) Gach ordú nó rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin rún ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin a rith laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin gcéanna.

[EN]

Caiteachais an Aire.

13.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

14.—(1) Féadfar Acht na nArm Tine (Promhadh), 1968, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na nArm Tine, 1925 go 1968, a ghairm d'Achtanna na nArm Tine, 1925 agus 1964, agus den Acht seo le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú chuige sin.